Fuinneamh núicléach

01-02-2018

An chumhacht núicléach a tháirgtear faoi láthair, is amhlaidh go ngintear é trí phróiseas ar a dtugtar eamhnú núicléach trína ndéantar adaimh a scoilteadh ag baint úsáid as úráiniam chun fuinneamh a scaoileadh. Is rogha mhalartach ísealcharbóin ar bhreoslaí iontaise atá san fhuinneamh núicléach agus is comhchuid chriticiúil é sa mheascán fuinnimh atá in 14 Bhallstát de 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh; agus is ionann é sin agus beagnach 30% den leictreachas a dhéantar a tháirgeadh in AE. Tar éis mhórthionóisc Chernobyl in 1986, áfach, agus arís tar éis na tubaiste núicléiche in Fukushima na Seapáine in 2011, tá fuinneamh núicléach tagtha chun bheith ina ceist an-chonspóideach. Tá méadú curtha ar an mbrú chun cúl a thabhairt don fhuinneamh núicléach san Eoraip trí chinneadh na Gearmáine imeacht ón bhfuinneamh núicléach de réir a chéile faoi 2020 agus freisin ós rud é gur dúnadh dhá imoibreoir sa Bheilg tar éis scoilteanna a thabhairt faoi deara sna soithí iontu. Cé gurb iad na Ballstáit a roghnaíonn an mbeidh cumhacht núicléach mar chuid dá meascán fuinnimh nó nach mbeidh, tá sé mar aidhm ag reachtaíocht an Aontais feabhas a chur ar chaighdeáin sábháilteachta na stáisiún cumhachta núicléiche agus a áirithiú go ndéantar dramhaíl núicléach a dhiúscairt agus a láimhseáil go sábháilte.