Tuarascáil - A8-0284/2018Tuarascáil
A8-0284/2018

TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2008/118/CE maidir le glacadh le bardas Iodálach Campione d'Italia agus uiscí Iodálacha Loch Lugano mar chuid de chríoch chustaim an Aontais agus le cur i bhfeidhm críochach Threoir 2008/118/CE

10.9.2018 - (COM(2018)0261 – C8‑0226/2018 – 2018/0124(CNS)) - *

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Roberto Gualtieri
(Nós imeachta simplithe – Riail 50(1) de na Rialacha Nós Imeachta)

Nós Imeachta : 2018/0124(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0284/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0284/2018
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2008/118/CE maidir le glacadh le bardas Iodálach Campione d'Italia agus uiscí Iodálacha Loch Lugano mar chuid de chríoch chustaim an Aontais agus le cur i bhfeidhm críochach Threoir 2008/118/CE

(COM(2018)0261 – C8‑0226/2018 – 2018/0124(CNS))

(Nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0261),

–  ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0226/2018),

–  ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0284/2018),

1.  Ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2.  Á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;

3.  Á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;

4.  Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Ina litir an 18 Iúil 2017, d’iarr rialtas na hIodáile go ndéanfaí bardas Iodálach Campione d’Italia agus uiscí Iodálacha Loch Lugano a áireamh i gcríoch chustaim AE agus i gcríoch an Aontais a bhfuil feidhm maidir léi ag Treoir 2008/118/CE maidir le socruithe ginearálta do dhleacht mháil (an ‘Treoir maidir le Mál’). San am a chuaigh thart, bhí údar leis an dá eachtarchríoch Iodálacha atá lonnaithe laistigh de chríoch na hEilvéise a eisiamh ó chríoch chustaim an Aontais ar chúiseanna geografacha, amhail iargúltacht agus míbhuntáistí eacnamaíocha. Measann an Iodáil anois áfach nach bhfuil gá leis an eisiamh sin a thuilleadh, go háirithe toisc gur mian leis an Eilvéis anois iad a áireamh ina críoch chustaim. Iarrann sí mar sin go dtabharfar an dá chríoch sin faoi raon chríoch chustaim an Aontais agus faoi raon chríoch an Aontais a bhfuil feidhm maidir léi ag an Treoir maidir le Mál. Tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an leasú seo amhail ón 1 Eanáir 2019.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aire, áfach, gur mian leis an Iodáil an dá chríoch a eisiamh go fóill ó chur i bhfeidhm críochach Threoir 2006/112/CE (An Treoir maidir le CBL) maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, mar measann an Iodáil gur den ríthábhacht é machaire réidh a chothabháil idir na gníomhaithe eacnamaíocha in Campione d’Italia agus san Eilvéis. Bhainfí é sin amach trí bhíthin córas cánach áitiúil indíreach i gcomhréir le córas cánach breisluacha (CBL) na hEilvéise.

Ní chuirtear de cheangal sa togra seo ach athrú foirmiúil ar an Treoir maidir le CBL, lena n-aistrítear an dá chríoch ó Airteagal 6(2) (críocha atá ina gcuid de chríoch chustaim AE a eisiatar ó chur i bhfeidhm críochach na Treorach maidir le CBL) go hAirteagal 6(1) (críocha atá ina gcuid de chríoch chustaim AE a eisiatar ó chur i bhfeidhm críochach na Treorach maidir le CBL).

Tacaíonn an Rapóirtéir go hiomlán leis an togra seo agus iarrann sé ar an gComhairle an togra seo a ghlacadh go pras.

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2008/118/CE maidir le glacadh le bardas Iodálach Campione d'Italia agus uiscí Iodálacha Loch Lugano mar chuid de chríoch chustaim an Aontais agus le cur i bhfeidhm críochach Threoir 2008/118/CE

Tagairtí

COM(2018)0261 – C8-0226/2018 – 2018/0124(CNS)

Dáta a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint

29.5.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

11.6.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

11.6.2018

IMCO

11.6.2018

 

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

ITRE

19.6.2018

IMCO

19.6.2018

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Roberto Gualtieri

31.5.2018

 

 

 

Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh

29.8.2018

Pléite sa choiste

29.8.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

7.9.2018

 

 

 

Dáta don chur síos

10.9.2018

An nuashonrú is déanaí: 19 Meán Fómhair 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais