TUARASCÁIL ar ainmniú Lucian Romașcanu mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí
24.3.2025 - (C10‑0010/2025 – 2025/0801(NLE))
An Coiste um Rialú Buiséadach
Rapóirtéir: Tomáš Zdechovský
- TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- IARSCRÍBHINN 1 CURRICULUM VITÆ LUCIAN ROMAȘCANU
- IARSCRÍBHINN 2: NA FREAGRAÍ A THUG LUCIAN ROMAȘCANU AR AN gCEISTNEOIR
- IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
- FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH AG AN gCOISTE FREAGRACH
TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar ainmniú Lucian Romașcanu mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí
(C10‑0010/2025 – 2025/0801(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C10‑0010/2025),
– ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0039/2025),
A. de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 12 Feabhra 2025, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Lucian Romașcanu a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;
B. de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Lucian Romașcanu, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Lucian Romașcanu, chomh maith lena chuid freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;
C. de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Lucian Romașcanu ina dhiaidh sin an 18 Márta 2025, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;
1. ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Lucian Romașcanu ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;
2. ag treorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.
IARSCRÍBHINN 1 CURRICULUM VITÆ LUCIAN ROMAȘCANU
Maidir liom féin
Pósta agus tá beirt chlainne agam
Polaiteoir le sárthaithí ar chúrsaí parlaiminteacha agus rialtais agus le flúirse taithí a fuarthas roimhe seo san earnáil phríobháideach.
Taithí mhaith ar a bheith ag obair le cistí poiblí agus Eorpacha sna poist phoiblí a bhí agam, i m'aire, i mo sheanadóir nó i mo cheannaire ar aonad críochach riaracháin níos airde.
OIDEACHAS AGUS OILIÚINT
[ 2000 – 2002 ] Máistreacht sa Riarachán Gnó Feidhmiúcháin
Ollscoil Washington, Seattle / ASEBUSS BúcairistCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin |
[ 1986 – 1991 ] BSc
Acadamh an Léinn EacnamaíochtaCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin |
TAITHÍ OIBRE
[ 28/10/2024 – Faoi láthair ] Uachtarán
Comhairle Contae BuzăuCathair: Buzău | Tír: an Rómáin
• post tofa faoi chóras an iarrthóra aonair
• comhordú riaracháin ar chontae Buzău, 404 000 áitritheoir agus 87 n-aonad críochacha riaracháin
• buiséad bliantúil – os cionn EUR 100 milliún
[ 21/12/2016 – 27/10/2024 ] Seanadóir
Seanad na RómáineCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
Poist éagsúla i bparlaimint na Rómáine:
• Cathaoirleach, an Coiste um Chultúr agus um na Meáin Chumarsáide
• Uachtarán, toscaireacht Pharlaimint na Rómáine chuig Tionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE)
• Ceannaire, seanadóirí an Pháirtí Shóisialaigh Dhaonlathaigh
[ 11/2021 – 06/2023 ] an tAire Cultúir
Rialtas na RómáineCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• buiséad bliantúil - os cionn EUR 300 milliún
[ 06/2017 – 01/2018 ] an tAire Cultúir
Rialtas na RómáineCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• buiséad bliantúil – os cionn EUR 270 milliún
[ 2015 – 2016 ] Comhairleoir Bainistíochta d’Uachtarán an Bhoird
Teilifís Náisiúnta na RómáineCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• 100 % faoi úinéireacht stáit
• Cúig Chainéal Teilifíse
• láimhdeachas bliantúil EUR 67 milliún
• 2 450 fostaí
[ 2012 – 2015 ] Stiúrthóir Bainistíochta
Dogan Media InternationalCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• Turkish capital
• láimhdeachas bliantúil EUR 20 milliún
• os cionn 400 fostaí
• fás 32 % bliain ar bhliain ar ioncam
[ 2009 – 2012 ] Bainisteoir Ginearálta
Cancan MediaCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• láimhdeachas bliantúil EUR 8 milliún
• 140 fostaí
• fás 12 % bliain ar bhliain ar ioncam
[ 2006 – 2009 ] Stiúrthóir Bainistíochta
Ringier RomaniaCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• Swiss capital
• láimhdeachas bliantúil EUR 30 milliún
• 240 fostaí
[ 2004 – 2006 ] Stiúrthóir Bainistíochta
Best Print ServicesCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• láimhdeachas bliantúil EUR 10 milliún
• 110 fostaí
• caibidlíocht maidir le maoiniú, maoirseacht ar chláir infheistíochta
• ceapadh agus cur chun feidhme PAF
• fás 18 % bliain ar bhliain ar ioncam
[ 2002 – 2004 ] Bainisteoir Ginearálta
HL Display RomaniaCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• Swedish capital
• gnólacht nuathionscanta
• láimhdeachas bliantúil EUR 1 mhilliún
• cúigear fostaí
• Cuntasach as an ráiteas Brabúis agus Caillteanais (P&L)
• buiséadú, ioncam agus freagracht as rialú costas
[ 1999 – 2002 ] Stiúrthóir Díolachán
Ringier RomaniaCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• Swiss capital
• comhordú foirne díolachán (14 dhuine)
• straitéis díolachán a cheapadh, gníomh pleanála, cuspóirí díolachán a leagan síos
• cuir i láthair díolachán do ghníomhaireachtaí na meán, príomhchliaint; idirbheartaíocht chonartha
[ 1997 – 1999 ] Stiúrthóir Díolacháin
MediaPro HoldingCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• struchtúir díolachán na gcuideachtaí grúpa éagsúla a eagrú agus a chomhchuibhiú
• straitéis díolachán a cheapadh, gníomh pleanála, cuspóirí díolachán a leagan síos
• cuir i láthair díolachán do ghníomhaireachtaí na meán, príomhchliaint; freagracht as buiséid díolachán a chaibidliú, struchtúr díolachán 16 chuideachta éagsúla a atheagrú go mion
[ 1993 – 1997 ] Ionadaí Tíre Amorim IrmaosCathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• gnólacht nuathionscanta
• láimhdeachas bliantúil EUR 4 mhilliún
• láithreacht ar mhargadh na Rómáine a fhorbairt, staid an cheannaire a fháil agus a choinneáil (sciar 90 % den mhargadh)
[ 1991 – 1993 ] Bainisteoir cuntas
Vinexport Trading Co.
Cathair: Búcairist | Tír: an Rómáin
• onnmhairí chuig margaí na hÍsiltíre, Cheanada agus Iosrael a chomhordú
• rannpháirteach i gcaibidlíocht, maoirseacht a dhéanamh ar sheachadtaí, doiciméid easpórtála a ullmhú.
SCILEANNA BAINISTÍOCHTA AGUS CEANNAIREACHTA
Ceann foirne, dea-idirbheartaí• dea-chomhordú foirne
• inniúlachtaí agus ordlathais a shainaithint agus a theorannú go beacht, iltascáil agus aird á tabhairt ar mhionsonraí
• anailíseach ach dírithe ar ghníomhaíocht agus ar thorthaí freisin
• scileanna thar barr i gcumarsáid agus i gcur i láthair
• scileanna láidre idirbheartaíochta le típeolaíochtaí nó cultúir éagsúla
SCILEANNA CUMARSÁIDE AGUS IDIRPHEARSANTA
Cumarsáidí den scoth, inoiriúnaithe agus buanseasmhach• sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide i dtimpeallachtaí éagsúla, agus foirne ar mhéideanna éagsúla á gcomhordú agus á spreagadh
• tiomanta, féintionscnóir, dinimiciúil, buanseasmhach, inoiriúnaithe, ag comhshamhlú faisnéis nua ó réimsí éagsúla go mear
SCILEANNA TEANGA
Teanga dhúchais/teangacha dúchais: Rómáinis
Teanga/teangacha eile:
Béarla
ÉISTEACHT C2 LÉAMH C2 SCRÍOBH C2
CUMAS LABHARTHA C2 IDIRGHNÍOMHAÍOCHT LABHARTHA C2
Fraincis
ÉISTEACHT B2 LÉAMH B2 SCRÍOBH B1
CUMAS LABHARTHA B1 IDIRGHNÍOMHAÍOCHT LABHARTHA B1
Leibhéil: A1 agus A2: Úsáideoir bunúsach; B1 agus B2: Úsáideoir neamhspleách; C1 agus C2: Úsáideoir cumasach
SCILEANNA DIGITEACHA
Mo Scileanna DigiteachaSáreolas ar Microsoft Office (Word, Excel, Outlook) | Inniúlacht ar ríomhaire agus ar an idirlíon a úsáid | Bogearraí Pleanála Acmhainní Fiontraíochta (ERP) | Bainistiú athruithe a chur chun feidhme: ó athruithe eagraíochtúla go seoladh CRManna
CEADÚNAS TIOMÁNA
Gluaisrothair: A
Gluaisteáin: B
CAITHIMH AIMSIRE AGUS ÁBHAIR SPÉISE
Léitheoir díograiseach, paiseanta faoi spóirt agus ceolIARSCRÍBHINN 2: NA FREAGRAÍ A THUG LUCIAN ROMAȘCANU AR AN gCEISTNEOIR
Ceistneoir le haghaidh Iarrthóirí ar Chomhaltas sa Chúirt Iniúchóirí
Taithí ghairmiúil
1. Liostaigh do thaithí ghairmiúil san airgeadas poiblí, bíodh sin i bpleanáil bhuiséadach, i gcur chun feidhme an bhuiséid, nó i mbainistiú nó i rialú buiséid nó in iniúchóireacht.
A:
Mar bhainisteoir san earnáil phríobháideach
i. Mhol mé buiséid arbh fhiú na deicheanna milliún EUR iad sna cuideachtaí éagsúla a raibh mé i mbun bainistíochta orthu, agus rinne mé na buiséid sin a chaibidliú, a fhormheas agus a rialú.
Mar Sheanadóir i bParlaimint na Rómáine:
i. Rinne mé ocht gcinn de bhuiséid bhliantúla na Rómáine a phlé, a leasú agus a fhormheas leis na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann leis an bpróiseas saothrach sin.
ii. Fuair mé buiséid na n-institiúidí a oibríonn go díreach faoi mhaoirseacht Sheanad na Rómáine – Teilifís Náisiúnta na Rómáine, Raidió Náisiúnta na Rómáine, Institiúid Chultúrtha na Rómáine, an Chomhairle Closamhairc, as measc institiúidí eile, agus rinne mé anailís orthu agus bhí mé rannpháirteach i leasú a dhéanamh ar na buiséid sin, iad a fhormheas nó a dhiúltú.
iii. Bhí mé rannpháirteach i gcinntí ardleibhéil le linn géarchéimeanna móra, lena n-áirítear an phaindéim agus an ghéarchéim fuinnimh, ina raibh an tionchar buiséadach agus an rialú ar chinntí ina phríomhthosaíocht.
Mar Aire Cultúir
i. Rinne mé anailís ar bhuiséid na mblianta roimhe sin agus tháinig mé ar thátail maidir le feidhmíocht na mbuiséad roimhe sin agus rinne mé bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme i gcás inar gá.
ii. Rinne mé na buiséid bhliantúla a dhréachtú agus idirbheartaíocht ina leith leis an Aireacht Airgeadais agus chuir mé i láthair os comhair Pharlaimint na Rómáine iad – tá buiséad bliantúil na hAireachta Cultúir thart ar EUR 300 milliún.
iii. Rinne mé maoirseacht ar fhorghníomhú na mbuiséad bliantúil ó thaobh feidhmíochta agus dlíthiúlachta de araon.
iv. D’oibrigh mé go dlúth le Cúirt na gCuntas sa Rómáin i ngach gné a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí maidir le m’aireacht.
Mar Uachtarán Chontae Buzău
i. Rinne mé anailís ar bhuiséid na mblianta roimhe sin chun ligean dom teacht ar thátail maidir le feidhmíocht airgeadais an Chontae agus ina dhiaidh sin d’ullmhaigh mé ceartúcháin bhuiséadacha don chéad tréimhse eile.
ii. Rinne mé buiséad 2025 a dhréachtú agus maoirseacht ar a fhormheas ag na comhairleoirí Contae – tá an buiséad bliantúil thart ar EUR 110 milliún.
2. Cad iad na héachtaí is suntasaí atá bainte amach agat i do ghairmréim phroifisiúnta?
A: I bhfianaise raon feidhme an cheistneora seo, liostóinn cuid de na héachtaí a bhaineann leis na réimsí airgeadais agus buiséadacha:
i. Le linn mo chéad sainordaithe mar Aire, bhí mé in ann buiséad na hAireachta Cultúir a mhéadú 47 % agus bhí mé i gceannas ar ráta forghníomhaithe ar mó é ná 98 % gan aon tuairim neamhfhabhrach a fháil ó Chúirt na gCuntas sa Rómáin.
ii. Mar cheannaire ar ghrúpa sheanadóirí an Pháirtí Shóisialaigh Dhaonlathaigh, bhí mé i mo phríomhghníomhaí sa chaibidlíocht agus i vótáil rathúil bhuiséid bhliantúla na Rómáine in am trátha.
iii. Mar chomhalta den Pharlaimint le linn ghéarchéim COVID-19, bhí mé in ann, i gcomhar le mo chomhghleacaithe, a áirithiú – trí na cinntí Parlaiminteacha is gá – na hacmhainní go léir a bhí ag teastáil ón stát chun an phaindéim a chomhrac agus obair leantach a dhéanamh ar an gcaoi ar leithdháileadh agus ar caitheadh na hacmhainní.
3. Cén taithí oibre atá agat ar eagraíochtaí idirnáisiúnta ilchultúrtha agus ilteangacha nó ar institiúidí idirnáisiúnta atá lonnaithe lasmuigh de do thír dhúchais?
A:
i. San earnáil phríobháideach d’oibrigh mé ar phríomhphoist feidhmiúcháin do chuideachtaí ilnáisiúnta, áit ina bhfuair mé eolas ar chultúir éagsúla laistigh de na heagraíochtaí ar oibrigh mé dóibh.
ii. Mar chomhalta de Pharlaimint na Rómáine agus mar chathaoirleach coiste, bhí baint leanúnach agam le gníomhaíochtaí taidhleoireachta parlaimintí le hionadaithe ó thíortha agus ó chultúir éagsúla. Mar Uachtarán ar thoscaireacht Pharlaimint na Rómáine chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), bhí baint agam le cruinnithe, pléití agus caibidlíochtaí le hionadaithe ó bhreis agus 50 Ballstát.
iii. Mar Aire bhí an deis agam clár oibre iomlán idirnáisiúnta a bheith agam le cruinnithe agus idirbheartaíocht le comhghleacaithe ó thíortha agus ó chultúir éagsúla.
4. Ar deonaíodh urscaoileadh duit ó na dualgais bhainistíochta a rinne tú roimhe seo, má tá feidhm ag nós imeachta den sórt sin?
A: Ní raibh na dualgais a rinne mé roimhe seo faoi réir nós imeachta um urscaoileadh.
5. Cé acu de na poist ghairmiúla a bhí agat roimhe seo a fuair tú de thoradh ainmniúchán polaitiúil?
A: Le 8 mbliana anuas, bhí mé sa tseirbhís phoiblí i ndiaidh olltoghchán nó toghcháin áitiúla agus ceapadh mé faoi dhó mar Aire Cultúir. Bhí mé i mo chomhalta den Pháirtí Sóisialach Daonlathach (PSD) i gcás gach poist díobh sin.
6. Cad iad na trí chinneadh is tábhachtaí a raibh baint agat leo i do shaol gairmiúil?
A: Le gairmréim a bhfuil na deicheanna de bhlianta i gceist léi, bhí ann do roinnt mhaith cinntí tábhachtacha a rinne difear agus a bhfuilim bródúil astu. Déanfaidh mé trí cinn a lua, atá ábhartha do na trí phríomhchaibidil de mo ghairmréim go dtí seo, san earnáil phríobháideach, sa rialtas agus sa pharlaimint:
i. Ceann de na cinntí tábhachtacha a rinne mé le linn mo thréimhse mar bhainisteoir san earnáil phríobháideach ba ea an t-athstruchtúrú domhain a rinneadh ar an rannán a raibh mé i gceannas air laistigh de Ringier Romania, agus mar thoradh air sin b’ionann teidil na nuachtán agus na n-irisleabhar i mo phunann agus 50 % de láimhdeachas an ghrúpa agus beagnach 100 % de bhrabús an ghrúpa.
ii. Mar Aire Cultúir, bhí mé in ann athstruchtúrú agus sruthlíniú a dhéanamh ar an mbuiséad chun 270 % níos mó airgid a leithdháileadh ar thionscadail chultúrtha intíre ná mar a rinneadh an bhliain roimhe sin.
iii. Mar sheanadóir agus mar cheannaire grúpa, thacaigh mé le cláir infheistíochta an Rialtais, rinne mé caibidlíocht ina leith sna coistí agus fuair mé na vótaí do na cláir sin, lena n-áirítear tionscadail an chiste téarnaimh agus athléimneachta (RRF), a raibh beagnach 7 % de OTI na Rómáine i gceist leis in 2024.
Neamhspleáchas
7. Sonraítear sa Chonradh nach mór do Chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a bheith ‘go hiomlán neamhspleách’ i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna. Conas a dhéanfá beart de réir na hoibleagáide sin agus do dhualgais ionchasacha á gcomhlíonadh agat?
A: Má dheimhnítear mé, mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí, geallaim go ndéanfaidh mé mo chuid dualgas go hiomlán neamhspleách agus leis na caighdeáin eiticiúla is airde, ar mhaithe le leas ginearálta an Aontais Eorpaigh agus shaoránaigh na hEorpa, agus lánurraim á tabhairt d’fhorálacha na gConarthaí agus do Rialacha Nós Imeachta na Cúirte. Comhlíonfaidh mé go hiomlán forálacha an Chóid Iompair do chomhaltaí CIE agus comhlíonfaidh mé na prionsabail eiticiúla atá cumhdaithe ann: ionracas, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, inniúlacht, iompar gairmiúil, rúndacht, trédhearcacht, dínit, tiomantas, dílseacht, discréid agus coláisteacht.
Ní lorgóidh mé ná ní ghlacfaidh mé le treoracha ó aon rialtas ná institiúid, comhlacht, oifig ná eintiteas eile; Ag an am céanna, staonfaidh mé ó aon ghníomh nach luíonn le mo dhualgais ionchasacha, agus iarracht á déanamh agam sampla a thabhairt trí m’iompar pearsanta. Fiú amháin tar éis scor de mo dhualgais, geallaim rúndacht na faisnéise a áirithiú agus na rialacha maidir le ceapacháin agus sochair a urramú.
Sa ról sin, déanfaidh mé deimhin de go ndéanfar neamhspleáchas na Cúirte a chosaint go dian agus go gcomhlíonfar mo chuid dualgas le hionracas, le neamhchlaontacht agus le tiomantas láidir do na caighdeáin is airde sa tseirbhís phoiblí.
8. An bhfuil aon sealúchais ghnó nó airgeadais nó aon ghealltanais eile agatsa nó ag do gharghaolta (tuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha, páirtí dlíthiúil agus leanaí) a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le do dhualgais ionchasacha?
A: Níl aon leas gnó ná airgeadais agam féin ná ag aon duine de mo theaghlach a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le coinbhleacht leasa leis na dualgais agus na freagrachtaí a bhaineann le ról Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).
9. An bhfuil tú toilteanach do leasanna airgeadais agus do ghealltanais eile go léir a nochtadh d’Uachtarán na Cúirte agus iad a chur ar fáil don phobal?
A: Táim sásta an fhaisnéis uile a iarrtar a nochtadh agus dearbhú leasa a sholáthar i gcomhréir le Cód Iompair agus treoirlínte eiticiúla Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, rud a áiritheoidh trédhearcacht agus cuntasacht iomlán.
10. An bhfuil tú rannpháirteach in aon imeachtaí dlíthiúla reatha? Má tá, tabhair sonraí dúinn.
A: Níl, níl baint agam le haon imeachtaí dlíthiúla reatha.
11. An bhfuil aon ról gníomhach nó feidhmiúcháin agat sa pholaitíocht, agus má tá, ar cén leibhéal? An bhfuil tú tar éis aon ról polaitiúil a shealbhú le 18 mí anuas? Má tá, tabhair sonraí dúinn.
A: Tá, táim i mo cheannaire faoi láthair ar eagraíocht Chontae Buzău den Pháirtí Daonlathach Sóisialta agus is mé urlabhraí náisiúnta an pháirtí maidir le gach ábhar.
12. An éireoidh tú as aon oifig thofa nó an seasfaidh tú siar ó aon fheidhm ghníomhach lena ngabhann freagrachtaí i bpáirtí polaitiúil má cheaptar i do Chomhalta den Chúirt thú?
A: Éireoidh, gan dabht ar bith. Cuirfidh mé deireadh le mo ghairmréim pholaitiúil má cheaptar i mo chomhalta de CIE mé.
13. Conas a láimhseálfá mór-neamhrialtacht nó fiú cás calaoise agus/nó éillithe a bhaineann le daoine i do Bhallstát dúchais?
A: Dá dtarlódh cás den sórt sin, dhéanfainn é a láimhseáil ar an mbealach céanna le haon chás calaoise eile in aon Bhallstát eile, leis an neamhspleáchas agus an t-ionracas is mó is féidir, agus cur chuige iomlán neamhchlaonta, oibiachtúil, neamhpháirteach agus gairmiúil á ghlacadh agam.
Tá sé ríthábhachtach go seasfar le neamhchlaontacht agus ionracas, agus an smacht reachta á urramú, beartais, rialacha agus nósanna imeachta seanbhunaithe á leanúint go docht, agus cothroime agus cóir chomhionann á n-áirithiú ionas go bhfeidhmeoidh aon institiúid go héifeachtach agus go gcoinneoidh sí muinín shaoránaigh an Aontais.
Comhlíonadh na gcúraimí
14. Cad iad na príomhghnéithe ba cheart a bheith ag gabháil le cultúr fónta bainistíochta airgeadais in aon seirbhís phoiblí? Conas a d’fhéadfadh CIE cabhrú lena fhorfheidhmiú?
A: Laistigh den chreat a leagtar síos leis an Rialachán Airgeadais, tuigtear gurb ionann bainistíocht fhónta airgeadais agus cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir leis na trí phrionsabal seo a leanas:
i) an geilleagar
ii) éifeachtúlacht
iii) éifeachtacht.
Ní mór cistí poiblí a úsáid ar mhaithe le leas an phobail, agus bunphrionsabail na trédhearcachta agus na cuntasachta á gcomhlíonadh, arb iad dhá phríomhcholún an dea-rialachais iad.
Creidim go láidir gur cheart breathnú ar thrédhearcacht, ar chothroime agus ar chuntasacht, agus béim á leagan ar fheidhmíocht freisin, mar na príomhghnéithe a bhaineann leis na prionsabail sin a chur chun feidhme agus cultúr fónta bainistíochta airgeadais a chothú sa tseirbhís phoiblí agus gur gnéithe treoracha ab ea iad sin le linn mo ghairmréime san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon.
Anuas air sin, ní mór dúinn go léir, sa chomhthéacs dúshlánach atá romhainn, ár seacht ndícheall a dhéanamh chun muinín na saoránach in institiúidí poiblí agus i bpróisis chinnteoireachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach a atógáil agus a neartú. Ina leith sin, feicim breisluach i gcur chuige ilsrathach arb é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh rialachas eiticiúil agus tuairisciú trédhearcach ag gabháil le pleanáil bhuiséadach chuí, agus próiseas rialaithe agus cuntasachta críochnúil ina dhiaidh sin, agus iarrachtaí cumarsáide soiléire réamhghníomhacha ag gach ceann de na céimeanna sin mar thaca leis sin. Go háirithe, feictear dom gur fiú luathanailís riosca agus maolú riosca a ionchorprú i ngach céim a thuairiscítear thuas, chun na haschuir is fearr is féidir a áirithiú.
Tá ról tábhachtach ag CIE maidir le cuidiú le cultúr bainistíochta airgeadais gairmiúla a bhunú agus inbhuanaitheacht an chultúir sin a áirithiú ar fud institiúidí uile an Aontais. Cuireann CIE moltaí i gcrích agus déanann sí faireachán ar a gcur chun feidhme, ar príomhghníomhaíochtaí iad araon don ról thuasluaite. Is bealaí ríthábhachtacha iad dea-chleachtais a shainaithint agus moltaí iniúchóireachta a eisiúint chun bainistíocht fhónta airgeadais a neartú. Thairis sin, is féidir le húdarás morálta substaintiúil CIE cuidiú le cleachtais chuntasaíochta níos trédhearcaí agus níos cuntasaí a spreagadh ar fud an Aontais.
Tá ról suntasach ag CIE freisin maidir leis an gcreat reachtach agus na nósanna imeachta riaracháin a shimpliú i gcás inarb iomchuí, ag rannchuidiú le bainistíocht éifeachtach airgeadais agus ag éascú na n-athchóirithe is gá. Tá nósanna imeachta níos simplí agus le níos lú maorlathais ag teastáil ón Aontas, agus is féidir le CIE ról ríthábhachtach a bheith aici i gclár oibre simplithe na hEorpa.
15. Faoin gConradh, ceanglaítear ar an gCúirt cabhrú le Parlaimint na hEorpa a cumhachtaí rialaithe a fheidhmiú ar chur chun feidhme an bhuiséid. Cén chaoi a gcuirfeá tuilleadh feabhais ar an gcomhar idir an Chúirt agus Parlaimint na hEorpa (go háirithe, a Coiste um Rialú Buiséadach) chun feabhas a chur ar an maoirseacht phoiblí ar an gcaiteachas ginearálta agus ar a luach ar airgead araon?
A: Mar Chomhalta ionchasach den Chúirt Iniúchóirí, dearbhaím daoibh go bhfuil mé tiomanta do chaidreamh a fhorbairt bunaithe ar oscailteacht, trédhearcacht, muinín fhrithpháirteach agus éifeachtúlacht idir Parlaimint na hEorpa – go háirithe a Coiste um Rialú Buiséadach (CONT) – agus an Chúirt Iniúchóirí. Ós rud é nach bhfuil an timthriall institiúideach agus reachtach atá ann faoi láthair ach fós ina thús, creidim gur gá dúinn oibriú, ón dá thaobh, chun an nasc atá idir an dá institiúid a neartú tuilleadh agus cultúr rannpháirtíochta leanúnaí a chothú idir Coiste CONT agus CIE. Mar sin, má dheimhnítear mé, ba mhaith liom a dhearbhú daoibh go bhfuil mé lánoscailte don idirphlé agus do mholtaí maidir le conas rannchuidithe na Cúirte a fheabhsú agus a neartú chun tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta i gCoiste CONT, arb é is aidhm dó ligean do Pharlaimint na hEorpa a formhaoirseacht dhaonlathach a fheidhmiú go héifeachtach, go háirithe agus a cumhachtaí rialaithe ar chur chun feidhme an bhuiséid á bhfeidhmiú aici. Chomh maith leis sin, i bhfianaise an chomhthéacs dheacair réigiúnaigh agus idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, ní féidir liom mo dhóthain béime a leagan ar a thábhachtaí atá sé buiséad an Aontais a chosaint – ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon – agus is eol dom gur príomhábhar imní é sin do Pharlaimint na hEorpa seo agus do Choiste CONT go háirithe.
Trí bheith ag obair le chéile, is féidir linn a áirithiú go gcaithfear airgead an Aontais ar bhealach dlíthiúil, freagrach agus cuntasach, agus leas an Aontais agus leas a chuid saoránach a bheith go mór i gceist leis.
Thairis sin, ós rud é go ndéanann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ionadaíocht dhíreach ar leasanna shaoránaigh an Aontais, tá sé ríthábhachtach a ndearcthaí a ionchorprú chun a áirithiú go mbeidh obair CIE fós ábhartha do na dúshláin atá os comhair shaoránaigh an Aontais, agus neamhspleáchas iomlán na Cúirte á chaomhnú ag an am céanna ina cuid oibre.
16. Cén breisluach, dar leat, a bhaineann le hiniúchóireacht feidhmíochta agus conas is ceart na torthaí a ionchorprú i nósanna imeachta bainistíochta?
A: Comhlánaíonn iniúchtaí comhlíontachta, iniúchtaí airgeadais agus iniúchtaí feidhmíochta a chéile. Cé go bhfíoraítear le hiniúchadh comhlíontachta cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gníomhaíochtaí agus cláir na ceanglais dhlíthiúla agus rialála is infheidhme, déantar meastóireacht le hiniúchadh feidhmíochta i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí agus na cláir sin curtha i gcrích ar an mbealach is fearr.
