Tuarascáil - A10-0057/2025Tuarascáil
A10-0057/2025

MOLADH DON DARA LÉAMH ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh margaidh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 450/2003 agus (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

8.4.2025 - (17082/1/2024 – C10‑0054/2025 – 2023/0288(COD)) - ***II

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Irene Tinagli

Nós Imeachta : 2023/0288(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A10-0057/2025
Téacsanna arna gcur síos :
A10-0057/2025
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh margaidh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 450/2003 agus (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(17082/1/2024 – C10‑0054/2025 – 2023/0288(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (17082/1/2024 – C10‑0054/2025),

 ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Samhain 2023[1],

 ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh[2] ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0459),

 ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do Riail 68 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0057/2025),

 

1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 


RÉASÚNÚ GEARR

Tá an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh ina léiriú ar an gcomhaontú ar thángthas air idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha go luath ag céim an dara léamh, tar éis fíorú dlítheangeolaíoch. Ós rud é gur dheimhnigh an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) toradh na gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha sin cheana féin ina vótáil an 16 Eanáir 2025, molaim, i mo cháil mar rapóirtéir, go molfadh ECON go ndearbhófaí seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh sa Seisiún iomlánach, gan é a leasú.


 

 

IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

De bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuair sí ionchur ó na heintitis nó ó na daoine seo a leanas in ullmhú na tuarascála, go dtí go nglacfar sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

European Data Protection Supervisor (EDPS), opinion

European Central Bank (ECB), opinion

Is faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara a dhéantar an liosta thuas a tharraingt suas.

 

I gcás ina sainaithnítear daoine nádúrtha ar an liosta de réir ainm, feidhme nó an dá cheann, dearbhaíonn an rapóirtéir go ndearna sí Fógra Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa Uimh. 484 (https://www.europarl.europa.eu/data-protect/index.do), a chur faoi bhráid na ndaoine nádúrtha lena mbaineann, ar fógra é lena sainmhínítear na coinníollacha is infheidhme maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus na cearta a bhaineann leis an bpróiseáil sin.


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Tagairtí

17082/1/2024 – C10-0054/2025 – 2023/0288(COD)

Dáta don chéad léamh ag an bParlaimint – P-uimhir

24.4.2024 T9-0356/2024

Dréachtghníomh arna bhreithniú ar an gcéad léamh

COM(2023)0459 - C9-0316/2023

Fógra sa suí iomlánach go bhfuarthas an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh

3.4.2025

Coiste/coistí atá freagrach

ECON

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Irene Tinagli

12.9.2024

 

 

 

Dáta an ghlactha

8.4.2025

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

40

4

6

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Georgios Aftias, Rasmus Andresen, Stephen Nikola Bartulica, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Damian Boeselager, Gilles Boyer, Giovanni Crosetto, Fabio De Masi, Siegbert Frank Droese, Engin Eroglu, Marco Falcone, Markus Ferber, Jonás Fernández, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Billy Kelleher, Kinga Kollár, Tomáš Kubín, Aurore Lalucq, Rada Laykova, Marlena Maląg, Jorge Martín Frías, Denis Nesci, Luděk Niedermayer, Ľudovít Ódor, Nikos Papandreou, Gaetano Pedulla’, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Pierre Pimpie, Evelyn Regner, René Repasi, Jussi Saramo, Paulius Saudargas, Ralf Seekatz, Irene Tinagli, Francesco Ventola, Lara Wolters, Auke Zijlstra, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Fernand Kartheiser, Martine Kemp, Eva Maydell, Andreas Schwab, Virginijus Sinkevičius

Feisirí faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Estelle Ceulemans, Dóra Dávid, Isilda Gomes, Carolina Morace

Dáta don chur síos

9.4.2025

 


 

 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA AG AN gCOISTE FREAGRACH

40

+

ECR

Stephen Nikola Bartulica, Giovanni Crosetto, Fernand Kartheiser, Marlena Maląg, Denis Nesci, Francesco Ventola, Roberts Zīle

PPE

Georgios Aftias, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Dóra Dávid, Marco Falcone, Markus Ferber, Martine Kemp, Kinga Kollár, Eva Maydell, Luděk Niedermayer, Lídia Pereira, Paulius Saudargas, Andreas Schwab, Ralf Seekatz

PfE

Enikő Győri, Pierre Pimpie

Renew

Gilles Boyer, Billy Kelleher, Ľudovít Ódor

S&D

Estelle Ceulemans, Jonás Fernández, Isilda Gomes, Eero Heinäluoma, Aurore Lalucq, Nikos Papandreou, Evelyn Regner, René Repasi, Irene Tinagli, Lara Wolters

Verts/ALE

Rasmus Andresen, Damian Boeselager, Kira Marie Peter-Hansen, Virginijus Sinkevičius

 

4

-

PfE

Tomáš Kubín, Jorge Martín Frías, Auke Zijlstra

Renew

Engin Eroglu

 

6

0

ESN

Siegbert Frank Droese, Rada Laykova

NI

Fabio De Masi

The Left

Carolina Morace, Gaetano Pedulla', Jussi Saramo

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 24 Aibreán 2025
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais