ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) Uimh. 528/2012, (AE) Uimh. 2016/424, (AE) Uimh. 2016/425, (AE) Uimh. 2016/426 agus (AE) Uimh. 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha 2004/42/CE, 2009/48/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2013/53/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, 2014/68/AE agus 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(COM(2017)0795 – C8-0004/2018 – 2017/0353(COD))
An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) Uimh. 528/2012, (AE) Uimh. 2016/424, (AE) Uimh. 2016/425, (AE) Uimh. 2016/426 agus (AE) Uimh. 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha 2004/42/CE, 2009/48/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2013/53/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, 2014/68/AE agus 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2017)0795),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagail 33, 114 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0004/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Bealtaine 2018(1),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0277/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(1) Chun saorghluaiseacht táirgí laistigh den Aontas a ráthú, is gá a áirithiú go gcomhlíonann táirgí ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht i gcoitinne, an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil agus an tslándáil phoiblí. Tá forfheidhmiú láidir na gceanglas sin bunriachtanach chun na leasanna sin a chosaint agus chun na dálaí a chruthú inar féidir borradh a theacht faoin iomaíocht chóir i margadh earraí an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, an forfheidhmiú seo a áirithiú sa mhargadh inmheánach trí chéile, lena n-áirítear maidir le táirgí atá ag teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha.
(1) Chun saorghluaiseacht táirgí laistigh den Aontas a ráthú, is gá a áirithiú go gcomhlíonann táirgí reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais go hiomlán agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonann siad ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht i gcoitinne, an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil agus an tslándáil phoiblí. Tá forfheidhmiú láidir na gceanglas sin bunriachtanach chun na leasanna sin a chosaint go cuí agus chun na dálaí a chruthú inar féidir borradh a theacht faoin iomaíocht chóir i margadh earraí an Aontais. Dá bhrí sin, is gá rialacha chun an forfheidhmiú sin a áirithiú sa mhargadh inmheánach trí chéile, gan beann ar tháirgí a bheith á gcur ar an margadh inmheánach ar mhodhanna traidisiúnta nó leictreonacha agus gan beann ar iad a bheith á dtáirgeadh san Aontas, nó a bheith ag teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(1a) Le rialacha an Aontais maidir le táirgí, cumhdaítear sciar mór de tháirgí monaraithe san Aontas. De dheasca líon méadaitheach na dtáirgí neamhdhleathacha agus neamhchomhlíontacha ar an margadh, cuirtear saoránaigh a nochtar do tháirgí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach i mbaol, baintear an bonn ó na caighdeáin Eorpacha saothair, sláinte agus chomhshaoil, déantar iomaíocht a shaobhadh, agus is minic go dtuigtear as go bhfuil reachtaíocht eile de chuid an Aontais á sárú. Go háirithe, bíonn ar oibreoirí eacnamaíocha a dhíolann táirgí comhlíontacha dul i ngleic le hiomaíocht shaofa ó na hoibreoirí sin nach mbíonn chomh géar sin, nó a sháraíonn na rialacha d’aon ghnó d’fhonn buntáiste iomaíoch a fháil.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(2) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí’24 aithníodh mar thosaíocht an Margadh Aonair d'earraí a neartú trí tuilleadh iarrachta a dhéanamh le cosc a chur le táirgí neamhchomhlíontacha a chur ar mhargadh an Aontais. Ba cheart é seo a bhaint amach trí fhaireachas margaidh a neartú, na dreasachtaí cearta a thabhairt d'oibreoirí eacnamaíocha, na rialuithe comhlíonta a dhéanamh níos déine agus comhar trasteorann níos dlúithe idir údaráis forfheidhmiúcháin a chur chun cinn, lena n-áirítear comhar le húdaráis custaim.
(2) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí’24sainaithníodh mar thosaíocht an Margadh Aonair d’earraí a neartú trína thuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun cosc a chur le táirgí neamhchomhlíontacha a chur ar mhargadh an Aontais. Ba cheart é seo a bhaint amach trí fhaireachas margaidh a neartú, rialacha soiléire, trédhearcacha agus cuimsitheacha a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha, na rialuithe comhlíonta a dhéanamh níos déine agus comhar trasteorann níos dlúithe idir údaráis forfheidhmiúcháin a chur chun cinn, lena n-áirítear comhar le húdaráis chustaim.
__________________
__________________
24 COM(2015) 550 final an 28 Deireadh Fómhair 2015.
24 COM(2015) 550 final an 28 Deireadh Fómhair 2015.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(3) Ba cheart an creat faireachais margaidh a neartú, d'fhonn comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí a fheabhsú a thuilleadh.
(3) Ní leor forfheidhmiú na rialacha maidir le faireachas margaidh faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart an creat faireachais margaidh a neartú, d’fhonn comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí a fheabhsú a thuilleadh.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(4) I dTreoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25 leagtar síos na ceanglais sábháilteachta ginearálta atá ar gach táirge tomhaltais agus foráiltear maidir le hoibleagáidí agus cumhachtaí sonracha de chuid na mBallstát maidir le táirgí contúirteacha mar aon le malartú faisnéise chuige sin trí Chóras Mear-Rabhaidh an Aontais um tháirgí neamhbhia contúirteacha (RAPEX). Ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh na bearta is sonraí atá ar fáil dóibh faoin Treoir sin a ghlacadh. Chun leibhéal níos airde sábháilteachta a bhaint amach do tháirgí tomhaltais, ba cheart cur leis na sásraí um malartú faisnéise agus um idirghabháil mhear dá bhforáiltear i dTreoir 2001/95/CE agus a neartaítear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26 chun iad a dhéanamh níos éifeachtaí.
(4) I dTreoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25 leagtar síos na ceanglais sábháilteachta ginearálta atá ar gach táirge tomhaltais agus déantar foráil maidir le hoibleagáidí agus cumhachtaí sonracha de chuid na mBallstát maidir le táirgí contúirteacha mar aon le malartú faisnéise chuige sin trí Chóras Mear-Rabhaidh an Aontais um tháirgí neamhbhia contúirteacha (RAPEX). Ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh na bearta is sonraí atá ar fáil dóibh faoin Treoir sin a ghlacadh. Chun leibhéal níos airde sábháilteachta, cáilíochta agus iontaofachta a bhaint amach do tháirgí tomhaltais, ba cheart cur leis na sásraí um malartú faisnéise agus um idirghabháil mhear dá bhforáiltear i dTreoir 2001/95/CE agus a neartaítear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26 chun iad a dhéanamh níos éifeachtaí.
__________________
__________________
25 Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
25 Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
26 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
26 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(5) Leis an Rialachán seo ba cheart táirgí a chumhdach atá faoi réir na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn. Leis an reachtaíocht a liostaítear san Iarscríbhinn ba cheart an reachtaíocht comhchuibhithe uile de chuid an Aontais a chumhdach a bhaineann le táirgí monaraithe seachas bia, beatha, táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena n-úsáid sa tréidliacht, plandaí beo agus ainmhithe beo, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo. Áiritheoidh seo creat aonfhoirmeach d’fhaireachas margaidh ar na táirgí sin ag leibhéal an Aontais. Tá roinnt ionstraimí reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais i leith táirgí atá le leasú dá thoradh sin, go háirithe chun tagairtí d’fhorálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a bhaint. Má ghlactar le reachtaíocht comhchuibhithe nua de chuid an Aontais amach anseo, beidh foráil le déanamh sa reachtaíocht sin maidir le feidhm a bheith ag an rialachán seo maidir leis an reachtaíocht sin.
(5) Leis an Rialachán seo ba cheart táirgí a chumhdach atá faoi réir reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn. Leis an reachtaíocht a liostaítear san Iarscríbhinn ba cheart reachtaíocht comhchuibhithe uile an Aontais a chumhdach a bhaineann le táirgí monaraithe seachas bia, beatha, táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena n-úsáid sa tréidliacht, plandaí beo agus ainmhithe beo, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo. Áiritheoidh seo creat aonfhoirmeach d’fhaireachas margaidh ar na táirgí sin ar leibhéal an Aontais agus cuideoidh sé le muinín tomhaltóirí i dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a mhéadú.Is gá roinnt ionstraimí de chuid reachtaíocht▌ comhchuibhithe ▌an Aontais maidir le táirgí a leasú dá thoradh sin, go háirithe chun tagairtí d’fhorálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a bhaint. Má ghlactar ▌reachtaíocht comhchuibhithe nua de chuid an Aontais amach anseo, beidh foráil le déanamh sa reachtaíocht sin maidir le feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an reachtaíocht sin.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(7) Braitheann sábháilteacht na dtomhaltóirí go mór ar fhorfheidhmiú gníomhach na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais i leith táirgí lena bhforáiltear maidir le ceanglais sábháilteachta. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach bearta forfheidhmiúcháin a neartú. Ba cheart na bearta seo a fheabhsú go leanúnach agus ba cheart iad a dhéanamh níos éifeachtaí i gcónaí chun tabhairt faoi dhúshláin reatha an mhargaidh dhomhanda agus an tslabhra soláthair a bhfuil ag méadú ar a gcastacht.
(7) Braitheann sábháilteacht na dtomhaltóirí go mór ar fhorfheidhmiú gníomhach reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí lena ndéantar foráil maidir le ceanglais sábháilteachta. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach bearta forfheidhmiúcháin a neartú, lena n-áirítear maidir le táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne d’úsáideoirí deiridh laistigh den Aontas. Ba cheart na bearta sin a fheabhsú go leanúnach agus ba cheart iad a dhéanamh níos éifeachtaí i gcónaí chun tabhairt faoi dhúshláin reatha an mhargaidh dhomhanda agus an tslabhra soláthair a bhfuil ag méadú ar a chastacht.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(9) Ba cheart an fhreagracht as reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a fhorfheidhmiú a bheith ar na Ballstáit agus ba cheart ceangal a bheith ar a n-údaráis faireachais margaidh a áirithiú go gcomhlíontar an reachtaíocht go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit, mar sin, cineálacha cur chuige sistéamacha a chur ar bun le héifeachtacht an fhaireachais margaidh agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin eile a áirithiú.
(9) Ba cheart an fhreagracht as reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a fhorfheidhmiú a bheith ar na Ballstáit agus ba cheart ceangal a bheith ar a n-údaráis faireachais margaidh a áirithiú go gcomhlíontar an reachtaíocht go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit, mar sin, cur chuige córasach comhchuibhithe a chur ar bun chun éifeachtacht an fhaireachais margaidh agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin eile a áirithiú. I dtaca leis sin, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar a n-údaráis faireachais margaidh chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(9a) Chun cuidiú le húdaráis faireachais margaidh a áirithiú go bhfuil an Rialachán seo á chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus chun a mheas an gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo, ba cheart córas athbhreithnithe piaraí a bhunú.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(13) Ina theannta sin, tá an ríomhthráchtáil tagtha chun cinn, cuid mhór, mar gheall ar iomadú sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise, trí ardáin agus ar íocaíocht de ghnáth, a thairgeann seirbhísí idirghabhálacha trí inneachar tríú páirtí a stóráil, ach gan aon smacht a bheith acu ar an inneachar sin, sa dóigh nach bhfuil siad ag gníomhú thar ceann an oibreora eacnamaíoch. Má bhaintear inneachair a bhaineann le táirgí neamhchomhlíontacha nó, mura féidir sin, má chuirtear bac ar rochtain ar tháirgí neamhchomhlíontacha a thairgtear trína seirbhísí, ba cheart sin a bheith gan dochar do na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55. Go háirithe, níor cheart aon oibleagáid ghinearálta a chur ar sholáthraithe seirbhíse faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann siad nó a stórálann siad, ná níor cheart oibleagáid ghinearálta a chur orthu fíricí nó tosca a lorg go gníomhach a léireodh gníomhaíocht mhídhleathach. Thairis sin, níor cheart soláthraithe seirbhíse óstála a chur faoi dhliteanas fad is nach bhfuil eolas iarbhír acu ar ghníomhaíocht mhídhleathach nó ar fhaisnéis mhídhleathach agus nach bhfuil siad ar an eolas faoi na fíricí nó faoi na tosca a léiríonn an ghníomhaíocht mhídhleathach nó an fhaisnéis mhídhleathach.
(13) Ina theannta sin, tá an ríomhthráchtáil tagtha chun cinn, cuid mhór, mar gheall ar iomadú sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise, trí ardáin agus ar íocaíocht de ghnáth, a thairgeann seirbhísí idirghabhálacha trí inneachar tríú páirtí a stóráil, ach gan aon smacht a bheith acu ar an inneachar sin, sa dóigh nach bhfuil siad ag gníomhú thar ceann an oibreora eacnamaíoch. Má bhaintear inneachar a bhaineann le táirgí neamhchomhlíontacha nó, i gcás nach féidir sin, má chuirtear bac ar rochtain ar tháirgí neamhchomhlíontacha a thairgtear trína seirbhísí, ba cheart sin a bheith gan dochar do na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55,ag cur san áireamh ag an am céanna Mholadh (AE) Uimh. 2018/334 ón gCoimisiúnan 1 Márta 2018 maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hinneachar mídhleathach ar líne.
__________________
__________________
55 Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (Treoir um thráchtáil leictreonach) (IO L 178, 17.07.2000, lch. 1).
55 Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (Treoir um thráchtáil leictreonach) (IO L 178, 17.07.2000, lch. 1).
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(13a) Cé nach ndéileáiltear le cosaint na gceart maoine intleachtúla sa Rialachán seo, ba cheart a choinneáil san áireamh dá ainneoin sin gur minic nach gcomhlíonann táirgí góchumtha na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, gur rioscaí tromchúiseacha na táirgí góchumtha do shláinte agus do shábháilteacht úsáideoirí deiridh, go saobhann siad iomaíocht, go gcuireann siad leas an phobail i mbaol agus go dtacaíonn siad le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit leanúint de bhearta éifeachtacha a dhéanamh chun teacht isteach táirgí góchumtha i margadh an Aontais a chosc de bhun Rialachán (AE) Uimh. 608/2013. Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart go mbeadh údaráis chustaim in ann úsáid a bhaint as a gcuid saineolais agus faisnéise ábhartha maidir le rioscaí, a bhaineann le táirgí a sháraíonn cearta maoine intleachtúla, agus chomh maith leis sin, chun críche faireachas margaidh éifeachtach a dhéanamh ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais de bhun an Rialacháin seo.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(14) Ba cheart a áirithiú le margadh aonair níos córa dálaí cothroma iomaíochta do na oibreoirí eacnamaíocha uile agus cosaint ar iomaíocht éagórach. Chun na críche sin, is gá forfheidhmiú neartaithe maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí. Tá an comhar maith idir monaróirí agus na húdaráis faireachais margaidh ina eilimint ríthábhachtach a fhágann gur féidir idirghabháil agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh láithreach i dtaobh an táirge. Tá sé tábhachtach duine teagmhála a bheith bunaithe san Aontas ionas go bhfuil duine ann a bhféadann na húdaráis faireachais margaidh ceisteanna a chur air maidir le táirge reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a chomhlíonadh. Is é ba cheart a bheith sa duine atá freagrach as an bhfaisnéis sin faoi chomhlíonadh a sholáthar, an monaróir, nó an t-allmhaireoir, nó duine eile arna ainmniú ag an monaróir chuige sin, oibreoir eacnamaíoch eile mar shampla. Tá ról an duine bunaithe san Aontas atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh bunriachtanach chun teagmhálaí atá bunaithe san Aontas a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh, agus chun tabhairt faoi shainchúraimí go prapúil lena áirithiú go gcomhlíonann na táirgí ceanglais reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, ar mhaithe le tomhaltóirí, le hoibrithe agus le gnólachtaí taobh istigh den Aontas. Na forálacha den Rialachán seo lean gceanglaítear duine bunaithe san Aontas a bheith ann a bheidh freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh, níor cheart feidhm a bheith acu i gcás ina mbainfí an toradh céanna amach trí cheanglais shonracha a leagtar amach in ionstraimí áirithe dlí maidir le táirgí, mar atá Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2017/745 agus Airteagal 15 de Rialachán 2017/746.
(14) Ba cheart a áirithiú le margadh aonair níos córa dálaí cothroma iomaíochta do na hoibreoirí eacnamaíocha uile agus cosaint ar iomaíocht éagórach. Chun na críche sin, is gá forfheidhmiú neartaithe maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí. Tá an comhar maith idir monaróirí agus na húdaráis faireachais margaidh ina ghné ríthábhachtach a fhágann gur féidir idirghabháil agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh láithreach i dtaobh an táirge. Tá sé tábhachtach duine tagartha a bheith bunaithe san Aontas ionas go mbeidh duine ann a bhféadann na húdaráis faireachais margaidh ceisteanna a chur air maidir le comhlíonadh reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais ag táirge, agus ar féidir leis gníomhú chun cásanna maidir le neamhchomhlíonadh a réiteach. Is é ba cheart a bheith sa duine tagartha ná an monaróir, an t-allmhaireoir, nuair nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, nó ionadaí údaraithe arna ainmniú ag an monaróir chun na críche sin.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(14a) Cruthaíonn forbairt na ríomhthráchtála dúshláin áirithe d’údaráis faireachais margaidh i dtaca le comhlíonadh na dtáirgí arna ndíol ar líne a áirithiú agus maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Tá méadú ag teacht ar líon na n-oibreoirí eacnamaíocha a thairgeann táirgí go díreach do thomhaltóirí trí mhodhanna leictreonacha. Dá bhrí sin, tá ról an duine tagartha bunriachtanach chun teagmhálaí atá bunaithe san Aontas a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh, agus chun tabhairt faoi shainchúraimí in am trátha chun a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí na ceanglais i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, ar mhaithe le tomhaltóirí, oibrithe agus gnólachtaí laistigh den Aontas. Chun an bhearna atá ann cheana a líonadh agus chun a áirithiú go bhfuil duine tagartha bunaithe san Aontas i gcónaí i ndáil leis an táirge, ba cheart don mhonaróir atá bunaithe lasmuigh den Aontas, i gcás nach ann d’allmhaireoir, ionadaí údaraithe a ainmniú, a mbeadh oibleagáidí an duine tagartha air maidir le húdaráis faireachais margaidh.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(14b) Ba cheart oibleagáidí an duine tagartha a bheith gan dochar do na hoibleagáidí agus na freagrachtaí atá ar an monaróir, ar an allmhaireoir agus ar an ionadaí údaraithe cheana faoi reachtaíocht comhchuibhithe ábhartha an Aontais. Na forálacha den Rialachán seo lena gceanglaítear duine tagartha a bheith bunaithe san Aontas, níor cheart feidhm a bheith acu i gcás ina mbainfí an toradh céanna amach trí cheanglais shonracha a leagtar amach in ionstraimí áirithe dlí maidir le táirgí, mar atá Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/745 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/746.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(15) Ba cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha le faisnéis faoin reachtaíocht comhchuibhithe de chuid an Aontais atá infheidhme trí na Pointí Teagmhála do Tháirgí a bhunaítear faoi Rialachán (AE) [Tagairt do Rialachán nua um aitheantas frithpháirteach le cur isteach]56, nó le treoir maidir leis an reachtaíocht comhchuibhithe de chuid an Aontais atá infheidhme, ón údarás faireachais margaidh faoi chuimsiú socruithe comhpháirtíochta um chomhlíonadh. Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann tógáil ar an gcomhar atá ann cheana le páirtithe leasmhara agus ba cheart cead a bheith acu meabhráin tuisceana a thabhairt i gcrích le páirtithe leasmhara, d’fhonn an comhlíonadh a chur chun cinn nó an neamhchomhlíonadh a aithint maidir le catagóirí táirgí laistigh de limistéar geografach.
(15) Ba cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha le faisnéis faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais is infheidhme trí na Pointí Teagmhála do Tháirgí a bhunaítear faoi Rialachán (AE) [Tagairt do Rialachán nua um aitheantas frithpháirteach le cur isteach]56. Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann cur leis an gcomhar atá ann cheana le geallsealbhóirí agus ba cheart cead a bheith acu meabhráin tuisceana a thabhairt i gcrích le geallsealbhóirí, d’fhonn feasacht a ardú, comhairle agus treoir a sholáthar, gníomhaíochtaí deonacha a chur chun cinn, an comhlíonadh a chur chun cinn nó an neamhchomhlíonadh a shainaithint maidir le catagóirí táirgí laistigh de limistéar geografach ar leith, lena n-áirítear táirgí a thairgtear trí mhodhanna leictreonacha.
__________________
__________________
56 Rialachán (AE) […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … (IO L, , lch. )
56 Rialachán (AE) […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … (IO L, , lch. )
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(16a) Tá dúshláin áirithe ag baint le forbairt na ríomhthráchtála maidir le cosaint shláinte agus shábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh ar tháirgí neamhchomhlíontacha. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit eagrú éifeachtach a gcuid gníomhaíochtaí faireachais margaidh i leith na dtáirgí a dhíoltar ar líne a áirithiú. Ba cheart na gníomhaíochtaí i leith na dtáirgí sin a dhéanamh go réamhghníomhach agus go frithghníomhach agus ba cheart foinsí éagsúla faisnéise a bheith san áireamh iontu, amhail RAPEX, tairseach dhomhanda na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) maidir le haisghairmeacha táirgí, gearáin ó thomhaltóirí, agus faisnéis arna fáil ó údaráis eile, ó oibreoirí eacnamaíocha agus ó na meáin.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(16b) Agus iad i mbun faireachas margaidh ar tháirgí a thairgtear ar líne, bíonn deacrachtaí go leor ag na húdaráis faireachais margaidh, amhail táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne a rianú, na hoibreoirí eacnamaíocha atá freagrach a shainaithint, nó measúnuithe riosca nó tástálacha sábháilteachta a dhéanamh cheal rochtain fhisiceach ar tháirgí. Bunaithe ar an taithí chomhchoiteann atá ann cheana agus cleachtais níos fearr, tá Fógra maidir le faireachas margaidh ar tháirgí a dhíoltar ar líne (2017/C 250/01) foilsithe ag an gCoimisiún arb é is aidhm dó cur le tuiscint níos fearr ar reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí agus cur le cur i bhfeidhm níos aonfhoirmí agus níos comhleanúnaí na reachtaíochta sin ó thaobh táirgí a dhíoltar ar líne de. Sa bhreis ar na ceanglais éigeantacha maidir le heagrú an fhaireachais margaidh ar tháirgí a dhíoltar ar líne, a thugtar isteach leis an Rialachán seo, spreagtar na Ballstáit le húsáid a bhaint as an bhFógra sin mar threoirdhoiciméad comhlántach agus mar thagairt do dhea-chleachtais le haghaidh an fhaireachais margaidh agus le haghaidh na cumarsáide le gnólachtaí agus tomhaltóirí.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 c (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(16c) Ba cheart aird ar leith a dhíriú ar Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT) agus ar an méadú atá ag teacht ar líon na ngaireas atá cumasaithe don Intleacht Shaorga (IS), á chur san áireamh go bhfuil tomhaltóirí ag baint níos mó úsáide as gairis nasctha ina saol laethúil. Ba cheart aghaidh a thabhairt i gcreat rialála an Aontais ar na bagairtí slándála atá ann faoi láthair a bhaineann le gairis den sórt sin ar féidir iad a haiceáil go héasca agus lena mbaineann rioscaí nua ó chian dá thoradh sin. I réimse IoT agus IS, tá sábháilteacht agus slándáil na dtáirgí fíorthábhachtach chun sábháilteacht a gcuid úsáideoirí a áirithiú. I ndáil leis sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith go hiomlán comhsheasmhach le Rialachán ENISA [2017/0225(COD)] agus leis an Teachtaireacht maidir leis an Intleacht Shaorga don Eoraip COM(2018)237.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 d (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(16d) I ré na forbartha leanúnaí ar theicneolaíochtaí digiteacha, féachfar ar réitigh mhargadhbhunaithe nua a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an bhfaireachas margaidh éifeachtach laistigh den Aontas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a spreagadh le breithniú a dhéanamh ar phoitéinseal na teicneolaíochta Blocshlabhra agus na rialacha nua maidir le lipéadú le haghaidh táirgí, a d’fhéadfadh teacht in ionad na modhanna lipéadaithe traidisiúnta chomh maith le héascú a dhéanamh ar obair na n-údarás faireachais margaidh, lena dtabharfaí faisnéis atá éasca le rochtain agus struchtúrtha maidir leis an táirge ar bhealach leictreonach.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(18) Ba cheart gníomhaíochtaí faireachais margaidh a bheith críochnúil agus éifeachtach, lena áirithiú go gcuirtear reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí i bhfeidhm i gceart. Ós rud é go bhféadfadh rialuithe a bheith ina n-ualach ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh gníomhaíochtaí cigireachta a eagrú agus a dhéanamh, ag cur a leasanna siúd san áireamh agus an t-ualach réamhráite a theorannú don mhéid is gá chun rialuithe éifeachtúla éifeachtacha a dhéanamh. Thairis sin, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh leis an leibhéal céanna cúraim is cuma an mbaineann neamhchomhlíonadh an táirge ar leith le críoch an Bhallstáit sin nó an dócha go mbeidh tionchar aige ar mhargadh Ballstáit eile.
(18) Ba cheart gníomhaíochtaí faireachais margaidh a bheith críochnúil agus éifeachtach, chun a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí i bhfeidhm i gceart. Ós rud é go bhféadfadh rialuithe a bheith ina n-ualach ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh gníomhaíochtaí cigireachta a eagrú agus a dhéanamh, ag cur ▌ leasanna na n-oibreoirí sin san áireamh, agus an t-ualach réamhráite a theorannú don mhéid is gá chun rialuithe éifeachtúla éifeachtacha a dhéanamh. Thairis sin, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh leis an leibhéal céanna cúraim is cuma an mbaineann neamhchomhlíonadh an táirge ar leith le críoch an Bhallstáit sin nó an dócha go mbeidh tionchar aige ar mhargadh Ballstáit eile. Ba cheart coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta arna ndéanamh ag na húdaráis faireachais margaidh nuair a léiríonn táirge riosca aitheanta nó riosca atá ag teacht chun cinn.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(18a) Cuireadh forálacha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 chun feidhme ar mhórán bealaí éagsúla agus sonracha ar leibhéil náisiúnta. Tagann éagsúlachtaí chun solais, ní hamháin ó thaobh inniúlachtaí a dháileadh idir údaráis faireachais margaidh de, ach freisin i dtaca le sásraí comhordaithe inmheánacha ar an leibhéal náisiúnta, leibhéal na n-acmhainní airgeadais imscartha atá tiomnaithe d’fhaireachas margaidh, straitéisí agus cur chuige faireachais margaidh, chomh maith le cumhachtaí maidir le táirgí neamhchomhlíontacha agus leibhéal na bpionós ar sháruithe, as a n-eascraíonn forfheidhmiú ilroinnte i ndáil le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais. As an ilroinnt sin, tagann faireachas margaidh níos déine i mBallstáit áirithe ná mar a bhíonn i mBallstáit eile agus d’fhéadfadh go mbeadh mar thoradh air sin cumhacht dhíspreagtha ar lú a héifeacht, éagothroime iomaíochta i measc gnólachtaí i mBallstáit áirithe agus neamhchothroime ionchasach i leibhéal shábháilteacht na dtáirgí ar fud an Aontais.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(19a) Ba cheart go mbeadh cur chun feidhme agus forfheidhmiú na gcumhachtaí i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo comhréireach agus leordhóthanach i bhfianaise an chineáil agus na díobhála iarbhír agus ionchasaí foriomláine a bheadh ag cás neamhchomhlíonta do leasanna an phobail arna gcosaint ag reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais. Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh fíricí agus imthosca uile an cháis a chur san áireamh agus na bearta is iomchuí a roghnú atá bunriachtanach chun aghaidh a thabhairt ar chás an neamhchomhlíonta. Ba cheart na bearta sin a bheith comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(20) Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do shaoirse na mBallstát an córas forfheidhmiúcháin a roghnú a mheasann siad is iomchuí. Ba cheart na Ballstáit a bheith saor rogha a dhéanamh cé acu a fhéadfaidh a n-údaráis faireachais margaidh imscrúduithe agus forfheidhmiú a dhéanamh go díreach faoina n-údarás féin nó trí iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna inniúla.
(20) Ba cheart go ndéanfadh cur chun feidhme agus forfheidhmiú na gcumhachtaí i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo dlí eile an Aontais agus dlí eile náisiúnta a chomhlíonadh freisin, lena n-áirítear na coimircí nós imeachta agus prionsabail na gceart bunúsach is infheidhme, agus gan dochar do shaoirse na mBallstát an córas forfheidhmiúcháin a roghnú a mheasann siad is iomchuí. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit i gcónaí coinníollacha agus teorainneacha a leagan amach chun na cumhachtaí a fheidhmiú sa dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an féidir lena n-údaráis faireachais margaidh imscrúduithe agus forfheidhmiú a dhéanamh go díreach faoina n-údarás féin, trí dhul ar iontaoibh na n-údarás poiblí inniúil eile nó trí iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna inniúla.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(22) Ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh ar an bhfianaise, ar an sonraí agus ar an bhfaisnéis uile is gá dá mbaineann leis an ábhar atá á imscrúdú chun a dhéanamh amach ar sáraíodh an reachtaíocht comhchuibhithe is infheidhme de chuid an Aontais, agus go háirithe chun an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach a shainaithint, is cuma cé aige a bhfuil an fhianaise, an fhaisnéis nó na sonraí atá i gceist agus is cuma cá bhfuil siad agus cén formáid ina bhfuil siad. Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann iarraidh ar thríú páirtithe sa slabhra breisluacha digiteach an fhianaise, na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar.
(22) Ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh ar an bhfianaise, ar na sonraí, ar na sonraíochtaí teicniúla agus ar an bhfaisnéis eile is gá a bhaineann leis an ábhar atá á imscrúdú chun a chinneadh ar sáraíodh reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais is infheidhme, agus go háirithe chun an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach a shainaithint, is cuma cé aige a bhfuil an fhianaise, an fhaisnéis nó na sonraí atá i gceist agus is cuma cá bhfuil siad agus cén formáid ina bhfuil siad. Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann iarraidh ar thríú páirtithe sa slabhra breisluacha digiteach an fhianaise, na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(24) Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann a cheangal ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne de chuid an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann mínithe a thabhairt nó fíricí, faisnéis nó doiciméid a sholáthar a bhaineann le hábhar na cigireachta ar an láthair, agus na freagraí a thugann an t-ionadaí sin nó an ball foirne sin a thaifeadadh.
(24) Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann a cheangal ar ▌ ionadaí oibreora eacnamaíoch nó ar ▌ bhall foirne ábhartha de chuid an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann mínithe a thabhairt nó fíricí, faisnéis nó doiciméid a sholáthar a bhaineann le hábhar na cigireachta ar an láthair, agus na freagraí a thugann an t-ionadaí sin nó an ball foirne sin a thaifeadadh.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(25) Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann a sheiceáil an gcomhlíonann táirgí atá le cur ar fáil ar an margadh reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais agus fianaise de neamhchomhlíonadh a fháil. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a bheith acu ceannach tástála a dhéanamh agus, mura féidir an fhianaise a fháil ar bhealaí eile, táirgí a cheannach faoi chéannacht cheilte.
(25) Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann a sheiceáil an gcomhlíonann táirgí atá le cur ar fáil ar an margadh reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, cigireacht a dhéanamh orthu agus iad a dhíthiomsú chun fianaise ar neamhchomhlíonadh a fháil. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a bheith acu ceannach tástála a dhéanamh agus, mura féidir an fhianaise a fháil ar bhealaí eile, táirgí a cheannach faoi chéannacht cheilte.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(26) Sa timpeallacht dhigiteach go háirithe, ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann deireadh a chur le neamhchomhlíonadh go gasta agus go héifeachtach, go háirithe i gcás ina gceilfidh an t-oibreoir eacnamaíoch a dhíolann an táirge a aitheantas nó ina n-athlonnóidh sé laistigh den Aontas nó chuig tríú tír chun an forfheidhmiú a sheachaint. I gcásanna ina bhfuil riosca ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach dholeigheasta d’úsáideoirí deiridh de dheasca an neamhchomhlíonta, ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann bearta sealadacha a dhéanamh, mura bhfuil bealach eile chun an díobháil sin a sheachaint nó a mhaolú, lena n-áirítear, más gá, suíomh gréasáin, seirbhís nó cuntas a chur ar fionraí, nó ainm fearainn lán-cháilithe a chur ar choinneáil go ceann tréimhse shonrach ama, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE. Thairis sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh suíomh gréasáin, seirbhís nó cuntas nó cuid de a dhúnadh nó ceangal a chur ar sholáthraí seirbhíse tríú páirtí é a dhúnadh, nó ainm fearainn lán-cháilithe a scriosadh.
(26) Sa timpeallacht dhigiteach go háirithe, ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann deireadh a chur le neamhchomhlíonadh go gasta agus go héifeachtach, go háirithe i gcás ina gceilfidh an t-oibreoir eacnamaíoch a dhíolann an táirge a aitheantas nó ina n-athlonnóidh sé laistigh den Aontas nó chuig tríú tír chun an forfheidhmiú a sheachaint. I gcásanna ina bhfuil riosca ann go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeigheasta d’úsáideoirí deiridh de dheasca an neamhchomhlíonta, ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann bearta a dhéanamh, i gcás údar cuí a bheith leis agus é a bheith comhréireach agus mura bhfuil bealach eile chun an díobháil sin a sheachaint nó a mhaolú, lena n-áirítear, más gá, suíomh gréasáin, seirbhís nó cuntas a chur ar fionraí, nó ainm fearainn lán-cháilithe a chur ar choinneáil go ceann tréimhse shonrach ama, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE. Thairis sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh suíomh gréasáin, seirbhís nó cuntas nó cuid de a dhúnadh nó ceangal a chur ar sholáthraí seirbhíse tríú páirtí é a dhúnadh, nó ainm fearainn lán-cháilithe a scriosadh.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(27) Oibríonn na húdaráis faireachais margaidh ar mhaithe le hoibreoirí eacnamaíocha, le húsáideoirí deiridh, agus leis an bpobal i gcoitinne, lena áirithiú go gcaomhnaítear agus go gcosnaítear i dtólamh, le bearta cuí forfheidhmiúcháin, na leasanna poiblí a bunaíodh le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí, agus go n-áirithítear comhlíonadh na reachtaíochta sin feadh an tslabhra soláthair trí rialuithe cuí. Dá bharr sin, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh cuntas a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha, d’úsáideoirí deiridh agus don phobal i gcoitinne maidir le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad. Ba cheart dóibh rochtain a sholáthar ar fhaisnéis a bhaineann le heagrú agus le feidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear rialuithe, agus faisnéis a fhoilsiú go rialta faoi ghníomhaíochtaí a rinneadh agus faoi thorthaí na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart freisin, faoi réir coinníollacha áirithe, iad a bheith i dteideal faisnéis a fhoilsiú nó a chur ar fáil faoi theist oibreoirí eacnamaíocha aonair maidir le comhlíonadh, bunaithe ar thoradh rialuithe faireachais margaidh.
(27) Oibríonn na húdaráis faireachais margaidh ar mhaithe le hoibreoirí eacnamaíocha, le húsáideoirí deiridh, agus leis an bpobal i gcoitinne, chun a áirithiú go gcaomhnaítear agus go gcosnaítear i dtólamh, le bearta cuí forfheidhmiúcháin, na leasanna poiblí a bunaíodh le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí, agus go n-áirithítear comhlíonadh na reachtaíochta sin feadh an tslabhra soláthair trí rialuithe cuí. Dá bharr sin, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh a bheith freagrach d’oibreoirí eacnamaíocha, d’úsáideoirí deiridh agus don phobal i gcoitinne maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad. Ba cheart dóibh rochtain a sholáthar ar fhaisnéis a bhaineann le heagrú agus le feidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear rialuithe, agus faisnéis a fhoilsiú go rialta faoi ghníomhaíochtaí a rinneadh agus faoi thorthaí na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart freisin, faoi réir coinníollacha áirithe, iad a bheith i dteideal faisnéis a fhoilsiú nó a chur ar fáil faoi theist oibreoirí eacnamaíocha aonair maidir le comhlíonadh, bunaithe ar thoradh rialuithe faireachais margaidh, agus an fhéidearthacht á tabhairt do na hoibreoirí eacnamaíocha ag an am céanna trácht ar an bhfaisnéis arna cur in iúl dóibh, sula bhfoilseofar í.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(33) Le hiontaofacht agus comhréireacht na tástála ar fud an Aontais a áirithiú i gcomhthéacs an fhaireachais margaidh, ba cheart don Choimisiún saoráidí tástála an Aontais a ainmniú. Thairis sin, ba cheart córas faisnéise níos cuimsithí a fhorbairt le torthaí tástála a roinnt taobh istigh den Aontas chun dúbailt nach bhfuil gá léi a sheachaint agus comhsheasmhacht níos mó a áirithiú ag leibhéal an Aontais.
(33) Chun éifeachtacht agus comhréireacht na tástála ar fud an Aontais a áirithiú i gcomhthéacs an fhaireachais margaidh maidir le táirgí sonracha nó catagóir nó grúpa táirgí sonrach nó le haghaidh rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir nó grúpa táirgí, ba cheart don Choimisiún saoráidí tástála an Aontais a ainmniú. Thairis sin, ba cheart córas faisnéise níos cuimsithí a fhorbairt chun torthaí tástála a roinnt taobh istigh den Aontas chun dúbailt nach bhfuil gá léi a sheachaint agus comhsheasmhacht níos mó a áirithiú ar leibhéal an Aontais.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(35) Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha i gcónaí ar fáil chun foireann agus trealamh a sholáthar go cuí do na húdaráis faireachais margaidh. An ghníomhaíocht faireachais margaidh atá éifeachtúil, tá sí dian ar acmhainní, agus ba cheart acmhainní cobhsaí a chur ar fáil, ag leibhéal atá cuí do riachtanais an fhorfheidhmithe ag aon am ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart cur leis an maoiniú poiblí trí bhíthin táillí a bhailiú le híoc as na costais a thabhaítear agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh á ndéanamh maidir le táirgí a bhfuarthas amach go raibh siad neamhchomhlíontach, agus teist an oibreora eacnamaíoch maidir le comhlíonadh á cur san áireamh go cuí.
(35) Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha i gcónaí ar fáil chun foireann agus trealamh a sholáthar go hiomchuí do na húdaráis faireachais margaidh. An ghníomhaíocht faireachais margaidh atá éifeachtúil, tá sí dian ar acmhainní, agus ba cheart acmhainní cobhsaí a chur ar fáil, ar leibhéal atá iomchuí do riachtanais an fhorfheidhmiúcháin ag aon am ar leith. Ní féidir seiceálacha riaracháin agus uathoibrithe fónamh mar chóras ionaid le haghaidh seiceálacha fisiciúla ina ráthaítear go bhfuil táirge ag comhlíonadh reachtaíocht ábhartha an Aontais ó thaobh substainte de. Dá bhrí sin, ba cheart cur leis an maoiniú poiblí trí bhíthin táillí a bhailiú chun íoc as na costais a thabhaítear agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh á ndéanamh maidir le táirgí a bhfuarthas amach go raibh siad neamhchomhlíontach, agus teist an oibreora eacnamaíoch maidir le comhlíonadh á cur san áireamh go cuí.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(38) Ba mhodh éifeachtach é le seachaint go gcuirfí táirgí neamhshábháilte nó neamhchomhlíontacha ar mhargadh an Aontais na táirgí sin a bhrath sula scaoilfí i saorchúrsaíocht iad. Tá forléargas iomlán ag údaráis custaim, ós iad na húdaráis atá i gceannas ar rialú na dtáirgí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais iad, ar shreafaí trádála thar na teorainneacha seachtracha, agus dá bhrí sin ba cheart a cheangal orthu rialuithe iomchuí a dhéanamh ar bhonn measúnú riosca, chun an margadh a dhéanamh níos sábháilte. Ní féidir forfheidhmiú aonfhoirmeach a bhaint amach maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí ach amháin trí chomhar córasach agus trí mhalartú faisnéise idir údaráis faireachais margaidh agus údaráis custaim. An fhaisnéis uile is gá maidir le táirgí neamhchomhlíontacha nó faisnéis faoi oibreoirí eacnamaíocha ar aithníodh riosca níos airde neamhchomhlíonta ina leith, ba cheart na húdaráis sin an fhaisnéis sin a fháil i bhfad roimh ré ó na húdaráis faireachais margaidh. Dá réir sin, ba cheart do na húdaráis custaim na húdaráis faireachais margaidh a chur ar an eolas go prapúil faoi scaoileadh táirgí i saorchúrsaíocht agus faoi thorthaí rialuithe sa chás go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha maidir le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí. Thairis sin, i gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint le táirge allmhairithe, ba cheart dó na Ballstáit a chur ar an eolas faoi na rioscaí sin chun a áirithiú go ndéanfar rialuithe comhordaithe agus níos éifeachtaí ar chomhlíonadh agus ar fhorfheidhmiú ag na chéad phointí iontrála san Aontas.
(38) Ba mhodh éifeachtach é chun a áirithiú nach gcuirfí táirgí neamhshábháilte nó neamhchomhlíontacha ar mhargadh an Aontais dá ndéanfaí na táirgí sin a bhrath sula scaoilfí i saorchúrsaíocht iad. Tá forléargas iomlán ag údaráis chustaim, ós iad na húdaráis atá i gceannas ar rialú na dtáirgí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais iad, ar shreafaí trádála thar na teorainneacha seachtracha agus, dá bhrí sin, ba cheart a cheangal orthu rialuithe iomchuí a dhéanamh ar bhonn measúnú riosca, chun an margadh a dhéanamh níos sábháilte, rud a áirithíonn ardleibhéal cosanta do leasanna poiblí. Ní féidir forfheidhmiú aonfhoirmeach a bhaint amach maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí ach amháin trí chomhar córasach agus trí mhalartú faisnéise idir údaráis faireachais margaidh agus údaráis chustaim. An fhaisnéis uile is gá maidir le táirgí neamhchomhlíontacha nó faisnéis faoi oibreoirí eacnamaíocha ar sainaithníodh riosca níos airde neamhchomhlíonta ina leith, ba cheart na húdaráis sin an fhaisnéis sin a fháil i bhfad roimh ré ó na húdaráis faireachais margaidh. Dá réir sin, ba cheart do na húdaráis chustaim na húdaráis faireachais margaidh a chur ar an eolas go tráthúil faoi scaoileadh táirgí i saorchúrsaíocht agus faoi thorthaí rialuithe i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha maidir le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí. Thairis sin, i gcás ina bhfaigheadh an Coimisiún amach go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint le táirge allmhairithe, ba cheart dó na Ballstáit a chur ar an eolas faoi na rioscaí sin chun a áirithiú go ndéanfar rialuithe comhordaithe agus níos éifeachtaí ar chomhlíonadh agus ar fhorfheidhmiú ag na chéad phointí iontrála san Aontas.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(38a) Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-údarás custaim agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí san fheidhmíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chothroime iomaíochta do tháirgeoirí comhlíontacha an Aontais i gcomparáid le táirgeoirí tríú tíortha a bhíonn ag onnmhairiú chuig an Aontas. Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt freisin ar chleachtas onnmhaireoirí tríú tíortha ina roghnaítear na pointí iontrála sin chuig an Aontas nach bhfuil na rialuithe chomh dian céanna iontu, nó nach bhfuil siad chomh héifeachtach céanna ó thaobh córais de.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(39) Chun tacaíocht a thabhairt d’údaráis custaim agus faireachais margaidh agus iad i mbun cúraimí a bhaineann le rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais, ba cheart láimhseáil níos fabhraí a dheonú maidir le táirgí atá dearbhaithe ag oibreoir eacnamaíoch údaraithe, mar a shainmhínítear sin in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht, go dtí go mbunófar nós imeachta maidir le malartú faisnéise faoi stádas na n-oibreoirí eacnamaíocha údaraithe agus faoin teist atá orthu maidir le comhlíonadh i ndáil le sábháilteacht táirgí. Le cur chuige den sórt sin, bheadh rialú níos spriocdhírithe ann, ar bhonn riosca, ar tháirgí a scaoiltear i saorchúrsaíocht.
(39) Chun tacaíocht a thabhairt d’údaráis chustaim agus faireachais margaidh agus iad i mbun cúraimí a bhaineann le rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais, ba cheart láimhseáil níos fabhraí a dheonú maidir le táirgí atá dearbhaithe ag oibreoir eacnamaíoch údaraithe, mar a shainmhínítear sin in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht, go dtí go mbunófar nós imeachta maidir le malartú faisnéise faoi stádas na n-oibreoirí eacnamaíocha údaraithe agus faoin teist atá orthu maidir le comhlíonadh i ndáil le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a chomhlíonadh agus sábháilteacht táirgí. Le cur chuige den sórt sin, bheadh rialú níos spriocdhírithe ann, ar bhonn riosca, ar tháirgí a scaoiltear i saorchúrsaíocht.
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(40a) Ba cheart go mbeadh malartú faisnéise éifeachtach, gasta agus cruinn ann idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 do roinnt uirlisí, amhail an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS) agus Córas Mear-Rabhaidh an Aontais um tháirgí neamhbhia contúirteacha (RAPEX) lenar féidir comhordú a dhéanamh idir údaráis faireachais margaidh san Aontas. Déanfar na huirlisí sin, mar aon leis an gcomhéadan lenar féidir sonraí a aistriú ó ICSMS go RAPEX a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh chun lánleas a bhaint astu agus chun cuidiú le leibhéal an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún a mhéadú.
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(41) Sa chomhthéacs sin, is gá an Córas Faisnéise agus Cumarsáide le haghaidh Faireachas Margaidh (ICSMS) atá ann cheana a choimeád agus a fhorbairt a thuilleadh. Chun faisnéis a bhailiú faoi fhorfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí, ba cheart ICSMS a uasghrádú agus rochtain a bheith ag an gCoimisiún, ag na hoifigí idirchaidrimh aonair, agus ag na húdaráis faireachais margaidh air, agus ag an bpobal i gcoitinne chomh maith trí chomhéadan poiblí. Thairis sin, ba cheart comhéadan leictreonach a fhorbairt chun go bhféadfar faisnéis a mhalartú go héifeachtach idir córais náisiúnta custaim agus údaráis faireachais margaidh.
(41) Sa chomhthéacs sin, chun faisnéis a bhailiú faoi fhorfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí, ba cheart ICSMS a uasghrádú agus rochtain a bheith ag an gCoimisiún, ag na hoifigí idirchaidrimh aonair, agus ag na húdaráis faireachais margaidh air, agus ag an bpobal i gcoitinne chomh maith trí chomhéadan poiblí. Thairis sin, ba cheart comhéadan leictreonach a fhorbairt chun go bhféadfar faisnéis a mhalartú go héifeachtach idir córais náisiúnta custaim agus údaráis faireachais margaidh.
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(42) Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo os coinne na gcuspóirí atá á saothrú ann. De bhun phointe 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr59 , ba cheart an mheastóireacht, a bheidh bunaithe ar éifeachtúlacht, ar éifeachtacht, ar chomhleanúnachas agus ar bhreisluach, ba cheart í a bheith ina bunús do mheasúnuithe tionchair ar roghanna maidir le tuilleadh gníomhaíochta.
(42) Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo os coinne na gcuspóirí atá á saothrú ann, agus aird á tabhairt aige freisin ar fhorbairtí nua teicneolaíochta, eacnamaíocha, tráchtála agus dlí, le haird ar leith ar ghairis atá cumasaithe do IoT agus do IS agus réitigh nuálacha mhargadhbhunaithe nua. De bhun phointe 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr59, ba cheart an mheastóireacht, a bheidh bunaithe ar éifeachtúlacht, ar éifeachtacht, ar chomhleanúnachas agus ar bhreisluach, a bheith ina bunús do mheasúnuithe tionchair ar roghanna maidir le tuilleadh gníomhaíochta, lena n-áirítear raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun go gcuimseofar táirgí neamh-chomhchuibhithe.
__________________
__________________
59 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
59 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(44) Tá éagsúlacht na smachtbhannaí ar fud an Aontais ar na príomhchúiseanna le díspreagadh neamhleor agus le cosaint mhíchothrom. Is le dlínse náisiúnta a bhaineann rialacha faoi smachtbhannaí a bhunú, lena n-áirítear pionóis airgid, agus dá bhrí sin ba cheart iad a chinneadh sa dlí náisiúnta iad. Mar sin féin, ba cheart critéir agus treoirphrionsabail chomhchoiteanna a bhunú maidir le leibhéal na bpionós a leagan amach chun díspreagadh aonfhoirmeach éifeachtach a bhaint amach ar fud an Aontais. Is den riachtanas é sraith critéar a cheapadh maidir le leibhéil pionóis a leagan amach ar fud an Aontais a bheidh éifeachtach comhréireach athchomhairleach, go háirithe maidir le hiompraíocht na n-oibreoirí eacnamaíocha san am a chuaigh thart, maidir lena gcomhoibriú le linn imscrúduithe na n-údarás faireachais margaidh, agus maidir le leibhéal na díobhála, chun cosc a chur ar laigí a bheadh ina spreagadh le siopadóireacht fóram.
(44) Tá éagsúlacht na smachtbhannaí ar fud an Aontais ar na príomhchúiseanna atá le díspreagadh neamhleor agus le cosaint mhíchothrom. Is le dlínse náisiúnta a bhaineann rialacha faoi smachtbhannaí a bhunú, lena n-áirítear pionóis airgid agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a chinneadh sa dlí náisiúnta▌. Mar sin féin, ba cheart critéir agus treoirphrionsabail chomhchoiteanna a chinneadh maidir le leibhéal na bpionós a leagan amach chun díspreagadh aonfhoirmeach éifeachtach a bhaint amach ar fud an Aontais. Is den riachtanas é sraith critéar a cheapadh maidir le leibhéil pionóis a leagan amach ar fud an Aontais a bheidh éifeachtach comhréireach athchomhairleach, go háirithe maidir le hiompraíocht na n-oibreoirí eacnamaíocha san am a chuaigh thart, go háirithe i gcás inar sainaithníodh sáruithe arís is arís eile ar rialacha an Aontais maidir le comhlíonadh na dtáirgí, maidir lena gcomhar le linn imscrúduithe na n-údarás faireachais margaidh, agus maidir le leibhéal agus déine na díobhála, chun cosc a chur ar laigí a d’fhéadfadh cur leis an mbaol go rachfaí ó chúirt go chéile sa tóir ar na coinníollacha is fearr.
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(44a) Chun meastóireachtaí piaraí éifeachtacha ar údaráis faireachais margaidh náisiúnta i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéanann siad de bhun an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le plean a leagan amach do na meastóireachtaí piaraí, lena leagfar síos na critéir maidir le comhdhéanamh na foirne meastóireachta piaraí, an mhodheolaíocht a úsáidfear don mheastóireacht piaraí, an sceideal, an tréimhsiúlacht agus cúraimí eile a bhaineann leis an meastóireacht piaraí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 47
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(47) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, ní mór an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm de réir na gceart agus na bprionsabal sin. Go háirithe, lorgaíonn an Rialachán seo urramú iomlán a áirithiú ar chosaint an tomhaltóra, ar an tsaoirse gnó a sheoladh, ar an tsaoirse tuairimíochta agus rochtain ar fhaisnéis, ar an gceart chun maoine agus ar chosaint sonraí pearsanta,
(47) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus atá i dtraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát. Dá réir sin, ní mór an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin,lena n-áirítear na cearta agus na prionsabail a bhaineann le saoirse cainte agus le saoirse agus iolrachas na meán. Go háirithe, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo urraim iomlán a áirithiú do chosaint an tomhaltóra, don tsaoirse gnó a sheoladh, don tsaoirse tuairimíochta agus rochtain ar fhaisnéis, don cheart chun maoine agus do chosaint sonraí pearsanta.
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír -1 (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
-1. Is é cuspóir an Rialacháin seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh tríd an bhfaireachas margaidh a dhéantar ar tháirgí a neartú d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear ar fáil ar mhargadh an Aontais ach táirgí a chomhlíonann na ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht i gcoitinne, an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, caomhnú an chomhshaoil agus an tslándáil phoiblí.
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leis an Rialachán seo leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le faisnéis faoi chomhlíonadh a sholáthar faoi tháirgí áirithe atá faoi réir gníomhartha de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar na dálaí chun na táirgí sin a mhargú. Leagtar amach leis creat le haghaidh comhar le hoibreoirí eacnamaíocha maidir leis na táirgí sin.
Ina theannta sin, leagtar síos leis na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le faisnéis faoi chomhlíonadh a sholáthar faoi tháirgí áirithe atá faoi réir gníomhartha de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar na dálaí chun na táirgí sin a mhargú. Leagtar amach leis creat le haghaidh comhar le hoibreoirí eacnamaíocha maidir leis na táirgí sin.
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Ina theannta sin, cuirtear creat ar fáil leis le haghaidh faireachas margaidh ar na táirgí sin chun a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí sin ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail, amhail sláinte agus sábháilteacht i gcoitinne, sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, caomhnú an chomhshaoil agus slándáil.
scriosta
Réasúnú
Sonrú níos fearr ar chuspóirí an Rialacháin seo.
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2a. Beidh feidhm ag Airteagail 26, 27, 28, 29 agus 30 den Rialachán seo maidir le gach táirge arna chumhdach le reachtaíocht an Aontais a mhéid is nach bhfuil forálacha sonracha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le heagrú rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais.
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(3) ciallaíonn ‘faireachas margaidh’ na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis faireachais margaidh agus na bearta a dhéanann siad lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí na ceanglais faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais agus nach baol iad na táirgí don tsláinte, don tsábháilteacht ná d'aon ghné eile de chosaint leas an phobail;
(3) ciallaíonn ‘faireachas margaidh’ na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis faireachais margaidh agus na bearta a dhéanann siad chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí na ceanglais faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais agus nach baol iad na táirgí don tsláinte agus don tsábháilteacht i gcoitinne, don tsláinte agus don tsábháilteacht san ionad oibre, do chosaint tomhaltóirí, don tsábháilteacht phoiblí ná d’aon ghné eile de chosaint leas an phobail;
Réasúnú
Sonrú níos fearr ar chuspóirí an Rialacháin seo.
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 12 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(12) ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir nó an dáileoir, lena n-áirítear:
(12) ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir nó an dáileoir, agus aon duine eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil leis na táirgí a chur ar fáil ar an margadh i gcomhréir le reachtaíocht comhchuibhithe ábhartha an Aontais, lena n-áirítear:
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(15) ciallaíonn ‘riosca tromchúiseach’ aon riosca tromchúiseach, lena n-áirítear riosca tromchúiseach nach bhfuil éifeachtaí aige láithreach, a bhfuil idirghabháil mhear na n-údarás faireachais margaidh de dhíth ina leith;
(15) ciallaíonn ‘riosca tromchúiseach’ aon riosca tromchúiseach, lena n-áirítear riosca tromchúiseach nach bhfuil éifeachtaí aige láithreach, a bhfuil idirghabháil mhear agus obair leantach na n-údarás faireachais margaidh de dhíth ina leith;
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – teideal
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh
Duine tagartha
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Ní fhéadtar táirge a chur ar fáil ar an margadh ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
1. Ní fhéadtar táirge a chur ar fáil ar an margadh ach amháin má tá duine tagartha bunaithe san Aontas i ndáil leis an táirge sin.
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) tá an monaróir bunaithe san Aontas nó tá ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas ann maidir leis an táirge:
scriosta
(i) allmhaireoir;
(ii) duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú scríofa aige ón monaróir arna ainmniú mar dhuine atá freagrach as na cúraimí a chur i gcrích a liostaítear i mír 3 agus ina gceanglaítear air na cúraimí sin a chur i gcrích thar cheann an mhonaróra;
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) aitheantas agus sonraí teagmhála an mhonaróra, an allmhaireora nó duine eile a chomhlíonann ceanglais phointe (a) a bheith ar fáil go poiblí i gcomhréir le mír 4 agus a bheith léirithe nó inaitheanta i gcomhréir le mír 5.
scriosta
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1a. Chun críche mhír 1, ciallaíonn an duine tagartha aon cheann de na daoine seo a leanas:
(a) an monaróir atá bunaithe san Aontas;
(b) an t-allmhaireoir, i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas;
(c) ionadaí údaraithe, i gcás nach bhfuil monaróir bunaithe san Aontas agus nach ann d’allmhaireoir, a bhfuil sainordú i scríbhinn aige ón monaróir a cheanglaíonn air na cúraimí a liostaítear i mír 3 a dhéanamh thar ceann an mhonaróra.
Síneoidh an monaróir agus an t-ionadaí údaraithe ainmnithe an sainordú dá dtagraítear i bpointe (c).
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘an duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh’ an duine, is cuma cé acu an monaróir, an t-allmhaireoir nó duine eile atá ann, a chomhlíonann ceanglais mhír 1(a) maidir leis an táirge nó, má tá níos mó ná duine amháin den sórt sin ann, aon duine acu.
scriosta
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Déanfaidh an duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh na cúraimí seo a leanas:
3. Gan dochar d’aon oibleagáidí agus freagrachtaí de chuid na n-oibreoirí eacnamaíocha faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais is infheidhme, déanfaidh duine tagartha na cúraimí seo a leanas:
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) má tá, sa reachtaíocht comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge, foráil maidir le dearbhú comhréireachta de chuid AE agus doiciméadacht theicniúil, an dearbhú agus an doiciméadacht theicniúil a choimeád ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh ar feadh na tréimhse a cheanglaítear sa reachtaíocht sin;
(a) má dhéantar foráil i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais is infheidhme i leith an táirge maidir le dearbhú comhréireachta AE agus doiciméadacht theicniúil, a fhíorú gur tarraingíodh suas dearbhú comhréireachta de chuid AE agus doiciméadacht theicniúil, agus an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht theicniúil a choimeád ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh ar feadh na tréimhse a cheanglaítear sa reachtaíocht sin;
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe b a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ba) i gcás ina meastar nó ina bhfuil cúis ann a chreidiúint nach bhfuil an táirge i dtrácht i gcomhréir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais is infheidhme, é sin a chur in iúl don mhonaróir, agus i gcás inarb infheidhme, oibreoirí eacnamaíocha eile;
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe c
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(c) comhoibriú leis na húdaráis faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an táirge nó, mura féidir sin, chun iad a mhaolú.
(c) oibriú i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh agus gníomhú gan mhoill chun deireadh a chur le haon chás maidir le neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa reachtaíocht comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge i dtrácht, nó an cás sin a leigheas, nó, mura féidir sin, na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin a mhaolú.
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe c a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ca) na húdaráis faireachais margaidh ábhartha a chur ar an eolas maidir le foirceannadh an tsainordaithe lena n-ainmnítear é mar oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh de bhun phointe (c) de mhír 1a.
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. Déanfaidh monaróirí aitheantas agus sonraí teagmhála an duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh i leith an táirge a chur ar fail go poiblí ar a suíomh gréasáin nó, mura bhfuil suíomh gréasáin acu, ar aon bhealach eile a fhágfaidh gur féidir leis an bpobal i gcoitinne san Aontas rochtain a fháil ar an bhfaisnéis saor in aisce.
scriosta
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Aitheantas agus sonraí teagmhála an duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh i dtaca leis an táirge, léireofar ar an táirge, ar a phacáistíocht, nó ar an mbeartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge iad, nó beidh siad inaitheanta le faisnéis a léireofar ar na nithe sin.
5. Ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh poist, an duine tagartha i dtaca leis an táirge, léireofar iad ar an táirge nó, i gcás nach féidir toisc mhéid nó ghnéithe fisiciúla an táirge, ar an mbeartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge.
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5a. Léireoidh oibreoirí eacnamaíocha a thairgeann táirge lena dhíol ar líne, in éineacht lena dtairiscint le díol, ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus sonraí teagmhála an duine tagartha i ndáil leis an táirge. I ndáil leis sin, éascóidh margaí ar líne léiriú na faisnéise thuasluaite do na táirgí a dhíoltar iontu.
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
6. Chun críche míre 1:
scriosta
(a) féadann monaróirí duine a ainmniú faoi mhír 1(a)(ii) cibé acu atá nó nach bhfuil ceart acu nó oibleagáid orthu ionadaí údaraithe a cheapadh faoin reachtaíocht comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge;
(b) i gcás ina bhfuil ceart den sórt sin ag an monaróir, nó oibleagáid den sórt sin air, faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, is féidir ceapadh ionadaí údaraithe faoin reachtaíocht sin a áireamh mar ainmniú chun críocha mhír 1(a)(ii) ar choinníoll go gcomhlíonann an ceapachán ceanglais na míre sin.
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
I gcás ina bhforáiltear i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais maidir le dearbhú comhréireachta de chuid AE a dhréachtú, cuirfidh monaróirí an dearbhú ar fail go poiblí ar a suíomh gréasáin nó, mura bhfuil suíomh gréasáin acu, ar aon bhealach eile a fhágfaidh gur féidir leis an bpobal i gcoitinne san Aontas rochtain a fháil ar an dearbhú saor in aisce.
I gcás ina bhforáiltear i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais maidir le dearbhú comhréireachta de chuid AE a dhréachtú, cuirfidh monaróirí an dearbhú ar fail go poiblí ar a suíomh gréasáin nó, mura bhfuil suíomh gréasáin acu, ar aon bhealach eile a fhágfaidh gur féidir leis an bpobal i gcoitinne san Aontas rochtain a fháil ar an dearbhú saor in aisce agus go héasca.
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1a. Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 10 de [Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle / Airteagal 9 de Rialachán (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh] maidir le cúraimí na bPointí Teagmhála do Tháirgí.
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1b. Áiritheoidh na Ballstáit infheictheacht na bPointí Teagmhála do Tháirgí agus tabharfaidh siad cumhachtaí leormhaithe agus acmhainní leordhóthanacha dóibh chun a gcúraimí a dhéanamh go cuí. Cuirfidh Pointí Teagmhála do Tháirgí a gcuid seirbhísí ar fáil i gcomhréir leis an [Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach].
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 c (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1c. Ullmhóidh an Coimisiún an fhaisnéis ghinearálta maidir leis na ceanglais i leith táirgí a leagtar amach i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a ndéanfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí iad a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha agus a fhoilsiú ar líne ar bhealach aonfhoirmeach, trédhearcach, inrochtana agus sothuigthe don úsáideoir chun feasacht a ardú maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais.
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 d (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1d. Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le comhar éifeachtach agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla agus na Pointí Teagmhála do Tháirgí de chuid na mBallstát éagsúil agus déanfaidh sé iad a áirithiú.
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Airteagal 7
scriosta
Socruithe comhpháirtíochta um chomhlíonadh
1. Is féidir le húdarás faireachais margaidh comhaontú comhpháirtíochta a dhéanamh le hoibreoir eacnamaíoch atá bunaithe ina chríoch faoina n-aontóidh an t-údarás comhairle agus treoir a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch i ndáil leis an reachtaíocht comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis na táirgí a bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch freagrach astu.
Ní chumhdófar leis an socrú soláthar gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta atá faoi chúram comhlachtaí dá dtugtar fógra faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais.
2. Má dhéanann údarás faireachais margaidh socrú comhpháirtíochta faoi mhír 1, iontrálfaidh sé an fíoras sin sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 34, maille le sonraí faoi raon feidhme an tsocraithe, agus ainmneacha agus seoltaí an údaráis féin agus an oibreora eacnamaíoch.
3. Má dhéanann údarás faireachais margaidh socrú comhpháirtíochta faoi mhír 1, cuirfidh údaráis faireachais margaidh eile an t-údarás sin ar an eolas faoi aon bheart sealadach a dhéanfaidh siad i gcoinne an oibreora eacnamaíoch, agus aon ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch, i ndáil le comhlíonadh na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme.
4. Feadfaidh an t-údarás faireachais margaidh a dhéanfaidh socrú comhpháirtíochta faoi mhír 1 táillí a ghearradh ar an oibreoir eacnamaíoch, arb ionann iad agus na costais a thabhaigh an t-údarás go réasúnta agus a fheidhmeanna faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 a ndéanamh aige.
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – teideal
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Meabhráin tuisceana le geallsealbhóirí
Comhar idir údaráis faireachais margaidh agus oibreoirí eacnamaíocha
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Is féidir le húdaráis faireachais margaidh meabhráin tuisceana a dhéanamh le gnólachtaí nó le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghnólachtaí nó ar úsáideoirí deiridh maidir le feidhmiú, nó maoiniú, comhghníomhaíochtaí atá dírithe ar neamh-chomhlíonadh a shainaithint nó ar chomhlíonadh a chur chun cinn i limistéir gheografacha shonracha nó i dtaca le catagóirí táirgí sonracha.
Is féidir le húdaráis faireachais margaidh meabhráin tuisceana a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha, nó le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí eacnamaíocha, ar údaráis ábhartha eile nó ar úsáideoirí deiridh maidir le feidhmiú, nó maoiniú, comhghníomhaíochtaí atá dírithe ar fheasacht a ardú, comhairle agus treoir a chur ar fáil maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, gníomhartha deonacha a spreagadh, neamhchomhlíonadh a shainaithint nó comhlíonadh a chur chun cinn i limistéir gheografacha shonracha nó i dtaca le catagóirí táirgí sonracha, lena n-áirítear na táirgí a dhíoltar ar líne, nó catagóirí táirgí, go háirithe na táirgí ar minic a mheastar go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo.
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
I gcás ina dtugtar meabhrán tuisceana i gcrích leis na hoibreoirí eacnamaíocha go díreach, ní dhéanfaidh sé oibreoirí eacnamaíocha eile a chuireann táirgí den chatagóir chéanna ar fáil ar an margadh a chosc ó bheith rannpháirteach sa mheabhrán sin.
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Déanfaidh an t-údarás faireachais margaidh atá i gceist an meabhrán a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, agus iontrálfaidh sé sa chóras dá tagraítear in Airteagal 34 é.
Déanfaidh an t-údarás faireachais margaidh atá i gceist an meabhrán a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, don Choimisiún agus do na Ballstáit, agus iontrálfaidh sé sa chóras dá tagraítear in Airteagal 34 é, chomh maith leis na mionsonraí faoi raon feidhme an mheabhráin agus ainmneacha agus seoltaí na gcomhpháirtithe atá rannpháirteach ann.
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Arna iarraidh sin do Bhallstát, cuideoidh an Líonra arna bhunú faoi Airteagal 31 le tarraingt suas agus cur chun feidhme na meabhrán tuisceana.
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Údarás faireachais margaidh agus na comhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1 a dhéanann meabhráin tuisceana, áiritheoidh siad nach gcruthóidh meabhráin den chineál sin iomaíocht éagórach idir oibreoirí eacnamaíocha agus go mbeidh forálacha iontu chun go ndéanfar rúndacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na gcomhpháirtithe agus na ngníomhaíochtaí lena mbaineann a choimirciú. I gcás ina ndéanann aon pháirtí díobh sárú ar na forálacha sin, cuirfear deireadh le meabhrán tuisceana.
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Aon mhalartú faisnéise idir údaráis faireachais margaidh agus gnólachtaí nó eagraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 chun meabhrán tuisceana a rinne siad faoin mír sin a ullmhú nó a chur chun feidhme, measfar nach sáraíonn an malartú sin ceanglais na rúndachta gairmiúla.
3. Aon mhalartú faisnéise idir údaráis faireachais margaidh agus na páirtithe dá dtagraítear i mír 1 chun meabhrán tuisceana a rinne siad faoin mír sin a ullmhú nó a chur chun feidhme, measfar nach sáraíonn an malartú sin ceanglais na rúndachta gairmiúla.
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 3 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3a.Ní mór tomhaltóirí a chur ar an eolas, trí thairseach ar líne, maidir le cearta a bhaineann le táirgí neamhchomhlíontacha atá faighte acu, amhail an ceart táirge athsholáthair a fháil nó cúiteamh a fháil, an ceart leigheas dlí a fháil agus teagmhálaithe a bheith acu ónar féidir gach faisnéis iomchuí a fháil.
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Airteagal 10
scriosta
Oibleagáidí na n-údarás faireachais margaidh maidir le heagrú
1. Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh cumarsáid iomchuí agus sásraí comhordaithe iomchuí ar bun le húdaráis faireachais margaidh eile.
2. Bunóidh na húdaráis faireachais margaidh na nósanna imeachta seo a leanas i ndáil le táirgí atá faoi réir na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn:
(a) nósanna imeachta le haghaidh obair leantach a dhéanamh ar ghearáin nó ar thuairiscí i leith saincheisteanna a bhaineann le rioscaí;
(b) nósanna imeachta le haghaidh faireachán a dhéanamh ar aon tionóiscí nó ar aon díobháil do shláinte nó do shábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh a bhfuil amhras ann gurbh iad na táirgí sin ba chúis leo;
(c) nósanna imeachta le haghaidh a fhíorú go ndearnadh na hoibreoirí eacnamaíocha an ghníomhaíocht cheartaitheach a bhí le déanamh acu;
(d) nósanna imeachta le haghaidh bailiú agus iniúchadh eolais eolaíoch agus theicniúil maidir le saincheisteanna sábháilteachta.
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás faireachais margaidh amháin nó níos mó ina chríoch féin. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, trí mheán an Líonra a bhunaítear faoi Airteagal 31, faoi na húdaráis faireachais margaidh arna n-ainmniú aige agus faoi limistéir inniúlachta gach ceann de na húdaráis sin, ag baint úsáid as an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34.
1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás faireachais margaidh amháin nó níos mó ina chríoch féin. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoina údaráis faireachais margaidh agus faoi limistéir inniúlachta gach ceann de na húdaráis sin, ag baint úsáid as an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34.
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Beidh oifig idirchaidrimh aonair an Bhallstáit freagrach as comhordú ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus faireachais margaidh na n-údarás faireachais margaidh arna n-ainmniú ag an mBallstát sin.
3. Beidh oifig idirchaidrimh aonair an Bhallstáit freagrach as comhordú ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus faireachais margaidh na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás eile, go háirithe, le húdaráis chustaim atá freagrach as rialú na dtáirgí a thagann isteach i margadh an Aontais, arna n-ainmniú ag an mBallstát sin.
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 4
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag a n-údaráis faireachais margaidh agus ag a n-oifig idirchaidrimh aonair na hacmhainní, lena n-áirítear acmhainní buiséadacha agus eile leordhóthanacha, an saineolas, na nósanna imeachta agus na socruithe eile is gá chun a ndualgas a dhéanamh go cuí.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag a n-údaráis faireachais margaidh agus ag a n-oifig idirchaidrimh aonair na hacmhainní, lena n-áirítear acmhainní buiséadacha agus acmhainní eile leordhóthanacha, an saineolas, na nósanna imeachta agus na socruithe eile is gá mar aon le líon leordhóthanach pearsanra inniúil a bheith ar fáil chun a ndualgais a dhéanamh go cuí.
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. I gcás inarb ann do níos mó ná údarás faireachais margaidh amháin ina gcríoch féin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil dualgais ar leith gach ceann de na húdaráis sin sainithe go soiléir agus go n-oibríonn na húdaráis sin i ndlúthchomhar le chéile ionas gur féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtach.
5. I gcás inarb ann do níos mó ná údarás faireachais margaidh amháin ina gcríoch féin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dualgais ar leith gach ceann de na húdaráis sin sainithe go soiléir agus go mbunófar sásraí cumarsáide agus comhordúcháin iomchuí chun go gcuirfear ar chumas na n-údarás sin oibriú i ndlúthchomhar le chéile agus a ndualgais a fheidhmiú go héifeachtach.
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) go ndéanfaidh siad bearta sealadacha atá iomchuí agus comhréireach agus go ndéanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha gníomhaíocht cheartaitheach atá iomchuí agus comhréireach i ndáil le comhlíonadh na reachtaíochta sin agus an Rialacháin seo.
(b) go ndéanfaidh siad bearta atá iomchuí agus comhréireach agus go ndéanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha gníomhaíocht cheartaitheach atá iomchuí agus comhréireach i ndáil le comhlíonadh na reachtaíochta sin agus an Rialacháin seo.
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1a. Feidhmeoidh na húdaráis faireachais margaidh a gcumhachtaí agus déanfaidh siad a ndualgais go neamhspleách, go neamhfhabhrach agus gan chlaontacht.
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1b. Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh sásraí cumarsáide agus comhair iomchuí agus éifeachtacha ar bun le húdaráis faireachais margaidh eile agus údaráis ábhartha eile laistigh den Aontas.
I ndáil leis sin, forbróidh na húdaráis faireachas margaidh sásraí cumarsáide agus comhair iomchuí agus éifeachtacha freisin le húdaráis chustaim chun rioscaí ionchasacha a shainaithint agus a scrúdú, ar rioscaí iad a bhaineann le táirgí góchumtha agus aistarraingt táirgí den sórt sin ón margadh.
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh rialuithe mar chuid dá ngníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 1, de réir cur chuige atá bunaithe ar riosca, ag tabhairt san áireamh, ar a laghad, na dtosca seo a leanas:
2. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh rialuithe mar chuid dá ngníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 1, de réir cur chuige atá bunaithe ar riosca, ag tabhairt tús áite dá n-acmhainní agus dá mbearta chun faireachas éifeachtach margaidh a áirithiú agus ag cur san áireamh, ar a laghad, na dtosca seo a leanas:
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe a – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) na rioscaí arna sainaithint a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a) na rioscaí arna sainaithint, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shláinte agus sábháilteacht daoine i gcoitinne, do shláinte agus sábháilteacht san ionad oibre, do chosaint tomhaltóirí agus don chomhshaol agus don tslándáil phoiblí, a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Beidh an mhodheolaíocht agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí comhchuibhithe i ngach Ballstát chun cothroime iomaíochta a áirithiú do na hoibreoirí eacnamaíocha go léir.
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Áiritheoidh na húdaráis faireachais margaidh go dtarraingeofar siar nó go n-aisghairfear táirge ón margadh, nó go gcuirfear toirmeasc nó srian ar tháirge a chur ar fáil ar an margadh, más rud é, i gcás ina mbeadh an táirge á úsáid i gcomhréir leis an gcuspóir dá ceapadh é nó i ndálaí a mbeadh coinne leo go réasúnta agus é suiteáilte go cuí agus an chothabháil chuí déanta air, go sásófaí ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
scriosta
(a) is baolach go gcuirfidh an táirge sláinte nó sábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh i gcontúirt;
(b) ní chloíonn an táirge leis na ceanglais is infheidhme faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais.
I gcás ina dtarraingeofar siar, ina n-aisghairfear, nó ina gcuirfear toirmeasc nó srian ar na táirgí, áiritheoidh an t-údarás faireachais margaidh go gcuirfear an Coimisiún, tríd an Líonra a bhunaítear faoi Airteagal 31, na Ballstáit eile agus na húsáideoirí deiridh ar an eolas dá réir sin.
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3a. I ndáil le táirgí atá faoi réir reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn, bunóidh na húdaráis faireachais margaidh na nósanna imeachta seo a leanas:
(a) nósanna imeachta chun obair leantach a dhéanamh ar ghearáin nó tuarascálacha maidir le saincheisteanna a bhaineann le neamhchomhlíonadh agus rioscaí a eascraíonn maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais;
(b) nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis, agus an fhaisnéis a bhailiú, maidir le tionóiscí nó díobháil do shláinte nó do shábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh a bhfuil amhras ann gurbh iad na táirgí ba chúis leo, agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal i gcoitinne tríd an mbunachar sonraí lárnaithe do bhailiú na faisnéise maidir leis na tionóiscí agus na gortuithe nó ar bhealach eile;
(c) nósanna imeachta chun a fhíorú go ndearna na hoibreoirí eacnamaíocha an ghníomhaíocht cheartaitheach a bhí le déanamh acu;
(d) nósanna imeachta chun obair leantach a dhéanamh ar eolas eolaíoch agus teicniúil maidir le saincheisteanna sábháilteachta;
(e) nósanna imeachta don chomhar le hardáin agus margaí ar líne.
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh a gcuid gníomhaíochtaí le hardleibhéal trédhearcachta, agus cuirfidh siad ar fáil don phobal i gcoitinne aon fhaisnéis a mheasann siad a bheith ábhartha don phobal i gcoitinne. Áiritheoidh siad freisin go n-iontrálfar an fhaisnéis seo a leanas sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 34:
4. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh a gcuid gníomhaíochtaí le hardleibhéal trédhearcachta, agus cuirfidh siad ar fáil don phobal i gcoitinne aon fhaisnéis a mheasann siad atá ábhartha don phobal i gcoitinne, agus urraim á tabhairt acu do phrionsabal na rúndachta chun rúin ghairmiúla agus tráchtála a chosaint nó chun sonraí pearsanta a chaomhnú.
Áiritheoidh údaráis faireachais margaidh freisin go n-iontrálfar an fhaisnéis seo a leanas sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 34:
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 4 – pointe c
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(c) cineál na mbeart sealadach a rinne siad i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha agus cineál na gníomhaíochta ceartaithí a rinne na hoibreoirí eacnamaíocha;
(c) mionsonraí na mbeart a rinne siad i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha, tiomantais a thug oibreoirí eacnamaíocha dóibh agus mionsonraí na gníomhaíochta ceartaithí a rinne na hoibreoirí eacnamaíocha;
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Feidhmeoidh na húdaráis faireachais margaidh a gcumhachtaí agus déanfaidh siad a ndualgais go neamhspleách, go neamhfhabhrach agus gan chlaontacht.
scriosta
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Airteagal 12a
Gníomhaíochtaí na n-údarás faireachais margaidh maidir le táirgí a dhíoltar ar líne
1. Gan dochar d’Airteagal 12, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí faireachais margaidh a eagrú go héifeachtach maidir leis na táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne d’úsáideoirí deiridh laistigh den Aontas.
2. Chun críche mhír 1, leithdháilfidh na Ballstáit na hacmhainní dá réir sin agus áiritheoidh siad go bhfuil líon iomchuí cigirí ann a dhéileálann le táirgí arna ndíol ar líne (“cigirí ar líne”), laistigh dá n-údaráis faireachais margaidh náisiúnta, a bhfuil eolas agus feasacht shonrach acu maidir leis an timpeallacht ar líne agus maidir le himscrúduithe chun táirgí neamhchomhlíontacha a dhíoltar ar líne a bhrath.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis faireachais margaidh náisiúnta a ngníomhaíochtaí maidir le táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne ar na bealaí seo a leanas:
(a) go réamhghníomhach, trí rialú a dhéanamh ar chatagóirí áirithe táirgí nó oibreoirí eacnamaíocha áirithe, bunaithe ar chritéir agus tosaíochtaí a bhaineann le rioscaí a leagtar amach i straitéis náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 13; agus
(b) go frithghníomhach, trí fhaireachán a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le neamhchomhlíonadh féideartha táirgí a dhíoltar ar líne, ag cur san áireamh gearáin ó thomhaltóirí, faisnéis a fhaightear ó údaráis eile, ó oibreoirí eacnamaíocha agus ó na meáin, mar aon le foinsí eile faisnéise.
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Airteagal 12b
Faireachán agus meastóireacht ar na húdaráis faireachais margaidh
1. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar a n-údaráis faireachais margaidh náisiúnta go tráthrialta chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo ar bhonn leanúnach.
2. I gcás nach gcomhlíonann údarás faireachais margaidh náisiúnta ceanglais an Rialacháin seo, nó i gcás ina mainníonn air a oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na gníomhartha iomchuí nó áiritheoidh sé go ndéanfar na gníomhartha iomchuí.
3. Beidh údaráis faireachais margaidh náisiúnta faoi réir meastóireacht piaraí i ndáil le gníomhaíochtaí faireachais margaidh ar tháirgí a dhéanann siad de bhun an Rialacháin seo chun a mheas an gcomhlíonann na húdaráis faireachais margaidh sin ceanglais an Rialacháin seo, chun cuidiú leo agus chun treoir a thabhairt chun a ngníomhaíochtaí a neartú agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú.
4. Cumhdófar le meastóireachtaí piaraí na measúnuithe ar na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag údaráis faireachais margaidh, go háirithe na nósanna imeachta chun seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh na dtáirgí atá faoi réir reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, sásraí cumarsáide agus comhair le húdaráis faireachais margaidh eile agus le húdaráis ábhartha eile, inniúlacht an phearsanra, cruinneas na seiceálacha agus an mhodheolaíocht chigireachta chomh maith le cruinneas na dtorthaí. Déanfar a mheas freisin sa mheastóireacht piaraí an bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis faireachais margaidh i dtrácht chun a ndualgais a fheidhmiú mar a cheanglaítear in Airteagal 11(4).
5. Déanfaidh dhá údarás faireachais margaidh ó Bhallstáit eile agus ón gCoimisiún meastóireacht piaraí ar údarás faireachais margaidh agus déanfar í uair amháin gach cúig bliana ar a laghad.
6. Agus aird chuí á tabhairt ar thuairimí an Líonra arna bhunú faoi Airteagal 31, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62a maidir le plean a leagan amach do na meastóireachtaí piaraí lena gcumhdófar cúig bliana ar a laghad, ina leagfar síos na critéir maidir le comhdhéanamh na foirne meastóireachta piaraí, an mhodheolaíocht a úsáidfear don mheastóireacht piaraí, an sceideal, an tréimhsiúlacht agus cúraimí eile a bhaineann leis an meastóireacht piaraí.
7. Scrúdóidh an Líonra torthaí na meastóireachtaí piaraí. Tarraingeoidh an Coimisiún achoimre ar na torthaí suas agus poibleoidh sé í.
8. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún agus chuig an Líonra maidir leis an gcaoi a dtabharfaidh siad aghaidh ar aon mholtaí a áirítear i dtoradh an mheasúnaithe.
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Tarraingeoidh gach Ballstát suas straitéis náisiúnta faireachais margaidh gach 3 bliana ar a laghad. Cuirfear chun cinn leis an straitéis cur chuige comhsheasmhach cuimsitheach comhtháite maidir leis an faireachas margaidh agus maidir le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais laistigh de chríoch an Bhallstáit agus cuimseofar inti gach earnáil agus gach céim den slabhra soláthair táirgí, lena n-áirítear allmhairí agus slabhraí soláthair dhigiteacha.
1. Tarraingeoidh gach Ballstát suas straitéis náisiúnta faireachais margaidh gach 3 bliana ar a laghad. Leis an straitéis náisiúntacuirfear san áireamh na tosaíochtaí a leagtar amach i gclár oibre an Líonra arna bhunú faoi Airteagal 31 agus cuirfear chun cinn cur chuige comhsheasmhach cuimsitheach comhtháite maidir le faireachas margaidh agus maidir le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais laistigh de chríoch an Bhallstáit, lena n-áirítear faireachas margaidh ar tháirgí a dhíoltar ar líne, agus cuimseofar inti gach earnáil agus gach céim den slabhra soláthair táirgí, lena n-áirítear allmhairí agus slabhraí soláthair dhigiteacha.
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Áireofar leis an straitéis náisiúnta faireachais margaidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
2. Áireofar leis an straitéis náisiúnta faireachais margaidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) measúnú ar mar a tharla ann do tháirgí neamh-chomhlíonta, go háirithe ag cur san áireamh na rialuithe bunaithe ar riosca dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus in Airteagal 26(3), agus ar threochtaí sa mhargadh a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar rátaí neamh-chomhlíonta sna catagóirí táirge;
(a) measúnú ar mar a tharla ann do tháirgí neamhchomhlíontacha, go háirithe ag cur san áireamh na rialuithe rioscabhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus in Airteagal 26(3), táirgí a bhí faoi réir cinneadh éigeandála faoi Airteagal 13 de Threoir 2001/95/CE, agus ar threochtaí sa mhargadh a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar rátaí neamhchomhlíonta sna catagóirí táirge, lena n-áirítear, go háirithe, bagairtí agus rioscaí a bhaineann le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla agus gairis atá cumasaithe don Intleacht Shaorga;
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe b a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ba) na réimsí a sainaithníodh mar thosaíochtaí do ghníomhaíochtaí faireachais ar tháirgí a thairgtear lena ndíol ar líne, lena gcuirtear san áireamh gníomhaíochtaí faireachais margaidh réamhghníomhacha agus frithghníomhacha;
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe c
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(c) na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá beartaithe chun tarlú an neamh-chomhlíonta a laghdú sna réimsí sin a sainaithníodh mar thosaíochtaí, lena n-áirítear, más ábhartha, na híosleibhéil rialaithe atá beartaithe do chatagóirí táirge lena mbaineann leibhéil neamh-chomhlíonta shuntasacha;
(c) na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sonracha atá beartaithe chun tarlú an neamhchomhlíonta a laghdú sna réimsí sin a sainaithníodh mar thosaíochtaí faoi phointe (b) agus pointe (ba), lena n-áirítear, más ábhartha, na híosleibhéil rialaithe atá beartaithe do chatagóirí táirge lena mbaineann leibhéil neamhchomhlíonta shuntasacha;
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Cuirfidh na Ballstáit a straitéis náisiúnta faireachais margaidh in iúl tríd an gcóras dá dtagraítear faoi Airteagal 34.
3. Cuirfidh na Ballstáit a straitéis náisiúnta faireachais margaidh in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an gcóras dá dtagraítear faoi Airteagal 34. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis atá ina straitéisí náisiúnta faireachais margaidh ar fáil go poiblí ina hiomláine nó i bpáirt, i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo.
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Tabharfaidh na Ballstáit dá n-údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí faireachais margaidh, imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin is gá le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus le haghaidh chur i bhfeidhm na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialachán seo.
1. Tabharfaidh na Ballstáit dá n-údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí faireachais margaidh, lena n-áirítear faireachas margaidh ar tháirgí góchumtha agus táirgí a dhíoltar ar líne, imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin is gá le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus le haghaidh chur i bhfeidhm reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus cuirfidh siad ar fáil dóibh na hacmhainní is gá i ndáil leis sin.
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1a. Feidhmeoidh údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí a leagtar amach san Airteagal seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a mhéid a bhaineann leis an ábhar, le cuspóir na ngníomhaíochtaí agus le cineál agus díobháil fhoriomlán nó ionchasach chás an neamhchomhlíonta, go héifeachtúil agus go héifeachtach agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear prionsabail Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, coimircí nós imeachta is infheidhme agus rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1b. D'ainneoin mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na cumhachtaí uile a thabhairt do gach údarás inniúil, ar choinníoll gur féidir gach ceann de na cumhachtaí sin a fheidhmiú go héifeachtach i gcomhréir le mír 2.
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Nuair a thabharfaidh siad cumhachtaí faoi mhír 1, lena n-áirítear cumhacht a cheanglaítear de réir mhír 3, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh an chumhacht infheidhmithe ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas de réir mar is iomchuí:
2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh an chumhacht infheidhmithe ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas de réir mar is iomchuí:
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) trí dhul ar iontaoibh údarás poiblí eile;
(b) i gcás inarb iomchuí, ar dhul ar iontaoibh údarás poiblí eile, i gcomhréir le comhroinnt na gcumhachtaí agus eagrú institiúideach agus riaracháin an Bhallstáit i dtrácht;
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe c
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(c) trí iarratas a dhéanamh le cúirteanna is inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú chun feidhmiú na cumhachta sin a fhormheas.
(c) trí iarratas a dhéanamh le cúirteanna is inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú chun feidhmiú na cumhachta sin a fhormheas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí achomharc, mura n-éiríonn leis an iarratas chun an cinneadh is gá a dheonú.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Áireofar ar na cumhachtaí a thabharfar d’údaráis faireachais margaidh faoi mhír 1 na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad:
3. Áireofar ar na cumhachtaí a thabharfar d’údaráis faireachais margaidh faoi mhír 1 na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad:
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) an chumhacht chun iniúchtaí córais a dhéanamh ar eagraíochtaí na n-oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear iniúchtaí ar aon nósanna imeachta atá i bhfeidhm acu chun comhlíonadh an Rialacháin seo agus na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme a áirithiú;
scriosta
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe c
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(c) an chumhacht chun rochtain a fháil ar aondoiciméad, sonraí nó faisnéis ábhartha a bhaineann le cás neamh-chomhlíonta, in aon fhoirm nó in aon fhormáid agus gan beann ar an meán stórála ná ar an áit ina bhfuil siad stóráilte;
(c) an chumhacht rochtain a fháil ar dhoiciméid, sonraíochtaí teicniúla, sonraí nó faisnéis ábhartha a bhaineann le cás neamhchomhlíonta, lena n-áirítear rochtain ar bhogearraí agus ar algartaim lena rialaítear an táirge, a mhéid is gá chun measúnú a dhéanamh an bhfuil táirge ag comhlíonadh an reachtaíocht comhchuibhithe ábhartha de chuid an Aontais maidir le táirgí, in aon fhoirm nó in aon fhormáid agus gan beann ar an meán stórála ná ar an áit ina bhfuil siad stóráilte;
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe d
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(d) an chumhacht chun ceangal a chur ar aon údarás poiblí, ar aon chomhlacht nó ar aon ghníomhaireacht laistigh de Bhallstát an údaráis faireachais margaidh, nó ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon fhaisnéis, aon sonraí nó aon doiciméad a sholáthar, in aon fhoirm nó in aon fhormáid agus gan beann ar an meán stórála ná ar an áit ina bhfuil siad stóráilte, ionas go mbeidh an t-údarás faireachais margaidh in ann imscrúdú a dhéanamh ar tharla aon neamh-chomhlíonadh nó an bhfuil aon neamh-chomhlíonadh ag tarlú, agus chun mionsonraí an neamh-chomhlíonta sin a fháil amach, lena n-áirítear go háirithe faisnéis, sonraí nó doiciméid atá de dhíth chun sreafaí airgeadais agus sonraí a shainaithint agus a rianú, chun aitheantas agus sonraí teagmhála na ndaoine atá páirteach i sreafaí airgeadais agus sonraí a fháil amach, agus faisnéis faoi chuntais bhainc agus faoi úinéireacht suíomhanna gréasáin a fháil amach;
(d) an chumhacht ceangal a chur ar aon údarás poiblí, ar aon chomhlacht nó ar aon ghníomhaireacht laistigh de Bhallstát an údaráis faireachais margaidh, nó ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faisnéis, sonraí nó doiciméad ábhartha a sholáthar, in aon fhoirm nó in aon fhormáid agus gan beann ar an meán stórála ná ar an áit ina bhfuil siad stóráilte, ionas go mbeidh an t-údarás faireachais margaidh in ann imscrúdú a dhéanamh ar tharla aon neamhchomhlíonadh nó an bhfuil aon neamhchomhlíonadh ag tarlú, agus chun mionsonraí an neamhchomhlíonta sin a fháil amach, lena n-áirítear go háirithe faisnéis, sonraí nó doiciméid atá de dhíth chun sreafaí airgeadais agus sonraí a shainaithint agus a rianú, chun aitheantas agus sonraí teagmhála na ndaoine atá páirteach i sreafaí airgeadais agus sonraí a fháil amach, agus faisnéis faoi chuntais bhainc agus faoi úinéireacht suíomhanna gréasáin a fháil amach, i gcás ina mbaineann an fhaisnéis, na sonraí nó an doiciméad i dtrácht le hábhar an imscrúdaithe;
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe e – pointe 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(3) chun iarraidh ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne de chuid an oibreora eacnamaíoch míniú a thabhairt ar fhíricí, ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar na cigireachta agus chun a gcuid freagraí a thaifeadadh;
(3) iarraidh ar ▌ ionadaí oibreora eacnamaíoch nó ar ▌ bhall foirne ábhartha de chuid an oibreora eacnamaíoch míniú a thabhairt ar fhíricí, ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar na cigireachta nó iad a sholáthar agus chun a gcuid freagraí a thaifeadadh;
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe f
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(f) an chumhacht chun samplaí de tháirgí a thógáil saor in aisce chun neamh-chomhlíonadh a bhrath agus chun fianaise a fháil;
(f) an chumhacht samplaí de tháirgí a thógáil saor in aisce chun neamhchomhlíonadh a bhrath agus chun fianaise a fháil a mhéid atá sé comhréireach maidir le luach an táirge agus déine an neamhchomhlíonta;
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe g
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(g) an chumhacht chun táirgí a cheannach mar cheannacháin tástála, lena n-áirítear faoi chéannacht cheilte, chun neamh-chomhlíonadh a bhrath agus chun fianaise a fháil;
(g) an chumhacht táirgí a cheannach, táirgí a dhíoltar ar líne san áireamh, mar cheannacháin tástála, lena n-áirítear faoi chéannacht cheilte, chun cigireacht a dhéanamh orthu agus chun iad a dhíthiomsú chun neamhchomhlíonadh a bhrath faoin Rialachán seo agus chun fianaise a fháil;
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe h
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(h) an chumhacht chun bearta sealadacha a dhéanamh, i gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun riosca tromchúiseach a chosc, lena n-áirítear go háirithe bearta sealadacha chun ceangal ar chur ar sholáthróirí seirbhíse óstála rochtain ar inneachar a bhaint, a dhíchumasú nó a shrianadh nó rochtain ar shuíomh gréasáin, ar sheirbhís nó ar chuntas a chur ar fionraí nó a shrianadh, nó chun ceangal a chur ar chlárlanna nó ar chláraitheoirí fearainn ainm fearainn láncháilithe a chur ar feitheamh ar feadh tréimhse ama shonrach;
(h) an chumhacht bearta a ghlacadh, nuair atá údar cuí leo agus nuair atá siad comhréireach agus i gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun riosca tromchúiseach a chosc, lena n-áirítear go háirithe bearta chun ceangal ar chur ar sholáthraithe seirbhíse óstála rochtain ar inneachar a bhaint, a dhíchumasú nó a shrianadh ina hiomláine nó i bpáirt nó rochtain ar shuíomh gréasáin, ar sheirbhís nó ar chuntas a chur ar fionraí nó a shrianadh, nó chun ceangal a chur ar chlárlanna nó ar chláraitheoirí fearainn ainm fearainn láncháilithe a chur ar feitheamh ar feadh tréimhse ama shonrach;
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe j
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(j) an chumhacht chun féachaint chun gealltanas a fháil ó oibreoir eacnamaíoch chun deireadh a chur le cás neamh-chomhlíonta;
(j) an chumhacht féachaint chun gealltanas a fháil, nó chun glacadh le gealltanas, ó oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as neamhchomhlíonadh chun deireadh a chur le cás neamhchomhlíonta;
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe l
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(l) an chumhacht chun pionóis a ghearradh ar oibreoir eacnamaíoch, lena n-áirítear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, as neamh-chomhlíonadh nó as mainneachtain cloí le haon chinneadh, aon ordú, aon bheart sealadach nó aon bheart eile a rinne an t-údarás faireachais margaidh;
(l) an chumhacht pionóis a ghearradh ar oibreoir eacnamaíoch, lena n-áirítear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, as neamhchomhlíonadh nó as mainneachtain cloí le haon chinneadh, aon ordú, aon bheart a rinne an t-údarás faireachais margaidh;
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Beidh na cumhachtaí a leagtar amach i bpointe (h) den mhír seo á bhfeidhmiú leis an iarratas chun na gcúirteanna i gcomhréir le pointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo.
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. Foilseoidh na húdaráis faireachais margaidh aon ghealltanais a thabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha dóibh, mionsonraí aon ghníomhaíochta ceartaithí a rinne oibreoirí eacnamaíocha ina gcríoch, agus mionsonraí aon bheart sealadach a rinne an t-údarás faireachais margaidh ábhartha de bhun an Rialacháin seo.
4. Foilseoidh na húdaráis faireachais margaidh, i gcás ina measann siad é a bheith ábhartha don phobal i gcoitinne, aon ghealltanais a thabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha dóibh, mionsonraí aon ghníomhaíochta ceartaithí a rinne oibreoirí eacnamaíocha ina gcríoch, agus mionsonraí aon bheart a rinne an t-údarás faireachais margaidh ábhartha de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 12(4) den Rialachán seo, lena n-áiritheofar féidearthacht do na hoibreoirí eacnamaíocha trácht a dhéanamh ar an bhfaisnéis, arna cur in iúl dóibh, sula bhfoilseofar í.
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Feidhmeoidh na húdaráis faireachais margaidh a gcuid cumhachtaí i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.
scriosta
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 – fomhír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh seiceálacha iomchuí ar shaintréithe táirgí ar scála cuí, trí sheiceálacha doiciméadacha agus, más iomchuí, trí rialuithe fisiceacha agus saotharlainne ar bhonn sampla ionadaíoch.
Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh seiceálacha iomchuí ar shaintréithe táirgí ar scála cuí agus le minicíocht leormhaith, trí sheiceálacha doiciméadacha agus, más iomchuí, trí rialuithe fisiceacha agus saotharlainne leordhóthanacha ar bhonn samplaí ionadaíochaleordhóthanacha.
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 – fomhír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Agus cinneadh á dhéanamh faoi na seiceálacha atá le déanamh agus faoina scála, cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh san áireamh, go háirithe, prionsabail sheanbhunaithe an mheasúnaithe riosca agus gearáin.
Agus cinneadh á dhéanamh faoi na seiceálacha atá le déanamh, faoi na cineálacha táirgí a ndéanfar seiceálacha orthu agus faoina scála, cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh san áireamh, go háirithe, prionsabail sheanbhunaithe an mheasúnaithe riosca, gearáin agus faisnéis ábhartha eile.
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 – fomhír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
I gcás ina soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha tuarascálacha tástála nó deimhnithe lena bhfianaítear comhréireacht a dtáirgí le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais arna n-eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta, tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh aird chuí ar na tuarascálacha nó ar an deimhnithe.
I gcás ina soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha tuarascálacha tástála nó deimhnithe lena bhfianaítear comhréireacht a dtáirgí le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais arna n-eisiúint ag comhlachtum measúnú comhréireachta, arna chreidiúnú de bhun Rialachán Uimh 765/2008, tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh aird chuí ar na tuarascálacha nó ar na deimhnithe.
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1a. Chun críche mhír 1, i gcomhthéacs meastóireacht a dhéanamh ar an táirge, cuirfidh údaráis faireachais margaidh san áireamh freisin a mhéid a chomhlíonann táirge na nithe seo a leanas:
(a) aon cheanglais a leagtar síos i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, nó de bhun na reachtaíochta sin, a bhfuil feidhm acu maidir leis an táirge agus a bhaineann leis an riosca ionchasach atá á bhreithniú;
(b) aon chaighdeáin Eorpacha ábhartha nó sonraíochtaí teicniúla eile ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Má chomhlíonann táirge na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), toimhdeofar go ndéanann an táirge sin na leasanna poiblí lena mbaineann na ceanglais sin a chosaint go leormhaith. Ní chuirfidh sé sin cosc ar údaráis faireachas margaidh gníomh a dhéanamh faoin Rialachán seo, áfach, má tá fianaise ann go bhfuil riosca ag baint leis an táirge, d’ainneoin an chomhlíonta sin.
Maidir leis an bhféidearthacht leibhéal cosanta níos airde a bhaint amach do leasanna an phobail lena mbaineann nó fáil a bheith ar tháirgí eile lena soláthraítear leibhéal níos airde cosanta, ní bheidh an fhéidearthacht sin mar fhorais, inti féin, lena mheas go bhfuil riosca ag baint le táirge.
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1b. Maidir le táirgí áirithe nó catagóir táirgí áirithe, i gcás inar sainaithníodh rioscaí sonracha nó sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais is infheidhme go leanúnach, agus chun ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta nó leasanna poiblí eile arna gcosaint ag an reachtaíocht sin a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, agus aird chuí á tabhairt aige ar thuairimí an Líonra arna bhunú faoi Airteagal 31, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62a, chun coinníollacha aonfhoirmeacha seiceálacha a mheas, critéir chun minicíocht na seiceálacha agus méid na samplaí atá le seiceáil i dtaca leis na táirgí sin nó catagóir na dtáirgí a mheas ar leibhéal an Aontais.
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. I gcás ina gcinnfidh údaráis faireachais margaidh Ballstáit amháin táirge a tharraingt siar a mhonaraítear i mBallstát eile, cuirfidh siad an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann ar an eolas gan mhoill.
3. I gcás ina gcinnfidh údaráis faireachais margaidh Ballstáit amháin táirge a tharraingt siar a mhonaraítear i mBallstát eile, nó a chuirtear ar an margadh i mBallstát eile, cuirfidh siad an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann ar an eolas gan mhoill.
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Urramóidh na húdaráis faireachais margaidh prionsabal na rúndachta nuair is gá chun rúin ghairmiúla agus tráchtála a chosaint nó chun sonraí pearsanta a chaomhnú de bhun na reachtaíochta náisiúnta, faoi réir an cheanglais faisnéis a phoibliú an oiread agus is féidir chun leasanna na n-úsáideoirí deiridh san Aontas a chosaint.
Áiritheoidh na húdaráis faireachais margaidh na ráthaíochtaí is déine ó thaobh rúndachta de agus ó thaobh rúin ghairmiúla agus tráchtála de agus déanfaidh siad sonraí pearsanta a chaomhnú de bhun na reachtaíochta náisiúnta, faoi réir an cheanglais faisnéis a phoibliú an oiread agus is féidir chun leasanna na n-úsáideoirí deiridh san Aontas a chosaint.
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír -1 (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
-1. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh bearta iomchuí, lena n-áirítear a áirithiú go gcuirfear toirmeasc nó srian ar tháirge a chur ar fáil ar an margadh nó go dtarraingeofar siar nó go n-aisghairfear táirge ón margadh, más rud é, i gcás ina mbeadh an táirge á úsáid i gcomhréir leis an gcuspóir dár ceapadh é nó i ndálaí a mbeadh coinne leo go réasúnta agus é suiteáilte go cuí agus an chothabháil chuí déanta air, go sásófaí ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) is baolach go gcuirfeadh an táirge sláinte nó sábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh i gcontúirt;
(b) ní chloíonn an táirge leis na ceanglais is infheidhme faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais;
(c) tá an táirge góchumtha.
Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis faireachais margaidh iarraidh ar oibreoir eacnamaíoch faisnéis a sholáthar maidir le cé na samhlacha táirgí eile a bhfuil na gnéithe céanna acu is atá ag an táirge i dtrácht atá ábhartha do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais.
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír -1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
-1a. Gan dochar do mhír -1, cuirfidh údaráis faireachais margaidh de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur le neamhchomhlíonadh foirmiúil na gceanglas riaracháin a leagtar amach i reachtaíocht comhchuibhithe ábhartha an Aontais nach n-eascraíonn sárú ar na gnéithe bunriachtanacha a leagtar amach sa reachtaíocht seo as. I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh foirmiúil sin, áfach, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta iomchuí uile is gá chun infhaighteacht an táirge ar an margadh a thoirmeasc nó a chosc nó chun a áirithiú go n-aisghairfear é nó go dtarraingeofar siar é ón margadh.
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Sula nglacfar nó sula ndéanfar beart, cinneadh nó ordú dá dtagraítear i mír 1, tabharfar deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann éisteacht a fháil laistigh de thréimhse iomchuí nach lú ná 10 lá, ach amháin mura féidir an deis sin a thabhairt dó mar gheall ar phráinne an bhirt, an chinnidh nó an ordaithe, bunaithe ar na riachtanais sláinte nó sábháilteachta nó ar fhorais eile a bhaineann leis na leasanna poiblí a chumhdaítear leis an reachtaíocht comhchuibhithe ábhartha de chuid an Aontais.
Sula nglacfar nó sula ndéanfar beart, cinneadh nó ordú dá dtagraítear i mír 1, tabharfar deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann éisteacht a fháil laistigh de thréimhse iomchuí nach lú ná 10 lá oibre, ach amháin mura féidir an deis sin a thabhairt dó mar gheall ar phráinne an bhirt, an chinnidh nó an ordaithe, bunaithe ar na riachtanais sláinte nó sábháilteachta nó ar fhorais eile a bhaineann leis na leasanna poiblí a chumhdaítear le reachtaíocht comhchuibhithe ábhartha an Aontais.
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3a. Gan dochar d’Airteagal 18(1), i gcás ina ndéantar na táirgí a tharraingt siar, a aisghairm, a thoirmeasc nó a shrianadh, áiritheoidh an t-údarás faireachais margaidh go gcuirfear an Coimisiún, na Ballstáit eile agus úsáideoirí deiridh ar an eolas dá réir, tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 34 freisin.
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh bearta chun táirgí a mbaineann riosca tromchúiseach leo a aisghairm nó a tharraingt siar, nó chun toirmeasc a chur ar a gcur ar fáil ar an margadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta sin gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 19.
1. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh bearta láithreach chun aisghairm nó tarraingt siar a dhéanamh ar tháirgí a mbaineann riosca tromchúiseach leo do shábháilteacht nó do sláinte daoine, nó do leasanna poiblí eile arna gcosaint le reachtaíocht comhchuibhithe ábhartha an Aontais i ndáil leis na táirgí sin, nó chun toirmeasc a chur ar a gcur ar fáil ar an margadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta sin gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 19.
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Más rud é gur cuireadh táirge lena mbaineann riosca tromchúiseach ar fáil ar an margadh, tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh fógra don Choimisiún faoi aon bhearta deonacha arna ndéanamh agus arna gcur in iúl ag oibreoir eacnamaíoch.
2. Más rud é gur cuireadh táirge lena mbaineann riosca tromchúiseach ar fáil ar an margadh, tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh fógra láithreach don Choimisiún faoi aon bhearta deonacha arna ndéanamh agus arna gcur in iúl ag oibreoir eacnamaíoch.
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Féadfaidh an Coimisiún saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú do tháirgí sonracha nó do chatagóir nó grúpa táirgí sonrach nó rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir nó grúpa táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh.
1. Féadfaidh an Coimisiún, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an Líonra arna bhunú faoi Airteagal 31, saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú do tháirgí sonracha nó do chatagóir nó grúpa táirgí sonrach nó rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir nó grúpa táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh, lena n-áirítear na táirgí sin nach bhfuil saoráidí ag na Ballstáit chun tástáil a dhéanamh orthu ar a gcríoch.
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1a. Fónfaidh saoráidí tástála an Aontais don chuspóir a áirithiú gurb ann d’acmhainn leordhóthanach saotharlainne, iontaofacht agus comhsheasmhacht tástála chun críocha faireachais margaidh laistigh den Aontas.
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3a. Ní dhéanfaidh bunú saoráidí tástála an Aontais difear do shaoirse na n-údarás faireachais margaidh saoráidí tástála a roghnú chun críche a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh.
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. Déanfaidh saoráidí tástála an Aontais, laistigh dá réimse inniúlachta, na cúraimí seo a leanas ar a laghad:
4. Déanfaidh saoráidí tástála an Aontais, laistigh dá réimse inniúlachta, na cúraimí seo a leanas ar a laghad:
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4 – pointe a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) tástáil táirgí a dhéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí agus imscrúduithe faireachais margaidh;
(a) tástáil ▌ a dhéanamh ar tháirgí sonracha nó ar chatagóir nó grúpa sonrach táirgí nó ar rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir nó grúpa táirgí i ndáil le gníomhaíochtaí agus imscrúduithe faireachais margaidh, arna iarraidh sin don Choimisiún, don Líonra arna bhunú faoi Airteagal 31 nó d’údaráis faireachais margaidh;
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) cuidiú le réiteach díospóidí idir údaráis faireachais margaidh na mBallstát, oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí measúnaithe comhréireachta;
scriosta
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4a. Glacfaidh na húdaráis faireachais margaidh, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, leis na tuarascálacha tástála arna n-eisiúint ag saoráidí tástála an Aontais.
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar na nósanna imeachta le haghaidh ainmniú saoráidí tástála an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar na nósanna imeachta maidir le hainmniú, feidhmiú agus maoiniú saoráidí tástála an Aontais, agus ina mbunófar an nós imeachta achomhairc iomchuí i ndáil lena gcúraimí de bhun mhír 4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63.
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Féadfaidh na húdaráis faireachais margaidh táillí riaracháin a ghearradh ar oibreoirí eacnamaíocha i dtaca le cásanna neamh-chomhlíonadh an oibreora eacnamaíoch sin ionas go bhféadfaidh na húdaráis costais a ngníomhaíochtaí a ghnóthú i ndáil leis na cásanna neamh-chomhlíonta sin. Ar na costais is féidir a áireamh ar na costais sin tá, na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh chun críocha measúnaithe riosca, na costais a bhaineann le bearta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 30(1) agus (2) agus costais a ngníomhaíochtaí maidir le táirgí a chinntear a bheith neamh-chomhlíontach agus atá faoi réir gníomhaíocht cheartaitheach sula scaoiltear i saorchúrsaíocht iad.
2. Féadfaidh na húdaráis faireachais margaidh táillí riaracháin a ghearradh ar oibreoirí eacnamaíocha i dtaca le cásanna neamhchomhlíonadh an oibreora eacnamaíoch sin ionas go bhféadfaidh na húdaráis iomláine chostais a ngníomhaíochtaí a ghnóthú i ndáil leis na cásanna neamhchomhlíonta sin. I gcás ina measann údarás faireachais margaidh go bhfuil sé sin míréireach, féadfaidh sé a chinneadh nach seasfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch na costais ach i bpáirt.Beidh na costais sin comhréireach i ndáil le neamhchomhlíonadh agus féadfar a áireamh orthu na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh chun críocha measúnaithe riosca, na costais a bhaineann le bearta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 30(1) agus (2) agus costais a ngníomhaíochtaí maidir le táirgí a chinntear a bheith neamhchomhlíontach agus atá faoi réir gníomhaíocht cheartaitheach sula scaoiltear i saorchúrsaíocht iad.
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 2 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2a. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na táillí riaracháin dá dtagraítear i mír 2, arna ngearradh ag na húdaráis faireachais margaidh, a úsáid chun gníomhaíochtaí faireachais margaidh breise na n-údarás sin a mhaoiniú.
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír -1 (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
-1. Beidh comhar agus malartú faisnéise éifeachtúil ann idir na húdaráis faireachais margaidh laistigh de na Ballstáit agus den Aontas, agus idir údaráis faireachais margaidh agus an Coimisiún.
Leasú143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Ar iarratas ó údarás is iarratasóir, soláthróidh an t-údarás iarrtha aon fhaisnéis a mheasfaidh an t-údarás iarrtha a bheith ábhartha chun a fháil amach an bhfuil táirge neamh-chomhlíontach agus chun a áirithiú gur féidir deireadh a chur leis an neamh-chomhlíonadh.
1. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó údarás is iarratasóir, soláthróidh an t-údarás iarrtha don údarás is iarratasóir gan mhoill, agus in aon chás laistigh de 30 lá, aon fhaisnéis a mheasfaidh an t-údarás iarrtha a bheith ábhartha chun a fháil amach an bhfuil táirge neamhchomhlíontach agus chun a áirithiú gur féidir deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh.
Leasú144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Déanfaidh an t-údarás iarrtha imscrúduithe iomchuí nó aon bhearta eile is iomchuí chun an fhaisnéis riachtanach a bhailiú. Más gá, is le cúnamh ó údaráis faireachais margaidh eile a dhéanfar na himscrúduithe sin.
2. Déanfaidh an t-údarás iarrtha imscrúduithe iomchuí nó aon bhearta eile is iomchuí chun an fhaisnéis riachtanach a bhailiú. I gcás inar gá, is le cúnamh ó údaráis faireachais margaidh eile a dhéanfar na himscrúduithe sin. Coinneoidh an t-údarás iarrtha an t-údarás is iarratasóir ar an eolas faoi na bearta arna ndéanamh i leith na hiarrata sin.
Leasú145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3a. Agus é ag soláthar na faisnéise don údarás is iarratasóir de bhun mhír 1, urramóidh an t-údarás iarrtha prionsabal na rúndachta chun rúin ghairmiúla agus tráchtála a chosaint nó chun sonraí pearsanta a chaomhnú de bhun na reachtaíochta náisiúnta.
Leasú146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 4
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. Freagróidh an t-údarás iarrtha an t-iarratas faoi mhír 1 ag baint úsáid as an nós imeachta agus laistigh de na teorainneacha ama a shonróidh an Coimisiún de réir mhír 5.
scriosta
Leasú147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar na teorainneacha ama, na foirmeacha caighdeánacha agus sonraí eile an nós imeachta atá le húsáid chun iarratais ar fhaisnéis faoi mhír 1 a dhéanamh agus a fhreagairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63.
scriosta
Leasú148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Ar iarratas ó údarás is iarrthóir, déanfaidh an t-údarás iarrtha gan mhoill gach beart forfheidhmiúcháin is gá ag baint úsáid as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, chun deireadh a chur le cás neamh-chomhlíonta.
1. I gcás inar gá bearta a dhéanamh laistigh de dhlínse Ballstáit eile chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh maidir leis an táirge, féadfaidh údarás is iarratasóir iarraidh chuí-réasúnaithe ar bhearta forfheidhmiúcháin a chur chuig údarás iarrtha sa Bhallstát sin. Sa chás sin déanfaidh an t-údarás iarrtha, gan mhoill, gach beart forfheidhmiúcháin is gá ag baint úsáid as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo chun deireadh a chur le cás neamhchomhlíonta trí na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 14 agus aon chumhachtaí breise arna ndeonú dó faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú, lena n-áirítear pionóis a fhorchur.
Leasú149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 3 – fomhír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Go rialta agus gan moill mhíchuí, cuirfidh an t-údarás iarrtha an t-údarás is iarratasóir ar an eolas, agus rachaidh sé i gcomhairle leis, faoi na bearta dá dtagraítear i mír 2 a rinneadh nó atáthar a bheartú a dhéanamh.
Cuirfidh an t-údarás iarrtha an t-údarás is iarratasóir ar an eolas faoi na bearta dá dtagraítear i mír 2 a rinneadh nó atáthar a bheartú a dhéanamh. Féadfaidh an t-údarás iarrtha dul i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir faoi na bearta sin aon uair a mheasann sé go bhfuil gá leis.
Leasú150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 3 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Déanfaidh an t-údarás iarrtha fógra a thabhairt gan mhoill don údarás is iarratasóir, d'údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile, agus don Choimisiún faoi na bearta a rinne sé agus faoin tionchar a bhí acu ar an neamh-chomhlíonadh i gceist. Déanfar an fógra ag baint úsáid as an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 34, agus áireofar leis an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
Déanfaidh an t-údarás iarrtha fógra a thabhairt don údarás is iarratasóir, d’údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile, agus don Choimisiún faoi na bearta a rinne sé agus faoin tionchar a bhí acu ar an neamhchomhlíonadh i gceist. Déanfar an fógra ag baint úsáid as an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 34.
Leasú151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 3 – fomhír 2 – pointe a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) ar forchuireadh bearta sealadacha;
scriosta
Leasú152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 3 – fomhír 2 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) ar scoireadh den neamh-chomhlíonadh;
scriosta
Leasú153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 3 – fomhír 2 – pointe c
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(c) ar gearradh pionóis agus, más rud é gur gearradh, cé na pionóis;
scriosta
Leasú154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 3 – fomhír 2 – pointe d
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(d) ar cuireadh bearta eile chun feidhme a rinne an t-údarás iarrtha nó an t-oibreoir eacnamaíoch.
scriosta
Leasú155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 4
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. Freagróidh an t-údarás iarrtha an t-iarratas faoi mhír 1 ag baint úsáid as an nós imeachta agus laistigh de na teorainneacha ama a shonróidh an Coimisiún de réir mhír 5.
scriosta
Leasú156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar na teorainneacha ama, na foirmeacha caighdeánacha agus sonraí eile na nósanna imeachta atá le húsáid chun iarratais ar fhorfheidhmiúchán faoi mhír 1 a dhéanamh agus a fhreagairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63.
scriosta
Leasú157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Soláthróidh an t-údarás is iarratasóir go leor faisnéise, i gcás iarratas ar chúnamh frithpháirteach faoi Airteagal 22 nó faoi Airteagal 23, ionas gur féidir leis an údarás iarrtha an t-iarratas a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon fhianaise riachtanach nach féidir a fháil ach i mBallstát an údaráis is iarratasóir.
1. Soláthróidh an t-údarás is iarratasóir gach faisnéis atá ar fáil, i gcás iarrataí ar chúnamh frithpháirteach faoi Airteagal 22 nó faoi Airteagal 23, ionas gur féidir leis an údarás iarrtha an iarraidh a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon fhianaise riachtanach nach féidir a fháil ach i mBallstát an údaráis is iarratasóir.
Leasú158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Seolfaidh an t-údarás is iarratasóir iarratais ar chúnamh frithpháirteach faoi Airteagal 22 nó faoi Airteagal 23 chuig oifig idirchaidrimh aonair Bhallstát an údaráis iarrtha, agus chuig oifig idirchaidrimh aonair Bhallstát an údaráis is iarratasóir freisin chun críocha faisnéise. Déanfaidh oifig idirchaidrimh aonair Bhallstát an údaráis iarrtha na hiarratais a chur ar aghaidh chuig an údarás inniúil iomchuí, gan moill mhíchuí.
2. Seolfaidh an t-údarás is iarratasóir iarrataí ar chúnamh frithpháirteach faoi Airteagal 22 nó faoi Airteagal 23 chuig an údarás iarrtha, agus chuig oifigí idirchaidrimh aonair Bhallstáit an údaráis is iarratasóir agus an údaráis iarrthaaraon freisin chun críocha faisnéise.
Leasú159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Na táirgí a mheastar a bheith neamh-chomhlíontach ar bhonn cinneadh an údaráis faireachais margaidh i mBallstát amháin, glacfaidh na húdaráis faireachais margaidh i mBallstát eile leis go bhfuil siad neamh-chomhlíontach, ach amháin más féidir le hoibreoirí eacnamaíocha fianaise dá mhalairt a sholáthar.
3. Gan dochar d’aon nós imeachta coimirce de bhun reachtaíocht comhchuibhithe is infheidhme an Aontais, na táirgí a mheastar go bhfuil siad neamhchomhlíontach ar bhonn cinneadh ó údarás faireachais margaidh i mBallstát amháin, glacfaidh na húdaráis faireachais margaidh i mBallstát eile leis go bhfuil siad neamhchomhlíontach, ach amháin má tá fianaise shoiléir dá mhalairt ag údarás faireachais margaidh ábhartha i mBallstát eile a fuarthas óna imscrúdú féin nó a chuir oibreoir eacnamaíoch ar fáil. Déanfaidh an Líonra, a bhunaítear faoi Airteagal 31, plé gan mhoill ar léirmhínithe éagsúla na mBallstát éagsúil maidir leis an táirge céanna.
Leasú160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 5 – fomhír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais agus atá á stóráil go sealadach nó atá curtha faoi nós imeachta custaim nach scaoileadh i saorchúrsaíocht é, i gcás ina mbeidh cúis ag na húdaráis custaim ag an gcéad phointe iontrála a chreidiúint go mbaineann riosca leo, cuirfidh na húdaráis custaim sin an fhaisnéis uile is ábhartha ar aghaidh chuig oifig chustaim inniúil an chinn scríbe.
Maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais agus atá á stóráil go sealadach nó atá curtha faoi nós imeachta custaim nach scaoileadh i saorchúrsaíocht é, i gcás ina mbeidh cúis ag na húdaráis chustaim ag an gcéad phointe iontrála a chreidiúint nach gcomhlíonann na táirgí sin reachtaíocht is infheidhme an Aontais nó go mbaineann riosca leo, cuirfidh na húdaráis chustaim sin an fhaisnéis uile is ábhartha ar aghaidh chuig oifig chustaim inniúil an chinn scríbe.
Leasú161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 5 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5a. I gcás ina mbeidh cúis ag na húdaráis chustaim i mBallstát amháin a chreidiúint go bhféadfadh táirge a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach a bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais i mBallstát eile, cuirfidh siad gach faisnéis ábhartha, gan mhoill, chuig oifigí inniúla custaim na mBallstát eile.
Leasú162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 7 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit sonraí staidrimh faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na rialuithe a rinne na húdaráis arna n-ainmniú faoi mhír 1 i dtaca le táirgí atá faoi réir reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais le linn na bliana féilire roimhe sin, lena n-áirítear sonraí faoin méid seo a leanas:
Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit sonraí mionsonraithe staidrimh faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na rialuithe a rinne na húdaráis arna n-ainmniú faoi mhír 1 i dtaca le táirgí atá faoi réir reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais le linn na bliana féilire roimhe sin, lena n-áirítear sonraí faoin méid seo a leanas:
Leasú163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 7 – fomhír 1 – pointe a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) líon na n-idirghabhálacha i réimse na rialuithe ar an táirgí sin, lena n-airítear sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí;
(a) líon agus cineálacha na n-idirghabhálacha i réimse na rialuithe ar na táirgí sin, lena n-airítear sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí;
Leasú164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 7 – fomhír 1 – pointe d
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(d) saintréithe aon táirge a chinneadh a bheith neamh-chomhlíontach.
(d) cineálacha agus saintréithe aon táirge a cinneadh go bhfuil sé neamhchomhlíontach.
Leasú165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 7 – fomhír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas gach bliain faoin 30 Meitheamh ina mbeidh an fhaisnéis a chuir na Ballstáit faoina bhráid don bhliain féilire roimhe sin. Is sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 34 a fhoilseofar an tuarascáil.
Tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas gach bliain faoin 30 Meitheamh ina mbeidh an fhaisnéis a chuir na Ballstáit faoina bhráid don bhliain féilire roimhe sin, lena n-áirítear anailís ar na hoibríochtaí custaim agus nósanna imeachta forfheidhmiúcháin atá i bhfeidhm sna Ballstáit. Is sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 34 a fhoilseofar an tuarascáil.
Leasú166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 8
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
8. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach faoi riosca tromchúiseach i mBallstát a bhaineann le táirgí atá faoi réir reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais agus a allmhairítear ó thríú tír, molfaidh sé don Bhallstát lena mbaineann bearta faireachais margaidh iomchuí a dhéanamh.
8. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach faoi riosca tromchúiseach i mBallstát a bhaineann le táirgí atá faoi réir reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais agus a allmhairítear ó thríú tír, iarrfaidh sé ar an mBallstát lena mbaineann bearta faireachais margaidh iomchuí a dhéanamh.
Leasú167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 8 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
8a. Chun a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach, chun na rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais a neartú agus chun a áirithiú go bhfuil na rialuithe sin ar leibhéal éifeachtach agus aonfhoirmeach, déanfaidh an Coimisiún, agus aird chuí á tabhairt aige ar bhreithnithe an Líonra a bhunaítear faoi Airteagal 31, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62a chun cuspóirí, tagarmharcanna agus teicnící comhchoiteanna a chinneadh le haghaidh seiceálacha ar bhonn anailís chomhchoiteann riosca ar leibhéal an Aontais.
Leasú168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe d
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(d) nach bhfuil aitheantas agus sonraí teagmhála duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh i dtaca leis an táirge léirithe nó inaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 4(5);
(d) nach bhfuil ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh poist, agus sonraí teagmhála duine tagartha i dtaca leis an táirge léirithe nó inaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 4(5);
Leasú169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe d a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(da) go bhfuil an táirge góchumtha agus faoi réir na nósanna imeachta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 608/2013;
Leasú170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe e
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(e) go bhfuil cúis ann, ar fháth ar bith eile, a chreidiúint nach gcomhlíonfaidh an táirge na ceanglais a leagtar amach sa reachtaíocht comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis nuair a chuirfear ar an margadh é, nó go mbainfidh riosca tromchúiseacha leis.
(e) go bhfuil forais réasúnacha ann, ar fháth ar bith eile, a chreidiúint nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais is infheidhme maidir leis nuair a chuirfear ar an margadh é, nó go mbaineann riosca tromchúiseach leis.
Leasú171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. I gcás ina bhfuil cúis ag na húdaráis faireachais margaidh a chreidiúint nach gcomhlíonfadh táirge an reachtaíocht comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis, nó go mbainfidh riosca tromchúiseach leis, ceanglóidh siad ar na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 26(1) próiseas a scaoilte i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí.
3. I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag na húdaráis faireachais margaidh a chreidiúint nach gcomhlíonfadh táirge reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais is infheidhme maidir leis, nó go mbainfidh riosca tromchúiseach leis, ceanglóidh siad ar na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 26(1) próiseas a scaoilte i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí.
Leasú172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Malartóidh na húdaráis faireachais margaidh agus na húdaráis custaim faisnéis faoi stádas na n-oibreoirí eacnamaíocha údaraithe agus faoin teist atá orthu maidir le comhlíonadh i ndáil le sábháilteacht táirgí.
3. Malartóidh na húdaráis faireachais margaidh agus na húdaráis chustaim faisnéis faoi stádas na n-oibreoirí eacnamaíocha údaraithe agus faoin teist atá orthu maidir le comhlíonadh i ndáil le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais agus sábháilteacht táirgí. Cuirfear an fhaisnéis a mhalartófar in iúl freisin, i gcás inarb iomchuí, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).
Leasú173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 4
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. I gcás ina n-aithneofar aon neamh-chomhlíonadh i gcaitheamh na rialuithe a bhfuil tuairisc orthu sa dara fo-mhír de mhír 2, cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh láimhseáil fhabhrach dá bhforáiltear i mír 1 agus sa chéad fho-mhír de mhír 2 ar fionraí, agus iontrálfaidh siad sonraí an neamh-chomhlíonta sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 34.
4. I gcás ina sainaithneofar aon neamhchomhlíonadh i gcaitheamh na rialuithe a bhfuil tuairisc orthu sa dara fomhír de mhír 2, cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an láimhseáil fhabhrach dá bhforáiltear i mír 1 agus sa chéad fhomhír de mhír 2 ar fionraí. Cuirfidh siad na húdaráis ábhartha custaim ar an eolas faoin neamhchomhlíonadh a sainaithníodh agus iontrálfaidh siad sonraí an neamhchomhlíonta sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 34.
Leasú174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Is é cuspóir an Líonra ná fónamh mar ardán le haghaidh comhar struchtúrtha idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún agus chun cleachtais maidir le faireachas margaidh a chuíchóiriú laistigh den Aontas ionas go ndéanfaí gníomhaíochtaí faireachais margaidh níos éifeachtaí.
Leasú175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Beidh an Líonra comhdhéanta de Bhord an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí (‘Bord EUPC’), de ghrúpaí comhordaithe riaracháin agus de rúnaíocht.
1. Beidh an Líonra comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach oifig idirchaidrimh aonair dá dtagraítear in Airteagal 11, de bheirt ionadaithe ón gCoimisiún, agus a gcuid ionadaithe malartacha faoi seach, de ghrúpaí comhordaithe riaracháin agus de rúnaíocht.
Leasú176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Beidh Bord EUPC comhdhéanta d'ionadaí amháin ó gach oifig idirchaidrimh aonair dá dtagraítear in Airteagal 11, agus de bheirt ionadaithe ón gCoimisiún, agus a gcuid ionadaithe malartacha faoi seach.
scriosta
Réasúnú
Rinneadh struchtúr Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí a atheagrú agus é mar aidhm aige idirghníomhaíocht níos dinimiciúla i measc ghníomhaithe éagsúla an Líonra a áirithiú. Ionas go neartófaí comhar i measc na n-údarás faireachais margaidh agus an Choimisiúin, leagadh amach cúraimí agus cumhachtaí comhchoiteanna nua le haghaidh an Líonra agus an Choimisiúin.
Leasú177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Bunóidh an Coimisiún grúpaí comhordaithe riaracháin ar leithligh nó comhpháirteacha le haghaidh gach ionstraime de reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh gach grúpa comhordaithe riaracháin comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis faireachais margaidh inniúla agus, más iomchuí, d’ionadaithe ó na hoifigí idirchaidrimh aonair, agus d’ionadaithe ó na comhlachais ghnó ábhartha agus ó na cumainn tomhaltóirí.
3. Bunóidh an Coimisiún grúpaí comhordaithe riaracháin ar leithligh nó comhpháirteacha le haghaidh gach ionstraime de reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh gach grúpa comhordaithe riaracháin comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis faireachais margaidh náisiúnta inniúla agus, más iomchuí, d’ionadaithe ó na hoifigí idirchaidrimh aonair, agus d’ionadaithe ó na comhlachais ghnó ábhartha agus ó na cumainn tomhaltóirí. Déanfaidh an Coimisiún cruinnithe na ngrúpaí comhordaithe riaracháin a eagrú agus freastalóidh sé orthu mar bhreathnóir.
Leasú178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
I gcruinnithe an Líonra, déanfar ionadaíocht ar na grúpaí comhordaithe riaracháin ar bhonn an eolais agus na taithí ar leith is gá i gcomhréir leis an ábhar i dtrácht.
Leasú179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 4
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. Beidh an rúnaíocht comhdhéanta de bhaill foirne de chuid an Choimisiúin.
4. Beidh an rúnaíocht comhdhéanta de bhaill foirne de chuid an Choimisiúin. Déanfaidh sí cruinnithe an Líonra a eagrú agus tabharfaidh sí tacaíocht theicniúil agus lóistíochta dó.
Leasú180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Féadfaidh an Coimisiún freastal ar na cruinnithe de na grúpaí comhordaithe riaracháin.
scriosta
Leasú181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 5 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5a. Tiocfaidh an Líonra le chéile ar bhonn rialta agus, más gá, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát.
Leasú182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 5 b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5b. Féadfaidh an Líonra foghrúpaí sealadacha nó buana a bhunú chun díriú ar shaincheisteanna agus ar chúraimí sonracha.
Leasú183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 5 c (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5c. Déanfaidh an Líonra a dhícheall cinntí a dhéanamh le comhthoil. Mura féidir teacht ar chomhthoil, glacfaidh an Líonra a sheasamh trí thromlach simplí a mball.
Leasú184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 5 d (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5d. Féadfaidh an Líonra cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do thríú páirtithe eile, lena n-áirítear na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leas na hearnála tionsclaíochta, fiontair bheaga agus mheánmhéide, tomhaltóirí, saotharlanna agus comhlachtaí um mheasúnú comhréireachta ar leibhéal an Aontais, freastal ar chruinnithe mar bhreathnóirí nó aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn.
Leasú185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 5 e (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5e. Déanfar cruinnithe an Líonra mar aon le cruinnithe na ngrúpaí comhordaithe riaracháin a reáchtáil ar bhealach trédhearcach.
Leasú186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír -1 (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
-1. Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Líonra:
(a) a chlár oibre débhliantúil a ghlacadh, lena ndéanfar, inter alia, tosaíochtaí le haghaidh comhghníomhaíochtaí faireachais margaidh, lena n-áirítear na comhghníomhaíochtaí maidir le faireachas margaidh ar líne, agus réimsí tosaíochta nó catagóirí táirgí a shainiú;
(b) rialacha nós imeachta a ghlacadh dó féin agus d’fheidhmiú na ngrúpaí comhordaithe riaracháin;
(c) athbhreithniú agus plé rialta a dhéanamh ar mhodheolaíocht ghinearálta um measúnú riosca d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach í;
(d) treoirlínte earnálacha a ullmhú le haghaidh seiceálacha ar shaintréithe na dtáirgí atá faoi réir an Rialacháin seo;
(e) plé a dhéanamh ar choinníollacha aonfhoirmeacha seiceálacha, na critéir chun minicíocht na seiceálacha agus méid na samplaí atá le seiceáil i dtaca le táirgí áirithe dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a chinneadh, i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar síos i mír -1(a), mar aon leis na cuspóirí, tagarmharcanna agus teicnící comhchoiteanna le haghaidh seiceálacha i dtaca le rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 26(8a);
(f) malartú faisnéise a éascú maidir le táirgí neamhchomhlíontacha, forbairtí nua eolaíocha agus teicneolaíochtaí nua, rioscaí atá ag teacht chun cinn, agus gnéithe eile atá ábhartha i dtaca le gníomhaíochtaí rialaithe agus maidir le cur chun feidhme straitéisí agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh;
(g) comhordú agus faireachán a áirithiú i dtaobh na ngrúpaí comhordaithe riaracháin agus a gcuid gníomhaíochtaí;
(h) cúnamh a thabhairt, arna iarraidh sin do Bhallstát, do tharraingt suas agus do chur chun feidhme na meabhrán tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 8;
(i) feidhmiú éifeachtach an chórais meastóireachta piaraí a éascú idir údaráis faireachais margaidh agus an Coimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 12b, agus scrúdú agus faireachán a dhéanamh ar thorthaí na meastóireachtaí sin;
(j) anailís a dhéanamh ar dhíospóidí idir údaráis faireachais margaidh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, scrúdú a dhéanamh ar aon cheist eile ina thaobh sin agus treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais a ghlacadh chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus léirmhíniú aonfhoirmeach an Rialacháin seo a spreagadh, lena n-áirítear trí mhodheolaíocht chomhchoiteann a chruthú chun pionóis a shainiú agus a shocrú;
(k) plé a dhéanamh ar conas is féidir bealaí leordhóthanacha maoiniúcháin agus aisghabhála costas maidir le faireachas margaidh san Aontas a áirithiú agus moltaí a dhéanamh faoi mhaoiniú na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 36;
(l) comhoibriú le líonraí agus grúpaí ábhartha eile a chur chun cinn agus a éascú, go háirithe Faireachlann Bhlocshlabhra agus Fóram Blocshlabhra AE, d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar na deiseanna maidir le teicneolaíochtaí nua a úsáid, go háirithe blocshlabhra, chun críocha faireachais margaidh agus trédhearcachta táirgí;
(m) comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le saincheisteanna a bhaineann le forbairt bhreise RAPEX agus ICSMS.
Leasú187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) clár oibre an Líonra a ghlacadh agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme ar bhonn togra ón Rúnaíocht;
(a) faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chlár oibre an Líonra agus an Líonra a chur ar an eolas faoi chonclúid an fhaireacháin sin;
Leasú188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe f
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(f) comhar agus malartú éifeachtach faisnéise agus dea-chleachtas idir údaráis faireachais margaidh a eagrú;
(f) comhar agus malartú éifeachtach faisnéise agus dea-chleachtas idir údaráis faireachais margaidh a eagrú, agus le húdaráis chustaim chomh maith;
Leasú189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe f a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(fa) eagrú comhthionscadal i réimse an fhaireachais margaidh agus na tástála táirgí a éascú, lena n-áirítear comhthionscadail maidir leis na táirgí a dhíoltar ar líne;
Leasú190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe f b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(fb) éascaíocht a dhéanamh ar eagrú na gclár oiliúna comhchoiteann agus idirmhalartuithe pearsanra idir údaráis faireachais margaidh agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis faireachais margaidh tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
Leasú191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe j
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(j) piarmheasúnuithe agus cláir oiliúna choiteanna a eagrú, agus idirmhalartuithe pearsanra idir údaráis faireachais margaidh a éascú agus, más iomchuí, le húdaráis faireachais margaidh tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
scriosta
Leasú192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe m
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(m) scrúdú a dhéanamh, ar a dtionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhord EUPC, ar aon cheist a chumhdaíonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais a eisiúint chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a chothú, lena n-áirítear caighdeáin a shocrú maidir le pionóis íosta.
scriosta
Leasú193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe m a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ma) éascaíocht a dhéanamh ar chomhar idir údaráis faireachais margaidh, údaráis chustaim agus, i gcás inarb iomchuí, leis na húdaráis faireachas margaidh i dtríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le himscrúduithe a bhaineann le comhlíonadh táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne le húsáideoirí deiridh laistigh den Aontas.
Leasú194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Beidh na cúraimí seo a leanas ar Bhord EUPC:
scriosta
(a) na tosaíochtaí do gníomhaíochtaí coiteanna faireachais margaidh a shainiú;
(b) comhordú agus faireachán a áirithiú i dtaobh na ngrúpaí comhordaithe riaracháin agus a gcuid gníomhaíochtaí;
(c) cúnamh a thabhairt le tarraingt suas agus le cur chun feidhme na meabhrán tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 8;
(d) rialacha nós imeachta a ghlacadh dó féin agus d’fheidhmiú na ngrúpaí comhordaithe riaracháin.
Leasú195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Déanfaidh an Coimisiún córas faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt agus a chothabháil le haghaidh bailiú agus stóráil faisnéise, i bhfoirm struchtúrtha, faoi shaincheisteanna a bhaineann le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais. Beidh rochtain ar an gcóras sin ag an gCoimisiún,ag na hoifigí idirchaidrimh aonair, agus ag na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 26(1).
1. Déanfaidh an Coimisiún córas faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt agus a chothabháil le haghaidh bailiú, próiseáil agus stóráil faisnéise, i bhfoirm struchtúrtha, faoi shaincheisteanna a bhaineann le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais agus é mar aidhm leis an gcóras na sonraí sin a chomhroinnt ar fud na mBallstát agus é a chur ar chumas an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faireachais margaidh.
Beidh comhéadan poiblí ag an gcóras sin ina mbeidh faisnéis ar fáil i ngach teanga de chuid an Aontais agus lena gcuirfear úsáideoirí deiridh ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus na torthaí orthu.
Beidh rochtain ar an gcóras sin ag an gCoimisiún, ag oifigí idirchaidrimh aonair, ag údaráis faireachais margaidh agus ag údaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 26(1).
Leasú196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 2 – pointe b a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ba) an straitéis náisiúnta faireachais margaidh arna tarraingt suas ag a mBallstát de bhun Airteagal 13;
Leasú197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 3 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) aon socruithe comhpháirtíochta a rinne siad faoi Airteagal 7;
scriosta
Leasú198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 5 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5a. Leis an gcóras faisnéise beifear in ann comhaid a aistriú idir údaráis faireachais margaidh, agus is é an uirlis roghnaithe d’iarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 22.
Leasú199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis rúnda a bhaineann le faireachas margaidh a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcás ina bhfuil socruithe rúndachta atá bunaithe ar chómhalartacht tugtha i gcrích aige leis na húdaráis nó leis na heagraíochtaí sin.
1. Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an fhaireachais margaidh san Aontas, féadfaidh an Coimisiún faisnéis rúnda a bhaineann le faireachas margaidh a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcás ina bhfuil socruithe rúndachta atá bunaithe ar chómhalartacht tugtha i gcrích aige leis na húdaráis nó leis na heagraíochtaí sin.
Leasú200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1a. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar aon mhalartú faisnéise faoi mhír 1 i gcomhréir leis reachtaíocht an Aontais is infheidhme.
Leasú201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 5 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Ní féidir formheas a dheonú do thríú tír faoi mhír 3 ach amháin tar éis iniúchta laistigh den Aontas ina léirítear go sásaítear na coinníollacha seo a leanas:
5. Ní féidir formheas a dheonú do thríú tír faoi mhír 3 ach amháin tar éis iniúchtaí laistigh den tríú tír ábhartha agus den Aontas ina léirítear go sásaítear na coinníollacha seo a leanas:
Leasú202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 5 – pointe -a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(-a) tá córas éifeachtúil fíoraithe ag an tríú tír maidir le comhlíonadh na dtáirgí a onnmhairítear chuig an Aontas;
Leasú203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 9
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
9. Tarraingeoidh an Coimisiún siar formheas arna dheonú faoi mhír 3 i gcás ina bhfaighfear amach nach gcomhlíonann na táirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i líon cásanna nach beag.
9. Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar fheidhmiú cuí an fhormheasta agus tarraingeoidh sé siar formheas arna dheonú faoi mhír 3 i gcás ina bhfaighfear amach nach gcomhlíonann na táirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i líon cásanna nach beag. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit agus an tríú tír a ndéantar difear dó ar an eolas láithreach.
Leasú204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – teideal
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Infheidhmeacht Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus leasuithe ar reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 765/2008
Leasú205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15 go hAirteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis an reachtaíocht comhchuibhithe de chuid an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Scriostar Airteagal 15 go hAirteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
Leasú206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 2 – pointe a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) an staid airgeadais i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide;
scriosta
Leasú207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 2 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) cineál, tromchúis agus fad an neamh-chomhlíonta, ag cur san áireamh an díobháil a rinneadh d'úsáideoirí deiridh;
(b) cineál, tromchúis agus fad an neamhchomhlíonta, ag cur san áireamh an díobháil a rinneadh d’úsáideoirí deiridh nó do leas an phobail atá faoi chumhdach reachtaíocht comhchuibhithe ábhartha an Aontais;
Leasú208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 2 – pointe e a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ea) an staid airgeadais i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Leasú209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, gur féidir pionóis a ghearradh i gcás ina mainneoidh nó ina ndiúltóidh an t-oibreoir eacnamaíoch comhoibriú i rith rialuithe agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh.
5. Beidh an deis ag na Ballstáit gan aon phionóis a chur i bhfeidhm i gcásanna ina ndearnadh mionsáruithe foirmiúla agus i gcás ina gcuireann an t-oibreoir eacnamaíoch deireadh leis an neamhchomhlíonadh go tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit, áfach, gur féidir pionóis a ghearradh i gcás ina mainneoidh nó ina ndiúltóidh an t-oibreoir eacnamaíoch comhoibriú i rith rialuithe agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh.
Leasú210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 5 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5a. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pionóis airgeadais arna bhforchur as sáruithe ar reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a úsáid chun gníomhaíochtaí faireachais margaidh breise a mhaoiniú.
Leasú211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Faoin [31 Nollaig 2024] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo os coinne na gcuspóirí a shaothraítear leis agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Faoin [31 Nollaig 2024] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo os coinne na gcuspóirí a shaothraítear leis agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Leasú212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Measfar sa tuarascáil sin an bhfuil cuspóirí an Rialacháin seo bainte amach leis, go háirithe maidir le líon na dtáirgí neamh-chomhlíontacha ar mhargadh an Aontais a laghdú, forfheidhmiú éifeachtach éifeachtúil reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais laistigh den Aontas a áirithiú, feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis inniúla agus na rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais a neartú, agus an tionchar ar lucht gnó agus go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart measúnú a dhéanamh sa mheastóireacht ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a fhaigheann maoiniú ón Aontas i bhfianaise na gceanglas i mbeartais agus i reachtaíocht an Aontais.
Measfar sa tuarascáil sin an bhfuil cuspóirí an Rialacháin seo bainte amach, go háirithe maidir le líon na dtáirgí neamhchomhlíontacha ar mhargadh an Aontais a laghdú, forfheidhmiú éifeachtach éifeachtúil reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais laistigh den Aontas a áirithiú, feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis inniúla agus na rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais a neartú, agus an tionchar ar lucht gnó agus go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh.
Déanfar an mheastóireacht, go háirithe, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin seo, mar aon le héifeachtacht fhorálacha an Rialacháin seo maidir le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla agus gairis atá cumasaithe don Intleacht Shaorga agus i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta, eacnamaíocha agus dlíthiúla.
Ba cheart measúnú a dhéanamh sa mheastóireacht ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a fhaigheann maoiniú ón Aontas i bhfianaise na gceanglas i mbeartais agus i reachtaíocht an Aontais mar aon le scrúdú a dhéanamh ar réitigh nua margadhbhunaithe, agus moltaí a dhéanamh ina dtaobh, a d’fhéadfadh na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a chomhlánú go héifeachtach.
Leasú213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Airteagal 62a
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 12b(6), 15(1b) agus 26(8a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 12b(6), 15(1b) agus 26(8a) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 12b(6), 15(1b) agus 26(8a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
As measc na gceithre shaoirse bhunúsacha, is í an tsaorghluaiseacht earraí an ceann is forbartha. Tá an colún sin ag brath ar mhuinín na dtomhaltóirí: ní mór go mbeadh muinín ag tomhaltóirí Eorpacha go bhfuil na táirgí a cheannaíonn siad sábháilte agus comhlíontach, gan beann ar an monaróir, ar an mBallstát ina gceannaíonn siad an táirge, agus ar mhodh an cheannacháin (ceannachán traidisiúnta nó ar líne).
Taispeántar le scannail áirithe le déanaí amhail “Dieselgate” go bhfuil ann go fóill do tháirgí neamhshábháilte neamhchomhlíontacha i margadh AE, rud a leagann béim ar an ngá atá le faireachas margaidh níos éifeachtaí agus níos comhordaithe a dhéanamh san Aontas. Toisc go bhfuil táirgí ar an margadh nach gcomhlíonann reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, baintear an bonn de mhuinín na dtomhaltóirí maidir le táirgí atá ar fáil sa mhargadh ó thaobh cáilíochta, sábháilteachta, slándála nó iad a bheith neamhdhíobhálach don chomhshaol de, agus cuirtear dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair i mbaol. Leis sin, cuirtear tomhaltóirí agus leasanna poiblí eile i mbaol agus bíonn cuideachtaí a chomhlíonann na rialacha faoi mhíbhuntáiste iomaíoch.
Tá dúshláin nua d’údaráis faireachais margaidh na mBallstát agus d’institiúidí an Aontais ag baint le méadú ar allmhairithe chuig AE, méadú ar chastacht na slabhraí breisluacha, méadú ar líon na dtáirgí atá i gcúrsaíocht sa mhargadh aonair, agus méadú ar ghníomhaíochtaí ríomhthráchtála, chomh maith leis na teicneolaíochtaí nua. Tá fianaise shoiléir ann go mbeadh faireachas margaidh in AE a bheadh comhordaithe, éifeachtach agus cuí, agus é sin amháin, in ann dul i ngleic leis na dúshláin sin agus a áirithiú gurb iad táirgí sábháilte comhlíontacha amháin a shroicfidh na tomhaltóirí deiridh.
Ar an iomlán, is díol sásaimh don Rapóirtéir an “Pacáiste um Earraí” nua a thíolaic an Coimisiún agus go sonrach an togra lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais.
De bharr go bhfuil bac fós á chur le “Pacáiste um Shábháilteacht Táirgí agus um Fhaireachas Margaidh” 2013 sa Chomhairle, tá sé ag éirí níos práinní don Aontas Eorpach bheith ag brath ar chreat reachtach éifeachtach nuashonraithe maidir le faireachas margaidh agus maidir le comhlíonadh táirgí a urramú sa mhargadh aonair.
Ó thaobh an mhéid sin de, sa dréacht-tuarascáil a mhol an Rapóirtéir tacaítear le príomhfhorálacha an togra ón gCoimisiún agus déantar iad a neartú, agus déantar iarracht roinnt saincheisteanna a shoiléiriú.
Tá sé mar phríomhsprioc ag an Rapóirtéir go dtabharfaí isteach cur chuige Eorpach níos comhchuibhithe maidir le faireachas margaidh agus go n-áiritheofaí comhar ar leibhéal níos airde i measc na n-údarás faireachais margaidh náisiúnta agus na n-údarás ábhartha eile.
1. Táirgí comhlíontacha agus cothroime iomaíochta i measc oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú
Creideann an Rapóirtéir go láidir go mbeidh neartú an fhaireachais margaidh riachtanach chun a áirithiú go mbeidh táirgí sábháilte comhlíontacha, agus na táirgí sin amháin, ar fáil i margadh AE, a rannchuideoidh le feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh. Ba cheart gurb é sin is aidhm don Rialachán seo.
Aithníonn an Rapóirtéir go bhféadfadh sé go mbeadh faireachas margaidh éifeachtach mar a bhunaítear sa Rialachán seo bunriachtanach chun leasanna poiblí amhail sláinte agus sábháilteacht a choimirciú, ach chomh maith leis sin chun sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, caomhnú an chomhshaoil agus an tslándáil phoiblí a choimirciú freisin.
Tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach iomaíocht chóir agus cothroime iomaíochta i measc oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú. Chomh maith le hiarracht mhór a dhéanamh a áirithiú go bhfuil ceanglais an Aontais á gcomhlíonadh acu, bíonn an damáiste ó mhonarú nó allmhairiú earraí neamhshábháilte nó earraí neamhchomhlíontacha ag baint de ghníomhaithe ionraice margaidh ar bhonn comhchoiteann. De dheasca faireachas margaidh atá lag ní féidir cuideachtaí ionraice a chosaint agus is bagairt é ar phoist daoine. Ba cheart d’údaráis faireachais margaidh, dá bhrí sin, a áirithiú go ndéanfar táirgí neamhchomhlíontacha mar aon le táirgí neamhshábháilte a shainaithint agus a choimeád nó a thógáil den mhargadh. Is chun leasa tomhaltóirí é sin chomh maith le monaróirí ionraice, allmhaireoirí agus dáileoirí.
2. Cur chuige comhchuibhithe Eorpach maidir le faireachas margaidh a thabhairt isteach
• Comhar a threisiú i measc údaráis faireachais margaidh na mBallstát
Sa Rialachán foráiltear do shraith cumhachtaí le haghaidh údaráis faireachais margaidh, a shainítear d’fhonn a áirithiú go ndéantar reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí a fhorfheidhmiú go héifeachtach thar theorainneacha. Is díol sásaimh don Rapóirtéir forfheidhmiú chumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh, ach áitíonn an Rapóirtéir gur cheart na bearta sin a úsáid ar bhealach comhréireach agus le cur chuige rioscabhunaithe.
Ceann de phríomhphointí fócais an Rapóirtéara ná a ráthú go ndéanfaidh na húdaráis faireachais margaidh sna Ballstáit éagsúla na rialacha céanna a chur i bhfeidhm ar an mbealach céanna.
Chun é sin a dhéanamh, molann an Rapóirtéir go ndéanfaí comhchuibhiú ar an modheolaíocht agus ar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus comhchuibhiú ar sheiceálacha chun cothroime iomaíochta a áirithiú do na hoibreoirí eacnamaíocha go léir agus iomaíocht chóir a áirithiú sa mhargadh.
Tá dlúthbhaint ag an gcur chuige comhchuibhithe maidir le faireachas margaidh le meastóireacht éifeachtach idir piaraí a thabhairt isteach i gcás na n-údarás faireachais margaidh, chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha ábhartha chun feidhme agus go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú go dian agus go haonchineálach ar fud an Aontais Eorpaigh.
• Gné Eorpach a chur le Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí (Líonra EUPC)
Is díol sásaimh don Rapóirtéir bunú Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí, a bhfuil sé mar aidhm aige comhar níos fearr idir údaráis faireachais margaidh, na hinstitiúidí Eorpacha agus na hoibreoirí eacnamaíocha a chothú. Creideann an Rapóirtéir, áfach, nach ndéanann gníomhaithe éagsúla an Líonra faoi mar a shainíonn an Coimisiún iad cumarsáid leormhaith le chéile. Dá bhrí sin, is mian leis an Rapóirtéir gné fhíor-Eorpach a chur leis an Líonra agus a ról a neartú, trí chumhacht a thabhairt dó na tosaíochtaí do ghníomhaíochtaí comhchoiteanna faireachais margaidh a shainiú, coinníollacha aonfhoirmeacha seiceálacha a leagan síos maidir le táirgí áirithe, agus malartú faisnéise a éascú maidir le táirgí neamhchomhlíontacha.
3. Bearta a threisiú chun neamhchomhlíonadh a chomhrac
• Duine atá freagrach as an gcomhlíonadh
Tugann an Coimisiún an smaoineamh ‘duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh’ isteach mar choinníoll riachtanach chun na táirgí a chur ar fáil ar an margadh. Is iad na príomhchuspóirí ná reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí a fhorfheidhmiú trí bhíthin teagmhálacha maithe idir monaróirí nó a n-ionadaithe ainmnithe agus na húdaráis faireachais margaidh a áirithiú, agus dálaí córa trádála a chruthú i margadh an Aontais.
Tacaíonn an Rapóirtéir go láidir leis an smaoineamh sin agus molann sé dualgais an duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh a leathnú chun an comhlíonadh féin a chumhdach. Dá réir sin, ní fhéadfaidh táirge a bheith ar fáil ar an margadh ach amháin má tá duine ann atá freagrach as an gcomhlíonadh i leith an táirge sin. Déanann an Rapóirtéir freagrachtaí an duine atá freagrach as an gcomhlíonadh a leathnú, agus cuireann sé an fhreagracht air/uirthi teagmháil a dhéanamh leis an monaróir i gcás neamhchomhlíonta. Ar a thionscnamh/tionscnamh féin nó ar iarraidh ón údarás faireachais margaidh, beidh ar an duine atá freagrach as an gcomhlíonadh gníomhú chun an neamhchomhlíonadh a aimsíodh a réiteach.
• Bunachar sonraí comhréireachta
Tugann an Rapóirtéir smaoineamh nua isteach faoi ‘bhunachar sonraí comhréireachta’ ar líne ina mbeidh sonraí teagmhála an duine atá freagrach as an gcomhlíonadh agus dearbhú comhréireachta AE na monaróirí. Cuirfidh monaróirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile leis an mbunachar sonraí sin, agus beidh sé inrochtana d’údaráis faireachais margaidh agus don phobal i gcoitinne san Aontas Eorpach ar bhonn saor in aisce. Tá dhá bhuntáiste le bunachar sonraí mar sin: féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha an dearbhú comhréireachta agus faisnéis eile ábhartha a uaslódáil go bunachar sonraí tiomnaithe amháin, agus beidh rochtain ag údaráis agus ag an bpobal i gcoitinne ar an bhfaisnéis sin in aon áit amháin, seachas dul ag cuardach trí fhoinsí éagsúla agus trí shuíomhanna gréasáin na n-oibreoirí eacnamaíocha.
• Socruithe comhpháirtíochta um chomhlíonadh agus meabhráin tuisceana
Cuireann an Coimisiún an deis ar fáil d’údarás faireachais margaidh socrú comhpháirtíochta a dhéanamh le hoibreoir eacnamaíoch atá bunaithe ina chríoch. Tá an Rapóirtéir i gcoinne forálacha comhchuibhithe maidir le socruithe comhpháirtíochta um chomhlíonadh. Tá an Rapóirtéir den tuairim go bhféadfadh na socruithe comhpháirtíochta sin dul i gcoinne an cheanglais maidir le neamhspleáchas na n-údarás poiblí. Maidir le cúraimí na n-oibreoirí eacnamaíocha a mheascadh, tá riosca follasach coinbhleachta leasa ann nuair is gá d’údarás faireachais margaidh táirge cuideachta a sheiceáil nuair a chuir an t-údarás comhairle ar fáil don chuideachta sin roimhe sin. Thairis sin, le linn d’údarás faireachais margaidh socrú comhpháirtíochta um chomhlíonadh a dhéanamh, bainfear aird an údaráis dá phríomhchúram, is é sin chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí comhlíontacha ar an margadh. Ar na cúiseanna céanna, rinneadh na forálacha maidir le na meabhráin tuisceana dá bhforáiltear in Airteagal 8 den togra ón gCoimisiún a athdhréachtú freisin.
4. Dul i ngleic le dúshláin nua: ríomhthráchtáil agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla
Tá dúshláin áirithe ag baint leis an méadú ar ghníomhaíochtaí ríomhthráchtála maidir le sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a chosaint ar tháirgí neamhbhia contúirteacha agus ar tháirgí neamhchomhlíonta. Bíonn deacrachtaí go leor ag na húdaráis faireachais margaidh, amhail táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne a rianú, na hoibreoirí eacnamaíocha atá freagrach a shainaithint, nó measúnuithe riosca nó tástálacha sábháilteachta a dhéanamh cheal rochtain fhisiceach ar na táirgí. Níor éirigh leis an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin ina thogra. Bunaithe ar na treoirlínte ríomhthráchtála ón gCoimisiún, molann an Rapóirtéir go ndéanfadh gach Ballstát foráil i dtaca le heagrú éifeachtach na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh i ndáil le táirgí a dhíoltar ar líne agus a áirithiú go bhfuil líon iomchuí cigirí ann a dhéileálann le táirgí a dhíoltar ar líne laistigh dá n-údaráis faireachais margaidh náisiúnta.
Thairis sin, níor chuir an Coimisiún san áireamh leathadh Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT) agus líon na ngaireas nasctha a bheith ag dul i méid. Tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart aghaidh a thabhairt i gcreat rialála an Aontais ar na bagairtí slándála atá ann faoi láthair a bhaineann le gairis IoT ar féidir iad a haiceáil go héasca agus lena gcruthófar rioscaí nua ó chian dá dtoradh sin. Dá bhrí sin, tá an Rapóirtéir den dearcadh go bhfuil sé ríthábhachtach measúnú a dhéanamh ar rioscaí nua do thomhaltóirí a bhaineann le táirgí ar féidir iad a nascadh leis an Idirlíon.
IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINEÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
Déantar an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara. Tá ionchur faighte ag an rapóirtéir ó na heintitis nó na daoine seo a leanas agus an tuarascáil á hullmhú, go dtí gur glacadh í sa choiste:
Eintiteas agus/nó duine
ALIBABA
AMAZON
AMFORI
ANEC
ANIMA
APPLE
ASSOGIOCATTOLI
BEUC
BIC
BUSINESSEUROPE
CECE
CECED
CONFCOMMERCIO
CONFINDUSTRIA
DIE DEUTSCHE BAUINDUSTRIE
DIGITAL EUROPE
E-BAY
EGMF - an Chónaidhm Eorpach um Thionscal an Trealaimh Gairdín
ELECTRICAL SAFETY FIRST
EMOTA
EUROCOMMERCE
FEDERATION FRANCAISE DU COMMERCE ET DISTRIBUTION
FEDERUNACOMA
FESI – Cónaidhm Thionscal Eorpach na nEarraí Spóirt
CÓNAIDHM MHIONDÍOLA NA GEARMÁINE – HDE
IBM
INDICAM
INDUSTRIALL
LIDL STIFTUNG
LVMH
MARKENVERBAND – CUMANN BRANDAÍ NA GEARMÁINE
ORGALIME
PROSAFE
RINA Consulting
SCHNEIDER ELECTRIC
TIE - TOY INDUSTRIES OF EUROPE
UNIFAB - Union des fabricants
VDMA
AN COIMISIÚN EORPACH
BUANIONADAÍOCHT NA hOSTAIRE CHUIG AN AONTAS EORPACH
BUANIONADAÍOCHT NA GEARMÁINE CHUIG AN AONTAS EORPACH
BUANIONADAÍOCHT NA DANMHAIRGE CHUIG AN AONTAS EORPACH
BUANIONADAÍOCHT NA FRAINCE CHUIG AN AONTAS EORPACH
GNÍOMHAIREACHT CHUSTAIM NA hIODÁILE
AIREACHT FORBARTHA EACNAMAÍOCHTA NA hIODÁILE
BUANIONADAÍOCHT NA hIODÁILE CHUIG AN AONTAS EORPACH
BUANIONADAÍOCHT NA RÓMÁINE CHUIG AN AONTAS EORPACH
BUANIONADAÍOCHT NA SUALAINNE CHUIG AN AONTAS EORPACH
TUAIRIM ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (12.7.2018)
chuig an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) Uimh. 528/2012, (AE) Uimh. 2016/424, (AE) Uimh. 2016/425, (AE) Uimh. 2016/426 agus (AE) Uimh. 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha 2004/42/CE, 2009/48/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2013/53/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, 2014/68/AE agus 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cuid lárnach den mhargadh aonair le haghaidh earraí is ea sábháilteacht an tomhaltóra agus cosaint an chomhshaoil, agus tá an margadh aonair sin ar cheann de na nithe is tábhachtaí ar éirigh leis an Eoraip a bhaint amach ar mhaithe leis an tsaorghluaiseacht.
Ar fud AE, tá rialacha comhchoiteanna maidir le sábháilteacht agus an comhshaol i bhfeidhm chun saoránaigh a chosaint ar ghuaiseacha sábháilteachta, ar thruailliú agus ar dhamáiste don chomhshaol. Mar sin féin, tá an iomarca táirgí fós á ndíol ar mhargadh AE nach gcomhlíonann na rialacha dá bhforáiltear i reachtaíocht AE. Trí na táirgí neamhchomhlíontacha sin, bíonn fáil ag tomhaltóirí ar tháirgí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach dóibh, a chuireann an comhshaol i mbaol agus a dhéanann iomaíocht a shaobhadh.
Cuid de ‘phacáiste earraí’ is ea an togra le haghaidh Rialacháin a thugann aghaidh ar laigí ar leith ar mhaithe le feidhmiú an mhargaidh aonair le haghaidh earraí a fheabhsú. Is díol sásaimh don Rapóirtéir an togra le haghaidh Rialacháin arb é is aidhm dó comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a neartú. Mar sin féin, tugann an Rapóirtéir dá aire go bhfuil raon feidhme teoranta ag an Rialachán agus nach mbaineann sé ach leis na táirgí comhchuibhithe sin a liostaítear san Iarscríbhinn. I ndáil leis an reachtaíocht atá san Iarscríbhinn, tá sé mar aidhm le ‘foráil lex generalis’ aon bhaol forluí a d’fhéadfadh bheith ann a sheachaint nó forálacha atá ar neamhréir le ‘forálacha lex specialis’ a sheachaint, forálacha a bhfuil an cuspóir céanna, cineál céanna nó éifeacht chéanna acu is atá ag rialacha comhchuibhithe an Aontais atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo.
Aithníonn an Rapóirtéir gur ar na Ballstáit atá faoi shrian ag teorainneacha dlínse atá an fhreagracht reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach gníomhaíochtaí a chomhordú chun forfheidhmiú comhsheasmhach ar fud AE a chinntiú agus dul i ngleic le neamhchomhlíonadh go héifeachtach.
Meastar gurb é reachtaíocht AE a chomhlíonadh an bealach is fearr chun a chinntiú go bhfuil táirgí sábháilte. Mar shampla, tá reachtaíocht AE i réimsí amhail bréagáin agus ceimiceáin ar an reachtaíocht is déine ar domhan. Díoltar líon mór táirgí nach bhfuil sábháilte agus atá neamhchomhlíontach in AE gach uile lá, áfach. De réir thuarascáil bhliantúil RAPEX 2017, áirítear na táirgí seo a leanas ar na catagóirí táirgí is contúirtí laistigh de AE: bréagáin (29%), mótarfheithiclí (20%), éadaí, teicstílí agus ítimí faisin (12%), agus bhí díobháil (28%) ar an riosca ba mhó a luadh, agus riosca ceimiceach (22%) ina dhiaidh sin.
Chun cúrsaí mar atá a fheabhsú, tá gá le tuilleadh comhair idir na húdaráis agus na hoibreoirí eacnamaíocha. Tá dlúthbhaint aige sin le comhsheasmhacht i gcleachtais faireachais margaidh ar fud AE agus ag a theorainneacha seachtracha chun an leibhéal ard comhlíonta céanna a áirithiú i ngach áit. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh don Rapóirtéir oibleagáidí maidir le cúnamh frithpháirteach agus toimhde dhlíthiúil ina sonraítear go bhfuil táirgí a mheastar a bheith neamhchomhlíontach in aon Bhallstát amháin neamhchomhlíontach ar fud AE.
Aontaíonn an Rapóirtéir gur cheart go ndéanfadh an togra comhar forfheidhmiúcháin agus comhlíonadh a fheabhsú gan ualach díréireach nó iomarcach a fhorchur ar údaráis nó ar oibreoirí eacnamaíocha na mBallstát. Dá bhrí sin, níor cheart go rachadh an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach. Meabhraíonn an Rapóirtéir nach mór féidearthachtaí cuspóra FBManna a choinneáil i gcuimhne.
Chun iontaofacht agus comhsheasmhacht tástála sa chreat maidir le faireachas margaidh a chinntiú ar fud an Aontais, beartaíonn an Coimisiún saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú. Ba chóir go mbeadh an saineolas, trealamh, bonneagar agus foireann ag na saotharlanna a ainmnítear mar shaoráidí tástála de chuid an Aontais chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích de réir na gcaighdeán is airde. Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir gur cheart go ngníomhóidís mar lárionaid faisnéise maidir le rioscaí agus rioscaí atá ag teacht chun cinn (i ndáil le ceimiceáin dhíobhálacha mar shampla). Is mian leis an Rapóirtéir a áirithiú go bhféadfaidh comhlacht dá dtugtar fógra nó aon chomhlacht um measúnú comhréireachta a bheith ina shaoráid tástála de chuid an Aontais chomh fada is go ndéanfaidh sé na coinníollacha forordaithe a chomhlíonadh.
Is mór ag an Rapóirtéir go mbunaítear Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí leis an Rialachán seo, ina dtugtar aghaidh ar chur i bhfeidhm comhghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin le Ballstáit a chomhordú agus a éascú. Chomh maith leis sin, molann an Rapóirtéir bunachar sonraí comhchuibhithe Uile-Eorpach a bhunú d’fhonn sonraí maidir le tionóiscí agus díobháil a bhailiú chun comhsheasmhacht i gcúrsaí faireacháin a chinntiú ar fud AE agus go bhfónfadh sé mar uirlis chun reachtaíocht agus caighdeáin nua sláinte agus slándála a fhorbairt agus forfheidhmiúchán a fheabhsú.
Is mór ag an Rapóirtéir go ndéantar foráil sa Rialachán do chreat neartaithe maidir le rialuithe ar earraí a thagann isteach ar mhargadh an Aontais (beagnach 30% d’earraí in AE), de bhrí go bhféadfaidh earraí gluaiseacht gan srian ar fud AE a luaithe a thagann siad ar an margadh. Ag an am céanna, leagann an Rapóirtéir béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh feidhm ag na ceanglais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, cosaint sláinte agus cosaint slándála maidir leis na hearraí a thagann isteach ar mhargadh an Aontais agus nach dtiocfadh isteach ar an Margadh Aonair ach táirgí atá sábháilte agus comhlíontach. Chun a áirithiú nach ndéanfar tairgí nach bhfuil sábhailte nó táirgí neamhchomhlíontacha a chur ar mhargadh an Aontais, déanfaidh na húdaráis chustaim seiceálacha leordhóthanacha a chur i gcrích sula ndéanfar iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht. Dar leis an Rapóirtéir, maidir leis an gcleachtas ina ndéanann onnmhaireoirí tríú tíortha pointí iontrála a roghnú ina bhfuil rialuithe nach mbíonn chomh dian sin, nó nach mbíonn chomh héifeachtach ó thaobh córais de, ní mór díriú go cuí ar na pointí sin agus na bearnaí atá i bhfeidhmíocht na n-údarás custaim a neartú.
Ar an iomlán, díríonn an Rapóirtéir ar chosaint sláinte, ar chosaint sábháilteachta agus ar chosaint an chomhshaoil a neartú sna leasuithe atá beartaithe agus creideann sé go gcuideoidh Rialachán maidir le Comhlíonadh agus Forfheidhmiú le margadh inmheánach le haghaidh earraí atá níos cothroime a chruthú.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(1) Chun saorghluaiseacht táirgí laistigh den Aontas a ráthú, is gá a áirithiú go gcomhlíonann táirgí ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht i gcoitinne, an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil agus an tslándáil phoiblí. Tá forfheidhmiú láidir na gceanglas sin bunriachtanach chun na leasanna sin a chosaint agus chun na dálaí a chruthú inar féidir borradh a theacht faoin iomaíocht chóir i margadh earraí an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, an forfheidhmiú seo a áirithiú sa mhargadh inmheánach trí chéile, lena n-áirítear maidir le táirgí atá ag teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha.
(1) Chun saorghluaiseacht táirgí laistigh den Aontas a ráthú, is gá a áirithiú go gcomhlíonann táirgí ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht i gcoitinne, an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil agus an tslándáil phoiblí. Tá forfheidhmiú láidir na gceanglas sin bunriachtanach chun na leasanna sin a chosaint agus chun na dálaí a chruthú inar féidir borradh a theacht faoin iomaíocht chóir i margadh earraí an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, an forfheidhmiú sin a áirithiú sa mhargadh inmheánach trí chéile, lena n-áirítear maidir le táirgí atá ag teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha. Chun comhlíonadh dhlí an Aontais ag gníomhaithe eacnamaíocha a éascú agus chun údaráis faireachais margaidh a chumhachtú ina n-oibríochtaí forfheidhmiúcháin, ba cheart go ndéanfadh na ceanglais sin cothromaíocht cheart a aimsiú idir simplíocht, agus éifeachtacht. Tá ceanglais an Rialacháin seo agus a gcur i bhfeidhm ceaptha ar bhealach lena dtabharfar tús áite d’fhaireachas na dtáirgí sin a bhfhéadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag baint leo.
Leasú2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(5) Leis an Rialachán seo ba cheart táirgí a chumhdach atá faoi réir na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn. Leis an reachtaíocht a liostaítear san Iarscríbhinn ba cheart an reachtaíocht comhchuibhithe uile de chuid an Aontais a chumhdach a bhaineann le táirgí monaraithe seachas bia, beatha, táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena n-úsáid sa tréidliacht, plandaí beo agus ainmhithe beo, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo. Áiritheoidh seo creat aonfhoirmeach d’fhaireachas margaidh ar na táirgí sin ag leibhéal an Aontais. Tá roinnt ionstraimí reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais i leith táirgí atá le leasú dá thoradh sin, go háirithe chun tagairtí d’fhorálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a bhaint. Má ghlactar le reachtaíocht comhchuibhithe nua de chuid an Aontais amach anseo, beidh foráil le déanamh sa reachtaíocht sin maidir le feidhm a bheith ag an rialachán seo maidir leis an reachtaíocht sin.
(5) Leis an Rialachán seo ba cheart táirgí a chumhdach atá faoi réir Threoir 2001/95/CE nó reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn. Leis an reachtaíocht a liostaítear san Iarscríbhinn ba cheart reachtaíocht comhchuibhithe uile an Aontais a chumhdach a bhaineann le táirgí monaraithe seachas bia, beatha, táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena n-úsáid sa tréidliacht, plandaí beo agus ainmhithe beo, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo. Leis sin áiritheofar creat aonfhoirmeach d’fhaireachas margaidh ar na táirgí sin ar leibhéal an Aontais. Is gá roinnt ionstraimí de reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí a leasú dá thoradh sin, go háirithe chun tagairtí d’fhorálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a bhaint. Má ghlactar le reachtaíocht comhchuibhithe nua de chuid an Aontais amach anseo, beidh foráil le déanamh sa reachtaíocht sin maidir le feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an reachtaíocht sin.
Réasúnú
Tá sé riachtanach go mbeadh an Treoir mar chuid den reachtaíocht le go mbeidh cosaint éifeachtach ag an tomhaltóir. Tá tábhacht ar leith don phobal i gcoitinne ag baint le roinnt táirgí faoin Treoir, mar shampla bréagáin, agus ba cheart iad a chosaint.
Leasú3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(7) Braitheann sábháilteacht na dtomhaltóirí go mór ar fhorfheidhmiú gníomhach na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais i leith táirgí lena bhforáiltear do cheanglais sábháilteachta. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach bearta forfheidhmiúcháin a neartú. Ba cheart na bearta sin a fheabhsú go leanúnach agus ba cheart iad a dhéanamh níos éifeachtaí i gcónaí chun tabhairt faoi dhúshláin reatha an mhargaidh dhomhanda agus an tslabhra soláthair a bhfuil ag méadú ar a gcastacht.
(7) Braitheann sábháilteacht na dtomhaltóirí go mór ar fhorfheidhmiú gníomhach reachtaíocht an Aontais i leith táirgí lena bhforáiltear do cheanglais sábháilteachta. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach bearta forfheidhmiúcháin a neartú, lena n-áirítear maidir leis na táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne le húsáideoirí deiridh laistigh den Aontas. Ba cheart na bearta sin a fheabhsú go leanúnach agus ba cheart iad a dhéanamh níos éifeachtaí i gcónaí chun tabhairt faoi dhúshláin reatha an mhargaidh dhomhanda agus an tslabhra soláthair a bhfuil ag méadú ar a chastacht.
Leasú4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(7a)Ba cheart aird ar leith a dhíriú ar Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus ar an méadú atá ag teacht ar líon na ngaireas atá cumasaithe don Intleacht Shaorga, á chur san áireamh go bhfuil tomhaltóirí ag baint níos mó úsáide as gairis nasctha ina saol laethúil gan eolas a bheith acu ar na bagairtí slándála a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na gairis sin agus na rioscaí indíreacha atá ann.Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt i gcreat rialála an Aontais ar na saincheisteanna sin chun cosaint níos fearr do thomhaltóirí a áirithiú.
Leasú5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(9) Ba cheart an fhreagracht as reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a fhorfheidhmiú a bheith ar na Ballstáit agus ba cheart ceangal a bheith ar a n-údaráis faireachais margaidh a áirithiú go gcomhlíontar an reachtaíocht go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, cineálacha cur chuige córasacha a chur ar bun chun éifeachtacht an fhaireachais margaidh agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin eile a áirithiú.
(9) Ba cheart an fhreagracht as reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a fhorfheidhmiú a bheith ar na Ballstáit agus ba cheart ceangal a bheith ar a n-údaráis faireachais margaidh a áirithiú go gcomhlíontar an reachtaíocht go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, cineálacha cur chuige córasacha a chur ar bun chun éifeachtacht an fhaireachais margaidh agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin eile a áirithiú, faoi réir an fhaireacháin, arna dhéanamh ag an gCoimisiún, ar fhorfheidhmiú cuí reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais.
Leasú6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(14) Ba cheart a áirithiú le margadh aonair níos córa dálaí cothroma iomaíochta do na hoibreoirí eacnamaíocha uile agus cosaint ar iomaíocht éagórach. Chun na críche sin, is gá forfheidhmiú neartaithe maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí. Tá comhar maith idir monaróirí agus na húdaráis faireachais margaidh ina ghné ríthábhachtach a fhágann gur féidir idirghabháil agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh láithreach i dtaobh an táirge. Tá sé tábhachtach duine teagmhála a bheith bunaithe san Aontas ionas go bhfuil duine ann a bhféadann na húdaráis faireachais margaidh ceisteanna a chur air maidir le táirge reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a chomhlíonadh. Is é ba cheart a bheith sa duine atá freagrach as an bhfaisnéis sin faoi chomhlíonadh a sholáthar, an monaróir, nó an t-allmhaireoir, nó duine eile arna ainmniú ag an monaróir chuige sin, oibreoir eacnamaíoch eile mar shampla. Tá ról an duine bunaithe san Aontas atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh bunriachtanach chun teagmhálaí atá bunaithe san Aontas a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh, agus chun tabhairt faoi shainchúraimí go prapúil lena áirithiú go gcomhlíonann na táirgí ceanglais reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, ar mhaithe le tomhaltóirí, le hoibrithe agus le gnólachtaí taobh istigh den Aontas. Na forálacha den Rialachán seo lean gceanglaítear duine bunaithe san Aontas a bheith ann a bheidh freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh, níor cheart feidhm a bheith acu i gcás ina mbainfí an toradh céanna amach trí cheanglais shonracha a leagtar amach in ionstraimí áirithe dlí maidir le táirgí, mar atá Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2017/745 agus Airteagal 15 de Rialachán 2017/746.
(14) Ba cheart a áirithiú le margadh aonair níos córa dálaí cothroma iomaíochta do na hoibreoirí eacnamaíocha uile agus cosaint ar iomaíocht éagórach. Chun na críche sin, is gá forfheidhmiú neartaithe maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí. Tá comhar maith idir monaróirí, dáileoirí, mórdhíoltóirí, miondíoltóirí agus na húdaráis faireachais margaidh ina ghné ríthábhachtach a fhágann gur féidir idirghabháil agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh láithreach i dtaobh an táirge. Tá sé tábhachtach duine teagmhála a bheith bunaithe san Aontas ionas go bhfuil duine ann a bhféadann na húdaráis faireachais margaidh ceisteanna a chur air maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a bheith á comhlíonadh ag táirge. Is é an duine ba cheart a bheith freagrach as an bhfaisnéis sin faoi chomhlíonadh a sholáthar ná an monaróir nó a ionadaí údaraithe arna ainmniú chuige sin. I gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas agus nach bhfuil ionadaí údaraithe aige, is é an duine ba cheart a bheith freagrach as an bhfaisnéis sin faoi chomhlíonadh a sholáthar ná an t-allmhaireoir nó an dáileoir. Tá ról an duine bunaithe san Aontas atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh bunriachtanach chun teagmhálaí atá bunaithe san Aontas a chur ar fáil d’údaráis faireachais margaidh, agus chun tabhairt faoi shainchúraimí go tráthúil chun a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí ceanglais reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, ar mhaithe le tomhaltóirí, oibrithe agus gnólachtaí taobh istigh den Aontas. Na forálacha den Rialachán seo lena gceanglaítear duine bunaithe san Aontas a bheith ann a bheidh freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh, níor cheart feidhm a bheith acu i gcás ina mbainfí an toradh céanna amach trí cheanglais shonracha a leagtar amach in ionstraimí áirithe dlí maidir le táirgí, mar atá Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/745 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/746.
Leasú7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(18) Ba cheart gníomhaíochtaí faireachais margaidh a bheith críochnúil agus éifeachtach, lena áirithiú go gcuirtear reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí i bhfeidhm i gceart. Ós rud é go bhféadfadh rialuithe a bheith ina n-ualach ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh gníomhaíochtaí cigireachta a eagrú agus a dhéanamh, ag cur a leasanna siúd san áireamh agus an t-ualach réamhráite a theorannú don mhéid is gá chun rialuithe éifeachtúla éifeachtacha a dhéanamh. Thairis sin, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh leis an leibhéal céanna cúraim is cuma an mbaineann neamhchomhlíonadh an táirge ar leith le críoch an Bhallstáit sin nó an dócha go mbeidh tionchar aige ar mhargadh Ballstáit eile.
(18) Ba cheart gníomhaíochtaí faireachais margaidh a bheith críochnúil agus éifeachtach, chun a áirithiú go gcuirtear reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí i bhfeidhm go cuí. Ós rud é go bhféadfadh rialuithe a bheith ina n-ualach ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh gníomhaíochtaí cigireachta a eagrú agus a dhéanamh, ag cur leasanna na n-oibreoirí sin san áireamh agus an t-ualach réamhráite a theorannú don mhéid is gá chun rialuithe éifeachtúla éifeachtacha a dhéanamh. Thairis sin, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh leis an leibhéal céanna cúraim gan beann ar neamhchomhlíonadh an táirge ar leith a bheith ábhartha ar chríoch an Bhallstáit sin nó ar an dóchúchlacht go mbeidh tionchar aige ar mhargadh Ballstáit eile. Ba cheart coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta arna ndéanamh ag na húdaráis faireachais margaidh nuair a léirítear go mbaineann riosca aitheanta nó riosca atá ag teacht chun cinn le táirge.
Leasú8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(23a)Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann comhairle a thabhairt faoi phacáistíocht agus ordú a thabhairt go ndéanfaí athruithe i gcásanna a aimsítear atá ar neamhréir le reachtaíocht an Aontais.
Leasú9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(33) Le hiontaofacht agus comhréireacht na tástála ar fud an Aontais a áirithiú i gcomhthéacs an fhaireachais margaidh, ba cheart don Choimisiún saoráidí tástála an Aontais a ainmniú. Thairis sin, ba cheart córas faisnéise níos cuimsithí a fhorbairt chun torthaí tástála a roinnt taobh istigh den Aontas chun dúbailt nach bhfuil gá léi a sheachaint agus comhsheasmhacht níos mó a áirithiú ar leibhéal an Aontais.
(33) Chun iontaofacht agus comhréireacht na tástála ar fud an Aontais a áirithiú i gcomhthéacs chreat an fhaireachais margaidh, ba cheart don Choimisiún saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú. Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh aird iomlán a thabhairt ar thorthaí na dtástálacha arna ndéanamh ag na saoráidí tástála sin de chuid an Aontais. Thairis sin, ba cheart córas faisnéise níos cuimsithí a fhorbairt chun torthaí tástála a roinnt taobh istigh den Aontas chun dúbailt nach bhfuil gá léi a sheachaint agus comhsheasmhacht níos mó a áirithiú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart saoráidí tástála de chuid an Aontais a bheith ina n-ionaid eolais i ndáil le rioscaí aitheanta agus rioscaí atá ag teacht chun cinn agus cúnamh a thabhairt don Aontas agus do na Ballstáit freisin chun modheolaíochtaí comhchoiteanna úrscothacha tástála a fhorbairt.
Leasú10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(35) Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha i gcónaí ar fáil chun foireann agus trealamh a sholáthar go cuí do na húdaráis faireachais margaidh. An ghníomhaíocht faireachais margaidh atá éifeachtúil, tá sí dian ar acmhainní, agus ba cheart acmhainní cobhsaí a chur ar fáil, ag leibhéal atá cuí do riachtanais an fhorfheidhmithe ag aon am ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart cur leis an maoiniú poiblí trí bhíthin táillí a bhailiú le híoc as na costais a thabhaítear agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh á ndéanamh maidir le táirgí a bhfuarthas amach go raibh siad neamhchomhlíontach, agus teist an oibreora eacnamaíoch maidir le comhlíonadh á cur san áireamh go cuí.
(35) Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha i gcónaí ar fáil chun foireann agus trealamh a sholáthar go cuí do na húdaráis faireachais margaidh. An ghníomhaíocht faireachais margaidh atá éifeachtúil, tá sí dian ar acmhainní, agus ba cheart acmhainní cobhsaí a chur ar fáil, ag leibhéal atá cuí do riachtanais an fhorfheidhmithe ag aon am ar leith. Ní féidir le seiceálacha riaracháin agus uathoibrithe fónamh mar chóras ionaid le haghaidh seiceálacha fisiciúla ina ráthaítear go bhfuil táirge ag comhlíonadh reachtaíocht ábhartha an Aontais ó thaobh substainte de. Dá bhrí sin, ba cheart cur leis an maoiniú poiblí trí bhíthin táillí a bhailiú chun íoc as na costais a thabhaítear agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh á ndéanamh maidir le táirgí a fuarthas amach go raibh siad neamhchomhlíontach, agus teist an oibreora eacnamaíoch maidir le comhlíonadh á cur san áireamh go cuí.
Leasú11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(36a)I dtaca le leibhéal na bpionós is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha sa Rialachán seo lena bhforchuirtear oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha agus maidir le sáruithe ar fhorálacha in aon reachtaíocht de chuid an Aontais nó na mBallstát i leith táirgí lena bhforchuirtear oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart cur leis sin chun táirgí neamhchomhlíontacha a bheith á gcur ar an margadh a dhíspreagadh.
Leasú12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(38a) Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-údarás custaim agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí san fheidhmíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chothroime iomaíochta do tháirgeoirí comhlíontacha an Aontais i gcomparáid le táirgeoirí tríú tíortha a bhíonn ag onnmhairiú chuig an Aontas. Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt freisin ar chleachtas onnmhaireoirí tríú tíortha ina roghnaítear na pointí iontrála sin chuig an Aontas nach bhfuil rialuithe chomh dian céanna iontu, nó nach bhfuil siad chomh héifeachtach céanna ó thaobh córais de.
Leasú13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leis an Rialachán seo leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le faisnéis faoi chomhlíonadh a sholáthar faoitháirgí áirithe atá faoi réir gníomhartha de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar na dálaí chun na táirgí sin a mhargú. Leagtar amach leis creat le haghaidh comhar le hoibreoirí eacnamaíocha maidir leis na táirgí sin.
Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo sláinte, sábháilteacht agus slándáil thomhaltóirí na hEorpa a chosaint, mar aon leis an gcomhshaol, agus tá nósanna imeachta ann chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí atá sábháilte agus comhlíontach ar fáil do thomhaltóirí na hEorpa.
Leasú14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Baineann an Rialachán seo leis na táirgí uile atá faoi réir na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo (‘Reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais’).
1. Baineann an Rialachán seo leis na táirgí uile atá faoi réir Threoir 2001/95/CE nó reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo (‘reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais’).
Leasú15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Ní chuirfidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo cosc ar na húdaráis faireachais margaidh bearta níos sonraithe a dhéanamh dá bhforáiltear i dTreoir 2001/95/CE.
3. Ní chuirfidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo cosc ar na húdaráis faireachais margaidh bearta níos sonraithe a dhéanamh dá bhforáiltear i dTreoir 2001/95/CE. Gníomhóidh na húdaráis faireachais margaidh i gcónaí ar bhonn phrionsabal an réamhchúraim, go háirithe maidir le sláinte agus an comhshaol.
Leasú16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(3) ciallaíonn ‘faireachas margaidh’ na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis faireachais margaidh agus na bearta a dhéanann siad lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí na ceanglais faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais agus nach baol iad na táirgí don tsláinte, don tsábháilteacht ná d'aon ghné eile de chosaint leas an phobail;
(3) ciallaíonn ‘faireachas margaidh’ na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis faireachais margaidh agus na bearta a dhéanann siad chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí na ceanglais faoi reachtaíocht an Aontais agus nach baol iad na táirgí don tsláinte agus don tsábháilteacht i gcoitinne, don tsláinte agus don tsábháilteacht san ionad oibre, do chosaint tomhaltóirí, don tsábháilteacht phoiblí ná d’aon ghné eile de chosaint leas an phobail;
Leasú17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 7 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(7a)ciallaíonn ‘neamhchomhlíonadh foirmiúil’ aon neamhchomhlíonadh riaracháin nach mbíonn ina chúis le sárú ar na ceanglais bhunriachtanacha, lena n-áirítear na cásanna neamhchomhlíonta dá dtagraítear in Airteagal R34 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin;
_________________
1aCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
Leasú18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(15) ciallaíonn ‘riosca tromchúiseach’ aon riosca tromchúiseach, lena n-áirítear riosca tromchúiseach nach bhfuil éifeachtaí aige láithreach, a bhfuil idirghabháil mhear na n-údarás faireachais margaidh de dhíth ina leith;
(15) ciallaíonn ‘riosca tromchúiseach’ aon riosca a bhfuil idirghabháil mhear agus obair leantach de dhíth ina leith, lena n-áirítear cásanna ina bhféadfadh sé nach dtiocfadh na héifeachtaí i bhfeidhm láithreach bonn; measfar go mbaineann riosca tromchúiseach le haon táirge nach gcomhlíonann ceanglas bunriachtanach a leagtar síos i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, nó aon táirge nach gcomhlíonann na critéir maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí ar bhonn Threoir 2001/95/CE;
Leasú19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 22 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(22a) ciallaíonn ‘ bearta deonacha’ bearta trínar ghlac an t-oibreoir go deonach air féin an neamhchomhlíonadh a dhíothú ar bhonn thorthaí na n-údarás faireachais margaidh nó ar bhonn a thorthaí féin;
Leasú20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 22 b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(22b) ciallaíonn ‘iarraidh réasúnaithe’ iarraidh ó údarás faireachais margaidh atá bunaithe ar neamhchomhlíonadh amhrasta;
Leasú21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 22 c (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(22c)ciallaíonn ‘samhlacha ar leithligh’ na táirgí ar fad lena mbaineann saintréithe éagsúla, fiú i gcás inar mionéagsúlachtaí iad nó nach ann dóibh fiú.
Leasú22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) tá an monaróir bunaithe san Aontas nó tá ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas ann maidir leis an táirge:
(a) tá an monaróir, nó a ionadaí údaraithe, bunaithe san Aontas nó tá ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas ann maidir leis an táirge:
Leasú23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a – pointe i
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(i) allmhaireoir;
(i) allmhaireoir, i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas agus nach bhfuil aon ionadaí údaraithe ann;
Leasú24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a – pointe – i a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ia)dáileoir;
Leasú25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a – pointe ii
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ii) duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú scríofa aige ón monaróir arna ainmniú mar dhuine atá freagrach as na cúraimí a chur i gcrích a liostaítear i mír 3 agus ina gceanglaítear air na cúraimí sin a chur i gcrích thar cheann an mhonaróra;
(ii) i gcásanna nach ann d’aon mhonaróir nó allmhaireoir atá bunaithe san Aontas, duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas ag a bhfuil sainordú scríofa ón monaróir á ainmniú mar dhuine atá freagrach as comhlíonadh a áirithiú agus na cúraimí a liostaítear i mír 3 a chur i gcrích thar cheann an mhonaróra;
Leasú26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 –mír 1 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) aitheantas agus sonraí teagmhála an mhonaróra, an allmhaireora nó duine eile a chomhlíonann ceanglais phointe (a) a bheith ar fáil go poiblí i gcomhréir le mír 4 agus a bheith léirithe nó inaitheanta i gcomhréir le mír 5.
(b) céannacht agus sonraí teagmhála an mhonaróra, an allmhaireora, an dáileora nó duine eile a chomhlíonann ceanglais phointe (a) a bheith ar fáil go poiblí i gcomhréir le mír 4 agus a bheith léirithe nó inaitheanta i gcomhréir le mír 5.
Leasú27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 –mír 3 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) tar éis dó iarratas réasúnaithe a fháil ó údarás faireachais margaidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge a léiriú i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann;
(b) tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás faireachais margaidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge a léiriú i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann agus chun a léiriú gurb ann do shaintréithe bunriachtanacha éagsúla idir a chuid samhlacha ar leithligh mar a leagtar síos i bpointe 22c d’Airteagal 3;
Leasú28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe c
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(c) comhoibriú leis na húdaráis faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an táirge nó, mura féidir sin, chun iad a mhaolú.
(c) obair i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh, agus gníomhú láithreach – ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do na húdaráis sin – chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge nó, mura féidir sin, chun iad a mhaolú nó a neamhchomhlíonadh a leigheas maidir leis na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais nó i dTreoir 2001/95/CE;
Leasú29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 –mír 3 – pointe c a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ca)i gcás ina meastar nó ina bhfuil cúis ann a chreidiúint go mbaineann riosca leis an táirge i dtrácht nó nach bhfuil sé i gcomhréir le reachtaíocht comhchuibhithe nó caighdeáin chomhchuibhithe an Aontais is infheidhme, é sin a chur in iúl don mhonaróir láithreach agus, i gcás inarb infheidhme, d’oibreoirí eacnamaíocha eile.
Leasú30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. Déanfaidh monaróirí aitheantas agus sonraí teagmhála an duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh i leith an táirge a chur ar fail go poiblí ar a suíomh gréasáin nó, mura bhfuil suíomh gréasáin acu, ar aon bhealach eile a fhágfaidh gur féidir leis an bpobal i gcoitinne san Aontas rochtain a fháil ar an bhfaisnéis saor in aisce.
scriosta
Leasú31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Aitheantas agus sonraí teagmhála an duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh i dtaca leis an táirge, léireofar ar an táirge, ar a phacáistíocht, nó ar an mbeartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge iad, nó beidh siad inaitheanta le faisnéis a léireofar ar na nithe sin.
5. Aitheantas agus sonraí teagmhála an mhonaróra agus sonraí teagmhála an duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh i dtaca leis an táirge, léireofar iad ar an táirge, ar a phacáistíocht, ar an mbeartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge, nó beidh siad inaitheanta le faisnéis a léireofar ar na nithe sin.
Réasúnú
Ní féidir táirge a chur ar an margadh ach amháin má bhíonn sé comhlíontach agus sábháilte do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Is ar an monaróir atá an fhreagracht sin go príomha.
Leasú32
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5a.Déanfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir agus aon duine eile a chomhlíonann na ceanglais i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, a chur ar fáil don phobal agus d’oibreoirí eacnamaíocha eile, ar aon bhealach iomchuí, liostaí de shamhlacha a dtáirgí, lena ngabhfaidh pictiúr, go háirithe i gcás táirgí atá nó a bhí faoi réir cinneadh ón gCoimisiún faoi Airteagal 13 de Threoir 2001/95/CE agus i gcás táirgí a dháiltear go forleathan.
Leasú33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Airteagal 4a
Oibleagáidí na ndáileoirí
1.Sula gcuirfidh siad táirge ar fáil ar an margadh, déanfaidh na dáileoirí gach beart réasúnach chun a áirithiú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa reachtaíocht comhchuibhithe is infheidhme, sna caighdeáin chomhchuibhithe nó i dTreoir 2001/95/CE comhlíonta ag an monaróir agus ag an allmhaireoir.
2.Tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás faireachais margaidh, déanfaidh an duine atá freagrach as faisnéis faoi chomhlíonadh an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge a léiriú i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann, agus chun a léiriú gurb ann do shaintréithe bunriachtanacha éagsúla idir a chuid samhlacha ar leithligh mar a leagtar síos i bpointe 22c d’Airteagal 3.
Réasúnú
Tá cead á thabhairt i gcónaí ag miondíoltóirí go ndíolfaí nó go n-úsáidfí earraí atá neamhdhleathach nó neamhchomhlíontach. Leis an leasú seo cuirfear ceangal ar dháileoirí ról níos réamhghníomhaí a bheith acu maidir le cosc a chur ar earraí neamhdhleathacha.
Leasú34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
I gcás ina bhforáiltear i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais maidir le dearbhú comhréireachta de chuid AE a dhréachtú, cuirfidh monaróirí an dearbhú ar fail go poiblí ar a suíomh gréasáin nó, mura bhfuil suíomh gréasáin acu, ar aon bhealach eile a fhágfaidh gur féidir leis an bpobal i gcoitinne san Aontas rochtain a fháil ar an dearbhú saor in aisce.
I gcás ina ndéantar foráil i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais maidir le dearbhú comhréireachta de chuid AE a tharraingt suas, cuirfidh monaróirí, lena n-áirítear monaróirí ó thríú tíortha, nó allmhaireoirí an dearbhú ar fáil go poiblí saor in aisce.
Leasú35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Airteagal 7
scriosta
Socruithe comhpháirtíochta um chomhlíonadh
1. Is féidir le húdarás faireachais margaidh comhaontú comhpháirtíochta a dhéanamh le hoibreoir eacnamaíoch atá bunaithe ina chríoch faoina n-aontóidh an t-údarás comhairle agus treoir a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch i ndáil leis an reachtaíocht comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis na táirgí a bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch freagrach astu.
Ní chumhdófar leis an socrú soláthar gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta atá faoi chúram comhlachtaí dá dtugtar fógra faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais.
2. Má dhéanann údarás faireachais margaidh socrú comhpháirtíochta faoi mhír 1, iontrálfaidh sé an fíoras sin sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 34, maille le sonraí faoi raon feidhme an tsocraithe, agus ainmneacha agus seoltaí an údaráis féin agus an oibreora eacnamaíoch.
3. Má dhéanann údarás faireachais margaidh socrú comhpháirtíochta faoi mhír 1, cuirfidh údaráis faireachais margaidh eile an t-údarás sin ar an eolas faoi aon bheart sealadach a dhéanfaidh siad i gcoinne an oibreora eacnamaíoch, agus aon ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch, i ndáil le comhlíonadh na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme.
4. Feadfaidh an t-údarás faireachais margaidh a dhéanfaidh socrú comhpháirtíochta faoi mhír 1 táillí a ghearradh ar an oibreoir eacnamaíoch, arb ionann iad agus na costais a thabhaigh an t-údarás go réasúnta agus a fheidhmeanna faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 a ndéanamh aige.
Réasúnú
Beidh údaráis faireachais margaidh neamhspleách agus neamhchlaonta le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú.
Leasú36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Is féidir le húdaráis faireachais margaidh meabhráin tuisceana a dhéanamh le gnólachtaí nó le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghnólachtaí nó ar úsáideoirí deiridh maidir le feidhmiú, nó maoiniú, comhghníomhaíochtaí atá dírithe ar neamh-chomhlíonadh a shainaithint nó ar chomhlíonadh a chur chun cinn i limistéir gheografacha shonracha nó i dtaca le catagóirí táirgí sonracha.
Is féidir le húdaráis faireachais margaidh meabhráin tuisceana a dhéanamh le húdaráis chustaim, le húdaráis chalafoirt agus le haerfoirt, le monaróirí nó le hallmhaireoirí, le gnólachtaí nó le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghnólachtaí nó ar úsáideoirí deiridh maidir le feidhmiú, nó maoiniú, comhghníomhaíochtaí atá dírithe ar neamhchomhlíonadh a shainaithint nó ar chomhlíonadh a chur chun cinn i limistéir gheografacha shonracha nó i dtaca le catagóirí táirgí sonracha chun aghaidh a thabhairt, inter alia, ar shaincheisteanna ar ábhar imní sonrach iad do thomhaltóirí sa limistéar sin. Cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh an dréachtmheabhrán tuisceana ar fáil don Choimisiún sula nglacfar é.Cuirfidh an Coimisiún tuairim ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh maidir leis an dréachtmheabhrán tuisceana agus an tuarascáil ar chur chun feidhme.
Leasú37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Aon fhaisnéis a thiocfaidh as gníomhaíochtaí arna ndéanamh nó arna maoiniú ag páirtithe eile i meabhrán tuisceana atá déanta aige faoi mhír 1, féadfaidh údarás faireachais margaidh úsáid a bhaint aisti in aon imscrúdú a dhéanfaidh sé ar neamh-chomhlíonadh, má rinneadh an ghníomhaíocht atá i gceist go neamhspleách neamhchlaonta neamhfhabhrach, agus sa chás sin amháin.
2. Aon fhaisnéis a thiocfaidh as gníomhaíochtaí arna ndéanamh nó arna maoiniú ag páirtithe eile i meabhrán tuisceana atá déanta aige faoi mhír 1, féadfaidh údarás faireachais margaidh úsáid a bhaint aisti in aon imscrúdú a dhéanfaidh sé ar neamhchomhlíonadh, má rinneadh an ghníomhaíocht atá i gceist go neamhspleách neamhchlaonta neamhfhabhrach, agus sa chás sin amháin. Ba cheart an fhaisnéis maidir leis an mbealach ina ndearnadh táirgí a thástáil agus na torthaí a bhí ar thástálacha den sórt sin a chur ar fáil go poiblí.
Réasúnú
Tá gá le tuilleadh trédhearcachta i ndáil le modhanna tástála agus le critéir thástála chomh maith le torthaí tástála.
Leasú38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Aon mhalartú faisnéise idir údaráis faireachais margaidh agus gnólachtaí nó eagraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 chun meabhrán tuisceana a rinne siad faoin mír sin a ullmhú nó a chur chun feidhme, measfar nach sáraíonn an malartú sin ceanglais na rúndachta gairmiúla.
3. Maidir le haon mhalartú faisnéise idir údaráis faireachais margaidh, an Coimisiún nó Bord AE um Chomhlíonadh Táirgí, agus gnólachtaí nó eagraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 chun críocha meabhrán tuisceana a rinne siad faoin mír sin a ullmhú nó a chur chun feidhme, déileálfar leis i gcomhréir le ceanglais na rúndachta gairmiúla. Beidh aon úsáid bhreise a bhainfear as an bhfaisnéis sin faoi réir na ráthaíochtaí is déine maidir le rúndacht agus rúndacht ghairmiúil agus tráchtála.
Leasú39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 –mír 2 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) nósanna imeachta le haghaidh faireachán a dhéanamh ar aon tionóiscí nó ar aon díobháil do shláinte nó do shábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh a bhfuil amhras ann gurbh iad na táirgí sin ba chúis leo;
(b) nósanna imeachta le haghaidh faireachán a dhéanamh ar aon tionóiscí nó ar aon díobháil do shláinte, do shábháilteacht nó do shlándáil na n-úsáideoirí deiridh ina bhfuil amhras gurbh iad na táirgí sin ba chúis leo;
Leasú40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2 – pointe d a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(da)nósanna imeachta chun eolas eolaíoch agus teicniúil maidir le saincheisteanna sábháilteachta, a dhéanann difear go háirithe do chosaint sláinte agus do chosaint an chomhshaoil, a bhailiú agus a iniúchadh.
Leasú41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2 – pointe d b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(db) nósanna imeachta chun comhar a bhunú agus faisnéis agus taithí a mhalartú idir údaráis faireachais margaidh agus institiúidí eolaíochta nó taighde.
Réasúnú
Is léir gur chun tairbhe an dá pháirtí eolas, faisnéis agus taithí a roinnt idir údaráis faireachais margaidh agus institiúidí eolaíochta agus taighde, go háirithe sna limistéir ina bhfuil forbairt eolaíoch mhear agus nuálaíocht.
Leasú42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 –mír 2 – an chuid réamhráiteach
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh rialuithe mar chuid dá ngníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 1, de réir cur chuige atá bunaithe ar riosca, ag tabhairt san áireamh, ar a laghad, na dtosca seo a leanas:
2. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh rialuithe mar chuid dá ngníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 1, de réir cur chuige rioscabhunaithe agus i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, ag cur san áireamh, ar a laghad, na dtosca seo a leanas:
Leasú43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe a – pointe i
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(i) an táirge, amhail líon na dtáirgí atá ar an margadh agus aon ghuaiseacha a bhaineann leis an táirge sin;
(i) an táirge, amhail líon na dtáirgí atá ar an margadh agus aon ghuaiseacha a bhaineann leis an táirge sin, agus aird ar leith á tabhairt ar ghné na sláinte den riosca a d’fhéadfadh a bheith ann;
Leasú44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a) is baolach go gcuirfidh an táirge sláinte nó sábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh i gcontúirt;
(a) is baolach go gcuirfeadh an táirge sláinte, sábháilteacht nó slándáil na n-úsáideoirí deiridh i gcontúirt nó go ndéanfadh sé damáiste don chomhshaol;
Leasú45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) ní chloíonn an táirge leis na ceanglais is infheidhme faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais.
(b) ní chloíonn an táirge leis na ceanglais is infheidhme faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais nó faoi Threoir 2001/95/CE agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé sláinte agus sábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh a chur i gcontúirt.
Leasú46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
I gcás ina dtarraingeofar siar, ina n-aisghairfear, nó ina gcuirfear toirmeasc nó srian ar na táirgí, áiritheoidh an t-údarás faireachais margaidh go gcuirfear an Coimisiún, tríd an Líonra a bhunaítear faoi Airteagal 31, na Ballstáit eile agus na húsáideoirí deiridh ar an eolas dá réir sin.
I gcás ina dtarraingeofaí siar, ina n-aisghairfí, nó ina gcuirfí toirmeasc nó srian ar na táirgí, áiritheoidh an t-údarás faireachais margaidh go gcuirfear an Coimisiún, tríd an Líonra a bhunaítear faoi Airteagal 31, saoráidí tástála an Aontais, na Ballstáit eile agus na húsáideoirí deiridh ar an eolas dá réir sin.
Leasú47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 5 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5a.Chun aon díospóidí a thiocfadh as éagsúlachtaí sa mheasúnú riosca idir údaráis na mBallstát, na hoibreoirí eacnamaíocha agus na comhlachtaí um measúnú comhréireachta, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’údarás faireachais margaidh, measúnú riosca a choimisiúnú ó shaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 28. Beidh an measúnú sin ceangailteach ar na geallsealbhóirí ar fad.
Leasú48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Tarraingeoidh gach Ballstát suas straitéis náisiúnta faireachais margaidh gach 3 bliana ar a laghad. Cuirfear chun cinn leis an straitéis cur chuige comhsheasmhach cuimsitheach comhtháite maidir leis an faireachas margaidh agus maidir le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais laistigh de chríoch an Bhallstáit agus cuimseofar inti gach earnáil agus gach céim den slabhra soláthair táirgí, lena n-áirítear allmhairí agus slabhraí soláthair dhigiteacha.
1. Tarraingeoidh gach Ballstát suas straitéis náisiúnta faireachais margaidh gach 4 bliana ar a laghad, i bhfianaise fhorbairt mhear an mhargaidh agus na rioscaí nua atá ag teacht chun cinn. Cuirfear chun cinn leis an straitéis cur chuige comhsheasmhach cuimsitheach comhtháite maidir leis an bhfaireachas margaidh agus maidir le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais laistigh de chríoch an Bhallstáit agus cuimseofar inti gach earnáil agus gach céim den slabhra soláthair táirgí, lena n-áirítear allmhairí agus slabhraí soláthair digiteacha. Agus a gcuid straitéisí náisiúnta faireachais margaidh á n-ullmhú acu, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus cuirfidh siad a gcuid barúlacha ar fáil don phobal i gcoitinne.
Leasú49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 –mír 2 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) na réimsí a sainaithníodh mar thosaíochtaí maidir le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais;
(b) na réimsí a sainaithníodh mar thosaíochtaí maidir le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais;déanfaidh na Ballstáit táirgí atá nó a bhí faoi réir cinneadh éigeandála ar bhonn Airteagal 13 de Threoir 2001/95/CE a mheas mar réimsí tosaíochta;
Leasú50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 –mír 2 – pointe c
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(c) na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá beartaithe chun tarlú an neamh-chomhlíonta a laghdú sna réimsí sin a sainaithníodh mar thosaíochtaí, lena n-áirítear, más ábhartha, na híosleibhéil rialaithe atá beartaithe do chatagóirí táirge lena mbaineann leibhéil neamh-chomhlíonta shuntasacha;
(c) na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá beartaithe chun tarlú an neamhchomhlíonta a laghdú sna réimsí sin a sainaithníodh mar thosaíochtaí, lena n-áirítear, más ábhartha, na híosleibhéil rialaithe atá beartaithe do chatagóirí táirgí lena mbaineann leibhéil shuntasacha neamhchomhlíonta, agus a bhféadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag baint leo;
Leasú51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe f a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(fa)measúnú ar rioscaí nua do thomhaltóirí a bhaineann le táirgí ar féidir iad a nascadh leis an idirlíon agus a chuireann slándáil an tomhaltóra i mbaol;
Leasú52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
3. Cuirfidh na Ballstáit a straitéis náisiúnta faireachais margaidh in iúl tríd an gcóras dá dtagraítear faoi Airteagal 34.
3. Cuirfidh na Ballstáit a straitéis náisiúnta faireachais margaidh in iúl tríd an gcóras dá dtagraítear faoi Airteagal 34, agus cuirfidh siad ar fáil don phobal i gcoitinne í.
Réasúnú
Níos mó trédhearcachta.
Leasú53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 –mír 3 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) an chumhacht chun iniúchtaí córais a dhéanamh ar eagraíochtaí na n-oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear iniúchtaí ar aon nósanna imeachta atá i bhfeidhm acu chun comhlíonadh an Rialacháin seo agus na reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais is infheidhme a áirithiú;
scriosta
Leasú54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe e – pointe 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(2) chun aonáitreabh a shéalú nó chun aon fhaisnéis, aon sonraí nó aon doiciméid de chuid an oibreora eacnamaíoch a ghabháil le linn na cigireachta ar feadh tréimhse riachtanach agus a mhéad agus is gá chun críocha an imscrúdaithe;
(2) chun áitribh ábhartha a shéalú nó chun aon fhaisnéis, aon sonraí nó aon doiciméid de chuid an oibreora eacnamaíoch a ghabháil le linn na cigireachta ar feadh tréimhse riachtanach agus a mhéad is gá chun críocha an imscrúdaithe;
Leasú55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe h
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(h) an chumhacht chun bearta sealadacha a dhéanamh, i gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun riosca tromchúiseach a chosc, lena n-áirítear go háirithe bearta sealadacha chun ceangal ar chur ar sholáthróirí seirbhíse óstála rochtain ar inneachar a bhaint, a dhíchumasú nó a shrianadh nó rochtain ar shuíomh gréasáin, ar sheirbhís nó ar chuntas a chur ar fionraí nó a shrianadh, nó chun ceangal a chur ar chlárlanna nó ar chláraitheoirí fearainn ainm fearainn láncháilithe a chur ar feitheamh ar feadh tréimhse ama shonrach;
(h) an chumhacht bearta sealadacha nó deiridh a dhéanamh i dtaca le táirgí neamhshábháilte nó neamhchomhlíontacha, i gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun riosca tromchúiseach a chosc, lena n-áirítear go háirithe bearta chun ceangal ar chur ar sholáthraithe seirbhíse óstála rochtain ar inneachar a bhaint, a dhíchumasú nó a shrianadh nó rochtain ar shuíomh gréasáin, ar sheirbhís nó ar chuntas a chur ar fionraí nó a shrianadh, nó chun ceangal a chur ar chlárlanna nó cláraitheoirí fearainn ainm fearainn láncháilithe a chur ar feitheamh ar feadh tréimhse ama shonrach;
Leasú56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe m
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(m) an chumhacht chun a ordú go n-íocfaí ar ais na brabúis a fuarthas mar thoradh ar chás neamh-chomhlíonta;
(m) an chumhacht a ordú go n-íocfaí ar ais na brabúis a fuarthas mar thoradh ar chás neamhchomhlíonta agus ceangal a chur ar chuideachtaí aisíoc a dhéanamh leis na tomhaltóirí dá ndearnadh difear;
Leasú57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe n
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(n) an chumhacht chun aon chinntí deiridh, aon bhearta deiridh, aon ghealltanais arna dtabhairt ag an oibreoir eacnamaíoch nó aon chinntí a glacadh nó a rinneadh de bhun an Rialacháin seo a fhoilsiú, lena n-áirítear foilsiú aitheantas an oibreora eacnamaíoch a bhí freagrach as an neamh-chomhlíonadh.
(n) an chumhacht aon chinntí deiridh, aon bhearta deiridh, aon ghealltanais arna dtabhairt ag an oibreoir eacnamaíoch nó aon chinntí a glacadh nó a rinneadh de bhun an Rialacháin seo a fhoilsiú, lena n-áirítear foilsiú chéannacht an oibreora eacnamaíoch a bhí freagrach as an neamhchomhlíonadh, faoi réir na ráthaíochtaí is déine maidir le rúndacht agus rúndacht ghairmiúil agus tráchtála agus na dtéarmaí lena sonraítear an chaoi ar cheart don oibreoir eacnamaíoch an caillteanas nó an damáiste a d’fhulaing na tomhaltóirí a chúiteamh.
Leasú58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4. Foilseoidh na húdaráis faireachais margaidh aon ghealltanais a thabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha dóibh, mionsonraí aon ghníomhaíochta ceartaithí a rinne oibreoirí eacnamaíocha ina gcríoch, agus mionsonraí aon bheart sealadach a rinne an t-údarás faireachais margaidh ábhartha de bhun an Rialacháin seo.
4. Foilseoidh na húdaráis faireachais margaidh aon ghealltanais a thabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha dóibh, mionsonraí aon ghníomhaíochta ceartaithí a rinne oibreoirí eacnamaíocha ina gcríoch, agus mionsonraí aon bheart sealadach a rinne an t-údarás faireachais margaidh ábhartha de bhun an Rialacháin seo, faoi réir na ráthaíochtaí is déine maidir le rúndacht agus rúndacht ghairmiúil agus tráchtála.
Leasú59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5. Feidhmeoidh na húdaráis faireachais margaidh a gcuid cumhachtaí i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.
5. Feidhmeoidh na húdaráis faireachais margaidh a gcuid cumhachtaí i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim agus prionsabal na comhréireachta.
Leasú60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 – fomhír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh seiceálacha iomchuí ar shaintréithe táirgí ar scála cuí, trí sheiceálacha doiciméadacha agus, más iomchuí, trí rialuithe fisiceacha agus saotharlainne ar bhonn sampla ionadaíoch.
Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh seiceálacha iomchuí ar shaintréithe táirgí ar scála cuí, i gcomhréir leis an modheolaíocht chomhchoiteann arna leagan síos ag an gCoimisiún, trí sheiceálacha doiciméadacha agus, i gcás inarb iomchuí, trí rialuithe fisiceacha agus saotharlainne ar bhonn sampla ionadaíoch. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, lena leagtar síos céatadáin íosta do líon na seiceálacha a dhéanfaidh údaráis faireachais margaidh ar tháirgí ó chatagóirí éagsúla táirgí i gcomhréir leis na tosaíochtaí arna gcinneadh ag Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí.
Leasú61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Urramóidh na húdaráis faireachais margaidh prionsabalna rúndachta nuair is gá chun rúin ghairmiúla agus tráchtála a chosaint nó chun sonraí pearsanta a chaomhnú de bhun na reachtaíochta náisiúnta, faoi réir an cheanglais faisnéis a phoibliú an oiread agus is féidir chun leasanna na n-úsáideoirí deiridh san Aontas a chosaint.
Áiritheoidh na húdaráis faireachais margaidh na ráthaíochtaí is déine maidir le rúndacht agus rúndacht ghairmiúil agus tráchtála agus déanfaidh siad sonraí pearsanta a chaomhnú de bhun na reachtaíochta náisiúnta, faoi réir an cheanglais faisnéis a phoibliú an oiread agus is féidir chun leasanna na n-úsáideoirí deiridh san Aontas a chosaint.
Leasú62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
2. An cinneadh go mbaineann nó nach mbaineann riosca tromchúiseach le táirge, beidh sé bunaithe ar mheasúnú riosca iomchuí ina gcuirfear san áireamh cineál na guaise agus dóchúlacht a tarlaithe. An fhéidearthacht leibhéil sábháilteachta níos airde a bhaint amach nó táirgí eile a bheith ar fáil ar lú an méid riosca a bhaineann leo, ní cúis iad lena mheas go mbaineann riosca tromchúiseach le táirge.
2. An cinneadh go mbaineann nó nach mbaineann riosca tromchúiseach le táirge, beidh sé bunaithe ar mheasúnú riosca iomchuí ina gcuirfear san áireamh cineál na guaise, dóchúlacht a tarlaithe agus prionsabal an réamhchúraim. Cuirfear gné na sláinte den riosca san áireamh sa chinneadh sin go háirithe. An fhéidearthacht leibhéil sábháilteachta níos airde a bhaint amach nó táirgí eile a bheith ar fáil ar lú an méid riosca a bhaineann leo, ní cúis iad lena mheas go mbaineann riosca tromchúiseach le táirge.
Leasú63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 –mír 4 – pointe c
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(c) comhairle neamhspleách theicniúil nó eolaíoch a thabhairt don Choimisiún, lena n-áirítear an Líonra arna bhunú faoi Airteagal 31, agus do na Ballstáit;
(c) comhairle neamhspleách theicniúil nó eolaíoch a thabhairt don Choimisiún, lena n-áirítear an Líonra arna bhunú faoi Airteagal 31, agus do na Ballstáit, agus rioscaí nua atá ag teacht chun cinn a chur in iúl bunaithe ar na torthaí eolaíochta is déanaí;
Leasú64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4 – pointe e a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ea)gníomhú mar lárionad eolais maidir le rioscaí agus rioscaí atá ag teacht chun cinn don tomhaltóir agus don chomhshaol, mar shampla i ndáil le ceimiceáin dhíobhálacha a aicmítear mar cheimiceáin atá carcanaigineach, só-ghineach agus tocsaineach don atáirgeadh nó substaintí eile i dtáirgí tomhaltais ar díol imní iad.
Leasú65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4 – pointe e b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(eb)gníomhú mar lárionad eolais maidir le rioscaí nua do thomhaltóirí a bhaineann le táirgí ar féidir iad a nascadh leis an idirlíon;
Leasú66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4 – pointe e c (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ec) Tabharfaidh saoráidí tástála an Aontais cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit freisin i dtaca le modheolaíochtaí comhpháirteacha úrscothacha tástála a fhorbairt; bunófar dlúthchaidreamh idir an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus saoráidí tástála an Aontais agus iad ag gníomhú mar lárionad eolais chun forluí a sheachaint agus an tacaíocht is fearr a áirithiú do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus forfheidhmiúcháin na mBallstát.
Leasú67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
4a.Tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh aird chuí ar thorthaí tástála, anailís agus conclúidí shaoráidí tástála an Aontais agus bearta iomchuí i leith faireachas margaidh á nglacadh acu.
Leasú68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Ar iarratas ó údarás is iarrthóir, déanfaidh an t-údarás iarrtha gan mhoill gach beart forfheidhmiúcháin is gá ag baint úsáid as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, chun deireadh a chur le cás neamh-chomhlíonta.
1. Arna iarraidh sin d’údarás is iarratasóir nó don Choimisiún nó d’aon gheallsealbhóirí eile a thugann fianaise chuí ar neamhchomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás iarrtha gach beart forfheidhmiúcháin is gá gan mhoill ag baint úsáid as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, chun deireadh a chur le cás neamhchomhlíonta. Mura ngníomhóidh an t-údarás iarrtha, féadfaidh an Coimisiún féin na bearta forfheidhmiúcháin ar fad is gá a dhéanamh.
Leasú69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 7 – fomhír 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas gach bliain faoin 30 Meitheamh ina mbeidh an fhaisnéis a chuir na Ballstáit faoina bhráid don bhliain féilire roimhe sin. Is sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 34 a fhoilseofar an tuarascáil.
Tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil agus achoimre ar an tuarascáil suas gach bliain faoin 30 Meitheamh ina mbeidh an fhaisnéis a chuir na Ballstáit faoina bhráid don bhliain féilire roimhe sin. Is sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 34 a fhoilseofar an tuarascáil.
Leasú70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 8 – fomhír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
I gcás ina bhfuil cúis ag Ballstát a chreidiúint go ndearna oibreoir eacnamaíoch a phointe iontrála maidir le táirgí a chuirtear chuig margadh an Aontais a athrú chuig Ballstát eile de bhrí nach bhfuil rialuithe chomh dian céanna ann, nó nach bhfuil siad chomh héifeachtach céanna ó thaobh córais de, déanfaidh siad údaráis chomhfhreagracha an Bhallstáit sin a chur ar an eolas maidir leis an bpróifíl riosca a thugtar don oibreoir eacnamaíoch agus féadfaidh siad a iarraidh ar Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí faireachán a dhéanamh ar iontráil táirgí den sórt sin.
Réasúnú
Is é an cuspóir atá leis, a chinntiú nach dtagann isteach ar an margadh ach amháin na táirgí sin atá sábháilte agus comhlíontach.
Leasú71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 –mír 1 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) nach bhfuil an táirge marcáilte nó lipéadaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht comhchuibhithe sin de chuid an Aontais;
(b) nach bhfuil an táirge marcáilte nó lipéadaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht comhchuibhithe sin de chuid an Aontais, agus nach féidir é sin a réiteach trí cheartú laistigh de thréimhse ama réasúnach;
Leasú72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh tosaíocht do tháirgí a dhearbhaigh oibreoir eacnamaíoch údaraithe le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht, mar a leagtar amach in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, má tá a scaoileadh curtha ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Rialachán seo.
1. Caithfidh na húdaráis faireachais margaidh le scaoileadh táirgí atá curtha ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Rialachán seo ar bhonn comhionann i gcás gach oibreora eacnamaíoch.
Leasú73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 5 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
5a. Ceadóidh an Coimisiún do gheallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear grúpaí tomhaltóirí, ionchur struchtúrtha a thabhairt ar mhaithe le gníomhaíochtaí comhchoiteanna, comhuaineacha faireachais a roghnú agus tús áite a thabhairt dóibh.
Réasúnú
Déanann eagraíochtaí tomhaltóra tástáil ar tháirgí comparáideacha ar bhonn rialta i saotharlanna ina gcuidítear le táirgí tomhaltóra neamhchomhlíontacha agus neamhshábháilte a ainmniú. D’fhéadfadh a bhfianaise agus a sonraí a bhailítear ag leibhéal náisiúnta agus Eorpach cur le feidhmiú Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí a fheabhsú.
Leasú74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe a a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(aa)faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás custaim chun a áirithiú go ndéantar rialuithe diana ar leibhéal comhionann ar tháirgí comhchuibhithe agus neamh-chomhchuibhithe sna Ballstáit éagsúla;
Leasú75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe a b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ab)modheolaíocht chomhchoiteann tástála a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh aonfhoirmeacht ann sna rialuithe a dhéanann na Ballstáit;
Leasú76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe f
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(f) comhar agus malartú éifeachtach faisnéise agus dea-chleachtas idir údaráis faireachais margaidh a eagrú;
(f) comhar a eagrú agus malartú éifeachtach agus rialta faisnéise agus dea-chleachtas idir Ballstáit a éascú mar aon le hidir údaráis faireachais margaidh, agus idir Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha;
Leasú77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe m a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ma) cleachtais aonfhoirmeacha maidir le hanailís riosca a fhorbairt agus catagóirí éagsúla riosca a leagan síos;
Leasú78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe m b (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(mb) faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-údarás custaim agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí san fheidhmíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chothroime iomaíochta do tháirgeoirí comhlíontacha an Aontais i gcomparáid le táirgeoirí tríú tíortha a bhíonn ag onnmhairiú chuig an Aontas, agus dul i ngleic le cleachtas onnmhaireoirí tríú tíortha ina roghnaítear na pointí iontrála sin chuig an Aontas nach bhfuil rialuithe chomh dian céanna iontu, nó nach bhfuil siad chomh héifeachtach céanna ó thaobh córais de;
Leasú79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe m c (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(mc) tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Líonra EUPC a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa;
Leasú80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – pointe m d (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(md)nósanna imeachta a bhunú le haghaidh bunachar sonraí uile-Eorpach chun sonraí maidir le tionóiscí, díobháil nó damáiste a rinneadh do shláinte, sábháilteacht agus/nó slándáil úsáideoirí deiridh nó don chomhshaol a bhailiú, agus an fhaisnéis a bheidh sa bhunachar sonraí sin a chur ar fáil ar bhealach a mbeidh rochtain éasca ag na geallsealbhóirí ábhartha ar fad uirthi.
Leasú81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis rúnda a bhaineann le faireachas margaidh a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcás ina bhfuil socruithe rúndachta atá bunaithe ar chómhalartacht tugtha i gcrích aige leis na húdaráis nó leis na heagraíochtaí sin.
1. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis rúnda a bhaineann le faireachas margaidh a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, faoi réir na ráthaíochtaí is déine maidir le rúndacht agus rúndacht ghairmiúil agus tráchtála.
Leasú82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 1 – fomhír 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leagfaidh na Ballstáit na rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme i ndáil le sáruithe ar na forálacha de chuid an Rialacháin seo lena gcuirtear oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha agus i ndáil le sáruithe ar fhorálacha aon reachtaíochta comhchuibhithe de chuid an Aontais i leith táirgí a chumhdaíonn an Rialachán seoagus lena gcuirtear oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha i gcás nach bhforáiltear maidir le pionóis sa reachtaíocht sin, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Leagfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme i ndáil le sáruithe ar na forálacha de chuid an Rialacháin seo lena gcuirtear oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha agus i ndáil le sáruithe ar fhorálacha aon reachtaíochta de chuid an Aontais i leith táirgí lena gcuirtear oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha i gcás nach bhforáiltear maidir le pionóis sa reachtaíocht sin, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Leagfaidh an Coimisiún na rialacha oibríochtúla síos do na Ballstáit freisin maidir le bearta sealadacha agus gníomhartha ceartaitheacha a dhéanamh i dtaca le táirgí neamhchomhlíontacha agus oibreoirí neamhchomhlíontacha chun tomhaltóirí a chosaint go mear i gcás ina bhfuil riosca ann dóibh.
Leasú83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 2 – pointe a
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(a)an staid airgeadais i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide;
scriosta
Réasúnú
Ní bhaineann na critéir seo le comhréireacht na díobhála a dhéantar d’úsáideoirí deiridh nó don chomhshaol agus, dá bhrí sin, níor cheart tús áite a thabhairt dóibh sa phróiseas maidir leis an bpionós a chinneadh.
Leasú84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 2 – pointe b
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(b) cineál, tromchúis agus fad an neamh-chomhlíonta, ag cur san áireamh an díobháil a rinneadh d'úsáideoirí deiridh;
(b) cineál, tromchúis agus fad an neamhchomhlíonta, ag cur san áireamh an díobháil a rinneadh d’úsáideoirí deiridh, don chomhshaol, do leasanna sóisialta agus eacnamaíocha;
Leasú85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 2 – pointe e a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
(ea)an staid airgeadais i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide.
NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal
Rialacha agus nósanna imeachta maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach
Marco Affronte, Margrete Auken, Pilar Ayuso, Zoltán Balczó, Catherine Bearder, Biljana Borzan, Paul Brannen, Soledad Cabezón Ruiz, Nessa Childers, Alberto Cirio, Birgit Collin-Langen, Miriam Dalli, Seb Dance, Mark Demesmaeker, Stefan Eck, Bas Eickhout, Francesc Gambús, Arne Gericke, Jens Gieseke, Julie Girling, Sylvie Goddyn, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, Jytte Guteland, György Hölvényi, Anneli Jäätteenmäki, Karin Kadenbach, Urszula Krupa, Giovanni La Via, Jo Leinen, Peter Liese, Valentinas Mazuronis, Susanne Melior, Miroslav Mikolášik, Rory Palmer, Massimo Paolucci, Piernicola Pedicini, Bolesław G. Piecha, Pavel Poc, John Procter, Julia Reid, Daciana Octavia Sârbu, Annie Schreijer-Pierik, Davor Škrlec, Renate Sommer, Adina-Ioana Vălean, Damiano Zoffoli
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach
Guillaume Balas, Anja Hazekamp, Merja Kyllönen, Alojz Peterle, Christel Schaldemose, Keith Taylor
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach
Marc Joulaud, Stanisław Ożóg
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH
Mark Demesmaeker, Arne Gericke, Urszula Krupa, Stanisław Ożóg, Bolesław G. Piecha, John Procter
EFDD
Piernicola Pedicini
ENF
Sylvie Goddyn
GUE/NGL
Stefan Eck, Anja Hazekamp, Merja Kyllönen
NI
Zoltán Balczó
PPE
Pilar Ayuso, Birgit Collin-Langen, Francesc Gambús, Jens Gieseke, Julie Girling, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, György Hölvényi, Marc Joulaud, Giovanni La Via, Peter Liese, Miroslav Mikolášik, Alojz Peterle, Annie Schreijer Pierik, Renate Sommer, Adina Ioana Vălean
S&D
Guillaume Balas, Biljana Borzan, Paul Brannen, Soledad Cabezón Ruiz, Nessa Childers, Miriam Dalli, Seb Dance, Jytte Guteland, Karin Kadenbach, Jo Leinen, Susanne Melior, Rory Palmer, Massimo Paolucci, Pavel Poc, Christel Schaldemose, Daciana Octavia Sârbu, Damiano Zoffoli
Verts/ALE
Marco Affronte, Margrete Auken, Bas Eickhout, Davor Škrlec, Keith Taylor
1
-
EFDD
Julie Reid
0
0
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal
Rialacha agus nósanna imeachta maidir le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach
John Stuart Agnew, Pascal Arimont, Daniel Dalton, Nicola Danti, Pascal Durand, Maria Grapini, Liisa Jaakonsaari, Philippe Juvin, Antonio López-Istúriz White, Morten Løkkegaard, Eva Maydell, Nosheena Mobarik, Marcus Pretzell, Virginie Rozière, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Olga Sehnalová, Jasenko Selimovic, Igor Šoltes, Ivan Štefanec, Catherine Stihler, Róża Gräfin von Thun und Hohenstein, Mylène Troszczynski, Anneleen Van Bossuyt, Marco Zullo
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach
Birgit Collin-Langen, Roberta Metsola, Adam Szejnfeld, Sabine Verheyen, Kerstin Westphal
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach
Fabio Massimo Castaldo, Isabella De Monte, Michael Detjen, Michaela Šojdrová
Dáta don chur síos
6.9.2018
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
28
+
ALDE
Morten Løkkegaard, Jasenko Selimovic
EFDD
Fabio Massimo Castaldo, Marco Zullo
PPE
Pascal Arimont, Birgit Collin-Langen, Philippe Juvin, Antonio López-Istúriz White, Eva Maydell, Roberta Metsola, Andreas Schwab, Michaela Šojdrová, Ivan Štefanec, Adam Szejnfeld, Róża Gräfin von Thun und Hohenstein, Sabine Verheyen
S&D
Nicola Danti, Isabella De Monte, Michael Detjen, Maria Grapini, Liisa Jaakonsaari, Virginie Rozière, Christel Schaldemose, Olga Sehnalová, Catherine Stihler, Kerstin Westphal
VERTS/ALE
Pascal Durand, Igor Šoltes
5
-
ECR
Daniel Dalton, Nosheena Mobarik, Anneleen Van Bossuyt