Uachtarán Pharlaimint na hEorpa 

Toghtar an tUachtarán ar feadh téarma inathnuaite dhá bhliain go leith, is é sin leath shaolré Parlaiminte. Seasann an tUachtarán do Pharlaimint na hEorpa vis-à-vis an saol lasmuigh agus sa chaidreamh idir an Pharlaimint agus institiúidí eile AE.

Stiúrann an tUachtarán obair na Parlaiminte agus a comh-chomhlachtaí mar aon leis na díospóireachtaí sa suí iomlánach. Áirithíonn an tUachtarán go n-urramaítear na Rialacha Nós Imeachta.

Ag tús gach cruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí leagann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa amach dearcadh agus imní na Parlaiminte maidir leis na míreanna ar an gclár oibre agus ábhair eile.

Tar éis don Pharlaimint buiséad an Aontais Eorpaigh a ghlacadh, síníonn an tUachtarán é, á dhéanamh oibríochtúil. Síníonn Uachtarán na Parlaiminte agus Uachtarán na Comhairle araon na hionstraimí reachtacha uile arna nglacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach.