TUARASCÁIL ar an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le tabhairt chun críche an Chomhaontaithe Comhair idir Eurojust agus an Albáin ag Eurojust a fhormheas
5.9.2018 - (08688/2018 – C8‑0251/2018 – 2018/0807(CNS)) - *
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Laura Ferrara
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le tabhairt chun críche an Chomhaontaithe Comhair idir Eurojust agus an Albáin ag Eurojust a fhormheas
(08688/2018 – C8‑0251/2018 – 2018/0807(CNS))
(An gnáthnós imeachta reachtach – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréacht ón gComhairle (08688/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 39(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar a leasaítear le Conradh Amstardam, agus d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8-0251/2018),
– ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0275/2018),
1. ag formheas an dréacht ón gComhairle;
2. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Is den tsamhail chéanna é an comhaontú Comhair idir Eurojust agus an Albáin agus comhaontuithe cosúla eile arna dtabhairt i gcrích ag Eurojust roimhe seo (mar shampla, Eurojust-Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, Eurojust-SAM, Eurojust-an Iorua, Eurojust-an Eilvéis, etc.). Is é is cuspóir le comhaontuithe den chineál sin ná comhar a chothú i dtaca le coireacht thromchúiseach, go háirithe coireacht eagraithe agus sceimhlitheoireacht, a chomhrac. Foráiltear leo, inter alia, d’oifigigh idirchaidrimh, pointí teagmhála agus malartú faisnéise. Tá comhaontuithe comhair den sórt sin bunaithe ar Airteagal 26a(2) de Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lenar bunaíodh Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a athneartú. Dar leis na Náisiún Aontaithe agus Europol, tá na grúpaí coiriúla ón Albáin chun cinn go hidirnáisiúnta i dtaca le hearóin, cócaon, agus cannabas a gháinneáil (tuarascáil 2017 Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta; féach freisin an Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe san Aontas Eorpach, 2017). Agus dar le Roinn Stáit SAM, mar shampla, is ábhar imní fós í an choireacht eagraithe d’fhormhór mhuintir na hAlbáine mar a bhfuil líonra d’eagraíochtaí coiriúla bainteach le gáinneáil ar dhrugaí, sracadh, breabaireacht, sciúradh airgid, striapachas, agus gáinneáil ar dhaoine. Dá bhrí sin, féadfaidh comhaontú den sórt sin an comhrac i gcoinne na coireachta sin a chothú agus is chun leas na hAlbáine agus Bhallstáit AE é mar is fadhb thrasnáisiúnta í an choireacht eagraithe.
Mar aon leis sin, is tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas í an Albáin ó 2014. De réir thuarascáil 2018 ón gCoimisiún (SWD(2018 151 final) i dtaca leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe “i bhfianaise moltaí a rinneadh cheana, rinneadh roinnt dul chun cinn maidir le reachtaíocht ábhartha a ailíniú le caighdeáin agus dea-chleachtais Eorpacha. Ghlac an Albáin le leasuithe ar an Dlí i gcoinne an Mhaifia agus ar an gCód Nós Imeachta Choiriúil chun imscrúduithe coiriúla a dhéanamh níos éifeachtaí. Rinneadh roinnt dul chun cinn freisin i dtaca le sócmhainní coiriúla a choigistiú, a bhain le hurghabhálacha coisctheacha den chuid is mó. Tá dlús curtha le comhar idirnáisiúnta póilíneachta, go háirithe le Ballstáit AE. Is gá comhar idir na póilíní, ionchúisitheoirí agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha eile a fheabhsú. Is gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun dul i ngleic le sciúradh airgid, sócmhainní coiriúla agus rachmas gan údar maith”. I bhfianaise an méid thuas, is céim thábhachtach bhreise é an Comhaontú Comhair le Eurojust maidir le feabhsú breise san Albáin sa réimse thuasluaite. Ba cheart a lua freisin gur síníodh comhaontú um chomhar póilíneachta cheana idir an Albáin agus Europol an 9 Nollaig 2013, maidir le Comhar Oibríochtúil agus Straitéiseach.
I gcomhréir leis an gCinneadh Eurojust reatha, ní féidir comhaontuithe comhair den sórt sin idir Eurojust agus tríú tíortha ina bhfuil forálacha maidir le malartú sonraí pearsanta a thabhairt chun críche ach amháin má tá an t-eintiteas lena mbaineann faoi réir Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 nó tar éis measúnú a bheith déanta a dhearbhaíonn gurb ann do leibhéal cosanta sonraí leordhóthanach arna áirithiú ag an eintiteas. Sa chaoi sin, caithfear a chur chun suntais gur dhaingnigh an Albáin an Coinbhinsiún réamhluaite in 2005 mar aon le prótacal Breise 2001 a ghabhann leis. Thug Comhchomhlacht Maoirseachta Eurojust tuairim dhearfach le fios i dtaca leis sin freisin an 17 Iúil 2017. Leis an Rialachán Eurojust nua (2013/0256(COD)) atá beartaithe, atá ag céim an ghlactha deiridh i ndiaidh do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle teacht ar chomhaontú i mí an Mheithimh 2018, foráiltear don fhéidearthacht do chomhaontuithe den sórt sin, ina mbíonn comhaontuithe den chineál sin ar na mbunúis fhéideartha le sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú, inar gháprionsabail ghinearálta maidir le haistrithe sonraí pearsanta oibríochtúla chuig tríú tíortha a urramú (féach chuige sin Airteagal 38 agus Airteagal 43 den leagan comhdhlúite sealadach den rialachán thuasluaite). Ciallaíonn sé sin, ón uair a thagann an Rialachán nua i bhfeidhm agus gur gá é a chur i bhfeidhm, gur gá na comhaontuithe comhair maidir le haistrithe sonraí pearsanta thuasluaite, lena n-áirítear an comhaontú reatha, a bheith i gcomhréir leis.
Dá thoradh sin, de bharr na nithe uile thuas, formhuiníonn an Rapóirtéir an dréacht-chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir leis an dréacht-Chomhaontú Comhair idir Eurojust agus Poblacht na hAlbáine.
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Cinneadh lena ndéantar tabhairt chun críche an Chomhaontaithe Comhair idir Eurojust agus an Albáin ag Eurojust a fhormheas |
||||
Tagairtí |
08688/2018 – C8-0251/2018 – 2018/0807(CNS) |
||||
Dáta a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint |
4.6.2018 |
|
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 11.6.2018 |
|
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
JURI 11.6.2018 |
|
|
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
JURI 9.7.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Laura Ferrara 9.7.2018 |
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
30.8.2018 |
3.9.2018 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
3.9.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
34 1 3 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Asim Ademov, Monika Beňová, Caterina Chinnici, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Romeo Franz, Ana Gomes, Dietmar Köster, Barbara Kudrycka, Cécile Kashetu Kyenge, Juan Fernando López Aguilar, Roberta Metsola, Claude Moraes, Péter Niedermüller, Judith Sargentini, Giancarlo Scottà, Birgit Sippel, Csaba Sógor, Sergei Stanishev, Helga Stevens, Bodil Valero, Josef Weidenholzer, Cecilia Wikström, Kristina Winberg, Auke Zijlstra |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Dennis de Jong, Gérard Deprez, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Jean Lambert, Jeroen Lenaers, Nuno Melo, Emil Radev, Barbara Spinelli, Jaromír Štětina |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Françoise Grossetête, Nadja Hirsch, Peter Kouroumbashev, Vladimir Urutchev |
||||
Dáta don chur síos |
6.9.2018 |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH
34 |
+ |
|
ALDE |
Gérard Deprez, Nadja Hirsch, Cecilia Wikström |
|
ECR |
Helga Stevens, Kristina Winberg |
|
EFDD |
Laura Ferrara |
|
ENF |
Giancarlo Scottà |
|
PPE |
Asim Ademov, Françoise Grossetête, Barbara Kudrycka, Jeroen Lenaers, Nuno Melo, Roberta Metsola, Emil Radev, Csaba Sógor, Jaromír Štětina, Vladimir Urutchev |
|
S&D |
Monika Beňová, Caterina Chinnici, Ana Gomes, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Dietmar Köster, Peter Kouroumbashev, Cécile Kashetu Kyenge, Juan Fernando López Aguilar, Claude Moraes, Péter Niedermüller, Birgit Sippel, Sergei Stanishev, Josef Weidenholzer |
|
VERTS/ALE |
Romeo Franz, Jean Lambert, Judith Sargentini, Bodil Valero |
|
1 |
- |
|
ENF |
Auke Zijlstra |
|
3 |
0 |
|
GUE/NGL |
Cornelia Ernst, Dennis de Jong, Barbara Spinelli |
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh