An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), an Eilvéis agus an Tuaisceart

01-05-2018

Bunaíodh an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) in 1994 chun forálacha an Aontais Eorpaigh maidir lena mhargadh inmheánach a leathnú chuig tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE). Is páirtithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Is comhalta de CSTE í an Eilvéis ach níl sí rannpháirteach in LEE. Tá ceangal freisin idir AE agus comhpháirtithe LEE (an Iorua agus an Íoslainn) trí ‘bheartais thuaisceartacha’ agus fóraim éagsúla a dhíríonn ar na críocha is sia ó thuaidh san Eoraip atá ag forbairt go tapa agus ar réigiún an Artaigh ina iomláine.