TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mhéid a bhaineann le cainníochtaí ainmniúla de shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais
12.7.2018 - (COM(2018)0199 – C8‑0156/2018 – 2018/0097(COD)) - ***I
An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir: Adina-Ioana Vălean
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mhéid a bhaineann le cainníochtaí ainmniúla de shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais
(COM(2018)0199 – C8‑0156/2018 – 2018/0097(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0199),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0156/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018[1],
– ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 10 Iúil 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0255/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar thogra an Choimisiúin;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
- [1] Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
An 29 Samhain 2012, d'údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíochtaí maidir le Comhaontú Saorthrádála (CST) leis an tSeapáin. Ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta a ghlac an Chomhairle in 2012, tá an Coimisiún tar éis Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (EPA) cuimsitheach uaillmhianach a thabhairt i gcrích trí chaibidlíocht leis an tSeapáin d'fhonn deiseanna nua agus deimhneacht dhlíthiúil a chruthú le go bhfásfaidh trádáil agus infheistíocht idir na comhpháirtithe sin. Is é is aidhm don togra seo ón gCoimisiún ná maolú ó rialacha an Aontais i dtaca le méideanna buidéal a thabhairt isteach, i gcomhair shochu aondriogtha, deoch bhiotáilleach arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin agus a dhíoltar go traidisiúnta i mbuidéil ceithre go (合)nó aon sho(升) amháin arb ionann iad agus cainníochtaí ainmniúla 720 ml (is ionann aon go amháin agus 180 ml) agus 1 800 ml, faoi seach, agus nach bhfuil faoi láthair i measc na gcainníochtaí ainmniúla a cheadaítear san Aontas faoi Threoir 2007/45/CE lena leagtar síos rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla do tháirgí atá réamhphacáistithe. Leasú is ea an togra seo ar Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle. Tá bailchríoch curtha ag AE ar chaibidlíocht i gcomhair comhaontú trádála leis an tSeapáin. Sroicheadh comhaontú i bprionsabal an 7 Iúil 2017 agus críochnaíodh an chaibidlíocht an 8 Nollaig 2017. An 18 Aibreán 2018, chuir an Coimisiún téacs an chomhaontaithe faoi bhráid na Comhairle. Léiríonn an chéim sin tús an phróisis dhaingniúcháin ar leibhéal AE. Seo í an chéad chéim i dtreo shíniú agus thabhairt i gcrích an chomhaontaithe. A luaithe a dhéanfaidh an Chomhairle é a fhormheas, cuirfear an comhaontú chuig Parlaimint na hEorpa, leis an aidhm go dtiocfaidh sé i bhfeidhm roimh dheireadh shainordú reatha an Choimisiúin Eorpaigh in 2019. An maolú atá beartaithe chun an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin a chur chun feidhme, ní féidir é a thabhairt isteach ach amháin trí bhíthin Rialacháin ós rud é gur gá dó a bheith i bhfeidhm i gcomhthráth sna Ballstáit uile ar theacht i bhfeidhm don Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin. Chun na forálacha a caibidlíodh cheana faoin gComhaontú Saorthrádála leis an tSeapáin a chaomhnú, molann an Rapóirtéir go ndéanfaí an togra ón gCoimisiún a ghlacadh gan aon leasú a dhéanamh air. Déanfaidh an Chomhairle an nós imeachta céanna a leanúint.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Cainníochtaí ainmniúla de shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais |
||||
Tagairtí |
COM(2018)0199 – C8-0156/2018 – 2018/0097(COD) |
||||
Dáta tíolactha chun PE |
17.4.2018 |
|
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 2.5.2018 |
|
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim uathu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
INTA 2.5.2018 |
IMCO 2.5.2018 |
AGRI 2.5.2018 |
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
INTA 16.5.2018 |
IMCO 16.5.2018 |
AGRI 20.6.2018 |
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Adina-Ioana Vălean 16.5.2018 |
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
20.6.2018 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
10.7.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
51 1 0 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Marco Affronte, Margrete Auken, Pilar Ayuso, Catherine Bearder, Ivo Belet, Biljana Borzan, Paul Brannen, Soledad Cabezón Ruiz, Nessa Childers, Birgit Collin-Langen, Miriam Dalli, Seb Dance, Mark Demesmaeker, Bas Eickhout, Karl-Heinz Florenz, Francesc Gambús, Arne Gericke, Jens Gieseke, Sylvie Goddyn, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, Jytte Guteland, György Hölvényi, Karin Kadenbach, Urszula Krupa, Giovanni La Via, Jo Leinen, Peter Liese, Valentinas Mazuronis, Susanne Melior, Miroslav Mikolášik, Rory Palmer, Massimo Paolucci, Piernicola Pedicini, Bolesław G. Piecha, Pavel Poc, John Procter, Julia Reid, Frédérique Ries, Daciana Octavia Sârbu, Annie Schreijer-Pierik, Davor Škrlec, Adina-Ioana Vălean, Damiano Zoffoli |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Guillaume Balas, Anja Hazekamp, Jan Huitema, Alojz Peterle, Christel Schaldemose, Keith Taylor |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Marc Joulaud, Stanisław Ożóg |
||||
Dáta don chur síos |
12.7.2018 |
||||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
51 |
+ |
|
ALDE |
Catherine Bearder, Jan Huitema, Valentinas Mazuronis, Frédérique Ries |
|
ECR |
Mark Demesmaeker, Arne Gericke, Urszula Krupa, Stanisław Ożóg, Bolesław G. Piecha, John Procter |
|
EFDD |
Piernicola Pedicini |
|
ENF |
Sylvie Goddyn |
|
GUE/NGL |
Anja Hazekamp |
|
PPE |
Pilar Ayuso, Ivo Belet, Birgit Collin-Langen, Karl-Heinz Florenz, Francesc Gambús, Jens Gieseke, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, György Hölvényi, Marc Joulaud, Giovanni La Via, Peter Liese, Miroslav Mikolášik, Alojz Peterle, Annie Schreijer-Pierik, Adina-Ioana Vălean |
|
S&D |
Guillaume Balas, Biljana Borzan, Paul Brannen, Soledad Cabezón Ruiz, Nessa Childers, Miriam Dalli, Seb Dance, Jytte Guteland, Karin Kadenbach, Jo Leinen, Susanne Melior, Rory Palmer, Massimo Paolucci, Pavel Poc, Daciana Octavia Sârbu, Christel Schaldemose, Damiano Zoffoli |
|
VERTS/ALE |
Marco Affronte, Margrete Auken, Bas Eickhout, Davor Škrlec, Keith Taylor |
|
1 |
- |
|
EFDD |
Julie Reid |
|
0 |
0 |
|
|
|
|
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh