Tuarascáil - A8-0024/2018Tuarascáil
A8-0024/2018

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2016/97 maidir le dáta chur i bhfeidhm bhearta trasuí na mBallstát

08.2.2018 - (COM(2017)0792 – C8‑0449/2017 – 2017/0350(COD)) - ***I

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir Werner Langen
(Nós Imeachta simplithe – Riail 50(2) de na Rialacha Nós Imeachta)

Nós Imeachta : 2017/0350(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0024/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0024/2018
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2016/97 maidir le dáta chur i bhfeidhm bhearta trasuí na mBallstát

(COM(2017)0792 – C8‑0449/2017 – 2017/0350(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2017)0792),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 53(1) agus d’Airteagal 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0449/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0024/2018),

A.    De bhrí, ar chúiseanna práinne, go bhfuil údar le dul ar aghaidh chuig an vótáil roimh dhul in éag an spriocdháta ocht seachtaine mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm;

1.  Ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA[1]*

ar an togra ón gCoimisiún

---------------------------------------------------------

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Le Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[3] déantar comhchuibhiú ar na forálacha náisiúnta i dtaca le táirgí árachais agus táirgí athárachais agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a bheith á ndáileadh ag idirghabhálaithe árachais, comhlachtaí árachais, a bhfostaithe agus idirghabhálaithe coimhdeacha árachais san Aontas.

(2)  De bhun Airteagal 42 de Threoir (AE) 2016/97, ní mór do na Ballstát na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 23 Feabhra 2018.

(3)  An 21 Meán Fómhair 2017, ghlac an Coimisiún dhá rialachán tarmligthe lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97, ceann amháin maidir le ceanglais i dtaca le formhaoirseacht agus rialachas táirgí le haghaidh gnóthais árachais agus dáileoirí árachais[4], agus an ceann eile i dtaca le ceanglais maidir le faisnéis agus na rialacha iompair gnó is infheidhme maidir le dáileadh táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe[5].

(4)  Sna cinntí a rinne sé gan aon agóid a dhéanamh i dtaca leis na rialacháin tarmligthe dá dtagraítear in aithris 3[6], thug Parlaimint na hEorpa cuireadh don Choimisiún togra reachtach a ghlacadh ina leagfaí síos an 1 Deireadh Fómhair 2018 mar an dáta chun na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Treoir (AE) 2016/97 a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm, in ionad an 23 Feabhra 2018. Mar bhunús leis an iarraidh sin, luaigh Parlaimint na hEorpa gur gá do ghnóthais árachais agus dáileoirí árachais tuilleadh ama a bheith acu le hullmhú chun Treoir (AE) 2016/97 a chur chun feidhme go ceart agus go héifeachtach, agus chun na hathruithe teicniúla agus eagraíochtúla is gá a chur chun feidhme chun na rialacháin tarmligthe a chomhlíonadh.

(5)  I bhfianaise a ghiorra atá an tréimhse atá fágtha sula gcuirfear i bhfeidhm na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Treoir (AE) 2016/97 a chomhlíonadh, ba cheart go dtiocfadh an Treoir seo i bhfeidhm gan mhoill.

(6)  Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2016/97 a leasú dá réir sin,

(7)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus aon suaitheadh a d'fhéadfadh a bheith sa mhargadh a sheachaint, tá sé riachtanach go dtiocfadh an Treoir seo i bhfeidhm mar ábhar práinne agus go mbeadh feidhm léi, le héifeacht chúlghabhálach, ón 23 Feabhra 2018.

(8)  Ar an ábhar sin, tá údar freisin leis an eisceacht i gcomhair cásanna práinne dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Phrótacal (Uimh. 1) maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm sa chás seo.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir (AE) 2016/97 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 42, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(2)  (a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

(3)  “Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.”;

(4)  (b)  cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

"Cuirfidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2018 ar a dhéanaí.";

(5)  in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Treoir 2002/92/CE, arna leasú leis na Treoracha a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, aisghairtear í le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2018, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát a bhaineann le teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta.".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 23 Feabhra 2018.

Airteagal 3

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa  Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán  An tUachtarán

  • [1] * Leasuithe: Aibhsítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear aon rud atá scriosta leis an tsiombail ▌.
  • [2]   IO C , , lch. .
  • [3]   Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch.19).
  • [4]   [Rialachán arna Tharmligean (AE) .../... ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le formhaoirseacht agus rialachas táirgí le haghaidh gnóthais árachais agus dáileoirí árachais (IO C [...], [...], lch. [...])].
  • [5]   [Rialachán arna Tharmligean (AE) .../... ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha iompair gnó is infheidhme maidir le dáileadh táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (IO C [...], [...], lch. [...])].
  • [6]   P8 TA-PROV(2017)0404 agus P8 TA-PROV(2017)0405, arna nglacadh an 25.10.2017, le fáil ag: http://www.europarl.europa.

AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Dáta chur i bhfeidhm bhearta trasuí na mBallstát

Tagairtí

COM(2017)0792 – C8-0449/2017 – 2017/0350(COD)

Dáta tíolactha chun PE

20.12.2017

 

 

 

An coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

15.1.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

15.1.2018

JURI

15.1.2018

 

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

IMCO

4.12.2017

JURI

24.1.2018

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Werner Langen

14.12.2017

 

 

 

Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh

14.12.2017

Pléite sa choiste

24.1.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

8.2.2018

 

 

 

Dáta don chur síos

8.2.2018

An nuashonrú is déanaí: 16 Feabhra 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais