Tuarascáil - A8-0316/2018Tuarascáil
A8-0316/2018

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

11.10.2018 - (COM(2017)0826 – C8‑0432/2017 – 2017/0336(COD)) - ***I

An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach
Rapóirtéirí: Lambert van Nistelrooij, Constanze Krehl

Nós Imeachta : 2017/0336(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0316/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0316/2018
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

(COM(2017)0826 – C8‑0432/2017 – 2017/0336(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2017)0826),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus don tríú mír d’Airteagal 175, agus d’Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0432/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Márta 2018[1],

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus freisin ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0316/2018),

1.  Ag diúltú don togra ón gCoimisiún;

2.  Á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a tharraingt siar;

3.  Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

  • [1]  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Leis an togra seo, a ghlac an Coimisiún an 6 Nollaig 2017, táthar ag iarraidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna (CPR) a leasú chun go mbeifear in ann cúlchiste feidhmíochta (6% de na hacmhainní arna leithdháileadh do CFRE, CSE agus Infheistíocht CC um Sprioc Fáis agus Fostaíochta, do CETFT agus do CEMI) a úsáid le haghaidh athchóirithe struchtúracha in ionad é a úsáid le haghaidh na ‘dtosaíochtaí sonracha’ a leagtar amach sna Comhaontuithe Comhpháirtíochta. Leis an togra, táthar ag iarraidh, go háirithe, Airteagal 22(1a), Airteagal 22(8) agus Airteagal 23a a chur isteach in CPR, ar Airteagail iad ina leagtar amach na prionsabail agus na nósanna imeachta chun airgead beartais chomhtháthaithe a úsáid le haghaidh athchóirithe struchtúracha. De bhreis air sin, déanann leasuithe a rinneadh ina dhiaidh sin difear, dá réir, d’fhorálacha CPR maidir lena chuspóir, lena shainmhínithe agus lena cheanglais um thuairisciú.

Tá breithniú iomlán déanta ag na comhrapóirtéirí ar an togra agus is é an tátal atá bainte amach acu ná gur cheart diúltú don togra.

Cé nár thacaigh Parlaimint na hEorpa le coincheap an chúlchiste feidhmíochta ar dtús tráth a glacadh an pacáiste comhtháthaithe reatha, measann na comhrapóirtéirí go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí na cistí sa chúlchiste feidhmíochta a chaitheamh mar a bhí beartaithe ar dtús, is é sin ar thionscadail chomhtháthaithe, agus nach ndéanfaí iad a atreorú chuig athchóirithe struchtúracha. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil tábhacht ag baint leis na hathchóirithe struchtúracha: i gcomhthéacsanna eile, tá tacaíocht tugtha ag an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach do mhéadú a dhéanamh ar an mbuiséad le haghaidh athchóirithe struchtúracha. Sa chuid is mó de chásanna, áfach, tá údaráis áitiúla agus geallsealbhóirí áitiúla ag brath ar an 6% a chuirtear i leataobh sa chúlchiste feidhmíochta chun tionscadail atá beartaithe cheana a mhaoiniú go dtí deireadh na clárthréimhse seo.

Chuaigh an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach i mbun comhairliúcháin roinnt uaireanta maidir leis an togra seo, lena n-áirítear tuairimí a mhalartú sa choiste leis an Uas. Dombrovskis, Leas-Uachtarán an Choimisiúin, le seirbhísí an Choimisiúin (idir an tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus DG REGIO), le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, le Coiste na Réigiún, le hUachtaránacht na Comhairle agus le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Ar an iomlán, is é tuiscint na gcomhrapóirtéirí go bhfuil tacaíocht don togra an-lag i measc gach duine lena mbaineann, agus nach bhfuil ach líon an-bheag geallsealbhóirí ann atá ag tacú leis an togra maidir le hatreorú roghnach an chúlchiste feidhmíochta chun athchóirithe struchtúracha a mhaoiniú.

TUAIRIM ón gCoiste um Buiséid (30.8.2018)

chuig an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

(COM(2017)0826 – C8‑0432/2017 – 2017/0336(COD))

Rapóirtéir don tuairim (*): Jens Geier

(*)  Coiste comhlachaithe – Riail 54 de na Rialacha Nós Imeachta

RÉASÚNÚ GEARR

Tugann an Rapóirtéir dá aire moladh an Choimisiúin go dtabharfaí an deis do na Ballstáit leithdháileadh iomlán nó páirt-leithdáileadh a dhéanamh ar an gcúlchiste feidhmíochta atá fite fuaite sa rialachán chun tacú le gealltanais na mBallstát maidir le hathchóiriú struchtúrach. Lánrogha na mBallstát a bheadh sa chinneadh úsáid a bhaint as an gcúlchiste feidhmíochta le haghaidh athchóirithe struchtúracha, agus iarrtar orthu moladh oifigiúil a dhéanamh i dtaobh an leithdháilte sin, lena n-áirítear bearta maidir le cur chun feidhme an athchóirithe, clocha míle, spriocanna agus tráthchlár. Dhéanfadh an Coimisiún measúnú ar an moladh agus ghlacfadh sé cinneadh trí ghníomh cur chun feidhme.

