Buiséad: conas a bhaineann Parlaimint na hEorpa an leas is fearr as a maoiniú bliantúil 

Is féidir leis an bParlaimint tacú le hobair an 705 bhall agus feidhmiú i 24 theanga éagsúla a bhuí lena buiséad bliantúil. Is ionann an buiséad sin agus an cuigiú cuid de chaiteachas riaracháin iomlán institiúidí AE, nó 1.2% de bhuiséad ginearálta AE ina iomláine. Is go díreach sna Ballstáit a dhéantar formhór mór mhaoiniú AE a infheistiú.

Buiséad Pharlaimint na hEorpa 2024

Buiséad an Aontais Eorpaigh

Áirítear sa bhuiséad sin:
  • 94% : Buiséad oibríochtúil an Aontais Eorpaigh ( Beartais maoinithe a dhéantar ar leibhéal AE )
  • 6% : Buiséad riaracháin na n-institiúidí Eorpacha ( Baineann 1/5 den bhuiséad sin le Parlaimint na hEorpa )

Buiséad Pharlaimint na hEorpa

Is ionann buiséad na Parlaiminte agus 1% de bhuiséad ginearálta AE

  • Gníomhaíochtaí polaitiúla:

    • Feisirí : 20%
    • Gníomhaíochtaí grúpaí polaitiúla / páirtithe polaitiúla / fondúireachtaí polaitiúla : 6%
  • Costais oibríochtúla:

    • TF : 8%
    • Foirgnimh : 11%
    • Riarachán : 3%
  • Foireann:

    • Gníomhairí ar conradh agus seirbhísí teanga : 8%
    • Speansais foirne : 34%
    • Speansais eile a bhaineann leis an bhfoireann : 3%
  • Cumarsáid:

    • Cumarsáidí : 7%

Úsáidtear na catagóirí seo i dtuarascáil an Ard-Rúnaí do Bhiúró na Parlaiminte maidir le réamhdhréacht de na meastacháin.

Tá seans nach ionann iomláine na gcéatadán seo agus 100% mar gheall ar úsáid a bheith á baint as figiúirí slánaithe.

Conas a dhéantar cinneadh faoin mbuiséad

I mí Feabhra de ghnáth a chuirtear tús leis an nós imeachta chun buiséad a dhréachtú. Cuireann an tArd-Rúnaí togra i dtoll a chéile, ina sainmhínítear na tosaíochtaí agus na hacmhainní i gcomhair na chéad bhliana eile. Baineann an Biúró, atá comhdhéanta den Uachtarán agus de na 14 Leas-Uachtaráin, úsáid as sin mar bhunús chun glacadh le réamhdhréacht de na meastacháin, agus cuireann sé faoi bhráid an choiste um buiséid é.

 

Ceaptar comhalta amháin den choiste - ar a dtugtar rapóirtéir an bhuiséid - chun tuarascáil a dhréachtú lena léirítear tosaíochtaí oibre na Parlaiminte agus lena moltar an méid airgid ba cheart a chaitheamh orthu. Ar an gcéad dul síos caitheann an coiste um buiséid vóta ar an tuarascáil agus ansin caitheann gach Feisire vóta air le linn seisiún iomlánach, i mí Aibreáin go hiondúil. Ansin, déantar na meastacháin sin a ionchorprú i ndréachtbhuiséid AE i gcomhair na chéad bhliana eile, agus déanann na Feisirí é a leasú agus glacann siad leis le linn seisiún iomlánach i mí na Nollag ar a dhéanaí.