Cearta bunúsacha laistigh den Aontas a chosaint 

Is é atá sna Aontas Eorpach ná comhlachas de thíortha atá ag comhoibriú i réimse leasa fhrithpháirtigh mar aon le chomhphobal de luachanna.

Tá na príomhluachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe cumhdaithe in Airteagal 2 de Chonradh an Aontais Eorpaigh. Is iad siúd:

  • urraim do dhínit an duine,
  • saoirse,
  • daonlathas,
  • comhionannas,
  • an smacht reachta, agus
  • urraim do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine a bhaineann le mionlaigh.

Is ceann d’oibleagáidí bunúsacha an Aontais é cearta daoine a urramú. Ní mór don Aontas, d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit na cearta sin a urramú agus beartais agus cláir á gcur i bhfeidhm acu.

I gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, leagtar amach gach ceart pearsanta, sibhialta, polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta atá ag daoine san Aontas Eorpach.

Comhlánaíonn an Chairt na córais náisiúnta ach ní thagann sí ina n-ionad. Mura ndéantar cearta bunúsacha an duine aonair a urramú, ní mór do na cúirteanna náisiúnta cinneadh a dhéanamh ar an tsaincheist. Féadfaidh daoine aonair iarratas a chur freisin chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a dhéanann cinntí maidir le sáruithe ar na cearta sibhialta agus polaitiúla a leagtar amach sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. I gcásanna sonracha, i gcás nach gcomhlíonann Ballstát dlí AE agus go sáraíonn sé cearta duine, féadfaidh an Coimisiún Eorpach Ballstát a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh freisin.

Is comhlacht neamhspleách speisialaithe sa réimse sin í Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, a bhfuil sainordú aici a chumhdaíonn raon feidhme iomlán na gceart a leagtar amach sa Chairt.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Tá Parlaimint na hEorpa go hiomlán tiomanta don urraim do chearta bunúsacha ar fud an Aontais.

Mar obair leantach maidir le hobair an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, déanann FPEnna rúin a phlé agus a ghlacadh i seisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa maidir le staid na gceart bunúsach in AE agus maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann leis na cearta sin a chosaint sna Ballstáit.

I dteannta Chomhairle an Aontais Eorpaigh, glacann Parlaimint na hEorpa reachtaíocht chun cearta bunúsacha a chosaint ar bhealach níos fearr.

Is  sampla maith amháin den reachtaíocht sin ná an tsraith de dhlíthe atá glactha ag Parlaimint na hEorpa chun cosc a chur le hidirdhealú agus chun a áirithiú go gcaitear go cothrom le daoine ag an obair.

Iséacht tábhachtach eile atá déanta ná príobháideachas a chosaint agus a áirithiú go ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i lánchomhréir leis an reachtaíocht de chuid an Aontais a glacadh chun an ceart bunúsach sin a chosaint. 

Ní mór do na Ballstáit na dlíthe sin a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta.

Le blianta beaga anuas, tá Parlaimint na hEorpa ag tabhairt aghaidh níos mó freisin ar ábhair a bhaineann leis an smacht reachta agus leis an daonlathas. In 2016, ghlac Parlaimint na hEorpa rún ina moltar sásra AE maidir le staid an daonlathais, an smacht reachta agus cearta bunúsacha sna Ballstáit agus in institiúidí AE.