TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothromaí
11.10.2018 - (COM(2018)0398 – C8‑0316/2018 – 2018/0222(NLE)) - *
An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Sander Loones
(Nós imeachta simplithe – Riail 50(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothromaí
(COM(2018)0398 – C8‑0316/2018 – 2018/0222(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0398),
– ag féachaint d’Airteagal 109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0316/2018),
– ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0315/2018),
1. Ag formheas an togra ón gCoimisiún;
2. Á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;
3. Á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;
4. Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Cé go bhfuil na difríochtaí i stádas dlíthiúil maidir le hairgead AE a íoctar go díreach le tairbhithe deiridh (gan achmhainní stáit) agus airgead AE a íoctar go hindíreach trí údaráis náisiúnta (acmhainní stáit) seanbhunaithe, is minic nach mbíonn lántuiscint ag údaráis náisiúnta nó réigiúnacha ar an bhfíric nach bhfuil airgead AE eisiata go huathoibríoch ó rialacha maidir le Státchabhair ná go gcáilíonn sé go huathoibríoch le haghaidh Státchabhrach. Eascraíonn formhór den easpa tuisceana as an bhfíric nach dtagann airgead AE faoi réim feidhme Airteagal 107(1) CFAE ach amháin sa chás gur féidir le húdarás poiblí smacht a bheith aige air.
Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh na tionscnaimh a ghlac an Coimisiún Eorpach chun an ghaolmhaireacht idir chláir mhaoinithe AE agus rialacha maidir le Státchabhair a fheabhsú. Is chun tairbhe i dtreo na sprice seo an leasú atá beartaithe ar Rialachán[1] cumasúcháin AE maidir le Státchabhair, sa tslí go ligfidh sé don Choimisiún modhnuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar an Rialachán Blocdhíolúine Ginearálta (GBER)[2] ionas gur féidir cistí a bhainstítear go náisiúnta agus cistí AE a bhainistítear go lárnach a chur le chéile chomh héasca agus is féidir, gan iomaíocht an Mhargaidh Aonair a shaobhadh.
Maidir le moladh an Choimisiúin go ndéanfaí dhá chatagóir nua a chur isteach sa Rialachán Cumasúcháin (cistí náisiúnta atá cumasctha le cistí AE a bhainistítear go lárnach; agus tionscnaimh chláir Chomhair Críche Eorpaigh AE) d'fhonn GBER a leasú, rannchuideoidh sé le simpliú riaracháin. Tá ciall le gan tionscnaimh agus maoiniú arna bhformheas ag an gCoimisiún bunaithe ar rialacha eile, ar sprioc dóibh freisin saobhadh iomaíochta an Mhargaidh aonair a sheachaint, a chur faoi réir seiceálacha breise faoi na rialacha Státchabhrach.
Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh an togra ón gCoimisiún agus molann sé é a ghlacadh trí bhíthin an nós imeachta simplithe faoi Riail 50 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.
- [1] Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothromaí, Pb. L. 24.9.2015, 248/1.
- [2] Rialachán (AE) 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena bhfógraítear catagóirí áirithe Státchabhrach comhoiriúnach le rialacha an mhargaidh inmheánaigh faoi Airteagal 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 26.6.2014, 187/1.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothromaí |
||||
Tagairtí |
COM(2018)0398 – C8-0316/2018 – 2018/0222(NLE) |
||||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
9.7.2018 |
|
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ECON 10.9.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Sander Loones 20.6.2018 |
|
|
|
|
Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh |
9.10.2018 |
||||
Pléite sa choiste |
9.10.2018 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
9.10.2018 |
|
|
|
|
Dáta don chur síos |
11.10.2018 |
||||