Maidir leis an bhféidearthacht atá ann an cúlchiste feidhmíochta a úsáid le haghaidh athchóirithe struchtúracha, baineann sé an bonn den chuspóir bunaidh a bhí leis agus de chuspóir an bheartais chomhtháthaithe, mar gur cuireadh an cúlchiste feidhmíochta ar bun chun cistí a leithdháileadh ar chláir CSIE a raibh a gcuid clocha míle bainte amach acu. Ós rud é go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na cláir sin in 2019, tá cláir ar a ndícheall ag iarraidh a gcuid clocha míle a bhaint amach agus iad á ríomh bunaithe ar chistí ón gcúlchiste feidhmíochta. Más féidir le Ballstáit a chinneadh anois úsáid a bhaint as an gcúlchiste chun críche eile, d’fhéadfadh éadaingne airgeadais agus moill ar chur chun feidhme a bheith i ndán do na cláir chomhtháthaithe. D’fhágfadh sé sin go dtiocfadh deireadh leis an dreasacht go mbeadh rath ar na cláir CSIE.

Sa bhreis air sin, déanann an rialachán leasaitheach an beartas comhtháthaithe a tharraingt isteach faoin Seimeastar Eorpach, cé go bhfuil a chuid cuspóirí féin leagtha síos dó sa Chonradh.

Maidir leis an gcinneadh go ndéanfaí an tacaíocht d’athchóirithe struchtúracha a bhainistiú go díreach le hairgead a bhí ceaptha dul chuig an mbeartas comhtháthaithe, bheadh sé sin ina shárú ar phrionsabal cómhaoinithe an bheartais chomhtháthaithe freisin.

Thairis sin, ní thugann an Coimisiún sainmhíniú soiléir ar athchóirithe struchtúracha ina thogra, rud a fhágann go bhfuil doiléire ann i dtaca le hairgead a ath-leithdháileadh ón gciste feidhmíochta.

Ar deireadh, is é a thugann an Coimisiún mar bhonn cirt dá thogra ná go bhfónfaidh sé mar threoirthionscadal don chéad CAI eile. Ní bheifear in ann, áfach, na torthaí ón gcéim phíolótach sin a thabhairt isteach i leagan amach an chéad CAI eile.

Nuair a chuirtear na nithe sin uile san áireamh, molann an Rapóirtéir go ndiúltófaí don togra ón gCoimisiún mar gurb é sin an bealach is fearr le beartas comhtháthaithe atá éifeachtach, neamhspleách agus rathúil a chinntiú.

******

Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go ndiúltófaí don togra ón gCoimisiún.

NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

Tagairtí

COM(2017)0826 – C8-0432/2017 – 2017/0336(COD)

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

14.12.2017

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

14.12.2017

Coistí comhlachaithe - dáta a fógraíodh sa seisiún iomlánach

19.4.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Jens Geier

23.4.2018

Pléite sa choiste

19.6.2018

10.7.2018

 

 

Dáta an ghlactha

29.8.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

30

1

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nedzhmi Ali, Jean Arthuis, Reimer Böge, Gérard Deprez, Manuel dos Santos, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Jens Geier, Esteban González Pons, Ingeborg Gräßle, Iris Hoffmann, Monika Hohlmeier, John Howarth, Bernd Kölmel, Zbigniew Kuźmiuk, Vladimír Maňka, Jan Olbrycht, Younous Omarjee, Răzvan Popa, Paul Rübig, Petri Sarvamaa, Patricija Šulin, Indrek Tarand, Isabelle Thomas, Inese Vaidere, Daniele Viotti, Tiemo Wölken, Marco Zanni

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Xabier Benito Ziluaga, Janusz Lewandowski, Ivana Maletić, Ivan Štefanec, Marco Valli

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

30

+

ALDE

Jean Arthuis

ECR

Zbigniew Kuźmiuk

EFDD

Marco Valli

ENF

Marco Zanni

GUE/NGL

Xabier Benito Ziluaga, Younous Omarjee

PPE

Reimer Böge, José Manuel Fernandes, Esteban González Pons, Ingeborg Gräßle, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Ivana Maletić, Jan Olbrycht, Paul Rübig, Petri Sarvamaa, Ivan Štefanec, Patricija Šulin, Inese Vaidere

S&D

Eider Gardiazabal Rubial, Jens Geier, Iris Hoffmann, John Howarth, Vladimír Maňka, Răzvan Popa, Manuel dos Santos, Isabelle Thomas, Daniele Viotti, Tiemo Wölken

VERTS/ALE

Indrek Tarand

1

-

ALDE

Nedzhmi Ali

2

0

ALDE

Gérard Deprez

ECR

Bernd Kölmel

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

TUAIRIM ón gCoiste um Rialú Buiséadach (4.10.2018)

chuig an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

(COM(2017)0826 – C8‑0432/2017 – 2017/0336(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Derek Vaughan

RÉASÚNÚ GEARR

Tugann an Rapóirtéir dá aire moladh an Choimisiúin go dtabharfaí deis do na Ballstáit leithdháileadh, go hiomlán nó i bpáirt, a dhéanamh ar an gcúlchiste feidhmíochta atá tuartha i Rialachán na bhForálacha Coiteanna chun tacú le gealltanais i leith an athchóirithe struchtúraigh ag na Ballstáit. Lánrogha na mBallstát a bheadh sa chinneadh úsáid a bhaint as an gcúlchiste feidhmíochta le haghaidh athchóirithe struchtúracha, agus ní mór dóibh moladh oifigiúil a thíolacadh i dtaobh an leithdháilte sin, lena n-áirítear bearta maidir le cur chun feidhme an athchóirithe, clocha míle, spriocanna agus tráthchlár. Dhéanfadh an Coimisiún measúnú ar an togra agus ghlacfadh sé cinneadh trí ghníomh cur chun feidhme.

Is é an aidhm atá leis an Seimeastar Eorpach ná na Ballstáit a chumasú chun a mbeartais eacnamaíocha a chomhordú trí na nithe seo a leanas:

• airgeadas fónta poiblí a áirithiú (fiachas iomarcach rialtais a sheachaint)

• míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha in AE a chosc

• tacú le hathchóirithe struchtúracha, chun tuilleadh post agus fás a chruthú, agus

• borradh a chur faoin infheistíocht. 

Leagann údaráis na mBallstát amach a gcuid pleananna ar conas maoiniú ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid idir 2014 agus 2020 i gComhaontaithe Comhpháirtíochta, agus le formheas ina dhiaidh sin ón gCoimisiún Eorpach.

Is faoi fhreagracht na mBallstát é cláir agus tionscadail nithiúla a mholadh ar a gcaithfear Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

Is é aidhm an chúlchiste feidhmíochta an bhéim ar fheidhmíocht agus gnóthú chuspóirí straitéis an Aontas maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a éascú, agus is ionann é agus 6 % den leithdháileadh iomlán do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, chomh maith le CETFT agus bearta a mhaoinítear faoi bhainistíocht chomhroinnte Rialachán CEMI, a bhunaítear do gach Ballstát.

Maidir leis an bhféidearthacht atá ann an cúlchiste feidhmíochta a úsáid le haghaidh athchóirithe struchtúracha, baineann sé an bonn den chuspóir bunaidh a bhí leis agus de chuspóir an bheartais chomhtháthaithe, mar gur cuireadh an cúlchiste feidhmíochta ar bun chun cistí a leithdháileadh ar chláir CSIE a raibh a gcuid clocha míle bainte amach acu. Ós rud é go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na cláir sin in 2019, tá cláir ar a ndícheall ag iarraidh a gcuid clocha míle a bhaint amach agus iad á ríomh bunaithe ar chistí ón gcúlchiste feidhmíochta. Más féidir le Ballstáit a chinneadh anois úsáid a bhaint as an gcúlchiste chun críche eile, d’fhéadfadh éadaingne airgeadais agus moill ar chur chun feidhme a bheith i ndán do na cláir chomhtháthaithe. D’fhágfadh sé sin go dtiocfadh deireadh leis an dreasacht go mbeadh rath ar na cláir CSIE.

******

Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go ndiúltófaí an togra ón gCoimisiún.

NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

Tagairtí

COM(2017)0826 – C8-0432/2017 – 2017/0336(COD)

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

14.12.2017

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

CONT

14.12.2017

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Derek Vaughan

4.9.2018

Dáta an ghlactha

4.10.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

10

6

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nedzhmi Ali, Inés Ayala Sender, Zigmantas Balčytis, Jonathan Bullock, Luke Ming Flanagan, Ingeborg Gräßle, Arndt Kohn, Georgi Pirinski, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Petri Sarvamaa, Claudia Schmidt, Bart Staes, Derek Vaughan, Tomáš Zdechovský, Dennis de Jong

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jean Arthuis, Richard Ashworth

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

10

+

ALDE

GUE/NGL

EPP

S&D

Verts/ALE

Jean Arthuis

Luke Ming Flanagan, Dennis de Jong

José Ignacio Salafranca Sánchez‑Neyra

Inés Ayala Sender, Zigmantas Balčytis, Arndt Kohn, Georgi Pirinski, Derek Vaughan

Bart Staes

6

-

ALDE

EPP

Nedzhmi Ali

Richard Ashworth, Ingeborg Gräßle, Petri Sarvamaa, Claudia Schmidt, Tomáš Zdechovský

1

0

EFDD

Jonathan Bullock

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

TUAIRIM ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (26.4.2018)

chuig an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

(COM(2017)0826 – C8-0432/2017 – 2017/0336(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Adina-Ioana Vălean

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Aon ath-leithdháileadh arna dhéanamh ón gcúlchiste feidhmíochta, ba cheart é a bheith faoi réir chomhlíonadh na ngealltanas maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme arna sainaithint i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme na n-athchóirithe struchtúracha is mó a mheastar a chuideoidh le hathléimneacht na ngeilleagar intíre agus a mbeidh éifeachtaí iarmharta dearfacha acu ar na Ballstáit eile. Áirítear orthu sin, athchóirithe sna margaí táirgí agus sna margaí saothair, athchóirithe cánach, forbairt margaí caipitil, athchóirithe chun an timpeallacht ghnó a fheabhsú mar aon le hinfheistíocht i gcaipiteal daonna agus in athchóirithe ar an riarachán poiblí.

(3)  Aon ath-leithdháileadh arna dhéanamh ón gcúlchiste feidhmíochta, ba cheart é a bheith faoi réir chomhlíonadh na ngealltanas maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme arna sainaithint i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme na n-athchóirithe struchtúracha is mó a mheastar a chuideoidh le hathléimneacht na ngeilleagar intíre agus a mbeidh éifeachtaí iarmharta dearfacha acu ar na Ballstáit eile. Áirítear orthu sin, athchóirithe sna margaí táirgí agus sna margaí saothair, athchóirithe cánach, forbairt margaí caipitil, athchóirithe chun an timpeallacht ghnó a fheabhsú mar aon le hinfheistíocht i gcaipiteal daonna agus in athchóirithe ar an riarachán poiblí, ar choinníoll nach mbeidh mar thoradh ar na hathchóirithe sin go laghdófar caighdeáin agus dálaí na margaí saothair, na táirgeachta nó na dtáirgí féin.

NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

Tagairtí

COM(2017)0826 – C8-0432/2017 – 2017/0336(COD)

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

14.12.2017

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

14.12.2017

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Adina-Ioana Vălean

26.2.2018

Dáta an ghlactha

25.4.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

41

10

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Affronte, Margrete Auken, Pilar Ayuso, Zoltán Balczó, Biljana Borzan, Lynn Boylan, Paul Brannen, Nessa Childers, Birgit Collin-Langen, Miriam Dalli, Seb Dance, Angélique Delahaye, Mark Demesmaeker, Stefan Eck, Bas Eickhout, José Inácio Faria, Francesc Gambús, Elisabetta Gardini, Gerben-Jan Gerbrandy, Jens Gieseke, Julie Girling, Sylvie Goddyn, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, Jytte Guteland, Anneli Jäätteenmäki, Benedek Jávor, Karin Kadenbach, Kateřina Konečná, Urszula Krupa, Giovanni La Via, Peter Liese, Joëlle Mélin, Susanne Melior, Rory Palmer, Bolesław G. Piecha, Julia Reid, Frédérique Ries, Michèle Rivasi, Davor Škrlec, Renate Sommer, Estefanía Torres Martínez, Adina-Ioana Vălean, Jadwiga Wiśniewska, Damiano Zoffoli

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Cristian-Silviu Buşoi, Fredrick Federley, Anja Hazekamp, Norbert Lins, Alojz Peterle, Stanislav Polčák, Christel Schaldemose

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jude Kirton-Darling, Jeroen Lenaers

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

41

+

ALDE

Fredrick Federley, Gerben-Jan Gerbrandy, Anneli Jäätteenmäki, Frédérique Ries

PPE

Pilar Ayuso, Cristian-Silviu Buşoi, Birgit Collin-Langen, Angélique Delahaye, José Inácio Faria, Francesc Gambús, Jens Gieseke, Julie Girling, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, Giovanni La Via, Jeroen Lenaers, Peter Liese, Norbert Lins, Alojz Peterle, Stanislav Polčák, Renate Sommer, Adina-Ioana Vălean

S&D

Biljana Borzan, Paul Brannen, Nessa Childers, Caterina Chinnici, Miriam Dalli, Seb Dance, Jytte Guteland, Karin Kadenbach, Jude Kirton-Darling, Susanne Melior, Rory Palmer, Christel Schaldemose, Damiano Zoffoli

Verts/ALE

Marco Affronte, Margrete Auken, Bas Eickhout, Benedek Jávor, Michèle Rivasi, Davor Škrlec

10

-

EFDD

Julia Reid

ENF

Sylvie Goddyn, Joëlle Mélin

GUE/NLG

Lynn Boylan, Stefan Eck, Anja Hazekamp, Kateřina Konečná, Estefanía Torres Martínez

NI

Zoltán Balczó

PPE

Elisabetta Gardini

3

0

ECR

Urszula Krupa, Bolesław G. Piecha, Jadwiga Wiśniewska

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

TUAIRIM ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (11.7.2018)

chuig an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

(COM(2017)0826 – C8‑0432/2017 – 2017/0336(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Sofia Sakorafa

RÉASÚNÚ GEARR

Bhí cáineadh ann nach leormhaith bonn cirt straitéiseach - agus cuntasacht - Chistí Comhtháthaithe AE maidir le caiteachas, agus chun iarracht a thabhairt ar an gcáineadh sin a bhréagnú, tugadh isteach díriú méadaithe ar an bhfeidhmíocht i gclárthréimhse 2014-2020. Sainíodh creat feidhmíochta le haghaidh gach cláir oibriúcháin, inar sonraíodh torthaí na n-infheistíochtaí a rabhthas ag súil leo agus an chaoi a ndéanfaí an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí sin a thomhas.

Faoi 2019, déanfar athbhreithniú ar fheidhmíocht agus tabharfar rochtain ar chúlchiste feidhmíochta comhlachaithe do na cláir agus na tosaíochtaí faoina mbainfear amach na garspriocanna agus na cuspóirí a socraíodh (6 % de na hacmhainní a leithdháiltear trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, trí Chiste Sóisialta na hEorpa agus tríd an gCiste Comhtháite), agus d’fhéadfaí pionóis a ghearradh ar na cinn ar cliseadh go tubaisteach orthu garspriocanna a bhaint amach.

Níl an Rapóirtéir sásta leis an togra ón gCoimisiún, ina ndéantar, i mbeagán focal, cuireadh a thabhairt do na Ballstáit, ina iomláine nó i bpáirt, bainistiú chistí an chúlchiste feidhmíochta a ghéilleadh de bharr go bhfuil an Coimisiún ag iarraidh go mór athchóirithe struchtúracha cothrománacha nasctha leis an Seimeastar Eorpach a chur chun feidhme.

I dtús báire, tá sí den tuairim nach bhfuil na cuspóirí céanna ag an mBeartas Comhtháthaithe agus an Seimeastar Eorpach. Is riosca mór do bhaint amach fáis atá inbhuanaithe, cóir agus cothrom iad coinníollachtaí ex ante agus maicreacnamaíocha. Tá sé ráite go láidir arís agus arís eile ag Parlaimint na hEorpa “nár cheart idirghníomhaíocht leis an Seimeastar Eorpach bac a chur ar bhaint amach chuspóirí cearta an Bheartais Chomhtháthaithe mar a shonraítear sna Conarthaí”[1]. Is ionann aistriú EUR 21 bhilliún eile chun freastal ar chuspóirí atá nasctha go daingean le próiseas rialachas eacnamaíoch na hEorpa agus diall soiléir ó phríomhchuspóir an Bheartais Chomhtháthaithe, chun “difríochtaí idir réigiúin ar leibhéal na forbartha a mhaolú”[2].

Dá ndéanfaí an méid suntasach cistí sin a atreorú, chuirfí isteach ar chur chun feidhme thionchar an bheartais agus chuirfí as dá acmhainneacht. Dhéanfaí an bonn a bhaint de phrionsabail lárnacha agus chomhlántacha an Bheartais Chomhtháthaithe, amhail dlúthpháirtíocht sa chleachtas, athdháileadh cóir agus cothrom rachmais, agus an loighic dhreasachta-luaíochta cheannann chéanna maidir le feidhmíocht.

Ó thaobh an nós imeachta de, cuireann an Rapóirtéir ábhar mór imní in iúl. Tá an togra ródhéanach agus tá sé thar a bheith doiléir. Beidh éifeacht chúlghabhálach ag na hathruithe ábhartha, d’fhéadfaidís suaitheadh buiséadach a spreagadh sna tráinsí bliantúla náisiúnta comhaontaithe agus d’fhéadfaidís cur isteach ar chaiteachas atá beartaithe ar bheartais áirithe.

Cáineann an Rapóirtéir an chaoi a dtacaítear, trí ionstraimí cistithe eile de chuid AE, le hathchóirithe struchtúracha lena ndírítear ar an Seimeastar Eorpach sa chlárthréimhse reatha. Tá ath-leithdháileadh cistí comhtháthaithe ar mhaithe leis an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (SRSP) mar shampla, déanta cheana, ach anois tá an Coimisiún ag moladh méadú substainteach ar imchlúdach airgeadais SRSP. De bhreis air sin, d’fhéadfadh an t-iarmhéid éirí níos measa i gclárthréimhse nua 2021-2027. Tá an Coimisiún, agus é ag moladh Clár Tacaíochta nua um Athchóiriú Struchtúrach de bhuiséad EUR 25 bhilliún, rud a bheadh maoinithe faoin Ionstraim Sholúbthachta agus ar leithligh ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta an Aontais, ag pleanáil san am céanna, laghdú de 7% ar an bpunann Comhtháthaithe ina iomláine[3].

Cé go dtugtar le tuiscint leis an mbainistiú comhroinnte gur ann don chomhúinéireacht, tabharfar le fios aistriú chuig bainistiú díreach má chineann Ballstát an cúlchiste feidhmíochta a úsáid go páirteach nó ina iomláine chun tacú le hathchóirithe struchtúracha. Dá bhrí sin, tiocfaidh aon togra maidir le gealltanais athchóiriúcháin a dhéanamh faoi chuimsiú mheasúnú, ghlacadh agus bhainistiú eisiach an Choimisiúin.

Mar fhocal scoir, tá aiféala ar an Rapóirtéir go dtagann an togra go hiomlán salach ar ráitis ón gCoimisiún le déanaí i bplé iomlánach PE (Márta 2018)[4]. Ós rud é nár fhógair an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige na dátaí a athrú maidir le measúnú feidhmíochta agus leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta, ba léir go mbeadh caighdeán dúbailte i gceist dá n-athrófaí ag an tráth seo díriú agus bainistiú an chúlchiste feidhmíochta.

Agus an méid sin thuas á gcur san áireamh, measann an Rapóirtéir gur cheart do Choiste ITRE iarraidh ar Choiste REGI, mar an coiste atá freagrach agus ar Choiste ECON agus ar Choiste BUDG, mar choistí comhlachaithe, diúltú don togra ón gCoimisiún.

******

Iarrann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go ndiúltófaí an togra ón gCoimisiún.

NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

Tagairtí

COM(2017)0826 – C8-0432/2017 – 2017/0336(COD)

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

14.12.2017

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

14.12.2017

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Sofia Sakorafa

22.2.2018

Dáta an ghlactha

10.7.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

51

6

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Zigmantas Balčytis, Bendt Bendtsen, Xabier Benito Ziluaga, José Blanco López, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Angelo Ciocca, Edward Czesak, Jakop Dalunde, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Fredrick Federley, Adam Gierek, Theresa Griffin, Rebecca Harms, Barbara Kappel, Krišjānis Kariņš, Seán Kelly, Jeppe Kofod, Jaromír Kohlíček, Peter Kouroumbashev, Zdzisław Krasnodębski, Janusz Lewandowski, Edouard Martin, Tilly Metz, Csaba Molnár, Nadine Morano, Dan Nica, Angelika Niebler, Morten Helveg Petersen, Paul Rübig, Massimiliano Salini, Algirdas Saudargas, Sven Schulze, Neoklis Sylikiotis, Dario Tamburrano, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Vladimir Urutchev, Kathleen Van Brempt, Henna Virkkunen, Lieve Wierinck, Hermann Winkler, Anna Záborská, Flavio Zanonato, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Michał Boni, Benedek Jávor, Olle Ludvigsson, Marisa Matias, Rupert Matthews, Gesine Meissner, Caroline Nagtegaal, Markus Pieper, Dominique Riquet

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Romeo Franz, Ulrike Rodust

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

51

+

ECR

Edward Czesak, Zdzisław Krasnodębski, Rupert Matthews, Evžen Tošenovský

EFDD

Dario Tamburrano Uasal

ENF

Angelo Ciocca, Barbara Kappel

GUE/NGL

Xabier Benito Ziluaga, Jaromír Kohlíček, Marisa Matias, Neoklis Sylikiotis

PPE

Bendt Bendtsen, Michał Boni, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Krišjānis Kariņš, Seán Kelly, Janusz Lewandowski, Nadine Morano, Angelika Niebler, Markus Pieper, Paul Rübig, Massimiliano Salini, Algirdas Saudargas, Sven Schulze, Vladimir Urutchev, Henna Virkkunen, Hermann Winkler, Anna Záborská

S&D

Zigmantas Balčytis, José Blanco López, Adam Gierek, Theresa Griffin, Jeppe Kofod, Peter Kouroumbashev, Olle Ludvigsson, Edouard Martin, Csaba Molnár, Dan Nica, Ulrike Rodust, Patrizia Toia, Kathleen Van Brempt, Flavio Zanonato, Carlos Zorrinho

VERTS/ALE

Jakop Dalunde, Romeo Franz, Rebecca Harms, Benedek Jávor, Tilly Metz

6

-

ALDE

Fredrick Federley, Gesine Meissner, Caroline Nagtegaal, Morten Helveg Petersen, Dominique Riquet, Lieve Wierinck

0

0

 

 

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

  • [1]  Tuairim an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach (20.2.2018), don Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A80000/2018), maidir leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: Suirbhé Bliantúil Fáis 2018 - (2017/2260(INI)), pointe 4.
  • [2]  Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - Cuid a Trí: Beartais agus Gníomhaíochtaí Inmheánacha an Aontais - Teideal XVIII: Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach - Airteagal 174 (sean-Airteagal 158 CCE), Iris Oifigiúil 115, 09/05/2008 LCH. 0127 - 0127.
  • [3] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún “Buiséad Nua-Aimseartha d’Aontas a Dhéanann An Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a Choinneáil Slán, a Chumhachtú agus a Chosaint”, COM(2018) 321 final, 2.5.2018, lch. 10.
  • [4]  Seisiún Iomlánach PE, Strasbourg, Déardaoin, 15 Márta 2018, Déardaoin, trascheist mhór, Ceist i gcomhair freagra ó bhéal thar ceann Choiste REGI maidir le Cúlchiste feidhmíochta CSIE.

TUAIRIM ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (2.10.2018)

chuig an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

(COM(2017)0826 – C8‑0432/2017 – 2017/0336(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Daniel Buda

RÉASÚNÚ GEARR

Tugann an Rapóirtéir dá aire moladh an Choimisiúin go dtabharfaí an deis do na Ballstáit leithdháileadh iomlán nó páirt-leithdháileadh a dhéanamh ar an gcúlchiste feidhmíochta atá fite fuaite sa rialachán chun tacú le gealltanais na mBallstát maidir le hathchóiriú struchtúrach. Lánrogha na mBallstát a bheadh sa chinneadh úsáid a bhaint as an gcúlchiste feidhmíochta le haghaidh athchóirithe struchtúracha, agus iarrtar orthu moladh oifigiúil a dhéanamh i dtaobh an leithdháilte sin, lena n-áirítear bearta maidir le cur chun feidhme an athchóirithe, clocha míle, spriocanna agus tráthchlár. Dhéanfadh an Coimisiún measúnú ar an moladh agus ghlacfadh sé cinneadh trí ghníomh cur chun feidhme.

Leis an togra ón gCoimisiún Eorpach, tá sé beartaithe an méid arna leithdháileadh ar an gcúlchiste feidhmíochta a atreorú chuig athchóirithe struchtúracha. Faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá ann faoi láthair, leagtar amach sna Comhaontuithe Comhpháirtíochta gur cheart na leithdháiltí sin a úsáid le haghaidh tosaíochtaí sonracha.

Measann an Rapóirtéir sa Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe gur cheart na cistí a leithdháiltear ar an gcúlchiste feidhmíochta a chaitheamh mar a beartaíodh ar dtús mar tá siad dírithe ar thionscadail a chistítear tríd an gCiste Eorpach um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe.

Dá n-úsáidfí an t-airgead atá leithdháilte ar an gcúlchiste feidhmíochta le haghaidh athchóirithe struchtúracha, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an t-airgead sin ar fáil chun infheistíocht a dhéanamh sa talmhaíocht agus san fhorbairt tuaithe. Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir gur cheart diúltú don togra ón gCoimisiún lena leasófaí Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

******

Iarrann an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go ndiúltófaí an togra ón gCoimisiún.

NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

Tagairtí

COM(2017)0826 – C8-0432/2017 – 2017/0336(COD)

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

14.12.2017

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AGRI

14.12.2017

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Daniel Buda

30.5.2018

Dáta an ghlactha

1.10.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

42

0

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

John Stuart Agnew, Clara Eugenia Aguilera García, Eric Andrieu, Richard Ashworth, Daniel Buda, Nicola Caputo, Matt Carthy, Jacques Colombier, Michel Dantin, Paolo De Castro, Albert Deß, Jørn Dohrmann, Herbert Dorfmann, Norbert Erdős, Luke Ming Flanagan, Karine Gloanec Maurin, Esther Herranz García, Jan Huitema, Martin Häusling, Peter Jahr, Ivan Jakovčić, Jarosław Kalinowski, Philippe Loiseau, Mairead McGuinness, Nuno Melo, Giulia Moi, Ulrike Müller, James Nicholson, Maria Noichl, Marijana Petir, Bronis Ropė, Maria Lidia Senra Rodríguez, Ricardo Serrão Santos, Czesław Adam Siekierski, Tibor Szanyi, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Franc Bogovič, Michela Giuffrida, Elsi Katainen, Anthea McIntyre, Momchil Nekov, Molly Scott Cato, Vladimir Urutchev, Thomas Waitz

