[KEY NOT FOUND : wai.to_content]
 

Tabhair cuairt ar Pharlaimint na hEorpa

Tar agus bí páirteach inti!
 

I bhfómhar na bliana 2016, déanfar ionad fáilte na Bruiséile do Pharlaimint na hEorpa d'iarstáisiún na Bruiséile-Lucsamburg. Tabharfaidh Stáisiún na hEorpa gach faisnéis atá ag teastáil uathu do chuairteoirí faoi cad atá le feiceáil agus le déanamh sa Bhruiséil.

Beidh tú in ann do chuairt ar Pharlaimint na hEorpa a phleanáil agus a chur in áirithe. Tá gá le réamháirithint do ghníomhaíochtaí áirithe, áfach, mar sin bí cinnte na leathanaigh éagsúla a sheiceáil.

Cuirfidh Staisiún na hEorpa, ina bhfuil samhail idirghníomhach 3D agus boird scáileán tadhaill, ar do chumasbreis faisnéise a aimsiú faoi stair Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, faoina foirgnimh agus faoi chuid de na cuairteoirí cáiliúla fiú amháin. Lean coiscéimeanna de Richard Gere, Conchita Wurst, agus Simone Veil agus faigh eolas ar Pharlaimint na hEorpa.

 .
 .
Faigh amach faoi Ionad Cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa
Croílár dhaonlathas na hEorpa

 
Áit chun díospóireacht, plé agus machnamh a dhéanamh ar stair na hEorpa
Explore the European Parliament (EN only)

 .

TUGANN FÍSBHLAGÓIRÍ CUAIRT AR AN mBRUISÉIL

Níl aon slí níos fearr chun féachaint ar cad a chuireann Parlaimint na hEorpa ar fáil ná trí shúile na gcuairteoirí iad féin. Féach ar an bhfíseán thíos chun fháil amach conas a fuair ceathrar físbhlagóirí cuireadh go dtí an Bhruiséil chun fíorchuntas a thabhairt ar chuairt chuig Parlaimint na hEorpa.

 .

Faigh amach tuilleadh faisnéise faoi cad atá ar fáil ag campas Pharlaimint na hEorpa sa Bheilg trí chliceáil ar na naisc ag barr an leathanaigh, nó féach ar na físeáin go léir

 
 .

DO THREOIRLEABHAR PÓCA DO PHARLAIMINT NA hEORPA

Chun cabhair a thabhairt duit do chuairt a eagrú, pioc suas treoirleabhar póca chuig Parlaimint na hEorpa saor in aisce, lena n-áirítear sonraí faoi na gníomhachtaí a chuireann Parlaimint na hEorpa ar fáil. Tá an treoirleabhar le fáil i ngach teanga oifigiúla den AE agus bíonn léarscáil inti chun tú a threorú timpeall ar na foirgnimh éagsúla. Tá an treoirleabhar póca le fáil i ngach foirgneamh a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus is féidir é a íoslódáil freisin.

 .
 .

OIFIG EOLAIS PHARLAIMINT NA hEORPA SA BHEILG

Is naisc é Oifig Eolais Pharlaimint na hEorpa sa Bheilg idir Parlaimint na hEorpa agus pobal, an preas , eagraíochtaí cultúrtha agus institiúidí oideachais na Beilge, agus ar bhealach níos ginearálta aon duine a bhfuil suim aige ngnóthaí na hEorpa agus i ról Pharlaimint na hEorpa agus a Feisirí.

Tá Oifig Eolais Pharlaimint na hEorpa sa Bheilg suite i seanfhoirgnimh stáisiún Léopold i gCeantar na Bruiséile. Tabhair cuairt ar leathanach Oifigí Eolais Pharlaimint na hEorpa sa Bheilg  chun tuilleadh faisnéise a fháil faoina gníomhaíochtaí a chuireann sí ar fáil. Tá 35 oifig eolais eile ar fud an Aontais Eorpaigh agus in Washington D.C. Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi na hOifigí Eolais, féach ar an rannán Gar duit.

 

CLÁR OIBRE

MINI PLENARY SESSION

Brussels
24/02/2016 - 25/02/2016
27/04/2016 - 28/04/2016
25/05/2016 - 26/05/2016
22/06/2016 - 23/06/2016
30/11/2016 - 01/12/2016
01/02/2017 - 02/02/2017
01/03/2017 - 02/03/2017
26/04/2017 - 27/04/2017
31/05/2017 - 01/06/2017
29/11/2017 - 30/11/2017

Mini Plenary Session

Seisiún iomlánach
Taispeántas
Eile

DUL ANN

STÁISIÚN NA HEORPA
Place du Luxembourg 100
B-1047 An Bhruiséil
An Bheilg

Traein

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Iarnróid na Beilge

Bus

Stadann línte 22, 27, 34, 38, 64, 80 agus 95 uile i bParlaimint na hEorpa.
Tá nasc le hAerfort na Bruiséile freisin leis na línte 12 agus 21.

Meitreo

Is iad Maelbeek agus Schuman na stadanna is cóngaraí ar línte 1 agus 5 agus Trône ar línte 2 agus 6.

Iompar poiblí sa Bhruiséil

TEAGMHÁLACHA

An bhfuil ceist agat? An dteastaíonn uait aiseolas a thabhairt? Cuir ríomhphost chugainn!

Seol ríomhphost

SOCIAL MEDIA