An tAontas Baincéireachta

Bileoga Eolais AE 07-03-2024

Tá an tAontas Baincéireachta bunaithe ar togra a thíolaic an Coimisiún Eorpach in 2012, cúpla bliain tar éis na gearchéime móire airgeadais a tharla in AE. Ba í an phríomhnuálaíocht ná an fhreagracht as maoirseacht laethúil na mbanc is mó sa limistéar euro a aistriú ón leibhéal náisiúnta go dtí an leibhéal Eorpach. As sin amach, cuireadh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) i gceannas ar cúraimí beartais airgeadaíochta agus cúraimí maoirseachta araon, cé go raibh air iad a choimeád deighilte go docht óna chéile. Bunaíodh institiúid eile - an Bord Réitigh Aonair (BRA) - ar an leibhéal Eorpach chun déileáil le cliseadh na mbanc mór. Is minic a bhí éileamh, lena n-áirítear éileamh ó Pharlaimint na hEorpa, ar an tríú gné, is é sin scéim Eorpach árachais taiscí, ach níor cuireadh i bhfeidhm é go fóill í.