Truailliú aeir agus torainn

01-02-2018

Déanann truailliú aeir agus barraíocht torainn dochar dár sláinte agus dár gcomhshaol. Eascraíonn truailliú aeir go príomha ó thionscail, ó iompar, ó tháirgeadh fuinnimh agus ón talmhaíocht. Féachann straitéis cáilíochta aeir AE le comhlíonadh iomlán na reachtaíochta cáilíochta aeir atá ann cheana a bhaint amach faoi 2020 agus leagtar síos spriocanna fadtéarmacha sa straitéis do 2030. Leis an Treoir um Thorann Timpeallachta cabhraítear chun leibhéil torainn in AE a shainaithint agus na bearta is gá a thógáil chun na leibhéil sin a laghdú mar is cuí. Rialaítear truailliú aeir agus torainn ó fhoinsí sonracha le reachtaíocht ar leith.