Ráiteas príobháideachais

Réamhrá

Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta do chuid sonraí pearsanta a chosaint agus do chuid príobháideachais a urramú. Bailíonn Parlaimint na hEorpa sonraí pearsanta agus déanann próiseáil orthu de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018, maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an chúis atá le próiseáil do chuid sonraí pearsanta, an tslí a mbailímid na sonraí pearsanta ar fad a chuirtear ar fáil, a ndéileálaimid leo agus a gcinntímid go gcosnaítear iad, conas a úsáidtear an t-eolas sin agus cé na cearta atá agat maidir le do chuid sonraí pearsanta. Sonraítear ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus ar féidir leat do chearta a fheidhmiú leis, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Baineann an ráiteas príobháideachas seo leis an bpróiseáil a dhéanann Parlaimint na hEorpa ar shonraí pearsanta agus í ag deileáil le hiarratais tosaigh agus daingniúcháin le haghaidh rochtain ar dhoiciméid a thaisceann an tAonad um Thrédhearcacht’ in Ardstiúrthóireacht na hUachtaránachta i bParlaimint na hEorpa faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Níl Parlaimint na hEorpa freagrach as an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann oibreoirí suíomhanna gréasáin agus ardáin phríobháideacha nach mbaineann go hoifigiúil leis an institiúid, ar suíomhanna agus ardáin iad a úsáideadh chun iarratas ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte a thaisceadh.

Cén fáth agus cén chaoi a ndéanaimid próiseáil ar do chuid sonraí pearsanta?

Déanann Parlaimint na hEorpa an oibríocht phróiseála ‘Rochtain ar Dhoiciméid’ chun déileáil le d’iarratais ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid arna dtaisceadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, lena mbunaítear tuarascáil staidrimh bhliantúil faoi Airteagal 17(1) den Rialachán sin, agus mar obair leantach maidir le fiosrúchán ón Ombudsman Eorpach nó i gcás imeachtaí cúirte.

Cuimsíonn an oibríocht phróiseála ‘Rochtain ar Dhoiciméid’ próiseáil sonraí pearsanta maidir leis an méid seo a leanas:

  • comhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus fíorú bhearta cur chun feidhme Pharlaimint na hEorpa; agus
  • cumarsáid le hiarratasóirí.

Is é is cuspóir le próiseáil sonraí neamhéigeantacha arna gcur isteach ag iarratasóirí láimhseáil iarratas a éascú tuilleadh agus an tuarascáil staidrimh bhliantúil a fheabhsú.

Cuireann iarratasóirí a sonraí isteach nuair a dhéanann siad iarratas ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte a thaisceadh tríd an suíomh gréasáin nó tríd an mbosca ríomhphoist feidhmiúil AccesDocs@europarl.europa.eu , nó tríd an bpost traidisiúnta (i bhformáid pháipéir).

Ní úsáidfear do chuid sonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú.

Déanann Parlaimint na hEorpa próiseáil ar do chuid sonraí pearsanta sna cúinsí seo a leanas:

  • i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, toisc go bhfuil an phróiseáil riachtanach chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail; agus
  • i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, toisc go bhfuil an phróiseáil riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil Parlaimint na hEorpa faoina réir a chomhlíonadh.

Tá an phróiseáil thuasluaite bunaithe ar dhlí an Aontais, eadhon Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 .

Thairis sin, tá an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta neamhéigeantacha a chuireann tú ar fáil i d’iarratas le haghaidh rochtain poiblí ar dhoiciméid bunaithe ar do thoiliú, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an ghníomhaíocht thuasluaite a chur i gcrích, bailímid agus próiseálaimid:

a) sonraí pearsanta a chuireann an t-iarratasóir ar fáil tríd an bhfoirm iarratais ar líne:

  • Sonraí Éigeantacha: céadainm agus sloinne, náisiúntacht, teideal, sonraí teagmhála sonracha (ríomhphost agus seoladh poist, tír chónaithe), ábhar na hiarrata, (féadfar sonraí pearsanta a bheith ann i gcás ina mbaineann sé le duine nádúrtha a sainaithníodh nó atá in-sainaitheanta);
  • Sonraí Neamhéigeantacha: sonraí teagmhála eile (uimhir theileafóin), gairm agus eagraíocht;

b) sonraí pearsanta arna soláthar ag an iarratasóir in iarratas arna chur isteach trí fhormáid eile leictreonach nó páipéir;

c) sonraí pearsanta a bheidh in aon chomhfhreagras eile leis an iarratasóir.

Cá fhad a choinnímid do chuid sonraí pearsanta?

Ní choimeádann Parlaimint na hEorpa do chuid sonraí pearsanta ach ar feadh na tréimhse is gá chun an cuspóir atá leis an mbailiúchán nó leis an bpróiseáil bhreise a chomhlíonadh, eadhon ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana tar éis cáschomhad a dhúnadh.

