Súil siar ar stair Pharlaimint na hEorpa 

Tá réimse foinsí stairiúla agus airteagal agus staidéar stairiúil ar fáil sna Cartlanna Stairiúla a chuideoidh leat súil siar a chaitheamh ar stair lánpháirtithe na hEorpa agus ról Pharlaimint na hEorpa sa phróiseas a thuiscint.

Tá tuairim is cúig mhilliún taifead leictreonach sa bhailiúchán, a shíneann ó 1952 le bunú Chomhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach – réamhtheachtaí Pharlaimint na hEorpa – go dtí na téarmaí nua parlaiminteacha.

Cumhdaíonn na doiciméid seo gníomhaíochtaí reachtacha, polaitiúla agus riaracháin na hinstitiúide. Tá san áireamh iontu pictiúir, póstaeir agus clostaifid a léiríonn imeachtaí na seisiún iomlánach, an obair a bhí ar siúl ag na coistí agus idirbheartaíocht na Parlaiminte leis na hinstitúidí Eorpacha eile.

Cuirtear na doiciméid ar fáil do gach duine, faoi Rialachán CE 1049/2001. Má tá doiciméid uait, déan iarratas i scríbhinn nó iarratas i gcomhair cuairt staidéir ar ár n-áitreabh i Lucsamburg.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar an láithreán gréasáin.

Contact: