Tuarascáil - A10-0045/2025Tuarascáil
A10-0045/2025

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear linn tallainne de chuid an Aontais

26.3.2025  - (COM(2023)0716 – C9‑0413/2023 – 2023/0404(COD)) - ***I

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir don tuairim: Abir Al‑Sahlani

Nós Imeachta : 2023/0404(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A10-0045/2025
Téacsanna arna gcur síos :
A10-0045/2025
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :


PR_COD_1amCom

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear

 * An nós imeachta comhairliúcháin

 *** Nós imeachta an toilithe

 ***I An gnáthnós imeachta reachtach (an chéad léamh)

 ***II An gnáthnós imeachta reachtach (an dara léamh)

 ***III An gnáthnós imeachta reachtach (an tríú léamh)

 

(Braitheann an cineál nós imeachta ar an mbunús dlí a mholtar sa dréachtghníomh.)

 

 

 

 

 

Leasuithe ar dhréachtghníomh

Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa arna leagan amach in dhá cholún

 

Léirítear téacs atá scriosta le cló trom iodálach sa cholún ar chlé. Léirítear téacs atá curtha in ionad téacs eile le cló trom iodálach sa dá cholún. Léirítear téacs nua le cló trom iodálach sa cholún ar dheis.

 

Sa chéad agus sa dara líne den cheanntásc a ghabhann le gach leasú, sonraítear an chuid ábhartha den dréachtghníomh atá á breithniú. Má bhaineann leasú le gníomh atá cheana ann a bhfuil sé i gceist é a leasú leis an dréachtghníomh, bíonn an tríú líne i gceanntásc an leasaithe ina sonraítear an gníomh atá cheana ann agus bíonn an ceathrú líne ann ina sonraítear an fhoráil den ghníomh sin is mian le Parlaimint na hEorpa a leasú.

 

Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa i bhfoirm téacs comhdhlúite

 

Aibhsítear téacs nua le cló trom iodálach. Léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌nó cuirtear líne tríd an téacs. Léirítear téacs atá curtha in ionad téacs eile tríd an téacs nua a aibhsiú le cló trom iodálach agus tríd an téacs atá á ionadú a scriosadh nó líne a chur tríd.

Mar eisceacht air sin, ní aibhsítear athruithe atá go hiomlán teicniúil agus arb athruithe iad a rinne na ranna dréachtaithe nuair a bhí an téacs críochnaitheach á ullmhú.

 

 

 


CLÁR

Leathanach

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

SEASAMH MIONLAIGH

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA AG AN gCOISTE FREAGRACH


 


DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear linn tallainne de chuid an Aontais

(COM(2023)0716 – C9‑0413/2023 – 2023/0404(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0716),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 79(2), pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9‑0413/2023),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Aibreán 2024[1],

 ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0045/2025),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Tá an tAontas agus na Ballstáit aonair ag tabhairt aghaidh ar ghanntanais i raon leathan earnálacha agus gairmeacha beatha, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach. Na ganntanais fhairsinge san fhoirgníocht, sa chúram sláinte, san fháilteachas, san iompar, i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus i dteicneolaíocht na heolaíochta, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic, is ganntanais sheanbhunaithe iad agus tá siad níos measa mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus dlús á chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Meastar go leanfar de na ganntanais saothair agus go bhféadfaidh siad dul in olcas i bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach.

(1) Tá an tAontas agus na Ballstáit aonair ag tabhairt aghaidh ar ghanntanais lucht saothair i raon leathan earnálacha agus gairmeacha beatha, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach. Tá gá le scileanna ar gach leibhéal chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais sin. Na ganntanais fhairsinge san fhoirgníocht, sa chúram sláinte agus cúraim, san fháilteachas, san iompar, sa talmhaíocht, i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus i dteicneolaíocht na heolaíochta, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic, is ganntanais sheanbhunaithe iad agus tá siad níos measa mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus dlús á chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Meastar go leanfar de na ganntanais saothair agus go rachaidh in olcas tuilleadh i bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair, tá gá le cur chuige cuimsitheach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear, mar thosaíocht, acmhainneacht iomlán na ngrúpaí a bhfuil rannpháirtíocht níos ísle sa mhargadh saothair acu a bhaint amach ar bhealach níos fearr, an lucht saothair atá ann cheana a athsciliú agus a uas-sciliú, soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas a éascú, chomh maith le feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar tharraingteacht gairmeacha áirithe. Mar gheall ar scála reatha na nganntanas sa mhargadh saothair agus na dtreochtaí déimeagrafacha, is dócha nach leor bearta atá dírithe ar an lucht saothair baile agus ar lucht saothair an Aontais amháin chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, tá an imirce dhleathach ríthábhachtach chun na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú agus ní mór di a bheith mar chuid den réiteach chun tacú go hiomlán leis an aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach.

(2) Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair, tá gá le cur chuige uaillmhianach agus cuimsitheach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear, mar thosaíocht, acmhainneacht iomlán na n-oibrithe agus na gcuardaitheoirí poist atá ina gcónaí san Aontas a bhaint amach ar bhealach níos fearr, go háirithe iad siúd atá faoi ghannionadaíocht i margadh an tsaothair nó i gcásanna leochaileacha. D’fhéadfaí go n-áireofaí leis an gcur chuige sin athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair atá ann cheana i gcomhréir le cuspóirí Bhliain Eorpach na Scileanna, soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas a éascú, lena n-áirítear trí úsáid níos fearr a bhaint as Treoir 2003/109/CE1a ón gComhairle, Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b agus líonra EURES, chomh maith le feabhas a chur ar phá agus ar dhálaí oibre agus ar tharraingteacht gairmeacha áirithe. Mar sin féin, mar gheall ar scála reatha na nganntanas sa mhargadh saothair agus na dtreochtaí déimeagrafacha, ní leor bearta atá dírithe ar an lucht saothair baile agus ar lucht saothair an Aontais amháin chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. De réir mheastacháin an Choimisiúin, meastar go dtiocfaidh laghdú suntasach ar dhaonra an Aontais, ó 451 mhilliún in 2022 go 406 mhilliún in 2050. Ina theannta sin, meastar go dtiocfaidh laghdú níos mó fós ar líon na ndaoine atá in aois oibre, ó 264 mhilliún go 207 milliún. Dá bhrí sin, tá an imirce dhleathach ordúil ríthábhachtach chun na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú agus ní mór í a bheith mar chuid den réiteach chun cáilíocht na gcóras leasa shóisialta, iomaíochas agus fás eacnamaíoch marthanach san Aontas a áirithiú agus chun tacú go hiomlán leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

 

__________________

 

1a Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/109/oj).

 

1b Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta ardcháilíochta, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle, IO L 382, 28.10.2021, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2021/1883/oj?locale=ga

Leasú  3

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú agus chun deiseanna a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais, ba cheart Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú i bhfoirm ardáin ar fud an Aontais lena dtugtar le chéile agus lena dtacaítear le meaitseáil próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus folúntais fostaíochta fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

(3) Chun tarraingteacht an Aontais i gcás tallann ó thríú tíortha a fheabhsú, earcaíocht chothrom idirnáisiúnta a éascú, ganntanais saothair agus scileanna a shárú agus deiseanna a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais, ba cheart Linn Tallainne an Aontais a bhunú i bhfoirm ardán uile-Aontais lena dtugtar le chéile agus lena dtacaítear le meaitseáil próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus folúntais poist fostóirí rannpháirteacha atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a) Ba cheart go rannchuideodh Linn Tallainne an Aontais leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, go háirithe Sprioc 8 chun fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe, fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn agus Sprioc 10 chun an neamhionannas laistigh de thíortha agus i measc tíortha a laghdú. Ba cheart go gcomhlíonfadh cur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an Linn Tallainne prionsabal an Chomhtháthaithe Beartais ar mhaithe le Forbairt, lena dtacaítear leis na SFInna a bhaint amach san Aontas agus i dtríú tíortha.

Leasú  5

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Spreagtar leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le conairí dlíthiúla chun cosanta san Aontas na Ballstáit chun conairí saothair comhlántacha a chur i bhfeidhm agus tacú leo siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu5. D'fhéadfadh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú freisin le hoibríochtú na mbealaí comhlántacha.

(4) Le Moladh (AE) 2020/13644 ón gCoimisiún4, moltar do na Ballstáit conairí saothair comhlántacha a chur ar bun agus tacú leo siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu5. Ghlac Parlaimint na hEorpa moltaí comhchosúla freisin, mar shampla, i rún an 20 Bealtaine 2021 maidir le bealaí nua le haghaidh imirce dhleathach lucht saothair4a agus i rún an 25 Samhain 2021 le moltaí don Choimisiún maidir le beartas agus dlí na himirce dleathaí4b. D'fhéadfadh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú freisin le hoibríochtú na mbealaí comhlántacha.

__________________

__________________

4 Moladh (AE) 2020/1364 an 23 Meán Fómhair 2020 ón gCoimisiún maidir le bealaí dlíthiúla chun cosanta san Aontas: athlonnú, ligean isteach ar fhoras daonnúil agus bealaí comhlántacha eile a chur chun cinn.

4 Moladh (AE) 2020/1364 an 23 Meán Fómhair 2020 ón gCoimisiún maidir le bealaí dlíthiúla chun cosanta san Aontas: athlonnú, ligean isteach ar fhoras daonnúil agus bealaí comhlántacha eile a chur chun cinn.

 

4a Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2021 maidir le bealaí nua le haghaidh imirce dhleathach lucht saothair (IO C 15, 12.1.2022, lch. 196). 

 

4b Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2021 le moltaí don Choimisiún maidir le beartas agus dlí na himirce dleathaí (IO C 224, 8.6.2022, lch. 69). 

5 Is bealaí sábháilte agus rialaithe iad ‘bealaí comhlántacha’ do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a chomhlánaíonn athlonnú trí fhanacht dleathach a sholáthar i dtríú tír ina gcomhlíontar a riachtanais maidir le cosaint idirnáisiúnta. Cuireann bealaí saothair comhlántacha ar chumas daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu rochtain a fháil ar bhealaí imirce lucht saothair atá ann cheana, a gcuid scileanna a úsáid, agus cabhrú le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair sna tíortha glactha. Féach freisin: https://www.unhcr.org/complementary-pathways.html.

5 Is bealaí sábháilte agus rialaithe iad ‘bealaí comhlántacha’ do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a chomhlánaíonn athlonnú trí fhanacht dleathach a sholáthar i dtríú tír ina gcomhlíontar a riachtanais maidir le cosaint idirnáisiúnta. Cuireann bealaí saothair comhlántacha ar chumas daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu rochtain a fháil ar bhealaí imirce lucht saothair atá ann cheana, a gcuid scileanna a úsáid, agus cabhrú le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair sna tíortha glactha. Féach freisin: https://www.unhcr.org/complementary-pathways.html.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú leis na Ballstáit rannpháirteacha aghaidh a thabhairt ar scileanna agus ar ghanntanais saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo trí náisiúnaigh tríú tír a earcú a mhéid nach leor gníomhachtú an lucht saothair baile agus na soghluaisteachta laistigh den Aontas chun an cuspóir sin a bhaint amach. Mar uirlis dheonach chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a thairiscint ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit a bhfuil suim acu ann. Chuige sin, ba cheart comhlántacht agus idir-inoibritheacht le tionscnaimh agus ardáin náisiúnta atá ann cheana a áirithiú. Ba cheart riachtanais shonracha na mBallstát a chur san áireamh agus Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh á forbairt chun an rannpháirtíocht is forleithne is féidir a áirithiú. Dá bhrí sin, is téarma cuimsitheach é "Tallann" a thagraíonn don réimse iomlán scileanna a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mhargaí saothair na mBallstát.

(5) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais tacú leis na Ballstáit rannpháirteacha aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo trí earcaíocht náisiúnach tríú tír chomh maith le gníomhachtú an lucht saothair intíre agus na soghluaisteachta laistigh den Aontas a chomhlánú chun an cuspóir sin a bhaint amach. Mar uirlis dheonach chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a thairiscint ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit a bhfuil suim acu ann. Chuige sin, ba cheart comhlántacht agus idir-inoibritheacht le tionscnaimh agus ardáin náisiúnta atá ann cheana a áirithiú, ach ní thiocfaidh siad in ionad na struchtúr náisiúnta atá ann cheana. Ba cheart riachtanais agus tionscnaimh shonracha na mBallstát a chur san áireamh agus Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh á forbairt chun an cur chun feidhme is rathúla is féidir a áirithiú. Dá bhrí sin, is téarma cuimsitheach é ‘Tallann’ a thagraíonn don raon iomlán scileanna, inniúlachtaí agus cáilíochtaí a bhfuil gá foirmiúil nó neamhfhoirmiúil leo a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mhargaí saothair na mBallstát.

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Tá sé mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh seirbhísí a sholáthar d'fhostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí fostaíochta príobháideacha, gníomhaireachtaí oibre sealadacha agus idirghabhálaithe sa mhargadh saothair mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún 181 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair ó 1997.

(6) Is é is aidhm do Linn Tallainne an Aontais seirbhísí a sholáthar saor in aisce do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá bunaithe go dleathach agus a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha substaintiúla i ndáiríre sna Ballstáit rannpháirteacha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí fostaíochta príobháideacha, gníomhaireachtaí oibre sealadaí agus idirghabhálaithe sa mhargadh saothair mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (Uimh. 181) maidir le Gníomhaireachtaí Príobháideacha Fostaíochta 1997 agus i dTreoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.

 

__________________

 

1a Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú freisin le Comhpháirtíochtaí Tallainne a chur chun feidhme, atá ar cheann de na príomhghnéithe de ghné sheachtrach an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann6 agus a dhéantar a oibríochtú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas7. Ba cheart rannpháirtíocht Ballstáit sa Chomhpháirtíocht Tallainne a bheith gan dochar dá gcinneadh maidir le rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

(7) Is réamhchoinníoll iad comhpháirtíochtaí láidre agus comhar déthaobhach le tríú tíortha le haghaidh scéimeanna éifeachtacha imirce, agus éascaítear leo gnóthachain fhrithpháirteacha a chruthú don Aontas, dá Bhallstáit agus do thríú tíortha. Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais tacú freisin le cur chun feidhme Comhpháirtíochtaí Tallainne, socruithe déthaobhacha agus creataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír, atá ar cheann de na príomhghnéithe den ghné sheachtrach den Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann6 agus a chuirtear i ngníomh i gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas. Chun bheith rathúil agus inbhuanaithe, ba cheart do Chomhpháirtíochtaí Tallainne tacú i gcónaí le forbairt scileanna i dtríú tíortha, agus imirce chiorclach a spreagadh chun imirce daoine oilte ó thíortha tionscnaimh na náisiúnach tríú tír a sheachaint. Ba cheart rannpháirtíocht Ballstáit sa Chomhpháirtíocht Tallainne a bheith gan dochar dá gcinneadh maidir le rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

__________________

__________________

6 COM/2020/609 final.

6 COM/2020/609 final.

7 COM/2022/657 final.

7 COM/2022/657 final.

Leasú  9

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht leordhóthanach ar údaráis na mBallstát i nGrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha beirt ionadaithe an ceann a cheapadh, ionadaí amháin ó na húdaráis fostaíochta agus ionadaí amháin ó na húdaráis inimirce.

(8) Chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht leordhóthanach ar údaráis na mBallstát i nGrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha beirt ionadaithe an ceann a cheapadh, ionadaí amháin ó na húdaráis fostaíochta agus ionadaí amháin ó na húdaráis inimirce. Ina theannta sin, ba cheart seisear ionadaithe ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta trastionscail ar leibhéal an Aontais a bheith ina gcomhaltaí de Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais , chomh maith le saineolaí amháin arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa mar bhreathnóir. Ba cheart é a bheith indéanta freisin cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó thríú tíortha atá rannpháirteach i gComhpháirtíochtaí Tallainne agus ó gheallsealbhóirí ábhartha eile freastal ar chruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfaí go n‑áireofaí ar na heagraíochtaí agus na geallsealbhóirí sin an tÚdarás Eorpach Saothair, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú, an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fhorbairt trí úsáid a bhaint as bonneagar TF atá faoi úinéireacht an Choimisiúin cheana a mhéid is féidir. D'fhéadfaí an bonneagar TF a forbraíodh faoi chuimsiú EURES a athúsáid i bpáirt le haghaidh ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an cainéal comhordaithe aonair agus an uirlis mheaitseála uathoibrithe le hoiriúnuithe ábhartha, lena n-áirítear chun "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh" a chur san áireamh go cuí.

(9) Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fhorbairt trí úsáid a bhaint as bonneagar TF atá faoi úinéireacht an Choimisiúin cheana a mhéid is féidir. D’fhéadfaí an bonneagar TF a forbraíodh faoi chuimsiú EURES a athúsáid i bpáirt le haghaidh ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an cainéal comhordaithe aonair agus an uirlis mheaitseála uathoibrithe le hoiriúnuithe ábhartha, lena n-áirítear chun ‘pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh’ a chur san áireamh go cuí. Ba cheart an t-ardán a bheith soláimhsithe agus ba cheart nascleanúint iomasach a áirithiú leis. Ba cheart rochtain éasca a bheith ag daoine faoi mhíchumas air freisin i gcomhréir le Treoracha (AE) 2016/21021a agus (AE) 2019/8821b ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

 

__________________

 

1a Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2026 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/2102/oj).

 

1b Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí IO L 151, 7.6. 2019, lch. 70, ELI:*** http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Ba cheart sineirgí a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, idir ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le rochtain ar ábhair oiliúna amhail Acadamh an Aontais agus an tAcadamh um Eoraip Idir-inoibritheach. Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur in oiriúint go tapa agus go rialta do chleachtais nua sa teicneolaíocht agus seirbhísí TF úrscothacha a sholáthar trí ghnéithe agus uirlisí nuálacha a thabhairt isteach.

(10) Ba cheart sineirgí a áirithiú, a mhéid is féidir, idir ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus ionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le rochtain ar acmhainní oiliúna luachmhara a éascú amhail iad siúd a thairgeann Acadamh an Aontais agus Acadamh na hEorpa Idir-inoibritheach agus uirlisí próifílithe scileanna amhail Uirlis an Aontais Eorpaigh um Próifíliú Scileanna do Náisiúnaigh Tríú Tír. Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chur in oiriúint go tapa agus go rialta do chleachtais nua sa teicneolaíocht agus seirbhísí TF úrscothacha a sholáthar trí ghnéithe agus uirlisí sábháilte, saor ó chlaontacht agus nuálacha a thabhairt isteach, rud a chuirfidh feabhas ar fheidhmiúlacht, ar thaithí úsáideoirí agus ar chumas an ardáin freastal ar riachtanais athraitheacha mhargadh an tsaothair go héifeachtúil agus go héifeachtach.

 

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Ba cheart formáid na bpróifílí cuardaitheoirí poist agus na bhfolúntas poist a bhunú trí úsáid a bhaint as an aicmiú Eorpach atá ann cheana maidir le gairmeacha beatha, scileanna, inniúlachtaí agus cáilíochtaí (ESCO) mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2016/5898 lena bhforáiltear do théarmaíocht chaighdeánaithe le haghaidh gairmeacha beatha, scileanna agus inniúlachtaí agus lena n-éascaítear trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí. Ba cheart go dtacódh aicmiú ESCO le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, ó fhostóirí agus ó Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun faisnéis inchomparáide a sholáthar maidir le taithí oibre, gairmeacha a chumhdaítear le folúntas, chomh maith leis na scileanna a thairgeann na cuardaitheoirí poist agus a éilíonn na fostóirí, rud a chumasaíonn próiseas meaitseála ar ardchaighdeán. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh úsáid a bhaint as formáid ESCO chun folúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do na Ballstáit nach nglacann aicmiú ESCO le haghaidh folúntais náisiúnta poist táblaí mapála a tháirgeadh lena ndéantar comparáid idir an t-aicmiú a úsáidtear sna córais náisiúnta agus aicmiú ESCO ionas go mbeidh idir-inoibritheacht ann. Ba cheart na táblaí mapála a chur ar fáil don Choimisiún agus ba cheart iad a úsáid chun faisnéis maidir le folúntais phoist nó próifílí cuardaitheora poist a thraschódú go huathoibríoch chun críche meaitseála uathoibrithe tríd an ardán coiteann TF.

(11) Ba cheart formáid na bpróifílí cuardaitheoirí poist agus na bhfolúntas poist a bhunú trí úsáid a bhaint as an aicmiú Eorpach atá ann cheana maidir le gairmeacha beatha, scileanna, inniúlachtaí agus cáilíochtaí (ESCO) mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 lena bhforáiltear do théarmaíocht chaigh eánaithe le haghaidh gairmeacha beatha, scileanna agus inniúlachtaí agus lena n‑éascaítear trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí. Ba cheart go dtacódh aicmiú ESCO le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, ó fhostóirícláraithe agus ó Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais chun faisnéis inchomparáide a sholáthar maidir le taithí oibre, gairmeacha a chumhdaítear le folúntas, chomh maith leis na scileanna a thairgeann na cuardaitheoirí poist agus a éilíonn na fostóirí cláraithe, rud a chumasaíonn próiseas meaitseála ar ardchaighdeán. I gcomhréir le Moladh (AE) 2023/26118a ón gCoimisiún, ba cheart cur chuige ‘tús áite do scileanna’ a chur i bhfeidhm sa phróiseas meaitseála ina ndéantar gach cineál cáilíochta agus scileanna a chur i gcuntas , amhail gairmoideachas agus gairmoiliúint, céimeanna, teastais shonracha (‘micridhintiúir’) chomh maith le scileanna agus inniúlachtaí a fhaightear i suíomhanna seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh úsáid a bhaint as formáid ESCO chun folúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do na Ballstáit nach nglacann aicmiú ESCO le haghaidh folúntais náisiúnta poist táblaí mapála a tháirgeadh lena ndéantar comparáid idir an t-aicmiú a úsáidtear sna córais náisiúnta agus aicmiú ESCO ionas go mbeidh idir-inoibritheacht ann. Ba cheart na táblaí mapála a chur ar fáil don Choimisiún agus ba cheart iad a úsáid chun faisnéis maidir le folúntais phoist nó próifílí cuardaitheora poist a thraschódú go huathoibríoch chun críche meaitseála uathoibrithe tríd an ardán coiteann TF.

__________________

__________________

8 Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/oj).

8Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/oj).

 

8a Moladh (AE) 2023/2611 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír (IO L 2023/2611, 24.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2611/oj).

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Ba cheart an phróiseáil chun críche feidhmeanna cuardaigh agus meaitseála ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a theorannú do shonraí pearsanta is gá chun na cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a shainaithint, chun cuardach agus meaitseáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chumasú chomh maith le bailiú sonraí chun feidhmiú na linne Tallann a fheabhsú. Níor cheart go gceanglófaí leis sin aon sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725 a phróiseáil.

(13) Ba cheart an phróiseáil chun críche feidhmeanna cuardaigh agus meaitseála ardán TF Linn Tallainne an Aontais a theorannú do shonraí pearsanta is gá chun na cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a shainaithint, chun cuardach agus meaitseáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chumasú chomh maith le bailiú sonraí chun feidhmiú na linne Tallann a fheabhsú. Níor cheart go gceanglófaí leis sin aon sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725 a phróiseáil.

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Ba cheart an ceart a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh, mar shampla, trí rochtain ar a gcuid sonraí teagmhála a shrianadh. Ba cheart próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nár úsáideadh le tréimhse 2 bhliain a bhaint go huathoibríoch. Nuair a bhaintear próifílí, d'fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh, lena n-áirítear chun críche táirgeadh agus cáilíocht an staidrimh Eorpaigh.

(14) Ba cheart an ceart a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ag fostóirí cláraithe rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh, mar shampla, trí rochtain ar a gcuid sonraí teagmhála a shrianadh. Ba cheart próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha in ardán TF Linn Tallainne an Aontais nach bhfuarthas rochtain orthu ar feadh tréimhse bliana a bhaint go huathoibríoch. Ba cheart próifílí fostóirí cláraithe atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais nár úsáideadh ar feadh tréimhse 2 bhliain a bhaint go huathoibríoch. Ba cheart fógra a sheoladh dhá mhí sula mbainfear aon phróifíl, rud a thabharfadh tréimhse réasúnta d’úinéir na próifíle freagairt. Nuair a bhaintear próifílí, d'fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh, lena n-áirítear chun críche táirgeadh agus cáilíocht an staidrimh Eorpaigh. Ba cheart folúntais poist a bhaint d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais a luaithe a bheidh fógra tugtha ag fostóirí cláraithe go bhfuil an earcaíocht curtha i gcrích go rathúil.

Leasú  15

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Gan dochar dá n-oibleagáid ábhair sonraí a chur ar an eolas maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus a gcearta mar ábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cuardaitheoirí poist agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar an eolas faoina gcearta chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh go teicniúil agus a cheangal, tráth ar bith, go ndéanfaí a gcuid sonraí pearsanta a áirítear ina bpróifílí a scriosadh nó a mhodhnú.

(15) Gan dochar dá n-oibleagáid ábhair sonraí a chur ar an eolas maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus a gcearta mar ábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais agus Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais cuardaitheoirí poist agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a chur ar an eolas faoina gcearta chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh go teicniúil agus a cheangal, tráth ar bith, go ndéanfaí a gcuid sonraí pearsanta a áirítear ina bpróifílí a scriosadh nó a mhodhnú.

Leasú  16

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a) Ba cheart d’fhostóirí ó na Ballstáit rannpháirteacha ar mian leo clárú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais a bheith in ann próifíl a chruthú saor in aisce ina soláthrófar an fhaisnéis uile is gá. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla seiceálacha a dhéanamh ar fhostóirí sula n-aistreoidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta a bpróifílí chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart cinntí ábhartha riaracháin nó breithiúnacha a raibh an fostóir faoina réir a chumhdach sna seiceálacha sin.

Leasú  17

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rannchuidiú leis an gcuspóir imirce neamhrialta a dhíspreagadh, lena n-áirítear trí rochtain ar bhealaí dlíthiúla atá ann cheana a éascú. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó toirmeasc ar theacht isteach i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11, níor cheart cead a bheith acu a bpróifílí a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ós rud é nach gceadófar dóibh teacht isteach agus fanacht san Aontas. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, sula gcláróidh siad a bpróifílí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, a dhearbhú nach bhfuil siad faoi réir diúltaithe faoi láthair dul isteach nó fanacht i mBallstát nó faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais. Ba cheart faisnéis a sholáthar freisin faoi na hiarmhairtí a bhaineann le dearbhú bréagach a dhéanamh ina leith sin.

(16) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rannchuidiú leis an gcuspóir imirce neamhrialta a dhíspreagadh, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar chuid de na bunchúiseanna atá léi agus trí rochtain ar bhealaí dlíthiúla atá ann cheana a éascú. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó toirmeasc ar theacht isteach i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11, níor cheart cead a bheith acu a bpróifílí a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ós rud é nach gceadófar dóibh teacht isteach agus fanacht san Aontas. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, sula gcláróidh siad a bpróifílí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, a dhearbhú nach bhfuil siad faoi réir diúltaithe faoi láthair dul isteach nó fanacht i mBallstát nó faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais. Ba cheart faisnéis shoiléir a sholáthar freisin maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le dearbhú bréagach a dhéanamh ina leith sin, eadhon próifíl an chuardaitheora poist a bhaint d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus rochtain ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí. Ba cheart go n‑áireofaí in ardán TF Linn Tallainne an Aontais míniú soiléir do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha nach ráthaítear le clárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó roghnú le haghaidh folúntais poist trí ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh iontráil, nó iontráil agus fanacht, i gcríoch na mBallstát.

__________________

__________________

11 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).

11 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a) I gcás ina sáróidh fostóir cláraithe an dlí nó an cleachtas ábhartha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus go ndéanann na húdaráis atá freagrach as an dlí agus an cleachtas ábhartha sin a fhorfheidhmiú fógra a thabhairt ina leith do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais, ba cheart rochtain an fhostóra ar Linn Tallainne an Aontais a chur ar fionraí agus ba cheart a bhfolúntais poist a bhaint. Ba cheart an fhionraí a chúlghairm gan mhoill a luaithe a bheidh fógra tugtha ag na húdaráis náisiúnta ábhartha do na Pointí Teagmhála Náisiúnta gur leigheasadh an sárú ar an dlí agus ar an gcleachtas ábhartha nó a luaithe a bheidh sé léirithe ag an bhfostóir lena mbaineann gur leigheasadh é.

Leasú  19

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh próifíl a chruthú trí úsáid a bhaint as feidhmiúlacht tógálaí próifíle Europass12 lena gcumasaítear próifíl saor in aisce a chruthú agus na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí ábhartha eile a thuairisciú in aon suíomh slán amháin ar líne.

(17) Ba cheart cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú i Linn Tallainne an Aontais a bheith in ann próifíl a chruthú trí ionchur láimhe, trí úsáid a bhaint as Uirlis an Aontais Eorpaigh um Próifíliú Scileanna do Náisiúnaigh Tríú Tír nó trí fheidhmiúlacht tógálaí próifíle Europass i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1 lena gcuirfear ar a gcumas próifíl saor in aisce a chruthú agus a scileanna ábhartha a léiriú, lena n-áirítear scileanna teanga, cáilíochtaí, inniúlachtaí, deimhnithe sonracha amhail micridhintiúir agus taithí eile, doiciméid ábhartha a uaslódáil in aon suíomh slán amháin ar líne.

__________________

__________________

12 Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/646/oj).

12 Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/646/oj).

Leasú  20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) I gcás inar gá, ba cheart aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí agus do bhailíochtú scileanna cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha sna Ballstáit rannpháirteacha arna iarraidh sin don chuardaitheoir poist nó don fhostóir i gcomhréir leis an dlí agus leis na cleachtais náisiúnta, agus le haon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Socruithe maidir le hAitheantas Frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla. Ba cheart cúnamh pearsantaithe agus faisnéis ar líne maidir le nósanna imeachta aitheantais agus bailíochtaithe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar fáil in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh é a sholáthar.

(18) I gcás inar gá, ba cheart aitheantas agus bailíochtú cáilíochtaí agus scileanna ón bhfoghlaim fhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil agus ón taithí oibre, agus cáilíochtaí amhail céimeanna, dioplómaí gairmoideachais, nó deimhnithe sonracha, amhail micridhintiúir, cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a dhéanamh sna Ballstáit rannpháirteacha arna iarraidh sin don chuardaitheoir poist nó don fhostóir atá rannpháirteach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na cleachtais náisiúnta, agus le haon chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Socruithe um Aitheantas Frithpháirteach i gcás cáilíochtaí gairmiúla. Ba cheart cúnamh pearsantaithe agus faisnéis ar líne maidir le nósanna imeachta aitheantais agus bailíochtaithe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar fáil in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh é a sholáthar.

Leasú  21

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) I gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Tallainne, faigheann náisiúnaigh tríú tíortha roghnaithe tacaíocht d'fhorbairt agus do bhailíochtú scileanna i gcreat arna fhormhuiniú ag na Ballstáit a ghlacann páirt i gComhpháirtíocht Tallainne agus i dtíortha comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, ba cheart na scileanna a forbraíodh nó a bailíochtaíodh faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallann a dheimhniú le ‘pas Comhpháirtíochta Tallann an Aontais’ atá le feiceáil i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bheith in ann próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a scagadh chun iad siúd a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" faighte acu a léirshamhlú. D'fhéadfadh sé sin fostóirí a spreagadh chun socrúchán poist a thairiscint san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit, faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallainne, na coinníollacha a chinneadh maidir le "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh" a eisiúint chun críche Linne Tallann an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear ar cheart d'údarás náisiúnta tíre comhpháirtíochta, d'eagraíocht idirnáisiúnta nó do pháirithe leasmhara eile tacú lena sheachadadh. Tá eisiúint "pas comhpháirtíochta tallainne AE" gan dochar do rialacha Eorpacha agus náisiúnta maidir le rochtain ar ghairmeacha rialáilte.

(19) I gcomhthéacs Comhpháirtíochtaí Tallainne, socruithe déthaobhacha nó creataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír, faigheann náisiúnaigh tríú tíortha roghnaithe tacaíocht chun scileanna a fhorbairt agus a bhailíochtú i gcreat arna fhormhuiniú ag na Ballstáit atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne agus i dtíortha comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, ba cheart na scileanna a fhorbraítear nó a bhailíochtaítear faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallainne, socruithe déthaobhacha nó creataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír a dheimhniú leis an ‘bpas Comhpháirtíochta Tallainne’ atá le feiceáil i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart d’fhostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a bheith in ann próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a scagadh chun iad siúd a bhfuil an ‘Pas Comhpháirtíochta Tallainne’ faighte acu a léirshamhlú. D'fhéadfadh sé sin fostóirí a spreagadh chun socrúchán poist a thairiscint san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit na coinníollacha a chinneadh maidir leis an ‘bpas Comhpháirtíochta Tallainne’ a eisiúint chun críche Linn Tallainne an Aontais, lena n-áirítear ar cheart d’údarás náisiúnta tíre comhpháirtíochta, d’eagraíocht idirnáisiúnta nó do gheallsealbhóirí eile tacú lena sheachadadh, chomh maith leis na forálacha maidir le hinchomparáideacht agus aitheantas cáilíochtaí. Tá eisiúint an ‘phas comhpháirtíochta tallainne’ gan dochar do rialacha Eorpacha agus náisiúnta maidir le rochtain ar ghairmeacha rialáilte.

Leasú  22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Ba cheart liosta na dtríú tíortha agus na mBallstát atá rannpháirteach i gComhpháirtíochtaí Tallainne a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh in éineacht leis na gairmeacha ábhartha a bhfuil gach comhpháirtíocht ag díriú orthu.

(20) Ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh liosta na dtríú tíortha agus na mBallstát atá rannpháirteach i gComhpháirtíochtaí Tallainne a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais in éineacht leis na gairmeacha ábhartha a bhfuil gach comhpháirtíocht ag díriú orthu.

Leasú  23

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) I gcomhthéacs Comhpháirtíochta Tallainne, féadfar forbairt agus bailíochtú scileanna a dhíriú ar mhargadh fostaíochta Ballstáit rannpháirtigh amháin nó níos mó. Féadfaidh na Ballstáit rannchuidiú, ó thaobh airgeadais de, leis an tacaíocht d'fhorbairt agus do bhailíochtú scileanna a thairgtear i gcomhthéacs Comhpháirtíochta Tallainne a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, má chinneann na Ballstáit atá rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht Tallainne amhlaidh, níor cheart ach d'fhostóirí atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne a bheith in ann, ar feadh uastréimhse bliana, cuardaitheoirí poist cláraithe a bhfuil ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne AE’ acu a chuardach. D'fhéadfadh feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin, go háirithe, i gcásanna ina raibh forbairt scileanna dírithe go sonrach ar riachtanais Ballstáit. Faisnéis maidir le cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear an fhéidearthacht sin i bhfeidhm agus cad iad na cásanna ar cheart iad a sholáthar ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, chun cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar an eolas. Féadfaidh gach fostóir atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" acu a chuardach tar éis don tréimhse ama sin a bheith caite. Ba cheart an deis a bheith i gcónaí ag cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a fuair tacaíocht faoi Chomhpháirtíocht Tallainne clárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar aon náisiúnach tríú tír eile, gan a dhearbhú gurb ann do "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" agus mar sin a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar phoist i mBallstáit eile.

(21) I gcomhthéacs Comhpháirtíochta Tallainne, féadfar forbairt agus bailíochtú scileanna a dhíriú ar mhargadh fostaíochta Ballstáit rannpháirtigh amháin nó níos mó. Féadfaidh na Ballstáit rannchuidiú, ó thaobh airgeadais de, leis an tacaíocht d'fhorbairt agus do bhailíochtú scileanna a thairgtear i gcomhthéacs Comhpháirtíochta Tallainne a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, má chinneann na Ballstáit atá rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht Tallainne amhlaidh, níor cheart ach d'fhostóirí atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne a bheith in ann, ar feadh uastréimhse bliana, cuardaitheoirí poist cláraithe a bhfuil ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne AE’ acu a chuardach. D'fhéadfadh feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin, go háirithe, i gcásanna ina raibh forbairt scileanna dírithe go sonrach ar riachtanais Ballstáit. Faisnéis maidir le cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear an fhéidearthacht sin i bhfeidhm agus cad iad na cásanna ar cheart iad a sholáthar ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, chun cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar an eolas. Féadfaidh gach fostóir atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe a bhfuil ‘pas comhpháirtíochta tallainne de chuid an Aontais’ acu a chuardach tar éis don tréimhse ama sin a bheith caite. Ba cheart an deis a bheith i gcónaí ag cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a fuair tacaíocht faoi Chomhpháirtíocht Tallainne clárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar aon náisiúnach tríú tír eile, gan a dhearbhú gurb ann do ‘phas comhpháirtíochta tallainne’ agus mar sin a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar phoist i mBallstáit eile.

Leasú  24

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir le gach gníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an gceart chun cóir chothrom chomhionann a fháil i ndáil le dálaí oibre, le pá íosta, le rochtain ar chosaint shóisialta, le hoiliúint agus le cosaint daoine óga ag an obair. I gcomhréir leis na prionsabail sin, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh fostaíocht ardchaighdeáin a áirithiú.

(22) Ba cheart go dtacódh Linn Tallainne an Aontais le poist ardcháilíochta a chruthú san Aontas, i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéantar i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais, go háirithe maidir leis an gceart chun córa cothroime agus comhionainne maidir le cearta oibrithe agus dálaí oibre, pá, pá íosta, rochtain ar chosaint shóisialta, cúram sláinte, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil. I gcomhréir leis na prionsabail sin, agus gan dochar don dlí náisiúnta, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh fostaíocht ardcháilíochta a áirithiú. Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais a dhícheall a dhéanamh chun cuimsiú daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, cosaint daoine óga ag an obair chomh maith le comhionannas inscne. Cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntas poist i Linn Tallainne an Aontais, ba cheart rochtain a bheith acu ar chomhlachtaí comhionannais mar a bunaíodh le Treoir (AE) 2024/1500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a agus le Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle1b.

 

__________________

 

1a Treoir (AE) 2024/1500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena leasaítear Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE (IO L, 2024/1500, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1500/oj).

 

1b Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí agus lena leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE (IO L, 2024/1499, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1499/oj).

Leasú  25

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Leagtar amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ina "Prionsabail ghinearálta agus treoirlínte oibríochtúla maidir le hearcaíocht chóir" roinnt caighdeán maidir le cosaint leordhóthanach cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i gcoinne earcaíocht éagórach. Ba cheart d'fhostóirí dlí agus cleachtas an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh. Ina theannta sin ba cheart do na fostóirí cóir chomhionann a áirithiú do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i ndáil le náisiúnaigh na mBallstát rannpháirteach i gcomhréir le Treoir 2011/9813, Treoir 2014/36/AE14, Treoir 2021/1883/AE15, agus Treoir 2016/801/AE16. I gcomhréir le Treoir 2019/1152/AE17, ba cheart d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis i scríbhinn agus i dteanga intuigthe faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta ag tús na fostaíochta a sholáthar do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha. Ba cheart an áit agus an cineál oibre, fad na fostaíochta, an luach saothair, na huaireanta oibre, méid aon saoire le pá agus, i gcás inarb infheidhme, dálaí oibre ábhartha eile a áireamh san fhaisnéis sin. Níor cheart d’fhostóir aon táillí earcaíochta a ghearradh ná toirmeasc a chur ar oibrí glacadh le post le fostóirí eile, lasmuigh den chlár oibre a chuirtear ar bun leis an bhfostóir, ná níor cheart dóibh caitheamh go díobhálach le hoibrí má dhéanann sé nó sí amhlaidh. Ba cheart d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh Treoir 96/71/CE18 arna leasú le Treoir 2018/957 a chomhlíonadh agus iad ag postú oibrithe faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar, go háirithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a bhunaítear dá réir sin amhail an oibleagáid nach féidir oibrithe tríú tír a phostú chuig Ballstát ach amháin má tá siad fostaithe go dlíthiúil agus de ghnáth i mBallstát eile.

(23) Leagtar amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ina ‘Prionsabail ghinearálta agus treoirlínte oibríochtúla maidir le hearcaíocht chóir’ roinnt caighdeán maidir le cosaint leordhóthanach a thabhairt do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar earcaíocht éagórach, lena n-áirítear an prionsabal nach ngearrfar aon táillí earcaíochta ná costais ghaolmhara ar oibrithe go díreach ná go hindíreach, go hiomlán ná go páirteach. Dá réir sin, ba cheart rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais a bheith saor in aisce. Ina theannta sin, ceanglaítear ar fhostóirí dlí agus cleachtas is infheidhme an Aontais a chomhlíonadh. Ina theannta sin ba cheart do na fostóirí cóir chomhionann a áirithiú do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i ndáil le náisiúnaigh na mBallstát rannpháirteach i gcomhréir le Treoracha 2024/123313, 2014/36/AE14, 2021/1883/AE15, agus Treoir 2016/801/AE16 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir le Treoir 2019/1152/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17, ba cheart d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais faisnéis i scríbhinn agus i dteanga intuigthe faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta ag tús na fostaíochta a sholáthar do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha. Ba cheart an ghnátháit oibre agus an cineál oibre, gháthfhad na fostaíochta, an luach saothair, na huaireanta oibre, méid aon saoire le pá agus, i gcás inarb infheidhme, dálaí oibre ábhartha eile a áireamh san fhaisnéis sin. Níor cheart d’fhostóir aon táillí earcaíochta nó costais ghaolmhara a ghearradh, ná toirmeasc a chur ar oibrí glacadh le post le fostóirí eile, lasmuigh den chlár oibre a chuirtear ar bun leis an bhfostóir, ná níor cheart dóibh caitheamh go díobhálach le hoibrí má dhéanann sé nó sí amhlaidh. Ba cheart d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18 arna leasú le Treoir 2018/957 a chomhlíonadh agus oibrithe á bpostú acu faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar, go háirithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a bhunaítear dá réir sin amhail an oibleagáid nach féidir oibrithe tríú tír a phostú chuig Ballstát ach amháin má tá siad fostaithe go dlíthiúil agus de ghnáth i mBallstát eile.

__________________

__________________

13 Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2009 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceadúnas aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar de chearta comhchoiteanna d'oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát (IO L 343, 23.12.2011, lgh. 1-9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/98/oj).

13 Treoir. 2024/1233 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír a chónaíonn go dleathach i mBallstát (IO L, 2024/1233, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1233/oj).

14 Treoir 2014/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críche fostaíochta mar oibrithe séasúracha IO L 94, 28.3.2014, lch. 375, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/36/oj?locale=ga).

14 Treoir 2014/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críche fostaíochta mar oibrithe séasúracha IO L 94, 28.3.2014, lch. 375, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/36/oj?locale=ga).

15 Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta ardcháilíochta, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle, IO L 382, 28.10.2021, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2021/1883/oj?locale=ga

15 Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta ardcháilíochta, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle, IO L 382, 28.10.2021, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2021/1883/oj?locale=ga

16 Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair (athmhúnlú), IO L 132, 21.5.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/801/oj).

16 Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair (athmhúnlú), IO L 132, 21.5.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/801/oj).

17 Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1152/oj).

17 Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1152/oj).

18 Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/71/oj).

18 Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/71/oj).

Leasú  26

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) Chun meaitseáil ardchaighdeáin a áirithiú, ba cheart do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist agus d'fholúntais phoist chláraithe atá molta bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre don fholúntas poist. Gintear an liosta le huirlis mheaitseála uathoibrithe ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

(24) Chun meaitseáil ardchaighdeáin a áirithiú, ba cheart do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist agus d’fholúntais phoist chláraithe atá molta bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre don fholúntas poist, chomh lena n-infhaighteacht. Gintear an liosta le huirlis mheaitseála uathoibrithe ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó, i gcás ina gcomhaontaíonn cuardaitheoirí poist agus fostóirí iad a úsáid, le halgartaim mheaitseála eile a reáchtáiltear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Leis an uirlis mheaitseála uathoibrithe, ba cheart aon chlaontacht nó idirdhealú a thoirmisctear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a sheachaint agus ba cheart coimircí ionsuite a bheith aici ina leith sin. Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bheith in ann a chur in iúl cén réigiún nó cén Ballstát ina bhfuil suim acu a bheith ag obair.

Leasú  27

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Ba cheart d'ardán Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh freastal ar riachtanais sheanbhunaithe ar an margadh saothair agus níor cheart dó feidhmiú mar bhealach chun an lucht saothair atá ann cheana a chur as áit nó chun difear diúltach a dhéanamh dó nó chun an bonn a bhaint d'obair chuibhiúil nó d'iomaíocht chóir ar shlí eile. Chun tacú níos fearr le hiarrachtaí na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh díriú ar ghairmeacha sonracha ar gach leibhéal scileanna, bunaithe ar na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe is coitianta san Aontas agus ar na gairmeacha a bhfuil rannchuidiú díreach acu leis na haistrithe glasa agus digiteacha, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun na folúntais phoist a oiriúnú do riachtanais shonracha na margaí saothair náisiúnta agus chun liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghlacadh mar phointe tosaigh, ceadófar do na Ballstáit rannpháirteacha fógra a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir le gairmeacha sonracha ina bhfuil ganntanas oibrithe a chur leis nó a bhaint. Níor cheart go mbeadh tionchar ag fógraí den sórt sin ach ar na meaitseálacha le haghaidh folúntais phoist a thíolacfaidh an Ballstát faoi seach. Níor cheart go ndéanfadh an liosta de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais ná fógraí na mBallstát difear do phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais.

(25) Ba cheart d'ardán Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh freastal ar riachtanais sheanbhunaithe ar an margadh saothair agus níor cheart dó feidhmiú mar bhealach chun an lucht saothair atá ann cheana a chur as áit nó chun difear diúltach a dhéanamh dó nó chun an bonn a bhaint d'obair chuibhiúil nó d'iomaíocht chóir ar shlí eile. Chun tacú níos fearr le hiarrachtaí na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo agus iomaíochta a fheabhsú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh díriú ar ghairmeacha sonracha ar gach leibhéal scileanna, bunaithe ar na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe is coitianta san Aontas agus ar na gairmeacha a bhfuil rannchuidiú díreach acu leis na haistrithe glasa agus digiteacha, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun na folúntais phoist a oiriúnú do riachtanais shonracha na margaí saothair náisiúnta agus chun liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghlacadh mar phointe tosaigh, ceadófar do na Ballstáit rannpháirteacha fógra a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir le gairmeacha sonracha ina bhfuil ganntanas oibrithe a chur leis nó a bhaint. Níor cheart go mbeadh tionchar ag fógraí den sórt sin ach ar na meaitseálacha le haghaidh folúntais phoist a thíolacfaidh an Ballstát faoi seach. Níor cheart go ndéanfadh an liosta de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais ná fógraí na mBallstát difear do phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais.

Leasú  28

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena feidhmiú a chur ar fáil go héasca do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus ó fhostóirí, go háirithe maidir le faisnéis faoi na húdaráis inniúla sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

(26) Chun earcaíocht chothrom a chur chun cinn agus trédhearcacht a neartú do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí ar mian leo earcú ó thríú tíortha, ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais, le tacaíocht ó na Pointí Teagmhála Náisiúnta agus ó Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais, faisnéis a bhaineann le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus a feidhmiú a chur ar fáil go héasca do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), go háirithe maidir le faisnéis faoi na húdaráis inniúla sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis sin na coinníollacha, na hoibleagáidí agus na nósanna imeachta maidir le clárú agus rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais agus ba cheart a chur i bhfios go láidir go bhfuil a húsáid saor in aisce.

Leasú  29

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) Ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a áirithiú go mbeidh faisnéis atá inrochtana go héasca maidir le nósanna imeachta inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta náisiúnach tríú tír, dálaí maireachtála agus oibre chomh maith leis na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun go bhféadfar í a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart faisnéis ar líne faoi thacaíocht atá ar fáil do chuardaitheoirí poist a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus atá i dtríú tíortha a bheith ar fáil freisin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. D'fhéadfaí a áireamh ar bhearta tacaíochta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm feachtais shonracha faisnéise, tacaíocht chun doiciméad taistil a fháil, agus tacaíocht chomhtháthaithe nuair a thagann siad.

(27) Chun earcaíocht chothrom a chur chun cinn agus trédhearcacht i leith cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a neartú, ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, le tacaíocht ó na Pointí Teagmhála Náisiúnta, a áirithiú go mbeidh faisnéis atá inrochtana go héasca ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart a bheith cumhdaithe san fhaisnéis sin nósanna imeachta fostaíochta agus imirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír, dálaí maireachtála agus oibre chomh maith leis na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun go bhféadfar í a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart faisnéis ar líne faoi thacaíocht atá ar fáil do chuardaitheoirí poist a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus atá i dtríú tíortha a bheith ar fáil freisin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go n-áireofaí ar bhearta tacaíochta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm feachtais shonracha faisnéise, tacaíocht chun doiciméad taistil a fháil, agus tacaíocht chomhtháthaithe nuair a thagann siad.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) Ba cheart faisnéis a sholáthraítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla na mBallstát rannpháirteach ar a laghad.

(28) Ba cheart faisnéis a sholáthraítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla na mBallstát rannpháirteach.

Leasú  31

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a) Chun cur chun cinn agus infheictheacht éifeachtach Linn Tallainne an Aontais a áirithiú i measc fostóirí san Aontas, ba cheart don Choimisiún feachtais chuimsitheacha múscailte feasachta ar líne agus as líne a sheoladh atá dírithe ar fhostóirí, go háirithe ar FBManna.

Leasú  32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29) Ba cheart do Thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh tacú le soláthar faisnéise do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena fheidhmiú agus na Ballstáit atá rannpháirteach inti.

(29) Ba cheart do Thoscaireachtaí an Aontais tacú le soláthar faisnéise do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena fheidhmiú agus na Ballstáit atá rannpháirteach inti. Le tacaíocht ón gCoimisiún agus i gcomhar le Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais, ba cheart do thoscaireachtaí an Aontais feachtais chuimsitheacha chumarsáide agus faisnéise a sheoladh i dtríú tíortha chun Linn Tallainne an Aontais a chur chun cinn agus í a bhunú mar bhranda domhanda.

Leasú  33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, d'fhéadfadh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a sholáthar. Ba cheart a áireamh ar thacaíocht bhreise faisnéis shaincheaptha maidir le víosaí ábhartha agus ceadanna cónaithe chun críocha oibre sa Bhallstát rannpháirteach lena n-áirítear maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír amhail rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas agus tithíocht. Féadfar treoir shonrach agus faisnéis shonrach a sholáthar freisin maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta bhaill teaghlaigh, agus bearta atá ann cheana chun comhtháthú a éascú sa Bhallstát óstach amhail cúrsaí teanga agus gairmoiliúint. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin freisin na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis a sholáthar d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a bhaineann le slándáil shóisialta, le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíochtaí pinsin agus le hárachas sláinte.

(30) Chun a áirithiú go ndéanfar cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a earcaítear i Linn Tallainne an Aontais a chomhtháthú agus a choinneáil go rathúil, tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh na cuardaitheoirí poist sin deiseanna agus tacaíocht leormhaith. Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha nó d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais, ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a sholáthar. D’fhéadfaí go n-áireofaí ar an tacaíocht sin faisnéis shaincheaptha maidir le víosaí agus ceadanna cónaithe ábhartha chun críoch oibre sa Bhallstát rannpháirteach lena n‑áirítear maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír ***amhail rochtain ar shochair shóisialta, cúram agus cúnamh sláinte, deiseanna oideachais agus oiliúna, agus tithíocht. Féadfar treoir shonrach agus faisnéis shonrach a sholáthar freisin maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta agus oibleagáidí na mball teaghlaigh, agus maidir le bearta atá ann cheana chun imeascadh a éascú agus a spreagadh sa Bhallstát óstach amhail cúrsaí teanga agus gairmoiliúint. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin freisin sásraí gearán agus sásraí sásaimh dhlithiúil atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis a sholáthar d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a bhaineann le slándáil shóisialta, le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíochtaí pinsin agus le hárachas sláinte.

Leasú  34

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(30a) Féadfaidh na Ballstáit faisnéis chaighdeánaithe shonrach a sholáthar do chuardaitheoirí poist cláraithe a roghnaíodh le haghaidh folúntas poist i Linn Tallainne an Aontais, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh d’fhoinsí atá ann cheana. Ina theannta sin, ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta a bheith in ann na cuardaitheoirí poist a threorú chuig foinsí iomchuí faisnéise nó do na húdaráis inniúla lena mbaineann.

Leasú  35

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) Chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart a áirithiú go ndéanfar acquis an Aontais maidir le himirce dhleathach a chur chun feidhme go héifeachtach. Ina theannta sin, chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla d'fhostóirí, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur i bhfeidhm go háirithe maidir le bac a chur ar víosaí agus ar cheadanna cónaithe chun críocha oibre agus maidir le díolúine ó phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais. D'fhéadfaí cur chun feidhme nósanna imeachta inimirce luathaithe a phlé i gcomhthéacs Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, go háirithe chun tacú le malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát.

(31) Chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart a áirithiú go ndéanfar acquis an Aontais maidir le himirce dhleathach a chur chun feidhme go héifeachtach. Ina theannta sin, chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla d’fhostóirí agus do na cuardaitheoirí poist iad féin, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur i bhfeidhm go háirithe maidir le bac a chur ar víosaí agus ar cheadanna cónaithe chun críocha oibre. Chun ualach na nósanna imeachta maorlathacha a laghdú agus chun nósanna imeachta earcaíochta a dhéanamh níos éifeachtaí do chuideachtaí, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce brostaithe a chur i bhfeidhm lena gcumhdaítear neamhchur i bhfeidhm na tástála ar mhargadh an tsaothair le haghaidh folúntais phoist a phostáiltear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus aitheantas do cháilíochtaí agus scileanna cuardaitheoirí poist ó thríú tír arna bhforbairt nó arna mbailíochtú faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais, socrú déthaobhach nó creat náisiúnta agus arna dheimhniú le ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne’. Ba cheart cur chun feidhme nósanna imeachta inimirce luathaithe a phlé i gcomhthéacs Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais, go háirithe chun tacú le malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát. Níor cheart go ndéanfadh aon rud sa Rialachán seo difear do cheart na mBallstát líon na náisiúnach tríú tír atá á ligean isteach ar a gcríoch ó thríú tíortha ar thóir oibre a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Leasú  36

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh maidir le hearcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun an Rialachán seo a leasú maidir leis an Iarscríbhinn ina soláthraítear liosta de ghairmeacha ina bhfuil ganntanais ar fud an Aontais. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr19. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(33) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh maidir le hearcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú maidir leis an Iarscríbhinn lena soláthraítear liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanais ar fud an Aontais agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin theicniúla a bhunú chun na fochatagóirí sonraí pearsanta atá le próiseáil a ghlacadh, freagrachtaí rialaitheoirí sonraí, lena n‑áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as próiseálaí nó próiseálaithe sonraí, chomh maith le rialacha maidir leis na coinníollacha chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta ar fud an Aontais agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe srian a chur leis an rochtain ar a sonraí pearsanta ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus an Rialachán seo a fhorlíonadh trí fhorálacha a leagan síos a bhaineann le comhtháthú uathoibríoch na n-algartam sin a bhaineann le comhtháthú uathoibríoch na bpáirtithe TF. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr19. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

__________________

__________________

19 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj).

19 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj).

Leasú  37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 35

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35) Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun na teimpléid maidir le formáid "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh" a ghlacadh. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na caighdeáin theicniúla maidir le malartú sonraí, formáidí sonraí, formáidí folúntas poist agus formáidí próifílí do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a ghlacadh agus a nuashonrú. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid freisin chun caighdeáin theicniúla a ghlacadh maidir le glacadh na bhfochatagóirí sonraí pearsanta atá le próiseáil, freagrachtaí rialaitheoirí sonraí, lena n‑áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as próiseálaí sonraí nó próiseálaithe sonraí, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe srian a chur ar an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

(35) Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun na teimpléid maidir le formáid "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh" a ghlacadh. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na caighdeáin theicniúla maidir le malartú sonraí, formáidí sonraí, formáidí folúntas poist agus formáidí próifílí do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí a ghlacadh agus a nuashonrú.

Leasú  38

 

Togra le haghaidh rialacháin

Recital 36

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha, agus comhlíontar leis na prionsabail, a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 6 CAE.

(36) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha, agus comhlíontar leis na prionsabail, a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart chun cómhargála agus chun gníomhaíochta comhchoitinne, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Leasú  39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37) Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán le hoibleagáidí uile Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus go háirithe gan idirdhealú ar bhonn gnéis, cine, datha, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teangacha, reiligiúnacha nó creidimh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Ba cheart a áirithiú go n‑urramófar dálaí oibre cothroma agus córa agus go gcosnófar daoine óga ag an obair.

(37) Ceanglaítear ar na Ballstáit rannpháirteacha an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán le hoibleagáidí uile Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus go háirithe gan idirdhealú bunaithe ar ghnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teangacha, reiligiúnacha nó creidimh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Ba cheart a áirithiú go n‑urramófar dálaí oibre cothroma agus córa, agus cosaint daoine óga ag an obair agus an comhionannas inscne.

Leasú  40

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 39 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(39a) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, agus thug sé tuairim uaidh an 9 Eanáir 2024,

 

__________________

 

1a Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2022/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

Leasú  41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunaítear leis an Rialachán seo Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh atá ar fáil do gach Ballstát chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a éascú.

1. Bunaítear leis an Rialachán seo Linn Tallainne de chuid an Aontais atá ar fáil do na Ballstáit uile chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

(a) earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas ar gach leibhéal scileanna agus cáilíochtaí a éascú;

 

(b) caighdeáin earcaíochta chóra a chur chun cinn mar a leagtar amach i bPrionsabail Ghinearálta agus Treoirlínte Oibríochtúla EIS maidir le hEarcaíocht Chothrom;

 

(c) feabhas a chur ar chumas an Aontais tallann a mhealladh ó áiteanna lasmuigh den Aontas.

Leasú  42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) feidhmiú ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus seirbhísí tacaíochta gaolmhara;

(b) feidhmiú ardán TF Linn Tallainne an Aontais, i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme maidir le soláimhsitheacht agus inrochtaineacht, agus seirbhísí tacaíochta gaolmhara, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar;

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhaineann tairbhe as Comhpháirtíocht Tallainne a éascú.

(d) earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a thairbhíonn de Chomhpháirtíocht Tallainne nó de chreat Ballstáit maidir le bailíochtú scileanna agus cáilíochtaí náisiúnach tríú tír a éascú;

Leasú  44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) cearta cuardaitheoirí poist cláraithe, cuardaitheoirí poist a roghnaíodh le haghaidh folúntas poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a chosaint.

Leasú  45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus maidir le fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a bhfuil na scileanna agus na cáilíochtaí ar fad acu agus maidir le fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

Leasú  46

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le folúntais phoist a aistrítear chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais chun obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit rannpháirtigh ina bhfuil an fostóir bunaithe agus ina n-oibreoidh an cuardaitheoir poist de ghnáth.

Leasú  47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Rannpháirtíocht

Rannpháirtíocht na mBallstát

Leasú  48

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) ciallaíonn “cuardaitheoir poist ó thríú tír” duine a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas nach saoránach de chuid an Aontais é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus a bhfuil fostaíocht á lorg aige nó aici san Aontas;

(2) ciallaíonn ‘cuardaitheoir poist ó thríú tír’ duine nádúrtha a bhfuil cónaí air lasmuigh den Aontas atá in aois dhlíthiúil faoin dlí náisiúnta agus nach saoránach den Aontas é de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus atá ag lorg fostaíochta san Aontas;

Leasú  49

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 — mír 1 — pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) ciallaíonn “fostóir” aon duine nádúrtha, nó aon eintiteas dlítheanach, atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach ar faoina stiúradh nó faoina mhaoirseacht a dhéantar an fhostaíocht chomh maith le gníomhaireachtaí fostaíochta príobháideacha, gníomhaireachtaí oibre sealadacha agus idirghabhálaithe sa mhargadh saothair;

(3) ciallaíonn ‘fostóir’ aon duine nádúrtha, nó aon eintiteas dlítheanach, atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach ar faoina stiúradh nó faoina mhaoirseacht a dhéantar an fhostaíocht chomh maith le gníomhaireachtaí fostaíochta príobháideacha, gníomhaireachtaí oibre sealadacha agus idirghabhálaithe sa mhargadh saothair;

Leasú  50

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) ciallaíonn “próifíl” an fhaisnéis a sholáthraíonn cuardaitheoir poist ó thríú tír trí fhormáid chaighdeánach sonraí chun críche fostaíocht a lorg trí ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

(4) ciallaíonn ‘próifíl’ an fhaisnéis a sholáthraíonn cuardaitheoir poist ó thríú tír nó ó fhostóir trí fhormáid chaighdeánach sonraí chun críche fostaíocht a lorg nó clárú ar Linn Tallainne an Aontais trí ardán TF Linn Tallainne an Aontais;

Leasú  51

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) ciallaíonn ‘folúntas’ post íoctha a chruthaítear as an nua, nach bhfuil áitithe, nó atá ar tí a bheith folamh sa Bhallstát rannpháirteach ina bhfuil an fostóir bunaithe agus ina n-oibreoidh an cuardaitheoir poist de ghnáth a bhfuil céimeanna gníomhacha á nglacadh ag an bhfostóir ina leith agus ina bhfuil sé sásta bearta breise a dhéanamh chun iarrthóir oiriúnach a aimsiú ó lasmuigh den fhiontar lena mbaineann agus a bhfuil sé beartaithe ag an bhfostóir é a líonadh láithreach nó laistigh de thréimhse shonrach ama.

Leasú  52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunaítear ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a éascú.

1. Bunaítear ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a éascú. Comhlíonfaidh ardán TF um Linn Tallainne an Aontais na caighdeáin inrochtaineachta ábhartha a leagtar amach i dTreoir (AE). 2016/2102 agus na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.

Leasú  53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) an cainéal comhordaithe aonair lena gcumasaítear do na Ballstáit rannpháirteacha folúntais phoist a aistriú chuig bunachar sonraí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

(a) an cainéal comhordaithe aonair lena gcuirtear ar chumas na mBallstát rannpháirteach folúntais phoist agus próifílí fostóirí cláraithe a aistriú chuig bunachar sonraí Linn Tallainne an Aontais trína bPointí Teagmhála Náisiúnta;

Leasú  54

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) an bonneagar teicniúil chun próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhailiú agus a chothabháil;

(c) an bonneagar teicniúil chun próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí cláraithe a bhailiú agus a chothabháil;

Leasú  55

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) an bonneagar teicniúil chun a chur ar chumas Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, agus fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an ontais Eorpaigh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó na cuardaitheoirí poist cláraithe a chuardach chun folúntais phoist a chuardach;

(d) an bonneagar teicniúil chun a chur ar chumas Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais, agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó na cuardaitheoirí poist cláraithe a chuardach chun folúntais phoist a chuardach;

Leasú  56

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) an uirlis mheaitseála uathoibrithe;

(e) uirlis meaitseála uathoibrithe réamhshocraithe chomh maith leis an mbonneagar teicniúil chun gur féidir algartaim mheaitseála tríú páirtí a úsáid;

Leasú  57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) an cainéal cumarsáide slán chun a chur ar chumas cuardaitheoirí poist agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cumarsáid a dhéanamh laistigh d'ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

(f) an cainéal cumarsáide slán chun a chur ar chumas cuardaitheoirí poist agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais cumarsáid a dhéanamh agus doiciméid a mhalartú laistigh d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  58

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Áiritheofar le dearadh agus feidhmiú ardán TF Linn Tallainne an Aontais nach mbeidh claontachtaí éagóracha ná cleachtais idirdhealaitheacha a thoirmisctear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta mar thoradh ar an uirlis mheaitseála uathoibrithe.

 

Leasú  59

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin theicniúla is gá maidir le malartú sonraí, formáidí sonraí lena n‑áirítear ESCO, formáidí folúntas poist agus formáidí próifílí do chuardaitheoirí poist. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

3. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin theicniúla is gá maidir le malartú sonraí, formáidí sonraí lena n‑áirítear ESCO, Europass, formáidí folúntas poist agus formáidí próifílí do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí cláraithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

Leasú  60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áireofar i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ainm, sloinne, sonraí teagmhála, dáta breithe agus náisiúntacht, faisnéis faoi cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla, taithí oibre, scileanna eile agus eolas teanga. Áireofar ainm, sloinne agus sonraí teagmhála i bhfolúntais phoist fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

3. Áireofar i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ainm, sloinne, sonraí teagmhála, dáta breithe agus náisiúntacht nó náisiúntachtaí, faisnéis faoi cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla, obair dheonach nó taithí oibre, scileanna eile agus eolas teanga. D’fhéadfadh faisnéis bhreise a bheith i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe, amhail an Ballstát rannpháirteach is fearr leo agus cathain a bheidh siad ar fáil chun tús a chur leis an obair.

Leasú  61

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Áireofar i bpróifílí fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais atá cláraithe ar an ardán ainm an fhostóra sonraí teagmhála an duine atá freagrach as an earcaíocht, uimhir chlárúcháin na cuideachta, a hearnáil gníomhaíochta agus tuairisc ghairid ar oibríochtaí an fhostóra.

Leasú  62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar an eolas faoi phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta agus a gcearta mar ábhair sonraí chomh maith lena gcearta faoi mhíreanna 6 agus 7.

4. Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar an eolas faoi phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta agus a gcearta mar ábhair sonraí chomh maith lena gcearta faoi mhíreanna 6 agus 7.

Leasú  63

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Déanfar na sonraí pearsanta atá cláraithe ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó a tarchuireadh chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo a innéacsú, a stóráil agus a chur ar fáil ansin chun críocha cuardaigh agus meaitseála amháin. Beidh sé de cheart ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh.

5. Déanfar na sonraí pearsanta atá cláraithe ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais nó a tarchuireadh chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo a innéacsú, a stóráil agus a chur ar fáil ansin chun críocha cuardaigh agus meaitseála amháin. Beidh sé de cheart ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ag fostóirí cláraithe rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a chur in eagar, a scriosadh nó a shrianadh.

Leasú  64

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Déanfar próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha nach bhfuarthas rochtain orthu ar feadh tréimhse 2 bhliain ó chlárú a bpróifílí a bhaint nó a anaithnidiú agus ní stórálfar aon sonraí pearsanta. Nuair a bhaintear próifílí, d'fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh chomh maith le sonraí a bhaint amach chun feidhmiú Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.

6. Déanfar próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha nach bhfuarthas rochtain orthu ar feadh tréimhse bliana agus próifílí fostóirí nach bhfuarthas rochtain orthu ar feadh tréimhse 2 bhliain ó chlárú a bpróifílí a bhaint nó a anaithnidiú agus ní stórálfar aon sonraí pearsanta. Tabharfar fógra go huathoibríoch do na cuardaitheoirí poist nó do na fostóirí lena mbaineann mí amháin sula mbainfear a bpróifílí mura bhfaighfear rochtain orthu laistigh den tréimhse sin.

Leasú  65

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sonraí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus folúntais phoist fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar fáil le haghaidh cuardach agus meaitseáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

7. Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sonraí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus próifílí agus folúntais poist fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar fáil le haghaidh cuardach agus meaitseáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  66

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Ní bheidh rochtain ar shonraí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ach ag fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, agus ag Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Beidh rochtain ar shonraí fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha, agus ag Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

8. Ní bheidh rochtain ar shonraí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ach ag fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, agus ag Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus, i gcás ina roghnaíonn cuardaitheoir poist iad a úsáid, ag algartaim mheaitseála uathoibríocha bhreise. Beidh rochtain ar shonraí fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha, agus ag Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus, i gcás ina roghnaíonn fostóir rannpháirteach iad a úsáid, d’algartaim mheaitseála uathoibríocha bhreise.

Leasú  67

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a. Toirmeascfar próiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725 chun críche cuardaigh agus meaitseála.

Leasú  68

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha breise maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil agus atá le háireamh i bhformáidí na bhfolúntas poist agus na bpróifílí cuardaitheoirí poist, freagrachtaí rialaitheoirí sonraí, lena n-áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as próiseálaí sonraí nó próiseálaithe sonraí, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe srian a chur ar an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

9. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí fhorálacha breise a bhunú maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil agus atá le háireamh i bhformáidí na bhfolúntas poist, na bpróifílí cuardaitheoirí poist agus fostóirí, freagrachtaí rialaitheoirí sonraí, lena n‑áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as próiseálaí sonraí nó próiseálaithe sonraí, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe srian a chur ar an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir le hardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 3(3), Airteagal 10 (2), pointe (f), Airteagal 12(5),(6) agus (7), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2);

(c) faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir le hardán TF Linn Tallainne an Aontais de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 10(2), pointe (f), Airteagal 12(5), (6) agus (7), Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) agus Airteagal 17;

Leasú  70

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 8a

 

Comhdhéanamh Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

 

1. Bunaítear Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

 

2. Beidh na comhaltaí seo a leanas mar chuid de Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh:

 

(a) beirt chomhaltaí ó gach Ballstát rannpháirteach, lena n-áirítear ionadaí ó na húdaráis imirce agus ionadaí ó na húdaráis fostaíochta;

 

(b) beirt chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht ar an gCoimisiún;

 

(c) seisear comhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais, a dhéanann ionadaíocht chomhionann thar ceann na gceardchumann agus eagraíochtaí fostóirí.

 

3. Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaí ó Pharlaimint na hEorpa freastal ar chruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

 

4. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, d’ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta, d’ionadaithe tríú tíortha atá rannpháirteach i gComhpháirtíochtaí Tallainne agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile freastal ar chruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun a dtuairimí a chur i láthair.

 

5. Is iad na Ballstáit rannpháirteacha amháin a bheidh ina mbaill de Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh páirt a ghlacadh i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar bhreathnóirí.

 

6. Síneoidh na hionadaithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), ráiteas i scríbhinn á dhearbhú nach bhfuil siad i staid coinbhleachta leasa. Foilseoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na ráitis agus na nuashonruithe ar na ráitis sin ar a suíomh gréasáin.

Leasú  71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

Feidhmeanna Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

Leasú  72

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunaítear Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Tá Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh freagrach as:

1. Tá Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh freagrach as:

Leasú  73

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát a áirithiú maidir leis na coigeartuithe náisiúnta ar an liosta de ghairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais de bhun Airteagal 15;

Leasú  74

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 –mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) bailiú sonraí atá ábhartha do ghníomhaíochtaí faireacháin Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20 a éascú;

(c) bailiú sonraí atá ábhartha do ghníomhaíochtaí faireacháin Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20 a éascú, lena n‑áirítear sonraí aiseolais tar éis cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a earcú, ar cuardaitheoirí poist iad a roghnaíodh le haghaidh folúntas i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

Leasú  75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) cur chun feidhme nósanna imeachta inimirce luathaithe a phlé chun earcú cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a éascú de bhun Airteagal 19.

(d) dea-chleachtais a phlé agus a mhalartú maidir le nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur chun feidhme chun earcú cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a éascú de bhun Airteagal 19;

Leasú  76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) tacaíocht a thabhairt don Choimisiún agus do thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun Airteagal 17(3b).

Leasú  77

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Is iad na Ballstáit rannpháirteacha amháin a bheidh ina mbaill de Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh páirt a ghlacadh i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar bhreathnóirí.

scriosta

Leasú  78

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Beidh sé de cheart ag ionadaithe na n-eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó cheardchumann agus ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó eagraíochtaí fostóirí a áirithiú. Síneoidh na hionadaithe sin ráiteas i scríbhinn á dhearbhú nach bhfuil siad i staid coinbhleachta leasa.

scriosta

Leasú  79

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ainmneoidh gach Ballstát rannpháirteach Pointe Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go gceapfar údaráis ábhartha ó réimse na fostaíochta agus na hinimirce mar Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Ainmneoidh gach Ballstát rannpháirteach Pointe Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go gceapfar údaráis ábhartha ó réimse na fostaíochta agus na hinimirce ar a bPointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) folúntais phoist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tríd an gcainéal comhordaithe aonair agus meaitseáil idir cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a éascú;

(b) próifílí fostóirí agus folúntais phoist a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13 a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais tríd an gcainéal comhordaithe aonair agus meaitseáil idir cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a éascú;

Leasú  81

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) fógra a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faoi liosta náisiúnta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe uair sa bhliain agus faoi aon choigeartuithe náisiúnta ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais de bhun Airteagal 15;

(c) fógra a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir le liosta náisiúnta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe gach 6 mhí agus maidir le aon choigeartuithe náisiúnta ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais de bhun Airteagal 15;

Leasú  82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) clárlann a choinneáil d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

(d) clárlann a choinneáil d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh bunaithe ar phróifílí na bhfostóirí atá cláraithe ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais;

Leasú  83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) rochtain fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí agus a bhfolúntais poist a bhaint d'ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcás ina ndéanfar sárú ar an dlí agus ar an gcleachtas ábhartha de bhun Airteagal 13(3) a chur in iúl do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ag na húdaráis náisiúnta ábhartha atá freagrach as an dlí agus an cleachtas ábhartha a fhorfheidhmiú;

(e) rochtain fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí agus a bpróifílí agus a bhfolúntais poist a bhaint d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais i gcás ina ndéanfar sárú ar an dlí agus ar an gcleachtas ábhartha de bhun Airteagal 13(3) a chur in iúl do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ag na húdaráis náisiúnta ábhartha atá freagrach as dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais nó as an dlí agus an cleachtas ábhartha náisiúnta a fhorfheidhmiú;

Leasú  84

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) faisnéis a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir le nósanna imeachta inimirce agus aitheantais ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais agus sonraí ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach in Airteagal 20;

(f) faisnéis a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir le nósanna imeachta náisiúnta earcaíochta, inimirce agus nósanna imeachta náisiúnta chun cáilíochtaí a aithint, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais nó maidir le haon fhionraí air faoi nósanna imeachta inimirce luathaithe de bhun Airteagal 19, agus sonraí ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach in Airteagal 20;

Leasú  85

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe g

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) seirbhísí faisnéise agus tacaíochta a sholáthar do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 17.

(g) seirbhísí faisnéise agus tacaíochta a sholáthar do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 17(2) agus i gcomhar le comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, le heagraíochtaí a thairgeann cúnamh iar-earcaíochta do náisiúnaigh tríú tír.

Leasú  86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bpróifílí a chruthú trí thógálaí próifíle Europass chun clárú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Beidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais in ann a bpróifílí a chruthú trí ionchur láimhe, iompórtáil CV, tógálaí próifíle Europass, Uirlis an Aontais Eorpaigh um Próifíliú Scileanna do Náisiúnaigh Tríú Tír nó aon uirlis eile arna formheas ag Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  87

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. I gcás ina suíonn Pointe Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh go gcomhlíonann cuardaitheoir poist ó thríú tír ceann de na critéir a leagtar amach i mír 2, bainfidh an Pointe Teagmhála Náisiúnta próifíl an chuardaitheora poist sin d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Féadfaidh an cuardaitheoir poist sin próifíl nua a chruthú a luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag an gcinneadh nó ag an toirmeasc dá dtagraítear i mír 2.

Leasú  88

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Déanfar próifílí cuardaitheoirí poist a bhfuil dearbhú bréagach déanta acu maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a bhaint d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  89

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Beidh próifílí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá cláraithe i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh le feiceáil ag fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

3. Beidh próifílí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá cláraithe i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh le feiceáil ag fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  90

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Clárú próifíle agus rochtain cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i gcomhthéacs Comhpháirtíochtaí Tallainne

Clárú próifíle agus rochtain cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i gcomhthéacs Comhpháirtíochtaí Tallainne an Aontais Eorpaigh, socruithe déthaobhacha nó creataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír

Leasú  91

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallann a chinneadh brath ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun earcú cuardaitheoirí poist ón tríú tír sin a ndearnadh a gcuid scileanna a fhorbairt nó a bhailíochtú faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallann sin agus arna dheimhniú le "pas Comhpháirtíochta Tallann an Aontais Eorpaigh" a éascú.

1. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh nó a bhfuil socruithe déthaobhacha le tríú tíortha nó creat náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i bhfeidhm acu i dtríú tír a chinneadh brath ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun earcú cuardaitheoirí poist ón tríú tír sin a ndearnadh a gcuid scileanna a fhorbairt nó a bhailíochtú faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne sin agus arna dheimhniú le ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne’ a éascú.

Leasú  92

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" faighte acu lena ndeimhnítear na scileanna a forbraíodh nó a bailíochtaíodh i gcomhthéacs Comhpháirtíochta Tallainne a bpróifíl a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh lena nasctar a bpróifílí le "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh".

2. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne’ faighte acu lena ndeimhnítear na scileanna a forbraíodh nó a bailíochtaíodh i gcomhthéacs Comhpháirtíochta Tallainne, socrú déthaobhach nó creat náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír, féadfaidh siad a bpróifíl a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais lena nasctar a bpróifílí leis an ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne’.

Leasú  93

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Cuardaitheoirí poist ó thríú tír a bhfuil ‘Pas Comhpháirtíochta Tallainne’ faighte acu, agus, de thairbhe a bheith roghnaithe le haghaidh folúntas i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, a lorgaíonn cead ina dhiaidh sin le haghaidh fostaíocht ardcháilíochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2021/1883, tairbheoidh siad go huathoibríoch de na forálacha a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 11(1) agus in Airteagal 13(2) den Treoir sin.

Leasú  94

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Cuardaitheoirí poist ó thríú tír a bhfuil ‘Pas Comhpháirtíochta Tallainne’ faighte acu agus a lorgaíonn cead aonair ina dhiaidh sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1233 de thairbhe a bheith roghnaithe le haghaidh folúntas i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, gheobhaidh siad cinneadh maidir lena n‑iarratas i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Treoir sin. Chun críche na n-iarratas sin ar cheadanna aonair, ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 8(3) agus (4) den Treoir sin.

Leasú  95

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Beidh "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh" le feiceáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus beidh faisnéis ann maidir le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas:

3. Beidh ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne’ le feiceáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus beidh faisnéis ann maidir le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas:

Leasú  96

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) mionsonraí an oideachais agus na hoiliúna a fuair náisiúnach tríú tír atá rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht Tallainne, lena n-áirítear ábhar an oideachais, na hoiliúna, a fhad agus an cineál scileanna a fuarthas agus an leibhéal;

(a) mionsonraí an oideachais agus na hoiliúna a fuair náisiúnach tríú tír atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh, i socrú déthaobhach nó i gcreat náisiúnta, lena n‑áirítear ábhar an oideachais, na hoiliúna, a fhad agus an cineál scileanna a fuarthas agus a leibhéal;

Leasú  97

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) an cháilíocht a baineadh amach agus scileanna an náisiúnaigh tríú tír a bailíochtaíodh i gcomhthéacs na Comhpháirtíochta Tallainne, lena n‑áirítear scileanna agus inniúlachtaí a bhaineann le gairm shonrach, scileanna teanga, nó scileanna agus inniúlachtaí a bhaineann le comhtháthú i mBallstát amháin nó níos mó;

(b) an cháilíocht a baineadh amach agus scileanna an náisiúnaigh tríú tír a bailíochtaíodh i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh, socrú déthaobhach nó an chreata náisiúnta, lena n-áirítear scileanna agus inniúlachtaí a bhaineann le gairm shonrach, scileanna teanga, nó inniúlachtaí lena n-éascaítear a n-imeascadh i mBallstát amháin nó níos mó;

Leasú  98

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléid a ghlacadh maidir le formáid "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh". Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá tagraítear in Airteagal 22(2).

4. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléid a ghlacadh maidir le formáid ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne’. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá tagraítear in Airteagal 22(2).

Leasú  99

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Déanfaidh na Ballstáit na coinníollacha maidir le heisiúint “pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh” a chinneadh faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne ina bhfuil siad rannpháirteach. Foilseoidh an Coimisiún faisnéis faoi na coinníollacha sin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

5. Déanfaidh na Ballstáit na coinníollacha maidir le heisiúint ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne’ a chinneadh faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne ina bhfuil siad rannpháirteach nó i gcomhthéacs an tsocraithe dhéthaobhaigh nó an chreata náisiúnta atá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit sin. Foilseoidh an Coimisiún faisnéis faoi na coinníollacha sin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  100

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh, faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne ábhartha, infheictheacht próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" faighte acu a theorannú, ar feadh uastréimhse bliana, d'fhostóirí atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó atá rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht Tallainne chéanna sin. Foilseoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na míre sin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

6. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh, faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne AE ábhartha, infheictheacht próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne’ faighte acu a theorannú, ar feadh uastréimhse 6 mhí, d’fhostóirí atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó atá rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht Tallainne AE chéanna sin. Foilseoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na míre sin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  101

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Foilseofar liosta na dtríú tíortha agus na mBallstát rannpháirteach atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne agus na gairmeacha ábhartha a chumhdaítear ann ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

7. Foilseofar liosta na dtríú tíortha agus na mBallstát rannpháirteach atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne AE agus na gairmeacha ábhartha a chumhdaítear ann ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  102

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Rannpháirtíocht fostóirí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

Clárú agus rannpháirtíocht fostóirí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

Leasú  103

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh fostóirí ar spéis leo páirt a ghlacadh i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a iarraidh ar an bPointe Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe a bhfolúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Iarrfaidh fostóirí ar spéis leo páirt a ghlacadh i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar Phointe Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe a bpróifílí a bhfolúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Déanfar an iarraidh sin a éascú trí fheidhm bhreiseáin laistigh de na próisis náisiúnta postála poist atá ann cheana.

Leasú  104

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) tagann siad laistigh den liosta de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais a leagtar amach in Airteagal 14 agus de na coigeartuithe náisiúnta ar an liosta de bhun Airteagal 15(1) nó de na folúntais poist sin atá ábhartha do Chomhpháirtíocht Tallainne;

(a) a thagann faoin liosta de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais Eorpaigh a leagtar amach in Airteagal 14 agus de na coigeartuithe náisiúnta ar an liosta de bhun Airteagal 15(1) nó de na folúntais poist sin atá ábhartha do Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh nó do shocruithe déthaobhacha agus do chreataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír a liostaítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais;

Leasú  105

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) go bhfuil siad oscailte d'earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i gcomhréir le prionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais, i gcás inarb infheidhme faoin dlí náisiúnta.

(b) go bhfuil siad oscailte d’earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i gcomhréir le prionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais, i gcás inarb infheidhme faoin dlí náisiúnta, ach amháin má tá feidhm ag na nósanna imeachta inimirce luathaithe dá dtagraítear in Airteagal 19;

Leasú  106

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 –mír 2 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) an fhaisnéis a leanas, ar a laghad, a chur san áireamh: nasc chuig próifíl na bhfostóirí in ardán TF Linn Tallainne an Aontais, céannacht an fhostóra a bheadh i mbun caidreamh fostaíochta díreach leis an bhfostaí nó a phostálfaí an folúntas thar a cheann, teideal an phoist, cineál agus fad an chonartha, cur síos ar an bpost, gnátháit oibre, am oibre agus uaireanta oibre, luach saothair, saoire íoctha agus sonraí teagmhála.

Leasú  107

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Comhlíonfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais agus an dlí agus an cleachtas náisiúnta chun cosaint náisiúnach tríú tír i gcoinne earcaíocht éagórach agus dálaí oibre neamhleora a áirithiú chomh maith le neamh-idirdhealú. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha coinníollacha breise a thabhairt isteach maidir le rannpháirtíocht na bhfostóirí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go gcomhlíonfar cleachtais náisiúnta ábhartha eile, comhaontuithe comhchoiteanna agus na prionsabail agus na treoirlínte atá leagtha amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Comhlíonfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais agus an dlí agus an cleachtas náisiúnta, lena n‑áirítear comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme, chun ceart náisiúnach tríú tír chun saoirse comhlachais agus cómhargála, cosaint i gcoinne earcaíocht éagórach agus dálaí oibre neamhleora a áirithiú chomh maith le neamh-idirdhealú. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha coinníollacha breise a thabhairt isteach maidir le rannpháirtíocht na bhfostóirí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go gcomhlíonfar cleachtais náisiúnta ábhartha eile, comhaontuithe comhchoiteanna agus na prionsabail agus na treoirlínte atá leagtha amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, amhail Prionsabail Ghinearálta agus Treoirlínte Oibríochtúla EIS maidir le hEarcaíocht Chóir, i gcomhréir le dlí an Aontais. Tá údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát Rannpháirteach freagrach as na coinníollacha sin agus comhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a fhíorú i gcás fostóirí ar spéis leo a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  108

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní ghearrfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh táillí ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha chun críche na hearcaíochta.

Beidh úsáid na Linne Tallainne saor in aisce do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha. Ní ghearrfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais aon táillí ná costais ghaolmhara ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha chun críche na hearcaíochta, sula gcuirfear an próiseas earcaíochta i gcrích ná ina dhiaidh sin.

Leasú  109

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. Gheobhaidh fostóirí rochtain ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais a luaithe a bheidh a bhfolúntais agus a bpróifílí aistrithe chuig an ardán sin ag na Pointí Teagmhála Náisiúnta. I gcás grúpa cuideachtaí, beidh cuideachta atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an ngrúpa sin in ann rochtain a fháil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais freisin do chuideachtaí eile an ghrúpa sin.

Leasú  110

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Cuirfidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh in iúl, gan moill mhíchuí, in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, gur éirigh leo earcú cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chur i gcrích don fholúntas poist ar leith. Scoirfidh próifílí na gcuardaitheoirí poist cláraithe sin agus na bhfolúntais phoist chomhlíonta de bheith le feiceáil go huathoibríoch in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

5. Cuirfidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh in iúl, gan moill mhíchuí, in ardán TF Linn Tallainne an Aontais, gur éirigh leo earcú cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chur i gcrích don fholúntas poist ar leith. Scoirfidh folúntais poist chomhlíonta de bheith le feiceáil go huathoibríoch in ardán TF Linn Tallainne an Aontais ina dhiaidh sin. Roimh thús an chonartha fostaíochta, soláthróidh an fostóir an fhaisnéis uile is gá do na cuardaitheoirí poist i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1152.

Leasú  111

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21 chun an Iarscríbhinn a leasú, i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

Cumhachtófar don Choimisiún, le tacaíocht ó Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21 chun an Iarscríbhinn a leasú, i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

Leasú  112

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe is coiteann do líon suntasach Ballstát rannpháirteach mar a chuir Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh in iúl do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 10(2)(c);

(a) gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe is coiteann do líon suntasach de thrí Bhallstát rannpháirteacha nó níos mó mar a chuir Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh in iúl do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 10(2)(c);

Leasú  113

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) gairmeacha a chuireann go díreach le haistriú glas agus le haistriú digiteacha an Aontais agus ar dócha go dtiocfaidh méadú ar a dtábhacht.

(b) gairmeacha a chuireann go díreach le hiomaíochas an Aontais agus le haistriú glas agus le haistriú digiteach an Aontais agus ar dócha go dtiocfaidh méadú ar a dtábhacht.

Leasú  114

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe a chur leis ar leibhéal 4-dhigit ISCO-08, chun a riachtanais shonracha sa mhargadh saothair a shásamh. Féadfaidh siad a chinneadh freisin gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe a bhaint den liosta ar fud an Aontais i gcás nach bhfreagraíonn na gairmeacha sin dá riachtanais shonracha sa mhargadh saothair. Ní dhéanfaidh na coigeartuithe tírshonracha difear ach do mheaitseáil folúntas sa Bhallstát lena mbaineann.

Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe a chur leis ar leibhéal 4-dhigit ISCO-08, chun a riachtanais shonracha sa mhargadh saothair ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó a gcuspóirí, a shásamh. Féadfaidh siad a chinneadh freisin gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais Eorpaigh a bhaint den liosta i gcás nach bhfreagraíonn na gairmeacha sin dá riachtanais shonracha sa mhargadh saothair ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, ná dá gcuspóirí. Ní dhéanfaidh na coigeartuithe tírshonracha difear ach do mheaitseáil folúntas sa Bhallstát lena mbaineann.

Leasú  115

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1 – fomhír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh fógra a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir le tuilleadh breiseanna agus aistrithe ó liosta uile an Aontais Eorpaigh de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe uair amháin sa bhliain ar a mhéad.

Féadfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh fógra a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faoi aon ghairmeacha breise a chur le liosta uile-Aontais na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe agus faoi na gairmeacha sin a bhaint ón liosta sin uair amháin gach 6 mhí ar a mhéad.

Leasú  116

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ní aistreoidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ach amháin na folúntais poist sin a chomhfhreagraíonn do liosta uile an Aontais Eorpaigh de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe agus na coigeartuithe dá dtagraítear i mír 1 á gcur san áireamh.

3. Ní aistreoidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais ach amháin na folúntais poist sin a chomhfhreagraíonn do liosta uile-Aontais de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe agus na coigeartuithe arna mbunú ar bhonn mhír 1 á gcur san áireamh.

Leasú  117

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh fostóirí atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chuardach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Féadfaidh fostóirí cláraithe atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chuardach agus a mheaitseáil in ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  118

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Féadfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh scagaire sonrach atá ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a úsáid chun próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" faighte acu a chuardach.

2. Féadfaidh fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh scagaire sonrach atá ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais a úsáid chun próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe a bhfuil ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne AE’ nó aitheantas eile faighte acu bunaithe ar shocruithe déthaobhacha a chuardach.

Leasú  119

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe molta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibríoch agus bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre don fholúntas poist.

3. Féadfaidh fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe molta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibríoch réamhshocraithe agus, i gcás inarb infheidhme, trí algartaim mheaitseála uathoibríocha arna soláthar ag tríú páirtithe, bunaithe ar ábharthacht a scileanna agus a n‑inniúlachtaí, a gcáilíochtaí, agus a dtaithí oibre, a n-infhaighteacht agus gnéithe eile atá ábhartha don fholúntas poist.

Leasú  120

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Féadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha folúntais phoist a chuardach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus rochtain a fháil ar liosta d'fholúntais phoist ábhartha mholta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibrithe.

4. Féadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha folúntais phoist a chuardach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus meaitseáil leo, agus rochtain a fháil ar liosta d’fholúntais phoist ábhartha mholta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibrithe réamhshocraithe agus, i gcás inarb infheidhme, ag algartaim mheaitseála uathoibríocha arna soláthar ag tríú páirtithe.

Leasú  121

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. Faoin 31 Nollaig 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an bhféidearthacht algartaim mheaitseála uathoibríocha arna soláthar ag tríú páirtithe a chomhtháthú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ar bhonn na tuarascála sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí fhorálacha a leagan síos a bhaineann le halgartaim mheaitseála uathoibríocha arna soláthar ag tríú páirtithe agus feidhmiú na n-algartam sin a chomhtháthú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  122

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4b. Sula n-imscarfar na halgartaim dá dtagraítear i mír 4a, fíoróidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an gcomhlíonann siad an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is é an Coimisiún amháin a bheidh freagrach as algartaim mheaitseála uathoibríocha arna soláthar ag tríú páirtithe faoi chuimsiú ardán TF Linn Tallainne an Aontais a oibriú agus is é a bheidh ina rialaitheoir sonraí i leith na sonraí pearsanta a phróiseáiltear trí bhíthin algartaim mheaitseála uathoibríocha arna soláthar ag tríú páirtithe. Leanfaidh úsáid algartam meaitseála uathoibríoch arna soláthar ag tríú páirtithe de bheith roghnach d’fhostóirí cláraithe agus d’fhostaithe cláraithe. Léireoidh ardán TF Linn Tallainne an Aontais cé na halgartaim mheaitseála uathoibríocha a sholáthróidh tríú páirtithe. Ní úsáidfear sonraí arna rochtain ag algartaim mheaitseála uathoibríocha arna soláthar ag tríú páirtithe ach amháin chun críche meaitseála.

Leasú  123

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus maidir lena feidhmiú ar fáil go héasca.

Cuirfear an fhaisnéis a sholáthraítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais ar fáil saor in aisce ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir leis na caighdeáin inrochtaineachta ábhartha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/2102 agus na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 á n-urramú.

Leasú  124

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cuirfear an fhaisnéis a sholáthraítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais ar fáil i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla na mBallstát rannpháirteach.

Leasú  125

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, le tacaíocht ó Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh:

Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, le tacaíocht ó Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais:

Leasú  126

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) faisnéis maidir le nósanna imeachta earcaíochta agus inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear maidir leis na sásraí sásaimh atá ar fáil chomh maith le faisnéis maidir le dálaí maireachtála agus oibre sna Ballstáit rannpháirteacha;

(a) faisnéis maidir le nósanna imeachta córa earcaíochta agus fostaíochta, lena n‑áirítear maidir le cáilíochtaí a aithint agus scileanna a bhailíochtú;

Leasú  127

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) faisnéis faoi nósanna imeachta inimirce lena n-áirítear na nósanna imeachta chun víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil chun críche oibre;

Leasú  128

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ab) faisnéis faoi chearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír, lena n‑áirítear maidir le rochtain ar cheartas agus sásraí sásaimh atá ar fáil;

Leasú  129

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) míniú soiléir go mbeidh úsáid Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh saor in aisce agus nár cheart d’fhostóirí táillí a ghearradh ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá cláraithe i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun críche earcaíochta;

Leasú  130

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb) míniú soiléir do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha nach ráthaítear le clárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó roghnú le haghaidh folúntais poist trí ardán TF Linn Tallainne an Aontais iontráil, nó iontráil agus fanacht, i gcríoch na mBallstát.

Leasú  131

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, soláthróidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise, agus cúnamh iar-roghnúcháin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

2. Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist roghnaithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais poist agus d’fhostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, soláthróidh na Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ábhartha faisnéis shonrach, tacaíocht bhreise, agus cúnamh iar-roghnúcháin go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

Leasú  132

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) faisnéis shonrach maidir le nósanna imeachta náisiúnta inimirce chun víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil chun críocha oibre tar éis an phróisis roghnúcháin;

(a) nósanna imeachta náisiúnta inimirce agus slándála chun víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil chun críocha oibre sa Bhallstát lena mbaineann;

Leasú  133

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) treoir shonrach agus faisnéis shonrach maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta bhaill teaghlaigh;

(b) treoir shonrach maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta agus oibleagáidí ball teaghlaigh;

Leasú  134

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) faisnéis shonrach maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír lena n‑áirítear rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas, tithíocht, aitheantas do cháilíochtaí agus an sásra gearán de bhun Airteagal 18;

(c) cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír lena n-áirítear maidir le dálaí oibre, cánachas, rochtain ar shochair shóisialta, cúram sláinte, oideachas, tithíocht, aitheantas do scileanna agus do cháilíochtaí agus an sásra gearáin agus sásaimh de bhun Airteagal 18;

Leasú  135

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) faisnéis atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta chun comhtháthú náisiúnach tríú tír sa Bhallstát óstach a éascú amhail cúrsaí teanga, gairmoiliúint agus oideachas chomh maith le bearta comhtháthaithe eile;

(d) gníomhaíochtaí lánpháirtíochta sa Bhallstát óstach a éascú amhail cúrsaí teanga, gairmoiliúint agus oideachas chomh maith le bearta comhtháthaithe eile;

Leasú  136

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) i gcás ina bhfuil siad ar fáil, sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí sin a bhfuil cúnamh iar-earcaíochta á thairiscint acu do náisiúnaigh tríú tír.

(e) sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí sin a bhfuil tacaíocht agus cúnamh iar-earcaíochta á dtairiscint acu do náisiúnaigh tríú tíortha, amhail ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí agus comhlachais tráchtála;

Leasú  137

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe e a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea) i gcás inarb ábhartha, seirbhísí tacaíochta a bhaineann le míchumas agus maidir le cóiríocht réasúnta a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2000/78/CE ón gComhairle.

Leasú  138

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Beidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallaine an Aontais freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thabhairt cothrom le dáta, nuair is gá.

Leasú  139

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Ba cheart do na Ballstáit faisnéis chaighdeánaithe a sholáthar do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntas poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, trí thagairt a dhéanamh freisin d’fhoinsí faisnéise atá ann cheana.

Leasú  140

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, feachtais múscailte feasachta ar líne agus as líne a bheidh dírithe ar fhostóirí, go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), chun Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Áireofar sna feachtais sin faisnéis faoi chaighdeáin chothroma earcaíochta mar a leagtar amach i bPrionsabail Ghinearálta agus Treoirlínte Oibríochtúla EIS maidir le hEarcaíocht Chothrom.

Leasú  141

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b. Seolfaidh toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, le tacaíocht ón gCoimisiún agus i gcomhar le Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, feachtais chuimsitheacha chumarsáide agus faisnéise i dtríú tíortha chun Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn agus í a bhunú mar bhranda domhanda.

Leasú  142

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gearáin a éascú

Gearáin agus sásamh dlíthiúil a éascú.

Leasú  143

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh sásraí éifeachtacha ann trína bhféadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha gearáin a thaisceadh i gcás ina sáraíonn na fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na hoibleagáidí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(3).

1. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta go mbeidh sásraí éifeachtacha ann trína bhféadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha nó a n-ionadaithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gearáin a thaisceadh i gcás ina sáraíonn na fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na hoibleagáidí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(3).

Leasú  144

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le sásraí sásaimh atá ar fáil go héasca.

2. Cuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le sásraí gearáin agus sásaimh atá ar fáil go héasca i dteanga is féidir leis na héilitheoirí nó a n-ionadaithe a thuiscint nó ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go dtuigfidh siad í. Áireofar san fhaisnéis sin, go háirithe, sonraí teagmhála na n‑údarás inniúil agus na n-eagraíochtaí a thairgeann tacaíocht agus cúnamh iar-earcaíochta do náisiúnaigh tríú tír.

Leasú  145

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh an rochtain chéanna ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntas poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit sin ar bhearta lena gcosnaítear ar dhífhostú nó ar chóir dhíobhálach eile ag an bhfostóir mar fhreagairt ar úsáid a bhaint as na sásraí gearáin agus sásaimh dá dtagraítear san Airteagal seo.

Leasú  146

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar chomhlachtaí comhionannais mar a bunaíodh le Treoir (AE) 2024/1500 agus le Treoir (AE) 2024/1499.

Leasú  147

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2c. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla fógra do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a luaithe a bhunófar sárú ar na hoibleagáidí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(3). Cuirfidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais rochtain fostóra atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais ar fionraí, agus bainfidh siad a bpróifíl agus a bhfolúntais phoist d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais, a luaithe a thabharfar fógra faoi shárú seanbhunaithe.

 

Cuirfear deireadh leis an bhfionraí gan mhoill a luaithe a bheidh fógra tugtha ag na húdaráis náisiúnta ábhartha do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais gur leigheasadh an sárú nó a luaithe a bheidh sé léirithe ag an bhfostóir lena mbaineann gur leigheasadh é. I gcás sárú ar Threoracha 2009/52/CE1a nó ar Threoir (AE) 2024/17121b ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirfear an fostóir ar fionraí ó Linn Tallainne an Aontais go ceann tréimhse éiginnte.

 

_______________________

 

1a Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin do smachtbhannaí agus bearta in aghaidh fostóirí náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24).

 

1b Treoir (AE) 2024/1712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (IO L, 2024/1712, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1712/oj).

Leasú  148

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Féadfaidh an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas a chumhdach:

2. Féadfar an méid seo a leanas a chumhdach leis na nósanna imeachta inimirce luathaithe dá dtagraítear i mír 1:

Leasú  149

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Cuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce luathaithe i bhfeidhm lena gcumhdófar an méid seo a leanas:

 

(a) níor aistríodh neamhchur i bhfeidhm na tástála ar mhargadh an tsaothair tar éis d’fholúntais phoist a phostáiltear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais;

 

(b) aitheantas do cháilíochtaí agus do scileanna cuardaitheoirí poist ó thríú tír inar forbraíodh nó inar bailíochtaíodh na scileanna cuardaitheoirí poist sin faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh, socrú déthaobhach nó creat náisiúnta agus arna dheimhniú le ‘Pas Comhpháirtíochta Tallainne’.

 

Tá an mhír seo gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit rannpháirteacha tástálacha ar mhargadh an tsaothair a dhéanamh sula n-aistreofar folúntais a chomhfhreagraíonn do ghairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta.

Leasú  150

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gníomhaíochtaí faireacháin

Gníomhaíochtaí faireacháin agus aiseolas

Leasú  151

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faireachán rialta ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (e). Go háirithe, baileofar sonraí maidir leis an méid seo a leanas:

1. Déanfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faireachán rialta ar fheidhmíocht agus ar chost-éifeachtúlacht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (e). Go háirithe, baileofar sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de maidir leis an méid seo a leanas:

Leasú  152

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) líon agus cineál prófílí na bhfostóirí atá cláraithe in ardán TF Linn Tallainne an Aontais;

Leasú  153

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) líon na socrúchán arna n-éascú trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Tallainne.

(f) líon na socrúchán arna n-éascú trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs Chomhpháirtíochtaí Tallainne an Aontais nó na gcreataí náisiúnta maidir le forbairt agus bailíochtú scileanna i dtríú tír;

Leasú  154

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – pointe f a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa) líon na bpróifílí agus na bhfolúntas poist a baineadh d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais faoi Airteagal 18(2c);

Leasú  155

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – pointe f b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fb) leibhéil scileanna agus cáilíochtaí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntas poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, chun measúnú a dhéanamh ar riosca imirce daoine oilte.

Leasú  156

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Foilseoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, uair sa bhliain ar a laghad, na sonraí dá dtagraítear i mír 1, agus iad anaithnidithe i gcás sonraí pearsanta.

Leasú  157

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 3 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b. Dáilfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, suirbhéanna anaithnide ar fhostóirí, ar chuardaitheoirí poist agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe iad siúd a oibríonn le náisiúnaigh tríú tír agus le daoine faoi mhíchumas, chun a dtuairimí a bhailiú maidir le hoiriúnacht an tsásra meaitseála, a sástacht fhoriomlán leis an gcúnamh agus leis an bhfaisnéis a sholáthraítear, inrochtaineacht an ardáin agus bealaí chun feidhmiúlacht an ardáin a fheabhsú.

Leasú  158

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na chéad tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

2. Déanfar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(9), in Airteagal 14(1) agus in Airteagal 16(4a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

 

Leasú  159

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(9), in Airteagal 14(1) agus in Airteagal 16(4a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

Leasú  160

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(9), Airteagal 14 (1) nó Airteagal 16(4a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú  161

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Faoin 31.12.2031 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

1. Faoin 31 Nollaig 2031 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar éifeachtacht an Rialacháin seo maidir le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus maidir le tallann a mhealladh ó thríú tíortha.

Leasú  162

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir leis na Conarthaí.

2. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile i gcomhréir leis na Conarthaí.

 

 

 


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

 

Tá ganntanas lucht saothair i raon leathan earnálacha roimh an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit, idir earnáil na tógála agus earnáil an chúraim sláinte go hearnáil na hinnealtóireachta agus earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide. Is dócha go rachaidh ganntanas lucht saothair in olcas sna blianta amach romhainn mar gheall ar threochtaí déimeagrafacha, agus an Eoraip ag dul in iomaíocht ar leibhéal domhanda le haghaidh tallainne le mór-ranna eile agus le tíortha aonair. Tá an mhímheaitseáil scileanna ar mhargadh saothair na hEorpa ina cúis freisin le caillteanais eacnamaíocha suas le 2 % den táirgiúlacht bhliantúil. Ag an am céanna, tá gá le níos mó bealaí dlíthiúla chun imirce neamhrialta a chosc. Ós rud é gur feiniméan nádúrtha í an imirce a leanfaidh de bheith ann inter alia mar gheall ar an athrú aeráide agus ar fhorbairtí idirnáisiúnta, tá cur chuige comhchoiteann Eorpach maidir le himirce dhleathach lucht saothair ríthábhachtach.

Is léir, dá bhrí sin, nach mór don Eoraip a bheith oscailte don domhan mór chun a hiomaíochas a chaomhnú agus chun fás eacnamaíoch a chothú. Ní mór don Eoraip gach cineál leibhéal scileanna a mhealladh a theastaíonn go díreach agus go hindíreach don aistriú glas agus digiteach, do cháilíocht leanúnach ár gcóras leasa agus do rathúnas ár mór-roinne. Ag an am céanna, ós rud é nach ann don Eoraip i bhfolús, is léir freisin go bhfuil comhpháirtíochtaí láidre agus inbhuanaithe le tríú tíortha ríthábhachtach. Is féidir le Comhpháirtíochtaí Tallainne cuidiú le forbairt scileanna agus le dálaí maithe oibre i dtríú tíortha, agus an imirce chiorclach á cur chun cinn ag an am céanna mar bhealach chun imirce daoine oilte a chosc.

Mar sin féin, chun go dtarlóidh an mheaitseáil iarbhír idir fostóirí agus náisiúnaigh tríú tír ar bhealach níos éifeachtúla, bunaítear Linn Tallainne an Aontais. Is togra é a bhfuil fáilte roimhe agus is freagairt é ar iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa i roinnt tuarascálacha reachtacha. Beidh Linn Tallainne an Aontais ar an gcéad ardán uile-Aontais lena n-éascófar meaitseáil idir náisiúnaigh tríú tír agus fostóirí atá bunaithe san Aontas. Gheobhaidh sé inspioráid ó EURES, an t-ardán atá ann cheana inar féidir le saoránaigh agus fostóirí an Aontais meaitseáil a dhéanamh, ach rachaidh sé níos faide ná sin freisin. Comhlánófar leis na bearta agus na tionscnaimh atá ann cheana agus, dá bhrí sin, ní chuirfear isteach ar inniúlacht na mBallstát aonair, mar shampla maidir leis an gceart líon na náisiúnach tríú tír a thagann chun oibre a chinneadh.

Murab ionann agus an togra ón gCoimisiún Eorpach, foráiltear sa dréacht-tuarascáil go gcuirfidh na Ballstáit uile Linn Tallainne an Aontais chun feidhme. Ós rud é gur fadhb ar fud an Aontais é ganntanas lucht saothair agus go bhfuil sé mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais a bheith ina ardán coiteann chun náisiúnaigh tríú tír agus fostóirí Eorpacha a aontú, ba cheart go mbeadh sé ann i ngach Ballstát chun intuarthacht, trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do gach duine a úsáideann í. Leanfaidh sé de bheith deonach i gcónaí d’fhostóirí agus do náisiúnaigh tríú tír dul ar aghaidh chuig Linn Tallainne an Aontais agus deiseanna á lorg acu, ach le cur chun feidhme comhchoiteann Eorpach éascófar rochtain ar an ardán. Rannchuideoidh sé freisin le ceann de na príomhdhúshláin a bhaineann le beartais imirce lucht saothair san Eoraip sa lá atá inniu ann a réiteach: ilroinnt.

Cuireann an dréacht-tuarascáil leis an togra ón gCoimisiún Eorpach tríd an dá bhunchloch is mó atá ag Linn Tallainne an Aontais a neartú. Ar an gcéad dul síos, neartaítear leis an chosaint i gcoinne idirdhealú agus earcaíocht éagórach náisiúnach tríú tír, trí Linn Tallainne an Aontais a ailíniú níos dlúithe leis na Prionsabail Ghinearálta agus na Treoirlínte Oibríochtúla maidir le hEarcaíocht Chothrom a d’fhorbair an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS). Tríd an méid sin a dhéanamh, tá sé mar aidhm léi freisin bearna sa chreat reachtach Eorpach a líonadh i gcás nach bhfuil rialacha comhchoiteanna ann go dtí seo maidir le nósanna imeachta earcaíochta. Ar an dara dul síos, cuirtear feabhas léi ar an nasc atá ag Linn Tallainne an Aontais le forbairt mhargadh an tsaothair agus, dá bhrí sin, le riachtanais iarbhír fhostóirí na hEorpa, trí pháirt níos soiléire a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta agus do gheallsealbhóirí eile i rialachas Linn Tallainne an Aontais.

Maidir leis an dá bhunchloch sin, tá faisnéis ríthábhachtach. Dá bhrí sin, rinneadh na forálacha seirbhíse faisnéise agus tacaíochta a shoiléiriú agus a neartú. Déantar idirdhealú sa dréacht-tuarascáil idir an fhaisnéis ba cheart a bheith ar fáil go poiblí do gach náisiúnach tríú tír agus d’fhostóirí (ionchasach/ionchasacha), agus cén fhaisnéis ba cheart a thabhairt do náisiúnach tríú tír tar éis dó meaitseáil le fostóir. Chomh maith le faisnéis, tá inrochtaineacht ríthábhachtach chun rochtain chomhionann ar an ardán a áirithiú do gach úsáideoir. Tugtar isteach leis an dréacht-tuarascáil ceanglais inrochtaineachta le haghaidh Linn Tallainne an Aontais ina hiomláine, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir le cosaint sonraí chomh maith leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar an ardán iarbhír.

Tugtar isteach leis an dréacht-tuarascáil freisin coinníollacha comhréireacha maidir le rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart d’fhostóirí faisnéis a sholáthar ar féidir leis na Pointí Teagmhála Náisiúnta í a fhíorú sula gceadaítear dóibh folúntais a phostáil ar an ardán. Áirítear leis an bhfaisnéis sin, mar shampla, seiceáil ar thaifead coiriúil an duine nádúrtha/na ndaoine nádúrtha atá i gceannas ar an gcuideachta, chun cosc a chur ar fhostóirí ionsaitheacha teacht ar ais ar an ardán. Tugtar isteach leis an dréacht-tuarascáil forálacha lenar féidir fostóir a chur ar fionraí go sealadach i gcás mí-iompar riaracháin amháin, ach freisin i gcás sáruithe ar an reachtaíocht is infheidhme maidir le frithgháinneáil agus smachtbhannaí i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach.

Ag an am céanna, coinnítear sa dréacht-tuarascáil forálacha comhréireachta áirithe do náisiúnaigh tríú tír, nach gceadófar do dhuine atá faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear iontráil nó fanacht i mBallstát nó toirmeasc ar iontráil san Aontas clárú ós rud é nach mbeidh cead acu iontráil san Aontas ná fanacht ann de thuras na huaire. Déantar an fhoráil sin a chothromú, áfach, trí chead a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír iarraidh nua ar chlárú a thaisceadh tar éis dhul in éag a dtoirmeasc ar iontráil, agus cosaint á tabhairt ag an am céanna do dhaoine a chiontaítear i gcionta ar bagairt iad ar shlándáil náisiúnta Ballstáit, nó lena mbaineann bagairt ar shlándáil náisiúnta Ballstáit, nach mbeidh siad in ann clárú ar Linn Tallainne an Aontais riamh.

Ar deireadh, ós rud é go gcuirfidh Linn Tallainne an Aontais le córais mheaitseála uathoibrithe arna gcumasú ag IS chun na scileanna is oiriúnaí a aimsiú le haghaidh folúntas áirithe, tá sé tábhachtach coimircí a áirithiú i gcoinne claontachta ar fhorais idirdhealaitheacha.


IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

I gcomhréir le hAirteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuair sí ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas le linn ullmhú na dréacht-tuarascála:

Eintiteas agus/nó duine

Adecco Group

BusinessEurope

Confederation of Swedish Enterprises

European Commission

European Network of Migrant Women

European Trade Union Confederation

HOTREC

International Labour Organisation

International Organisation of Migration

Platform for International Cooperation on Undocumented Migrants (PICUM)

Swedish Trade Union Confederation

 

Is faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara a dhéantar an liosta thuas a tharraingt suas.

I gcás ina sainaithnítear daoine nádúrtha ar an liosta de réir a n-ainm, a bhfeidhme nó an dá cheann, dearbhaíonn an rapóirtéir go ndearna sí Fógra Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa Uimh. 484 (https://www.europarl.europa.eu/data-protect/index.do), a chur faoi bhráid na ndaoine nádúrtha lena mbaineann, ar fógra é lena sainmhínítear na coinníollacha is infheidhme maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus na cearta a bhaineann leis an bpróiseáil sin.


SEASAMH MIONLAIGH

Seasamh mionlaigh arna chur síos ag an Uasal Vandendriessche, an tUasal Buxadé, an tUasal Bartusek, an tUasal Ehlers, an tUasal Varaut, Malika Sorel, an tUasal Leggeri, an tUasal Tanger Correa agus Petra Steger i gcomhréir le Riail 56(4).

Tá na húdair go mór i gcoinne Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú, fiú ar bhonn deonach, ós rud é gur idirghabháil neamhriachtanach de chuid an Aontais é i mbeartais náisiúnta imirce agus go mbaineann sé an bonn de cheannasacht na mBallstát ar a margaí saothair. Deimhnítear le hAirteagal 79(5) CFAE gur inniúlacht náisiúnta i gcónaí í an imirce dhleathach, ach tá an baol ann go gcuirfidh an tionscnamh seo brú ar na Ballstáit bealaí nua imirce a oscailt.

Seachas imirce shealadach lucht saothair a áirithiú, d’fhéadfadh socrú fadtéarmach a bheith mar thoradh ar an Linn Tallainne, rud a d’fhágfadh go mbeadh forfheidhmiú an fhillte níos deacra, go háirithe i dtíortha ina bhfuil beartais trócaireacha maidir le tabhairt chun rialtachta. Is léir ón taithí a fuarthas le scéimeanna comhchosúla gur minic a éiríonn an imirce shealadach ina himirce bhuan, rud a bhaineann an bonn de bheartais imirce rialaithe.

Agus aghaidh á tabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus ar dhúshláin dhéimeagrafacha, ba cheart díriú ar thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh Eorpacha agus ar rátaí breithe a mhéadú, agus ní ar níos mó imirceach a mhealladh. Ní mór do na Ballstáit smacht iomlán a choinneáil ar an imirce, agus é á áirithiú acu go leanfaidh sí de bheith an-roghnaíoch, sealadach agus ailínithe le leasanna náisiúnta. Cuireann ardán atá á bhainistiú ag an Aontas an rialú sin i mbaol agus méadaíonn sé an spleáchas ar imirce tríú tír.

Diúltaíonn na húdair don togra seo agus iarrann siad straitéis lena neartófaí lucht saothair agus táirgiúlacht náisiúnta, lena laghdaítear an spleáchas ar an imirce, agus lena gcloítear le ceannasacht iomlán na mBallstát ar a mbeartais imirce. Ní mór an imirce a bheith ina cinneadh náisiúnta, seachas ina creat arna fhorchur ag an Aontas.


 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT (10.2.2025)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

(COM(2023)0716 – C9‑0413/2023 – 2023/0404(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Tomas Tobé

 

 

RÉASÚNÚ GEARR

Measann an Rapóirtéir gur cúis áthais é an togra ón gCoimisiún maidir le Linn Tallainne, ós rud é go bhféadfadh sé comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí eile an Aontais dul i dteagmháil le comhpháirtithe nach tíortha de chuid an Aontais iad go straitéiseach maidir le bainistiú imirce agus dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le roinnt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe SFI 8 chun fás eacnamaíoch leanúnach cuimsitheach inbhuanaithe, fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn agus SFI 10 maidir le neamhionannais laghdaithe. Tá an togra i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (Rialachán NDICI-GE) lena n-áirítear na forálacha a leagtar síos in Aithrisí 50 agus 51, agus seasaimh roimhe seo ón gCoiste um Fhorbairt, e.g. go bhféadfadh beartais imirce dhleathacha dea-dheartha agus dea-bhainistithe a bheith ina bhfoinse don nuálaíocht agus don fhorbairt eacnamaíoch, a rachaidh chun tairbhe do na tíortha tionscnaimh agus do na tíortha óstacha araon. Is féidir leis an Linn Tallainne cabhrú leis an Aontas agus lena Bhallstáit bearnaí scileanna i ngairmeacha ar fud an Aontais ina bhfuil ganntanas oibrithe a líonadh, rochtain na bhfostóirí ar réimse éagsúil scileanna agus buanna a leathnú, agus gnóthachain fhrithpháirteacha a chruthú don Aontas agus do chomhpháirtithe tríú tíortha. Cuireann an Linn Tallainne luach leis na Comhpháirtíochtaí Tallainne atá ag teacht chun cinn agus d’fhéadfadh sé feabhas a chur ar rannpháirtíocht na mBallstát, rud a bhfuil gá leis chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na gcomhpháirtíochtaí sin, rud a chruthódh cásanna a rachaidh chun tairbhe do na comhpháirtithe uile lena mbaineann.

 

Is é Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an chéad ardán ar fud an Aontais a bheidh dírithe ar earcaíocht idirnáisiúnta a éascú agus deiseanna a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil suim acu agus a bhfuil na scileanna acu is gá chun oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais. Tá an tionscnamh deonach, rud a fhágann go bhfuil rogha ag na Ballstáit dul isteach ann nó gan dul isteach ann. Glactar leis go mbeidh idir 11 agus 20 Ballstát páirteach ann faoi 2030, agus go dtiocfaidh tuilleadh Ballstát isteach ann ina dhiaidh sin.

 

Aithníonn an rapóirtéir nach féidir leis an Rialachán maidir leis an Linn Tallainne aghaidh a thabhairt ach ar chuid de na bacainní ar leas a bhaint as acmhainneacht imirce lucht saothair a théann chun tairbhe an dá thaobh idir AE agus tíortha atá i mbéal forbartha. Níl ann ach píosa amháin i sraith níos leithne de bhearta reachtacha agus beartais ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát a bhfuil gá leo chun go n-éireoidh le himirce lucht saothair, amhail na bearta sin chun cáilíochtaí a aithint agus scileanna a bhailíochtú agus chun cuimsiú agus lánpháirtiú na n-imirceach dleathach sa tsochaí a éascú. Cuireann an Linn Tallainne le cláir maidir le comhar um fhorbairt lena bhfeabhsaítear forbairt scileanna agus inniúlachtaí, an oideachas agus an ghairmoiliúint, agus a mhaoinítear leis an Ionstraim NDICI-GE, agus déanann sí na cláir sin a chomhlánú. Measann an rapóirtéir, i gcás inarb ábhartha, gur cheart go mbeadh faisnéis maidir le deiseanna chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt, chomh maith le hoideachas agus gairmoiliúint a chuirtear ar fáil trí chláir maidir le comhar um fhorbairt, ar fáil do chuardaitheoirí poist atá rannpháirteach i Linn Tallainne AE.

 

Cuireann an rapóirtéir i bhfios go láidir nach mór d’ardán TF Linn Tallainne AE a bheith simplí chun nascleanúint a dhéanamh sa chleachtas. Ba cheart na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin a bheith trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus ba cheart inghlacthacht a bheith ann do chuardaitheoirí poist de gach leibhéal scileanna. Ba cheart go mbeadh rochtain éasca ag cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú sa Linn Tallainne ar fhaisnéis maidir le conas próifíl a chruthú. Ba cheart go mbeadh sé éasca do chuardaitheoirí poist a bheith ar an eolas faoi na poist a bhfuil siad incháilithe dóibh agus d’fhostóirí cáilíochtaí iasachta a aithint. Ba cheart an fhaisnéis a scríobh i dteanga intuigthe, lena n-áirítear, más féidir, teangacha oifigiúla na dtíortha atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne.

 

Measann an Rapóirtéir go bhfuil an Linn Tallainne i gcomhréir le prionsabal ginearálta Rialachán NDICI-GE chun cur chuige níos comhordaithe, níos iomlánaíche agus níos struchtúrtha a shaothrú i leith na himirce le comhpháirtithe. Thairis sin, is díol sásaimh don rapóirtéir go rannchuideoidh Linn Tallainne AE leis an gcuspóir imirce neamhrialta a dhíspreagadh, lena n-áirítear trí rochtain ar bhealaí dlíthiúla atá ann cheana a éascú, lena gcomhlánaítear cláir maidir le comhar um fhorbairt lena dtugtar aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce agus an easáitithe éigeantaigh. Measann an Rapóirtéir go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh rochtain éasca ag cuardaitheoirí poist atá rannpháirteach i Linn Tallainne AE ar fhaisnéis maidir le nósanna imeachta ábhartha tar éis an phróisis roghnúcháin, chomh maith le faisnéis maidir le cúnamh atá ar fáil d’imircigh ar mian leo filleadh ar a dtíortha baile, lena n‑áirítear maidir le tacaíocht don ath-imeascadh i gcomhthéacs Chomhpháirtíochtaí Tallainne le tíortha i mbéal forbartha.

 

Creideann an rapóirtéir nach mór don Linn Tallainne prionsabal an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt a chomhlíonadh, mar a shonraítear in Airteagal 208 CFAE, agus leas iomlán á bhaint as na sineirgí le comhar um fhorbairt AE. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar chur chun feidhme na Linne Tallainne, ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, tionchar an Rialacháin ar chuspóirí chomhar um fhorbairt AE a chur san áireamh.

 

LEASUITHE

Cuireann an Coiste um Fhorbairt an méid seo a leanas faoi bhráid an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach:

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Lua 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

- ag féachaint d’Airteagal 208(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe dá ráiteas go ‘dtabharfaidh an tAontas san áireamh cuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuirfidh sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha atá i mbéal forbartha’,

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1b) Ba cheart a chur san áireamh i Linn Tallainne an Aontais go bhfuil rochtain ar an idirlíon íseal i roinnt réigiún atá i mbéal forbartha, amhail an Afraic Fho-Shahárach, agus ba cheart a mheas go bhféadfadh sé sin bac a chur ar rannpháirtíocht cuardaitheoirí poist féideartha.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú agus chun deiseanna a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais, ba cheart Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú i bhfoirm ardáin ar fud an Aontais lena dtugtar le chéile agus lena dtacaítear le meaitseáil próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus folúntais fostaíochta fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

(3) Chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú agus chun deiseanna a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír a bheith ag obair i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe, ba cheart Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú i bhfoirm ardán uile-Aontais lena dtugtar le chéile agus lena dtacaítear le meaitseáil próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus folúntais fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a) Ba cheart go rannchuideodh an Linn Tallainne le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach, go háirithe Sprioc 1 maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú, Sprioc 5 chun comhionannas inscne a áirithiú agus na mná agus na cailíní uile a chumhachtú, Sprioc 8 chun fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe, fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn agus Sprioc 10 chun neamhionannas a laghdú laistigh de thíortha agus i measc tíortha.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b) Ba cheart do chur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an Linn Tallainne prionsabal an Chomhtháthaithe Beartais ar mhaithe le Forbairt a chomhlíonadh, lena dtacaítear leis na SDGanna a bhaint amach san Aontas agus i dtríú tíortha. Ba cheart dó cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn chomh maith le cosc agus cosaint a thabhairt d’oibrithe imirceacha ar dhúshaothrú agus ar mhí-úsáid. Thairis sin, ba cheart dó Cód Cleachtais Domhanda EDS maidir le hEarcaíocht Idirnáisiúnta Pearsanra Sláinte agus na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag eisimirce pearsanra sláinte ó thíortha atá i mbéal forbartha a chur san áireamh.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3c) Ba cheart Linn Tallainne an Aontais a bheith i gcomhréir le Straitéis an Aontais maidir le Comhionannas Inscne agus le creat beartais Phlean Gníomhaíochta Inscne III, ós rud é gur minic a bhíonn mná imirceacha an-leochaileach ó thaobh drochíde de.

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú leis na Ballstáit rannpháirteacha aghaidh a thabhairt ar scileanna agus ar ghanntanais saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo trí náisiúnaigh tríú tír a earcú a mhéid nach leor gníomhachtú an lucht saothair baile agus na soghluaisteachta laistigh den Aontas chun an cuspóir sin a bhaint amach. Mar uirlis dheonach chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a thairiscint ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit a bhfuil suim acu ann. Chuige sin, ba cheart comhlántacht agus idir-inoibritheacht le tionscnaimh agus ardáin náisiúnta atá ann cheana a áirithiú. Ba cheart riachtanais shonracha na mBallstát a chur san áireamh agus Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh á forbairt chun an rannpháirtíocht is forleithne is féidir a áirithiú. Dá bhrí sin, is téarma cuimsitheach é "Tallann" a thagraíonn don réimse iomlán scileanna a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mhargaí saothair na mBallstát.

(5) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar scileanna agus ar ghanntanais saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo trí náisiúnaigh tríú tír a earcú a mhéid nach leor gníomhachtú an lucht saothair baile agus na soghluaisteachta laistigh den Aontas chun an cuspóir sin a bhaint amach. Mar uirlis dheonach chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a thairiscint ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit a bhfuil suim acu ann. Chuige sin, ba cheart comhlántacht agus idir-inoibritheacht le tionscnaimh agus ardáin náisiúnta atá ann cheana a áirithiú. Ba cheart riachtanais shonracha na mBallstát a chur san áireamh agus Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh á forbairt chun an rannpháirtíocht is forleithne is féidir a áirithiú. Dá bhrí sin, is téarma cuimsitheach é "Tallann" a thagraíonn don réimse iomlán scileanna a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mhargaí saothair na mBallstát.

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú freisin le Comhpháirtíochtaí Tallainne a chur chun feidhme, atá ar cheann de na príomhghnéithe de ghné sheachtrach an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann30 agus a dhéantar a oibríochtú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas31. Ba cheart rannpháirtíocht Ballstáit sa Chomhpháirtíocht Tallainne a bheith gan dochar dá gcinneadh maidir le rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

(7) Is réamhchoinníoll iad comhpháirtíochtaí láidre agus comhar déthaobhach le tríú tíortha le haghaidh scéimeanna éifeachtacha imirce, agus éascaítear leo gnóthachain fhrithpháirteacha a chruthú don Aontas, dá Bhallstáit agus do thríú tíortha. Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú freisin le Comhpháirtíochtaí Tallainne a chur chun feidhme, atá ar cheann de na príomhghnéithe de ghné sheachtrach an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann30 agus a dhéantar a oibríochtú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas31. Ba cheart rannpháirtíocht Ballstáit sa Chomhpháirtíocht Tallainne a bheith gan dochar dá gcinneadh maidir le rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

__________________

__________________

30 COM/2020/609 final.

30 COM/2020/609 final.

31 COM/2022/657 final.

31 COM/2022/657 final.

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais imirce atá bunaithe ar scileanna a bhíonn ag brath ar fhíor-chomhpháirtíochtaí a chur chun cinn, agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ar chliseadh teaghlaigh á gcur san áireamh. Is féidir le comhpháirtíochtaí láidre le tríú tíortha cur le comhar um fhorbairt éifeachtach, i gcomhréir le prionsabal an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt, agus cruthú gnóthachan frithpháirteach a éascú do thríú tíortha, don Aontas agus dá Bhallstáit. Ba cheart go gcuirfeadh comhpháirtíochtaí bealaí dlíthiúla simplí, comhleanúnacha agus sothuigthe ar fáil chun an Aontais, lena gcumasófaí deiseanna athiontrála a d’fhéadfaí a éascú trí Linn Tallainne an Aontais agus lena spreagfaí imirce chiorclach ar mhaithe leis na tairbhí forbartha a bhaineann léi do thíortha tionscnaimh, lena n-áirítear trí scileanna, aistrithe eolais agus seoltáin. Ní mór do thríú tíortha a bheith in ann comhpháirtíochtaí comhionanna a chomhchruthú. Ní mór urraim don smacht reachta agus do chearta an duine a bheith mar threoir i gcónaí do bheartas imirce an Aontais Eorpaigh.

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Ba cheart sineirgí a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, idir ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le rochtain ar ábhair oiliúna amhail Acadamh an Aontais agus an tAcadamh um Eoraip Idir-inoibritheach. Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur in oiriúint go tapa agus go rialta do chleachtais nua sa teicneolaíocht agus seirbhísí TF úrscothacha a sholáthar trí ghnéithe agus uirlisí nuálacha a thabhairt isteach.

(10) Ba cheart sineirgí a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, idir ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le rochtain ar ábhair oiliúna amhail Acadamh an Aontais agus an tAcadamh um Eoraip Idir-inoibritheach. Ba cheart sineirgí a áirithiú freisin le cláir oideachais arna maoiniú ag an Aontas i dtíortha i mbéal forbartha, amhail an Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Oideachas, Education Cannot Wait agus an clár Erasmus+. Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur in oiriúint go tapa agus go rialta do chleachtais nua sa teicneolaíocht agus seirbhísí TF úrscothacha a sholáthar trí ghnéithe agus uirlisí nuálacha a thabhairt isteach.

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Ba cheart an ceart a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh, mar shampla, trí rochtain ar a gcuid sonraí teagmhála a shrianadh. Ba cheart próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nár úsáideadh le tréimhse 2 bhliain a bhaint go huathoibríoch. Nuair a bhaintear próifílí, d'fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh, lena n-áirítear chun críche táirgeadh agus cáilíocht an staidrimh Eorpaigh.

(14) Ba cheart an ceart a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh, mar shampla, trí rochtain ar a gcuid sonraí teagmhála a shrianadh. Ba cheart próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nár úsáideadh le tréimhse 2 bhliain agus próifílí fostóirí nár úsáideadh le tréimhse 3 bliana a bhaint go huathoibríoch. Ba cheart úinéir na próifíle a chur ar an eolas maidir leis an mbaint mí amháin roimh ré ar a dhéanaí. Nuair a bhaintear próifílí, d’fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh, lena n‑áirítear chun críche táirgeadh agus cáilíocht an staidrimh Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 20 (1) den Rialachán seo. I gcás próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe, d’fhéadfaí sonraí maidir le náisiúntacht, gairm inmhianaithe nó reatha, seilbh phas Comhpháirtíochta Tallainne, an tréimhse ama a cláraíodh an phróifíl ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais, líon na gcuairteanna ar an ardán, líon na meaitseálacha le fostóirí, agus líon na socrúchán poist a éascaíodh a stóráil. I gcás próifílí fostóirí, d’fhéadfaí sonraí faoin mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, an earnáil, líon na gcuairteanna ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais, líon na meaitseálacha le cuardaitheoirí poist, agus líon na socrúchán poist a éascaíodh a stóráil.

Leasú  12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rannchuidiú leis an gcuspóir imirce neamhrialta a dhíspreagadh, lena n-áirítear trí rochtain ar bhealaí dlíthiúla atá ann cheana a éascú. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó toirmeasc ar theacht isteach i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35, níor cheart cead a bheith acu a bpróifílí a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ós rud é nach gceadófar dóibh teacht isteach agus fanacht san Aontas. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, sula gcláróidh siad a bpróifílí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, a dhearbhú nach bhfuil siad faoi réir diúltaithe faoi láthair dul isteach nó fanacht i mBallstát nó faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais. Ba cheart faisnéis a sholáthar freisin faoi na hiarmhairtí a bhaineann le dearbhú bréagach a dhéanamh ina leith sin.

(16) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais imirce dhleathach a éascú trí earcú idirnáisiúnta náisiúnach tríú tír agus an rochtain atá acu ar bhealaí dlíthiúla atá ann cheana a chur chun cinn agus rannchuidiú leis an imirce neamhrialta a laghdú trí chabhrú le haghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá léi, agus rannchuidiú le forbairt caipitil dhaonna trí obair chuibhiúil agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn ag an am céanna. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó toirmeasc ar theacht isteach i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35, níor cheart cead a bheith acu a bpróifílí a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ós rud é nach gceadófar dóibh teacht isteach agus fanacht san Aontas. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, sula gcláróidh siad a bpróifílí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, a dhearbhú nach bhfuil siad faoi réir diúltaithe faoi láthair dul isteach nó fanacht i mBallstát nó faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais. Ba cheart faisnéis a sholáthar freisin faoi na hiarmhairtí a bhaineann le dearbhú bréagach a dhéanamh ina leith sin.

__________________

__________________

35Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).

35Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais tógáil freisin ar na cuspóirí agus ar na forálacha maidir le rannpháirtíocht chuiditheach an Aontais maidir leis an tsoghluaisteacht agus maidir le gach gné den imirce a leagtar amach i Rialachán ICFCI-An Eoraip Dhomhanda chomh maith leis na cuspóirí agus na forálacha sin a bhaineann le tacaíocht d’fhorbairt scileanna agus inniúlachtaí, don oideachas agus don ghairmoiliúint i dtíortha comhpháirtíochta.

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh próifíl a chruthú trí úsáid a bhaint as feidhmiúlacht tógálaí próifíle Europass36 lena gcumasaítear próifíl saor in aisce a chruthú agus na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí ábhartha eile a thuairisciú in aon suíomh slán amháin ar líne.

(17) Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh próifíl a chruthú trí úsáid a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as feidhmiúlacht tógálaí próifíle Europass36 lena gcumasaítear próifíl saor in aisce a chruthú gan an oibleagáid pictiúir a chur san áireamh agus na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí ábhartha eile a thuairisciú in aon suíomh slán amháin ar líne.

__________________

__________________

36Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/646/oj).

36Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/646/oj).

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17a) Ba cheart na critéir incháilitheachta a bheith neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar phrionsabal na córa comhionainne, agus ba cheart iad a shainiú ar bhealach leathan chun go mbeidh cuardaitheoirí poist a bhfuil gach leibhéal scileanna acu inghlactha agus chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Ba cheart go mbeadh rochtain éasca ag cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú ar Linn Tallainne AE ar fhaisnéis maidir le conas próifíl a chruthú. I gcás inarb infheidhme, ba cheart go mbeadh faisnéis maidir le deiseanna chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt, oideachas agus gairmoiliúint a chuirtear ar fáil trí chláir maidir le comhar um fhorbairt, ar fáil do chuardaitheoirí poist atá rannpháirteach i Linn Tallainne AE.

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) I gcás inar gá, ba cheart aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí agus do bhailíochtú scileanna cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha sna Ballstáit rannpháirteacha arna iarraidh sin don chuardaitheoir poist nó don fhostóir i gcomhréir leis an dlí agus leis na cleachtais náisiúnta, agus le haon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Socruithe maidir le hAitheantas Frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla. Ba cheart cúnamh pearsantaithe agus faisnéis ar líne maidir le nósanna imeachta aitheantais agus bailíochtaithe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar fáil in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh é a sholáthar.

(18) I gcás inar gá, ba cheart aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí agus do bhailíochtú scileanna cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha sna Ballstáit rannpháirteacha arna iarraidh sin don chuardaitheoir poist nó don fhostóir i gcomhréir leis an dlí agus leis na cleachtais náisiúnta, agus le haon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Socruithe maidir le hAitheantas Frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla. Ba cheart a mheas go bhfuil an próiseas chun cáilíochtaí a aithint agus chun scileanna a bhailíochtú éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, agus go bhféadfadh sé go dtógfadh sé níos mó ama ar na Ballstáit rannpháirteacha nach bhfuil cleachtais chomh héifeachtach céanna acu faisnéis faoi chuardaitheoirí poist cláraithe a phróiseáil, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar fheidhmiú Linn Tallainne an Aontais i roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart go bhfeidhmeodh Linn Tallainne an Aontais mar uirlis chun aitheantas níos rianúla do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna sna Ballstáit rannpháirteacha a chur chun cinn. Ba cheart cúnamh pearsantaithe agus faisnéis ar líne maidir le nósanna imeachta aitheantais agus bailíochtaithe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar fáil in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh é a sholáthar.

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) I gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Tallainne, faigheann náisiúnaigh tríú tíortha roghnaithe tacaíocht d'fhorbairt agus do bhailíochtú scileanna i gcreat arna fhormhuiniú ag na Ballstáit a ghlacann páirt i gComhpháirtíocht Tallainne agus i dtíortha comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, ba cheart na scileanna a forbraíodh nó a bailíochtaíodh faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallann a dheimhniú le ‘pas Comhpháirtíochta Tallann an Aontais’ atá le feiceáil i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bheith in ann próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a scagadh chun iad siúd a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" faighte acu a léirshamhlú. D'fhéadfadh sé sin fostóirí a spreagadh chun socrúchán poist a thairiscint san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit, faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallainne, na coinníollacha a chinneadh maidir le "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh" a eisiúint chun críche Linne Tallann an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear ar cheart d'údarás náisiúnta tíre comhpháirtíochta, d'eagraíocht idirnáisiúnta nó do pháirithe leasmhara eile tacú lena sheachadadh. Tá eisiúint "pas comhpháirtíochta tallainne AE" gan dochar do rialacha Eorpacha agus náisiúnta maidir le rochtain ar ghairmeacha rialáilte.

(19) I gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Tallainne, faigheann náisiúnaigh tríú tíortha roghnaithe tacaíocht d'fhorbairt agus do bhailíochtú scileanna i gcreat arna fhormhuiniú ag na Ballstáit a ghlacann páirt i gComhpháirtíocht Tallainne agus i dtíortha comhpháirtíochta. Ba cheart go mbeadh roghnú na dtríú tíortha rannpháirteacha sna Comhpháirtíochtaí Tallainne go hiomlán trédhearcach, agus ba cheart faisnéis bheacht a bheith ann maidir le feidhmiú agus toradh an phróisis roghnúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart na scileanna a forbraíodh nó a bailíochtaíodh faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallann a dheimhniú le ‘pas Comhpháirtíochta Tallann an Aontais’ atá le feiceáil i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bheith in ann próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a scagadh chun iad siúd a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" faighte acu a léirshamhlú. D'fhéadfadh sé sin fostóirí a spreagadh chun socrúchán poist a thairiscint san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit, faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallainne agus de réir treoirlínte comhchuibhithe coiteanna atá le heisiúint ag an gCoimisiún faoi nós imeachta comhairleach mar a shonraítear in Airteagal 12 (4) i gcomhréir le hAirteagal 22 (2), na coinníollacha a chinneadh maidir le ‘pas Chomhpháirtíochta Tallainne an Aontais Eorpaigh’ a eisiúint chun críche Linne Tallainne an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear ar cheart d’údarás náisiúnta tíre comhpháirtíochta, d’eagraíocht idirnáisiúnta nó do pháirtithe leasmhara eile tacú lena sheachadadh. Tá eisiúint "pas comhpháirtíochta tallainne AE" gan dochar do rialacha Eorpacha agus náisiúnta maidir le rochtain ar ghairmeacha rialáilte.

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) Ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a áirithiú go mbeidh faisnéis atá inrochtana go héasca maidir le nósanna imeachta inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta náisiúnach tríú tír, dálaí maireachtála agus oibre chomh maith leis na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun go bhféadfar í a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart faisnéis ar líne faoi thacaíocht atá ar fáil do chuardaitheoirí poist a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus atá i dtríú tíortha a bheith ar fáil freisin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. D'fhéadfaí a áireamh ar bhearta tacaíochta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm feachtais shonracha faisnéise, tacaíocht chun doiciméad taistil a fháil, agus tacaíocht chomhtháthaithe nuair a thagann siad.

(27) Ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a áirithiú go mbeidh faisnéis atá inrochtana go héasca maidir le nósanna imeachta inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta náisiúnach tríú tír, dálaí maireachtála agus oibre chomh maith leis na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun go bhféadfar í a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart faisnéis ar líne faoi thacaíocht atá ar fáil do chuardaitheoirí poist a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus atá i dtríú tíortha a bheith ar fáil freisin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go n-áireofaí ar bhearta tacaíochta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm feachtais shonracha faisnéise, tacaíocht chun doiciméad taistil a fháil, agus tacaíocht chomhtháthaithe nuair a thagann siad.

Leasú  19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) Ba cheart faisnéis a sholáthraítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla na mBallstát rannpháirteach ar a laghad.

(28) Ba cheart faisnéis a sholáthraítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chur ar fáil i gcás inar féidir sin go teicniúil ar a laghad i dteangacha oifigiúla na mBallstát rannpháirteach, agus i dteangacha oifigiúla tríú tíortha atá rannpháirteach sna Comhpháirtíochtaí Tallainne chomh maith le teangacha oifigiúla na ndeich náisiúntacht a fuair an líon is airde ceadanna aonair laistigh den Aontas le trí bliana anuas.

Leasú  20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29) Ba cheart do Thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh tacú le soláthar faisnéise do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena fheidhmiú agus na Ballstáit atá rannpháirteach inti.

(29) Ba cheart do Thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh tacú le soláthar faisnéise do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena fheidhmiú agus na Ballstáit atá rannpháirteach inti. Ba cheart faisnéis ó Thoscaireachtaí an Aontais maidir le feidhmiú Linn Tallainne an Aontais a chur san áireamh agus faireachán á dhéanamh ar Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, d'fhéadfadh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a sholáthar. Ba cheart a áireamh ar thacaíocht bhreise faisnéis shaincheaptha maidir le víosaí ábhartha agus ceadanna cónaithe chun críocha oibre sa Bhallstát rannpháirteach lena n-áirítear maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír amhail rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas agus tithíocht. Féadfar treoir shonrach agus faisnéis shonrach a sholáthar freisin maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta bhaill teaghlaigh, agus bearta atá ann cheana chun comhtháthú a éascú sa Bhallstát óstach amhail cúrsaí teanga agus gairmoiliúint. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin freisin na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis a sholáthar d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a bhaineann le slándáil shóisialta, le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíochtaí pinsin agus le hárachas sláinte.

(30) Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a sholáthar. Ba cheart a áireamh ar thacaíocht bhreise faisnéis shaincheaptha maidir le víosaí ábhartha agus ceadanna cónaithe chun críocha oibre sa Bhallstát rannpháirteach lena n-áirítear maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír amhail rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas agus tithíocht. Féadfar treoir shonrach agus faisnéis shonrach a sholáthar freisin maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta bhaill teaghlaigh, agus bearta atá ann cheana chun comhtháthú a éascú sa Bhallstát óstach amhail cúrsaí teanga agus gairmoiliúint. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin freisin na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis a sholáthar d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a bhaineann le slándáil shóisialta, le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíochtaí pinsin agus le hárachas sláinte.

Leasú  22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) Chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart a áirithiú go ndéanfar acquis an Aontais maidir le himirce dhleathach a chur chun feidhme go héifeachtach. Ina theannta sin, chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla d'fhostóirí, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur i bhfeidhm go háirithe maidir le bac a chur ar víosaí agus ar cheadanna cónaithe chun críocha oibre agus maidir le díolúine ó phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais. D'fhéadfaí cur chun feidhme nósanna imeachta inimirce luathaithe a phlé i gcomhthéacs Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, go háirithe chun tacú le malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát.

(31) Chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart a áirithiú go ndéanfar acquis an Aontais maidir le himirce dhleathach a chur chun feidhme go héifeachtach. Ina theannta sin, chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla d'fhostóirí, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur i bhfeidhm go háirithe maidir le bac a chur ar víosaí agus ar cheadanna cónaithe chun críocha oibre agus maidir le díolúine ó phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais. Más féidir, ba cheart do na Ballstáit ceadanna oibre agus cónaithe a eisiúint faoin Treoir um Chead Aonair, chun nós imeachta inimirce rianúil comhchuibhithe a áirithiú. D'fhéadfaí cur chun feidhme nósanna imeachta inimirce luathaithe a phlé i gcomhthéacs Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, go háirithe chun tacú le malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát.

Leasú  23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha, agus comhlíontar leis na prionsabail, a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 6 CAE.

(36) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha, agus comhlíontar leis na prionsabail, a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 6 CAE chomh maith le prionsabal an Chomhtháthaithe Beartais ar mhaithe le Forbairt agus an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt.

Leasú  24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37) Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán le hoibleagáidí uile Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus go háirithe gan idirdhealú ar bhonn gnéis, cine, datha, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teangacha, reiligiúnacha nó creidimh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois gnéaschlaonadh. Ba cheart a áirithiú go n-urramófar dálaí oibre cothroma agus córa agus go gcosnófar daoine óga ag an obair.

(37) Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán le hoibleagáidí uile Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus go háirithe gan idirdhealú bunaithe ar ghnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teangacha, reiligiúnacha nó creidimh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, agus ar bhonn cúlra soch-chultúrtha nó féiniúlacht inscne. Ba cheart a áirithiú go n-urramófar dálaí oibre cothroma agus córa agus go gcosnófar daoine óga ag an obair.

Leasú  25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, tráth ar bith, a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoina chinneadh 9 mí ar a dhéanaí roimh an dáta a mbeidh sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach. Ón gcéad lá rannpháirtíochta, féadfar folúntais fostaíochta fostóirí atá bunaithe sa Bhallstát sin a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, tráth ar bith, a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoina chinneadh 6 mhí ar a dhéanaí roimh an dáta a mbeidh sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach. Ón gcéad lá rannpháirtíochta, féadfar folúntais fostaíochta fostóirí atá bunaithe sa Bhallstát sin a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Déanfar ardán TF Linn Tallainne a dhearadh sa chaoi go mbeidh cuardaitheoirí poist ar gach leibhéal scileanna in ann rochtain éasca a fháil ar an ardán agus nascleanúint a dhéanamh air, agus go mbeidh fostóirí in ann cáilíochtaí eachtracha a aithint go héasca, gan an oibleagáid pictiúir de na cuardaitheoirí poist a chur san áireamh. I gcás inarb ábhartha, scaipfidh Toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh faisnéis ar chuardaitheoirí poist féideartha i dtríú tíortha maidir le hArdán TF na Linne Tallainne agus conas é a úsáid.

Leasú  27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áireofar i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ainm, sloinne, sonraí teagmhála, dáta breithe agus náisiúntacht, faisnéis faoi cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla, taithí oibre, scileanna eile agus eolas teanga. Áireofar ainm, sloinne agus sonraí teagmhála i bhfolúntais phoist fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

3. Áireofar i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ainm, sloinne, sonraí teagmhála, dáta breithe agus náisiúntacht, infhaighteacht, faisnéis faoi cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla, taithí oibre, scileanna eile agus eolas teanga. Áireofar i bpróifílí na bhfostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais ainm na heagraíochta nó na cuideachta, mar aon le hainm, sloinne agus sonraí teagmhála an teagmhálaí. Áireofar ar fholúntais poist an post, an fostóir, an tréimhse ama, cur síos ar an bpost, agus sonraí teagmhála.

Leasú  28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Déanfar na sonraí pearsanta atá cláraithe ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó a tarchuireadh chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo a innéacsú, a stóráil agus a chur ar fáil ansin chun críocha cuardaigh agus meaitseála amháin. Beidh sé de cheart ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh.

5. Déanfar na sonraí pearsanta atá cláraithe ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó a tarchuireadh chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo a innéacsú, a stóráil agus a chur ar fáil ansin chun críocha cuardaigh agus meaitseála amháin. Beidh sé de cheart ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh, lena n-áirítear a éileamh, tráth ar bith, go ndéanfaí a gcuid sonraí pearsanta ina bpróifílí a scriosadh nó a mhodhnú.

Leasú  29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 –mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Déanfar próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha nach bhfuarthas rochtain orthu ar feadh tréimhse 2 bhliain ó chlárú a bpróifílí a bhaint nó a anaithnidiú agus ní stórálfar aon sonraí pearsanta. Nuair a bhaintear próifílí, d'fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh chomh maith le sonraí a bhaint amach chun feidhmiú Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.

6. Déanfar próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha nach bhfuarthas rochtain orthu ar feadh tréimhse 2 bhliain agus próifílí fostóirí nár úsáideadh le tréimhse 3 bliana ó chlárú a bpróifílí a bhaint agus ní stórálfar aon sonraí pearsanta. Cuirfear úinéir na próifíle ar an eolas maidir leis an mbaint mí amháin roimh ré ar a dhéanaí. Nuair a bhaintear próifílí, d'fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh chomh maith le sonraí a bhaint amach chun feidhmiú Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fheabhsú. I gcás próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe, féadfar sonraí maidir le náisiúntacht, gairm inmhianaithe nó reatha, seilbh phas Comhpháirtíochta Tallainne, an tréimhse ama a cláraíodh an phróifíl ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais, líon na gcuairteanna ar an ardán, líon na meaitseálacha le fostóirí, agus líon na socrúchán poist a éascaíodh a stóráil. I gcás próifílí fostóirí, féadfar sonraí faoin mBallstát ina bhfuil siad bunaithe, an earnáil, líon na gcuairteanna ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais, líon na ,meaitseálacha le cuardaitheoirí poist, agus líon na socrúchán poist a éascaíodh a stóráil.

Leasú  30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) bainistiú foriomlán ar chúraimí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a áirithiú, lena n-áirítear pleanáil agus comhordú gníomhaíochtaí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

(a) bainistiú foriomlán ar chúraimí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a áirithiú, lena n-áirítear pleanáil agus comhordú ghníomhaíochtaí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, lena n-áiritheofar ardchaighdeán earcaíochta cothroime agus lena gcoiscfear cleachtais éagóracha, táillí earcaíochta agus costais eile;

Leasú  31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – pointe (e)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) sonraí ábhartha a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 20;

(e) sonraí ábhartha a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 20 lena n-áirítear sonraí atá imdhealaithe de réir inscne, aoise agus míchumais ar bhonn deonach agus anaithnid, agus ar thionchar an Rialacháin seo ar thíortha i mbéal forbartha; lena n-áirítear a mhéid a bhain siad amach na SFInna;

Leasú  32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – pointe f a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa) a áirithiú go gcuirfidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis agus seirbhísí tacaíochta leordhóthanacha ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 17;

Leasú  33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Beidh sé de cheart ag ionadaithe na n-eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó cheardchumann agus ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó eagraíochtaí fostóirí a áirithiú. Síneoidh na hionadaithe sin ráiteas i scríbhinn á dhearbhú nach bhfuil siad i staid coinbhleachta leasa.

4. Beidh sé de cheart ag ionadaithe na n-eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, i gcás inarb iomchuí, le rannpháirtíocht eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó cheardchumainn agus ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó eagraíochtaí fostóirí a áirithiú. Beidh roghnú na n-ionadaithe go hiomlán trédhearcach. Síneoidh na hionadaithe sin ráiteas i scríbhinn á dhearbhú nach bhfuil siad i staid coinbhleachta leasa. Ina theannta sin, bunóidh an Grúpa Stiúrtha sásraí chun dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha eile ó thríú tíortha nuair is úsáideach sin, lena n‑áirítear eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Leasú  34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) clárlann a choinneáil d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

(d) clárlann a choinneáil d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh bunaithe ar phróifílí na bhfostóirí atá cláraithe ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

Leasú  35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) rochtain fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí agus a bhfolúntais poist a bhaint d'ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcás ina ndéanfar sárú ar an dlí agus ar an gcleachtas ábhartha de bhun Airteagal 13(3) a chur in iúl do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ag na húdaráis náisiúnta ábhartha atá freagrach as an dlí agus an cleachtas ábhartha a fhorfheidhmiú;

(e) rochtain fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí agus a bpróifílí agus folúntais poist a bhaint d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcás ina ndéanfar sárú ar an dlí agus ar an gcleachtas ábhartha de bhun Airteagal 13(3) a chur in iúl do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ag na húdaráis náisiúnta ábhartha atá freagrach as an dlí agus an cleachtas ábhartha a fhorfheidhmiú;

Leasú  36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Níor cheart cruthú na próifíle trí thógálaí próifíle Europass a bheith ina réamhriachtanas do chuardaitheoirí poist féideartha clárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní ghearrfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh táillí ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha chun críche na hearcaíochta.

Ní ghearrfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh táillí ná costais ghaolmhara ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha chun críche na hearcaíochta. Ba cheart ráiteas soiléir nach ngearrtar táillí ná costais earcaíochta ar oibrithe a bheith le feiceáil i bhfolúntais poist.

Leasú  38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe molta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibríoch agus bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre don fholúntas poist.

3. Féadfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe molta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibríoch agus bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí, a n‑infhaighteacht agus a dtaithí oibre don fholúntas poist.

Leasú  39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. Féadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha rochtain a fháil ar liosta de na fostóirí go léir atá rannpháirteach i Linn Tallaine an Aontais.

Leasú  40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) faisnéis maidir le nósanna imeachta earcaíochta agus inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear maidir leis na sásraí sásaimh atá ar fáil chomh maith le faisnéis maidir le dálaí maireachtála agus oibre sna Ballstáit rannpháirteacha;

(a) faisnéis maidir le nósanna imeachta earcaíochta agus inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear maidir leis an rochtain ar na sásraí ceartais agus sásaimh atá ar fáil, agus eagraíochtaí tacaíochta chomh maith le faisnéis maidir le dálaí maireachtála agus oibre sna Ballstáit rannpháirteacha;

Leasú  41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe (c)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) faisnéis shonrach maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír lena n‑áirítear rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas, tithíocht, aitheantas do cháilíochtaí agus an sásra gearán de bhun Airteagal 18;

(c) faisnéis shonrach maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír lena n‑áirítear rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas, tithíocht, dea-chleachtais maidir le seoltáin a aistriú, aitheantas do cháilíochtaí agus an sásra gearán agus sásaimh de bhun Airteagal 18;

Leasú  42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe (ea) (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea) faisnéis do náisiúnaigh tríú tír maidir le fanacht dleathach sa Bhallstát glactha tar éis dheireadh a gconartha oibre le fostóir atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chomh maith le faisnéis maidir le cúnamh atá ar fáil do náisiúnaigh tríú tír ar fhilleadh ar a dtíortha baile dóibh, lena n-áirítear maidir le tacaíocht le haghaidh ath-lánpháirtiú i gcomhthéacs Chomhpháirtíochtaí Tallainne le tíortha atá i mbéal forbartha;

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe (eb) (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb) i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le deiseanna chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt, oideachas agus gairmoiliúint a chuirtear ar fáil trí chláir maidir le comhar um fhorbairt.

Leasú  44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe (e)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) i gcás ina bhfuil siad ar fáil, sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí sin a bhfuil cúnamh iar-earcaíochta á thairiscint acu do náisiúnaigh tríú tír.

(e) sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí sin a bhfuil cúnamh iar-earcaíochta á thairiscint acu do náisiúnaigh tríú tír.

Leasú  45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh sásraí éifeachtacha ann trína bhféadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha gearáin a thaisceadh i gcás ina sáraíonn na fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na hoibleagáidí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(3).

1. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh sásraí inrochtana, tráthúla, inscne-íogaire agus éifeachtacha ann trína bhféadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha gearáin a thaisceadh i gcás ina sáraíonn na fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na hoibleagáidí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(3). Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghairmeacha ina bhfuil rátaí níos airde dúshaothraithe saothair, amhail obair tí agus obair chúraim.

Leasú  46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Beidh nasc díreach ag Ardán TF Linn Tallainne an Aontais leis na sásraí gearán agus sásaimh ábhartha do chuardaitheoirí poist cláraithe i gcoinne earcaíocht neamhdhleathach chomh maith le cleachtais fostaíochta mhí-úsáideacha, ina léireofar an comhlacht institiúideach ábhartha nó an eagraíocht ábhartha ar cheart dóibh tagairt a dhéanamh di.

Leasú  47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur i bhfeidhm chun earcú níos tapúla a dhéanamh ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Cuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce brostaithe i bhfeidhm chun earcú níos tapúla a dhéanamh ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Mura gcuirfear an nós imeachta inimirce brostaithe i bhfeidhm, eiseoidh na Ballstáit ceadanna oibre agus cónaithe faoin Treoir um Chead Aonair, chun nós imeachta inimirce rianúil comhchuibhithe a áirithiú.

Leasú  49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faireachán rialta ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (e). Go háirithe, baileofar sonraí maidir leis an méid seo a leanas:

1. Déanfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faireachán rialta ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (e). Go háirithe, baileofar sonraí imdhealaithe de réir inscne, aoise agus míchumais, ar bhonn deonach agus anaithnid, ar na nithe seo a leanas:

Leasú  50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – pointe (fa) (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa) Líon agus cineál na gcuardaitheoirí poist agus na n-earcuithe cláraithe ó thíortha atá i mbéal forbartha chun faireachán a dhéanamh ar thionchar an rialacháin ar thíortha i mbéal forbartha trí tháscairí soiléire bunaithe ar na SDGanna.

Leasú  51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Déanfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais, i gcomhar le Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais, suirbhéanna anaithnide a dháileadh ar fhostóirí agus ar chuardaitheoirí poist, ar a meastóireacht ar oiriúnacht an tsásra meaitseála, ar líon na n-earcuithe a eascaíodh trí Linn Tallainne an Aontais, ar shástacht fhoriomlán leis an bhfaisnéis a soláthraíodh agus ar chúnamh le linn an phróisis, agus ar inrochtaineacht an ardáin.

Leasú  52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Baileoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na sonraí dá dtagraítear i mír 1 le tacaíocht ó Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ó Ghrúpa Stiúrtha um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

3. Baileoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na sonraí dá dtagraítear i mír 1 le tacaíocht ó Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ó Ghrúpa Stiúrtha um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomhairle le Toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh.

Leasú  53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Faoin 31.12.2031 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

1. Faoin 31.12.2031 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus a thionchar ar chuspóirí chomhar an Aontais um fhorbairt á chur san áireamh i gcomhréir le prionsabal an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt agus le dul chun cinn na SDGanna i dtríú tíortha.

 


 

IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR DON TUAIRIM IONCHUR

De bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir don tuairim go bhfuil ionchur faighte aige ó na heintitis nó na daoine seo a leanas le linn ullmhú na tuairime, sula nglacfar sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

An Coimisiún Eorpach: AS INTPA, AS HOME

IOM

Is faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara don tuairim a dhéantar an liosta thuas a tharraingt suas.

I gcás ina sainaithnítear daoine nádúrtha ar an liosta de réir a n-ainm, a bhfeidhme nó an dá cheann, dearbhaíonn an rapóirtéir don tuairim go ndearna sé Fógra Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa Uimh. 484 (https://www.europarl.europa.eu/data-protect/index.do), a chur faoi bhráid na ndaoine nádúrtha lena mbaineann, ar fógra é lena sainmhínítear na coinníollacha is infheidhme maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus na cearta a bhaineann leis an bpróiseáil sin.

 


NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Linn tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú

Tagairtí

COM(2023)0716 – C9-0413/2023 – 2023/0404(COD)

An coiste freagrach/na coistí freagracha

LIBE

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

8.2.2024

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Tomas Tobé

4.12.2024

Dáta an ghlactha

28.1.2025

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

16

5

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Hildegard Bentele, Robert Biedroń, Niels Geuking, Marc Jongen, Murielle Laurent, Reinhold Lopatka, Isabella Lövin, Thierry Mariani, Liudas Mažylis, Ana Miranda Paz, Tiago Moreira de Sá, Leire Pajín, Isabel Serra Sánchez, Kristoffer Storm

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Anna-Maja Henriksson, Paolo Inselvini, Ondřej Kolář, Marit Maij, Carolina Morace, Cecilia Strada

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

16

+

PPE

Hildegard Bentele, Niels Geuking, Ondřej Kolář, Reinhold Lopatka, Liudas Mažylis

Renew

Barry Andrews, Anna-Maja Henriksson

S&D

Robert Biedroń, Murielle Laurent, Marit Maij, Leire Pajín, Cecilia Strada

An Chlé

Carolina Morace, Isabel Serra Sánchez

Na Glasaigh/SCE

Isabella Lövin, Ana Miranda Paz

 

5

-

ECR

Paolo Inselvini, Kristoffer Storm

ENC

Marc Jongen

TdE

Thierry Mariani, Tiago Moreira de Sá

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA (20.2.2025)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear linn tallainne an Aontais

(COM(2023)0716 – C9‑0413/2023 – 2023/0404(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Marianne Vind

 

LEASUITHE

Cuireann an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta an méid seo a leanas faoi bhráid an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach:

Leasú  1

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Tá an tAontas agus na Ballstáit aonair ag tabhairt aghaidh ar ghanntanais i raon leathan earnálacha agus gairmeacha beatha, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach. Na ganntanais fhairsinge san fhoirgníocht, sa chúram sláinte, san fháilteachas, san iompar, i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus i dteicneolaíocht na heolaíochta, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic, is ganntanais sheanbhunaithe iad agus tá siad níos measa mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus dlús á chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Meastar go leanfar de na ganntanais saothair agus go bhféadfaidh siad dul in olcas i bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach.

(1) Tá ganntanais roimh an Aontas agus roimh na Ballstáit aonair i réimse leathan earnálacha agus gairmeacha beatha a bhfuil leibhéil éagsúla cáilíochtaí acu, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach,agus don taighde agus don fhorbairt theicneolaíoch. Na ganntanais fhairsinge san fhoirgníocht, sa chúram sláintem agus cúraim, san fháilteachas, san iompar, sa talmhaíocht, i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus i dteicneolaíocht na heolaíochta, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic, is ganntanais sheanbhunaithe iad agus tá siad níos measa mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus dlús á chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Meastar go leanfar de na ganntanais saothair agus go rachaidh in olcas tuilleadh i bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a) D’fhéadfadh ganntanas lucht saothair a bheith mar thoradh ar dhrochdhálaí oibre agus fostaíochta, lena n-áirítear pá íseal, chomh maith le heaspa infheistíochta i scileanna agus i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint (VET). Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin chun oibrithe a mhealladh agus a choinneáil. Ina leith sin, tá pá cuibhiúil, rochtain ar chosaint shóisialta, deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil, dálaí maithe oibre in ionaid oibre atá sábháilte agus sláintiúil, urraim do chearta oibrithe, cearta ceardchumainn, cómhargáil chomh maith le cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn ríthábhachtach.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair, tá gá le cur chuige cuimsitheach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear, mar thosaíocht, acmhainneacht iomlán na ngrúpaí a bhfuil rannpháirtíocht níos ísle sa mhargadh saothair acu a bhaint amach ar bhealach níos fearr, an lucht saothair atá ann cheana a athsciliú agus a uas-sciliú, soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas a éascú, chomh maith le feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar tharraingteacht gairmeacha áirithe. Mar gheall ar scála reatha na nganntanas sa mhargadh saothair agus na dtreochtaí déimeagrafacha, is dócha nach leor bearta atá dírithe ar an lucht saothair baile agus ar lucht saothair an Aontais amháin chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, tá an imirce dhleathach ríthábhachtach chun na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú agus ní mór di a bheith mar chuid den réiteach chun tacú go hiomlán leis an aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach.

(2) Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair, tá gá le cur chuige uaillmhianach agus cuimsitheach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear, mar thosaíocht, acmhainneacht iomlán na n-oibrithe agus na gcuardaitheoirí poist atá ina gcónaí san Aontas a bhaint amach ar bhealach níos fearr, go háirithe iad siúd atá faoi ghannionadaíocht i margadh an tsaothair nó i gcásanna leochaileacha. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach tríd an lucht saothair atá ann cheana a athsciliú agus a uas-sciliú, trí dheiseanna oideachais agus oiliúna a fheabhsú, trí shoghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas a éascú, trí úsáid níos fearr a bhaint as líonra EURES, trí aitheantas scileanna agus dioplómaí a fheabhsú, chomh maith le feabhas a chur ar fhostaíocht agus ar dhálaí oibre,ar tharraingteacht gairmeacha áirithe, ar fhorbairt gairme, ar straitéisí coinneála agus ar infhostaitheacht náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí san Aontas cheana féin.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a) Mar gheall ar scála reatha na nganntanas sa mhargadh saothair agus ar na treochtaí déimeagrafacha, tá bearta atá dírithe ar an lucht saothair intíre agus ar lucht saothair an Aontais ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna laistigh den Aontas atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo ach is dócha nach leor iad. Measann an Coimisiún, mar gheall ar an laghdú a mheastar a thiocfaidh ar an daonra in aois oibre, go mbeidh ganntanas saothair de sheacht milliún oibrí ar a laghad san Aontas faoi 20301a. Is féidir leis an imirce dhleathach na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú, tacú leis an dá aistriú agus geilleagar agus iomaíochas an Aontais a neartú. Ba cheart ganntanais saothair a shainaithint agus oibrithe ó thríú tíortha a mhealladh ar bhealach trédhearcach, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus faoi réir urraim do phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais.

 

__________________

 

1a An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, ‘Fostaíocht agus forbairtí sóisialta san Eoraip 2023’, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2767/089698

Leasú  5

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2b) Is féidir leis an Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES), a sholáthraíonn faisnéis, comhairle agus earcaíocht nó socrúchán ar mhaithe le hoibrithe agus fostóirí ar fud an Aontais, ról suntasach a bheith aige maidir le folúntais a fhoilsiú d’fhonn oibrithe a mhealladh ó Bhallstáit eile.

Leasú  6

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2c) Ba cheart d’ardán Linn Tallainne an Aontais freastal ar riachtanais sheanbhunaithe an mhargaidh saothair agus níor cheart go bhfeidhmeodh sé mar bhealach chun an lucht saothair atá ann cheana a easáitiú nó chun tionchar diúltach a imirt air nó chun an bonn a bhaint ar bhealach eile ó dhálaí oibre cuibhiúla agus ó phá cuibhiúil nó ó iomaíocht chóir. Chun tacú níos fearr le hiarrachtaí na mBallstát aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais díriú ar ghairmeacha sonracha ar gach leibhéal scileanna, bunaithe ar ghairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe, arna sainaithint ag na Pointí Teagmhála Náisiúnta. Níor cheart do Linn Tallainne an Aontais difear a dhéanamh do phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais agus, dá bhrí sin, níor cheart í a úsáid chun náisiúnaigh tríú tír a earcú ach amháin mura féidir folúntas a líonadh trí earcaíocht san Aontas trí bhíthin seirbhísí náisiúnta fostaíochta agus tairseach EURES, arna bhfíorú le tástálacha ar an margadh saothair nó le haon nósanna imeachta comhchosúla a chomhlíonann an sprioc chéanna i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

Leasú  7

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2d) Ba cheart Linn Tallainne an Aontais a bheith bunaithe ar luachanna na dlúthpháirtíochta agus an cheartais agus ba cheart iomaíocht éagórach idir na Ballstáit d’oibrithe tríú tír a sheachaint léi. Ba cheart dó earcaíocht chothrom a fheabhsú agus cosaint cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar dhúshaothrú a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chearta an duine agus saothair. Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais feidhmiú ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ar bhonn critéir lena gceadaítear do chuardaitheoirí poist a bhfuil gach leibhéal scileanna acu a bheith rannpháirteach. Ba cheart béim ar leith a leagan ar chuardaitheoirí poist ban ó thríú tíortha, atá an-leochaileach i leith an idirdhealaithe, an eisiaimh shóisialta, na mí-úsáide, an fhoréigin agus an chiaptha.

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú agus chun deiseanna a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais, ba cheart Linn Tallainne an Aontais a bhunú i bhfoirm ardáin ar fud an Aontais lena dtugtar le chéile agus lena dtacaítear le meaitseáil próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus folúntais fostaíochta fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

(3) Chun earcaíocht chothrom idirnáisiúnta a éascú, ganntanais saothair agus scileanna a shárú agus deiseanna a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais, ba cheart Linn Tallainne an Aontais a bhunú i bhfoirm ardán uile-Aontais lena dtugtar le chéile agus lena dtacaítear le meaitseáil próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ar gach leibhéal cáilíochta ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus folúntais phoist fostóirí cláraithe atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

Leasú  9

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais tacú leis na Ballstáit rannpháirteacha aghaidh a thabhairt ar scileanna agus ar ghanntanais saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo trí náisiúnaigh tríú tír a earcú a mhéid nach leor gníomhachtú an lucht saothair baile agus na soghluaisteachta laistigh den Aontas chun an cuspóir sin a bhaint amach. Mar uirlis dheonach chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais tacaíocht bhreise a thairiscint ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit a bhfuil suim acu ann. Chuige sin, ba cheart comhlántacht agus idir-inoibritheacht le tionscnaimh agus ardáin náisiúnta atá ann cheana a áirithiú. Ba cheart riachtanais shonracha na mBallstát a chur san áireamh agus Linn Tallainne an Aontais á forbairt chun an rannpháirtíocht is forleithne is féidir a áirithiú. Dá bhrí sin, is téarma cuimsitheach é ‘Tallann’ a thagraíonn don réimse iomlán scileanna a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mhargaí saothair na mBallstát.

(5) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais tacú leis na Ballstáit rannpháirteacha aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo trí náisiúnaigh tríú tír a earcú chun gníomhachtú an lucht saothair intíre agus na soghluaisteachta laistigh den Aontas a chomhlánú chun an cuspóir sin a bhaint amach. Mar uirlis dheonach chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais tacaíocht bhreise a thairiscint ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit a bhfuil suim acu ann. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tarraingt siar ó Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart comhlántacht agus idir-inoibritheacht le tionscnaimh agus ardáin náisiúnta atá ann cheana a áirithiú ach gan teacht in ionad na struchtúr náisiúnta atá ann cheana. Ba cheart riachtanais shonracha na mBallstát, arna mbunú tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta, a chur i gcuntas i bhforbairt Linn Tallainne an Aontais chun an rannpháirtíocht is leithne agus is cothroime is féidir a áirithiú. Dá bhrí sin, is téarma cuimsitheach é ‘Tallann’ a thagraíonn don raon iomlán scileanna,inniúlachtaí agus cáilíochtaí a bhfuil gá foirmiúil nó neamhfhoirmiúil leo a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mhargaí saothair na mBallstát. Ba cheart faireachán a dhéanamh freisin ar staid tríú tíortha i margadh an tsaothair chun an riosca go mbeadh imirce daoine oilte ann a sheachaint.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Tá sé mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais seirbhísí a sholáthar d’fhostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí fostaíochta príobháideacha, gníomhaireachtaí oibre sealadacha agus idirghabhálaithe sa mhargadh saothair mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún 181 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair ó 1997.

(6) Is é is aidhm do Linn Tallainne an Aontais seirbhísí a sholáthar d’fhostóirí atá bunaithe go dlíthiúil i mBallstát rannpháirteach, lena n-áirítear gníomhaireachtaí oibre sealadacha mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/104/CE. Ba cheart go mbeadh sé i gceist ag fostóirí nó go mbeadh caidreamh fostaíochta díreach acu sa Bhallstát sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le cuardaitheoir poist cláraithe ó thríú tír. Chun críche an phróisis earcaíochta, féadfaidh gníomhaireacht earcaíochta tacú le fostóirí. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do fhreagrachtaí na bhfostóirí cláraithe a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart don ghníomhaireacht earcaíochta próifíl a chlárú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus a chur in iúl go soiléir cén fostóir a bhfuil siad ag earcú dó. Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais díriú go háirithe ar FBManna.

Leasú  11

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht leordhóthanach ar údaráis na mBallstát i nGrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha beirt ionadaithe an ceann a cheapadh, ionadaí amháin ó na húdaráis fostaíochta agus ionadaí amháin ó na húdaráis inimirce.

(8) Chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht leordhóthanach ar údaráis na mBallstát i nGrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha beirt ionadaithe an ceann a cheapadh, ionadaí amháin ó na húdaráis fostaíochta agus ionadaí amháin ó na húdaráis inimirce. Ina theannta sin, ba cheart do gach comhpháirtí sóisialta a bheith in ann triúr ionadaithe a cheapadh ar Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart an deis a bheith ag gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, amhail an tÚdarás Eorpach Saothair, Eurofound, an Lárionad um Fhorbairt na Gairmoiliúna agus an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna, agus ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa freastal ar chruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais mar bhreathnóirí. Ba cheart do Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais a bheith in ann cinneadh a dhéanamh freisin cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, do chomhpháirtithe sóisialta earnála ar leibhéal an Aontais agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile mar bhreathnóirí chuig a chruinnithe.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais a fhorbairt trí úsáid a bhaint as bonneagar TF atá faoi úinéireacht an Choimisiúin cheana a mhéid is féidir. D’fhéadfaí an bonneagar TF a forbraíodh faoi chuimsiú EURES a athúsáid i bpáirt le haghaidh ardán TF Linn Tallainne an Aontais, lena n-áirítear an cainéal comhordaithe aonair agus an uirlis mheaitseála uathoibrithe le hoiriúnuithe ábhartha, lena n-áirítear chun ‘pas comhpháirtíochta tallainne AE’ a chur san áireamh go cuí.

(9) Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais a fhorbairt trí úsáid a bhaint as bonneagar TF atá faoi úinéireacht an Choimisiúin cheana a mhéid is féidir. D’fhéadfaí an bonneagar TF a forbraíodh faoi chuimsiú EURES a athúsáid i bpáirt le haghaidh ardán TF Linn Tallainne an Aontais, lena n-áirítear an cainéal comhordaithe aonair agus an uirlis mheaitseála uathoibrithe le hoiriúnuithe ábhartha, lena n-áirítear chun ‘pas comhpháirtíochta tallainne AE’ a chur san áireamh go cuí. Ba cheart an t-ardán a bheith soláimhsithe agus ba cheart nascleanúint iomasach a áirithiú leis. Ba cheart go mbeadh rannpháirtithe in ann an t-ardán a úsáid gan tacaíocht bhreise ó thríú páirtithe. Ba cheart rochtain éasca a sholáthar freisin do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Treoracha (AE) 2016/21021a agus (AE) 2019/8821b.

 

__________________

 

1a Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lgh. 1-15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/2102/oj).

 

1b Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lgh. 70–115, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).

Leasú  13

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Ba cheart sineirgí a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, idir ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus ionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le rochtain ar ábhair oiliúna amhail Acadamh an Aontais agus an tAcadamh um Eoraip Idir-inoibritheach. Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chur in oiriúint go tapa agus go rialta do chleachtais nua sa teicneolaíocht agus seirbhísí TF úrscothacha a sholáthar trí ghnéithe agus uirlisí nuálacha a thabhairt isteach.

(10) Ba cheart sineirgí a áirithiú, a mhéid is féidir, idir ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus ionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le rochtain ar ábhair oiliúna, mar shampla Acadamh an Aontais agus an tAcadamh um Eoraip Idir-inoibritheach. Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chur in oiriúint go tapa agus go rialta do chleachtais nua sa teicneolaíocht agus seirbhísí TF úrscothacha a sholáthar trí ghnéithe agus uirlisí nuálacha atá sábháilte agus saor ó chlaontacht a thabhairt isteach.

Leasú  14

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Ba cheart formáid na bpróifílí cuardaitheoirí poist agus na bhfolúntas poist a bhunú trí úsáid a bhaint as an aicmiú Eorpach atá ann cheana maidir le gairmeacha beatha, scileanna, inniúlachtaí agus cáilíochtaí (ESCO) mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2016/589 lena bhforáiltear do théarmaíocht chaighdeánaithe le haghaidh gairmeacha beatha, scileanna agus inniúlachtaí agus lena n-éascaítear trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí. Ba cheart go dtacódh aicmiú ESCO le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, ó fhostóirí agus ó Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais chun faisnéis inchomparáide a sholáthar maidir le taithí oibre, gairmeacha a chumhdaítear le folúntas, chomh maith leis na scileanna a thairgeann na cuardaitheoirí poist agus a éilíonn na fostóirí, rud a chumasaíonn próiseas meaitseála ar ardchaighdeán. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais úsáid a bhaint as formáid ESCO chun folúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit nach nglacann aicmiú ESCO le haghaidh folúntais náisiúnta poist táblaí mapála a tháirgeadh lena ndéantar comparáid idir an t-aicmiú a úsáidtear sna córais náisiúnta agus aicmiú ESCO ionas go mbeidh idir-inoibritheacht ann. Ba cheart na táblaí mapála a chur ar fáil don Choimisiún agus ba cheart iad a úsáid chun faisnéis maidir le folúntais phoist nó próifílí cuardaitheora poist a thraschódú go huathoibríoch chun críche meaitseála uathoibrithe tríd an ardán coiteann TF.

(11) Ba cheart formáid na bpróifílí cuardaitheoirí poist agus na bhfolúntas poist a bhunú trí úsáid a bhaint as an aicmiú Eorpach atá ann cheana maidir le gairmeacha beatha, scileanna, inniúlachtaí agus cáilíochtaí (ESCO) mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2016/5898 lena bhforáiltear do théarmaíocht chaighdeánaithe le haghaidh gairmeacha beatha, scileanna agus inniúlachtaí agus lena n-éascaítear trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí. Ba cheart go dtacódh aicmiú ESCO le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, ó fhostóirí agus ó Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais chun faisnéis inchomparáide a sholáthar maidir le taithí oibre, gairmeacha a chumhdaítear le folúntas, chomh maith leis na scileanna a thairgeann na cuardaitheoirí poist agus a éilíonn na fostóirí cláraithe, rud a chumasaíonn próiseas meaitseála ar ardchaighdeán. I gcomhréir le Moladh (AE) 2023/26118a ón gCoimisiún, ba cheart cur chuige ‘tús áite do scileanna’ a chur i bhfeidhm sa phróiseas meaitseála ina gcuirtear gach cineál cáilíochta agus scileanna san áireamh, amhail gairmoideachas agus gairmoiliúint, céimeanna, teastais shonracha (‘micridhintiúir’) chomh maith le scileanna agus inniúlachtaí a fhaightear i suíomhanna seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais úsáid a bhaint as formáid ESCO chun folúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit nach nglacann aicmiú ESCO le haghaidh folúntais náisiúnta poist táblaí mapála a tháirgeadh lena ndéantar comparáid idir an t-aicmiú a úsáidtear sna córais náisiúnta agus aicmiú ESCO ionas go mbeidh idir-inoibritheacht ann. Ba cheart na táblaí mapála a chur ar fáil don Choimisiún agus ba cheart iad a úsáid chun faisnéis maidir le folúntais phoist nó próifílí cuardaitheora poist a thraschódú go huathoibríoch chun críche meaitseála uathoibrithe tríd an ardán coiteann TF.

__________________

__________________

8 Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/oj). http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/oj).

8 Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/oj). http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/oj).

 

8a Moladh (AE) 2023/2611 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír (IO L 2023/2611, 24.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2611/oj).

Leasú  15

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Ba cheart an phróiseáil chun críche feidhmeanna cuardaigh agus meaitseála ardán TF Linn Tallainne an Aontais a theorannú do shonraí pearsanta is gá chun na cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a shainaithint, chun cuardach agus meaitseáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chumasú chomh maith le bailiú sonraí chun feidhmiú na linne Tallann a fheabhsú. Níor cheart go gceanglófaí leis sin aon sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725 a phróiseáil.

(13) Ba cheart an phróiseáil chun críche feidhmeanna cuardaigh agus meaitseála ardán TF Linn Tallainne an Aontais a theorannú do shonraí pearsanta is gá chun na cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a shainaithint, chun cuardach agus meaitseáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chumasú chomh maith le bailiú sonraí chun feidhmiú na linne Tallann a fheabhsú. Níor cheart go gceanglófaí leis sin aon sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725 a phróiseáil.

Leasú  16

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Ba cheart an ceart a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh, mar shampla, trí rochtain ar a gcuid sonraí teagmhála a shrianadh. Ba cheart próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais nár úsáideadh le tréimhse 2 bhliain a bhaint go huathoibríoch. Nuair a bhaintear próifílí, d’fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh, lena n-áirítear chun críche táirgeadh agus cáilíocht an staidrimh Eorpaigh.

(14) Ba cheart an ceart a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ag fostóirí cláraithe rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh, mar shampla, trí rochtain ar a gcuid sonraí teagmhála a shrianadh. Ba cheart próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha in ardán TF Linn Tallainne an Aontais nach bhfuarthas rochtain orthu ar feadh tréimhse bliana a bhaint go huathoibríoch. Ba cheart próifílí fostóirí cláraithe in ardán TF Linn Tallainne an Aontais nár úsáideadh ar feadh tréimhse 2 bhliain a bhaint go huathoibríoch. Ba cheart fógra a sheoladh roimh aon bhaint próifíle a cheadaíonn tréimhse réasúnta ama chun freagairt. Ba cheart do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí cláraithe a bheith in ann a bpróifílí a bhaint d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais tráth ar bith. Nuair a bhaintear próifílí, d’fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh, lena n-áirítear chun críche táirgeadh agus cáilíocht an staidrimh Eorpaigh. Ba cheart folúntais poist agus cuardaitheoirí poist gaolmhara ó phróifílí tríú tíortha a bhaint go huathoibríoch d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais a luaithe a bheidh fógra tugtha ag fostóirí cláraithe go bhfuil an earcaíocht curtha i gcrích go rathúil.

Leasú  17

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Gan dochar dá n-oibleagáid ábhair sonraí a chur ar an eolas maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus a gcearta mar ábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais agus Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais cuardaitheoirí poist agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a chur ar an eolas faoina gcearta chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh go teicniúil agus a cheangal, tráth ar bith, go ndéanfaí a gcuid sonraí pearsanta a áirítear ina bpróifílí a scriosadh nó a mhodhnú.

(15) Gan dochar dá n-oibleagáid ábhair sonraí a chur ar an eolas maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus a gcearta mar ábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais agus Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais cuardaitheoirí poist agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a chur ar an eolas faoina gcearta chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh go teicniúil agus a cheangal, tráth ar bith, go ndéanfaí a gcuid sonraí pearsanta a áirítear ina bpróifílí a scriosadh nó a mhodhnú.

Leasú  18

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais rannchuidiú leis an gcuspóir imirce neamhrialta a dhíspreagadh, lena n-áirítear trí rochtain ar bhealaí dlíthiúla atá ann cheana a éascú. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó toirmeasc ar iontráil i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11, níor cheart cead a bheith acu a bpróifílí a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais, ós rud é nach gceadófar dóibh iontráil agus fanacht san Aontas. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, sula gcláróidh siad a bpróifílí i Linn Tallainne an Aontais, a dhearbhú nach bhfuil siad faoi réir diúltaithe faoi láthair dul isteach nó fanacht i mBallstát nó faoi réir toirmeasc ar iontráil i gcríoch an Aontais. Ba cheart faisnéis a sholáthar freisin faoi na hiarmhairtí a bhaineann le dearbhú bréagach a dhéanamh ina leith sin.

(16) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais rannchuidiú leis an gcuspóir rochtain ar chonairí dleathacha imirce lucht saothair atá ann cheana a éascú. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó toirmeasc ar iontráil; i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11, níor cheart cead a bheith acu a bpróifílí a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais, ós rud é nach gceadófar dóibh iontráil agus fanacht san Aontas. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, sula gcláróidh siad a bpróifílí i Linn Tallainne an Aontais, a dhearbhú nach bhfuil siad faoi réir diúltaithe faoi láthair dul isteach nó fanacht i mBallstát nó faoi réir toirmeasc ar iontráil i gcríoch an Aontais. Ba cheart faisnéis shoiléir a sholáthar freisin maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le dearbhú bréagach a dhéanamh ina leith sin, i.e. próifílí cuardaitheoirí poist a scriosadh ó Ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus rochtain ar Linn Tallainne an Aontais a chur ar fionraí.

__________________

__________________

11 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).

11 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).

Leasú  19

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú i Linn Tallainne an Aontais próifíl a chruthú trí úsáid a bhaint as feidhmiúlacht tógálaí próifíle Europass12 lena gcumasaítear próifíl saor in aisce a chruthú agus na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí ábhartha eile a thuairisciú in aon suíomh slán amháin ar líne.

(17) Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú i Linn Tallainne an Aontais próifíl a chruthú trí úsáid a bhaint as feidhmiúlacht tógálaí próifíle Europass12 lenar féidir próifíl a chruthú saor in aisce agus na scileanna ábhartha a thuairisciú, lena n-áirítear scileanna teanga, cáilíochtaí agus taithí eile, agus doiciméid ábhartha a uaslódáil in aon suíomh slán amháin ar líne. Ba cheart próifílí cuardaitheoirí poist a scagadh go huathoibríoch chun próifílí atá neamhiomlán, a léiríonn patrúin amhrasacha, nó ina bhfuil faisnéis atriallach a bhrath. Níor cheart go scriosfaí próifílí den sórt sin go huathoibríoch mar thoradh ar an mbonneagar teicniúil chun próifílí a scagadh, ach ba cheart iad a threorú chuig modhnóir daonna lena gcinneadh.

__________________

__________________

12 Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/646/oj).

12 Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/646/oj).

Leasú  20

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17a) Ba cheart d’fhostóirí ó na Ballstáit rannpháirteacha ar mian leo clárú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais próifíl a chruthú trí úsáid a bhaint as nós imeachta caighdeánaithe chun próifíl a chruthú saor in aisce ina soláthrófar an fhaisnéis uile is gá. Ba cheart go n‑áireofaí i bpróifílí na bhfostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais ainm na cuideachta, an earnáil gníomhaíochta, tuairisc ghairid ar oibríochtaí agus uimhir chlárúcháin na cuideachta, chomh maith le hainm, sloinne agus sonraí teagmhála a hionadaí. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta seiceálacha a dhéanamh ar na fostóirí agus ar na gníomhaireachtaí earcaíochta laistigh de dheich lá oibre sula ndéantar a bpróifíl a ghníomhachtú go huathoibríoch. Ba cheart cinntí ábhartha riaracháin nó breithiúnacha a raibh an fostóir faoina réir a bheith san áireamh sna seiceálacha sin. Níor cheart go gcruthódh na seiceálacha aon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis d’fhostóirí cláraithe agus do ghníomhaireachtaí earcaíochta. Ba cheart próifílí fostóirí a scagadh go huathoibríoch chun próifílí neamhiomlána a bhrath, chun patrúin amhrasacha a léiriú, nó chun faisnéis atriallach a bheith iontu. Níor cheart go scriosfaí na próifílí sin go huathoibríoch mar thoradh ar an mbonneagar teicniúil chun próifílí a scagadh, ach ba cheart iad a threorú chuig modhnóir daonna lena gcinneadh.

Leasú  21

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17b) Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais rochtain fostóra chláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a chur ar fionraí agus ba cheart dóibh folúntais phoist an fhostóra sin a bhaint d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais a luaithe a chruthófar aon sáruithe ar an Rialachán seo. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais faisnéis a sholáthar freisin maidir leis na sáruithe sin agus maidir le bearta ábhartha arna ndéanamh do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais agus do Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  22

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) I gcás inar gá, ba cheart aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí agus do bhailíochtú scileanna cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha sna Ballstáit rannpháirteacha arna iarraidh sin don chuardaitheoir poist nó don fhostóir i gcomhréir leis an dlí agus leis na cleachtais náisiúnta, agus le haon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Socruithe maidir le hAitheantas Frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla. Ba cheart cúnamh pearsantaithe agus faisnéis ar líne maidir le nósanna imeachta aitheantais agus bailíochtaithe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar fáil in ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais é a sholáthar.

(18) Ba cheart aitheantas cáilíochtaí agus bailíochtú scileanna cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha, a fuarthas i suíomhanna foirmiúla agus seachfhoirmiúla, a dhéanamh sna Ballstáit rannpháirteacha arna iarraidh sin don chuardaitheoir poist nó don fhostóir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na cleachtais náisiúnta, agus le haon chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear Socruithe um Aitheantas Frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla,i gcomhréir le Moladh (AE) 2023/2611 ón gCoimisiún1a. Ba cheart cúnamh pearsantaithe agus faisnéis ar líne maidir le nósanna imeachta aitheantais agus bailíochtaithe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar fáil in ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais é a sholáthar.

 

__________________

 

1a Moladh (AE) 2023/2611 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír (IO L 2023/2611, 24.11.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023H2611)

Leasú  23

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a) Ba cheart uirlis gearán atá éasca le húsáid a bheith ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. cheart gearáin arna ndéanamh ag cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha nó ó fhostóirí a úsáideann Linn Tallainne an Aontais a tharchur chuig Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais. I gcás inarb ábhartha, ba cheart don rúnaíocht na gearáin a chur ar aghaidh chuig na Pointí Teagmhála Náisiúnta lena mbaineann. Ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Grúpa Stiúrtha na Linne Tallainne a chur ar an eolas ar bhonn rialta faoi líon na ngearán agus faoina bhforas.

Leasú  24

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) I gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Tallainne, faigheann náisiúnaigh tríú tíortha roghnaithe tacaíocht d’fhorbairt agus do bhailíochtú scileanna i gcreat arna fhormhuiniú ag na Ballstáit a ghlacann páirt i gComhpháirtíocht Tallainne agus i dtíortha comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, ba cheart na scileanna a forbraíodh nó a bailíochtaíodh faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallann a dheimhniú le ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne an Aontais’ atá le feiceáil i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a bheith in ann próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a scagadh chun iad siúd a bhfuil ‘pas comhpháirtíochta tallainne AE’ faighte acu a léirshamhlú. D’fhéadfadh sé sin fostóirí a spreagadh chun socrúchán poist a thairiscint san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit, faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallainne, na coinníollacha a chinneadh maidir le ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne an Aontais’  a eisiúint chun críche Linne Tallann an Aontais, lena n-áirítear ar cheart d’údarás náisiúnta tíre comhpháirtíochta, d’eagraíocht idirnáisiúnta nó do gheallsealbhóirí eile tacú lena sheachadadh. Tá eisiúint ‘pas comhpháirtíochta tallainne de chuid AE’ gan dochar do rialacha Eorpacha agus náisiúnta maidir le rochtain ar ghairmeacha rialáilte.

(19) I gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Tallainne, faigheann náisiúnaigh tríú tíortha roghnaithe tacaíocht d’fhorbairt agus do bhailíochtú scileanna i gcreat arna fhormhuiniú ag na Ballstáit a ghlacann páirt i gComhpháirtíocht Tallainne agus i dtíortha comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, ba cheart na scileanna a forbraíodh nó a bailíochtaíodh faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallann a dheimhniú le ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne an Aontais’ atá le feiceáil i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart d’fhostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a bheith in ann próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a scagadh chun iad siúd a bhfuil ‘pas comhpháirtíochta tallainne de chuid AE’ faighte acu a léirshamhlú. D’fhéadfadh sé sin fostóirí a spreagadh chun socrúchán poist a thairiscint san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit, faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallainne, na coinníollacha a chinneadh maidir le ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne an Aontais’ a eisiúint chun críche Linn Tallainne an Aontais, lena n-áirítear ar cheart d’údarás náisiúnta tíre comhpháirtíochta, d’eagraíocht idirnáisiúnta nó do gheallsealbhóirí eile tacú lena sheachadadh, chomh maith leis na forálacha maidir le hinchomparáideacht agus aitheantas cáilíochtaí. Tá eisiúint ‘pas comhpháirtíochta tallainne AE’ gan dochar do rialacha Eorpacha agus náisiúnta maidir le rochtain ar ghairmeacha rialáilte.

Leasú  25

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) I gcomhthéacs Comhpháirtíochta Tallainne, féadfar forbairt agus bailíochtú scileanna a dhíriú ar mhargadh fostaíochta Ballstáit rannpháirtigh amháin nó níos mó. Féadfaidh na Ballstáit rannchuidiú, ó thaobh airgeadais de, leis an tacaíocht d’fhorbairt agus do bhailíochtú scileanna a thairgtear i gcomhthéacs Comhpháirtíochta Tallainne a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, má chinneann na Ballstáit atá rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht Tallainne amhlaidh, níor cheart ach d’fhostóirí atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne a bheith in ann, ar feadh uastréimhse bliana, cuardaitheoirí poist cláraithe a bhfuil ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne AE’ acu a chuardach. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin, go háirithe, i gcásanna ina raibh forbairt scileanna dírithe go sonrach ar riachtanais Ballstáit. Faisnéis maidir le cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear an fhéidearthacht sin i bhfeidhm agus cad iad na cásanna ar cheart iad a sholáthar ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais, chun cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a chur ar an eolas. Féadfaidh gach fostóir atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" acu a chuardach tar éis don tréimhse ama sin a bheith caite. Ba cheart an deis a bheith i gcónaí ag cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a fuair tacaíocht faoi Chomhpháirtíocht Tallainne clárú i Linn Tallainne an Aontais mar aon náisiúnach tríú tír eile, gan a dhearbhú gurb ann do "pas comhpháirtíochta tallainne AE" agus mar sin a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar phoist i mBallstáit eile.

scriosta

Leasú  26

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir le gach gníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais, go háirithe maidir leis an gceart chun cóir chothrom chomhionann a fháil i ndáil le dálaí oibre, le pá íosta, le rochtain ar chosaint shóisialta, le hoiliúint agus le cosaint daoine óga ag an obair. I gcomhréir leis na prionsabail sin, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais fostaíocht ardchaighdeáin a áirithiú.

(22) Ba cheart go dtacódh Linn Tallainne an Aontais le poist ardcháilíochta a chruthú san Aontas, i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéantar i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais, go háirithe maidir leis an gceart chun cóir chothrom chomhionann a fháil do chuardaitheoirí poist roghnaithe ó thús a gconartha i ndáil le cearta agus dálaí oibre oibrithe, luach saothair, rochtain ar chosaint shóisialta, cúram sláinte, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil. I gcomhréir leis na prionsabail sin, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais fostaíocht ardcháilíochta, soghluaisteacht chothrom an lucht saothair agus iomaíocht chóir a áirithiú. Tá rannpháirtíocht an Údaráis Eorpaigh Saothair ríthábhachtach ina leith sin. Ba cheart don Linn Tallainne cuimsiú daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, cosaint daoine óga ag an obair chomh maith le comhionannas inscne. Ba cheart rochtain a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntas i Linn Tallainne an Aontais ar na comhlachtaí comhionannais sna Ballstáit rannpháirteacha arna mbunú le Treoir (AE) 2024/15001a agus le Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle1b.

 

__________________

 

1a Treoir (AE) 2024/1500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena leasaítear Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE (IO L, 2024/1500, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1500/oj).

 

1b Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí agus lena leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE (IO L, 2024/1499, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1499/oj).

Leasú  27

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Leagtar amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ina "Prionsabail ghinearálta agus treoirlínte oibríochtúla maidir le hearcaíocht chóir" roinnt caighdeán maidir le cosaint leordhóthanach cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i gcoinne earcaíocht éagórach. Ba cheart d’fhostóirí dlí agus cleachtas an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh. Ina theannta sin ba cheart do na fostóirí cóir chomhionann a áirithiú do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i ndáil le náisiúnaigh na mBallstát rannpháirteach i gcomhréir le Treoir 2011/9813, Treoir 2014/36/AE14, Treoir 2021/1883/AE15, agus Treoir 2016/801/AE16. I gcomhréir le Treoir 2019/1152/AE17, ba cheart d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais faisnéis i scríbhinn agus i dteanga intuigthe faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta ag tús na fostaíochta a sholáthar do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha. Ba cheart an áit agus an cineál oibre, fad na fostaíochta, an luach saothair, na huaireanta oibre, méid aon saoire le pá agus, i gcás inarb infheidhme, dálaí oibre ábhartha eile a áireamh san fhaisnéis sin. Níor cheart d’fhostóir aon táillí earcaíochta a ghearradh ná toirmeasc a chur ar oibrí glacadh le post le fostóirí eile, lasmuigh den chlár oibre a chuirtear ar bun leis an bhfostóir, ná níor cheart dóibh caitheamh go díobhálach le hoibrí má dhéanann sé nó sí amhlaidh. Ba cheart d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Treoir 96/71/CE18 arna leasú le Treoir 2018/957 a chomhlíonadh agus iad ag postú oibrithe faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar, go háirithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a bhunaítear dá réir sin amhail an oibleagáid nach féidir oibrithe tríú tír a phostú chuig Ballstát ach amháin má tá siad fostaithe go dlíthiúil agus de ghnáth i mBallstát eile.

(23) Leagann an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) roinn caighdeán amach ina ‘prionsabail ghinearálta agus treoirlínte oibríochtúla maidir le hearcaíocht chóir’ maidir le cosaint leordhóthanach cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i gcoinne earcaíocht éagórach. Ba cheart d’fhostóirí dlí agus cleachtas an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh. Ba cheart do na fostóirí cóir chomhionann cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha le náisiúnaigh an Bhallstáit rannpháirtigh faoi seach a áirithiú freisin i gcomhréir le Treoir 2011/9813, Treoir 2014/36/AE14, Treoir (AE) 2021/188315, agus Treoir (AE) 2016/80116. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha agus leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na dTreoracha sin ag fostóirí.

__________________

__________________

13 Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceadúnas aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar de chearta comhchoiteanna d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát (IO L 343, 23.12.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/98/oj).

13 Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceadúnas aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar de chearta comhchoiteanna d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát (IO L 343, 23.12.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/98/oj).

14 Treoir 2014/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críche fostaíochta mar oibrithe séasúracha (IO L 94, 28.3.2014, lch. 375, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/36/oj).

14 Treoir 2014/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críche fostaíochta mar oibrithe séasúracha (IO L 94, 28.3.2014, lch. 375, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/36/oj).

15 Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta ardcháilíochta, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle, IO L 382, 28.10.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/1883/oj).

15 Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle, IO L 382, 28.10.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/1883/oj).

16 Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair (athmhúnlú), IO L 132, 21.5.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/801/oj).

16 Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair (athmhúnlú), IO L 132, 21.5.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/801/oj).

17 Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1152/oj).

 

18 Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/71/oj).

 

Leasú  28

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a) Ba cheart go n-áireofaí ar fholúntais phoist a aistrítear chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais faisnéis mhionsonraithe faoin bhfostóir chomh maith leis na dálaí fostaíochta agus oibre, amhail an ghnátháit oibre, an cineál oibre, earnáil na gníomhaíochta, ceanglais cháilíochta, na príomhchúraimí, cineál agus fad an chonartha, an luach saothair tosaigh nó a raon, na huaireanta oibre agus an t-am oibre, aon tréimhse phromhaidh, an méid saoire le pá agus an phróifíl teanga a iarradh. I gcomhréir le Treoir (AE) 2019/11521a, ba cheart d’fhostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais faisnéis a sholáthar i scríbhinn agus ar bhealach soiléir, sothuigthe agus inrochtana go héasca do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha maidir lena gcearta agus lena n‑oibleagáidí a eascraíonn as an gcaidreamh fostaíochta ag tús na fostaíochta ar a dhéanaí.

 

__________________

 

17 Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1152/oj).

Leasú  29

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23b) Níor cheart go mbeadh aon chostais ná táillí díreacha ná indíreacha ann do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhaineann lena rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais ná lena n‑earcú. Níor cheart d’fhostóir aon táillí earcaíochta a ghearradh ná toirmeasc a chur ar oibrí glacadh le post le fostóirí eile, lasmuigh den chlár oibre a chuirtear ar bun leis an bhfostóir, ná níor cheart dóibh caitheamh go díobhálach le hoibrí má dhéanann sé nó sí amhlaidh. Ba cheart don fhostóir costais a bhaineann le hoiliúint teanga agus le hearcaíocht a chumhdach.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23c) Ba cheart d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Treoir 96/71/CE1a arna leasú le Treoir 2018/957 a chomhlíonadh agus iad ag postú oibrithe faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar, go háirithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a bhunaítear dá réir sin amhail an oibleagáid nach féidir oibrithe ó thríú tíortha a phostú chuig Ballstát ach amháin má tá siad fostaithe go dlíthiúil agus de ghnáth i mBallstát eile.

 

__________________

 

1a Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/71/oj).

Leasú  31

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23d) Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, i gcomhar le cigireachtaí saothair náisiúnta agus comhpháirtithe sóisialta, faireachán a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann fostóirí cláraithe dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme chomh maith le Prionsabal Ginearálta agus Treoirlínte Oibríochtúla EIS maidir le hEarcaíocht Chóir. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar earnálacha atá i mbaol níos mó calaoise, ina bhfuil cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha an-leochaileach agus ina bhfuil baol mór dúshaothraithe agus mí-úsáide saothair. Chun bochtaineacht lucht oibre agus spleáchas ar chúnamh sóisialta a chosc, ba cheart do na Pointí Teagmhála Náisiúnta a fhíorú go bhfuil an luach saothair a bhaineann le folúntas leormhaith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, go háirithe maidir le pá íosta reachtúil agus comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme.

Leasú  32

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) Chun meaitseáil ardchaighdeáin a áirithiú, ba cheart do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist agus d’fholúntais phoist chláraithe atá molta bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre don fholúntas poist. Gintear an liosta le huirlis mheaitseála uathoibrithe ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

(24) Chun meaitseáil ardchaighdeáin a áirithiú, ba cheart do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist agus d’fholúntais phoist chláraithe atá molta bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre don fholúntas poist. Gintear an liosta le huirlis mheaitseála uathoibrithe ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart na critéir mheaitseála a bheith trédhearcach agus cothrom le dáta. Leis an meaitseáil uathoibrithe, ba cheart aon chlaontacht nó idirdhealú a sheachaint agus ba cheart coimircí ionsuite a bheith ann ina leith sin. Ba cheart an deis a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ag fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais bunachar sonraí Linn Tallainne an Aontais a chuardach iad féin go neamhspleách agus scagairí a úsáid chun próifílí sonracha nó folúntais phoist a shainaithint.

Leasú  33

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena feidhmiú a chur ar fáil go héasca do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus ó fhostóirí, go háirithe maidir le faisnéis faoi na húdaráis inniúla sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis sin na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais.

(26) Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena feidhmiú a chur ar fáil go héasca do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus ó fhostóirí, agus FBManna go speisialta, go háirithe maidir le faisnéis faoi na húdaráis inniúla sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis sin na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le clárú agus rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais agus liosta na mBallstát rannpháirteach. Ba cheart a chur i bhfios go láidir freisin go bhfuil úsáid Linn Tallainne an Aontais saor in aisce.

Leasú  34

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) Ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais a áirithiú go mbeidh faisnéis atá inrochtana go héasca maidir le nósanna imeachta inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta náisiúnach tríú tír, dálaí maireachtála agus oibre chomh maith leis na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais chun go bhféadfar í a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart faisnéis ar líne faoi thacaíocht atá ar fáil do chuardaitheoirí poist a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus atá i dtríú tíortha a bheith ar fáil freisin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. D’fhéadfaí go n-áireofaí ar bhearta tacaíochta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm feachtais shonracha faisnéise, tacaíocht chun doiciméad taistil a fháil, agus tacaíocht um imeascadh nuair a thagann siad.

(27) Ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais a áirithiú go mbeidh faisnéis atá inrochtana go héasca maidir le nósanna imeachta inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír, dálaí maireachtála agus oibre chomh maith leis na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais an fhaisnéis ábhartha a sholáthar, lena n-áirítear gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe náisiúnta arna sainaithint chun críoch Linn Tallainne an Aontais, le Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais chun go bhféadfar í a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais liosta comhpháirteach de ghairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe a fhoilsiú sna Ballstáit rannpháirteacha ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart faisnéis ar líne faoi thacaíocht atá ar fáil do chuardaitheoirí poist a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus atá i dtríú tíortha a bheith ar fáil freisin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. D’fhéadfaí go n-áireofaí ar na bearta tacaíochta arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit feachtais shonracha faisnéise, tacaíocht chun doiciméad taistil a fháil, faisnéis faoi nósanna imeachta, tacaíocht chun aistriúcháin dheimhnithe a fháil agus tacaíocht um imeascadh ar iontráil dóibh.

Leasú  35

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) Ba cheart faisnéis a sholáthraítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla na mBallstát rannpháirteach ar a laghad.

(28) Ba cheart faisnéis a sholáthraítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chur ar fáil i dteangacha institiúidí an Aontais ar a laghad. Ba cheart faisnéis earcaíochta do chuardaitheoir poist roghnaithe ó thríú tír a sholáthar i dteanga a bhfuiltear ag súil leis go réasúnta go dtuigfidh an duine í.

Leasú  36

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29) Ba cheart do Thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh tacú le soláthar faisnéise do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena fheidhmiú agus na Ballstáit atá rannpháirteach inti.

(29) Ba cheart do Thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh tacú le soláthar faisnéise do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena fheidhmiú agus na Ballstáit atá rannpháirteach inti. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthar i dteangacha oifigiúla a dtíortha óstacha.

Leasú  37

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais, d’fhéadfadh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais tacaíocht bhreise a sholáthar. Ba cheart go n-áireofaí ar thacaíocht bhreise faisnéis shaincheaptha maidir le víosaí ábhartha agus ceadanna cónaithe chun críocha oibre sa Bhallstát rannpháirteach lena n-áirítear maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír amhail rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas agus tithíocht. Féadfar treoir shonrach agus faisnéis shonrach a sholáthar freisin maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta bhaill teaghlaigh, agus bearta atá ann cheana chun imeascadh a éascú sa Bhallstát óstach amhail cúrsaí teanga agus gairmoiliúint. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis sin freisin na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais faisnéis a sholáthar d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a bhaineann le slándáil shóisialta, le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíochtaí pinsin agus le hárachas sláinte.

(30) Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist roghnaithe ó thríú tíortha nó d’fhostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais, ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais tacaíocht bhreise agus rochtain éasca ar fhaisnéis a sholáthar. D’fhéadfaí go n-áireofaí air sin faisnéis shaincheaptha maidir le víosaí agus ceadanna cónaithe ábhartha chun críoch oibre sa Bhallstát rannpháirteach lena n‑áirítear maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír amhail rochtain ar shochair shóisialta, cúram agus cúnamh sláinte, deiseanna oideachais agus oiliúna, agus tithíocht. Féadfar treoir shonrach agus faisnéis shonrach a sholáthar freisin maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta baill teaghlaigh, agus maidir le bearta atá ann cheana chun imeascadh a éascú agus a spreagadh sa Bhallstát óstach amhail cúrsaí teanga agus gairmoiliúint. Ba cheart go n-áireofaí ar an bhfaisnéis sin freisin na sásraí gearáin agus sásaimh atá ar fáil agus teagmhálacha le ceardchumainn maidir le cásanna dúshaothraithe saothair agus cleachtas earcaíochta éagórach sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais faisnéis a sholáthar d’fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a bhaineann le slándáil shóisialta, lena n‑áirítear teidlíochtaí pinsin agus árachas sláinte, agus chomh maith leis sin maidir le bearta gníomhacha i dtaobh an mhargaidh saothair, conarthaí fostaíochta agus dálaí oibre. D’fhéadfadh ceardchumainn, comhlachais fostóirí, comhlachais tráchtála agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile cúnamh iar-earcaíochta a sholáthar freisin do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí cláraithe. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag líonraí tacaíochta d’oibrithe taistil ó eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta sa chomhthéacs sin.

Leasú  38

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) Chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart a áirithiú go ndéanfar acquis an Aontais maidir le himirce dhleathach a chur chun feidhme go héifeachtach. Ina theannta sin, chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla d’fhostóirí, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur i bhfeidhm go háirithe maidir le bac a chur ar víosaí agus ar cheadanna cónaithe chun críocha oibre agus maidir le díolúine ó phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais. D’fhéadfaí cur chun feidhme nósanna imeachta inimirce luathaithe a phlé i gcomhthéacs Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais, go háirithe chun tacú le malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát.

(31) Chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart a áirithiú go ndéanfar acquis an Aontais maidir le himirce dhleathach a chur chun feidhme go héifeachtach. Ina theannta sin, chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur i bhfeidhm go háirithe maidir le bac a chur ar víosaí agus ar cheadanna cónaithe chun críocha oibre agus maidir le díolúine ó phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais i réimsí gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe arna sainaithint ag na Pointí Teagmhála Náisiúnta.. D’fhéadfaí cur chun feidhme nósanna imeachta inimirce luathaithe a phlé i gcomhthéacs Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais, go háirithe chun tacú le malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát. Ba cheart faisnéis faoi na nósanna imeachta brostaithe sin a chur in iúl go cuí agus a chur ar fáil go cuí do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí cláraithe araon ag céim luath den phróiseas earcaíochta.

Leasú  39

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(31a) Chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá ina gcónaí lasmuigh den Aontas a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha aitheantas luathaithe do nósanna imeachta cáilíochta a chur i bhfeidhm. D’fhéadfaí go n-áireofaí air sin bailíochtú scileanna agus cáilíochtaí, aitheantas foirmiúil do cháilíochtaí gairmiúla eachtracha i gcás gairmeacha rialáilte, nó bailíochtú cáilíochtaí a fuarthas faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallainne. D’fhéadfaí cur chun feidhme aitheantas brostaithe do nósanna imeachta um cháilíochtaí a phlé i gcomhthéacs Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais, go háirithe d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú i measc na mBallstát. Ba cheart faisnéis faoi na nósanna imeachta brostaithe sin a chur in iúl go cuí agus a chur ar fáil go cuí do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí cláraithe araon ag céim luath den phróiseas earcaíochta.

Leasú  40

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ardán uile-Aontais a bhunú arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair ar leibhéal an Aontais trí earcú náisiúnach tríú tír chun oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar easpa bealaí éifeachtacha agus ar an infheictheacht theoranta ar an leibhéal domhanda, ach gur fearr, de bharr scála na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(32) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ardán uile-Aontais a bhunú arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair áirithe ar leibhéal an Aontais trí earcú náisiúnach tríú tír chun oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar easpa bealaí éifeachtacha agus ar an infheictheacht theoranta ar an leibhéal domhanda, ach gur fearr, de bharr scála na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

Leasú  41

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh maidir le hearcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun an Rialachán seo a leasú maidir leis an Iarscríbhinn ina soláthraítear liosta de ghairmeacha ina bhfuil ganntanais ar fud an Aontais. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr19. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

scriosta

__________________

 

19 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj).

 

Leasú  42

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20.

scriosta

__________________

 

20 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32011R0182.

 

Leasú  43

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 35

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35) Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun na teimpléid maidir le formáid ‘phas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais’ a ghlacadh. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na caighdeáin theicniúla maidir le malartú sonraí, formáidí sonraí, formáidí folúntas poist agus formáidí próifílí do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a ghlacadh agus a nuashonrú. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid freisin chun caighdeáin theicniúla a ghlacadh maidir le glacadh na bhfochatagóirí sonraí pearsanta atá le próiseáil, freagrachtaí rialaitheoirí sonraí, lena n-áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as próiseálaí sonraí nó próiseálaithe sonraí, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe srian a chur ar an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

(35) Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun na teimpléid maidir le formáid ‘phas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais’ a ghlacadh. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na caighdeáin theicniúla maidir le malartú sonraí, formáidí sonraí, formáidí folúntas poist agus formáidí próifílí do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí a ghlacadh agus a nuashonrú. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid freisin chun caighdeáin theicniúla a ghlacadh maidir le glacadh na bhfochatagóirí sonraí pearsanta atá le próiseáil, freagrachtaí rialaitheoirí sonraí, lena n-áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as próiseálaí sonraí nó próiseálaithe sonraí, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe srian a chur ar an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  44

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha, agus comhlíontar leis na prionsabail, a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 6 CAE.

(36) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha, agus comhlíontar leis na prionsabail, a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart chun cómhargála agus chun gníomhaíochta comhchoitinne, i gcomhréir le hAirteagal 6 CAE.

Leasú  45

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37) Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán le hoibleagáidí uile Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus go háirithe gan idirdhealú ar bhonn gnéis, cine, datha, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teangacha, reiligiúnacha nó creidimh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Ba cheart a áirithiú go n‑urramófar dálaí oibre cothroma agus córa agus go gcosnófar daoine óga ag an obair.

(37) Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán le hoibleagáidí uile Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus go háirithe gan idirdhealú ar bhonn gnéis, cine, datha, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teangacha, reiligiúnacha nó creidimh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Ba cheart a áirithiú go n‑urramófar dálaí oibre cothroma agus córa, an comhionannas inscne agus cosaint daoine óga ag an obair.

Leasú  46

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Ní úsáidfear Linn Tallainne an Aontais chun náisiúnaigh tríú tír a earcú mura rud é nach féidir folúntas a líonadh trí earcaíocht san Aontas trí bhíthin seirbhísí náisiúnta fostaíochta agus tairseach EURES, arna bhfíorú le tástálacha ar mhargadh an tsaothair nó le haon nósanna imeachta comhchosúla a chomhlíonann an sprioc chéanna i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

Leasú  47

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Tá an Rialachán seo gan dochar do cheanglais an Aontais agus do cheanglais náisiúnta maidir le sláinte agus sábháilteacht cheirde, do cheanglais maidir le sábháilteacht oibríochtúil chomh maith le reachtaíocht earnáilsonrach ar leibhéal an Aontais.

Leasú  48

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus maidir le fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cuardaitheoirí poist de gach leibhéal scileanna agus cáilíochta ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus fostóirí, lena n-áirítear FBManna, atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

Leasú  49

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Rannpháirtíocht

Rannpháirtíocht na mBallstát

Leasú  50

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, tráth ar bith, a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais. Tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoina chinneadh 9 mí ar a dhéanaí roimh an dáta a mbeidh sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach. Ón gcéad lá rannpháirtíochta, féadfar folúntais fostaíochta fostóirí atá bunaithe sa Bhallstát sin a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

1. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, tar éis dul i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta, tráth ar bith, a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais. Tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoina chinneadh 9 mí ar a dhéanaí roimh an dáta a mbeidh sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach. Ón gcéad lá rannpháirtíochta, féadfaidh fostóirí cláraithe atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann folúntais phoist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 13.

Leasú  51

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cuirfear faisnéis faoi na Ballstáit atá rannpháirteach ar fáil go poiblí ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

2. Cuirfear faisnéis faoi na Ballstáit atá rannpháirteach ar fáil go poiblí ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Áireofar san fhaisnéis sin an dáta tosaigh ar a mbeidh na Ballstáit rannpháirteach go héifeachtach i Linn Tallainne an Aontais nó ar a dtarraingeoidh siad siar aisti.

Leasú  52

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Féadfaidh Ballstát rannpháirteach a rannpháirtíocht cinneadh a dhéanamh tarraingt siar ó Linn Tallainne an Aontais tráth ar bith. Cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl don Choimisiún trí mhí ar a laghad roimh an dáta óna mbeidh sé beartaithe aige tarraingt siar, gan dochar d’aon phróisis earcaíochta atá ar siúl ná d’aon nósanna imeachta gearáin nó sásaimh de bhun Airteagal 18.

Leasú  53

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) ciallaíonn “cuardaitheoir poist ó thríú tír” duine a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas nach saoránach de chuid an Aontais é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus a bhfuil fostaíocht á lorg aige nó aici san Aontas;

(2) ciallaíonn ‘cuardaitheoir poist ó thríú tír’ duine nádúrtha a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus atá ag lorg fostaíochta san Aontas dó nó di féin;

Leasú  54

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) ciallaíonn “fostóir” aon duine nádúrtha, nó aon eintiteas dlítheanach, atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach ar faoina stiúradh nó faoina mhaoirseacht a dhéantar an fhostaíocht chomh maith le gníomhaireachtaí fostaíochta príobháideacha, gníomhaireachtaí oibre sealadacha agus idirghabhálaithe sa mhargadh saothair;

(3) ciallaíonn ‘fostóir’ aon duine nádúrtha, nó aon eintiteas dlítheanach, atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach, lena n-áirítear gníomhaireachtaí oibre sealadaí mar a shainmhínítear le Treoir 2008/104/CE, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an duine sin nó ag an eintiteas sin caidreamh fostaíochta díreach a bheith aige nó aici sa Bhallstát sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le cuardaitheoir poist ó thríú tír;

Leasú  55

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) ciallaíonn “próifíl” an fhaisnéis a sholáthraíonn cuardaitheoir poist ó thríú tír trí fhormáid chaighdeánach sonraí chun críche fostaíocht a lorg trí ardán TF Linn Tallainne an Aontais;

(4) ciallaíonn ‘próifíl’ an fhaisnéis a sholáthraíonn cuardaitheoir poist ó thríú tír nó ó fhostóir trí fhormáid chaighdeánach sonraí chun críche fostaíocht a lorg nó cuardaitheoir poist a earcú ó thríú tír trí ardán TF Linn Tallainne an Aontais;

Leasú  56

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) ciallaíonn ‘seirbhísí poiblí fostaíochta’ eagraíochtaí na mBallstát, agus iad mar chuid d’aireachtaí ábhartha, de chomhlachtaí poiblí nó de chorparáidí a thagann faoin dlí poiblí, atá freagrach as beartais ghníomhacha i ndáil le margadh an tsaothair a chur chun feidhme agus as seirbhísí fostaíochta ardcháilíochta a chur ar fáil chun leas an phobail;

Leasú  57

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b) ciallaíonn ‘folúntas poist’ tairiscint ar fhostaíocht ardcháilíochta a ligfeadh d’iarratasóir rathúil dul i mbun caidreamh fostaíochta le haghaidh post sa Bhallstát ina bhfuil an fostóir cláraithe bunaithe agus ina mbíonn an cuardaitheoir poist ag obair de ghnáth.

Leasú  58

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) an bonneagar teicniúil chun próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhailiú agus a chothabháil;

(c) an bonneagar teicniúil chun próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí cláraithe a bhailiú, a scagadh agus a chothabháil;

Leasú  59

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) an bonneagar teicniúil chun a chur ar chumas Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais, agus fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó na cuardaitheoirí poist cláraithe a chuardach chun folúntais phoist a chuardach;

(d) an bonneagar teicniúil chun a chur ar chumas na bPointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais, agus ar chumas fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó na cuardaitheoirí poist cláraithe a chuardach chun folúntais phoist agus fostóirí cláraithe a chuardach;

Leasú  60

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) an cainéal cumarsáide slán chun a chur ar chumas cuardaitheoirí poist agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais cumarsáid a dhéanamh laistigh d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

(f) an cainéal cumarsáide slán chun a chur ar chumas cuardaitheoirí poist agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais cumarsáid a dhéanamh laistigh d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  61

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe f a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa) uirlis chun gearáin a thíolacadh do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha, trí úsáid a bhaint as Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  62

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Beidh ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar fáil i dteangacha institiúidí an Aontais ar a laghad.

Leasú  63

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an uirlis mheaitseála uathoibrithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), saor ó chlaontachtaí agus ó chleachtais idirdhealaitheacha trí dhearadh. Beidh ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/21021a agus Treoir (AE) 2019/8821b.

 

__________________

 

1a Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin agus fheidhmchláir mhóibíleacha chomhlachtaí na hearnála poiblí.

 

1b Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí.

Leasú  64

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin theicniúla is gá maidir le malartú sonraí, formáidí sonraí lena n‑áirítear ESCO, formáidí folúntas poist agus formáidí próifílí do chuardaitheoirí poist. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

3. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin theicniúla is gá maidir le malartú sonraí, formáidí sonraí lena n‑áirítear ESCO, formáidí folúntas poist agus formáidí próifílí do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí cláraithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

Leasú  65

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha agus Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 8 idir-inoibritheacht theicniúil idir córais náisiúnta agus ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Áiritheofar le Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an comhéadan le hionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile arna dtairiscint ar leibhéal an Aontais, i gcás inarb iomchuí.

4. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha agus Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 8 idir-inoibritheacht theicniúil idir córais náisiúnta agus ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Áiritheofar le Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an comhéadan le hionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile arna dtairiscint ar leibhéal an Aontais, i gcás inarb iomchuí, lena n‑áirítear le Tairseach EURES.

Leasú  66

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír -1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

-1a. Beidh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh á rialú ag prionsabail na heitice, an neamh-idirdhealaithe agus na cosanta sonraí i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

Leasú  67

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ní fhéadfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sonraí pearsanta cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus sonraí pearsanta fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a phróiseáil ach a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 8. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun na críche sin, feidhmeoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar rialaitheoir sonraí, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725.

1. Ní fhéadfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sonraí pearsanta le toiliú sainráite na gcuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus na bhfostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ach amháin a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 8. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun na críche sin, feidhmeoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar rialaitheoir sonraí, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725.

Leasú  68

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Ní fhéadfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sonraí pearsanta fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus sonraí pearsanta cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a phróiseáil ach a mhéid is gá chun a chúraimí faoi Airteagal 10 a chomhlíonadh. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun na críche sin, feidhmeoidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar rialaitheoirí sonraí, de réir bhrí Airteagal 4, pointe 7 de Rialachán (AE) 2016/679.

2. Ní fhéadfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sonraí pearsanta fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus sonraí pearsanta cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a phróiseáil ach a mhéid is gá chun a chúraimí faoi Airteagal 10 a chomhlíonadh. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun na críche sin, feidhmeoidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar rialaitheoirí sonraí, de réir bhrí Airteagal 4, pointe 7 de Rialachán (AE) 2016/679.

Leasú  69

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áireofar i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ainm, sloinne, sonraí teagmhála, dáta breithe agus náisiúntacht, faisnéis faoi cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla, taithí oibre, scileanna eile agus eolas teanga. Áireofar ainm, sloinne agus sonraí teagmhála i bhfolúntais phoist fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

3. Áireofar i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a n-ainm, a sloinne, a sonraí teagmhála, a ndáta breithe agus a náisiúntacht, a gcáilíochtaí acadúla agus gairmiúla, agus, cibé acu a fuarthas go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil iad, a dtaithí oibre, a scileanna, a n-inniúlachtaí chomh maith lena n-eolas teanga.

Leasú  70

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Áireofar i bpróifílí na bhfostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ainm na cuideachta, an earnáil gníomhaíochta, tuairisc ghairid ar na hoibríochtaí agus cláruimhir na cuideachta, chomh maith le hainm, sloinne, sonraí teagmhála a hionadaí.

Leasú  71

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar an eolas faoi phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta agus a gcearta mar ábhair sonraí chomh maith lena gcearta faoi mhíreanna 6 agus 7.

4. Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar an eolas faoi phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta agus a gcearta mar ábhair sonraí chomh maith lena gcearta faoi mhíreanna 6 agus 7.

Leasú  72

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Déanfar na sonraí pearsanta atá cláraithe ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó a tarchuireadh chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo a innéacsú, a stóráil agus a chur ar fáil ansin chun críocha cuardaigh agus meaitseála amháin. Beidh sé de cheart ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh.

5. Déanfar na sonraí pearsanta atá cláraithe ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó a tarchuireadh chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo a innéacsú, a stóráil agus a chur ar fáil ansin chun críocha cuardaigh agus meaitseála amháin. Beidh sé de cheart ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ag fostóirí cláraithe rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh.

Leasú  73

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Déanfar próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha nach bhfuarthas rochtain orthu ar feadh tréimhse 2 bhliain ó chlárú a bpróifílí a bhaint nó a anaithnidiú agus ní stórálfar aon sonraí pearsanta. Nuair a bhaintear próifílí, d'fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh chomh maith le sonraí a bhaint amach chun feidhmiú Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.

6. Déanfar próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha nach bhfuarthas rochtain orthu ar feadh bliana ó chlárú a bpróifílí a bhaint nó a anaithnidiú agus ní stórálfar aon sonraí pearsanta. Cuirfear na cuardaitheoirí poist lena mbaineann ar an eolas roimh aon bheart den sórt sin. Déanfar próifílí fostóirí cláraithe nach bhfuarthas rochtain orthu ar feadh tréimhse 2 bhliain tar éis chlárú a bpróifílí a bhaint nó a anaithnidiú agus ní stórálfar aon sonraí pearsanta. Cuirfear na fostóirí lena mbaineann ar an eolas sula ndéanfar aon ghníomhaíocht den sórt sin. Nuair a bhaintear próifílí, d'fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh chomh maith le sonraí a bhaint amach chun feidhmiú Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fheabhsú. Bainfear folúntais atá ar oscailt ar feadh tréimhse bliana.

Leasú  74

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sonraí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus folúntais phoist fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar fáil le haghaidh cuardach agus meaitseáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

7. Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sonraí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus folúntais poist fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar fáil le haghaidh cuardach agus meaitseáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  75

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Ní bheidh rochtain ar shonraí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ach ag fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, agus ag Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Beidh rochtain ar shonraí fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha, agus ag Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

8. Ní bheidh rochtain ar shonraí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ach ag fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, agus ag Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Beidh rochtain ar shonraí fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha, agus ag Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  76

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha breise maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil agus atá le háireamh i bhformáidí na bhfolúntas poist agus na bpróifílí cuardaitheoirí poist, freagrachtaí rialaitheoirí sonraí, lena n-áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as próiseálaí sonraí nó próiseálaithe sonraí, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe srian a chur ar an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

9. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha breise maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil agus atá le háireamh i bhformáidí na bhfolúntas poist, na bpróifílí cuardaitheoirí poist agus fostóirí, freagrachtaí rialaitheoirí sonraí, lena n‑áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as próiseálaí sonraí nó próiseálaithe sonraí, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe srian a chur ar an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

Leasú  77

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir le hardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 3(3), Airteagal 10 (2), pointe (f), Airteagal 12(5),(6) agus (7), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2);

(c) faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir le hardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 10 (2), pointe (f), Airteagal 12(5),(6) agus (7), Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) agus Airteagal 17(1);

Leasú  78

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) liosta comhpháirteach de ghairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe sna Ballstáit rannpháirteacha a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais, bunaithe ar na fógraí is déanaí a fuarthas ó Phointí Teagmhála Náisiúnta;

Leasú  79

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – pointe c b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cb) rochtain cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ar Linn Tallainne an Aontais a chur ar fionraí, tar éis tuarascálacha ó Phointí Teagmhála Náisiúnta maidir le sáruithe ar an rialachán seo ag cuardaitheoirí poist, agus a bpróifílí a bhaint d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus na cuardaitheoirí poist a chur ar an eolas faoi sin;

Leasú  80

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – pointe e a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea) gearáin a fháil a comhdaíodh trí uirlis Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun gearáin a thíolacadh agus iad a aistriú chuig na Pointí Teagmhála Náisiúnta i gcás inarb ábhartha;

Leasú  81

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 8a

 

Bunú agus comhdhéanamh Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

 

1. Bunaítear leis seo Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Is iad seo a leanas na daoine a bheidh ann:

 

(a) beirt chomhaltaí ó gach Ballstát rannpháirteach, ar a mbeidh duine amháin ó na húdaráis fostaíochta agus duine amháin ó na húdaráis inimirce;

 

(b) triúr comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún;

 

(c) seisear comhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais, a dhéanann ionadaíocht chomhionann thar ceann ceardchumann agus eagraíochtaí fostóirí.

 

2. Beidh sé mar aidhm ag na páirtithe uile i nGrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cothromaíocht inscne a bhaint amach i nGrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

 

3. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh páirt a ghlacadh i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar bhreathnóirí. Beidh sé de cheart ag ionadaithe ghníomhaireacht an Aontais a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa saineolaí neamhspleách amháin a cheapadh mar bhreathnóir ar Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chinneadh freisin cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n‑áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta earnála ar leibhéal an Aontais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, mar bhreathnóirí chuig a chruinnithe.

 

4. Déanfaidh gach comhalta agus gach breathnóir de Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ráiteas i scríbhinn a shíniú á dhearbhú nach bhfuil coinbhleacht leasa ann ina leith. Déanfaidh gach comhalta an ráiteas a nuashonrú i gcás ina dtiocfaidh athrú ar imthosca maidir le haon choinbhleacht leasa. Foilseoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na ráitis agus na nuashonruithe orthu.

Leasú  82

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

Feidhmeanna Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

Leasú  83

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunaítear Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Tá Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh freagrach as:

1. Tá Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh freagrach as:

Leasú  84

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) tacaíocht a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus an liosta de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais Eorpaigh á ullmhú de bhun Airteagal 14;

(a) an malartú idir na Ballstáit maidir le gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe a éascú;

Leasú  85

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) plé a dhéanamh ar chur chun feidhme nósanna imeachta brostaithe chun cáilíochtaí a aithint chun earcú cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha [de bhun Airteagal 19a (nua)] a éascú agus dea-chleachtais a mhalartú i measc na mBallstát rannpháirteach ina leith sin;

Leasú  86

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe d b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db) treoirlínte a sholáthar do na Pointí Teagmhála Náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas in Airteagal 13 ag fostóirí cláraithe;

Leasú  87

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe d c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(dc) dea-chleachtais a mhalartú i measc na mBallstát rannpháirteach maidir le gairmeacha agus earnálacha ina bhfuil dúshaothrú saothair a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír forleathan agus conas an riosca sin a mhaolú;

Leasú  88

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe d d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(dd) plé a dhéanamh ar na gearáin a fhaightear trí uirlis Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun gearáin a thíolacadh, i gcás inarb ábhartha, agus ar bhearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt orthu;

Leasú  89

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe d e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(de) faireachán a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le himirce daoine oilte i dtríú tíortha comhpháirtíochta mar thoradh ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  90

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Is iad na Ballstáit rannpháirteacha amháin a bheidh ina mbaill de Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh páirt a ghlacadh i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar bhreathnóirí.

scriosta

Leasú  91

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Tiocfaidh Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh le chéile dhá uair sa bhliain, nó ar bhonn ad hoc nuair is gá. Is é an Coimisiún a chomórfaidh agus a dhéanfaidh cathaoirleacht ar na cruinnithe.

3. Tiocfaidh Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad, nó ar bhonn ad hoc nuair is gá. Is é an Coimisiún a thionólfaidh agus a dhéanfaidh cathaoirleacht ar na cruinnithe.

Leasú  92

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Beidh sé de cheart ag ionadaithe na n-eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó cheardchumann agus ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó eagraíochtaí fostóirí a áirithiú. Síneoidh na hionadaithe sin ráiteas i scríbhinn á dhearbhú nach bhfuil siad i staid coinbhleachta leasa.

scriosta

Leasú  93

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ainmneoidh gach Ballstát rannpháirteach Pointe Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go gceapfar údaráis ábhartha ó réimse na fostaíochta agus na hinimirce mar Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Ainmneoidh gach Ballstát rannpháirteach Pointe Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go gceapfar údaráis ábhartha ó réimse na fostaíochta agus na hinimirce mar a bPointe Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  94

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) folúntais phoist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tríd an gcainéal comhordaithe aonair agus meaitseáil idir cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a éascú;

(b) folúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 13(2), tríd an gcainéal comhordaithe aonair agus meaitseáil idir cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a éascú;

Leasú  95

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) fógra a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faoi liosta náisiúnta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe uair sa bhliain agus faoi aon choigeartuithe náisiúnta ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais de bhun Airteagal 15;

(c) gairmeacha ina bhfuil ganntanas náisiúnta a shainaithint chun críche Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh uair sa bhliain ar a laghad, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, agus fógra a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faoi na torthaí;

Leasú  96

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) clárlann a choinneáil d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

(d) comhlíonadh na gceanglas maidir le clárú agus rannpháirtíocht a fhíorú chomh maith le liosta poiblí a choinneáil d’fhostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus faireachán a dhéanamh ar fholúntais, lena n-áirítear an fhoráil a leagtar síos in Airteagal 13(3);

Leasú  97

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) rochtain fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí agus a bhfolúntais poist a bhaint d'ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcás ina ndéanfar sárú ar an dlí agus ar an gcleachtas ábhartha de bhun Airteagal 13(3) a chur in iúl do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ag na húdaráis náisiúnta ábhartha atá freagrach as an dlí agus an cleachtas ábhartha a fhorfheidhmiú;

(e) rochtain fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí agus a bhfolúntais poist a bhaint d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcás ina ndéanfar dearbhú bréagach nó sárú ar an dlí agus ar an gcleachtas ábhartha de shárú ar Airteagal 13(3) i gcás ina gcuirtear in iúl do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ag na húdaráis náisiúnta ábhartha nó comhpháirtithe sóisialta atá freagrach as an dlí agus an cleachtas ábhartha a fhorfheidhmiú;

Leasú  98

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea) aon sárú ar Airteagal 11(2) ag cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a thuairisciú do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

Leasú  99

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) faisnéis a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir le nósanna imeachta inimirce agus aitheantais ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear maidir le cur chun feidhme phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais agus sonraí ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach in Airteagal 20;

(f) faisnéis a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir le nósanna imeachta earcaíochta agus inimirce agus nósanna imeachta chun cáilíochtaí a aithint ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais agus sonraí ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach in Airteagal 20;

Leasú  100

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe g

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) seirbhísí faisnéise agus tacaíochta a sholáthar do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 17.

(g) faisnéis a sholáthar i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus, i gcás inarb infheidhme, le heagraíochtaí a thairgeann cúnamh iar-earcaíochta, do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 17, chomh maith le tacaíocht iar-earcaíochta dóibh siúd a roghnaíodh le haghaidh poist.

Leasú  101

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Rachaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhairle go rialta le seirbhísí poiblí fostaíochta agus le comhpháirtithe sóisialta náisiúnta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Leasú  102

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b. Leanfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bheith neodrach le linn díospóidí cómhargála, amhail stailceanna nó frithdhúnadh i gcomhréir le dlí saothair an Aontais agus leis an dlí saothair náisiúnta is infheidhme.

Leasú  103

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bpróifílí a chruthú trí thógálaí próifíle Europass chun clárú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Cruthóidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú ar Ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bpróifílí trí thógálaí próifíle Europass.

Leasú  104

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh rochtain ar phróifíl a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh teoranta do dhaoine a dhearbhaíonn go sainráite nach bhfuil siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear dul isteach nó fanacht i mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó le toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE.

2. Beidh rochtain ar phróifíl a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh teoranta do dhaoine nádúrtha a dhearbhaíonn go sainráite nach bhfuil siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear dul isteach nó fanacht i mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó le toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE.

Leasú  105

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Le linn an phróisis chlárúcháin nó aon nuashonruithe ina dhiaidh sin, déanfar próifílí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a scagadh go huathoibríoch chun faisnéis neamhiomlán, patrúin iompraíochta amhrasacha nó faisnéis atriallach a bhrath.

Leasú  106

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Beidh próifílí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá cláraithe i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh le feiceáil ag fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

3. Beidh próifílí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá cláraithe i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh le feiceáil ag fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  107

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá cláraithe in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh folúntais a chuardach.

4. Féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá cláraithe in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh folúntais arna dtairiscint ag fostóirí cláraithe ó na Ballstáit rannpháirteacha a chuardach.

Leasú  108

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. Ar chlárú dóibh i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, gheobhaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha rochtain go huathoibríoch ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(1) chomh maith leis an bhfaisnéis faoi na sásraí chun gearán a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 18.

Leasú  109

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Déanfaidh na Ballstáit na coinníollacha maidir le heisiúint “pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh” a chinneadh faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne ina bhfuil siad rannpháirteach. Foilseoidh an Coimisiún faisnéis faoi na coinníollacha sin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

5. Déanfaidh na Ballstáit na coinníollacha maidir le heisiúint ‘pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh’ a chinneadh faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne ina bhfuil siad rannpháirteach, lena n-áirítear forálacha maidir le hinchomparáideacht agus aitheantas cáilíochtaí. Foilseoidh an Coimisiún faisnéis faoi na coinníollacha sin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  110

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh, faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne ábhartha, infheictheacht próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil ‘pas comhpháirtíochta tallainne an Aontais Eorpaigh’ faighte acu a theorannú, ar feadh uastréimhse bliana, d’fhostóirí atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó atá rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht Tallainne chéanna sin. Foilseoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na míre sin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

scriosta

Leasú  111

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Rannpháirtíocht fostóirí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

Clárú agus rannpháirtíocht fostóirí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

Leasú  112

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh fostóirí ar spéis leo páirt a ghlacadh i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a iarraidh ar an bPointe Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe a bhfolúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Cruthóidh fostóirí ar spéis leo a bheith rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh próifíl Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Chun críche an phróisis earcaíochta, féadfaidh an fostóir gníomhaireacht earcaíochta a choimisiúnú le haghaidh tacaíochta. Tá an méid sin gan dochar do fhreagrachtaí na bhfostóirí cláraithe mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo. Cláróidh an ghníomhaireacht earcaíochta próifíl ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sí in iúl go soiléir cén fostóir a bhfuil siad ag earcú dó.

Leasú  113

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Déanfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh seiceálacha, in éineacht leis na húdaráis náisiúnta ábhartha de réir mar is iomchuí, seiceálacha ar na fostóirí agus ar na gníomhaireachtaí earcaíochta laistigh de 10 lá oibre, sula ngníomhachtófar a bpróifíl go huathoibríoch. Áireofar sna seiceálacha sin cinntí riaracháin nó breithiúnacha a raibh siad faoina réir, a bhaineann lena ranníocaíochtaí slándála sóisialta náisiúnta, agus sáruithe ar dhlí saothair an Aontais agus ar an dlí saothair náisiúnta. Ní chruthóidh na seiceálacha aon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar fhostóirí cláraithe ná ar ghníomhaireachtaí earcaíochta. Tabharfaidh fostóirí cláraithe agus gníomhaireachtaí earcaíochta fógra do Phointe Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh gan moill mhíchuí faoi aon chinntí nua riaracháin nó breithiúnacha i ndáil leis sin a raibh siad faoina réir.

Leasú  114

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b. Féadfaidh fostóirí a iarraidh ar an bPointe Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó ar an tseirbhís phoiblí fostaíochta sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe a bhfolúntais a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Beag beann ar fholúntas a aistriú chuig Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, féadfaidh fostóirí cláraithe modhanna eile a úsáid chun an folúntas a líonadh.

Leasú  115

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Aistreofar Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chuig folúntais poist ardáin TF um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh:

2. Aistreoidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, a luaithe is féidir agus in aon chás laistigh de 5 lá oibre, folúntais phoist chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh:

Leasú  116

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) Féadfaidh fostóirí ar spéis leo páirt a ghlacadh i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a iarraidh ar an bPointe Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe a bhfolúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

scriosta

Leasú  117

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 –mír 2 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b a) áireoidh sé cur síos cuimsitheach ar na folúntais dá dtagraítear i mír 4;

Leasú  118

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe b b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb) na coinníollacha náisiúnta a chomhlíonadh maidir le cead aonair a eisiúint do náisiúnach tríú tír agus luach saothair leordhóthanach a thairiscint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

Leasú  119

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Comhlíonfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais agus an dlí agus an cleachtas náisiúnta chun cosaint náisiúnach tríú tír i gcoinne earcaíocht éagórach agus dálaí oibre neamhleora a áirithiú chomh maith le neamh-idirdhealú. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha coinníollacha breise a thabhairt isteach maidir le rannpháirtíocht na bhfostóirí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go gcomhlíonfar cleachtais náisiúnta ábhartha eile, comhaontuithe comhchoiteanna agus na prionsabail agus na treoirlínte atá leagtha amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Comhlíonfaidh fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais agus an dlí agus an cleachtas náisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme, chun cosaint náisiúnach tríú tír roghnaithe i gcoinne earcaíocht éagórach, dálaí oibre neamhleora agus idirdhealú, lena n-áirítear idirdhealú in aghaidh daoine faoi mhíchumas, a áirithiú. Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha bearta comhréireacha chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an dlí agus an cleachtas náisiúnta ábhartha, agus go n-urramóidh siad cearta oibrithe, lena n‑áirítear an tsaoirse comhlachais agus cleamhnachta, an ceart chun gníomhaíocht thionsclaíoch a dhéanamh, lena n-áirítear an ceart chun dul ar stailc agus an ceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, agus na prionsabail agus na treoirlínte atá leagtha amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, lena n-áirítear Prionsabail Ghinearálta agus Treoirlínte Oibríochtúla EIS maidir le hEarcaíocht Chóir, i gcomhréir le dlí an Aontais. Beidh cóir chomhionann ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaítear trí Ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir le náisiúnaigh na mBallstát rannpháirteach ó thús a gconartha i ndáil leis sin.

Leasú  120

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní ghearrfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh táillí ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha chun críche na hearcaíochta.

Beidh úsáid Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh saor in aisce do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha. Ní ghearrfar aon mhuirir dhíreacha ná indíreacha a bhaineann leis an earcaíocht ar chuardaitheoirí poist. Íocfaidh an fostóir ionchasach aon speansais a bhaineann le hoiliúint teanga agus le hearcaíocht a bhaineann leis an obair. Ní bheidh an fostóir i dteideal na táillí sin ná na costais ghaolmhara sin a ghnóthú ó na cuardaitheoirí poist. Déanfar ráiteas soiléir á rá nach ndéanfar aon táillí ná costais earcaíochta a ghearradh ar chuardaitheoirí poist a áireamh i ngach folúntas mar réamhshocrú.

Leasú  121

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Beidh folúntais phoist fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh le feiceáil ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

4. Beidh gach folúntas nasctha go soiléir le fostóir cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Beidh folúntais phoist le feiceáil ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Áireofar i ngach folúntas ar a laghad an ghnátháit oibre, an cineál oibre, an earnáil gníomhaíochta, na ceanglais cháilíochta, na príomhchúraimí, cineál agus fad an chonartha, an luach saothair tosaigh nó raon an chonartha, na huaireanta oibre agus an t-am oibre, aon tréimhse phromhaidh, méid na saoire le pá, saoire do thuismitheoirí agus cosaint mháithreachais, i gcás ina sáraíonn an tsaoire nó an chosaint sin na ceanglais dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, an phróifíl teanga a iarradh agus, i gcás inarb infheidhme, dálaí oibre agus fostaíochta ábhartha eile, amhail teidlíochtaí oiliúna.

Leasú  122

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Cuirfidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh in iúl, gan moill mhíchuí, in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, gur éirigh leo earcú cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chur i gcrích don fholúntas poist ar leith. Scoirfidh próifílí na gcuardaitheoirí poist cláraithe sin agus na bhfolúntais phoist chomhlíonta de bheith le feiceáil go huathoibríoch in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

5. Cuirfidh fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh in iúl, gan moill mhíchuí, in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, gur éirigh leo earcú cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chur i gcrích don fholúntas poist ar leith. Scoirfidh próifílí na gcuardaitheoirí poist cláraithe sin agus na bhfolúntais poist comhlíonta de bheith le feiceáil go huathoibríoch in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh fostóirí a iarraidh folúntas poist a tharraingt siar ó ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tráth ar bith.

Leasú  123

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. Déanfaidh an fostóir an fhaisnéis uile is gá maidir lena gcearta agus lena n‑oibleagáidí a eascraíonn as an gcaidreamh fostaíochta a sholáthar don chuardaitheoir poist roghnaithe ar bhealach soiléir agus cuimsitheach i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1152.

Leasú  124

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an dlí agus as an gcleachtas ábhartha sna Ballstáit rannpháirteacha Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar an eolas láithreach maidir le haon sáruithe ar fhorálacha an dlí agus an chleachtais ábhartha a leagtar amach i mír 3 chun críocha Airteagal 10(2), pointe (e).

6. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an dlí agus as an gcleachtas ábhartha sna Ballstáit rannpháirteacha Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar an eolas láithreach maidir le haon sárú tromchúiseach ar fhorálacha an dlí agus an chleachtais ábhartha a leagtar amach i mír 3 chun críocha Airteagal 10(2), pointe (e). Coimeádfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh clár d’aon sárú den sórt sin. I gcás sáruithe tromchúiseacha, cuirfidh Pointe Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh lena mbaineann rochtain fostóirí cláraithe ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar fionraí go dtí go leigheasfar na sáruithe nó má íocadh cúiteamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás sáruithe ar Threoir 2009/52/CE nó ar Threoir (AE) 2024/1712, déanfar rochtain an fhostóra chláraithe ar Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fhoirceannadh ar feadh tréimhse éiginnte.

Leasú  125

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 14

scriosta

Liosta de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais

 

1. Chun críche an Rialacháin seo, leagtar amach san Iarscríbhinn liosta de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais ar leibhéal 4-dhigit ISCO-08.

 

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21 chun an Iarscríbhinn a leasú, i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

 

(a) gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe is coiteann do líon suntasach Ballstát rannpháirteach mar a chuir Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh in iúl do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 10(2)(c);

 

(b) gairmeacha a chuireann go díreach le haistriú glas agus le haistriú digiteacha an Aontais agus ar dócha go dtiocfaidh méadú ar a dtábhacht.

 

2. Foilseoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an liosta de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais Eorpaigh ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

 

Leasú  126

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 15

scriosta

Coigeartuithe náisiúnta ar an liosta uile-Aontais de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe

 

1. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe a chur leis ar leibhéal 4-dhigit ISCO-08, chun a riachtanais shonracha sa mhargadh saothair a shásamh. Féadfaidh siad a chinneadh freisin gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe a bhaint den liosta ar fud an Aontais i gcás nach bhfreagraíonn na gairmeacha sin dá riachtanais shonracha sa mhargadh saothair. Ní dhéanfaidh na coigeartuithe tírshonracha difear ach do mheaitseáil folúntas sa Bhallstát lena mbaineann.

 

Tabharfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de chuid na mBallstát a thugann fógra faoina rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 3 fógra faoi aon bhreiseanna ar liosta uile an Aontais Eorpaigh de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe nó faoi aon aistriú uathu 3 mhí ar a dhéanaí sula rachaidh siad isteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

 

Tabharfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de chuid na mBallstát rannpháirteach fógra faoi aon bhreiseanna ar liosta uile an Aontais Eorpaigh de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe nó faoi aon aistriú uathu laistigh de 3 mhí tar éis na leasuithe ar an Iarscríbhinn.

 

Féadfaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh fógra a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir le tuilleadh breiseanna agus aistrithe ó liosta uile an Aontais Eorpaigh de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe uair amháin sa bhliain ar a mhéad.

 

2. Foilseoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na coigeartuithe ar liosta na ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais Eorpaigh ar thug Pointí Teagmhála um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh fógra ina leith ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

 

3. Ní aistreoidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ach amháin na folúntais poist sin a chomhfhreagraíonn do liosta uile an Aontais Eorpaigh de na gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe agus na coigeartuithe dá dtagraítear i mír 1 á gcur san áireamh.

 

Leasú  127

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh fostóirí atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chuardach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Féadfaidh fostóirí cláraithe atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a chuardach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  128

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Féadfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh scagaire sonrach atá ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a úsáid chun próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" faighte acu a chuardach.

2. Féadfaidh fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh scagaire sonrach atá saor ó laofacht inscne a úsáid atá ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe a bhfuil ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne an Aontais Eorpaigh’ faighte acu a chuardach, nó próifílí a shainaithint a bhfuil scileanna sonracha, scileanna teanga agus leibhéal oideachais acu.

Leasú  129

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe molta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibríoch agus bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre don fholúntas poist.

3. Féadfaidh fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe molta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibríoch agus bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre don fholúntas poist amháin. Ní chuirfear inscne, aois, eitneacht, tír thionscnaimh, ná reiligiún san áireamh san uirlis mheaitseála uathoibríoch agus meaitseáil á déanamh chun aon chlaontacht nó idirdhealú a sheachaint.

Leasú  130

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Féadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha folúntais a chuardach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus rochtain a fháil ar liosta d'fholúntais ábhartha mholta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibrithe.

4. Féadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha fostóirí cláraithe nó folúntais phoist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chuardach go neamhspleách nó rochtain a fháil ar liosta d’fholúntais phoist ábhartha mholta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibrithe.

Leasú  131

 

Togra le haghaidh rialacháin

Caibidil V – Teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

V SOLÁTHAR FAISNÉISE, SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA AGUS NÓSANNA IMEACHTA INIMIRCE LUATHAITHE

SOLÁTHAR FAISNÉISE, SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA, AITHEANTAS DO CHÁILÍOCHTAÍ AGUS NÓSANNA IMEACHTA INIMIRCE LUATHAITHE

Leasú  132

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír -1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

-1a. Cuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus feidhmiú Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar fáil go héasca agus áiritheoidh siad go gcuirfear chun cinn í, lena n-áirítear i measc FBManna. Beidh an fhaisnéis soiléir, intuigthe agus inrochtana, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas. Beidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil maidir le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar fáil i dteangacha uile institiúidí an Aontais ar a laghad.

Leasú  133

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír -1a (nua) – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cuirfear faisnéis earcaíochta do chuardaitheoir poist roghnaithe ó thríú tír ar fáil i dteanga a bhfuiltear ag súil leis go réasúnta go dtuigfidh an duine í.

Leasú  134

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, le tacaíocht ó Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh:

Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, le tacaíocht ó Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus, i gcás inarb ábhartha, na comhpháirtithe sóisialta, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil cothrom le dáta ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i bhformáid sholáimhsithe:

Leasú  135

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) faisnéis maidir le nósanna imeachta earcaíochta agus inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear maidir leis na sásraí sásaimh atá ar fáil chomh maith le faisnéis maidir le dálaí maireachtála agus oibre sna Ballstáit rannpháirteacha;

(a) faisnéis maidir le nósanna imeachta cothroma earcaíochta agus inimirce, maidir le ceadanna cónaithe agus oibre, maidir le haitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, maidir le cearta oibrithe agus ceardchumainn, maidir le cearta náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear maidir le gearáin agus sásraí sásaimh dhlíthiúil, agus faoi na heagraíochtaí ábhartha a sholáthraíonn cúnamh agus tacaíocht iar-roghnúcháin do náisiúnaigh tríú tír, faoi shoghluaiseacht lucht saothair laistigh den Aontas agus maidir le dálaí maireachtála agus oibre sna Ballstáit rannpháirteacha;

Leasú  136

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) míniú soiléir a thabhairt do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha má tá siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear an dul isteach nó fanacht i mBallstát nó má tá siad faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, toirmiscfear a dteacht isteach i gcríoch na mBallstát uile agus fanacht iontu.

(b) faisnéis maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a chlárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear míniú soiléir, má tá siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear an dul isteach nó fanacht i mBallstát nó má tá siad faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, toirmiscfear a dteacht isteach i gcríoch na mBallstát uile agus fanacht iontu.

Leasú  137

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) faisnéis maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun fostóirí a chlárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear é a lua go soiléir go bhfuil a rochtain ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh le cur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 13(6) má sháraíonn siad dlí nó cleachtas an Aontais nó an dlí nó an cleachtas náisiúnta de shárú ar Airteagal 13(3);

Leasú  138

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb) faisnéis lena soiléirítear nach ngearrfaidh fostóirí cláraithe aon táillí ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhaineann leis an earcaíocht;

Leasú  139

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, soláthróidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise, agus cúnamh iar-roghnúcháin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

2. Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist roghnaithe ó thríú tíortha nó d’fhostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, soláthróidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise, comhairleoireacht agus cúnamh iar-roghnúcháin, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

Leasú  140

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) faisnéis shonrach maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír lena n‑áirítear rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas, tithíocht, aitheantas do cháilíochtaí agus an sásra gearán de bhun Airteagal 18;

(c) faisnéis shonrach maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír lena n‑áirítear cearta agus dálaí oibre oibrithe, rochtain ar shochair shóisialta, cúram sláinte, oideachas agus oiliúint, tithíocht, aitheantas do scileanna agus do cháilíochtaí, agus na sásraí gearáin agus sásaimh de bhun Airteagal 18;

Leasú  141

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) faisnéis atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta chun comhtháthú náisiúnach tríú tír sa Bhallstát óstach a éascú amhail cúrsaí teanga, gairmoiliúint agus oideachas chomh maith le bearta comhtháthaithe eile;

(d) faisnéis atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta chun comhtháthú náisiúnach tríú tír sa Bhallstát óstach a éascú agus a spreagadh amhail seirbhísí deimhnithe aistriúcháin doiciméad, cúrsaí teanga, gairmoiliúint agus oideachas chomh maith le bearta comhtháthaithe eile;

Leasú  142

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) i gcás ina bhfuil siad ar fáil, sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí sin a bhfuil cúnamh iar-earcaíochta á thairiscint acu do náisiúnaigh tríú tír.

(e) i gcás ina bhfuil siad ar fáil, sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí sin a bhfuil tacaíocht agus cúnamh iar-earcaíochta á thairiscint acu do náisiúnaigh tríú tír;

Leasú  143

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe e a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea) i gcás inarb ábhartha, faisnéis shonrach maidir le seirbhísí tacaíochta a bhaineann le míchumas agus maidir le cóiríocht réasúnta a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2000/78/CE ón gComhairle.

Leasú  144

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Tairgfidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh seisiúin faisnéise saor in aisce uair sa bhliain ar a laghad do chuardaitheoirí poist a roghnaítear trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

Leasú  145

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás inarb ábhartha, tarchuirfidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh iarrataí ar fhaisnéis, ar threoir agus ar thacaíocht chuig údaráis inniúla náisiúnta eile agus, más infheidhme, chuig comhlachtaí iomchuí eile ar an leibhéal náisiúnta lena dtacaítear le comhtháthú náisiúnach tríú tír ar an margadh saothair.

3. I gcás inarb ábhartha, tarchuirfidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh iarrataí ar fhaisnéis, ar threoir agus ar thacaíocht chuig údaráis inniúla náisiúnta eile agus, más infheidhme, chuig comhlachtaí iomchuí eile ar an leibhéal náisiúnta lena dtacaítear le comhtháthú náisiúnach tríú tír ar an margadh saothair, lena n-áirítear líonraí tacaíochta trasnáisiúnta d’oibrithe taistil ag eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta.

Leasú  146

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gearáin a éascú

Gearáin agus sásamh dlíthiúil a éascú

Leasú  147

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh sásraí éifeachtacha ann trína bhféadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha gearáin a thaisceadh i gcás ina sáraíonn na fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na hoibleagáidí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(3).

1. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh sásraí inrochtana, inacmhainne, éifeachtacha agus tráthúla ann trína bhféadfaidh cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus oibrithe a earcaítear trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nó, ar choinníoll go dtoilíonn na cuardaitheoirí poist nó na hoibrithe lena mbaineann, a n-ionadaithe nó na comhpháirtithe sóisialta, gearáin a thaisceadh i gcás sárú ag na fostóirí cláraithe atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar na hoibleagáidí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13.  Déanfar an gearánach a chosaint ar aon fhrithbheart nó ar aon iarmhairtí díobhálacha eile mar thoradh ar ghearán.

Leasú  148

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le sásraí sásaimh atá ar fáil go héasca.

2. Cuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le sásraí gearáin agus sásraí sásaimh dlí atá ar fáil go héasca.

Leasú  149

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh rochtain ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar chomhlachtaí comhionannais mar a bunaíodh le Treoir (AE) 2024/1500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle.

Leasú  150

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur i bhfeidhm chun earcú níos tapúla a dhéanamh ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur i bhfeidhm chun earcú níos tapúla a dhéanamh ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Déanfar faisnéis faoi na nósanna imeachta brostaithe sin a chur in iúl agus a chur ar fáil go cuí do chuardaitheoirí poist cláraithe agus d’fhostóirí cláraithe araon.

Leasú  151

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) an díolúine ó phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais maidir le folúntais poist arna n-aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

(b) an díolúine ó phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais maidir le folúntais poist arna n-aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i réimsí gairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe arna sainaithint ag na Pointí Teagmhála Náisiúnta.

Leasú  152

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 19a

 

Nósanna imeachta luathaithe um cháilíochtaí a aithint

 

1. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh nósanna imeachta luathaithe um cháilíochtaí a aithint a chur i bhfeidhm chun earcú níos tapúla a dhéanamh ar chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a roghnaíodh le haghaidh folúntais poist i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin bailíochtú scileanna agus cáilíochtaí, aitheantas foirmiúil do cháilíochtaí gairmiúla eachtracha i gcás gairmeacha rialáilte, nó bailíochtú cáilíochtaí a fuarthas faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallainne.

 

2. Déanfar faisnéis maidir leis na nósanna imeachta luathaithe um chailíochtaí a aithint a chur in iúl agus a chur ar fáil go cuí do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.

Leasú  153

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faireachán rialta ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (e). Go háirithe, baileofar sonraí maidir leis an méid seo a leanas:

1. Déanfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faireachán rialta ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (e). Beidh na sonraí a bhaileofar imdhealaithe ó thaobh inscne de, i gcás inarb infheidhme. Go háirithe, baileofar sonraí maidir leis an méid seo a leanas:

Leasú  154

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) líon agus cineál prófílí na bhfostóirí cláraithe atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

Leasú  155

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 –mír 1 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) líon agus saintréithe na bhfolúntas nár líonadh de réir gairme agus de réir Ballstáit ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

Leasú  156

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – pointe f a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa) líon na ngearán a taisceadh ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na forais ar a bhfuil siad bunaithe agus a saintréithe;

Leasú  157

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – pointe f b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fb) líon na gcuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha atá curtha ar fionraí ó ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus a bhforais agus a saintréithe.

Leasú  158

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Baileoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na sonraí dá dtagraítear i mír 1 le tacaíocht ó Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ó Ghrúpa Stiúrtha um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

3. Baileoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh na sonraí dá dtagraítear i mír 1 le tacaíocht ó Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ó Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar bhonn rialta. Cuirfear na sonraí ar fáil go poiblí.

Leasú  159

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Coimeádfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh liosta cothrom le dáta d’fhostóirí a bhfuil a rochtain ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh curtha ar fionraí mar thoradh ar shárú ar an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 13(3).

Leasú  160

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 21

scriosta

An tarmligean a fheidhmiú

 

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

 

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5‑bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

 

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

 

4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

 

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

 

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

 

Leasú  161

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Faoin 31.12.2031 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

1. Faoin 31.12.2031 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le gníomhaíochtaí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar measúnú sa mheastóireacht ar éifeachtacht an Rialacháin maidir le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna sna Ballstáit rannpháirteacha agus ar éifeachtacht an phróisis earcaíochta, lena n-áirítear ó thaobh cleachtais earcaíochta chothroma a áirithiú, agus urraim do dhálaí oibre cothroma agus córa. Déanfaidh sé measúnú freisin ar an tionchar a bhíonn ag cuardaitheoirí poist a earcú ó thríú tíortha trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar oibrithe intíre agus ar mhargaí saothair náisiúnta. Déanfar anailís sa tuarascáil freisin ar phatrúin imirce a eascraíonn as Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Molfaidh an Coimisiún aon leasuithe, i gcás inarb iomchuí.

Leasú  162

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

[...]

scriosta

 

 

 


IARSCRÍBHINN: NA hEINTITEAS NÓ NA nDAOINE A bhFUIL IONCHUR FAIGHTE AG AN RAPÓIRTÉIR UATHU

De bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir don tuairim go bhfuil ionchur faighte aige ó na heintitis nó na daoine seo a leanas le linn ullmhú na tuairime, sula nglacfar sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

ETUC – European Trade Union Confederation

FH – Fagbevægelsens Hovedorganisation

3F - Faglig Frelles Forbund

FNV - Central Workers Union

DGB - Deutscher Gewerkschaftsbund

BDA - Die Arbeitgeber

Picum

ILO - International Labour Organisation

DA - Danish_Employers Organisation

ETF - European Transport Workers' Federation

IndustriALL

 

Déantar an liosta thuas a tharraingt suas faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara.

 


 

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Linn tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú

Tagairtí

COM(2023)0716 – C9-0413/2023 – 2023/0404(COD)

An coiste freagrach/na coistí freagracha

LIBE

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

EMPL

8.2.2024

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Marianne Vind

21.11.2024

Pléite sa choiste

12.12.2024

28.1.2025

 

 

Dáta an ghlactha

19.2.2025

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

39

12

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Maravillas Abadía Jover, Marc Angel, Pascal Arimont, Konstantinos Arvanitis, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Andrzej Buła, David Casa, Estelle Ceulemans, Per Clausen, Henrik Dahl, Marie Dauchy, Mélanie Disdier, Chiara Gemma, Niels Geuking, Isilda Gomes, Alicia Homs Ginel, Irena Joveva, Martine Kemp, Katrin Langensiepen, Miriam Lexmann, Marit Maij, Marlena Maląg, Jagna Marczułajtis-Walczak, Eleonora Meleti, Idoia Mendia, Maria Ohisalo, João Oliveira, Branislav Ondruš, Aodhán Ó Ríordáin, Dennis Radtke, Nela Riehl, Liesbet Sommen, Villy Søvndal, Romana Tomc, Raffaele Topo, Francesco Torselli, Brigitte van den Berg, Marie-Pierre Vedrenne, Marianne Vind, Mariateresa Vivaldini, Jan-Peter Warnke, Séverine Werbrouck

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Vivien Costanzo, Valérie Devaux, Rosa Estaràs Ferragut, Kathleen Funchion, Estrella Galán, Lara Magoni, Hristo Petrov, Andrea Wechsler

Feisirí faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Virgil-Daniel Popescu

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS (19.2.2025)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

(COM(2023)0716 – C9‑0413/2023 – 2023/0404(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Nela Riehl 

 

RÉASÚNÚ GEARR

An 15 Samhain 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ‘Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú’, lena dtugtar isteach creat rialála chun ardán uile-Aontais a chruthú arb é is aidhm dó earcaíocht idirnáisiúnta a éascú agus deiseanna a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil suim acu oibriú i ngairmeacha a bhfuil ganntanas ar fud an Aontais i gceist leo. Is Rialachán tábhachtach é seo chun bealaí rialta imirce a chur chun cinn agus chun straitéisí an Aontais a chomhlánú chun dul i ngleic le ganntanas scileanna san Aontas, agus ina bhfuil Bhliain Eorpach na Scileanna ar thús cadhnaíochta.

 

Beidh ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ina uirlis dheonach do na Ballstáit ar spéis leo é agus ní mór é a bheith ar fáil do chuardaitheoirí poist ar bheagán oiliúna, ar mheánoiliúint agus ardoilte i dtríú tíortha. Comhtháthóidh sé uirlisí sonracha chun an mheaitseáil idir cuardaitheoirí poist agus fostóirí a éascú.

 

Ar an iomlán, is geal leis an Rapóirtéir an togra ón gCoimisiún Eorpach. Mar sin féin, i bhfianaise thábhacht an ábhair seo, tugann sé isteach leasuithe a bhfuil sé mar sprioc fhoriomlán acu aitheantas agus bailíochtú scileanna a fheabhsú, príobháideachas cuardaitheoirí poist a fheabhsú agus cothromaíocht inscne a chur chun cinn.

 

Go sonrach, leagann an Rapóirtéir béim ar an ngá atá le bearta a chosnaíonn sonraí pearsanta le linn an phróisis, chun idirdhealú agus aon chineál frithbhirt a chosc, go háirithe i gcéim an chuardaigh agus na meaitseála. Ní mór feidhm a bheith ag prionsabal an neamh-idirdhealaithe atá bunaithe ar fhéiniúlacht, inscne, aois, náisiúntacht nó tír thionscnaimh.

 

Tugann sé isteach freisin tograí maidir le haitheantas agus bailíochtú scileanna ón bhfoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, agus cáilíochtaí amhail céimeanna, gairmoideachas, agus teastais eile amhail na ‘micridhintiúir’ mar a thugtar orthu. Leagann sé béim freisin ar an ngá atá le modúil oiliúna uas-scilithe agus athscilithe, agus luann sé gur cheart iad a bheith inrochtana do na cuardaitheoirí poist sin a chláraíonn nó a bhfuil sé ar intinn acu clárú don Linn Tallainne. Measann an Rapóirtéir freisin nach mór rochtain iomlán ar chosaint shóisialta agus ar chearta oibrithe a áirithiú do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha. Ba cheart béim láidir a leagan freisin ar straitéisí chun imirce daoine oilte ó thríú tíortha a sheachaint.

 

Thairis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chothromaíocht inscne a chur chun cinn, go háirithe i ngairmeacha ETIM.

 

Ina theannta sin, molann an Rapóirtéir go ndéanfaí foráil do bhealaí do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus do dhaoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste chun an leas is fearr is féidir a bhaint as a scileanna, a gcáilíochtaí agus a n-inspreagadh, agus aghaidh á tabhairt ar an nganntanas scileanna agus lucht saothair san Aontas.

 

Ar deireadh, is mian leis an Rapóirtéir béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé príobháideachas a chosaint agus urraim a thabhairt do Mholadh C(2023)7700 final ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí na náisiúnach tríú tír.

 

 

 

 

LEASUITHE

Cuireann an Coiste um Chultúr agus um Oideachas an méid seo a leanas faoi bhráid an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach:

Leasú  1

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Tá an tAontas agus na Ballstáit aonair ag tabhairt aghaidh ar ghanntanais i raon leathan earnálacha agus gairmeacha beatha, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach. Na ganntanais fhairsinge san fhoirgníocht, sa chúram sláinte, san fháilteachas, san iompar, i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus i dteicneolaíocht na heolaíochta, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic, is ganntanais sheanbhunaithe iad agus tá siad níos measa mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus dlús á chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Meastar go leanfar de na ganntanais saothair agus go bhféadfaidh siad dul in olcas i bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach.

(1) Tá an tAontas agus na Ballstáit aonair ag tabhairt aghaidh ar ghanntanais i raon leathan earnálacha agus gairmeacha beatha, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach. Na ganntanais fhairsinge san fhoirgníocht, sa chúram sláinte, san fháilteachas, san iompar, i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus i dteicneolaíocht na heolaíochta, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic, san oideachas agus sa talmhaíocht, is ganntanais sheanbhunaithe iad a bhfuil a mbail níos measa mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ar an dlús atá leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Meastar go leanfar de na ganntanais saothair agus go bhféadfaidh siad dul in olcas i bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair, tá gá le cur chuige cuimsitheach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear, mar thosaíocht, acmhainneacht iomlán na ngrúpaí a bhfuil rannpháirtíocht níos ísle sa mhargadh saothair acu a bhaint amach ar bhealach níos fearr, an lucht saothair atá ann cheana a athsciliú agus a uas-sciliú, soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas a éascú, chomh maith le feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar tharraingteacht gairmeacha áirithe. Mar gheall ar scála reatha na nganntanas sa mhargadh saothair agus na dtreochtaí déimeagrafacha, is dócha nach leor bearta atá dírithe ar an lucht saothair baile agus ar lucht saothair an Aontais amháin chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, tá an imirce dhleathach ríthábhachtach chun na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú agus ní mór di a bheith mar chuid den réiteach chun tacú go hiomlán leis an aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach.

(2) Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair, tá gá le cur chuige cuimsitheach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear, mar thosaíocht, lánacmhainneacht na ngrúpaí a bhfuil rannpháirtíocht níos ísle i margadh an tsaothair acu a bhaint amach ar bhealach níos fearr, an lucht saothair atá ann cheana a athsciliú agus a uas-sciliú i gcomhréir le cuspóirí Bhliain Eorpach na Scileanna, lena n-éascaítear soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas, chomh maith le dálaí oibre agus tarraingteacht gairmeacha beatha áirithe a fheabhsú. Thairis sin, ceapfar modúil oiliúna uas-scilithe agus athscilithe laistigh de na Comhpháirtíochtaí Tallann nó i bhfianaise dul isteach sa Linn Tallainne agus rochtain iomlán ar chosaint shóisialta agus ar chearta oibrithe á gcur san áireamh, chomh maith le straitéisí chun imirce daoine oilte ó thríú tíortha a chosc. Thairis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chothromaíocht inscne a chur chun cinn, go háirithe i gcláir staidéir nó oiliúna a bhaineann le réimsí ETIM. I ngeall ar scála reatha na nganntanas sa mhargadh saothair, cineál athraitheach na gcáilíochtaí agus na n‑inniúlachtaí is gá agus na treochtaí déimeagrafacha, is dócha nach leor na bearta lena ndírítear ar lucht saothair intíre agus ar lucht saothair an Aontais amháin chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, tá an imirce dhleathach ríthábhachtach chun na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú agus ní mór di a bheith mar chuid den réiteach chun tacú go hiomlán leis an aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú agus chun deiseanna a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais, ba cheart Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú i bhfoirm ardáin ar fud an Aontais lena dtugtar le chéile agus lena dtacaítear le meaitseáil próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus folúntais fostaíochta fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

(3) Chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú agus deiseanna a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais, ba cheart Linn Tallainne an Aontais a bhunú i bhfoirm ardán uile-Aontais a thugann le chéile próifílí na gcuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus na náisiúnach tríú tíortha atá ag staidéar san Aontas, agus folúntais post na bhfostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha agus a thacaíonn le meaitseáil na bpróifílí sin.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacú leis na Ballstáit rannpháirteacha aghaidh a thabhairt ar scileanna agus ar ghanntanais saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo trí náisiúnaigh tríú tír a earcú a mhéid nach leor gníomhachtú an lucht saothair baile agus na soghluaisteachta laistigh den Aontas chun an cuspóir sin a bhaint amach. Mar uirlis dheonach chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a thairiscint ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit a bhfuil suim acu ann. Chuige sin, ba cheart comhlántacht agus idir-inoibritheacht le tionscnaimh agus ardáin náisiúnta atá ann cheana a áirithiú. Ba cheart riachtanais shonracha na mBallstát a chur san áireamh agus Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh á forbairt chun an rannpháirtíocht is forleithne is féidir a áirithiú. Dá bhrí sin, is téarma cuimsitheach é "Tallann" a thagraíonn don réimse iomlán scileanna a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mhargaí saothair na mBallstát.

(5) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais tacú leis na Ballstáit rannpháirteacha aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus saothair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo trí náisiúnaigh tríú tír a earcú chun an lucht saothair intíre agus an tsoghluaisteacht laistigh den Aontas a chomhlánú. Mar uirlis dheonach chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais tacaíocht bhreise a thairiscint ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit a bhfuil suim acu ann. Chuige sin, ba cheart comhlántacht agus idir-inoibritheacht le tionscnaimh agus ardáin náisiúnta atá ann cheana a áirithiú, ba cheart riachtanais agus tionscnaimh shonracha na mBallstát a chur i gcuntas san fhorbairt ar Linn Tallainne an Aontais chun an rannpháirtíocht is leithne is féidir a áirithiú. Dá bhrí sin, is téarma cuimsitheach é ‘Tallann’ a thagraíonn don réimse iomlán scileanna a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mhargaí saothair na mBallstát. Leis an gcoincheap ‘Tallann’, ba cheart treochtaí a bhaineann le riachtanais amach anseo a chur i gcuntas freisin ó thaobh cáilíochtaí agus inniúlachtaí de amhail éifeachtaí claochlaitheacha na teicneolaíochta (uathoibriú, IS, róbataic) agus an claochlú digiteach agus glas.

Leasú  5

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Tá sé mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh seirbhísí a sholáthar d'fhostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí fostaíochta príobháideacha, gníomhaireachtaí oibre sealadacha agus idirghabhálaithe sa mhargadh saothair mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún 181 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair ó 1997.

(6) Tá sé mar aidhm ag Linn Tallainne an Aontais seirbhísí a chur ar fáil d’fhostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha, go háirithe chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus le gnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear gníomhaireachtaí fostaíochta príobháideacha, gníomhaireachtaí oibre sealadaí agus idirghabhálaithe sa mhargadh saothair mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún 181 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair ó 1997.

Leasú  6

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht leordhóthanach ar údaráis na mBallstát i nGrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha beirt ionadaithe an ceann a cheapadh, ionadaí amháin ó na húdaráis fostaíochta agus ionadaí amháin ó na húdaráis inimirce.

(8) Chun a áirithiú go ndéantar ionadaíocht leormhaith ar údaráis na mBallstát i nGrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha, i gcomhordú, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis riaracháin ar an leibhéal iomchuí, triúr ionadaithe an duine a cheapadh, ionadaí amháin ó na húdaráis fostaíochta, ionadaí amháin ó na húdaráis inimirce, agus ionadaí amháin ó na húdaráis oideachais agus oiliúna. Thairis sin, ba cheart ionadaithe ón Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (CEDEFOP), ón bhForas Eorpach Oiliúna (ETF), ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM), agus ó ghníomhaireacht ar leibhéal an Aontais atá ag obair ar lánpháirtiú a chur san áireamh sa phainéal. Ba cheart do chomhpháirtithe sóisialta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint ar leibhéal an Aontais beirt rannpháirtithe ó cheardchumainn agus beirt rannpháirtithe ó eagraíochtaí fostóirí a cheapadh chun bheith rannpháirteach sa Ghrúpa Stiúrtha.

Leasú  7

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a fhorbairt trí úsáid a bhaint as bonneagar TF atá faoi úinéireacht an Choimisiúin cheana a mhéid is féidir. D'fhéadfaí an bonneagar TF a forbraíodh faoi chuimsiú EURES a athúsáid i bpáirt le haghaidh ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an cainéal comhordaithe aonair agus an uirlis mheaitseála uathoibrithe le hoiriúnuithe ábhartha, lena n-áirítear chun "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh" a chur san áireamh go cuí.

(9) Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais a fhorbairt trí úsáid a bhaint as bonneagar TF atá faoi úinéireacht an Choimisiúin cheana a mhéid is féidir. D’fhéadfaí an bonneagar TF atá forbartha faoi chuimsiú EURES a athúsáid i bpáirt le haghaidh ardán TF Linn Tallainne an Aontais, lena n-áirítear an cainéal comhordaithe aonair agus an uirlis mheaitseála uathoibrithe le hoiriúnuithe ábhartha, lena n-áirítear chun ‘pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh’ a chur san áireamh go cuí. Ba cheart d’ardán TF Linn Tallainne an Aontais sineirgí a chruthú idir na húdaráis oideachais, na húdaráis imirce agus na húdaráis fostaíochta.

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Ba cheart sineirgí a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, idir ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le rochtain ar ábhair oiliúna amhail Acadamh an Aontais agus an tAcadamh um Eoraip Idir-inoibritheach. Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur in oiriúint go tapa agus go rialta do chleachtais nua sa teicneolaíocht agus seirbhísí TF úrscothacha a sholáthar trí ghnéithe agus uirlisí nuálacha a thabhairt isteach.

(10) Ba cheart sineirgí a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, idir ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus ionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le rochtain ar ábhair oiliúna amhail Acadamh an Aontais agus an tAcadamh um Eoraip Idir-inoibritheach. Ba cheart ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chur in oiriúint go mear agus go rialta do chleachtais nua sa teicneolaíocht agus seirbhísí TF úrscothacha a sholáthar trí ghnéithe agus uirlisí nuálacha a thabhairt isteach. Ba cheart faisnéis faoi na céimeanna agus an deimhniú a theastaíonn ó na Ballstáit rannpháirteacha a bheith san áireamh i Linn Tallainne TF an Aontais.

Leasú  9

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Ba cheart formáid na bpróifílí cuardaitheoirí poist agus na bhfolúntas poist a bhunú trí úsáid a bhaint as an aicmiú Eorpach atá ann cheana maidir le gairmeacha beatha, scileanna, inniúlachtaí agus cáilíochtaí (ESCO) mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2016/589 lena bhforáiltear do théarmaíocht chaighdeánaithe le haghaidh gairmeacha beatha, scileanna agus inniúlachtaí agus lena n-éascaítear trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí. Ba cheart go dtacódh aicmiú ESCO le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, ó fhostóirí agus ó Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun faisnéis inchomparáide a sholáthar maidir le taithí oibre, gairmeacha a chumhdaítear le folúntas, chomh maith leis na scileanna a thairgeann na cuardaitheoirí poist agus a éilíonn na fostóirí, rud a chumasaíonn próiseas meaitseála ar ardchaighdeán. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh úsáid a bhaint as formáid ESCO chun folúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do na Ballstáit nach nglacann aicmiú ESCO le haghaidh folúntais náisiúnta poist táblaí mapála a tháirgeadh lena ndéantar comparáid idir an t-aicmiú a úsáidtear sna córais náisiúnta agus aicmiú ESCO ionas go mbeidh idir-inoibritheacht ann. Ba cheart na táblaí mapála a chur ar fáil don Choimisiún agus ba cheart iad a úsáid chun faisnéis maidir le folúntais phoist nó próifílí cuardaitheora poist a thraschódú go huathoibríoch chun críche meaitseála uathoibrithe tríd an ardán coiteann TF.

(11) Ba cheart formáid na bpróifílí cuardaitheoirí poist agus na bhfolúntas poist a bhunú trí úsáid a bhaint as an aicmiú Eorpach atá ann cheana maidir le gairmeacha beatha, scileanna, inniúlachtaí agus cáilíochtaí (ESCO) mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2016/5898 lena bhforáiltear do théarmaíocht chaighdeánaithe le haghaidh gairmeacha beatha, scileanna agus inniúlachtaí agus lena n-éascaítear trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí. Ba cheart go dtacódh aicmiú ESCO le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, le fostóirí agus le Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun faisnéis inchomparáide a sholáthar maidir le taithí oibre, gairmeacha a chumhdaítear le folúntas, chomh maith leis na scileanna a thairgeann na cuardaitheoirí poist agus a éilíonn na fostóirí, lena gcumasaítear, dá bhrí sin, próiseas meaitseála ar ardchaighdeán. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh úsáid a bhaint as formáid ESCO chun folúntais poist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit nach nglacann aicmiú ESCO le haghaidh folúntais náisiúnta poist táblaí mapála a chur ar fáil lena ndéantar comparáid idir an t-aicmiú a úsáidtear sna córais náisiúnta agus aicmiú ESCO chun lamháil d’idir-inoibritheacht a bheith ann. Ba cheart na táblaí mapála a chur ar fáil don Choimisiún agus ba cheart iad a úsáid chun faisnéis maidir le folúntais phoist nó próifílí cuardaitheora poist a thraschódú go huathoibríoch chun críche meaitseála uathoibrithe tríd an ardán coiteann TF. Ba cheart céimeanna, gairmoideachas, saorálaíocht, taithí oibre, deimhniú scileanna agus inniúlachtaí a fhaightear san fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó deimhnithe sonracha amhail micridhintiúir a chur san áireamh freisin sa phróiseas meaitseála. Thairis sin, ba cheart do na húdaráis ábhartha na deiseanna a chur ar fáil go leormhaith do chuardaitheoirí poist agus d’oibrithe atá ag gabháil don ardán chun teanga amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais nó an Bhallstáit a fhoghlaim.

__________________

__________________

8 Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/oj).

8 Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/oj).

Leasú  10

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Ba cheart tascanna a shannadh do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun feidhmeanna cuardaigh agus meaitseála ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a áirithiú. Ba cheart na cúraimí sin a mheas mar chúraimí a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail ar gá sonraí pearsanta a phróiseáil lena bhfeidhmiú, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2018/17259, agus Airteagal 6(1), pointe (e) de Rialachán (AE) 2016/67910 , faoi seach. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(12) Ba cheart tascanna a shannadh do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais agus do Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun feidhmeanna cuardaigh agus meaitseála ardán TF Linn Tallainne an Aontais a áirithiú. Ba cheart a mheas gur cúraimí iad sin a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail ar gá sonraí pearsanta a phróiseáil ar mhaithe lena gcur i gcrích, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2018/17259 , agus in Airteagal 6(1), pointe (e) de Rialachán (AE) 2016/67910, faoi seach. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachais agus, i gcás inarb iomchuí, an ceart chun anaithnideachta i bhformáid Europass nó uirlis choiteann chomhchosúil de chuid an Aontais, a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus le Rialacháin (AE) 2018/1725 agus (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

__________________

__________________

9 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

9 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

10 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

10 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

Leasú  11

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Ba cheart an ceart a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha rogha a dhéanamh as roinnt roghanna teicniúla chun an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh, mar shampla, trí rochtain ar a gcuid sonraí teagmhála a shrianadh. Ba cheart próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh nár úsáideadh le tréimhse 2 bhliain a bhaint go huathoibríoch. Nuair a bhaintear próifílí, d'fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críocha taighde agus staidrimh, lena n-áirítear chun críche táirgeadh agus cáilíocht an staidrimh Eorpaigh.

(14) Ba cheart an ceart a bheith ag cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha roinnt roghanna teicniúla a roghnú chun an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a shrianadh, mar shampla, trí rochtain ar a gcuid sonraí teagmhála a shrianadh. Gan dochar don cheart rogha a dhéanamh, ba cheart formáid Europass nó uirlis choiteann chomhchosúil de chuid an Aontais a bheith neodrach agus ba cheart comhroinnt ainm, sloinne, inscne, aoise, tír thionscnaimh, seoladh agus náisiúntacht a eisiamh leis na roghanna réamhshocraithe maidir le sonraí pearsanta. Ba cheart próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus ó fhostóirí atá rannpháirteach in ardán TF Linn Tallainne an Aontais nár úsáideadh ar feadh tréimhse 2 bhliain a bhaint anuas go huathoibríoch. Nuair a bhaintear anuas próifílí, d’fhéadfaí leanúint de thacar teoranta sonraí anaithnidithe a stóráil chun críoch taighde agus staidrimh, lena n‑áirítear chun críche táirgthe agus cáilíochta an staidrimh Eorpaigh.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rannchuidiú leis an gcuspóir imirce neamhrialta a dhíspreagadh, lena n-áirítear trí rochtain ar bhealaí dlíthiúla atá ann cheana a éascú. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó toirmeasc ar theacht isteach i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11, níor cheart cead a bheith acu a bpróifílí a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ós rud é nach gceadófar dóibh teacht isteach agus fanacht san Aontas. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, sula gcláróidh siad a bpróifílí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, a dhearbhú nach bhfuil siad faoi réir diúltaithe faoi láthair dul isteach nó fanacht i mBallstát nó faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais. Ba cheart faisnéis a sholáthar freisin faoi na hiarmhairtí a bhaineann le dearbhú bréagach a dhéanamh ina leith sin.

(16) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais rannchuidiú leis an gcuspóir maidir leis an nganntanas tallann agus cáilíochtaí a shainaithint agus a cheartú agus maidir leis an imirce neamhrialta a dhíspreagadh, lena n-áirítear trí rochtain ar chonairí dlíthiúla atá ann cheana a éascú. Cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear cead isteach nó fanacht i mBallstát nó toirmeasc ar theacht isteach i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11, níor cheart cead a bheith acu a bpróifílí a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais, ós rud é nach gceadófar dóibh teacht isteach agus fanacht san Aontas. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha, sula gcláróidh siad a bpróifílí i Linn Tallainne an Aontais, a dhearbhú nach bhfuil siad faoi réir diúltú dul isteach nó fanacht i mBallstát faoi láthair nó faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais. Ba cheart faisnéis a sholáthar freisin faoi na hiarmhairtí a bhaineann le dearbhú bréagach a dhéanamh ina leith sin.

__________________

__________________

11 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).

11 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).

Leasú  13

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh próifíl a chruthú trí úsáid a bhaint as feidhmiúlacht tógálaí próifíle Europass12 lena gcumasaítear próifíl saor in aisce a chruthú agus na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí ábhartha eile a thuairisciú in aon suíomh slán amháin ar líne.

(17) Ba cheart do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha ar mian leo clárú i Linn Tallainne an Aontais próifíl a chruthú trí úsáid a bhaint as feidhmiúlacht tógálaí próifíle Europass12 lenar féidir próifíl saor in aisce a chruthú agus na scileanna, na céimeanna, an gairmoideachas ábhartha, deimhniú na scileanna agus na n‑inniúlachtaí a fhaightear san fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó taithí oibre nó deimhnithe sonracha amhail micridhintiúir agus taithí eile in áit shlán amháin ar líne a thuairisciú. Chun éifeachtacht an phróisis sin a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach feasacht a chur chun cinn i measc cuardaitheoirí poist maidir le formáid shimplithe Europass nó uirlisí coiteanna comhchosúla de chuid an Aontais.

__________________

__________________

12 Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/646/oj).

12 Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/646/oj).

Leasú  14

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) I gcás inar gá, ba cheart aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí agus do bhailíochtú scileanna cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha sna Ballstáit rannpháirteacha arna iarraidh sin don chuardaitheoir poist nó don fhostóir i gcomhréir leis an dlí agus leis na cleachtais náisiúnta, agus le haon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Socruithe maidir le hAitheantas Frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla. Ba cheart cúnamh pearsantaithe agus faisnéis ar líne maidir le nósanna imeachta aitheantais agus bailíochtaithe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar fáil in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh é a sholáthar.

(18) I gcás inar gá, ba cheart aitheantas agus bailíochtú scileanna ón bhfoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil, agus ón taithí oibre, agus cáilíochtaí amhail céimeanna, dioplómaí gairmoideachais, nó deimhnithe sonracha, amhail micridhintiúir, cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a dhéanamh sna Ballstáit rannpháirteacha arna iarraidh sin don chuardaitheoir poist nó don fhostóir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na cleachtais náisiúnta, agus le haon chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear Socruithe um Aitheantas Frithpháirteach i gcás cáilíochtaí gairmiúla. Ba cheart cúnamh pearsantaithe agus faisnéis ar líne maidir le nósanna imeachta aitheantais agus bailíochtaithe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar fáil in ardán TF Linn Tallainne an Aontais agus ba cheart do Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh é a sholáthar. In éagmais nós imeachta aitheantais náisiúnta, ba cheart don linn brath ar chaighdeáin chomhchoiteanna chun cáilíochtaí a aithint bunaithe ar Choinbhinsiún UNESCO agus ar Chomhairle na hEorpa maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais a Aithint sa Réigiún Eorpach (Coinbhinsiún Aitheantais Liospóin) agus arna dtarraingt suas i gcomhar le Líonra Eorpach na Lárionad Náisiúnta Faisnéise sa Réigiún Eorpach (ENIC) agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil san Aontas Eorpach (NARIC), Grúpa Comhairleach an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí (EQF AG), CEDEFOP agus ETF. Ba cheart Moladh CE C(2023)7700 final an 15 Samhain 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnaigh tríú tír a chur i bhfeidhm.

Leasú  15

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) I gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Tallainne, faigheann náisiúnaigh tríú tíortha roghnaithe tacaíocht d'fhorbairt agus do bhailíochtú scileanna i gcreat arna fhormhuiniú ag na Ballstáit a ghlacann páirt i gComhpháirtíocht Tallainne agus i dtíortha comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, ba cheart na scileanna a forbraíodh nó a bailíochtaíodh faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallann a dheimhniú le ‘pas Comhpháirtíochta Tallann an Aontais’ atá le feiceáil i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a bheith in ann próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a scagadh chun iad siúd a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" faighte acu a léirshamhlú. D'fhéadfadh sé sin fostóirí a spreagadh chun socrúchán poist a thairiscint san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit, faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallainne, na coinníollacha a chinneadh maidir le "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh" a eisiúint chun críche Linne Tallann an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear ar cheart d'údarás náisiúnta tíre comhpháirtíochta, d'eagraíocht idirnáisiúnta nó do pháirithe leasmhara eile tacú lena sheachadadh. Tá eisiúint "pas comhpháirtíochta tallainne AE" gan dochar do rialacha Eorpacha agus náisiúnta maidir le rochtain ar ghairmeacha rialáilte.

(19) I gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Tallainne, faigheann náisiúnaigh tríú tíortha roghnaithe tacaíocht chun scileanna, céimeanna, gairmoideachas, deimhniú scileanna, inniúlachtaí a fhaightear san fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus taithí oibre nó deimhnithe sonracha, amhail micridhintiúir, a fhorbairt agus a bhailíochtú i gcreat arna fhormhuiniú ag na Ballstáit atá rannpháirteach i gComhpháirtíocht Tallainne agus ag tíortha comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, ba cheart na scileanna agus an t-oideachas, a fhaightear san fhoghlaim fhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil, nó trí thaithí oibre, a fhorbraítear nó a bhailíochtaítear faoi chuimsiú Comhpháirtíocht Tallainne, a dheimhniú le ‘Pas Comhpháirtíochta Tallainne an Aontais’, rud atá le feiceáil i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a bheith in ann próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a scagadh chun iad siúd a bhfuil ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne an Aontais’ faighte acu a léirshamhlú. D’fhéadfadh sé sin fostóirí a spreagadh chun socrúchán poist a thairiscint san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit, faoi chuimsiú Comhpháirtíochta Tallainne, na coinníollacha a chinneadh maidir le ‘pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais’ a eisiúint chun críche Linne Tallainne an Aontais, lena n-áirítear i dtaobh ar cheart d’údarás náisiúnta tíre comhpháirtíochta, d’eagraíocht idirnáisiúnta nó do gheallsealbhóirí eile tacú lena sheachadadh. Tá eisiúint ‘pas Comhpháirtíochta Tallainne an Aontais’ gan dochar do rialacha Eorpacha agus náisiúnta maidir le rochtain ar ghairmeacha rialáilte.

Leasú  16

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir le gach gníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an gceart chun cóir chothrom chomhionann a fháil i ndáil le dálaí oibre, le pá íosta, le rochtain ar chosaint shóisialta, le hoiliúint agus le cosaint daoine óga ag an obair. I gcomhréir leis na prionsabail sin, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh fostaíocht ardchaighdeáin a áirithiú.

(22) Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéantar i gcomhthéacs Linn Tallainne an Aontais, go háirithe maidir leis an gceart chun córa cothroime agus comhionainne maidir le dálaí oibre, pá íosta, rochtain ar chosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, oiliúint, deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil, agus cosaint daoine óga ag an obair. I gcomhréir leis na prionsabail sin, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais fostaíocht ardcháilíochta a áirithiú, le pá comhionann as cáilíocht chomhionann, as tallann chomhionann agus as obair chomhionann agus urraim don chomhionannas inscne.

Leasú  17

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) Chun meaitseáil ardchaighdeáin a áirithiú, ba cheart do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist agus d'fholúntais phoist chláraithe atá molta bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre don fholúntas poist. Gintear an liosta le huirlis mheaitseála uathoibrithe ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

(24) Chun meaitseáil ardcháilíochta a áirithiú, ba cheart do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais rochtain a fháil ar liosta de phróifílí agus d’fholúntais phoist atá molta do chuardaitheoirí poist bunaithe ar ábharthacht a scileanna agus a gcáilíochtaí, a gcéimeanna, a ngairmoideachas, a ndeimhnithe scileanna agus a n‑inniúlachtaí a fhaightear san fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus taithí oibre nó deimhnithe sonracha amhail micridhintiúir - agus taithí oibre i gcás an fholúntais; níor cheart próifílí a bheith bunaithe ar shonraí pearsanta, eadhon ainm, sloinne, inscne, aois, seoladh, tír thionscnaimh agus náisiúntacht. Gintear an liosta le huirlis mheaitseála uathoibrithe ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  18

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(25a) Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais rochtain do dhaoine a éascú a bhfuil na cáilíochtaí agus na hinniúlachtaí is gá acu agus atá leochaileach d’eisiamh amhail mná, daoine faoi mhíchumas nó daoine ó mhionlaigh.

Leasú  19

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena feidhmiú a chur ar fáil go héasca do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus ó fhostóirí, go háirithe maidir le faisnéis faoi na húdaráis inniúla sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

(26) Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le Linn Tallainne an Aontais agus maidir lena feidhmiú a chur ar fáil go héasca do chuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus d’fhostóirí, go háirithe do FBM agus do ghnólachtaí nuathionscanta, go háirithe maidir le faisnéis faoi na húdaráis inniúla sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rannpháirtíocht i Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar a gcumas aitheantas cáilíochtaí agus inniúlachtaí a shimpliú agus a bhrostú agus tacaíocht agus faisnéis ábhartha a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír agus d’údaráis aitheantais.

Leasú  20

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a) Is féidir le comhar le tríú tíortha, le húdaráis agus le soláthraithe oideachais malartú faisnéise agus aithint agus bailíochtú cáilíochtaí a éascú.

Leasú  21

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) Ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a áirithiú go mbeidh faisnéis atá inrochtana go héasca maidir le nósanna imeachta inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta náisiúnach tríú tír, dálaí maireachtála agus oibre chomh maith leis na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun go bhféadfar í a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Ba cheart faisnéis ar líne faoi thacaíocht atá ar fáil do chuardaitheoirí poist a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus atá i dtríú tíortha a bheith ar fáil freisin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. D'fhéadfaí a áireamh ar bhearta tacaíochta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm feachtais shonracha faisnéise, tacaíocht chun doiciméad taistil a fháil, agus tacaíocht chomhtháthaithe nuair a thagann siad.

(27) Ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais a áirithiú go mbeidh faisnéis atá inrochtana go héasca maidir le nósanna imeachta inimirce, aitheantas agus bailíochtú céimeanna agus cáilíochtaí eile, scileanna agus inniúlachtaí gairmoideachais ón bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus taithí oibre nó deimhnithe sonracha amhail micridhintiúir, cearta náisiúnach tríú tír, dálaí maireachtála agus oibre chomh maith le sásraí sásaimh atá ar fáil, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le haghaidh cásanna dúshaothraithe saothair agus cleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha ar fáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais chun go bhféadfar í a fhoilsiú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Ba cheart faisnéis ar líne faoi thacaíocht atá ar fáil do chuardaitheoirí poist a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus atá i dtríú tíortha a bheith ar fáil freisin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh i mbearta tacaíochta arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit feachtais shonracha faisnéise, fiú i dteangacha tríú tír, tacaíocht chun doiciméad taistil a fháil, agus tacaíocht lánpháirtíochta ar theacht isteach dóibh, aistriúcháin nó cineálacha eile tacaíochta chun rochtain ar na hiarratais a éascú.

Leasú  22

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27a) Agus faireachán á dhéanamh ar Linn Tallainne an Aontais, ba cheart do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais ionchur eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta agus ionchur na gcomhpháirtithe sóisialta i mBallstáit rannpháirteacha an Aontais agus i dtríú tíortha araon a chur san áireamh.

Leasú  23

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27b) Daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, is linn tearcúsáidte iad den chuid is mó de thallann agus inniúlachtaí féideartha a d’fhéadfadh freagairt do riachtanais na bhfostóirí. Áiritheofar leis an nós imeachta nach n-úsáidfear comhroinnt sonraí teagmhála le haghaidh mí-úsáid a d’fhéadfadh tríú tíortha a bhaint as. Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais foráil a dhéanamh freisin maidir le conairí chun gur féidir le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste an leas is fearr is féidir a bhaint as a scileanna, a gcáilíochtaí agus a spreagadh, agus aghaidh á tabhairt ar an nganntanas scileanna agus saothair san Aontas. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir aghaidh a thabhairt ar ghanntanais an Aontais ar thaobh amháin, agus cúnamh do dhídeanaithe, d’iarrthóirí tearmainn agus d’imircigh ar an taobh eile. Ba cheart do Linn Tallainne an Aontais rannchuidiú le margadh saothair cothrom cuimsitheach a áirithiú ar fud Bhallstáit an Aontais, margadh ina bhfuil comhdheiseanna agus cearta do chách. Ina theannta sin, ba cheart do Linn Tallainne an Aontais rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar obair neamhdhearbhaithe agus ar dhúshaothrú saothair agus ar mhí-úsáid saothair.

Leasú  24

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) Ba cheart faisnéis a sholáthraítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla na mBallstát rannpháirteach ar a laghad.

(28) Ba cheart faisnéis a sholáthraítear ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais a chur ar fáil ar a laghad i dteangacha oifigiúla uile na mBallstát rannpháirteach agus, nuair is féidir, i dteangacha ábhartha eile le haghaidh náisiúnaigh nach náisiúnaigh de chuid an Aontais iad.

Leasú  25

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, d'fhéadfadh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a sholáthar. Ba cheart a áireamh ar thacaíocht bhreise faisnéis shaincheaptha maidir le víosaí ábhartha agus ceadanna cónaithe chun críocha oibre sa Bhallstát rannpháirteach lena n-áirítear maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír amhail rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas agus tithíocht. Féadfar treoir shonrach agus faisnéis shonrach a sholáthar freisin maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta bhaill teaghlaigh, agus bearta atá ann cheana chun comhtháthú a éascú sa Bhallstát óstach amhail cúrsaí teanga agus gairmoiliúint. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin freisin na sásraí sásaimh atá ar fáil do chásanna dúshaothraithe saothair agus do chleachtais earcaíochta éagóracha sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis a sholáthar d'fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a bhaineann le slándáil shóisialta, le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíochtaí pinsin agus le hárachas sláinte.

(30) Arna iarraidh sin do chuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais, ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tacaíocht bhreise a sholáthar. Ba cheart a áireamh ar thacaíocht bhreise faisnéis shaincheaptha maidir le víosaí agus ceadanna cónaithe ábhartha chun críoch oibre sa Bhallstát rannpháirteach lena n-áirítear maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír amhail rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, deiseanna oideachais agus oiliúna, agus tithíocht. Féadfar treoir shonrach agus faisnéis shonrach a sholáthar freisin maidir le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh agus cearta ball teaghlaigh, agus maidir le bearta atá ann cheana chun lánpháirtiú sa Bhallstát óstach a éascú amhail cúrsaí teanga agus gairmoiliúint, agus béim ar leith á leagan ar ghné na hinscne agus ar dhaoine a thagann ó chúlra faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis sin freisin sásraí sásaimh atá ar fáil le haghaidh cásanna dúshaothraithe saothair agus cleachtais éagóracha earcaíochta sna Ballstáit rannpháirteacha, le rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta ábhartha. Ba cheart do Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis a sholáthar d’fhostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a bhaineann le slándáil shóisialta, le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíochtaí pinsin agus le hárachas sláinte.

Leasú  26

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) Chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart a áirithiú go ndéanfar acquis an Aontais maidir le himirce dhleathach a chur chun feidhme go héifeachtach. Ina theannta sin, chun earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla d'fhostóirí, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce luathaithe a chur i bhfeidhm go háirithe maidir le bac a chur ar víosaí agus ar cheadanna cónaithe chun críocha oibre agus maidir le díolúine ó phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais. D'fhéadfaí cur chun feidhme nósanna imeachta inimirce luathaithe a phlé i gcomhthéacs Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, go háirithe chun tacú le malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát.

(31) Chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart a áirithiú go ndéanfaí acquis an Aontais maidir le himirce dhleathach a chur chun feidhme go héifeachtach. Ina theannta sin, chun earcú mac léinn ó thríú tír a bhfuil cónaí orthu san Aontas agus cuardaitheoirí poist ó thríú tír atá ina gcónaí lasmuigh den Aontas a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla d’fhostóirí, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha nósanna imeachta inimirce brostaithe a chur i bhfeidhm, go háirithe maidir le víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil chun críoch oibre agus maidir le díolúine ó phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais. D’fhéadfaí cur chun feidhme nósanna imeachta inimirce brostaithe a phlé i gcomhthéacs Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais, go háirithe chun tacú le malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát.

Leasú  27

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rannpháirtíocht cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha agus ó fhostóirí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

(c) na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le rannpháirtíocht cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha i Linn Tallainne an Aontais, náisiúnaigh tríú tír atá ag staidéar san Aontas agus fostóirí;

Leasú  28

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhaineann tairbhe as Comhpháirtíocht Tallainne a éascú.

(d) éascú a dhéanamh ar earcú cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhaineann tairbhe as Comhpháirtíocht Tallainne, agus aird ar leith á tabhairt ar ghné na hinscne, go háirithe i gcláir staidéir nó oiliúna a bhaineann le réimsí ETIM.

Leasú  29

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas agus maidir le fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá ina gcónaí lasmuigh den Aontas, náisiúnaigh tríú tír atá ag staidéar san Aontas agus fostóirí atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe -1 (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1) Ciallaíonn ‘Linn Tallainne’ uirlis chuimsitheach lena ndírítear ar phróifílí ardoilte, meánoilte agus ísealoilte ó thríú tíortha. Cumhdóidh an Linn Tallainne na hearnálacha do thallann ar bheagán oiliúna, tallann mheánoilte agus tallann ardoilte, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta;

Leasú  31

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) ciallaíonn “cuardaitheoir poist ó thríú tír” duine a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas nach saoránach de chuid an Aontais é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus a bhfuil fostaíocht á lorg aige nó aici san Aontas;

(2) ciallaíonn ‘cuardaitheoir poist ó thríú tír’ duine, a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas agus nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, lena gcuirtear san áireamh staid mac léinn, nó taighdeoirí ar náisiúnaigh tríú tír iad, agus atá ag lorg fostaíochta san Aontas; ba cheart cead a bheith ag na grúpaí thuasluaite a bheith rannpháirteach gan filleadh ar a dtír thionscnaimh;

Leasú  32

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a) ciallaíonn ‘mac léinn nó taighdeoir atá san Aontas ar náisiúnach tríú tír é nó í’ duine a bhfuil cónaí air san Aontas ag a bhfuil víosa mic léinn nó taighde, nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1);

Leasú  33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe f a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa) Clár Ambasadóirí Cultúrtha a thabhairt isteach a rachaidh i dteagmháil le daoine aonair ó thríú tíortha, ar éirigh leo lánpháirtiú i lucht saothair an Aontais, chun a dtaithí a chomhroinnt agus daoine eile a spreagadh chun an tAontas a mheas mar cheann scríbe fostaíochta;

Leasú  34

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áireofar i bpróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ainm, sloinne, sonraí teagmhála, dáta breithe agus náisiúntacht, faisnéis faoi cháilíochtaí acadúla agus gairmiúla, taithí oibre, scileanna eile agus eolas teanga. Áireofar ainm, sloinne agus sonraí teagmhála i bhfolúntais phoist fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

3. Áireofar i bpróifílí na gcuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha ainm, sloinne, sonraí teagmhála, dáta breithe agus náisiúntacht, faisnéis maidir le cáilíochtaí acadúla agus gairmiúla, céimeanna, gairmoideachas, eolas ar theangacha, saorálaíocht nó taithí oibre, deimhniú scileanna agus inniúlachtaí a shealbhaítear san fhoghlaim sheachfhoirmiúil, nó deimhnithe sonracha amhail micridhintiúir. Áireofar ainm, sloinne agus sonraí teagmhála i bhfolúntais phoist na bhfostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  35

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh sonraí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus folúntais phoist fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ar fáil le haghaidh cuardach agus meaitseáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

7. Cuirfidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais sonraí na gcuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus folúntais phoist na bhfostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais ar fáil le haghaidh cuardach agus meaitseáil ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Le linn an phróisis meaitseála, soláthróidh an t‑ardán TF formáid neodrach Europass nó uirlis choiteann chomhchosúil de chuid an Aontais lena n-eisiatar sonraí pearsanta amhail ainm, sloinne, inscne, aois, tír thionscnaimh, náisiúntacht agus seoladh. Ní bheidh aon chineál idirdhealaithe ná claontachta mar thoradh ar chuardaigh agus meaitseálacha tríd an ardán TF.

Leasú  36

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha breise maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil agus atá le háireamh i bhformáidí na bhfolúntas poist agus na bpróifílí cuardaitheoirí poist, freagrachtaí rialaitheoirí sonraí, lena n-áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as próiseálaí sonraí nó próiseálaithe sonraí, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe srian a chur ar an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

9. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha breise maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil agus atá le háireamh i bhformáidí na bhfolúntas poist agus na bpróifílí cuardaitheoirí poist, freagrachtaí rialaitheoirí sonraí, lena n-áirítear rialacha lena rialaítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as próiseálaí sonraí nó próiseálaithe sonraí, chomh maith leis na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus an rogha atá ar fáil do chuardaitheoirí poist cláraithe srian a chur ar an rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3) i gcomhréir le formáid neodrach Europass nó le huirlis choiteann chomhchosúil de chuid an Aontais, lena n-eisiatar sonraí pearsanta amhail ainm, sloinne, inscne, aois, tír thionscnaimh, náisiúntacht agus seoladh.

Leasú  37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) sonraí ábhartha a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 20;

(e) sonraí ábhartha a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht Linn Tallainne an Aontais de bhun Airteagal 20, lena n-áirítear, más gá, comhairliúcháin le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta;

Leasú  38

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) tacaíocht a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh i dtaobh phleanáil agus comhordú gníomhaíochtaí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh;

(b) tacaíocht a thabhairt do Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais maidir le gníomhaíochtaí Linn Tallainne an Aontais a phleanáil agus a chomhordú, lena n‑áirítear malartuithe agus sineirgí le húdaráis oideachais agus soghluaisteachta saothair laistigh den Aontas a éascú;

Leasú  39

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Is iad na Ballstáit rannpháirteacha amháin a bheidh ina mbaill de Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh páirt a ghlacadh i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh mar bhreathnóirí.

2. Is iad na Ballstáit rannpháirteacha amháin a bheidh ina mbaill de Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe ó údaráis oideachais agus deimhniúcháin ó thríú tíortha tionscnaimh a bheith rannpháirteach i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais mar bhreathnóirí.

Leasú  40

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Beidh sé de cheart ag ionadaithe na n-eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó cheardchumann agus ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó eagraíochtaí fostóirí a áirithiú. Síneoidh na hionadaithe sin ráiteas i scríbhinn á dhearbhú nach bhfuil siad i staid coinbhleachta leasa.

4. Beidh sé de cheart ag ionadaithe na n-eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcruinnithe Ghrúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais. Áiritheoidh Grúpa Stiúrtha Linn Tallainne an Aontais ionadaíocht bheirt rannpháirtithe ó cheardchumann agus bheirt rannpháirtithe ó eagraíochtaí fostóirí ar a laghad. Thairis sin, áireofar sa ghrúpa, mar bhreathnóirí, ionadaí amháin ó na hinstitiúidí oideachais ar leibhéal an Aontais, ionadaí amháin ó CEDEFOP, ionadaí amháin ó ETF agus ionadaí amháin ó údarás an Aontais atá i gceannas ar lánpháirtiú. Féadfar cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta a bhfuil saineolas ábhartha acu i réimsí oideachais agus oiliúna páirt a bheith rannpháirteach. Síneoidh na hionadaithe sin ráiteas i scríbhinn á dhearbhú nach bhfuil siad i staid coinbhleachta leasa.

Leasú  41

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ainmneoidh gach Ballstát rannpháirteach Pointe Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go gceapfar údaráis ábhartha ó réimse na fostaíochta agus na hinimirce mar Phointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Ainmneoidh gach Ballstát rannpháirteach Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go ndéanfar údaráis ábhartha ó réimse na fostaíochta, na hinimirce agus an oideachais agus na hoiliúna a cheapadh mar Phointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le húdaráis inniúla eile.

Leasú  42

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) folúntais phoist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh tríd an gcainéal comhordaithe aonair agus meaitseáil idir cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a éascú;

(b) folúntais phoist a aistriú chuig ardán TF Linn Tallainne an Aontais tríd an gcainéal comhordaithe aonair agus an mheaitseáil idir cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha agus fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais a éascú, ag baint úsáid as nósanna imeachta simplí;

Leasú  43

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bpróifílí a chruthú trí thógálaí próifíle Europass chun clárú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

1. Féadfaidh cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a bpróifílí a chruthú trí leagan simplithe den Europass nó trí uirlis choiteann eile de chuid an Aontais chun clárú ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  44

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh rochtain ar phróifíl a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh teoranta do dhaoine a dhearbhaíonn go sainráite nach bhfuil siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear dul isteach nó fanacht i mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó le toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE.

2. Beidh rochtain ar phróifíl a chlárú in ardán TF Linn Tallainne an Aontais teoranta do dhaoine a dhearbhaíonn go sainráite nach bhfuil siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin lena ndiúltaítear dul isteach nó fanacht i mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta ná faoi réir toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE. Áiritheoidh na húdaráis próiseas chun na cáilíochtaí agus na hinniúlachtaí a sholáthraítear a fhíorú.

Leasú  45

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Beidh próifílí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá cláraithe i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh le feiceáil ag fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

3. Beidh próifílí cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha atá cláraithe i Linn Tallainne an Aontais le feiceáil ag fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais. Ní nochtfaidh an chéim mheaitseála, trí fhormáid neodrach Europass, nó trí uirlis choiteann chomhchosúil de chuid an Aontais, sonraí pearsanta cuardaitheoirí poist amhail ainm, sloinne, inscne, aois, tír thionscnaimh, náisiúntacht agus seoladh.

Leasú  46

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. Áiritheofar leis an nós imeachta nach n-úsáidfear comhroinnt cáilíochtaí agus sonraí deimhniúcháin le haghaidh mí-úsáid a d’fhéadfadh tríú tíortha a bhaint astu.

Leasú  47

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) an cháilíocht a baineadh amach agus scileanna an náisiúnaigh tríú tír a bailíochtaíodh i gcomhthéacs na Comhpháirtíochta Tallainne, lena n-áirítear scileanna agus inniúlachtaí a bhaineann le gairm shonrach, scileanna teanga, nó scileanna agus inniúlachtaí a bhaineann le comhtháthú i mBallstát amháin nó níos mó;

(b) an cháilíocht a fhaightear agus scileanna an náisiúnaigh tríú tír atá bailíochtaithe i gcomhthéacs na Comhpháirtíochta Tallainne, lena n-áirítear na scileanna agus na hinniúlachtaí a ghnóthaítear san fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó mar chuid den taithí oibre, agus teastais shonracha amhail micridhintiúir a bhaineann le gairm shonrach, scileanna teanga, nó inniúlachtaí lena n-éascaítear a lánpháirtiú i mBallstát amháin nó níos mó;

Leasú  48

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléid a ghlacadh maidir le formáid "pas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh". Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá tagraítear in Airteagal 22(2).

4. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléid a ghlacadh maidir le formáid ‘phas Chomhpháirtíocht Tallainne an Aontais Eorpaigh’. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá tagraítear in Airteagal 22(2). Beidh feidhm ag Moladh CE C(2023)7700 final an 15 Samhain 2023 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí náisiúnaigh tríú tír.

Leasú  49

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh, faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne ábhartha, infheictheacht próifílí cuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil "pas comhpháirtíochta tallainne AE Eorpaigh" faighte acu a theorannú, ar feadh uastréimhse bliana, d'fhostóirí atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó atá rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht Tallainne chéanna sin. Foilseoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na míre sin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.

6. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh, faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Tallainne ábhartha, infheictheacht phróifílí na gcuardaitheoirí poist cláraithe ó thríú tíortha a bhfuil ‘Pas Comhpháirtíochta Tallainne an Aontais Eorpaigh’ faighte acu, ar feadh uastréimhse bliana, a theorannú d’fhostóirí atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó ná sin agus atá rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht Tallainne chéanna sin ar an tuiscint go bhfaigheann na cuardaitheoirí poist cláraithe tairiscintí nithiúla, lena n‑áirítear modúil oideachais agus oiliúna sna Ballstáit lena mbaineann. Foilseoidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na míre sin ar ardán TF Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  50

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Spreagfar fostóirí chun acmhainní a leithdháileadh le haghaidh cláir oiliúna teanga do chuardaitheoirí poist, chun tuiscint chultúrtha a chothú agus chun cuimsitheacht a chur chun cinn.

Leasú  51

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Comhlíonfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais agus an dlí agus an cleachtas náisiúnta chun cosaint náisiúnach tríú tír i gcoinne earcaíocht éagórach agus dálaí oibre neamhleora a áirithiú chomh maith le neamh-idirdhealú. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha coinníollacha breise a thabhairt isteach maidir le rannpháirtíocht na bhfostóirí i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go gcomhlíonfar cleachtais náisiúnta ábhartha eile, comhaontuithe comhchoiteanna agus na prionsabail agus na treoirlínte atá leagtha amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Comhlíonfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais dlí agus cleachtas ábhartha an Aontais agus an dlí agus an cleachtas náisiúnta chun cosaint náisiúnach tríú tír i gcoinne earcaíocht éagórach agus dálaí oibre neamhleora a áirithiú chomh maith le neamh-idirdhealú agus comhionannas inscne. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha coinníollacha breise a thabhairt isteach maidir le rannpháirtíocht na bhfostóirí i Linn Tallainne an Aontais chun a áirithiú go gcomhlíonfar cleachtais náisiúnta ábhartha eile, comhaontuithe comhchoiteanna agus na prionsabail agus na treoirlínte atá leagtha amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Leasú  52

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun a áirithiú go soláthróidh Linn Tallainne an Aontais agus an mheaitseáil cáilíochtaí agus inniúlachtaí na coinníollacha maidir le cóir chomhionann, dálaí oibre cuibhiúla, cearta saothair agus ceardchumainn chomh maith le rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte.

Leasú  53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe molta arna nginiúint ag an uirlis mheaitseála uathoibríoch agus bunaithe ar ábharthacht a scileanna, a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre don fholúntas poist.

Féadfaidh fostóirí atá rannpháirteach i Linn Tallainne an Aontais rochtain a fháil ar liosta de phróifílí cuardaitheoirí poist cláraithe molta atá ginte ag an uirlis mheaitseála uathoibríoch agus atá bunaithe ar ábharthacht a scileanna agus a n‑iniúlachtaí, a gcáilíochtaí foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhorimiúla, a ngairmoideachas, a gcéimeanna nó a ndeimhnithe sonracha (‘micridhintiúir’) agus a dtaithí oibre don fholúntas poist.

Leasú  54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. Feasacht mhéadaithe a spreagadh i measc ollscoileanna maidir le Linn Tallainne an Aontais, agus béim á leagan ar an deis atá ann do thaighdeoirí agus mic léinn ar náisiúnaigh tríú tír iad iarratas a dhéanamh.

Leasú  55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4b. A áirithiú go dtabharfar aird fhabhrach ar dhaoine aonair a ghlac páirt i gcláir shoghluaisteachta Erasmus+ sa phróiseas meaitseála trí aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí a fhaightear trí chláir Erasmus+ mar shócmhainní luachmhara laistigh de Linn Tallainne an Aontais.

Leasú  56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh agus maidir lena feidhmiú ar fáil go héasca.

Cuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis maidir le Linn Tallainne an Aontais agus feidhmiú Linn Tallainne an Aontais ar fáil go héasca agus áiritheoidh siad go gcuirfear chun cinn í.

Leasú  57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) faisnéis maidir le nósanna imeachta earcaíochta agus inimirce, aitheantas do cháilíochtaí agus bailíochtú scileanna, cearta náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear maidir leis na sásraí sásaimh atá ar fáil chomh maith le faisnéis maidir le dálaí maireachtála agus oibre sna Ballstáit rannpháirteacha;

(a) faisnéis a bhaineann le nósanna imeachta earcaíochta agus inimirce, aitheantas cáilíochtaí agus bailíochtú scileanna agus inniúlachtaí, gairmoideachas, céimeanna nó teastais shonracha (‘micridhintiúir’), cearta náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear maidir leis na sásraí sásaimh atá ar fáil chomh maith le faisnéis faoi dhálaí maireachtála agus oibre sna Ballstáit rannpháirteacha;

Leasú  58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) faisnéis shonrach maidir le cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír lena n‑áirítear rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, oideachas, tithíocht, aitheantas do cháilíochtaí agus an sásra gearán de bhun Airteagal 18;

(c) faisnéis shonrach faoi chearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír lena n‑áirítear rochtain ar shochair shóisialta, cúnamh sláinte, an t-oideachas, oiliúint, tithíocht, aitheantas do cháilíochtaí, deimhniú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, gairmoideachas, céimeanna nó deimhnithe sonracha (‘micreadhintiúir’) agus an sásra gearán de bhun Airteagal 18;

Leasú  59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás inarb ábhartha, tarchuirfidh Pointí Teagmhála Náisiúnta um Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh iarrataí ar fhaisnéis, ar threoir agus ar thacaíocht chuig údaráis inniúla náisiúnta eile agus, más infheidhme, chuig comhlachtaí iomchuí eile ar an leibhéal náisiúnta lena dtacaítear le comhtháthú náisiúnach tríú tír ar an margadh saothair.

3. I gcás inarb ábhartha, tarchuirfidh Pointí Teagmhála Náisiúnta Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh iarrataí ar fhaisnéis, ar threoir agus ar thacaíocht chuig údaráis inniúla náisiúnta eile agus, más infheidhme, chuig comhlachtaí iomchuí eile ar an leibhéal náisiúnta lena dtacaítear le comhtháthú náisiúnach tríú tír ar an margadh saothair agus bunóidh siad sásraí leantacha chun faireachán a dhéanamh i dtaobh ar cuireadh an cúnamh a theastaíonn ón gcuardaitheoir poist nó ón bhfostóir ar fáil ar bhealach sásúil.

Leasú  60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Bunóidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an bailiúchán sonraí de réir na gcoincheap agus na sainmhínithe staidrimh agus malartóidh sí faisnéis agus sonraí leis an gCoimisiún chun críche cáilíocht na sonraí arna mbailiú faoin Rialachán seo agus táirgeadh agus cáilíocht an staidrimh Eorpaigh.

2. Déanfaidh Rúnaíocht Linn Tallainne an Aontais an bailiúchán sonraí a chur ar bun de réir na gcoincheap agus na sainmhínithe staidrimh agus malartóidh sí faisnéis agus sonraí leis an gCoimisiún chun críche cáilíochta na sonraí a bhailítear faoin Rialachán seo agus táirgthe agus cáilíochta an staidrimh Eorpaigh agus aird ar leith á tabhairt ar shonraí imdhealaithe de réir catagóirí amhail inscne, míchumas agus aois.

Leasú  61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Ba cheart tuarascáil ar an bhfeidhmíocht agus achoimre ar shonraí comhiomlánaithe Linn Tallainne an Aontais a chur ar fáil go poiblí ar bhonn rialta.

Leasú  62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Faoin 31.12.2031 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

1. Faoin 31.12.2030 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.


 

 

IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE
ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Dearbhaíonn an rapóirtéir don tuairim faoina freagracht eisiach nach bhfuair sí ionchur ó aon eintiteas ná ó aon duine atá le lua san Iarscríbhinn seo de bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta.

 


 

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Linn tallainne an Aontais a bhunú

Tagairtí

COM(2023)0716 – C9-0413/2023 – 2023/0404(COD)

An coiste freagrach/na coistí freagracha

LIBE

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

CULT

8.2.2024

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Nela Riehl

3.12.2024

Dáta an ghlactha

19.2.2025

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

22

5

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nikolaos Anadiotis, Laurence Farreng, Mario Furore, Sunčana Glavak, Lara Magoni, Eleonora Meleti, Nikos Pappas, Hristo Petrov, Giusi Princi, Emma Rafowicz, Sabrina Repp, Diana Riba i Giner, Nela Riehl, Manuela Ripa, Sandro Ruotolo, Joanna Scheuring-Wielgus, Malika Sorel, Marco Squarta, Zala Tomašič, Bogdan Andrzej Zdrojewski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Maria Guzenina, Nikola Minchev, Nikos Papandreou, Hélder Sousa Silva, Sabine Verheyen

Feisirí faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Anja Arndt, Pascale Piera

 


 

 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

22

+

NI

Nikolaos Anadiotis

PPE

Sunčana Glavak, Eleonora Meleti, Giusi Princi, Manuela Ripa, Hélder Sousa Silva, Zala Tomašič, Sabine Verheyen, Bogdan Andrzej Zdrojewski

Renew

Laurence Farreng, Nikola Minchev, Hristo Petrov

S&D

Maria Guzenina, Nikos Papandreou, Emma Rafowicz, Sabrina Repp, Sandro Ruotolo, Joanna Scheuring-Wielgus

The Left

Mario Furore, Nikos Pappas

Verts/ALE

Diana Riba i Giner, Nela Riehl

 

5

-

ECR

Lara Magoni, Marco Squarta

ESN

Anja Arndt

PfE

Pascale Piera, Malika Sorel

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

39

+

NI

Branislav Ondruš, Jan-Peter Warnke

PPE

Maravillas Abadía Jover, Pascal Arimont, Andrzej Buła, David Casa, Henrik Dahl, Rosa Estaràs Ferragut, Niels Geuking, Martine Kemp, Miriam Lexmann, Jagna Marczułajtis-Walczak, Eleonora Meleti, Virgil-Daniel Popescu, Dennis Radtke, Liesbet Sommen, Romana Tomc, Andrea Wechsler

Renew

Valérie Devaux, Irena Joveva, Hristo Petrov, Brigitte van den Berg, Marie-Pierre Vedrenne

S&D

Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Estelle Ceulemans, Vivien Costanzo, Isilda Gomes, Alicia Homs Ginel, Marit Maij, Idoia Mendia, Aodhán Ó Ríordáin, Raffaele Topo, Marianne Vind

Verts/ALE

Katrin Langensiepen, Maria Ohisalo, Nela Riehl, Villy Søvndal

 

12

-

ECR

Chiara Gemma, Lara Magoni, Marlena Maląg, Francesco Torselli, Mariateresa Vivaldini

PfE

Marie Dauchy, Mélanie Disdier, Séverine Werbrouck

The Left

Konstantinos Arvanitis, Kathleen Funchion, Estrella Galán, João Oliveira

 

1

0

The Left

Per Clausen

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


 

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Linn tallainne an Aontais Eorpaigh a bhunú

Tagairtí

COM(2023)0716 – C9-0413/2023 – 2023/0404(COD)

Date submitted to Parliament

16.11.2023

 

 

 

An coiste freagrach/na coistí freagracha

LIBE

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

8.2.2024

EMPL

8.2.2024

CULT

8.2.2024

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Abir Al-Sahlani

30.9.2024

 

 

 

Pléite sa choiste

3.12.2024

16.1.2025

 

 

Dáta an ghlactha

19.3.2025

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

46

25

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Giuseppe Antoci, Francisco Assis, Malik Azmani, Pernando Barrena Arza, Nikola Bartůšek, Ioan-Rareş Bogdan, Krzysztof Brejza, Saskia Bricmont, Jorge Buxadé Villalba, Jaroslav Bžoch, Damien Carême, Susanna Ceccardi, Caterina Chinnici, Veronika Cifrová Ostrihoňová, Alessandro Ciriani, Lena Düpont, Marieke Ehlers, Estrella Galán, Raquel García Hermida-Van Der Walle, Branko Grims, Paolo Inselvini, Irena Joveva, Erik Kaliňák, Marina Kaljurand, Mariusz Kamiński, Fabienne Keller, Mary Khan, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Fabrice Leggeri, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Michael McNamara, Ana Catarina Mendes, Verena Mertens, Ana Miguel Pedro, Emil Radev, Chloé Ridel, Birgit Sippel, Krzysztof Śmiszek, Petra Steger, Cecilia Strada, Tineke Strik, Georgiana Teodorescu, Alice Teodorescu Måwe, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Kristian Vigenin, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Charlie Weimers, Sophie Wilmès, Isabel Wiseler-Lima, Alessandro Zan, Javier Zarzalejos, Tomáš Zdechovský

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Konstantinos Arvanitis, David Casa, Javier Moreno Sánchez, Karlo Ressler, Sandro Ruotolo, Nacho Sánchez Amor, Anna Strolenberg, Pekka Toveri, Sebastian Tynkkynen, Roberto Vannacci, Petar Volgin, Maciej Wąsik, Lucia Yar

Feisirí faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Hildegard Bentele, Sebastião Bugalho, Dick Erixon, Pär Holmgren

Dáta don chur síos

26.3.2025

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA AG AN gCOISTE FREAGRACH

46

+

PPE

Magdalena Adamowicz, Hildegard Bentele, Ioan-Rareş Bogdan, Krzysztof Brejza, Sebastião Bugalho, David Casa, Caterina Chinnici, Lena Düpont, Branko Grims, Jeroen Lenaers, Verena Mertens, Ana Miguel Pedro, Emil Radev, Karlo Ressler, Pekka Toveri, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Isabel Wiseler-Lima, Javier Zarzalejos, Tomáš Zdechovský

Renew

Malik Azmani, Veronika Cifrová Ostrihoňová, Raquel García Hermida-Van Der Walle, Irena Joveva, Fabienne Keller, Moritz Körner, Michael McNamara, Sophie Wilmès, Lucia Yar

S&D

Francisco Assis, Marina Kaljurand, Juan Fernando López Aguilar, Ana Catarina Mendes, Javier Moreno Sánchez, Chloé Ridel, Sandro Ruotolo, Nacho Sánchez Amor, Birgit Sippel, Krzysztof Śmiszek, Cecilia Strada, Kristian Vigenin, Alessandro Zan

Na Glasaigh/SCE

Saskia Bricmont, Pär Holmgren, Alice Kuhnke, Tineke Strik, Anna Strolenberg

 

25

-

ECR

Alessandro Ciriani, Dick Erixon, Paolo Inselvini, Mariusz Kamiński, Georgiana Teodorescu, Sebastian Tynkkynen, Maciej Wąsik, Charlie Weimers

An Grúpa ‘Eoraip na Náisiún Ceannasach’

Mary Khan, Milan Uhrík, Petar Volgin

NI

Erik Kaliňák

PfE

Nikola Bartůšek, Jorge Buxadé Villalba, Jaroslav Bžoch, Susanna Ceccardi, Marieke Ehlers, Fabrice Leggeri, Petra Steger, Tom Vandendriessche, Roberto Vannacci

An Chlé

Giuseppe Antoci, Konstantinos Arvanitis, Damien Carême, Estrella Galán

 

2

0

PPE

Alice Teodorescu Måwe

An Chlé

Pernando Barrena Arza

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 15 Aibreán 2025
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais