Teachtaireacht fáilte ó Chathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí

A Chomhaltaí, a chomhpháirtithe agus a chairde,

Is eiseamláir é AE de bharr a chuid luachanna agus a chuid treoirphrionsabal agus táimid aontaithe le chéile chun cosaint a thabhairt d'ord domhanda atá síochánta, cothrom, cuimsitheach agus bunaithe ar rialacha.

Mar ionadaithe tofa, tá Feisirí PE tiomanta do ghuth shaoránaigh AE a bheith le cloisteáil go hidirnáisiúnta, agus ár luachanna agus leasanna straitéiseacha á léiriú.

Agus is trí bhíthin obair na dtoscaireachtaí a thugaimid faoi idirphlé lenár gcomhpháirtithe ó thríú tíortha, chun rathúnas comhroinnte agus síocháin a lorg dár saoránaigh, go háirithe trí neartú an Daonlathais agus urraim do Chearta an Duine.

Táim cinnte dearfach den ról tábhachtach atá ag an taidhleoireacht pharlaiminteach maidir le cúnamh a thabhairt i múnlú agus saothrú chuspóirí na mbeartas seachtrach Eorpach agus é sin a dhéanamh ar bhealach atá comhleanúnach agus inchreidte.

Ar na leathanaigh sa suíomh seo, gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoinár ngníomhaíochtaí, ár misean, agus ár stair. Déantar cur síos ar chruinnithe sa Bhruiséil agus in Strasbourg, agus thar lear chomh maith, agus cuirimid féilire gníomhaíochtaí ar fáil chomh maith le hachoimre ar rúin ábhartha ón bParlaimint.

Cé gur cuireadh srian lenár dteagmhálacha idirpharlaiminteacha de bharr ghéarchéim an choróinvíris, táimid ag coinneáil súil ar chúrsaí i dtíortha agus i réigiúin ár gcomhpháirtithe. Go dtí go dtosóimid ag bualadh lenár gcomhpháirtithe arís, tá súil againn go dtaispeánfaidh na leathanaigh seo an ról suntasach atá ag na toscaireachtaí maidir le Parlaimint na hEorpa a nascadh leis an domhan.

Inmaculada RODRÍGUEZ-PIÑERO
Cathaoirleach, Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí
9ú téarma parlaiminteach

Na chéad chruinnithe eile

An Toscaireacht don chaidreamh le Daon-Phoblacht na Síne


an Bhruiséal : ASP - A1E-2

Gnáthchruinniú
Exchange of views on EU-China Relations: Past and Future Perspectives

An Toscaireacht don chaidreamh le tíortha Mheiriceá Láir


an Bhruiséal : ASP - A1G-2

Gnáthchruinniú

4th European Gender Equality Week 23-29 October 2023

Contribution of the CDC to the 4th European Gender Equality Week 23-29 October 2023.
Please click on the photo above to launch the video.