An comhrac i gcoinne na bochtaineachta, an eisiaimh shóisialta agus an idirdhealaithe

Bileoga Eolais AE 09-01-2024

Trí thacú leis na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta, an eisiaimh shóisialta agus an idirdhealaithe, tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach cuimsitheacht agus comhtháthú shochaí na hEorpa a neartú agus a chur ar chumas gach duine tairbhe a bhaint as rochtain chomhionann ar dheiseanna agus ar acmhainní.