I gcomhthéacs chur chun feidhme an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha do 2021-2027, tá sé molta ag an gCúirt Iniúchóirí cheana féin go mbeadh cistiú an Aontais don oiriúnú don athrú aeráide slán i bhfad na haimsire mar chuid de straitéis fáis eacnamaíoch an Aontais, le himpleachtaí d’iomaíochas an Aontais go hinmheánach agus go seachtrach araon. Rannchuidíonn sé sin le cur chuige atá dírithe ar thorthaí a fhorbairt agus lena áirithiú go ndéantar cinntí airgeadais a aistriú go cuí ina ngníomhaíochtaí agus ina réitigh éifeachtacha chun leasa shaoránaigh an Aontais.
Ag tógáil ar an tsamhail sin, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí breise a bheartú chun tacú leis an obair leantach chuí ar éifeachtúlacht an chaiteachais ar chuspóirí iomaíochais an Aontais, bunaithe ar iniúchóireacht feidhmíochta, agus lena gcuirtear i gcuntas freisin an gá atá le cuspóirí foriomlána forbartha an Aontais a mheas.
Chomh loighiciúil céanna, d’fhéadfadh fócas níos láidre ar fheidhmíocht a bheith úsáideach chun tacú le cuspóirí nua an Choimisiúin a bhaineann le simpliú agus cuntasacht, maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí freisin. Le meastóireachtaí feidhmíochtbhunaithe, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh freisin ar na costais riaracháin ar leibhéal na mBallstát, agus ar leibhéal an phobail ghnó chomh maith. Tugann iniúchadh feidhmíochta léargais réamhbhreathnaitheacha, lena ndéantar meastóireacht i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil próisis ag feidhmiú go héifeachtach chun na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos a bhaint amach.
I bhfianaise chastacht mhéadaithe réamh-mheasta ionstraimí airgeadais an Aontais, tá cuntasacht agus inrianaitheacht chistí an Aontais níos tábhachtaí fós, mar réamhriachtanas freisin don tsamhail fheidhmíochtbhunaithe, a bheidh le cur san áireamh in iarrachtaí na Cúirte Iniúchóirí amach anseo, agus sa chaidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais a bhfuil freagrachtaí buiséadacha orthu – eadhon an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa.
Mar sin féin, ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh i gcónaí moltaí a dhéanamh atá ábhartha agus praiticiúil araon, agus ar féidir leis an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air iad a thuiscint go soiléir agus glacadh leo, go háirithe tríd an leibhéal bainistíochta iomchuí ag a bhfuil an inniúlacht iad a chur chun feidhme ar an mbealach is fearr is féidir ó thaobh ama, costais agus acmhainní de.
17. Conas a d’fhéadfaí feabhas a chur ar an gcomhar idir an Chúirt Iniúchóirí, na hinstitiúidí náisiúnta iniúchóireachta agus Parlaimint na hEorpa (an Coiste um Rialú Buiséadach) chun buiséad an Aontais a iniúchadh?
A: Ag an gcéim seo, ní féidir liom freagra cinntitheach a thabhairt, ós rud é nach bhfuil measúnú déanta fós agam ar an ábhar ó thaobh dhearcthaí an Choiste um Rialú Buiséadach ná CIE de. Beidh sé ríthábhachtach taithí phraiticiúil a fháil sa Chúirt Iniúchóirí chun teacht ar dhearcadh eolasach.
Is léir, áfach, go bhfuil an comhar idir an Chúirt Iniúchóirí agus comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 287(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ríthábhachtach le haghaidh rialú buiséadach éifeachtach. I gcomhthéacs na bainistíochta comhroinnte, tá tábhacht ar leith ag baint leis an leas is fearr is féidir a bhaint as saineolas na n-iniúchóirí náisiúnta.
Trí idirphlé oscailte a choinneáil leis na húdaráis bhuiséadacha agus reachtacha, leis na UFInna náisiúnta, agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, neartaítear ábharthacht na hinstitiúide agus tionchar a cuid oibre.
Is príomh-gheallsealbhóirí do CIE iad Parlaimint na hEorpa (trí Choiste CONT) agus institiúidí náisiúnta iniúchóireachta a thuairiscíonn do pharlaimintí náisiúnta, agus é mar sprioc chomhroinnte acu buiséad an Aontais a chosaint agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as airgead cháiníocóirí an Aontais. Ina leith sin, ba cheart do CIE leanúint dá tuarascálacha ábhartha a chomhroinnt le comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta agus le hinstitúidí eile chun iad a choinneáil ar an eolas faoina gníomhaíochtaí agus chun a moltaí a chur in iúl sna réimsí beartais ábhartha.
Creidim, dá bhrí sin, go bhfuil malartú faisnéise dea-eagraithe, trédhearcach, tuiscint láidir ar riachtanais a chéile, agus socruithe comhoibríocha éifeachtacha ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis. Ní mór d’aon ghníomhaíocht a dhéanfar cloí leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh comhair, lena n-áirithítear an oibleagáid oibriú de mheon macánta agus neamhspleáchas na Cúirte Iniúchóirí agus na gcomhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta araon.
