Mar a oibríonn an suí iomlánach 

Agus iad mar bhuaicphointe ghníomhaíocht pholaitiúil Pharlaimint na hEorpa, is é atá sna suíonna iomlánacha ná toradh na hoibre reachtaí a dhéantar ar bhonn coiste agus sna grúpaí polaitiúla. Is é an suí iomlánach freisin an fóram ina nglacann ionadaithe shaoránaigh an Aontais Eorpaigh - Feisirí Pharlaimint na hEorpa - páirt i gcinnteoireacht an Chomhphobail agus ina gcuireann siad a seasamh in iúl maidir leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle.

Ar feadh roinnt mhaith blianta, ní raibh sa Pharlaimint ach fóram le haghaidh díospóireachta, gan inti ach comhlacht comhairleach.
Ach ó toghadh í trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus a bhuíochas le hobair ghníomhach a Feisirí, d'éirigh léi cumhachtaí níos mó a fháil agus stádas mar chomhpháirtí comhionann a ghlacadh chuici féin leis an gComhairle i réimsí a chumhdaíonn trí cheathrú de reachtaíocht an Chomhphobail. Sa lá atá inniu ann, tá 705 Fheisire tofa ag Parlaimint na hEorpa ó 27 mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh agus déanann sí a cuid díospóireachtaí iomlánacha i 24 theanga. I suí iomlánach, leanann na Feisirí, oifigigh, ateangairí agus aistritheoirí nósanna imeachta an-bheacht chun a áirithiú go reáchtálfaí an suí ar an tslí is fearr is féidir.

Clár na mór sa suí iomlánach 

Is faoi chathaoirleacht Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a bhíonn na suíonna iomlánacha. Tugann na 14 leas-Uachtarán cúnamh d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa sa chúram sin, agus is féidir leo an chathaoirleacht a ghlacadh chucu féin. Cuireann an tUachtarán tús leis an suí uaireanta trí ómós nó trí óráid a thabhairt ar ábhar reatha. Is ábhar imní don Pharlaimint i gcónaí freagairt do na forbairtí is déanaí in aon mhórshaincheist agus ní leasc léi a clár oibre a athrú chun iarraidh ar an Aontas gníomhú. Is féidir tionchar an Uachtaráin a bheith cinntitheach chuige sin.

Le linn an tsuí, glaonn an tUachtarán ar na cainteoirí chun a áirithiú go seoltar na himeachtaí go cuí. Treoraíonn an tUachtarán an nós imeachta vótála, ag cur leasuithe agus rúin reachtacha faoi réir vóta agus ag fógairt na dtorthaí. Áirithíonn údarás an Uachtaráin go ngluaiseann an vótáil, ar féidir léi a bheith fada agus casta, ar aghaidh go tapa.

Baineann an chuid is mó den 705 Fheisire le grúpa polaitiúil, a bhfuil 7 díobh ann faoi láthair, a dhéanann ionadaíocht ar na treochtaí idé-eolaíocha go léir i bParlaimint na hEorpa. Tá roinnt Feisirí ann nach bhfuil cleamhnaithe le grúpa polaitiúil ar bith agus tugtar Feisirí "neamhcheangailte" orthu siúd. Is iad na grúpaí polaitiúla a chinneann cad iad na saincheisteanna a phléifear sa suí iomlánach. Is féidir leo freisin leasuithe ar thuarascálacha coiste, atá le cur faoi réir vóta, a chur síos. Ní féidir iachall a chur ar aon Fheisire, áfach, vótáil ar bhealach ar leith.

Bíonn an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh páirteach sna suíonna chun comhoibriú idir na hinstitiúidí a éascú sa phróiseas cinnteoireachta. Má iarrann an Pharlaimint amhlaidh, féadfar a iarraidh ar ionadaithe an dá institiúid dearbhuithe a dhéanamh nó cuntas a thabhairt ar a gcuid gníomhaíochtaí mar fhreagra ar cheisteanna a chuireann Feisirí orthu. Is féidir na díospóireachtaí a fhoirceannadh le vóta ar rún.

Tugtar le chéile sna suíonna iomlánacha líon mór rannpháirtithe agus, dá bhrí sin, ní féidir na suíonna a sheiftiú, ach éilítear eagraíocht chríochnúil leo roimh ré, a mhéid is féidir. Dá bhrí sin, tarraingíonn Comhdháil Uachtaráin na ngrúpaí polaitiúla suas an clár oibre iomlánach.

San am céanna, is féidir le Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí (comhdhéanta de chathaoirleacha na mbuanchoistí agus na gcoistí parlaiminteacha sealadach ar fad) moltaí a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán maidir le hobair na gcoistí agus faoi dhréachtú an chláir oibre iomlánaigh.

Obair sa suí iomlánach 

Tagann an Pharlaimint le chéile in Strasbourg i seisiún iomlánach gach mí (ach amháin i mí Lúnasa) do 'pháirtseisiún' a mhaireann ceithre lá (ó Luan go Déardaoin). Tionóltar páirtseisiúin bhreise sa Bhruiséil. Tá an páirtseisiún roinnte ina seisiúin laethúla.

Díríonn an gnó iomlánach den chuid is mó ar dhíospóireachtaí agus ar vótaí. Is gníomhartha de chuid Pharlaimint na hEorpa go foirmiúil iad na téacsanna a glacadh i ndearbhuithe iomlánacha agus scríofa amháin agus iad sínithe ag tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint.
Baineann siad sin le cineálacha éagsúla téacsanna ag brath ar an ábhar atá á bhreithniú agus ar an nós imeachta reachtach is infheidhme:

  • is iad na tuairiscí reachtacha na téacsanna a scrúdaíonn an Pharlaimint faoi chuimsiú na nósanna imeachta éagsúla Comhphobail: an chomhchinnteoireacht, aontú, agus comhairliúchán. Is é an nós imeachta comhchinnteoireachta amháin a thugann ról comhionann don Pharlaimint mar reachtóir leis an gComhairle. Bíonn níos mó tábhachtachta ó thaobh na reachtaíochta de ag tuarascálacha parlaiminteacha áirithe ná a chéile.
  • an nós imeachta buiséadach: is í Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh údarás buiséadach an Aontais Eorpaigh a chinneann, ar bhonn bliantúil, caiteachas agus ioncam an Aontais;
  • déanann an Pharlaimint, ar a tionscnamh féin, tuarascálacha neamhreachtacha a tharraingt suas laistigh den choiste parlaiminteach freagrach. Trí na téacsanna sin a ghlacadh, díríonn an Pharlaimint ar na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Eorpacha eile, ar na rialtais áitiúla, nó go deimhin ar na tríú tíortha, agus é d'aidhm aici aird a tharraingt ar ábhar ar leith agus freagra a fháil. Cé nach bhfuil aon luach reachtach acu, tá na tionscnaimh seo bunaithe ar dhlisteanacht pharlaiminteach a d'fhéadfadh a chur ina luí ar an gCoimisiún teacht ar mholtaí maidir leis an ábhar lena mbaineann.

Le linn an tsuí iomlánaigh, is féidir leis an bParlaimint cinneadh a dhéanamh a tuairim a chur in iúl faoi aon ábhar a mheasann sí atá tábhachtach. Is féidir léi iarraidh ar an gCoimisiún chomh maith togra iomchuí a chur isteach maidir le saincheisteanna a éilíonn, i dtuairim na Parlaiminte, go ndéanfaí gníomh reachtach Comhphobail a ghlacadh. Áirítear sa suí freisin tréimhse a chuirtear i leataobh do Thráth na gCeisteanna leis an gComhairle agus/nó leis an gCoimisiún. Go ginearálta, tionóltar Tráth na gCeisteanna leis an gCoimisiún ar an Máirt, agus leis an gComhairle ar an gCéadaoin. Ní mór na ceisteanna a chur isteach roimh ré, i scríbhinn, chuig Uachtarán na Parlaiminte, a chinneann i dtaobh an bhfuil siad inghlactha.

Glactar féilire oibre bliantúil na Parlaiminte gach bliain sa suí iomlánach, de ghnáth i mí an Mheithimh, maidir le togra ó Chomhdháil Uachtaráin na ngrúpaí polaitiúla. Léiríonn an féilire na seachtainí atá curtha i leataobh le haghaidh cruinnithe coiste agus le haghaidh cruinnithe grúpaí polaitiúla. Léiríonn an clár oibre iomlánach i dtaobh an dtiocfaidh vóta ar thairiscint i gcomhair rúin tar éis ráitis ón gComhairle, ón gCoimisiún nó ón gComhairle Eorpach agus ceisteanna ó bhéal chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Díospóireachtaí ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, d'fhéadfadh tairiscintí i gcomhair rún eascairt astu chomh maith.

I miontuairiscí gach suí tugtar na sonraí go cruinn ar imeachtaí agus ar ghnó an lae (doiciméid a chuirtear síos, vótaí, mínithe ar vótaí, ceapacháin, etc). Cuirtear torthaí na vótála i gceangal freisin leis na miontuairiscí.

