TUARASCÁIL ar an gcinneadh cur chun feidhme maidir le tús a chur le malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Chróit
26.6.2018 - (06986/2018 – C8‑0164/2018 – 2018/0806(CNS)) - *
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Jaromír Štětina
(Nós imeachta simplithe – Riail 50(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an gcinneadh cur chun feidhme maidir le tús a chur le malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Chróit
(06986/2018 – C8‑0164/2018 – 2018/0806(CNS))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréacht ón gComhairle (06986/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 39(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar a leasaítear le Conradh Amstardam, agus d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8-0164/2018),
– ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac[1], agus go háirithe Airteagal 33 de,
– ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0225/2018),
1. ag formheas an dréacht ón gComhairle;
2. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé beartaithe aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go suntasach;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
- [1] IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Cinneadh cur chun feidhme maidir le tús a chur le malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Chróit |
||||
Tagairtí |
06986/2018 – C8-0164/2018 – 2018/0806(CNS) |
||||
Dáta a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint |
18.4.2018 |
|
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 2.5.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Jaromír Štětina 20.6.2018 |
|
|
|
|
Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh |
24.5.2018 |
||||
Dáta an ghlactha |
20.6.2018 |
|
|
|
|
Dáta don chur síos |
26.6.2018 |
||||