Duaiseanna
Ní ag rith reachtaíochta amháin a bhítear i bParlaimint na hEorpa. Féachtar chomh maith leis an dea-rud a chur chun cinn. Bronntar ceithre cinn de dhuaiseanna gach bliain mar aitheantas ar bheartaíocht sárfheabhais maidir le cearta an duine, scannánaíocht, tionscadail don óige agus dea-shaoránacht. Bíonn deis leis sin aird a dhíriú ar na daoine agus na heagraíochtaí a oibríonn go crua chun an saol a dhéanamh beagán níos fearr agus daoine eile a spreagadh chun a sampla sin a leanúint.
-
Duais Eorpach Charlemagne don Óige - do na hEorpaigh óga sárspreagtha go léir
Bronntar Duais Charlemagne don Óige ar thionscadail arna reáchtáil ag daoine óga agus a chuireann chun cinn an tuiscint Eorpach agus idirnáisiúnta. Leagann an duais béim ar an obair laethúil a bhíonn ar bun ag daoine óga ar fud na hEorpa chun an daonlathas Eorpach a neartú agus tacaíonn sí lena rannpháirtíocht ghníomhach chun Eoraip na todhchaí a mhúnlú.
Parlaimint na hEorpa agus Fondúireacht Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne Aachen a bhronnann na duaiseanna i gcomhar gach bliain agus tá duais €7500 don tionscadal is fearr, €5000 don dara ceann agus €2500 don tríú ceann. Mar chuid den duais, tugann an trí bhuaiteoir ar an ngearrliosta deireanach buaiteoirí cuairt ar Pharlaimint na hEorpa (sa Bhruiséil nó i Strasbourg). Tugtar cuireadh d'ionadaithe ó gach ceann de 27 tionscadal náisiúnta a roghnaítear ar thuras ceithre lá go Aachen sa Ghearmáin.
An bhfuil tusa i do chónaitheoir san Aontas Eorpach, an bhfuil tú idir 16-30 bliain d'aois agus an bhfuil tú ag obair ar thionscadal a thugann an Eoraip le chéile? Cuir do thionscadal isteach ar Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige agus faigh tacaíocht chun do thionscnamh a fhorbairt.
-
Duais an tSaoránaigh Eorpaigh 2022: Faigh amach cé hiad na buaiteoirí!
Ar 22 Meitheamh 2022, roghnaigh Seansailéireacht Duais an tSaoránaigh Eorpaigh na tionscadal a bhuaigh Duais an tSaoránaigh Eorpaigh.
Aithníonn Duais an tSaoránaigh Eorpaigh tionscnaimh a chuidíonn leis an gcomhar Eorpach agus le cur chun cinn luachanna coiteanna.
Tugtar an duais, a bhronnann Parlaimint na hEorpa gach bliain, ar thionscadail a eagraíonn daoine nó eagraíochtaí lena spreagtar:
- Comhthuiscint agus lánpháirtiú níos dlúithe idir daoine in AE
- Comhar trasteorann a chothaíonn meon Eorpach níos láidre
- Luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais
- Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir le daoine, grúpaí, cumainn nó eagraíochtaí cur isteach le tionscadal do Dhuais an tSaoránaigh Eorpaigh nó is féidir leo tionscadal a ainmniú. Is féidir le Feisirí ainmniúchán a chur isteach freisin.
Os rud é gurb í seo Bliain Eorpach na hÓige, tabharfar aird ar leith ar thionscadail arna reáchtáil ag ár nEorpaigh óga nó tionscadail lena dtugtar aghaidh ar an Óige.
Chun tionscadal a chur isteach nó a ainmniú, bain úsáid as an bhfoirm seo, le do thoil. Chun tuilleadh eolais a fháil, scríobh chuig: CitizensPrize@ep.europa.eu.
Tuilleadh faisnéise:
-
Duais Sakharov um shaoirse smaointeoireachta
Bronntar duais Sakharov mar gheall ar éacht faoi leith i gceann de na réimsí seo a leanas:
- cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, go háirithe an ceart chun saoirse cainte,
- cearta mionlaigh a chosaint,
- meas ar an dlí idirnáisiúnta,
- an daonlathas a thabhairt chun cinn agus riail an dlí a chur i bhfeidhm.
-
Gradam Lucht Féachana LUX ag tacú leis an gcultúr agus le hEorpaigh a nascadh le chéile
Ó 2007, tá Duais Scannánaíochta LUX de chuid Pharlaimint na hEorpa ag leanúint d’athmhuintearas cultúrtha a chruthú ar fud na hEorpa, trí aird a tharraingt ar scannáin a théann go croílár na díospóireachta poiblí san Eoraip.
I mí Mheán Fómhair 2020, rinneadh Gradam Lucht Féachana LUX de Dhuais Scannánaíochta LUX. Ba iad Parlaimint na hEorpa agus Acadamh na Scannán Eorpach a sheol é, i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach agus Europa Cinemas.
Is é is cuspóir don ghradam nua naisc idir na saoránaigh agus a n-ionadaithe polaitiúla a threisiú, trína iarraidh ar lucht féachana na hEorpa a bheith ina mball den ghiúiré scannán is nó san Eoraip agus vóta a chaitheamh ar son na scannán is fearr leo. Tá sé mar aidhm leis freisin spreagadh a thabhairt do dhaoine dul go dtí an phictiúrlann chun féachaint ar scannáin spreagúla na hEorpa agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí faoin Eoraip. Tarraingíonn na scannáin roghnaithe aird ar chuid de phríomh-shaincheisteanna sóisialta, polaitiúla agus stairiúla an lae inniu, agus léiríonn siad áilleacht agus éagsúlacht scannánaíocht na hEorpa.
Is iad an pobal agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (a bhfuil 50 % den vóta ag gach grúpa) a roghnaíonn an scannán buaiteach.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin eagrán reatha, tabhair cuairt ar: luxaward.eu.