An ceart chun achainí a dhéanamh

Bileoga Eolais AE 05-12-2023

Ó tháinig Conradh Maastricht i bhfeidhm, bhí sé de cheart ag gach saoránach de AE agus ag cónaitheoirí nádúrtha agus dlítheanacha uile na mBallstát achainí i bhfoirm gearáin nó iarrata, maidir le saincheist a thagann faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Scrúdaíonn Coiste um Achainíocha na Parlaiminte na hachainíocha, a dhéanann cinneadh maidir lena n-inghlacthacht agus atá freagrach as déileáil leo.