Tuarascáil - A8-0214/2018Tuarascáil
A8-0214/2018

MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích Leasú 1 ar Mheabhrán Comhair NAT-I-9406, thar ceann an Aontais, idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach

22.6.2018 - (05800/2018 – C8‑0122/2018 – 2018/0009(NLE)) - ***

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Rolandas Paksas

Nós Imeachta : 2018/0009(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0214/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0214/2018
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích Leasú 1 ar Mheabhrán Comhair NAT-I-9406, thar ceann an Aontais, idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach

(05800/2018 – C8‑0122/2018 – 2018/0009(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05800/2018),

–  ag féachaint do Leasú 1 ar Mheabhrán Comhair NAT-I-9406 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach (14031/2017),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2), le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0122/2018),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0214/2018),

1.  ag tabhairt a toiliú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á treorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Agus an sprioc chomhchoiteann á roinnt acu aeriompar níos sábháilte agus níos éifeachtúla a fhorbairt, in 2011, shínigh an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá an Meabhrán Comhair idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach i dtaighde agus forbairt na heitlíochta sibhialta (MC). Den chuid is mó tá aghaidh tugtha ag na gníomhaíochtaí comhair a rinneadh go dtí seo faoin MC ar chórais bainistíochta aerthráchta (ATM), go háirithe an comhar i réimse an taighde agus na forbartha (T&F) idir tionscadal SESAR (Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair), an chomhpháirt theicneolaíoch den tionscnamh Aerspás Eorpach Aonair (SES) agus NextGen, an clár a bhainistíonn an tÚdarás Feidearálach Eitlíochta (FAA). Ag an am sin, bhí an dá chlár sin i gcéim an taighde agus na forbartha, rud a thug údar cuí do dhíriú an chomhair ar dtús ar thaighde, forbairt agus gníomhaíochtaí bailíochtaithe.

Tá ardleibhéal aibíochta sroichte anois ag an gcomhar faoin MC, go háirithe idir SESAR agus NextGen agus tá torthaí tábhachtacha curtha ar fáil aige i dtaca le hidir-inoibritheacht dhomhanda na gcóras ATM a chur chun cinn. As sin, d’fhéach an dá chomhpháirtí ar an bhféidearthacht raon feidhme an chomhair a leathnú chuig ábhair a bhaineann le córais ATM a imscaradh. Ar an mbonn sin, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún an 8 Bealtaine 2017 caibidlíocht a dhéanamh le FAA maidir le leasú ar an MC chun a raon feidhme a leathnú chun imscaradh a chumhdach.

Rinneadh Leasú 1 ar an MC a chaibidliú idir an Coimisiún agus FAA agus, bunaithe ar Chinneadh comhfhreagrach ón gComhairle, síníodh é an 13 Nollaig 2017 thar ceann an Aontais fad atá an Cinneadh reatha seo ag leanúint phróiseas a ghlactha. Leis na cuspóirí agus na prionsabail chéanna atá mar bhonn leis an MC atá ann cheana, cuirfear go hiomlán leis an leasú. Is léiriú é leathnú raon feidhme an chomhair idir an tAontas agus SAM chuig gach céim de nuachóiriú ATM lena n-áirítear imscaradh, ar fhorbairt nádúrtha na hoibre arna déanamh faoin MC reatha. Mar a tugadh le fios i dtogra an Choimisiúin maidir le caibidlíochtaí a oscailt chun an MC a leasú, ba í an rogha is fearr raon feidhme an MC a bhí ann cheana a leasú chun gach céim de nuachóiriú ATM a chumhdach, lena n-áirítear imscaradh, laistigh de raon feidhme an bheartais Aerspás Eorpach Aonair, agus raon feidhme an chomhair maidir le hábhair eitlíochta sibhialta nach mbaineann le córais ATM/neamh-ATM á theorannú chuig réimse an taighde agus na forbartha. Is é an buntáiste a bhaineann leis an gcur chuige sin ná go leanfadh an MC de bheith ag freastal ar chomhar maidir le haon ábhar taighde agus forbartha a bhaineann le heitlíocht shibhialta neamh-ATM, fad a choimeádfaí an creat comhair ceangailteach a caibidlíodh cheana le SAM.

Is é atá mar aidhm leis an gCinneadh atá beartaithe ná teacht i bhfeidhm Leasú 1 ar an MC, arna shíniú ag ionadaithe an Aontais agus na Stát Aontaithe, a údarú, bunaithe ar Chinneadh comhfhreagrach ón gComhairle. Áirítear sa leasú príomhthéacs athbhreithnithe an MC agus Iarscríbhinn athbhreithnithe 1 maidir le “nuachóiriú ATM agus idir-inoibritheacht dhomhanda”. Tá an tionscnamh sin ag teacht le tosaíochtaí polaitiúla AE maidir leis an margadh inmheánach, fás agus fostaíocht agus an tAontas Eorpach mar ghníomhaí domhanda. Tá an moladh comhsheasmhach le beartas Taighde agus Nuálaíochta an Aontais agus leis an mbeartas maidir le Gréasáin Thras-Eorpacha ar a bhfuil creata taighde agus forbartha agus imscartha SESAR bunaithe.

Mar rapóirtéir, creidim go diongbháilte go mbeidh sé chun leasa an Aontais toiliú a thabhairt do thabhairt i gcrích Leasú 1 ar Mheabhrán Comhair NAT-I-9406, thar ceann an Aontais, idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach

AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích Leasú 1 ar Mheabhrán Comhair NAT-I-9406, thar ceann an Aontais, idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach

Tagairtí

05800/2018 – C8-0122/2018 – COM(2018)00272018/0009(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

19.3.2018

 

 

 

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

16.4.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

16.4.2018

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

TRAN

19.2.2018

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Rolandas Paksas

21.2.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

16.5.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

19.6.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

58

2

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Zigmantas Balčytis, Nikolay Barekov, Bendt Bendtsen, José Blanco López, David Borrelli, Jonathan Bullock, Cristian-Silviu Buşoi, Reinhard Bütikofer, Jerzy Buzek, Edward Czesak, Jakop Dalunde, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Fredrick Federley, Ashley Fox, Adam Gierek, Theresa Griffin, András Gyürk, Kaja Kallas, Barbara Kappel, Krišjānis Kariņš, Seán Kelly, Jeppe Kofod, Peter Kouroumbashev, Miapetra Kumpula-Natri, Christelle Lechevalier, Edouard Martin, Angelika Mlinar, Dan Nica, Angelika Niebler, Rolandas Paksas, Aldo Patriciello, Morten Helveg Petersen, Miroslav Poche, Paul Rübig, Massimiliano Salini, Algirdas Saudargas, Sven Schulze, Neoklis Sylikiotis, Dario Tamburrano, Evžen Tošenovský, Claude Turmes, Vladimir Urutchev, Kathleen Van Brempt, Henna Virkkunen, Martina Werner, Lieve Wierinck, Anna Záborská, Flavio Zanonato, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Françoise Grossetête, Benedek Jávor, Werner Langen, Olle Ludvigsson, Marisa Matias, Rupert Matthews, Dominique Riquet, Michèle Rivasi, Maria Spyraki

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mary Honeyball

Dáta don chur síos

22.6.2018

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

58

+

ALDE

Fredrick Federley, Kaja Kallas, Angelika Mlinar, Morten Helveg Petersen, Dominique Riquet, Lieve Wierinck

ECR

Nikolay Barekov, Edward Czesak, Ashley Fox, Rupert Matthews, Evžen Tošenovský

EFDD

Jonathan Bullock, Rolandas Paksas, Dario Tamburrano

ENF

Barbara Kappel, Christelle Lechevalier

NI

David Borrelli

PPE

Bendt Bendtsen, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Françoise Grossetête, András Gyürk, Krišjānis Kariņš, Seán Kelly, Werner Langen, Angelika Niebler, Aldo Patriciello, Paul Rübig, Massimiliano Salini, Algirdas Saudargas, Sven Schulze, Maria Spyraki, Vladimir Urutchev, Henna Virkkunen, Anna Záborská

S&D

Zigmantas Balčytis, José Blanco López, Adam Gierek, Theresa Griffin, Mary Honeyball, Jeppe Kofod, Peter Kouroumbashev, Miapetra Kumpula-Natri, Olle Ludvigsson, Edouard Martin, Dan Nica, Miroslav Poche, Kathleen Van Brempt, Martina Werner, Flavio Zanonato, Carlos Zorrinho

VERTS/ALE

Reinhard Bütikofer, Jakop Dalunde, Benedek Jávor, Michèle Rivasi, Claude Turmes

2

-

GUE/NGL

Marisa Matias, Neoklis Sylikiotis

0

0

 

 

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 10 Meán Fómhair 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais