An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Sracfhéachaint 20-01-2022

Is cleachtadh ón mbun aníos é an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa lenar féidir le saoránaigh Eorpacha a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir le bearta agus feidhmiú an Aontais sa todhchaí. Trí uirlisí amhail an t-ardán digiteach agus painéil na saoránach a úsáid, cuirtear ar a gcumas na topaicí is mór acu a phlé. Leagtar amach sa ghrafaic faisnéise seo ó EPRS struchtúir na comhdhála, an chaoi a n-oibreoidh siad agus na topaicí a phléifear.