TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar
29.5.2018 - (COM(2017)0282 – C8‑0172/2017 – 2017/0113(COD)) - ***I
An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Cláudia Monteiro de Aguiar
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar
(COM(2017)0282 – C8‑0172/2017 – 2017/0113(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0282),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0172/2017),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 6 Nollaig 2017[1]
– tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0193/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1 Togra le haghaidh Treorach Aithris 2 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Trí fheithiclí fruilithe a úsáid is féidir na costais ar ghnóthais as earraí a iompar ar a gcuntas féin nó ar fruiliú agus ar luaíocht a laghdú agus cur lena solúbthacht oibríochtúil san am céanna. Uime sin, is féidir cur le táirgiúlacht agus iomaíochas na ngnóthas lena mbaineann. Anuas air sin, ós rud é, de ghnáth, gur óige na feithiclí fruilithe ná an gnáthfhlít, is gnách freisin iad níos sábháilte agus níos lú truaillithe á dhéanamh acu. |
(2) Trí fheithiclí fruilithe a úsáid is féidir na costais ar ghnóthais as earraí a iompar ar a gcuntas féin nó ar fruiliú agus ar luaíocht a laghdú agus cur lena solúbthacht oibríochtúil san am céanna. Dá bhrí sin, is féidir le húsáid feithiclí fruilithe cur le táirgiúlacht agus iomaíochas na ngnóthas lena mbaineann. Anuas air sin, ós rud é, de ghnáth, gur óige na feithiclí fruilithe ná an gnáthfhlít, féadfaidh siad a bheith níos sábháilte agus féadfar gur lú an truailliú atá á dhéanamh acu. | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 2 Togra le haghaidh Treorach Aithris 3 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) Faoi Threoir 2006/1/CE ní féidir le gnóthais leas iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann le feithiclí fruilithe a úsáid. Leis an Treoir sin ceadaítear do na Ballstáit srian a chur le húsáid feithiclí earraí fruilithe ag a ngnóthais, feithiclí ar mó ná sé thona a n-uasmheáchan ualaithe incheadaithe faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin. Thairis sin, níl ceangal ar na Ballstáit úsáid feithiclí fruilithe ar a gcríoch féin a cheadú i gcás inar cláraíodh an fheithicil nó inar cuireadh i gcúrsaíocht í i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige. |
(3) Faoi Threoir 2006/1/CE ní féidir le gnóthais leas iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann le feithiclí fruilithe a úsáid. Leis an Treoir sin ceadaítear do na Ballstáit srian a chur le húsáid feithiclí earraí fruilithe ag a ngnóthais atá bunaithe laistigh dá gcríocha, feithiclí ar mó ná sé thona a n-uasmheáchan ualaithe incheadaithe faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin. Thairis sin, níl ceangal ar na Ballstáit úsáid feithiclí fruilithe ina gcríocha faoi seach a cheadú i gcás inar cláraíodh an fheithicil nó inar cuireadh i gcúrsaíocht í i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige. | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 3 Togra le haghaidh Treorach Aithris 4 a (nua) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(4 a) Níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit srian a chur ina gcríocha faoi seach le húsáid feithicle arna fruiliú ag gnóthas atá bunaithe go cuí i gcríoch Ballstáit eile, ar choinníoll go bhfuil an fheithicil cláraithe agus go gcomhlíonann sí na caighdeáin oibríochta agus na ceanglais sábháilteachta, nó gur cuireadh i gcúrsaíocht í i gcomhréir le dlíthe aon Bhallstáit agus go bhfuil sí údaraithe lena hoibriú ag Ballstát bunaíochta an ghnóthais fhreagraigh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 4 Togra le haghaidh Treorach Aithris 5 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) Is mór i gcónaí idir na leibhéil chánach ar iompar de bhóthar atá i bhfeidhm ó Bhallstát go chéile. Dá bhrí sin, tá údar maith fós le srianta áirithe, a dhéanann difear go hindíreach freisin don tsaoirse chun seirbhísí fruilithe feithiclí a chur ar fáil, tá údar maith leo fós d’fhonn saobhadh fioscach a sheachaint. Mar sin, ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit teorainn ama a chur le húsáid feithicle ar a gcríoch féin arna fruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige. |
