MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Comhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine den pháirt eile, a thabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais
17.5.2018 - (12543/2017 – C8‑0422/2017 – 2017/0238(NLE)) - ***
An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Rapóirtéir: László Tőkés
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Comhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine den pháirt eile, a thabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais
(12543/2017 – C8‑0422/2017 – 2017/0238(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12543/2017),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (12548/2017),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach; agus i gcomhréir le hAirteagal 91, Airteagal 100(2), Airteagail 207 agus 209, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), Airteagal 218(7) agus Airteagal 218(8), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0422/2017),
– ag féachaint do rún neamhreachtach an...[1] maidir leis an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don moladh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0177/2018),
1. Ag tabhairt a toiliú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;
2. Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na hAirméine.
- [1] Téacsanna a glacadh ón dáta sin, P8_TA(0000)0000.
TUAIRIM ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (22.3.2018)
chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Comhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine den pháirt eile, a thabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais
(12543/2017 – C8‑0422/2017 – 2017/0238(NLE))
Rapóirtéir don tuairim: Elsi Katainen
RÉASÚNÚ GEARR
Síníodh an Comhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (dá ngairtear CEPA anseo feasta) i gcomhthráth le Cruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir an 24 Samhain 2017 sa Bhruiséil. Rinneadh CEPA a chaibidliú le linn na mblianta 2015-2017 tar éis don Airméin a chinneadh in 2013 gan an Comhaontú Comhlachais (CC) caibidlithe agus an Limistéar Domhain agus Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA) a shíniú leis an Aontas Eorpach (AE). Ina ionad sin bheartaigh an Airméin dul isteach san Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach (AEE) an 2 Eanáir 2015.
Mar bhur rapóirtéir don tuairim, ní foláir dom a lua gurb oth liom an cinneadh sin ar an mbonn gur measadh méadú 2,3% ar Olltáirge Intíre (OTI) na hAirméine san fhadtéarma, agus tuilleadh deiseanna ó thaobh infheistíochtaí díreacha coigríche de, a bheith ag eascairt ó CC/DCFTA, agus gan toradh chomh feiceálach mar thoradh ar bheith mar bhall de AEE. Ba cheart go dtuigfí, áfach, go bhfuil tairbhe ag baint le caibidlíochtaí agus síniú CEPA ar bhealaí éagsúla. Ar an gcéad dul síos, is léiriú spéise agus gealltanais é ó thaobh na hAirméine de gaol níos dlúithe a bheith aici le AE a mhéid go bhfuil sé sin ag luí lena hoibleagáidí faoi AEE. Ar an dara dul síos, is léiriú é ar sholúbthacht AE i gcomhréir le cur chuige difreáilte nua faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa i dtaca le comhaontú a chaibidliú atá saincheaptha don Airméin agus atá ag luí le AEE.
Is é AE an margadh onnmhairithe is mó ag an Airméin, a dhéanann suas tuairim agus 27% d’onnmhairí iomlána na hAirméine. Is miotail agus clocha lómhara príomh-onnmhairí na hAirméine, agus i measc na n-onnmhairí príomhúla eile tá fuinneamh, deochanna, glasraí agus torthaí. Is ola, gás nádúrtha, gránaigh, táirgí monaraithe rubair, corc agus adhmad, agus innealra leictreach is mó a allmhairíonn an Airméin. Tairbhíonn an Airméin freisin ó scéim AE na bhfabhar ginearálaithe taraife (GSP+). Tá ráta úsáide GSP+ na hAirméine fanta ard (tuairim agus 93%), ach tagann onnmhairí GSP+ ó líon an-teoranta earraí ar luach sách íseal – iarann, cruach, táirgí atá déanta astusan agus éadaí.
Is comhaontú cuimsitheach é CEPA, agus san iliomad réimsí is comhaontú uaillmhianach é freisin, a leanann, den chuid is mó, struchtúr an Chomhaontaithe Comhlachais a caibidlíodh. Maidir leis na gealltanais a tugadh sa CC tá siad fanta nach mór gan athrú san iliomad réimsí amhail idirphlé polaitiúil agus i bhformhór na gcaibidlí earnála. I roinnt réimsí sonracha, áfach, cuireadh síneadh leis an amchlár don chur chun feidhme. Ar ndóigh, is í an chuid de CEPA a bhaineann le trádáil is mó a ndéanann ballraíocht na hAirméine in AEE difear di. Ní chuireann CEPA deireadh le taraifí ar earraí sa mhéid go nglactar cinntí a bhaineann le taraifí ar leibhéal AEE, a bhfuil comhtharaif eachtrach aige. Tá an Airméin fós ag baint tairbhe, áfach, as rochtain ar mhargadh AE mar thoradh ar taraifí a bhaint faoi GSP+. Sna caibidlí de CEPA a bhaineann le BTT agus BSF luaitear go bhfuil comhar níos dlúithe beartaithe bunaithe ar rialacha agus prionsabail idirnáisiúnta, cé nach bhfuil siadsan chomh cuimsitheach agus chomh huaillmhianach agus atá i gcás DCFTAnna, go háirithe maidir le comhfhogasú le reachtaíocht AE. Tá an Airméin ina páirtí sa Chomhaontú Iltaobhach maidir le Soláthar Rialtais agus gheall sí cheana féin noirm idirnáisiúnta a chomhlíonadh. In CEPA d’aontaigh an Airméin breis a dhéanamh ó thaobh trédhearcachta agus rochtain mhargaidh de le haghaidh táirgí agus oibreoirí AE. Is caibidil uaillmhianach í an chaibidil maidir le trádáil seirbhísí, agus tá sé beartaithe léi dul thar GATS. Téann an chaibidil maidir le Cearta Maoine Intleachtúla thar TRIPS chomh maith. Sa chomhthéacs sin, is díol suntais é gur aontaigh AE 24 bliana d’idirthréimhse a dheonú don Airméin ina bhféadfadh sí úsáid a bhaint as an bhfocal ‘cognac’ scríofa i litreacha Coireallacha, arna onnmhairiú chuig an Rúis amháin, chun tagairt do bhranda Airméanach. Ina theannta sin, tá gnéithe a théann thar rialacha EDT i réimsí amhail iomaíocht, fóirdheontais agus fiontair faoi úinéireacht stáit. Chomh maith leis sin, cruthaítear bunús dlí don chúnamh riaracháin frithpháirteach idir údaráis chustaim chun feabhas a chur ar an gcomhar i gcoinne neamhrialtachtaí agus calaois chustaim. D’aontaigh AE agus an Airméin freisin ar chaibidil uaillmhianach maidir le trádáil agus inbhuanaitheacht, a bhfuil mar aidhm léi a áirithiú go ndéanfar trádáil a chur chun cinn ar bhealach inbhuanaithe.
D’ainneoin gur léirigh an Airméin spéis ina leith, ní áiríonn CEPA caibidil maidir le hinfheistíocht. An chúis atá leis sin ná nach raibh sainordú ann ón gCoimisiún agus go bhfuil gá le soiléirithe dlíthiúla ar leibhéal AE. Níor thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a tuairim maidir leis an gcomhaontú saorthrádála idir AE agus Singeapór go dtí an 16 Bealtaine 2017 agus dúirt sí go mbeadh na forálacha a bhaineann le hinfheistíocht phunainne agus sásra ISDS mar chuid den inniúlacht roinnte idir AE agus a Bhallstáit.
Mar bhur rapóirtéir don tuairim, molaim go dtacófaí leis an gconclúid nach mbeadh an Comhaontú seo ach ina thús leis an bpróiseas. Bheadh cur chun feidhme éifeachtach CEPA, i gcomhar le parlaimintí agus leis an tsochaí shibhialta ar an dá thaobh, ina dúshlán, agus bheadh gá le dlúthfhaireachán leanúnach chuige sin.
******
Iarrann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta ar an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go dtabharfadh an Pharlaimint a toiliú don dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Comhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais.
NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Comhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile |
||||
Tagairtí |
12543/2017 – C8-0422/2017 – JOIN(2017)0037 – 2017/0238(NLE) |
||||
An Coiste Freagrach
|
AFET
|
|
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
INTA 11.12.2017 |
||||
Rapóirtéir Dáta an cheapacháin |
Elsi Katainen 11.10.2017 |
||||
Rapóirtéir roimhe seo |
Hannu Takkula |
||||
Pléite sa choiste |
22.1.2018 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
22.3.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
29 1 2 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
William (The Earl of) Dartmouth, Laima Liucija Andrikienė, Maria Arena, Tiziana Beghin, David Borrelli, David Campbell Bannerman, Daniel Caspary, Salvatore Cicu, Heidi Hautala, Nadja Hirsch, Elsi Katainen, Bernd Lange, David Martin, Emma McClarkin, Franz Obermayr, Franck Proust, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Viviane Reding, Inmaculada Rodríguez-Piñero Fernández, Marietje Schaake, Helmut Scholz, Joachim Schuster, Adam Szejnfeld |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Bendt Bendtsen, Klaus Buchner, Nicola Danti, Seán Kelly, Gabriel Mato, Frédérique Ries, Fernando Ruas, Pedro Silva Pereira, Jarosław Wałęsa |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
29 |
+ |
|
ALDE |
Nadja Hirsch, Elsi Katainen, Frédérique Ries, Marietje Schaake |
|
ECR |
David Campbell Bannerman, Emma McClarkin |
|
EFDD |
Tiziana Beghin, William (The Earl of) Dartmouth |
|
GUE/NGL |
Helmut Scholz |
|
NI |
David Borrelli |
|
PPE |
Laima Liucija Andrikienė, Bendt Bendtsen, Daniel Caspary, Salvatore Cicu, Seán Kelly, Gabriel Mato, Franck Proust, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Viviane Reding, Fernando Ruas, Adam Szejnfeld, Jarosław Wałęsa |
|
S&D |
Maria Arena, Nicola Danti, Bernd Lange, David Martin, Inmaculada Rodríguez-Piñero Fernández, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira |
|
1 |
- |
|
ENF |
Franz Obermayr |
|
2 |
0 |
|
VERTS/ALE |
Klaus Buchner, Heidi Hautala |
|
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Comhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile |
||||
Tagairtí |
12543/2017 – C8-0422/2017 – JOIN(2017)0037 – 2017/0238(NLE) |
||||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
30.11.2017 |
|
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AFET 11.12.2017 |
|
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim uathu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
INTA 11.12.2017 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
László Tőkés 1.2.2016 |
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
12.4.2018 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
16.5.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
55 2 7 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Lars Adaktusson, Michèle Alliot-Marie, Nikos Androulakis, Francisco Assis, Petras Auštrevičius, Goffredo Maria Bettini, Mario Borghezio, Elmar Brok, Klaus Buchner, Fabio Massimo Castaldo, Lorenzo Cesa, Aymeric Chauprade, Javier Couso Permuy, Andi Cristea, Arnaud Danjean, Eugen Freund, Sandra Kalniete, Manolis Kefalogiannis, Tunne Kelam, Wajid Khan, Eduard Kukan, Ilhan Kyuchyuk, Arne Lietz, Barbara Lochbihler, Sabine Lösing, Tamás Meszerics, Francisco José Millán Mon, Clare Moody, Javier Nart, Pier Antonio Panzeri, Ioan Mircea Paşcu, Alojz Peterle, Tonino Picula, Kati Piri, Julia Pitera, Cristian Dan Preda, Jozo Radoš, Michel Reimon, Sofia Sakorafa, Jean-Luc Schaffhauser, Alyn Smith, Dobromir Sośnierz, Jaromír Štětina, Dubravka Šuica, Charles Tannock, László Tőkés, Ivo Vajgl, Geoffrey Van Orden, Boris Zala |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
David Coburn, Doru-Claudian Frunzulică, Norica Nicolai, Urmas Paet, Miroslav Poche, Soraya Post, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Helmut Scholz, Bodil Valero, Marie-Christine Vergiat, Janusz Zemke, Željana Zovko |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Renate Weber, Francis Zammit Dimech, Joachim Zeller |
||||
Dáta don chur síos |
17.5.2018 |
||||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
55 |
+ |
|
ALDE |
Petras Auštrevičius, Ilhan Kyuchyuk, Javier Nart, Norica Nicolai, Urmas Paet, Jozo Radoš, Ivo Vajgl, Renate Weber |
|
ECR |
Charles Tannock, Geoffrey Van Orden |
|
EFDD |
Fabio Massimo Castaldo, Aymeric Chauprade |
|
ENF |
Mario Borghezio |
|
GUE/NGL |
Javier Couso Permuy, Sabine Lösing, Sofia Sakorafa, Helmut Scholz, Marie-Christine Vergiat |
|
PPE |
Lars Adaktusson, Michèle Alliot-Marie, Elmar Brok, Lorenzo Cesa, Arnaud Danjean, Sandra Kalniete, Manolis Kefalogiannis, Tunne Kelam, Eduard Kukan, Francisco José Millán Mon, Alojz Peterle, Julia Pitera, Cristian Dan Preda, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Jaromír Štětina, Dubravka Šuica, László Tőkés, Francis Zammit Dimech, Joachim Zeller, Željana Zovko |
|
S&D |
Nikos Androulakis, Francisco Assis, Goffredo Maria Bettini, Andi Cristea, Eugen Freund, Doru-Claudian Frunzulică, Wajid Khan, Arne Lietz, Clare Moody, Pier Antonio Panzeri, Ioan Mircea Paşcu, Tonino Picula, Kati Piri, Miroslav Poche, Soraya Post, Boris Zala, Janusz Zemke |
|
2 |
- |
|
EFDD |
David Coburn |
|
ENF |
Jean-Luc Schaffhauser |
|
7 |
0 |
|
NI |
Dobromir Sośnierz |
|
VERTS/ALE |
Klaus Buchner, Barbara Lochbihler, Tamás Meszerics, Michel Reimon, Alyn Smith, Bodil Valero |
|
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh