Imeachtaí atá ar na bacáin

Éisteachtaí

Faoi Riail 193 de na Rialacha Nós Imeachta, tá cead ag coiste éisteacht saineolaithe a eagrú má mheasann sé go bhfuil éisteacht den sórt sin riachtanach dá chuid oibre ar ábhar ar leith. Is féidir le dhá choiste nó níos mó éisteachtaí a thionól go comhpháirteach lena chéile. Eagraíonn formhór na gcoistí éisteachtaí go tráthrialta ionas go bhféadfaidh siad tuairimí a fháil ó shaineolaithe agus go bhféadfaidh siad pléití a bheith acu ar phríomh-shaincheisteanna. Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú an fhaisnéis go léir a bhaineann le héisteachtaí coiste, lena n áirítear cláir, póstaeir agus aithisc na gcainteoirí.

Ceardlann

Eagraíonn na ranna beartais ceardlanna agus déantar iad a riar i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Ní gá gur ceardlanna poiblí a bheadh iontu, ach d'fhéadfadh sé go ndéanfaí iad a thionól le linn cruinnithe coiste.

Cuireann ceardlanna ar chumas na bhFeisirí ceisteanna a chur ar shaineolaithe, agus tuairimí a mhalartú leo, maidir le hábhair a bhaineann le gnó na Parlaiminte nó ar ábhair a bhaineann le cúrsaí reatha.

Imeachtaí eile

Gach eachtra eile a bhaineann le beartais.