An tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála

01-05-2018

Oibríonn an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) chun córas trádála idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha a ráthú. D’ainneoin na sáinne i gcaibidlíochtaí trádála, tá bealaí chun rialacha EDT a nuachóiriú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda nua á bhfiosrú. I bhFeabhra 2017, d’eascair forbairtí nua i rialacha trádála EDT as teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Éascú Trádála. Faoi Chonradh Liospóin, ritheann an Pharlaimint reachtaíocht i gcomhpháirt leis an gComhairle agus tá ról grinnscrúdaithe tábhachtach aici maidir le beartas trádála idirnáisiúnta.