(5) Is mór i gcónaí idir na leibhéil chánach ar iompar de bhóthar atá i bhfeidhm ó Bhallstát go chéile. Dá bhrí sin, tá údar maith fós le srianta áirithe, a dhéanann difear go hindíreach freisin don tsaoirse chun seirbhísí fruilithe feithiclí a chur ar fáil, tá údar maith leo fós chun críche saobhadh fioscach a sheachaint. Dá thoradh sin, ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit teorainn a chur, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo agus laistigh dá gcríocha faoi seach, leis an bhfad ama a fhéadfaidh gnóthas bunaithe úsáid a bhaint as feithicil fruilithe, arna clárú nó arna cur i gcúrsaíocht i mBallstát eile. Ba cheart cead a bheith acu freisin teorainn a chur le líon na bhfeithiclí den sórt sin arna bhfruiliú ag gnóthas atá bunaithe laistigh dá gcríocha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 5 Togra le haghaidh Treorach Aithris 5 a (nua) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(5 a) Chun forfheidhmiú a dhéanamh ar na bearta sin, ba cheart an fhaisnéis maidir le cláruimhir na feithicle fruilithe a chur ar fáil i gcláir leictreonacha náisiúnta na mBallstát faoi mar a bhunaítear le Rialachán (CE) 1071/2009. Údaráis inniúla sa Bhallstát bunaíochta a bhfuil faisnéis á cur chucu maidir le húsáid feithiclí a d’fhruiligh oibreoir agus atá cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile, ba cheart dóibh na húdaráis inniúla sa Bhallstát sin a chur ar an eolas faoi sin. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) a úsáid. | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 6 Togra le haghaidh Treorach Aithris 6 a (nua) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(6a) Chun caighdeáin oibríochtúla a chaomhnú, ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh agus dea-choinníollacha oibre do thiománaithe a áirithiú, tá sé tábhachtach d’iompróirí rochtain rathaithe a bheith acu ar shócmhainní agus bonneagar tacaíochta dírí sa tír ina bhfuil siad ag déanamh a gcuid oibríochtaí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 7 Togra le haghaidh Treorach Aithris 7 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||||||||||||||
(7) Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus iarmhairtí na Treorach seo agus iad a dhoiciméadú i bhfoirm tuarascála. Ba cheart aon ghníomhaíocht a dhéanfar feasta sa réimse sin a mheas i bhfianaise na tuarascála sin. |
(7) Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus iarmhairtí na Treorach seo agus iad a dhoiciméadú i bhfoirm tuarascála 3 bliana i ndiaidh dháta thrasuí na Treorach seo ar a dhéanaí. Ba cheart aird chuí a thabhairt sa tuarascáil ar an tionchar ar shábháilteacht ar bhóithre, ar ioncam cánach agus ar an gcomhshaol. Ba cheart measúnú a dhéanamh freisin sa tuarascáil ar na sáruithe uile ar an Treoir seo, lena n-áirítear sáruithe trasteorann. Ba cheart an gá le gníomhaíocht a dhéanfar amach anseo sa réimse sin a mheas i bhfianaise na tuarascála sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 8 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a – pointe ii Treoir 2006/1/CE Airteagal 2 – mír 1 – pointe a | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 9 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b Treoir 2006/1/CE Airteagal 2 – mír 1 – pointe b | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 10 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 Treoir 2006/1/CE Airteagal 3 – mír 1 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 11 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 Treoir 2006/1/CE Airteagal 3 – mír 1 a (nua) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 12 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua) Treoir 2006/1/CE Airteagal 3 a (nua) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 13 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Treoir 2006/1/CE Airteagal 5 a – mír 1 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasú 14 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 1 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Na dlíthe, rialacháin nó forálacha reachtaíochta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [OF: cuir isteach an dáta arna ríomh 18 mí tar éis dháta a teachta i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. |
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin ... [20 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. |
- [1] OJ C 129, 11.4.2018, p. 71.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Réamhrá
Is é iompar de bhóthar an modh iompair is ceannasaí le haghaidh earraí agus paisinéirí san Aontas Eorpach agus tá tuairim is 1.6 milliún duine fostaithe ann. Thar na blianta, tá réimse rialacha forbartha ag an Aontas Eorpach chun a áirithiú gurb ann d’earnáil iompair de bhóthair atá cothrom, atá ag feidhmiú go maith, atá sábháilte agus inbhuanaithe go sóisialta. Tá reachtaíocht Eorpach maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar i bhfeidhm le 25 bliana anuas. I dTreoir 2006/1/CE mar atá faoi láthair, déantar foráil maidir le híosleibhéal oscailte margaidh i dtaca le feithiclí den sórt sin a úsáid, ach áirítear inti go fóill forálacha dlí ó na 1980idí a léiríonn riachtanais na hearnála ag an am sin. Caithfear an reachtaíocht sin a athbhreithniú chun í a bheith ag comhfhreagairt do riachtanais iarbhír na n-oibreoirí, mar aon le bheith ag teacht leis na saincheisteanna is déanaí in earnáil an mhargaidh tarlaithe agus le tosaíochtaí beartais reatha an Aontais Eorpaigh.
An togra ón gCoimisiún
Chuir an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar i láthair an 31 Bealtaine 2017 mar chuid de roinnt tograí i réimse an iompair de bhóthar (An Pacáiste ‘An Eoraip ag gluaiseacht’ (‘Europe on the Move’) le haghaidh soghluaisteacht ghlan, iomaíoch agus nasctha). Tá dlúthbhaint aige sin leis na rialacha nua maidir le rochtain ar an ngairm agus ar an margadh tarlaithe, mar aon le rochtain ar an margadh cóistí agus bus, agus é mar aidhm fhoriomlán acu iomaíocht chothrom a áirithiú, na rialacha atá ann cheana a shimpliú, an margadh inmheánach a chaomhnú agus cearta oibrithe san earnáil sin a áirithiú.
Le Treoir 2006/1/CE:
• ceadaítear do na Ballstáit srian a chur le húsáid feithiclí fruilithe le haghaidh earraí ar mó ná sé thona a n-ollmheáchan feithicle faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin;
• cuirtear srian le húsáid feithicle arna fruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige.
Bhainfí na srianta sin faoin togra ón gCoimisiún agus bhunófaí creat aonfhoirmeach rialála ar fud an Aontais chun a áirithiú go mbeadh rochtain chomhionann ag oibreoirí iompair ar mhargadh na bhfeithiclí fruilithe. Féachtar leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
• úsáid feithicle arna fruiliú ag gnóthais atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile a cheadú ar a chríoch féin, ar choinníoll go bhfuil an fheithicil cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe Ballstáit;
• úsáid feithicle arna fruiliú i mBallstát eile a cheadú ar feadh ceithre mhí ar a laghad in aon bhliain féilire ar leith ionas go mbeidh ar chumas gnóthas freastal ar phointí buaicéilimh sealadacha nó séasúracha agus/nó feithiclí lochtacha nó damáistithe a athsholáthar.
Seasamh an rapóirtéara
Tacaíonn an Rapóirtéir le haidhm fhoriomlán an phacáiste reachtaíochta ón gCoimisiún “An Eoraip ag gluaiseacht” (‘Europe on the Move’) agus leis an togra seo, mar is deis é cothrom iomaíochta agus iomaíocht chothrom a chothú le haghaidh comhlachtaí fruilithe agus léasaithe san Aontas Eorpach fad a laghdófar ualaí riaracháin nach gá agus a neartófar forfheidhmiú.
Aontaíonn an Rapóirtéir nár cheart do na Ballstáit srian a chur le húsáid feithicle ar a gcríocha arna fruiliú ag gnóthas atá bunaithe go cuí ar chríoch Ballstáit eile, ar choinníoll go gcomhlíonann an fheithicil na caighdeáin oibríochta agus na ceanglais sábháilteachta reatha.
Aontaíonn an Rapóirtéir leis an tuairim gur cheart rogha a bheith ag na Ballstáit, mar thoradh ar na leibhéil éagsúla chánach ar iompar de bhóthar san Aontas, teorainn a chur, ar a gcríocha féin, leis an bhfad ama a fhéadfaidh gnóthas bunaithe feithicil fruilithe, arna clárú nó arna cur i gcúrsaíocht i mBallstát eile, a úsáid.
