TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a cheapadh
11.10.2018 - (N8-0100/2018 - C8‑0423/2018 – 2018/0903(NLE))
An Coiste um BuiséidAn Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéirí: Jean Arthuis, Roberto Gualtieri
(Nós imeachta comhchoiste – Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta)
TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a cheapadh
(N8-0100/2018 - C8‑0423/2018 – 2018/0903(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ó Bhord Stiúrtha an Chiste Eorpaigh um Infheistíochtaí Straitéiseacha an 19 Iúil 2018 chun a Stiúrthóir Bainistíochta a athcheapadh (C8‑0423/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 – an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha[1],
– ag féachaint do Riail 122a dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla faoi Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0314/2018),
A. de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2015/1017 go ndéanfaidh BEI Stiúrthóir Bainistíochta agus Leas-Stiúrthóir Bainistíochta CEIS a cheapadh go ceann téarma seasta trí bliana, a bheidh in-athnuaite uair amháin, tar éis formheas a fháil ó Pharlaimint na hEorpa tar éis próiseas roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann i gcomhréir le nósanna imeachta BEI, ar próiseas é ina gcoiméadfar Parlaimint na hEorpa ar an eolas go cuí ar mhodh tráthúil ag gach céim lena linn;
B. de bhrí go ndearna Bord Stiúrtha CEIS togra a ghlacadh an 19 Iúil 2018 chun Stiúrthóir Bainistíochta agus Leas-Stiúrthóir Bainistíochta CEIS a athcheapadh agus an togra sin a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa;
C. de bhrí go ndearna an Coiste um Buiséid agus an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta éisteacht a thionól an 25 Meán Fómhair 2018 le Wilhelm Molterer, an t-iarrthóir beartaithe le haghaidh fheidhm Stiúrthóir Bainistíochta CEIS, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;
1. Ag tabhairt a toiliú maidir le Wilhelm Molterer a cheapadh mar Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha;
2. Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig rialtais na mBallstát.
- [1] IO L 169, 1.7.2015, lch. 1.
IARSCRÍBHINN 1: CURRICULUM VITAE Wilhelm Molterer
Tá Wilhelm Molterer ina Stiúrthóir Bainistíochta ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) ón 1 Samhain 2015 i leith.
Tá céim Mháistreachta in Eacnamaíocht Shóisialta aige ó Ollscoil Johannes Kepler in Linz, an Ostair. Tar éis a chuid staidéir Ollscoile a chríochnú, rinneadh Comhairleoir Eacnamaíoch i gCumann Fheirmeoirí na hOstaire agus Comhairleoir d’Aire Talmhaíochta Réigiúnach san Ostair Uachtarach de. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina Chomhairleoir Eacnamaíoch don Aire Cónaidhme Talmhaíochta. Ansin, lean sé dá ghairm mar Cheann Oifig Phearsanta an Aire Cónaidhme Talmhaíochta agus ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chumann Fheirmeoirí na hOstaire.
Bhí Wilhelm Molterer ina Chomhalta de Pharlaimint Chónaidhme na hOstaire agus ina Urlabhraí Talmhaíochta ó 1990 go 1994 agus níos déanaí bhí sé é ina Ard-Rúnaí ar Pháirtí Phobal na hOstaire (ÖVP). Ó 1994 go 2002, ba é an tAire Cónaidhme Talmhaíochta, Foraoiseachta, Comhshaoil agus Bainistithe Uisce san Ostair é. Ó 2007 go 2008 ba é Leas-Seansailéir agus an tAire Cónaidhme Airgeadais é, agus ghníomhaigh sé ar feadh na tréimhse ó 2008 go 2011 mar urlabhraí na Parlaiminte do ghnóthaí bunreachtúla. Ó mhí Iúil 2011 go dtí mí Lúnasa 2015 bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ina chomhalta dá Choiste Bainistíochta, comhlacht feidhmiúcháin coláisteach buan.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Stiúrthóir Bainistíochta CEIS a cheapadh |
||||
Tagairtí |
|||||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
25.9.2018 |
|
|
|
|
Coistí freagracha Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 4.10.2018 |
ECON 4.10.2018 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Jean Arthuis 25.9.2018 |
Roberto Gualtieri 25.9.2018 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
9.10.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
45 2 6 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Nedzhmi Ali, Jean Arthuis, Richard Ashworth, Pervenche Berès, Reimer Böge, Lefteris Christoforou, Gérard Deprez, Manuel dos Santos, Markus Ferber, José Manuel Fernandes, Jonás Fernández, Eider Gardiazabal Rubial, Stefan Gehrold, Sven Giegold, Ingeborg Gräßle, Roberto Gualtieri, Brian Hayes, Monika Hohlmeier, John Howarth, Bernd Kölmel, Georgios Kyrtsos, Philippe Lamberts, Werner Langen, Sander Loones, Bernd Lucke, Olle Ludvigsson, Ivana Maletić, Marisa Matias, Gabriel Mato, Alex Mayer, Bernard Monot, Jan Olbrycht, Stanisław Ożóg, Paul Rübig, Pirkko Ruohonen-Lerner, Anne Sander, Petri Sarvamaa, Martin Schirdewan, Molly Scott Cato, Peter Simon, Ramon Tremosa i Balcells, Ernest Urtasun, Marco Valli, Tom Vandenkendelaere, Miguel Viegas, Tiemo Wölken |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mady Delvaux, Ashley Fox, Ramón Jáuregui Atondo, Jan Keller, Thomas Mann, Nils Torvalds, Lieve Wierinck |
||||
Dáta don chur síos |
11.10.2018 |
||||