An suí iomlánach i mbun gníomhaíochta 

Am le haghaidh plé a dhéanamh sula ndéanfar cinneadh

Bíonn tuarascáil pharlaiminteach a chuirtear faoi réir vóta sa suí iomlánach ina ábhar díospóireachta de ghnáth ina ndéanann an Coimisiún, ionadaithe na ngrúpaí polaitiúla agus na Feisirí aonair a ndearcaí a chur in iúl. Braitheann an t-am labhartha, a bhíonn an-ghairid go minic ar líon na bhFeisirí a d'iarr cead cainte a bheith acu.

Murab ionann agus an vótáil, a bhíonn ar siúl go tapa, is féidir leis na díospóireachtaí maireachtáil ar feadh roinnt mhaith uaireanta, ag brath ar líon na bhFeisirí ar mian leo labhairt. Labhraíonn siad de ghnáth ina dteanga féin, agus déanann ateangairí ateangaireacht go comhuaineach ar an méid a deir siad go dtí teangacha oifigiúla eile AE.

Is de réir na gcritéar seo a leanas a dhéantar am labhartha a leithdháileadh sa Seomra Tionóil: déantar an chéad chodán den am labhartha a roinnt go cothrom i measc na ngrúpaí polaitiúla go léir, agus ansin codán eile a roinnt i measc na ngrúpaí i gcomhréir le líon iomlán a gcomhaltaí. Déantar na Feisirí Eorpacha atá ag iarraidh labhairt a iontráil ar liosta na gcainteoirí in ord atá bunaithe ar mhéid uimhriúil a ngrúpa. Tugtar sliotán labhartha tosaíochta, áfach, do rapóirtéirí na gcoistí atá freagrach agus do rapóirtéirí coistí eile a n-iarrtar tuairim uathu.

Tagann cuairteoirí oirirce go rialta chun aitheasc a thabhairt don Pharlaimint, lena n-airítear Cinn Stáit a gcuirtear fáilte rompu de ghnáth i suí foirmiúil..

12 meán lae: an maratón vótála

Is thart ar lár an lae de ghnáth a chaitear vótaí. Téann an vótáil ar aghaidh go tapa de ghnáth. Bíonn ar Fheisirí vótáil uaireanta ar na céadta leasú.

Le linn na vótála ar thuarascáil pharlaiminteach nó ar rún, is féidir leis na Feisirí an téacs a chuirtear faoina mbráid a athrú trí leasuithe a ghlacadh, a d'fhéadfadh féachaint le hinneachar an téacs atá á bhreithniú a scriosadh, a athfhoirmliú, téacs a chur ina ionad nó cur leis an téacs. Vótálann na Feisirí ar dtús ar gach leasú ina gceann agus ina gceann agus ansin ar an téacs ar fad arna leasú.

De ghnáth vótálann na Feisirí trí lámh a chur in airde agus cinneann Uachtarán an tsuí na tromlaigh i ngach cás. Má tá an taispeáint lámh doiléir, iarrfaidh an t-uachtarán vótáil leictreonach a bheith ann chun toradh níos beaichte a fháil. Ní mór vótáil le glaoch rolla a ghlacadh má iarann grúpa de 38 Feisire ar a laghad an tráthnóna roimh an vótáil. Sa chás sin, déantar an vóta aonair a chaith gach Feisire a thaifeadadh agus a fhoilsiú in iarscríbhinn a ghabhann leis na miontuairiscí murar iarradh vótáil trí bhallóid rúnda freisin.

Sa suí iomlánach, glacann Parlaimint na hEorpa cinntí de ghnáth trí thromlach glan de na vótaí a chaitear. Bíonn córam (an líon íosta Feisirí nach mór a bheith i láthair chun toradh vótála a bheith bailí) nuair atá trian de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair sa Seomra Tionóil. Má shuíonn an tUachtarán, ar iarraidh 38 Feisire ar a laghad, nach bhfuil córam i láthair, tugtar an vótáil anonn go dtí an chéad seisiún eile.

Is féidir leis an gCoimisiún freagra a thabhairt ar thoradh na vótála agus a chonclúidí a fhógairt. Ag deireadh an ama vótála, féadfaidh Feisirí a iarrann amhlaidh cead cainte a fháil arís chun míniú a thabhairt ar an vótáil agus chun a n-anailís a dhéanamh agus chun a rogha nó rogha a ngrúpa a mhíniú