Tuarascáil - A8-0274/2018Tuarascáil
A8-0274/2018

TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile

5.9.2018 - (COM(2017)0796 – C8‑0005/2018 – 2017/0354(COD)) - ***I

An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
Rapóirtéir: Ivan Štefanec


Nós Imeachta : 2017/0354(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0274/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0274/2018
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile

(COM(2017)0796 – C8‑0005/2018 – 2017/0354(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2017)0796),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0005/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Bealtaine 2018[1],

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0274/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí i gcomhréir le forálacha na gConarthaí. Tá toirmeasc ar shrianta cainníochtúla ar allmhairí agus ar gach beart comhéifeachta idir na Ballstáit. Cumhdaíonn an toirmeasc sin aon bheart náisiúnta a d'fhéadfadh bacainn a chur, go díreach nó go hindíreach, go hiarbhír nó go féideartha, ar thrádáil earraí laistigh den Aontas. Áirithítear saorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach trí chomhchuibhiú rialacha ar leibhéal an Aontais lena leagtar síos ceanglais choiteanna maidir le hearraí áirithe a chur ar an margadh nó, i gcás earraí nó gnéithe d'earraí nach gcumhdaítear faoi rialacha an Aontais um chomhchuibhiú, trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm.

(1)  Is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí i gcomhréir le forálacha na gConarthaí. Tá toirmeasc ar shrianta cainníochtúla ar allmhairí agus ar gach beart comhéifeachta idir na Ballstáit. Cumhdaíonn an toirmeasc sin aon bheart náisiúnta a d'fhéadfadh bacainn a chur, go díreach nó go hindíreach, go hiarbhír nó go féideartha, ar thrádáil earraí laistigh den Aontas. Áirithítear saorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach trí chomhchuibhiú rialacha ar leibhéal an Aontais lena leagtar síos ceanglais choiteanna maidir le hearraí áirithe a chur ar an margadh nó, i gcás earraí nó gnéithe d'earraí nach gcumhdaítear go hiomlán faoi rialacha an Aontais um chomhchuibhiú, trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm arna sainiú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Is féidir constaicí ar shaorghluaiseacht earraí idir na Ballstáit a chruthú go neamhdhleathach más rud é, in éagmais rialacha de chuid an Aontais um chomhchuibhiú lena gcumhdaítear earraí nó gné áirithe d'earraí, go gcuireann údarás inniúil Ballstáit rialacha náisiúnta i bhfeidhm i leith earraí den chineál sin atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, lena gceanglaítear nach mór na hearraí ceanglais theicniúla áirithe a chomhlíonadh, mar shampla ceanglais a bhaineann le hainmniú, foirm, méid, meáchan, comhdhéanamh, cur i láthair, lipéadú nó pacáistiú. D’fhéadfadh sé a bheith ina shárú ar Airteagal 34 agus Airteagal 36 den Chonradh na rialacha sin a chur i bhfeidhm maidir le hearraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú má tá feidhm ag na rialacha sin maidir le gach earra, gan idirdhealú.

(2)  Is féidir constaicí ar shaorghluaiseacht earraí idir na Ballstáit a chruthú go neamhdhleathach más rud é, in éagmais rialacha de chuid an Aontais um chomhchuibhiú lena gcumhdaítear earraí nó gné áirithe d’earraí, go gcuireann údarás inniúil Ballstáit rialacha náisiúnta i bhfeidhm i leith earraí den chineál sin atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, lena gceanglaítear nach mór na hearraí ceanglais theicniúla áirithe a chomhlíonadh, mar shampla ceanglais a bhaineann le hainmniú, foirm, méid, meáchan, comhdhéanamh, cur i láthair, lipéadú nó pacáistiú, iarratas ar thástálacha breise agus/nó dúbailt ar thástálacha. D’fhéadfadh sé a bheith ina shárú ar Airteagal 34 agus Airteagal 36 den Chonradh na rialacha sin a chur i bhfeidhm maidir le hearraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú má tá feidhm ag na rialacha sin maidir le gach earra, gan idirdhealú.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Eascraíonn prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ó chásdlí Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. De réir an phrionsabail sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar dhíol earraí ar a gcríoch ar earraí iad atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú amháin sa chás ina ndearnadh na hearraí a tháirgeadh nó a mhonarú i gcomhréir le rialacha teicniúla difriúla. Ní prionsabal absalóideach atá i gceist, áfach. Féadfaidh Ballstáit cur i gcoinne margú earraí atá ar an margadh go dleathach in áit eile, más rud é go bhfuil údar cuí leis na srianta sin ar na forais atá leagtha amach in Airteagal 36 den Chonradh, nó ar bhonn cúiseanna sáraitheacha eile a bhaineann le leas an phobail, agus iad comhréireach i gceachtar den dá chás leis an aidhm atá á saothrú.

(3)  Eascraíonn prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ó chásdlí Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. De réir an phrionsabail sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar dhíol earraí ar a gcríoch ar earraí iad atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú amháin sa chás ina ndearnadh na hearraí a tháirgeadh nó a mhonarú i gcomhréir le rialacha teicniúla difriúla. Ní prionsabal absalóideach atá i gceist, áfach. Féadfaidh Ballstáit cur i gcoinne margú earraí atá ar an margadh go dleathach in áit eile, más rud é go bhfuil údar cuí leis na srianta sin ar na forais atá leagtha amach in Airteagal 36 den Chonradh, nó ar bhonn cúiseanna sáraitheacha eile a bhaineann le leas an phobail, aitheanta ag cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le saorghluaiseacht earraí, agus iad comhréireach i gceachtar den dá chás leis an aidhm atá á saothrú. Forchuirtear leis an rialachán seo oibleagáid chun a mhíniú go soiléir cad is údar le rochtain ar an margadh a dhiúltú.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Maidir le coincheap na gcúiseanna sáraitheacha eile a bhaineann le leas an phobail, coincheap atá ag teacht chun cinn i gcónaí atá ann, a d'fhorbair an Chúirt Bhreithiúnais ina cásdlí maidir le hAirteagal 34 agus Airteagal 36 den Chonradh. Leis an gcoincheap sin, cuimsítear, inter alia, éifeachtacht na maoirseachta fioscaí, cothroime n-idirbheart tráchtála, cosaint na dtomhaltóirí, caomhnú an chomhshaoil, cothabháil éagsúlacht an phreasa agus an baol atá ann go ndéanfar lagú tromchúiseach ar chothromaíocht airgeadais an chórais slándála sóisialta. D’fhéadfadh cúiseanna sáraitheacha den sórt sin, sa chás ina bhfuil difríochtaí dlisteanacha idir Ballstát amháin agus ceann eile, a bheith ina n-údar cuí ag na húdaráis inniúla rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm. Ní mór údar cuí a thabhairt le cinntí den sórt sin, áfach, agus ní mór i gcónaí prionsabal na comhréireachta a urramú, agus féachaint ar an gceist arbh é an cinneadh is lú srian is féidir atá déanta ag an údarás inniúil. Ina theannta sin, i gcás cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú i leith earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, ní ceadmhach iad a bheith bunaithe ar an bhfíric go gcomhlíonann na hearraí faoi mheasúnú an cuspóir poiblí dlisteanach arna shaothrú ag an mBallstát ar bhealach seachas an bealach ina gcomhlíonann earraí baile sa Bhallstát sin an cuspóir sin agus ar an bhfíric sin amháin.

(4)  Maidir le coincheap na gcúiseanna sáraitheacha eile a bhaineann le leas an phobail, coincheap atá ag teacht chun cinn i gcónaí atá ann, a d'fhorbair an Chúirt Bhreithiúnais ina cásdlí maidir le hAirteagal 34 agus Airteagal 36 den Chonradh. Sa chás ina bhfuil difríochtaí dlisteanacha idir Ballstát amháin agus ceann eile, féadfaidh siad a bheith ina n-údar cuí ag na húdaráis inniúla rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm. Ní mór údar cuí, dlisteanach, iomchuí a thabhairt i gcónaí i ndáil le cinntí riaracháin, áfach, agus ní mór i gcónaí prionsabal na comhréireachta a urramú, agus ní mór don údarás inniúil an cinneadh is lú srian is féidir a dhéanamh. Leis an aidhm acu bacainní sa mhargadh inmheánach a laghdú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i gcomhair earraí a fheabhsú, spreagtar an Coimisiún agus na Ballstáit próiseas measúnaithe a thosú chun a fhionnadh an bhfuil na rialacha náisiúnta fós oiriúnach don fheidhm agus nach bhfuil bacainní neamhtharaifí díréireacha á gcruthú acu. Ina theannta sin, i gcás cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú i leith earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, ní ceadmhach iad a bheith bunaithe ar an bhfíric go gcomhlíonann na hearraí faoi mheasúnú an cuspóir poiblí dlisteanach arna shaothrú ag an mBallstát ar bhealach seachas an bealach ina gcomhlíonann earraí sa Bhallstát sin an cuspóir sin agus ar an bhfíric sin amháin. Chun cabhrú leis na Ballstáit ina gcúram chun údar le srianta ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart don Choimisiún treoir nach bhfuil ceangailteach a sholáthar a dhéanann athbhreithniú ar an gcásdlí maidir le coincheap na gcúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail agus maidir le conas prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh an cumas agus an deis ag údaráis inniúla chun ionchur a sholáthar agus aiseolas maidir leis an treoir a thabhairt.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Tá roinnt easnamh i Rialachán (CE) Uimh. 764/2008, agus dá bhrí sin ba cheart é a athbhreithniú agus a neartú. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 764/2008. Ba cheart nósanna imeachta soiléire a bhunú leis an Rialachán seo chun saorghluaiseacht earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile a áirithiú agus chun a áirithiú nach féidir an tsaorghluaiseacht a theorannú ach amháin i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha leasa phoiblí ag na Ballstáit chun é sin a dhéanamh agus ina bhfuil an srian comhréireach. Áirithítear leis go gcomhlíonann oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta araon na cearta agus na hoibleagáidí atá ann a thagann as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

(7)  Tá roinnt easnamh i Rialachán (CE) Uimh. 764/2008, agus dá bhrí sin ba cheart é a athbhreithniú agus a neartú. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 764/2008. Ba cheart nósanna imeachta soiléire a bhunú leis an Rialachán seo chun saorghluaiseacht earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile a áirithiú agus chun a áirithiú nach féidir an tsaorghluaiseacht a theorannú ach amháin i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha leasa phoiblí a bhfuil údar cuí leo ag na Ballstáit chun é sin a dhéanamh agus ina bhfuil an srian comhréireach. Áirithítear leis go gcomhlíonann oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta araon na cearta agus na hoibleagáidí atá ann a thagann as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  Tá sé tábhachtach a shoiléiriú go bhfuil táirgí talmhaíochta ar na cineálacha earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áirítear sa téarma 'táirgí talmhaíochta' táirgí iascaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 38(1) den Chonradh.

(11)  Tá sé tábhachtach a shoiléiriú go bhfuil táirgí talmhaíochta ar na cineálacha earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áirítear sa téarma 'táirgí talmhaíochta' táirgí iascaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 38(1) den Chonradh. Ba cheart don Choimisiún liosta táscach agus neamh-uileghabhálach nuashonraithe a choinneáil agus i gcás inar féidir é a fhorbairt tuilleadh ar líne chun cabhrú leis na cineálacha earraí atá faoi réir an Rialacháin seo a shainaithint.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  Chun tairbhe a bhaint as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ní mór earraí a bheith ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Ba cheart a shoiléiriú nach mór, chun go measfar gur earraí iad atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, earraí na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin a chomhlíonadh, agus iad a bheith ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin.

(14)  Chun tairbhe a bhaint as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ní mór earraí a bheith ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Ba cheart a shoiléiriú nach mór, chun go measfar gur earraí iad atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, earraí na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin a chomhlíonadh, agus iad a bheith ar fáil d’úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14 a)  Chun feasacht a mhúscailt i measc na n-údarás náisiúnta agus oibreoirí eacnamaíocha maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart a áitiú ar Bhallstáit foráil a dhéanamh do ‘chlásail mhargaidh aonair’, atá soiléir agus gan débhrí ina rialacha náisiúnta teicniúla chun a áirithiú go meastar go bhfuil earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin i gcomhréir le rialacha náisiúnta teicniúla Ballstáit eile.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Tá éagsúlacht shuntasach ó Bhallstát go Ballstát idir an fhianaise a cheanglaítear chun a léiriú go bhfuil earraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Tá sé sin ina chúis le hualaí, moilleanna agus costais bhreise d'oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil gá leo, agus fágann sé nach féidir le húdaráis náisiúnta an fhaisnéis a fháil is gá chun na hearraí a mheas go tráthúil. D'fhéadfadh sé sin bac a chur ar fheidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach é a fhágáil níos éasca ag oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go bhfuil a gcuid earraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Ba cheart d'oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann tairbhe a bhaint as próiseas féindearbhaithe, faoinar cheart gach faisnéis is gá a sholáthar d'údaráis inniúla maidir leis na hearraí agus lena a mhéid a chomhlíonann siad na rialacha is infheidhme sa Bhallstát eile sin. Ní chuireann úsáid an dearbhaithe cosc ar údaráis náisiúnta cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear srian leis an rochtain ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh an cinneadh sin comhréireach agus go n-urramófar leis prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus an Rialachán seo.

(15)  Tá éagsúlacht shuntasach ó Bhallstát go Ballstát idir an fhianaise a cheanglaítear chun a léiriú go bhfuil earraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Tá sé sin ina chúis le hualaí, moilleanna agus costais bhreise d'oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil gá leo, agus fágann sé nach féidir le húdaráis náisiúnta an fhaisnéis a fháil is gá chun na hearraí a mheas go tráthúil. D'fhéadfadh sé sin bac a chur ar fheidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach é a fhágáil níos éasca ag oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go bhfuil a gcuid earraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann tairbhe a bhaint as próiseas féindearbhaithe, faoinar cheart faisnéis a sholáthar d’údaráis inniúla maidir leis na hearraí agus lena a mhéid a chomhlíonann siad na rialacha is infheidhme sa Bhallstát eile sin. Ní chuireann úsáid an dearbhaithe dheonaigh cosc ar údaráis náisiúnta cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear srian leis an rochtain ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh an cinneadh sin comhréireach, go bhfuil údar maith leis agus go n-urramófar leis prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus an Rialachán seo.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Ba cheart don táirgeoir, nó d'ionadaí an táirgeora, a bheith freagrach as an bhfaisnéis a chomhlánú sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach toisc gurb é an táirgeoir is mó atá ar an eolas faoi na hearraí. Féadfaidh an fhaisnéis go bhfuil na hearraí á gcur ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát ábhartha a bheith i seilbh allmhaireora nó dáileora, áfach, seachas i seilbh an táirgeora féin. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag oibreoir eacnamaíoch eile an fhaisnéis sin a chomhlánú in ionad an táirgeora.

(16)  Ba cheart don táirgeoir, nó d’ionadaí an táirgeora údaraithe, a bheith freagrach as an bhfaisnéis a chomhlánú sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach toisc gurb é an táirgeoir is mó atá ar an eolas faoi na hearraí. Féadfaidh an fhaisnéis go bhfuil na hearraí á gcur ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát ábhartha a bheith i seilbh allmhaireora nó dáileora, áfach, seachas i seilbh an táirgeora féin. Ba cheart, dá bharr sin, go mbeadh sé inghlactha d’oibreoir eacnamaíoch eile an fhaisnéis sin a líonadh in ionad an táirgeora, ar choinníoll go nglacann an t-oibreoir eacnamaíoch freagracht as an bhfaisnéis a cuireadh sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  D'fhonn a áirithiú gur faisnéis chuimsitheach í an fhaisnéis arna soláthar i ndearbhú um aitheantas frithpháirteach, ba cheart struchtúr comhchuibhithe maidir le dearbhuithe den sórt sin a leagan síos lena úsáid ag oibreoirí eacnamaíocha ar mian leo na dearbhuithe sin a dhéanamh.

(18)  D'fhonn a áirithiú gur faisnéis chuimsitheach agus fírinneach í an fhaisnéis arna soláthar i ndearbhú um aitheantas frithpháirteach, ba cheart struchtúr comhchuibhithe maidir le dearbhuithe den sórt sin a leagan síos lena úsáid ag oibreoirí eacnamaíocha ar mian leo na dearbhuithe sin a dhéanamh.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)  D’fhonn cur le héifeachtúlacht agus iomaíochas gnólachtaí atá ag feidhmiú sa limistéar neamh-chomhchuibhithe, ba cheart an deis a bheith ann tairbhe a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise nua ar mhaithe le héascú do sholáthar an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha an dearbhú uathu a chur ar fáil ar líne.

(20)  D’fhonn cur le héifeachtúlacht agus iomaíochas gnólachtaí atá ag feidhmiú sa limistéar neamh-chomhchuibhithe, ba cheart an deis a bheith ann tairbhe a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise nua ar mhaithe le héascú do sholáthar an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha agus ba cheart iad a spreagadh an dearbhú uathu a chur ar fáil ar líne agus ar bhealach atá slán.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20 a)  Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirtear teimpléad i gcomhair an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach agus treoirlínte ábhartha chun an dearbhú a chríochnú ar fáil ar an Tairseach Aonair Dhigiteach i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20b)  Tá prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a fheidhmíonn go maith ina chomhlánú bunriachtanach ar chomhchuibhiú ar leibhéal AE, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil gnéithe comhchuibhithe agus neamhchomhchuibhithe araon ag a lán táirgí agus sa mhéid gur ann do líon mór táirgí a bhfuil gnéithe neamhchomhchuibhithe acu sa mhargadh inmheánach.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)  I gcás ina gcinnfidh táirgeoirí gan úsáid a bhaint as sásra an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach, ba cheart é a bheith faoin mBallstát an fhaisnéis a iarraidh a mheasann sé a bheith riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na hearraí, agus aird iomchuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta.

(22)  I gcás ina gcinnfidh oibreoirí eacnamaíocha gan úsáid a bhaint as an sásra do dhearbhú um aitheantas frithpháirteach, ba cheart é a bheith faoin mBallstát faisnéis shonrach atá sainmhínithe go soiléir a iarraidh a mheasann sé a bheith riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na hearraí i dtaca le prionsabal na comhréireachta. Ní chuireann úsáid an dearbhaithe cosc ar údaráis náisiúnta cinneadh a ghlacadh chun srian a chur ar an rochtain ar an margadh, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22 a)  Ba cheart am iomchuí a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch chun doiciméid nó aon fhaisnéis eile a iarrfaidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe a thíolacadh, nó chun aon bharúlacha nó aon argóintí a bhaineann leis an measúnú ar na hearraí i dtrácht a chur i láthair.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)  Agus údarás inniúil ag déanamh measúnú ar earraí sula ndéanfaidh sé cinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart dó rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh, níor cheart dó a bheith in ann cinntí a ghlacadh lena gcuirfí ar fionraí rochtain ar an margadh, ach amháin i gcás ina bhfuil gá le hidirghabháil mhear ionas nach ndéanfar dochar do shábháilteacht agus do shláinte na n-úsáideoirí nó ionas nach gcuirfear na hearraí ar fáil i gcás ina mbeidh toirmeasc ginearálta ann maidir leis na hearraí sin a chur ar fáil ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí, lena n-áirítear, mar shampla, cosc na coireachta.

(25)  Agus údarás inniúil ag déanamh measúnú ar earraí sula ndéanfaidh sé cinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart dó rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh, níor cheart dó a bheith in ann cinntí a ghlacadh lena gcuirfí ar fionraí rochtain ar an margadh, ach amháin i gcás ina bhfuil gá le hidirghabháil mhear ionas nach ndéanfar dochar do shábháilteacht do shláinte úsáideoirí, daoine nó an chomhshaoil, nó ionas nach gcuirfear na hearraí ar fáil i gcás ina mbeidh toirmeasc ginearálta ann maidir leis na hearraí sin a chur ar fáil ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí, lena n-áirítear, mar shampla, cosc na coireachta.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)  Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23, bunaítear córas creidiúnaithe lena n-áirithítear go nglacfar go frithpháirteach le leibhéal inniúlachta na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta. Dá bhrí sin, i gcás tuarascálacha tástála nó deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlacht measúnaithe comhréireachta atá creidiúnaithe chuige sin, níor cheart d'údaráis inniúla na mBallstát iad a dhiúltú ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin. Ina theannta sin, d'fhonn dúbailt na dtástálacha agus na nósanna imeachta a rinneadh cheana i mBallstát eile a sheachaint a mhéid is féidir, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha tástála agus deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí measúnaithe comhréireachta eile i gcomhréir le dlí an Aontais a ghlacadh freisin. Ba cheart é a bheith de cheangal ar na húdaráis inniúla aird chuí a thabhairt ar ábhar na dtuarascálacha tástála nó na ndeimhnithe arna dtíolacadh.

(26)  Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23, bunaítear córas creidiúnaithe lena n-áirithítear go nglacfar go frithpháirteach le leibhéal inniúlachta na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta. Dá bhrí sin, i gcás tuarascálacha tástála nó deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlacht measúnaithe comhréireachta atá creidiúnaithe chuige sin, níor cheart d'údaráis inniúla na mBallstát iad a dhiúltú ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin. Ina theannta sin, d'fhonn dúbailt na dtástálacha agus na nósanna imeachta a rinneadh cheana i mBallstát eile a sheachaint a mhéid is féidir, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar thuarascálacha tástála agus deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí measúnaithe comhréireachta eile i gcomhréir le dlí an Aontais Ba cheart é a bheith de cheangal ar na húdaráis inniúla aird chuí a thabhairt ar ábhar na dtuarascálacha tástála nó na ndeimhnithe arna dtíolacadh.

__________________

__________________

23 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

23 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)  Ba cheart a shonrú, le haon chinneadh riaracháin arna ghlacadh ag údaráis inniúla de chuid na mBallstát de bhun an Rialacháin seo, na leigheasanna atá ar fáil ionas gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch imeachtaí a thionscnamh os comhair na cúirte náisiúnta inniúla nó os comhair an bhinse náisiúnta inniúil. Ba cheart tagairt a dhéanamh as chinneadh freisin don nós imeachta um réiteach fadhbanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(30)  Ba cheart a shonrú, le haon chinneadh riaracháin arna ghlacadh ag údaráis inniúla de chuid na mBallstát de bhun an Rialacháin seo, na leigheasanna atá ar fáil ionas gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch an cinneadh a achomharc nó imeachtaí a thionscnamh os comhair na cúirte náisiúnta inniúla nó os comhair an bhinse náisiúnta inniúil. Ba cheart tagairt a dhéanamh sa chinneadh riaracháin freisin don deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha an líonra SOLVIT a úsáid agus rochtain a bheith acu ar an nós imeachta um réiteach fadhbanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32)  Seirbhís is ea an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT) a sholáthraíonn an riarachán náisiúnta i ngach Ballstát agus a bhfuil sé d'aidhm aige réitigh a fháil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí i gcás ina sárófar údaráis phoiblí a gcearta i mBallstát eile. Tá na prionsabail lena rialaítear feidhmiú SOLVIT leagtha amach i Moladh 2013/461/AE27 ón gCoimisiún.

(32)  Seirbhís is ea an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT) a sholáthraíonn an riarachán náisiúnta i ngach Ballstát agus a bhfuil sé d'aidhm aige réitigh a fháil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí i gcás ina sárófar údaráis phoiblí a gcearta i mBallstát eile. Tá na prionsabail lena rialaítear feidhmiú SOLVIT leagtha amach i Moladh 2013/461/AE27 ón gCoimisiún. Ní mór do gach Ballstát agus don Choimisiún a áirithiú go mbunaítear lárionad náisiúnta SOLVIT agus go bhfuil acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha ar fáil chun a ráthú go nglacfaidh an lárionad SOLVIT páirt sa líonra SOLVIT Eorpach ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach i Moladh 2013/461/AE. Ba cheart don Choimisiún feasacht maidir le SOLVIT agus na tairbhí a bhaineann leis a mhéadú, go háirithe i measc gnólachtaí.

__________________

__________________

27 Moladh 2013/461/AE ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2013 maidir leis na prionsabail lena rialaítear SOLVIT (IO L 249, 19.9.2013, lch. 10).

27 Moladh 2013/461/AE ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2013 maidir leis na prionsabail lena rialaítear SOLVIT (IO L 249, 19.9.2013, lch. 10).

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33)  Fuarthas gur sásra éifeachtach neamhbhreithiúnach maidir le fadhbanna a réiteach é an córas SOLVIT, a sholáthraítear saor in aisce é. Feidhmíonn sé faoi réir spriocdhátaí gairide agus soláthraíonn sé réitigh phraiticiúla do shaoránaigh agus do ghnólachtaí nuair a bhíonn deacrachtaí acu i dtaobh a gcearta Aontais a bheith á n-aithint ag údaráis phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith de cheanglas ar oibreoirí eacnamaíocha dul i muinín SOLVIT ar dtús, sular féidir an sásra maidir le réiteach fadhbanna faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I gcás ina n-aontóidh an t-oibreoir eacnamaíoch, an t-ionad SOLVIT ábhartha agus na Ballstáit atá i gceist go léir ar an toradh iomchuí, níor cheart gá a bheith le haon ghníomh eile.

(33)  Tá an acmhainn ag an gcóras SOLVIT bheith ina shásra éifeachtach neamhbhreithiúnach maidir le fadhbanna a réiteach, a sholáthraítear saor in aisce é. Feidhmíonn sé faoi réir spriocdhátaí gairide agus soláthraíonn sé réitigh phraiticiúla do shaoránaigh agus do ghnólachtaí nuair a bhíonn deacrachtaí acu i dtaobh a gcearta Aontais a bheith á n-aithint ag údaráis phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith de cheanglas ar oibreoirí eacnamaíocha dul i muinín SOLVIT ar dtús, sular féidir an sásra maidir le réiteach fadhbanna faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I gcás ina n-aontóidh an t-oibreoir eacnamaíoch, an t-ionad SOLVIT ábhartha agus na Ballstáit atá i gceist go léir ar an toradh iomchuí, níor cheart gá a bheith le haon ghníomh eile.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34)  I gcás ina dteipfidh ar chur chuige neamhfhoirmiúil SOLVIT, áfach, agus ina mbeidh amhras tromchúiseach ann fós maidir le comhoiriúnacht an chinnidh riaracháin le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún breathnú ar an gcás agus measúnú a sholáthar a bheidh le cur san áireamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla arna iarraidh sin ag an ionad SOLVIT. Ba cheart idirghabháil an Choimisiúin a bheith faoi réir teorainn ama réasúnta, i gcomhréir leis an gCód Eorpach um Dhea-Chleachtas Riaracháin.

(34)  I gcás ina dteipfidh ar chur chuige neamhfhoirmiúil SOLVIT, áfach, agus ina mbeidh amhras ann fós maidir le comhoiriúnacht an chinnidh riaracháin le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún breathnú ar an gcás agus measúnú a sholáthar a bheidh le cur san áireamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla arna iarraidh sin ag aon cheann de lárionaid SOLVIT. Chun críocha faisnéis nó doiciméid bhreise a bhailiú, ar doiciméid iad atá riachtanach chun a mheasúnú a chur i gcrích, ba cheart don Choimisiún na hionaid SOLVIT ábhartha a chur ar an eolas faoina chumarsáid leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis an údarás inniúil lena mbaineann. Tar éis dó a mheasúnú a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún tuairim a eisiúint, tuairim a chuirfear in iúl don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann agus do na údaráis inniúla tríd an ionad SOLVIT is ábhartha agus beidh an tuairim sin le cur san áireamh le linn an nós imeachta SOLVIT. Ba cheart idirghabháil an Choimisiúin a bheith faoi réir teorainn ama dhá mhí. Ní áirítear sa tréimhse dhá mhí an t-am is gá chun an fhaisnéis agus na doiciméid bhreise a d’fhéadfadh gá a bheith leo a fháil. Má dhéantar an cás a réiteach laistigh den tréimhse dhá mhí, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann cinneadh a dhéanamh gan tuairim a eisiúint.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34a)  I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú ar chinneadh riaracháin, tá sé tábhachtach d’oibreoirí eacnamaíocha go mbeadh siad in ann feidhm a bhaint as measúnú den sórt sin má dhéanann siad imeachtaí a thionscnamh i gcúirt nó binse náisiúnta. Dá bharr sin, sa chás áirithe i dtaca le cinntí riaracháin atá faoi réir an Rialacháin seo, níor cheart go ndéanfadh imeachtaí a thionscnamh i gcúirt nó binse náisiúnta cosc a chur ar an oibreoir eacnamaíoch feidhm a bhaint as SOLVIT.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37)  D’fhonn saorghluaiseacht earraí a éascú, ba cheart é a bheith de cheangal ar Phointí Teagmhála do Tháirgí faisnéis a sholáthar, saor in aisce, maidir lena gcuid rialacha náisiúnta teicniúla agus maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Ba cheart trealamh agus acmhainní leordhóthanacha a bheith ag Pointí Teagmhála do Tháirgí. I gcomhréir le Rialachán [Tairseach Aonair Dhigiteach – COM (2017)256] ba cheart dóibh faisnéis a sholáthar trí shuíomh gréasáin agus a bheith faoi réir na gcritéar cáilíochta a cheanglaítear leis an Rialachán sin, agus a bheith faoi réir na gcritéar cáilíochta atá leagtha amach sa Rialachán sin.

(37)  D’fhonn saorghluaiseacht earraí a éascú, ba cheart é a bheith de cheangal ar Phointí Teagmhála do Tháirgí faisnéis a sholáthar, suas go leibhéal réasúnta, saor in aisce, maidir lena gcuid rialacha náisiúnta teicniúla agus maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Ba cheart trealamh agus acmhainní leordhóthanacha a bheith ag Pointí Teagmhála do Tháirgí. I gcomhréir le Rialachán [Tairseach Aonair Dhigiteach – COM (2017)256] ba cheart dóibh faisnéis a sholáthar trí shuíomh gréasáin agus a bheith faoi réir na gcritéar cáilíochta a cheanglaítear leis an Rialachán sin, agus a bheith faoi réir na gcritéar cáilíochta atá leagtha amach sa Rialachán sin.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)  Tá an comhar idir údaráis inniúla riachtanach i ndáil le feidhmiú réidh phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus i ndáil le cultúr aitheantais fhrithpháirtigh a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar Phointí Teagmhála do Tháirgí agus ar údaráis inniúla náisiúnta comhoibriú le chéile agus faisnéis agus saineolais a mhalartú chun a áirithiú go ndéanfar an prionsabal agus an Rialachán seo a chur i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach.

(38)  Tá an comhar idir údaráis inniúla riachtanach i ndáil le feidhmiú réidh phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus i ndáil le cultúr aitheantais fhrithpháirtigh a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar Phointí Teagmhála do Tháirgí agus ar údaráis inniúla náisiúnta comhoibriú le chéile agus faisnéis agus saineolais a mhalartú chun a áirithiú go ndéanfar an prionsabal agus an Rialachán seo a chur i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach. Ba cheart don Aontas gníomhaíochtaí a mhaoiniú a bhfuil mar aidhm acu feabhas a chur ar an gcomhar sin idir údaráis inniúla amhail oiliúintí agus malartú dea-chleachtais.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43)  D'fhonn feasacht a ardú faoi phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach, ba cheart don Aontas maoiniú a dhéanamh ar fheachtais um spreagadh feasachta agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara eile a bhfuil sé mar aidhm leo muinín agus comhar a fheabhsú idir údaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíocha.

(43)  D'fhonn feasacht a ardú faoi phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach, ba cheart don Aontas maoiniú a dhéanamh ar fheachtais um spreagadh feasachta agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara eile a bhfuil sé mar aidhm leo muinín agus comhar a fheabhsú idir údaráis inniúla, cumainn trádála agus oibreoirí eacnamaíocha.

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír -1 (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

-1.  Is é is aidhm don Rialachán seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú trí fheabhas a chur ar chur chun feidhme phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus trí bhacainní trádála nach bhfuil údar leo a bhaint.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí d'aon chineál, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta, agus maidir le cinntí riaracháin arna nglacadh ag údarás inniúil Ballstáit (“an Ballstát is ceann scríbe”) i ndáil le haon earraí den sórt sin atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, i gcás ina gcomhlíonfaidh an cinneadh na critéir seo a leanas:

1.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí d’aon chineál, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta, agus maidir le cinntí riaracháin arna nglacadh ag údarás inniúil Ballstáit (“an Ballstát is ceann scríbe”) i ndáil le haon earraí den sórt sin atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, i gcás ina gcomhlíonfaidh an cinneadh an dá chritéar seo a leanas:

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  leis an bhforáil, cuirtear toirmeasc ar earraí, nó cineál earraí, a chur ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát sin nó fágann sí gur éigeantach, de facto nó de jure, é comhlíonadh na forála, aon uair a bheidh earraí, nó earraí de chineál ar leith, á gcur ar fáil ar an margadh sin;

(b)  leis an bhforáil, cuirtear toirmeasc ar earraí, nó cineál earraí, a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin nó fágann sí gur éigeantach, de factode jure, é comhlíonadh na forála, aon uair a bheidh earraí, nó earraí de chineál ar leith, á gcur ar fáil ar an margadh sin;

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 3 – pointe c – pointe ii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)  forchuirtear léi ar na hearraí sin, nó ar earraí den chineál sin, ceanglais eile a fhorchuirtear chun críocha tomhaltóirí nó an comhshaol a chosaint agus a dhéanann difear do shaolré na n-earraí tar éis dóibh a bheith curtha ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát sin, amhail coinníollacha úsáide, athchúrsála, athúsáide nó diúscartha, i gcás ina bhféadfadh na coinníollacha sin tionchar suntasach a imirt ar chomhdhéanamh nó nádúr na n-earraí, nó ar chineál na n-earraí, nó ar a gcur ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát sin.

(ii)  forchuirtear léi ar na hearraí sin, nó ar earraí den chineál sin, ceanglais eile a fhorchuirtear chun críocha tomhaltóirí nó an comhshaol a chosaint agus a dhéanann difear do shaolré na n-earraí tar éis dóibh a bheith curtha ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin, amhail coinníollacha úsáide, athchúrsála, athúsáide nó diúscartha, i gcás ina bhféadfadh na coinníollacha sin tionchar suntasach a imirt ar chomhdhéanamh nó nádúr na n-earraí, nó ar chineál na n-earraí, nó ar a gcur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin.

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 4 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tá an Rialachán seo gan dochar don Treoir (AE) 2015/1535 agus an oibleagáid chun fógra faoi dhréacht-rialacháin náisiúnta teicniúla a chur chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit sula ndéantar iad a ghlacadh.

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  Airteagal 8(1)(d) go (f) Airteagal 8(3) de Threoir 2001/95/CE;

(a)  Airteagal 8(1)(d) go (f) agus Airteagal 8(3) de Threoir 2001/95/CE;

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh baile i mBallstát” soláthar na n-earraí d’aon chineál lena ndáileadh, lena dtomhailt nó lena n-úsáid ar an margadh i gcríoch an Bhallstáit sin le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(2)  ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh i mBallstát’ soláthar na n-earraí d’aon chineál lena ndáileadh, lena dtomhailt nó lena n-úsáid ar an margadh i gcríoch an Bhallstáit sin le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  ciallaíonn "rochtain ar an margadh a shrianadh" coinníollacha a fhorchur a bheidh le comhlíonadh sula bhféadfar na hearraí a chur ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát ábhartha, nó coinníollacha maidir leis na hearraí a choimeád ar an margadh sin, lena gceanglaítear, i gceachtar den dá chás, athrú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de shaintréithe na n-earraí sin, mar a thuairiscítear in Airteagal 2(3)(c)(i), nó tástáil bhreise a dhéanamh;

(3)  ciallaíonn ‘rochtain ar an margadh a shrianadh’ coinníollacha a fhorchur a bheidh le comhlíonadh sula bhféadfar na hearraí a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát ábhartha, nó coinníollacha maidir leis na hearraí a choimeád ar an margadh sin, lena gceanglaítear, i gceachtar den dá chás, athrú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de shaintréithe na n-earraí sin, mar a thuairiscítear in Airteagal 2(3)(c)(i), nó tástáil bhreise a dhéanamh;

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 4 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  toirmeasc a chur ar na hearraí a bheith ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát ábhartha nó iad a choinneáil ar an margadh sin;

(a)  toirmeasc a chur ar na hearraí a bheith ar fáil ar an margadh sa Bhallstát ábhartha nó iad a choinneáil ar an margadh sin;

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  ciallaíonn “réamhúdarú” nós imeachta riaracháin faoi dhlí Ballstáit faoina gceanglaítear ar údarás inniúil an Bhallstáit sin, ar bhonn iarratais ó oibreoir eacnamaíoch, a fhormheas foirmiúil a thabhairt sula bhféadfar earraí a chur ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát sin;

(5)  ciallaíonn ‘réamhúdarú’ nós imeachta riaracháin faoi dhlí Ballstáit faoina gceanglaítear ar údarás inniúil an Bhallstáit sin, ar bhonn iarratais ó oibreoir eacnamaíoch, a fhormheas foirmiúil a thabhairt sula bhféadfar earraí a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin;

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  ciallaíonn “táirgeoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn na hearraí nó a chuireann faoi deara go ndéanann na hearraí a dhearadh nó a mhonarú, agus a chuireann ar an margadh iad faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chuirfidh é féin i láthair mar tháirgeoir na n-earraí trína ainm, a thrádmharc nó gné idirdhealaitheach eile a chur orthu;

(6)  ciallaíonn ‘táirgeoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn na hearraí nó a chuireann faoi deara go ndéanann na hearraí a dhearadh nó a mhonarú, agus a chuireann ar an margadh iad faoina ainm nó faoina thrádmharc, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann modhnú ar earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát cheana ar bhealach a d’fhéadfadh cur isteach ar chomhlíonadh na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chuirfidh é féin i láthair mar tháirgeoir na n-earraí, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta nach bhfaightear trí phróiseas déantúsaíochta, trína ainm, a thrádmharc nó gné idirdhealaitheach eile a chur orthu;

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  ciallaíonn "ionadaí údaraithe" aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ón táirgeoir chun gníomhú thar ceann an táirgeora maidir leis na hearraí a chur ar fáil ar an margadh baile atá i gceist;

(7)  ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ón táirgeoir chun gníomhú thar ceann an táirgeora maidir leis na hearraí a chur ar fáil ar an margadh atá i gceist;

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  ciallaíonn "dáileoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair atá bunaithe san Aontas, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann na hearraí ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát ábhartha;

(9)  ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair atá bunaithe san Aontas, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann na hearraí ar fáil ar an margadh sa Bhallstát ábhartha;

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a)  ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta mar atá sainmhínithe i bpointe 13 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) 765/2008;

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 12 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12b)  ciallaíonn “riosca tromchúiseach” aon riosca tromchúiseach, lena n-áirítear na rioscaí sin nach bhfuil a gcuid éifeachtaí le sonrú láithreach, a éilíonn go ndéanfadh na húdaráis phoiblí idirghabháil mhear.

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh táirgeoir earraí, nó earraí de chineál ar leith, atá ar fáil nó a chuirfear ar fáil ar an margadh baile i mBallstát (‘an Ballstát is ceann scríbe’) dearbhú a tharraingt suas (‘dearbhú um aitheantas frithpháirteach’) d'fhonn a léiriú d'údaráis inniúla an Bhallstáit is ceann scríbe go bhfuil na hearraí, nó earraí den chineál sin, ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

Féadfaidh táirgeoir earraí, nó earraí de chineál ar leith, atá ar fáil nó a chuirfear ar fáil ar an margadh i mBallstát (“an Ballstát is ceann scríbe”) dearbhú deonach um margú dleathach chun críche aitheantais fhrithpháirteach a tharraingt suas (dá ngairtear ‘dearbhú um aitheantas frithpháirteach’ anseo feasta) d’fhonn a léiriú d’údaráis inniúla an Bhallstáit is ceann scríbe go bhfuil na hearraí, nó earraí den chineál sin, ar an margadh go dleathach i mBallstát eile le linn mheasúnú na n-earraí de bhun Airteagal 5, go bhfuil na hearraí, nó na hearraí den chineál sin, á margú go dleathach i mBallstát eile.

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

De rogha air sin, féadfaidh an táirgeoir sainordú a thabhairt dá ionadaí údaraithe an dearbhú a tharraingt suas thar a cheann.

Féadfaidh an táirgeoir sainordú a thabhairt dá ionadaí údaraithe an dearbhú a tharraingt suas thar a cheann, ar choinníoll go sonraíonn an sainordú go follasach é.

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Laistigh den dearbhú um aitheantas frithpháirteach, áfach, féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis shonrach a thabhairt a bhaineann le hearraí nó cineál earraí a chur ar an margadh.

De rogha air sin, laistigh den dearbhú um aitheantas frithpháirteach, faisnéis shonrach an dearbhaithe sin a bhaineann le margú na n-earraí nó an chineáil earraí, áfach, féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis shonrach a thabhairt a bhaineann le hearraí nó cineál earraí a chur ar an margadh, ar choinníoll gur féidir leis an sínitheoir ábhartha an fhianaise a sholáthar a thacaíonn le faisnéis an dearbhaithe sin.

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar an dearbhú a chomhlánú i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais agus, i gcás nach í an teanga sin an teanga a cheanglaíonn an Ballstát is ceann scríbe, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha é a aistriú chuig an teanga nó na teangacha a cheanglaíonn an Ballstát is ceann scríbe.

Déanfar an dearbhú a chomhlánú i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais agus, i gcás nach í an teanga sin an teanga a cheanglaíonn an Ballstát is ceann scríbe, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha é a aistriú chuig an teanga a cheanglaíonn an Ballstát is ceann scríbe.

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Beidh oibreoirí eacnamaíocha freagrach as ábhar agus cruinneas na faisnéise a sholáthróidh siad féin sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach.

3.  Beidh oibreoirí eacnamaíocha a chríochnaíonn an dearbhú freagrach as ábhar agus cruinneas na faisnéise, lena n-áirítear faisnéis aistrithe, a sholáthróidh siad féin sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach. Chuige sin, beidh oibreoirí eacnamaíocha faoi dhliteanas i gcomhréir le dlíthe náisiúnta as ucht dearbhuithe a sholáthar ina bhfuil faisnéis bhréagach nó mhíthreorach.

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  Féadfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a sholáthar d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe chun críocha an mheasúnaithe atá le déanamh faoi Airteagal 5. Féadfar é a sholáthar i bhfoirm páipéir nó trí mheán leictreonach.

5.  Féadfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a sholáthar d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe chun críocha an mheasúnaithe atá le déanamh faoi Airteagal 5. Féadfar é a sholáthar i bhfoirm páipéir nó trí mheán leictreonach nó é a chur ar fáil ar líne.

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 6 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha an dearbhú a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

6.  I gcás ina gcuireann oibreoirí eacnamaíocha an dearbhú ar fáil ar líne, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 7 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  glacfaidh an t-údarás inniúil gur leor an dearbhú, in éineacht le haon fhianaise atá ag teastáil go réasúnach ón údarás inniúil chun an fhaisnéis atá ann a fhíorú, d'fhonn a léiriú go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile; agus

(a)  glacfaidh an t-údarás inniúil gur leor an dearbhú, in éineacht le haon fhianaise thacaíochta mar fhreagairt ar iarraidh réasúnaithe ón údarás inniúil chun an fhaisnéis atá ann a fhíorú, d'fhonn a léiriú go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile; agus

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 8 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.  Mura soláthrófar dearbhú um aitheantas frithpháirteach d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo, féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar aon cheann de na hoibreoirí eacnamaíocha na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar d'fhonn a léiriú, chun críocha an mheasúnaithe faoi Airteagal 5, go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile:

8.  Mura soláthrófar dearbhú um aitheantas frithpháirteach d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo, féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar d'fhonn a léiriú, chun críocha an mheasúnaithe faoi Airteagal 5, go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile:

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 8 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  aon fhaisnéis ábhartha maidir le saintréithe na n-earraí nó saintréithe an chineáil earraí atá i gceist;

(a)  aon fhaisnéis ábhartha maidir le saintréithe na n-earraí nó saintréithe an chineáil earraí atá i gceist atá riachtanach don mheasúnú;

Leasú    52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 8 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na hearraí a bheith ar an margadh go dleathach i mBallstát eile;

(b)  faisnéis ábhartha maidir leis na hearraí a bheith ar an margadh go dleathach i mBallstát eile atá riachtanach don mheasúnú;

Leasú    53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 8 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  aon fhaisnéis eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheadh úsáideach chun críocha a mheasúnaithe.

(c)  faisnéis ábhartha eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheadh riachtanach chun críocha a mheasúnaithe, ar choinníoll go bhfuil údar cuí le hiarrataí den sórt sin.

Leasú    54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9.  I gcás ina bhfuil na hearraí a bhfuil an dearbhú um aitheantais frithpháirteach á soláthar ina leith faoi réir gníomh Aontais chomh maith lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta AE, féadfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a áireamh mar chuid den dearbhú comhréireachta AE sin.

9.  I gcás ina bhfuil na hearraí a bhfuil an dearbhú um aitheantais frithpháirteach á soláthar ina leith faoi réir gníomh Aontais chomh maith lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta AE, féadfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a chur i gceangal leis an dearbhú comhréireachta AE sin.

Leasú    55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás ina bhfuil amhras ar údarás inniúil Ballstáit maidir le hearraí a mhaíonn oibreoir eacnamaíoch atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás inniúil teagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé measúnú ar na hearraí.

1.  I gcás ina bhfuil amhras réasúnta ar údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe, maidir le cibé an bhfuil earraí a chuirtear ar fáil nó atá le cur ar fáil ar a mhargadh ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás inniúil teagmháil le húdarás inniúil an Bhallstáit eile sin agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé measúnú ar na hearraí.

Leasú    56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Is é cuspóir an mheasúnaithe fáil amach an bhfuil na hearraí nó an cineál sin earraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus, más amhlaidh an cás, an bhfuil leasanna an phobail cumhdaithe le riail náisiúnta theicniúil is infheidhme an Bhallstáit cinn scríbe á gcosaint go leordhóthanach i dtaca le gnéithe na n-earraí i gceist.

Leasú    57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Más rud é, tar éis measúnú faoi mhír 1 a chríochnú, gur ghlac údarás inniúil Ballstáit cinneadh riaracháin i leith na n-earraí, cuirfidh sé a chinneadh in iúl laistigh de 20 lá oibre don oibreoir eacnamaíoch ábhartha dá dtagraítear i mír 1, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Tabharfar fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11.

3.  Más rud é, tar éis measúnú faoi mhír 1 a chríochnú, gur ghlac údarás inniúil Ballstáit cinneadh riaracháin i leith na n-earraí, cuirfidh sé a chinneadh in iúl gan mhoill agus tráth nach déanaí ná laistigh de 15 lá oibre don oibreoir eacnamaíoch ábhartha dá dtagraítear i mír 1, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Tabharfar fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11.

Leasú    58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Leagfar amach sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 3 na cúiseanna leis an gcinneadh ar bhealach atá mionsonraithe agus réasúnaithe go leor chun go bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar a chomhoiriúnacht le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus le ceanglais an Rialacháin seo.

4.  Leagfar amach sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 3 na cúiseanna leis an gcinneadh ar bhealach atá mionsonraithe agus réasúnaithe go leor chun measúnú ar a chomhoiriúnacht le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus le ceanglais an Rialacháin seo a éascú.

Leasú    59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 5 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  an riail theicniúil náisiúnta ar a bhfuil an cinneadh bunaithe;

(a)  an riail theicniúil náisiúnta ar a bhfuil an cinneadh bunaithe, lena n-áirítear dáta agus uimhir an fhógra do dhréacht na rialach teicniúla sin de bhun Treoir (AE) 2015/1535;

Leasú    60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 5 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  an foras dlisteanach leasa phoiblí lena dtugtar údar cuí leis an gcinneadh;

(b)  foras dlisteanach leasa phoiblí lena dtugtar údar cuí don riail theicniúil náisiúnta is infheidhme ar a bhfuil an cinneadh riaracháin bunaithe;

Leasú    61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 5 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  an fhianaise lena léirítear gurb iomchuí an cinneadh chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú, agus nach dtéann sé thar a bhfuil gá leis d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.

(e)  an fhianaise lena léirítear gurb iomchuí an cinneadh riaracháin chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú, agus nach dtéann sé thar a bhfuil gá leis d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.

Leasú    62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  Sonrófar sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 3 na leigheasanna atá ar fáil faoin dlí atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann agus na teorainneacha ama is infheidhme maidir leis na leigheasanna sin, agus áireofar ann freisin tagairt don nós imeachta faoi Airteagal 8.

6.  Sonrófar go soiléir sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 3 na leigheasanna atá ar fáil faoin dlí atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann agus na teorainneacha ama is infheidhme maidir leis na leigheasanna sin, agus áireofar ann freisin tagairt don nós imeachta faoi Airteagal 8.

Leasú    63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Agus údarás inniúil Ballstáit ag déanamh measúnú ar earraí de bhun Airteagal 5, ní chuirfidh sé ar fionraí go sealadach cur ar fáil na n-earraí sin ar an margadh baile sa Bhallstát sin, ach amháin i gceachtar den dá chás seo a leanas:

1.  Agus údarás inniúil Ballstáit ag déanamh measúnú ar earraí de bhun Airteagal 5, ní fhéadfaidh sé cur ar fáil na n-earraí sin ar an margadh sa Bhallstát sin a chur ar fionraí go sealadach, ach amháin i gceachtar den dá chás seo a leanas:

Leasú    64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  faoi ghnáthchoinníollacha úsáide nó coinníollacha úsáide atá measartha intuartha, baineann riosca tromchúiseach leis na hearraí, lena n-áirítear riosca tromchúiseach nach mbeidh éifeachtaí láithreacha aige, ar gá don údarás inniúil idirghabháil mhear a dhéanamh dá dheasca;

(a)  faoi ghnáthchoinníollacha úsáide nó coinníollacha úsáide atá measartha intuartha, baineann riosca tromchúiseach leis na hearraí ar shábháilteacht nó ar shláinte daoine nó ar an gcomhshaol, lena n-áirítear riosca tromchúiseach nach mbeidh éifeachtaí láithreacha aige, ar gá don údarás inniúil idirghabháil mhear a dhéanamh dá dheasca;

Leasú    65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  go bhfuil toirmeasc ginearálta ann maidir leis na hearraí, nó le hearraí den chineál sin, a chur ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát sin ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí.

(b)  go bhfuil toirmeasc ginearálta ann maidir leis na hearraí, nó le hearraí den chineál sin, a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí.

Leasú    66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fógra láithreach don oibreoir eacnamaíoch ábhartha, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon fhionraí de bhun mhír 1. Tabharfar an fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11. I gcásanna a thagann faoi phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh bunús teicniúil nó eolaíoch ag gabháil leis an bhfógra lena léireofar cén fáth a meastar go dtagann an cás faoin bpointe sin.

2.  Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fógra láithreach don oibreoir eacnamaíoch ábhartha, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon fhionraí de bhun mhír 1. Tabharfar an fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11. I gcásanna a thagann faoi phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh bunús mionsonraithe teicniúil nó eolaíoch ag gabháil leis an bhfógra lena léireofar cén fáth gur riosca tromchúiseach iad na hearraí.

Leasú    67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Más beart an cinneadh riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 5 nó an fhionraí shealadach dá dtagraítear in Airteagal 6, a cheanglaítear a fhógairt trí RAPEX amhail dá dtagraítear i dTreoir 2001/95/CE maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, ní cheanglaítear fógra ar leithligh a thabhairt don Choimisiún faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

1.  Más beart an cinneadh riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 5 nó an fhionraí shealadach dá dtagraítear in Airteagal 6, a cheanglaítear a fhógairt trí RAPEX amhail dá dtagraítear i dTreoir 2001/95/CE maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, ní cheanglaítear fógra ar leithligh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

Leasú    68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tá feidhm ag an Airteagal seo más rud é, i gcás oibreoir eacnamaíoch a ndearna cinneadh riaracháin difear dó, gur chuir sé an cinneadh faoi bhráid an Ghréasáin um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT) agus, le linn an nós imeachta SOLVIT, go n-iarrann an Lárionad Baile ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt chun cabhrú leis an gcás a réiteach.

1.  Tá feidhm ag an Airteagal seo más rud é, i gcás oibreoir eacnamaíoch a ndearna cinneadh riaracháin difear dó, gur chuir sé an cinneadh faoi bhráid an Ghréasáin um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT) agus, le linn an nós imeachta SOLVIT, go n-iarrann an Lárionad Baile nó an Príomhionad ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt chun cabhrú leis an gcás a réiteach. Soláthróidh lárionaid bhaile agus príomhionaid SOLVIT mar aon leis an oibreoir eacnamaíoch gach doiciméad ábhartha a bhaineann leis an gcinneadh i ngeall don Choimisiún. Féadfaidh an Coimisiún freisin tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin.

Leasú    69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Laistigh de thrí mhí tar éis don Choimisiún an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, rachaidh sé i mbun cumarsáid leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus leis na húdaráis inniúla a rinne an cinneadh riaracháin chun comhoiriúnacht an chinnidh riaracháin le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus leis an Rialachán seo a mheas.

2.  Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, measúnú ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis arna sholáthar laistigh de nós imeachta SOLVIT chun comhoiriúnacht an chinnidh riaracháin le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus leis an Rialachán seo a mheas. Sa chás go bhfuil gá le faisnéis bhreise chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear thuas, féadfaidh an Coimisiún, gan mhoill mhíchuí, iarraidh ar an Lárionad SOLVIT ábhartha dul i mbun cumarsáid leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus leis na húdaráis inniúla.

Leasú    70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Tar éis dó a mheasúnú a chríochnú, féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint ina sainaithneofar ábhair ar cheart, ina thuairim, dul i ngleic leo sa chás SOLVIT agus, i gcás inarb iomchuí, ina ndéanfar moltaí chun cabhrú leis an gcás a réiteach.

3.  Laistigh de dhá mhí tar éis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, críochnóidh an Coimisiún a mheasúnú agus déanfaidh sé tuairim a eisiúint ina sainaithneofar ábhair ar cheart, ina thuairim, dul i ngleic leo sa chás SOLVIT agus, i gcás inarb iomchuí, ina ndéanfar moltaí chun cabhrú leis an gcás a réiteach. Ní áirítear sa tréimhse dhá mhí an t-am is gá chun an fhaisnéis agus na doiciméid bhreise a fháil mar a fhoráiltear i mír 2.

Leasú    71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Más rud é, le linn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, go gcuirtear in iúl don Choimisiún go bhfuil réiteach ar an gcás, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh gan tuairim a eisiúint.

Leasú    72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Breithneofar tuairim an Choimisiúin le linn an nós imeachta SOLVIT dá dtagraítear i mír 1.

4.  Déanfar tuairim an Choimisiúin a chur in iúl do na páirtithe uile atá rannpháirteach sa chás, chomh maith le d’údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as gníomhaíochtaí rialaithe margaidh trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11. Cuirfear an tuairim san áireamh le linn an nós imeachta SOLVIT dá dtagraítear i mír 1.

Leasú    73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Má théann oibreoirí eacnamaíocha i muinín leigheasanna náisiúnta, ní dhéanfaidh sé difear dá bhféidearthacht feidhm a bhaint as SOLVIT ná don fhéidearthacht atá ag an Lárionad Baile tuairim amhail dá dtagraítear i mír 1 a lorg.

Leasú    74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Más gá, chun an fhaisnéis a chomhlánú a sholáthraítear ar líne faoi mhír 2, soláthróidh Pointí Teagmhála do Tháirgí, ar iarraidh oibreora eacnamaíoch nó údaráis inniúil Ballstáit eile, aon fhaisnéis úsáideach, amhail cóip leictreonach de na rialacha teicniúla náisiúnta is infheidhme maidir le hearraí sonracha nó maidir le cineál sonrach earraí sa chríoch ina bhfuil an Pointe Teagmhála do Tháirgí bunaithe nó nasc leictreonach leis na rialacha sin, agus faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin faoi réir ceanglas maidir le réamhúdarú faoin dlí náisiúnta.

3.  Más gá, chun an fhaisnéis a chomhlánú a sholáthraítear ar líne faoi mhír 2, soláthróidh Pointí Teagmhála do Tháirgí, ar iarraidh oibreora eacnamaíoch nó údaráis inniúil Ballstáit eile, aon fhaisnéis úsáideach, amhail cóip leictreonach de na rialacha teicniúla náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir le hearraí sonracha nó maidir le cineál sonrach earraí sa chríoch ina bhfuil an Pointe Teagmhála do Tháirgí bunaithe nó nasc leictreonach leis na rialacha sin, agus faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin faoi réir ceanglas maidir le réamhúdarú faoin dlí náisiúnta.

Leasú    75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Chun críche mhír 1, déanfaidh an Coimisiún Grúpa Comhordaithe (an ‘Grúpa’) a bhunú. Beidh an Grúpa comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis inniúla agus Pointí Teagmhála do Tháirgí na mBallstát.

 

I measc na gcúraimí a bheidh ar an nGrúpa, áireofar:

 

(a) éascú ar mhalartú faisnéise, dea-chleachtas agus gnéithe ábhartha eile maidir le gníomhaíochtaí rialaithe i mBallstáit;

 

(b) tacú le feidhmiú na bPointí Teagmhála do Tháirgí agus a gcomhar trasteorann a fheabhsú;

 

(c) rannchuidithe agus aiseolas ón gCoimisiún a sholáthar d’aon treoir maidir le coincheap na gcúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail agus moltaí, chomh maith le dea-chleachtais chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a spreagadh;

 

(d) éascú agus comhordú a dhéanamh ar mhalartú oifigeach i measc Ballstáit, go háirithe maidir le hearnálacha a bhfuil fadhbanna ar leith leo;

 

(e) éascú agus comhordú a dhéanamh ar chláir oiliúna choiteanna a eagrú d’údaráis agus do ghnólachtaí.

Leasú    76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid údarás inniúil agus a bPointí Teagmhála do Tháirgí rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.

3.  Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi chéannacht na n-ionadaithe arna gceapadh ón mBallstát sin chuig an nGrúpa. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid údarás inniúil agus a bPointí Teagmhála do Tháirgí rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2a.

Leasú    77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Féadfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú mar thaca leis an Rialachán seo:

1.  Déanfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú mar thaca leis an Rialachán seo:

Leasú    78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  feidhmiú an chomhair idir Pointí Teagmhála do Tháirgí agus an tacaíocht theicniúil agus lóistíochta don chomhar sin;

(d)  malartú dea-chleachtais;

Leasú    79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Faoi (...), agus gach cúig bliana tar a éis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i gcoinne na gcuspóirí a shaothraítear leis agus cuirfidh sé tuarascáil air sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

1.  Faoi (...), agus gach dhá bhliain tar éis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i gcoinne na gcuspóirí a shaothraítear leis agus cuirfidh sé tuarascáil air sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Leasú    80

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 a.  Ainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch atá ag déanamh an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach

Leasú    81

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 – pointe 4.1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.1.  Comhlíonann na hearraí nó an cineál earraí a bhfuil tuairisc orthu thuas na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát atá aitheanta thíos: Teideal, i ngach cás, na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin:

4.1.  Comhlíonann na hearraí nó an cineál earraí, lena n-áirítear a dtréithe, a bhfuil tuairisc orthu thuas na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát atá aitheanta thíos: Teideal, i ngach cás, na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin:

  • [1]    IO C …

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá an margadh aonair sin ar cheann de na nithe is tábhachtaí atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Tá sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh margadh aonair atá níos doimhne agus níos cothroime a bhaint amach, chomh maith leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair a chur chun feidhme. Tá an tsaorghluaiseacht earraí ar an tsaoirse bhunúsach is forbartha agus gineann sí thart ar 25 % de OTI AE agus 75 % den trádáil laistigh de AE. Níl an margadh aonair d’earraí críochnaithe go fóill, áfach. Más rud é nach bhfuil aon rialacha coitianta ar an margadh aonair amhail do tháirgí nach dtagann faoi rialacha comhchuibhithe AE maidir le sábháilteacht táirgí nó nach dtagann faoi na rialacha sin ach i bpáirt, ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Ní leor an creat reatha áfach chun a áirithiú go bhfuil prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh á chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go héifeachtach.

Dá bhrí sin, i gClár Oibre 2017 an Choimisiúin, d’fhógair an Coimisiún togra don ‘Phacáiste um Earraí’ a dhéanfaidh athrú agus éascú cuimsitheach ar úsáid an aitheantais fhrithpháirtigh sa Margadh Aonair, ag dul i ngleic dá réir leis na laigí seo ar mhaithe le feidhmiú níos fearr an mhargaidh aonair le haghaidh earraí.

Le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ceanglaítear nár cheart earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin a thoirmeasc i mBallstát eile, mura rud é go bhfuil cúiseanna réasúnaithe ag an mBallstát sin i dtaobh an díol a thoirmeasc nó a shrianadh. Tá feidhm ag aitheantas frithpháirteach maidir le táirgí nach bhfuil faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, nó nach gcumhdaítear ach go páirteach leis an reachtaíocht sin, amhail réimse leathan táirgí tomhaltóirí (teicstílí, coisbheart, earraí cúraim leanaí, seodra, earraí boird nó troscán).

Ba cheart leis an rialachán aitheantais fhrithpháirtigh nua go ndéanfaí soiléiriú agus simpliú ar na nósanna imeachta is gá do ghnólachtaí agus d’údaráis náisiúnta a leanúint agus ba cheart go bhfeabhsófaí feidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh.

Níor cheart rochtain margaidh bunaithe ar aitheantas frithpháirteach a dhiúltú ach amháin má tá leas poiblí dlisteanach comhréireach i gceist. Ina theannta sin, is gá soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme an aitheantais fhrithpháirtigh agus a shainiú go soiléir cén uair is infheidhme é, chun cur leis an deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí agus d’údaráis náisiúnta i dtaobh conas is féidir leas a bhaint as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Maidir leis an dearbhú deonach um aitheantas frithpháirteach a bheidh le comhlánú ag oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart go gcuideodh sé le gnólachtaí a léiriú go gcomhlíonann a dtáirge ceanglais Bhallstáit eile cheana, go gcuirfeadh sé na húdaráis ar a suaimhneas agus go n-éascódh sé comhar trasteorann. Trí fhéindearbhú a thabhairt isteach chun éascú dá léiriú go bhfuil táirge ar an margadh go dleathach cheana féin cuirfear leis an deimhneacht dhlíthiúil i dtaobh chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus éascófar dá chur i bhfeidhm ag gnólachtaí.

Trí chomhar riaracháin a bhunú cuirfear feabhas ar chumarsáid agus muinín i measc údaráis náisiúnta, agus ar an gcaoi sin éascófar feidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh. Ní dhéanann siad siúd atá rannpháirteach in aitheantas frithpháirteach cumarsáid leormhaith le chéile. Is minic gur mar gheall go bhfuil cumhachtaí agus freagrachtaí do rialacháin shonracha scaipthe a tharlaíonn sé seo, rud a chruthaíonn deacrachtaí maidir leis na cúrsaí seo — a bhíonn an-teicniúil go minic — a threorú. Dá bhrí sin, ba cheart na Pointí Teagmhála do Tháirgí a neartú mar an cainéal cumarsáide d’aitheantas frithpháirteach.

Molann an Rapóirtéir an comhar trasteorann a fheabhsú trí Ghrúpa Comhordúcháin a bhunú comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis inniúla agus ó Phointí Teagmhála do Tháirgí na mBallstát.

Leis an togra aitheantais fhrithpháirtigh nua tugtar isteach sásra réitigh fadhbanna freisin chun réitigh éifeachtacha a sholáthar agus muinín san aitheantas frithpháirteach a athbhunú. Ba cheart an sásra SOLVIT atá ann cheana a úsáid mar an príomhnós imeachta réitigh fadhbanna. Seirbhís is ea SOLVIT a sholáthraíonn an riarachán náisiúnta i ngach Ballstát den Aontas Eorpach. Cabhraíonn sé le gnólachtaí sa chás ina sáraíonn údaráis náisiúnta i mBallstát eile den Aontas Eorpach a gcearta, trí dhíriú ar réiteach a aimsiú. Ar an gcaoi sin, féadfaidh gnólachtaí leas a bhaint as SOLVIT, mar rogha eile seachas imeachtaí cúirte, agus iad ag tabhairt aghaidh ar chinneadh náisiúnta lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh ar bhonn phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Ba cheart don togra an leibhéal Eorpach agus ról an Choimisiúin Eorpaigh san aitheantas frithpháirteach a neartú trí oibleagáid a chur ar an gCoimisiún Eorpach tuairim a eisiúint maidir le cásanna arna gcur i láthair gréasáin SOLVIT. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún Eorpach a bheith i gcomhar níos dlúithe le tíortha agus earnálacha sonracha chun go n-oibreoidh aitheantas frithpháirteach. Ba cheart don Choimisiún measúnú breise a dhéanamh freisin ar an tairbhe a d’fhéadfadh a bheith ann do ghnólachtaí agus d’údaráis náisiúnta trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar an liosta táirgí atá ann cheana d’aitheantas frithpháirteach agus treoir a sholáthar maidir le conas prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm. Ar deireadh, ba cheart do Bhallstáit leanúint d'fhoráil sonrach a dhéanamh d’aitheantas frithpháirteach ina rialacha náisiúnta teicniúla, ach ba cheart dóibh sin a dhéanamh ar bhealach sothuigthe. Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir do na Ballstáit ‘clásal margaidh aonair’ soiléir agus gan débhrí a chur isteach i rialacháin náisiúnta theicniúla, agus treoir shonrach maidir lena úsáid a fhorbairt.

Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh an togra agus creideann go ndéanfaidh an feabhas ar an gcóras aitheantais fhrithpháirtigh ar earraí na nósanna imeachta a shimpliú do ghnólachtaí agus d’údaráis náisiúnta agus go laghdóidh sé na hualaí riaracháin do ghnólachtaí ag cur ar a gcumas tairbhe a bhaint as saorghluaiseacht earraí i Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh.

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Aitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile

Tagairtí

COM(2017)0796 – C8-0005/2018 – 2017/0354(COD)

Dáta tíolactha chun PE

20.12.2017

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

5.2.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

5.2.2018

JURI

5.2.2018

 

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

ITRE

23.1.2018

JURI

24.1.2018

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Ivan Štefanec

23.1.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

22.1.2018

16.5.2018

18.6.2018

11.7.2018

Dáta an ghlactha

3.9.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

31

1

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

John Stuart Agnew, Pascal Arimont, Daniel Dalton, Nicola Danti, Pascal Durand, Maria Grapini, Liisa Jaakonsaari, Philippe Juvin, Antonio López-Istúriz White, Morten Løkkegaard, Eva Maydell, Nosheena Mobarik, Marcus Pretzell, Virginie Rozière, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Olga Sehnalová, Jasenko Selimovic, Igor Šoltes, Ivan Štefanec, Catherine Stihler, Róża Gräfin von Thun und Hohenstein, Mylène Troszczynski, Anneleen Van Bossuyt, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Birgit Collin-Langen, Roberta Metsola, Adam Szejnfeld, Sabine Verheyen, Kerstin Westphal

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Isabella De Monte, Michael Detjen, Michaela Šojdrová

Dáta don chur síos

6.9.2018

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

31

+

ALDE

Morten Løkkegaard, Jasenko Selimovic

ECR

Daniel Dalton, Nosheena Mobarik, Anneleen Van Bossuyt

EFDD

Marco Zullo

ENF

Mylène Troszczynski

PPE

Pascal Arimont, Birgit Collin-Langen, Philippe Juvin, Antonio López-Istúriz White, Eva Maydell, Roberta Metsola, Andreas Schwab, Michaela Šojdrová, Ivan Štefanec, Adam Szejnfeld, Róża Gräfin von Thun und Hohenstein, Sabine Verheyen

S&D

Nicola Danti, Isabella De Monte, Michael Detjen, Maria Grapini, Liisa Jaakonsaari, Virginie Rozière, Christel Schaldemose, Olga Sehnalová, Catherine Stihler, Kerstin Westphal

VERTS/ALE

Pascal Durand, Igor Šoltes

1

-

EFDD

John Stuart Agnew

1

0

ENF

Marcus Pretzell

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 20 Meán Fómhair 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais