Cumhachtaí buiséadacha
Ag leanúint ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, comhroineann an Pharlaimint cumhacht anois le Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh a dhéanamh ar bhuiséad bliantúil an AE ina iomláine agus bíonn an focal scoir aici.
An creat airgeadais ilbhliantúil
Ní mór do chinntí de chuid na Parlaiminte agus na Comhairle maidir le caiteachas agus ioncam bliantúil teacht faoi na teorainneacha do chaiteachas bliantúil a leagtar síos sa phlean airgeadais fadthéarmach de chuid an AE, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil, a chaibidlítear gach seacht mbliana.
Rialú buiséadach
A thúisce a nglactar le buiséad an AE, bíonn an Coimisiún Eorpach freagrach as a chur chun feidhme (tá institiúid eile i gceannas ar a mbuiséid riaracháin féin).
Mar institiúid a thoghtar go díreach a ionadaíonn do cháiníocóirí an AE, cleachtann Parlaimint na hEorpa maoirseacht dhaonlathach chun a chinntiú go ndéileálann an Coimisiún agus na hinstitiúidí eile i gceart le cistí Eorpacha.
Cinneann an Pharlaimint, ar thogra ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, cibé acu an ndeontar an t-urscaoileadh nó nach ndeontar, i.e. formheas deiridh ar conas mar a cuireadh an buiséad chun feidhme do bhliain shonrach.
Déanann an Pharlaimint an cinneadh tar éis dá Coiste um Rialú Buiséadach scrúdú faichilleach a dhéanamh ar chuntais airgeadais an Choimisiúin agus ar an tuarascáil ar a ghníomhaíochtaí don bhliain i dtrácht. Cuireann sí san áireamh freisin tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí agus freagraí an Choimisiúin ar cheisteanna sonracha a bhféadach a bheith ag feisirí.
Is féidir leis an Parlaimint moltaí a thabhairt don Choimisiún maidir le forghníomhnú an bhuiséid. Ní mór don Choimisiún, ar iarraidh ón bParlaimint, tuairisc a thabhairt ar na bearta arna nglacadh i bhfianaise na dtuairimí agus na barúlacha sin.
Tugtar an nós imeachta chun críche le deonú, cur siar nó diultú an urscaoilte.
Déileálann an Pharlaimint ar shlí chosúil le formheas cuntais na n-institiúidí eile, a buiséad riaracháin féin san áireamh.