Ord Fiúntais na hEorpa
-
Cad é ord fiúntais na heorpa?
Le hOrd Fiúntais na hEorpa, tugtar urraim don mhéid atá bainte amach ag daoine aonair a chuir go mór le lánpháirtiú na hEorpa nó le cur chun cinn agus cosaint na luachanna a chumhdaítear sna Conarthaí. Is é is aidhm dó na glúnta atá le teacht a spreagadh, agus béim á leagan ar an misneach sibhialta agus ar an tiomantas d’idéil Eorpacha.
Seoladh Ord Fiúntais na hEorpa tráth chomóradh 75 bliana Dhearbhú Schuman — túsphointe aontacht na hEorpa. Is é an chéad idirdhealú Eorpach dá leithéid é a dheonaíonn institiúidí an Aontais agus comhlánaíonn sé idirdhealuithe agus maisiúcháin náisiúnta trí aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí a neartaíonn an Eoraip ina hiomláine.
Tráth na héiginnteachta domhanda, is é an sprioc atá aige luachanna comhroinnte a athdhearbhú trí urraim a thabhairt dóibh siúd a chosnaíonn an tsíocháin, an daonlathas agus dínit an duine.
Tá Ord Fiúntais na hEorpa comhdhéanta de thrí leibhéal d’idirdhealú méadaitheach:
- Comhalta den Ord
- Comhalta Onórach den Ord
- Comhalta Oirirce den Ord
Contact:
-
TeagmhálaitheContact data:
