Páirtithe polaitiúla Eorpacha 

Cad is páirtí polaitiúil Eorpach ann?

Is eagraíocht páirtí polaitiúil Eorpach a chloíonn le clár polaitiúil. Tá an páirtí seo comhdhéanta de pháirtithe náisiúnta agus/nó daoine aonair mar chomhaltaí, ag a bhfuil ionadaíocht i roinnt Ballstát agus atá cláraithe leis an an tÚdarás um páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (‘Údarás’). Mar a luaitear sna Conarthaí, "rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach chun feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus chun toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl".

Conas a mhaoinítear páirtí polaitiúil Eorpach?

Dáileadh an maoiniú i bhfoirm deontas oibríochta go dtí bliain airgeadais 2017. Ó 2018, dáiltear an maoiniú i bhfoirm ranníocaíochta. Sonraítear rialacha na foirme maoinithe seo i dTeideal XI den Rialachán Airgeadais. Is féidir leis sin suas le 90 % de chaiteachas in-aisíoctha páirtí a chlúdach, agus ba cheart go dtiocfadh an chuid eile as acmhainní an pháirtí féin, amhail táillí comhaltais agus síntiúis.

Déantar cistí atá ar fáil do pháirtithe a bhuiséadú ar líne bhuiséid 402 de bhuiséad Pharlaimint na hEorpa.

Cad is féidir agus cad nach féidir a íoc faoi bhuiséad AE?

Is féidir an ranníocaíocht a úsáid chun íoc as an gcaiteachas atá nasctha go díreach le cuspóirí reachtúla an pháirtí, is é sin an caiteachas inaisíoctha mar a thugtar air, amhail:

  • costais cruinnithe agus ionadaíochta,
  • costais foilseachán,
  • costais riaracháin, pearsanra agus taistil,
  • costais feachtais i dtoghcháin Eorpacha.

Ní féidir an ranníocaíocht a úsáid, i measc nithe eile, chun díol as caiteachas neamh-inaisíoctha amhail:

  • costais feachtais do reifrinn agus do thoghcháin (ach amháin toghcháin Eorpacha)
  • maoiniú díreach nó indíreach páirtithe náisiúnta, iarrthóirí toghcháin
  • agus muirir seirbhísí fiach.

Cé a leagann síos na rialacha maoinithe?

Leagtar síos na rialacha maoinithe le rialachán arna nglacadh ag an gComhairle agus ag an bParlaimint, de bhun Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 224 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Is é Biúró Pharlaimint na hEorpa a ghlacann na nósanna imeachta cur chun feidhme.

Cé acu rialacha atá i bhfeidhm? (ó bhliain airgeadais 2019)

Cad iad na coinníollacha a chaithfear a chomhlíonadh chun maoiniú a fháil?

Ní mór do pháirtí coinníollacha áirithe a chomhlíonadh chun ranníocaíocht a fháil ón bParlaimint:

  • ní mór don pháirtí a bheith cláraithe ag an Údarás,
  • ní mór ionadaíocht a bheith ag 1 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa dá chuid ar a laghad i bParlaimint na hEorpa,
  • ní mór d’iniúchóir seachtrach a bheidh sainordaithe ag Parlaimint na hEorpa é a iniúchadh,
  • ní mór dó a bheith faoi réir smachtbhannaí a bheidh forchurtha ag an Údarás.

Chun bheith cláraithe ag an Údarás, ní mór don pháirtí cloí leis na coinníollacha clárúcháin:

  • ní mór go mbeadh a shuíomh i mBallstát de réir mar a thugtar le fios ina reachtanna;
  • ní mór dá chuid ballpháirtithe a bheith ionadaithe, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa nó ag comhaltaí de pharlaimintí náisiúnta, de pharlaimintí réigiúnacha nó de thionóil réigiúnacha, nó ní mór go mbeadh faighte aige nó ag a bhallpháirtithe, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, trí faoin gcéad ar a laghad de na vótaí a caitheadh i ngach ceann de na Ballstáit sin ag na toghcháin is deireanaí do Pharlaimint na hEorpa;
  • ní fhéadfaidh na ballpháirtithe a bheith ina mbaill de pháirtí polaitiúil Eorpach eile;
  • ní mór go gcomhlíonfaidh sé, go háirithe ina chlár agus ina ghníomhaíochtaí, na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE, eadhon, meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad;
  • ní mór dó nó dá chomhaltaí páirt a bheith glactha aige nó acu i dtoghcháin chun Parlaimint na hEorpa, nó a rún a chur in iúl go poiblí go bhfuil sé beartaithe aige nó acu páirt a ghlacadh sna chéad toghcháin eile chun Parlaimint na hEorpa, agus
  • ní fhéadfaidh sé spriocanna brabúis a shaothrú.

Conas a fheidhmíonn an nós imeachta maoinithe go praiticiúil?

Is féidir leat an tuarascáil ghearr ar staid an nós imeachta maoinithe (Englanti) a íoslódáil anseo.

Féadfaidh aon pháirtí a chomhlíonann na coinníollacha thuasluaite iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do bhliain airgeadais áirithe, trína iarratas agus trí bhuiséad measta a sheoladh chun na Parlaiminte faoin 30 Meán Fómhair den bhliain airgeadais roimhe sin.

A luaithe a dhéanfar na hiarratais a mheasúnú agus a fhormheas, leithdháilfear na cistí atá ar fáil i mbuiséad na Parlaiminte i measc na bpáirtithe sin de réir scála socraithe:

  • dáiltear 10% ina sciaranna comhionanna,
  • dáiltear 90% i gcomhréir leis an líon Feisirí tofa de Pharlaimint na hEorpa atá ina gcomhaltaí den pháirtí.

Is méid ranníocaíochta sealadach é seo, a íoctar ag tús gach bliana (íocaíocht réamh-mhaoinithe). Ní mó an méid ranníocaíochta sealadach ná an méid a ndéanfar iarratas ina leith san iarratas maoinithe ná 90% den chaiteachas inaisíoctha buiséadaithe sa bhuiséad measta.

A luaithe a dhéanfar na hiarratais a mheasúnú agus a fhormheas, leithdháilfear na cistí atá ar fáil i mbuiséad na Parlaiminte i measc na bpáirtithe sin de réir scála socraithe

Cé méid a fhaigheann na páirtithe ó bhuiséad AE?

Cá dtuairiscítear na sonraí airgeadais?

Caithfidh na páirtithe gach ioncam agus caiteachas a dhearbhú ina dtuarascálacha bliantúla. Is iad na nithe seo a leanas den chuid is mó atá sa tuarascáil bhliantúil sin:

  • tuarascáil iniúchta lena n-áirítear ráitis airgeadais
  • ráiteas airgeadais bunaithe ar struchtúr an bhuiséid mheasta,
  • mionsonraí na gcuntas maidir le hioncam, costais, sócmhainní agus dliteanais,
  • liosta síntiús
  • tuarascáil gníomhaíochtaí

Is féidir dul i gcomhairle le tuarascálacha iniúchóireachta agus síntiúis na bpáirtithe (go dtí 2017) anseo