Ag an gcéim thosaigh, meastar comhad a bheith dúnta tar éis cinneadh críochnaitheach a bheith déanta den chinneadh daingniúcháin ó Pharlaimint na hEorpa (i.e. an teorainn ama 15 lá oibre ó fuarthas an cinneadh a bheith imithe in éag agus gan aon iarratas daingniúcháin a bheith comhadaithe), ach amháin má tá gá le bearta leantacha i ngeall ar fhiosrúchán ón Ombudsman Eorpach.

I gcás den sórt sin, meastar comhad a bheith dúnta má tá a fhiosrúchán maidir leis an ngearán dúnta ag an Ombudsman Eorpach gan aon ghá a bheith le gníomhaíocht bhreise ar thaobh Pharlaimint na hEorpa maidir leis an iarratas ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

Ag an gcéim dhaingniúcháin, meastar comhad a bheith dúnta tar éis cinneadh críochnaitheach a bheith déanta den chinneadh daingniúcháin ó Pharlaimint na hEorpa, eadhon:

- tá an spriocdháta chun imeachtaí a thabhairt os comhair Chúirteanna an Aontais dulta in éag; nó

- tá an cinneadh daingniúcháin deimhnithe ag Cúirteanna an Aontais; nó

- tá an obair leantach a d’iarr Cúirteanna an Aontais curtha i gcrích ag Parlaimint na hEorpa.

Ní mheastar comhad a bheith dúnta i gcás fiosrúchán de chuid an Ombudsman Eorpaigh a éilíonn bearta leantacha, in ainneoin an cinneadh daingniúcháin a bheith críochnaitheach. I gcás den sórt sin, meastar comhad a bheith dúnta má tá a fhiosrúchán maidir leis an ngearán dúnta ag an Ombudsman Eorpach gan aon ghá a bheith le gníomhaíocht bhreise ar thaobh Pharlaimint na hEorpa maidir leis an iarratas ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

Tá an ‘tréimhse coinneála riaracháin’ cúig bliana bunaithe ar an mbeartas coinneála maidir le doiciméid agus comhaid de chuid Pharlaimint na hEorpa (agus na sonraí pearsanta atá iontu), arna rialú ag an gcinneadh ón mBiúró an 2 Iúil 2012 maidir le rialacha i ndáil le bainistiú doiciméad i bParlaimint na hEorpa agus na bearta cur chun feidhme a ghabhann leis a glacadh leis an gCinneadh ón Ard-Rúnaí an 25 Deireadh Fómhair 2013.

Is é atá sa chinneadh sin ná doiciméad rialála i bhfoirm sceideal coinneála lena mbunaítear na tréimhsí coinneála le haghaidh cineálacha éagsúla comhad ó Pharlaimint na hEorpa.

Is é atá sa ‘tréimhse coinneála riaracháin’ ná an tréimhse ina mbíonn ceangal ar na ranna i bParlaimint na hEorpa comhad a choimeád ag brath ar an bhfiúntas atá leis chun críoch riaracháin agus na hoibleagáidí reachtúla agus dlíthiúla ábhartha. Cuirtear tús leis an tréimhse ón uair a dhúntar an comhad.

I ndiaidh na ‘tréimhse coinneála riaracháin’, is féidir comhaid ina bhfuil iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid (agus na sonraí pearsanta atá iontu) a aistriú go dtí Cartlann Stairiúil Pharlaimint na hEorpa chun críoch stairiúil (le haghaidh na n-oibríochtaí próiseála a bhaineann leis an gCartlann Stairiúil, féach tagairt taifid Uimh. 2 i gClár Taifead Cosanta Sonraí na Parlaiminte).

Conas a chosnaímid do chuid sonraí pearsanta?

Stóráiltear na sonraí ar fad i bhfoirm leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, baisceanna sonraí a uaslódáladh etc.) ar fhreastalaithe de chuid Pharlaimint na hEorpa nó de chuid a conraitheoirí.

Tá conraitheoirí Pharlaimint na hEorpa faoi cheangal ag clásail chonarthacha shonracha d’aon oibríochtaí próiseála a dhéantar maidir le do chuid sonraí pearsanta thar ceann Pharlaimint na hEorpa, agus ag na hoibleagáidí rúndachta a thagann ó thrasuí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí i mBallstáit an Aontais.

Chun do chuid sonraí pearsanta a cosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla déanta ag Parlaimint na hEorpa. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, an riosca maidir le caillteanas sonraí, athrú sonraí nó rochtain neamhúdaraithe a bheith mar chuid de na bearta teicniúla, ag cur san áireamh an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus cineál na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Áirítear leis na bearta eagraíochtúla srian a chur ar an rochtain ar na sonraí pearsanta do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leis an eolas chun críocha na hoibríochta próiseála sin.

Ní phróiseáiltear do shonraí pearsanta ach amháin laistigh de chríoch an Aontais agus ní aistrítear iad chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Cé aige a bhfuil rochtain ar do chuid sonraí pearsanta agus cé dó a nochtar iad?

