Na toghcháin Eorpacha: do dheis labhartha
 

Tugann na toghcháin Eorpacha an deis duit na daoine a dhéanann ionadaíocht ort i bParlaimint na hEorpa a roghnú agus cabhraíonn siad leis an gcineál Eoraip atá againn a chinneadh.

Is é atá i gceist leis na toghcháin Eorpacha rogha a dhéanamh maidir le cé atá uait chun do leasanna a chosaint in AE. Ní hamháin go ndéanann Feisirí reachtaíocht nua a dhearadh agus a chinneadh, ach vótálann siad freisin ar chomhaontuithe nua trádála, déanann siad grinnscrúdú ar institiúidí eile an Aontais agus seiceálann siad go bhfuil airgead AE á chaitheamh mar is cóir, chomh maith le himscrúduithe ar shaincheisteanna áirithe a sheoladh. Faigh amach faoi na Feisirí atá ag déanamh ionadaíocht ar do thírse faoi láthair.

Trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha, tá do cheart daonlathach chun bheith páirteach i gcinntí maidir le todhchaí na hEorpa á fheidhmiú agat agus tugann tú an dlisteanacht is gá don Pharlaimint chun a cuid dualgas a chomhlíonadh.

Bíonn na toghcháin ar siúl gach cúig bliana agus is iad na toghcháin thrasnáisiúnta is mó ar domhan iad. I ndiaidh na dtoghchán, caitheann an Pharlaimint vótaí chun ceann nua an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh, arb é comhlacht feidhmiúcháin AE é, agus chun an fhoireann iomlán de Choimisinéirí a fhormheas.

Sna toghcháin is déanaí a bhí ann i mí na Bealtaine 2019, tháinig méadú an-mhór ar líon na ndaoine a chaith vóta, sa chaoi gurbh ionann meán AE agus níos mó ná 50%. Rinne an Pharlaimint feachtas faisnéise neamhpháirtíneach ag impí ar dhaoine vóta a chaitheamh. A bhuí leis an bhfeachtas, tháinig ann do phobal lecheile.eu, arb é is aidhm leis an plé ar thodhchaí dhaonlathach na hEorpa a chur chun cinn.

An chaoi a n-oibríonn an vótáil

Cé go bhfuil roinnt rialacha comhchoiteanna ann a bhaineann leis na toghcháin, is féidir le roinnt gnéithe a bheith éagsúil ó thír go tír, mar shampla, cibé is féidir vóta a chaitheamh tríd an bpost nó ó áit thar lear.

Is féidir le laethanta toghcháin a bheith difriúil chomh maith. Cuirtear tús le na toghcháin, de ghnáth, ar an Déardaoin (an lá a gcaitear vóta de ghnáth san Ísiltír) agus cuirtear deireadh leo ar an Domhnach (an lá a mbíonn na toghcháin ann, de ghnáth, i bhformhór na dtíortha).

Braitheann an líon Feisirí a thoghtar i ngach tír ar mhéid an daonra agus tugtar níos mó suíochán do thíortha beaga ná mar a gheobhaidís dá leanfaí próiseas na comhréireachta go docht. I láthair na huaire, is ó sheisear do Mhálta, do Lucsamburg agus don Chipir go 96 don Ghearmáin an líon Feisirí.

Is iad na páirtithe polaitiúla náisiúnta a chuireann iarrthóirí ar aghaidh don toghchán, ach a luaithe a thoghtar na Feisirí, socraíonn an chuid is mó acu dul le grúpa polaitiúil trasnáisiúnta. Tá an chuid is mó de na páirtithe náisiúnta cleamhnaithe le páirtí polaitiúil tras-Eorpach.