Thairis sin, mholfainn idirphlé struchtúrtha díreach a bheith ann idir an Coiste Teagmhála agus Coiste Pharlaimint na hEorpa um Rialú Buiséadach, le malartuithe rialta maidir le dea-chleachtais agus na ceachtanna a foghlaimíodh, cur chun feidhme agus rialú éifeachtach an bhuiséid, cúrsaí rialachais, trédhearcachta agus cuntasachta. Ina theannta sin, creidim go bhféadfadh anailísí riosca comhpháirteacha a bheith mar chuid den idirphlé níos struchtúrtha sin, comhthuiscint ar dhúshláin agus ar riosca sonrach ar fud an Aontais, agus malartú ar bhealaí chun aghaidh a thabhairt orthu sin.
Faoi dheireadh, tá ról suntasach ag Parlaimint na hEorpa freisin maidir le feasacht a mhúscailt ar obair CIE agus ar chóras rialaithe buiséid an Aontais i measc a dtoghthóirí. Chomh maith leis sin, ba cheart d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa cabhrú leis na húdaráis iniúchóireachta ina mBallstáit faoi seach tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá rompu agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.
18. Conas a dhéanfá tuilleadh forbartha ar thuairisciú CIE chun an fhaisnéis uile is gá a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa maidir le cruinneas na sonraí a chuireann na Ballstáit ar fáil don Choimisiún Eorpach?
A: Tá tuairisciú ardcháilíochta bunaithe go príomha ar cháilíocht na sonraí a chuirtear ar fáil. Braitheann meastóireacht agus tuairisciú CIE ar cháilíocht na sonraí a chuirtear ar fáil, go háirithe ós rud é go dtacaíonn sé le Parlaimint na hEorpa a cinntí buiséadacha a chomhdhlúthú.
Ina leith sin, ós rud é freisin gur earraí poiblí iad staidreamh Eorpach, agus ag tógáil ar an Rialachán maidir le Staidreamh Eorpach atá ann faoi láthair, tá sé tábhachtach anailís a dhéanamh, in idirphlé leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na hinstitiúidí eile, ar an gcaoi a bhféadfaí feabhas a chur ar an gcóras atá ann faoi láthair chun díriú ar fhoinsí nua sonraí, ar theicneolaíochtaí nua agus ar léargais a ghintear leis an ré dhigiteach, chun a áirithiú go léireoidh na sonraí a sholáthraítear an tacar nua dúshlán agus réaltachtaí eacnamaíocha chun tacú le réasúnú chinntí agus chuspóirí beartais an Aontais.
Á choinneáil i gcuimhne i gcónaí go bhfuil acmhainní teoranta ag an gCúirt féin agus nach mór di an úsáid is fearr a bhaint astu chun a cuid oibre a thuairisciú.
Ceisteanna eile
19. An ndéanfaidh tú d’iarrthóireacht a tharraingt siar má bhíonn tuairim neamhfhabhrach ag an bParlaimint ar do cheapachán mar Chomhalta den Chúirt?
A: Mar iar-chomhalta de Pharlaimint na Rómáine agus iar-chathaoirleach coiste, tá meas iomlán agam ar chinntí Pharlaimint na hEorpa. Ina leith sin, dá gcuirfí aon amhras in iúl faoi m’ionracas nó mo neamhspleáchas, mheasfainn, ar ndóigh, tar éis plé a dhéanamh le mo Bhallstát, m’ainmniúchán a tharraingt siar. Ba mhaith liom freisin breithniú cúramach a dhéanamh ar thuairimí agus ar phléití an Choiste um Rialú Buiséadach maidir leis na réimsí a bhaineann le feabhsú gairmiúil agus gníomhú dá réir.
Mar sin féin, ós rud é gur ainmnigh Rialtas na Rómáine mé agus go luaitear sa nós imeachta faoi CFAE go bhfuil an cinneadh críochnaitheach ag an gComhairle, measaim gurb é an nós imeachta iomlán a leanúint an bealach ceart chun gníomhú lena n-urramaítear na hinstitiúidí uile lena mbaineann.
IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
Dearbhaíonn an rapóirtéir, faoina fhreagracht eisiach, nach bhfuair sé ionchur ó aon eintiteas ná ó aon duine a luadh cheana san Iarscríbhinn seo de bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH AG AN gCOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
18.3.2025 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
22 2 5 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Georgios Aftias, Gilles Boyer, Caterina Chinnici, Tamás Deutsch, Dick Erixon, Daniel Freund, Gerben-Jan Gerbrandy, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Virginie Joron, Kinga Kollár, Giuseppe Lupo, Marit Maij, Claudiu Manda, Csaba Molnár, Fidias Panayiotou, Jacek Protas, Julien Sanchez, Jonas Sjöstedt, Carla Tavares, Tomáš Zdechovský |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Maria Grapini, Erik Marquardt, Bert-Jan Ruissen, Vlad Vasile-Voiculescu, Annamária Vicsek |
|||
Feisirí faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Andrzej Halicki, Valentina Palmisano, Georgiana Teodorescu |
|||