Tugtar rochtain ar do chuid sonraí pearsanta do bhaill foirne údaraithe de Pharlaimint na hEorpa atá freagrach as an oibríocht phróiseála a dhéanamh agus de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Cloíonn na baill foirne sin le clásail rúndachta reachtúla, agus nuair is gá, le clásail rúndachta bhreise.

Féadfar sonraí pearsanta atá le fáil sna doiciméid iarrtha a nochtadh don phobal tar éis measúnú a dhéanamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, arna léamh i gcomhar le Rialachán (AE) 2018/1725. Má tá cónaí ort lasmuigh den Aontas Eorpach agus má dheonaíonn Parlaimint na hEorpa rochtain phoiblí duit ar dhoiciméid a d’iarr tú, ní nochtfar sonraí pearsanta atá luaite sna doiciméid sin ach amháin má chomhlíonann aistriú den sórt sin coinníollacha Chaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le haistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta.

Ní thabharfar na sonraí pearsanta a bhailítear faoi na hiarratasóirí a iarrann rochtain ar dhoiciméid d’aon tríú páirtí, ach amháin:

  • a mhéid is gá do Pharlaimint na hEorpa déanamh amhlaidh de réir an dlí agus chun na críche sin; agus
  • chun críche cinntí Pharlaimint na hEorpa maidir le rochtain ar dhoiciméid a sheoladh trí phost cláraithe tríd an bpróiseálaí DHL International (lonnaithe sa Bheilg).

Cad iad na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE 2018/1725. Maidir leis an oibríocht phróiseála sin, is féidir leat na cearta seo a leanas a fheidhmiú:

  • an ceart faisnéis a fháil (Airteagail 14 go 16 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta (Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, i gcás ina bhfuil do chuid sonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán (Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • í gcás inarb infheidhme, an ceart go gcuirfí srian ar phróiseáil do chuid sonraí pearsanta (Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725) agus an ceart chun iniomparthacht sonraí (Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1725); agus
  • í gcás inarb infheidhme, an ceart go ndéanfaí do chuid sonraí pearsanta a léirscriosadh (Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1725) agus an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil do chuid sonraí pearsanta ar chúiseanna a bhaineann go sonrach le do chás féin (Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2018/1725). Chomh fada is nár eisíodh freagra ar an iarratas ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid go fóill, ciallaíonn feidhmiú ceachtar den dá cheart sin nach mór an t-iarratas faoi seach a mheas a bheith tarraingthe siar.

A mhéid atá próiseáil do chuid sonraí pearsanta bunaithe ar do thoiliú (eadhon maidir le sonraí pearsanta neamhéigeantacha) tig leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a dhéantar sula dtarraingíonn tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás coinbhleachta, an t-Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Tugtar a gcuid sonraí teagmhála faoin roinn ‘Teagmhála’ thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríocht phróiseála shonrach amháin nó i gcomhthéacs roinnt oibríochtaí próiseála sonracha, déan cur síos orthu i d’iarratas (go háirithe trí uimhir thagartha a thabhairt, i gcás inarb ann di).

Tabharfar faisnéis duit faoi aon iarratas ar do chearta thuasluaite a fheidhmiú laistigh d’aon mhí amháin tar éis don Rialaitheoir Sonraí d’iarratas a fháil. Féadfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí eile ar a mhéid i gcás inar gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh.

Teagmháil

An Rialaitheoir Sonraí:

Más maith leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá barúlacha, ceisteanna nó ábhar imní agat, nó más maith leat gearán a chur isteach maidir le bailiú agus úsáid de do chuid sonraí pearsanta, téigh i dteagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí le do thoil:

Parlaimint na hEorpa

Ardstiúrthóireacht na hUachtaránachta
An Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Idirinstitiúideacha agus um Chomhardú Reachtach
An tAonad um Thrédhearcacht
Rue Wiertz 60
B - 1047 AN BHRUISÉIL

An tOifigeach Cosanta Sonraí (OCS) i bParlaimint na hEorpa:

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil do chuid sonraí pearsanta faoin Rialachán (AE) 2018/1725:

An tOifigeach Cosanta Sonraí i bParlaimint na hEorpa

An tSeirbhís um Chosaint Sonraí
LUX - ADENAUER 14T012
L-2929 LUCSAMBURG

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraíagedps (i.e. is féidir leat gearán a dhéanamh leis) ag edps@edps.europa.eu , má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil ar do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonra.

Cén áit ar féidir faisnéis atá níos mionsonraithe a fháil?

Foilsíonn an OCS i bParlaimint na hEorpa clár na n-oibríochtaí próiseála ar fad arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa ar shonraí pearsanta atá doiciméadaithe agus a bhfuil fógra fúthu curtha chuige. Féadfaidh tú rochtain a fháil ar an gclár ag an nasc seo a leanas:

http://www.europarl.europa.eu/data-protect/?language=en

Tá an oibríocht phróiseála shonrach seo curtha san áireamh i gClár Taifead Cosanta Sonraí na Parlaiminte lena ngabhann tagairt taifid Uimh. 116.