Cumhachtaí reachtacha
Conas a oibríonn an próiseas reachtaíochta?
Bíonn ról lárnach ag Parlaimint na hEorpa i gcinnteoireacht AE mar chomhreachtóir in éineacht leis an gComhairle.
Glactar formhór na ndlíthe Eorpacha in éineacht leis an bParlaimint agus an Chomhairle, tar éis do thogra teacht ón gCoimisiún Eorpach. Glaoitear an gnáthnós imeachta reachtach nó comhchinnteoireacht ar an bpróiseas seo.
I gcásanna áirithe, cuirtear nósanna imeachta reachtacha faoi leith i bhfeidhm, amhail comhairliúchán agus toiliú. Sna cásanna seo, ní hionann an Pharlaimint agus an Chomhairle, mar is ionann faoin ngnáthnós imeachta reachtach.
Tosaíonn obair na Parlaiminte ar théacs reachtach nuair a fhaigheann sí togra ón gCoimisiún, a chuireann tús leis an reachtaíocht. Cuirtear an togra faoi bhráid coiste agus roghnaítear Feisire de Pharlaimint na hEorpa chun tuairisc a chur le chéile bunaithe air. Tugtar rapóirtéir ar an bhfeisire seo. Nuair a bhíonn an reachtaíocht ag plé le hiliomad ábhar, is féidir comhrapóirtéirí ó choistí éagsúla a cheapadh.
Tar éis díospóireachtaí idir ionadaithe ó ngrúpaí polaitiúla agus comhchainteanna chun teacht ar réiteach, vótálann coistí parlaiminteacha ar an dréacht-thuarascáil agus déantar í a leasú más gá. Tá a seasamh glactha ag an bParlaimint nuair a dhéantar an téacs a leasú agus nuair a ghlactar le linn suí iomlanach é.
An gnáthnós imeachta reachtach
Tugann an gnáthnós imeachta reachtach na cumhachtaí céanna do Pharlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ó thaobh dhéantús dlí i réimse rialachais eacnamaíoch, imirce, fuinneamh, iompar, an timpeallacht agus cosaint tomhaltóirí).
Tugadh an nós imeachta isteach faoin ainm comhchinnteoireacht i gConradh Maastricht (1992) agus rinneadh é a leathnú amach agus a dhéanamh níos éifeachtaí faoi Chonradh Amstardam (1999).
Le Conradh Liospóin (2009), tugadh an príomhnós imeachta reachtach ar an ngnáthnós imeachta reachtach a bhí ann roimhe i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais.
Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, féadfaidh téacs reachtach dul tríd trí léamh ar a mhéad ag leibhéal Parlaiminte agus ní thagann sí i bhfeidhm ach amháin nuair a thagann an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an bhfoclaíocht dheireanach.
Faoin bpróiseas seo, cinntítear go bhfuil an chumhacht ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa dul i bhfeidhm ar rialacha AE agus bearta AE a threorú i gcomhréir le hionchais na vótálaithe.
Nósanna imeachta reachtacha speisialta
I dtús ama, le Conradh na Róimhe 1957, is ról comhairleach sa phróiseas reachtach a bhí ag an bParlaimint; dhéanadh an Coimisiún an reachtaíocht a mholadh agus is í an Chomhairle a ghlacadh í.
Le teacht chun cinn na comhchinnteoireachta agus leathnú amach diaidh ar ndiaidh shainphribhléidí na Parlaiminte faoi chonarthaí éagsúla, ní raibh baint ag cuid de na nósanna imeachta reachtacha ar baineadh úsáid astu roimhe ach le cásanna faoi leith.
Comhairliúchán
Féadann Parlaimint na hEorpa an togra reachtach a fhormheas nó diúltú dó, nó féadfaidh sí leasuithe ar an togra a mholadh
Níl aon cheangal dlíthiúil ar an gComhairle an tuairim ón bParlaimint a chur san áireamh, ach de réir chás dlí na Cúirte Breithiúnais, ní fhéadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh gan an tuairim sin a bheith faighte aici.
Tá an nós imeachta seo infheidhme anois i líon teoranta réimsí reachtacha, amhail díolúintí sa mhargadh inmheánach agus dlí na hiomaíochta.
Toiliú
I gcásanna faoi leith, sonraíonn an Conradh ar an Aontas Eorpach nó an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach mór do Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt sula dtagann nós imeachta chun críche.
Is é is ciall leis seo ná go bhfuil sé de chumas ag an bParlaimint gníomh a mholtar a fhormheas nó a dhiúltú. Muna dtugann an Pharlaimint a toiliú, ní féidir leis an gComhairle an gníomh sin a ghlacadh.
Bíonn toiliú na Parlaiminte de dhíth nuair atá reachtaíocht nua ar idirdhealú a chomhrac á glacadh.
Bíonn na rialacha céanna i bhfeidhm nuair a bhíonn bearta á nglacadh ag an bParlaimint i réimse nach bhfuil inniúlachtaí AE tugtha go sainráite ach is gá iad chun na cuspóirí a leagtar amach i gconarthaí Eorpacha a bhaint amach – tugtar an clásál solúbthachta ar seo faoi Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Tá feidhm ag nós imeachta an toilithe, ar a dtugadh aontú roimhe seo, freisin chun críocha eile seachas reachtaíocht a ghlacadh. Iarrtar ar an bParlaimint a toiliú a thabhairt le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta a bhíonn á n-idirbheartú ag an Aontas Eorpach, nó le haghaidh comhaontuithe a bhaineann le teacht isteach nó le haistarraingt tír ón Aontas Eorpach.
Ina theannta sin, ní mór don Pharlaimint a toiliú a thabhairt do chinntí na Comhairle faoi Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina rialaítear go bhfuil baol ann go ndéanfaidh tír san Aontas luachanna AE a sárú nó go bhfuil sé sin á dhéanamh acu cheana i mbealach dáiríre nó leanúnach.
Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe
Nuair a ghlacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle gníomh reachtach, is féidir leo na cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh a bhfuil baint acu leis an ngníomh reachtach sin.
Tá dhá chineál gníomhartha neamhreachtacha ann:
- gníomhartha cur chun feidhme - nuair is aidhm don Choimisiún coinníollacha a chruthú do chur i bhfeidhm comhionann an ghnímh reachtaigh i ngach tír san Aontas
- gníomhartha tarmligthe - nuair a thugtar údarás don Choimisiún
Gníomhartha cur chun feidhme
Cuirtear gníomhartha cur chun feidhme os comhair saineolaithe ó thíortha san Aontas Eorpach agus coimeádtar Parlaimint ar an eolas le linn an nós imeachta, lena ceart grinnscrúdaithe fós aici.
Is féidir leis an bParlaimint diúltiú do ghníomh, ag rá go sáraíonn an dréachtbheart cur chun feidhme na cumhachtaí a leagtar síos sa ghníomh reachtach cuí, nó nach gcloínn sé le dlí AE i mbealaí eile.
Ina theannta sin, féadfaidh an Pharlaimint iarraidh ar an gCoimisiún tarraingt amach, bearta a leasú nó togra nua a chur isteach faoin nós imeachta reachtach cuí.
Gníomhartha tarmligthe
De ghnáth, baintear leas as gníomhartha tarmligthe nuair nach mór gnéithe faoi leith den ghníomh reachtach a leasú ar bhonn rialta ionas go gcuirtear dul chun cinn teicniúil nó eolaíoch san áireamh.
I gcomhréir le forálacha an ghnímh reachtaigh, roghnaíonn an Pharlaimint nó an Chomhairle an bhfuil siad chun gníomh tarmligthe a ghlacadh laistigh de thréimhse áirithe ama (dhá mhí de ghnáth) tar éis dóibh fógra a fháil faoi. I gcás go dtarlaíonn sé sin, ní féidir leis an ngníomh tarmligthe teach i bhfeidhm.
Ina theannta sin, is féidir le Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle diultú do chumhachtaí a thabhairt don Choimisiún.
An féidir le Parlaimint na hEorpa reachtaíocht a thionscnamh?
Bíonn an chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach leas a bhaint as na tograí reachtacha ag leibhéal AE.
Faoi Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, áfach, bíonn an chumhacht ag an bParlaimint cuireadh a thabhairt don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh ar ábhar faoi leith.
Faoi chomhaontú idir Pharlaimint na hEorpa agus an Coimisiún, tá an Coimisiún tiomanta d’aghaidh a thabhairt ar an gcineál iarratais seo laistigh de thrí mhí. Má roghnaíonn an Coimisiún gan reachtaíocht a mholadh tar éis dó iarratas a fháil ón bParlaimint, ní mór dó údar a thabhairt lena sheasamh.
Laistigh den Pharlaimint, is féidir leis an gcoiste atá freagrach as an ábhar, nó feisire amháin nó níos mó, an cuireadh chun reachtaíocht nua a mholadh a chur i láthair . Is féidir leis an gcoiste um buiséid a thuairim a chur in iúl maidir le himpleachtaí airgeadais an togra.
Clársceideal bliantúil agus ilbhliantúil
De réir Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuireann an Coimisiún tús le clársceideal bliantúil agus ilbhliantúil an AE. Chun an sprioc sin a bhaint amach, ullmhaíonn an Coimisiún a chlár oibre.
Bíonn an Pharlaimint ag comhoibriú leis an gCoimisiún agus clár oibre an Choimisiúin á dhréachtú acu agus ní mór don Choimisiún tosaíochtaí na Parlaiminte a chur san áireamh ag an staid sin.
Tar éis don Choimisiún an clár a ghlacadh, foráiltear go mbeadh cruinniú tríthaobhach ann idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le clársceideal an Aontais agus d’fhonn tosaíochtaí agus aidhmeanna an AE a leagadh amach.
Is féidir teacht ar phleananna sonraithe don chomhoibriú idir an Pharlaimint agus an Coimisiún i dtaca le clár oibre an Choimisiúin sa Chreat-chomhaontú ar an gcaidreamh idir an dá institiúid.