Fiosrúcháin ó Shaoránaigh (Ask EP) 

Más mian leat breis a fháil amach faoi ghníomhaíochtaí, cumhachtaí agus eagrú Pharlaimint na hEorpa, téigh i dteagmháil leis an Aonad um Fhiosrúcháin ó Shaoránaigh (Ask EP) ag úsáid na foirme atá le fáil thíos.

Fiafraigh, freagróimid

Is féidir leat teacht ar roinnt topaicí nua is díol imní ar leith do shaoránaigh a scríobhann go dtí Parlaimint na hEorpa agus ár bhfreagraí faoi seach.

  • Saothar éignithe agus saothar leanaí 

    Meastar go bhfuil 27.6 milliún duine ann (lena n-áirítear 3.3 milliún leanbh) a gcuirtear orthu saothar éignithe a dhéanamh, agus 160 milliún leanbh (beagnach duine as gach deichniúr) i mbun saothar leanaí. Is ann don fheiniméin sin ar fud na mór-roinne go leibhéil éagsúla. Le fada an lá, tá urraim do chearta an duine agus do chearta gaolmhara saothair á gcur chun cinn ag an Aontas, lena n-áirítear obair chuibhiúil agus saoirse ó shaothar éignithe, trí bheartais éagsúla inmheánacha agus sheachtracha.

      
  • Pá íosta san Aontas Eorpach 

    Déanann na Ballstáit AE a bpá íosta féin a shocrú, agus tacaíonn an tAontas leis an ngníomhaíocht a dhéanann siad agus cuireann sé léi. Tá difear mór idir leibhéil éagsula pá íosta ar fud an Aontais; is sa Bhulgáir atá an leibhéal is ísle, agus tá an leibhéal is airde i Lucsamburg.
    Is féidir pá íosta a chosaint trí chomhaontuithe comhchoiteanna, trí phá íosta reachtúil a leagtar síos sa dlí, nó trí mheascán den dá rud. In 2022, ghlac an tAontas rialacha nua lena gcuirtear pá íosta leordhóthanach chun cinn agus lena gcuirtear feabhas ar dhálaí oibre agus maireachtála d’fhostaithe i dtíortha an Aontais.

      
  • An t-athrú aeráide 

    Tá an t-atmaisféar ag téamh, tá an aeráid ag athrú agus tá an baol don éiceachórais ag méadú gach bliain. Tá sraith mhór beart á ndéanamh ag an Aontas chun a gheilleagar agus a shochaí a chur ar chonair inbhuanaithe a chosnóidh saoránaigh agus an comhshaol ar bhonn fadtéarmach.

    Léirítear na huaillmhianta aeráide sin i mbuiséad an Aontais.

      
  • Dóiteáin foraoise agus beartas foraoiseachta 

    Le blianta beaga anuas, bhí ar roinnt tíortha ar fud an domhain dul i ngleic le dóiteáin foraoise an-dian agus an-fhorleathan.
    Is faoi inniúlacht náisiúnta rialtais na mBallstát go príomha a thagann cosaint foraoisí in AE. Mar sin féin, tá roinnt bealaí ann ina rannchuidíonn an tAontas le dóiteáin foraoise a chosc agus le cúnamh a thabhairt má tharlaíonn siad, trí mhaoiniú AE agus trí shásraí AE araon.

      
  • Comhionannas inscne 

    Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as beartais atá lárnach maidir le comhionannais inscne a chur chun cinn, amhail an beartas fostaíochta agus sóisialta. Mar sin féin, tá rún daingean ag an Aontas Eorpach comhionannas inscne a chosaint, ar ceart bunúsach é faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, déanann an tAontas a dhícheall an comhionannas inscne a chothú ina chuid gníomhaíochtaí uile.

      
  • Más mian leat ceann de na freagraí thuas a fháil i dteanga oifigiúil eile de chuid AE, déan teagmháil linn.