Thairis sin, ba cheart rogha a thabhairt do na Ballstáit teorainn a chur le líon na bhfeithiclí den sórt sin arna bhfruiliú ag gnóthas atá bunaithe ar a gcríocha, ar choinníoll go gceadóidh siad úsáid líon íosta feithiclí a bheidh ag comhfhreagairt do 25 % ar a laghad den fhlít fhoriomlán feithiclí ar úinéireacht nó, i gcás ina bhfuil flít níos lú ná ceithre fheithicil ag gnóthas, go gceadóidh siad úsáid feithicil fruilithe amháin.
Creideann an Rapóirtéir freisin go bhfuil forfheidhmiú cuí ríthábhachtach i dtaobh chur chun feidhme agus chur i bhfeidhm an togra seo a chinntiú. Chuige sin, ba cheart go mbeadh cláruimhir na feithicle fruilithe mar aon le tréimhse bailíochta de chóip dheimhnithe an cheadúnais Chomhphobail san áireamh ar chláir leictreonacha na mBallstát arna mbunú le Rialachán (CE) 1071/2009, ag léiriú cá fhad a cheadóidh Ballstát dá n-oibreoirí feithiclí fruilithe a úsáid ar a chríoch.
Ba cheart an tuarascáil ón gCoimisiún a chur isteach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis spriocdháta an trasuí, ina ndéanfar cur síos ar thionchar agus éifeachtaí éagsúla an togra seo ar shábháilteacht ar bhóithre, ar ioncam cánach agus comhshaoil, agus príomh-mhéadrachtaí a shainaithint amhail líon na bhfeithiclí, cláraithe i mBallstát eile, arna bhfruiliú ag oibreoirí iompair agus líon na sáruithe a bhaineann le úsáid feithiclí fruilithe ar an iomlán mar aon le sáruithe trasteorann.
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Úsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar |
||||
Tagairtí |
COM(2017)0282 – C8-0172/2017 – 2017/0113(COD) |
||||
Dáta tíolactha chun PE |
31.5.2017 |
|
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
TRAN 15.6.2017 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Cláudia Monteiro de Aguiar 30.6.2017 |
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
23.1.2018 |
20.3.2018 |
15.5.2018 |
|
|
Dáta an ghlactha |
24.5.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
24 15 1 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Lucy Anderson, Inés Ayala Sender, Georges Bach, Deirdre Clune, Michael Cramer, Luis de Grandes Pascual, Andor Deli, Karima Delli, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Jacqueline Foster, Dieter-Lebrecht Koch, Miltiadis Kyrkos, Bogusław Liberadzki, Cláudia Monteiro de Aguiar, Tomasz Piotr Poręba, Gabriele Preuß, Christine Revault d’Allonnes Bonnefoy, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, David-Maria Sassoli, Claudia Schmidt, Claudia Țapardel, Keith Taylor, Pavel Telička, Wim van de Camp, Marie-Pierre Vieu, Janusz Zemke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Daniel Dalton, Michael Gahler, Maria Grapini, Ramona Nicole Mănescu, Marek Plura, Jozo Radoš, Matthijs van Miltenburg |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Eleonora Evi, Jude Kirton-Darling, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Annie Schreijer-Pierik, Anneleen Van Bossuyt, Marco Zullo |
||||
Dáta don chur síos |
29.5.2018 |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH
24 |
+ |
|
ALDE ECR EFDD PPE
S&D VERTS/ALE |
Jozo Radoš, Dominique Riquet, Pavel Telička, Matthijs van Miltenburg Tomasz Piotr Poręba, Anneleen Van Bossuyt Eleonora Evi, Marco Zullo Georges Bach, Deirdre Clune, Andor Deli, Michael Gahler, Dieter-Lebrecht Koch, Ramona Nicole Mănescu, Cláudia Monteiro de Aguiar, Marek Plura, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Massimiliano Salini, Claudia Schmidt, Annie Schreijer-Pierik, Luis de Grandes Pascual, Wim van de Camp Inés Ayala Sender Karima Delli |
|
15 |
- |
|
GUE/NGL S&D
VERTS/ALE |
Marie-Pierre Vieu Lucy Anderson, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Maria Grapini, Jude Kirton-Darling, Miltiadis Kyrkos, Bogusław Liberadzki, Gabriele Preuß, Christine Revault d'Allonnes Bonnefoy, David-Maria Sassoli, Claudia Țapardel, Janusz Zemke Michael Cramer, Keith Taylor |
|
1 |
0 |
|
ECR |
Jacqueline Foster |
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh