Léarscáil na Scoileanna Ambasadóra

Féadfaidh tú oibriú i gcomhar le scoileanna eile chun daonlathas parlaiminteach Eorpach a chur chun cinn, dea-chleachtais a mhalartú nó malartú a eagrú le scoil eile gar duit, i do réigiún nó i dtír eile. Ar mhaith leat teacht ar thuilleadh faisnéise agus fáil amach cé acu scoileanna atá rannpháirteach i gclár Scoileanna Ambasadóra Pharlaimint na hEorpa? Tá scoileanna Ambasadóra gar duit. Chun iad a aimsiú, cliceáil ar an léarscáil thíos agus féach ar liosta na Scoileanna Ambasadóra atá léirithe de réir an réigiúin. Is féidir leat do chuardach a bheachtú trí zúmáil isteach ar an léarscáil agus cliceáil ar cheann de na bioráin. Má tá tú ag brabhsáil ó ghléas iniompartha, b’fhéidir go mbeidh ort tír a roghnú ón roghchlár níos faide síos chun liosta na scoileanna atá ar fáil in aghaidh an réigiúin a fheiceáil. Trí chliceáil ar ainm scoile, beidh tú in ann teacht ar a suíomh gréasáin agus na sonraí teagmhála ábhartha a aimsiú.

Scoileanna atá rannpháirteach sa chlár

Íoslódáil liosta na Scoileanna Ambasadóra (PDF - 1368 kb)