An Áise Thoir Theas

Bileoga Eolais AE 01-01-2018

Tá athrú tapa ag teacht ar an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus mar áit chónaithe do níos mó ná 50 % de dhaonra an domhain, tá sé ag iompú ina phríomhréigiún geostraitéiseach. Téann dhá thrian de thrádáil coimeádán an domhain tríd an Ind-Chiúin-Aigéanach agus is bealaí tábhachtacha iad a lánaí farraige le haghaidh soláthairtí trádála agus fuinnimh. Glacadh Straitéis an AE um chomhar san Ind-Chiúin-Aigéanach i mí Mheán Fómhair 2021 chun rannpháirtíocht an AE a mhéadú, chun comhpháirtíochtaí a thógáil agus chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a atreisiú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Tá na hionstraimí atá aige faoi láthair á n-oiriúnú ag an Aontas chun tacú le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais. Leis angCompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint, arna fhormheas go foirmiúil ag an gComhairle i mí an Mhárta 2022, cuirtear chun cinn ailtireacht slándála réigiúnach atá oscailte agus bunaithe ar rialacha, lena n-áirítear bealaí muirí slána, fothú acmhainneachta agus láithreacht fheabhsaithe chabhlaigh sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach.Tá dlúthnaisc á gcothú ag AE le tíortha na hÁise Thoir Theas agus tá comhtháthú réigiúnach le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) á chur chun cinn aige. Tá imní gheostraitéiseach ag an réigiún, amhail díospóid Mhuir na Síne Theas agus saincheist na Téaváine, agus ábhair imní maidir leis an gcomhshaol, go háirithe i bhforéigiún Mekong. Is gníomhaí láidir eacnamaíoch é an tAontas san Áise Thoir Theas agus is mórdheontóir cúnaimh um fhorbairt é, a oibríonn chun forbairt institiúidí, daonlathas, dea-rialachas agus cearta an duine a chothú. Tá pacáiste os cionn EUR 800 milliún curtha ar fáil ag an Aontas chun dul i ngleic le paindéim COVID-19 sa réigiún agus chun a tionchar socheacnamaíoch a mhaolú.