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Renata Briano

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

41

+

ALDE

Jan Huitema, Ivan Jakovčić, Elsi Katainen, Ulrike Müller

ECR

Zbigniew Kuźmiuk, Anthea McIntyre, James Nicholson

EFDD

John Stuart Agnew, Giulia Moi, Marco Zullo

ENF

Jacques Colombier, Philippe Loiseau

GUE/NGL

Matt Carthy, Luke Ming Flanagan, Maria Lidia Senra Rodríguez

PPE

Richard Ashworth, Franc Bogovič, Daniel Buda, Michel Dantin, Albert Deß, Herbert Dorfmann, Norbert Erdős, Esther Herranz García, Peter Jahr, Jarosław Kalinowski, Nuno Melo, Marijana Petir, Czesław Adam Siekierski, Vladimir Urutchev

S&D

Clara Eugenia Aguilera García, Eric Andrieu, Nicola Caputo, Paolo De Castro, Michela Giuffrida, Karine Gloanec Maurin, Momchil Nekov, Maria Noichl, Tibor Szanyi

VERTS/ALE

Bronis Ropė, Molly Scott Cato, Thomas Waitz

0

-

 

 

0

0

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

TUAIRIM ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (4.9.2018)

chuig an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

(COM(2017)0826 – C8‑0432/2017 – 2017/0336(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Sirpa Pietikäinen

******

Iarrann an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go ndiúltófaí an togra ón gCoimisiún.

NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

Tagairtí

COM(2017)0826 – C8-0432/2017 – 2017/0336(COD)

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

14.12.2017

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

FEMM

14.12.2017

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Sirpa Pietikäinen

26.2.2018

Pléite sa choiste

9.7.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

3.9.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

22

1

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Maria Arena, Beatriz Becerra Basterrechea, Malin Björk, Vilija Blinkevičiūtė, Anna Hedh, Mary Honeyball, Agnieszka Kozłowska-Rajewicz, Florent Marcellesi, Krisztina Morvai, Maria Noichl, João Pimenta Lopes, Michaela Šojdrová, Anna Záborská, Maria Gabriela Zoană

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

José Inácio Faria, Eleonora Forenza, Jérôme Lavrilleux, Marc Tarabella, Mylène Troszczynski, Monika Vana, Julie Ward

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Patrick O’Flynn, Patrizia Toia

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

22

+

ALDE

Beatriz Becerra Basterrechea

ENF

Mylène Troszczynski

GUE/NGL

Malin Björk, Eleonora Forenza, João Pimenta Lopes

NI

Krisztina Morvai

PPE

José Inácio Faria, Agnieszka Kozłowska-Rajewicz, Jérôme Lavrilleux, Michaela Šojdrová, Anna Záborská

S&D

Maria Arena, Vilija Blinkevičiūtė, Anna Hedh, Mary Honeyball, Maria Noichl, Marc Tarabella, Patrizia Toia, Julie Ward, Maria Gabriela Zoană

VERTS/ALE

Florent Marcellesi, Monika Vana

1

-

EFDD

Patrick O'Flynn

0

0

 

 

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

Tagairtí

COM(2017)0826 – C8-0432/2017 – 2017/0336(COD)

Dáta a tíolacadh chun PE

6.12.2017

 

 

 

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

14.12.2017

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

14.12.2017

CONT

14.12.2017

ECON

14.12.2017

EMPL

14.12.2017

 

ENVI

14.12.2017

ITRE

14.12.2017

TRAN

14.12.2017

AGRI

14.12.2017

 

PECH

14.12.2017

CULT

14.12.2017

FEMM

14.12.2017

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

EMPL

24.9.2018

TRAN

22.1.2018

PECH

24.1.2018

CULT

22.1.2018

Coistí comhlachaithe

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

19.4.2018

ECON

19.4.2018

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Lambert van Nistelrooij

25.1.2018

Constanze Krehl

25.1.2018

 

 

Pléite sa choiste

25.4.2018

20.6.2018

10.7.2018

 

Dáta an ghlactha

9.10.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

26

2

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Arimont, Franc Bogovič, Tamás Deutsch, John Flack, Iratxe García Pérez, Krzysztof Hetman, Ivan Jakovčić, Marc Joulaud, Sławomir Kłosowski, Constanze Krehl, Martina Michels, Iskra Mihaylova, Andrey Novakov, Paul Nuttall, Younous Omarjee, Mirosław Piotrowski, Monika Smolková, Ramón Luis Valcárcel Siso, Lambert van Nistelrooij, Derek Vaughan, Kerstin Westphal

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Daniel Buda, John Howarth, Elsi Katainen, Ivana Maletić, Laurenţiu Rebega, Bronis Ropė, Julie Ward, Maria Gabriela Zoană, Damiano Zoffoli

Dáta don chur síos

11.10.2018

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

26

+

ECR

Sławomir Kłosowski, Mirosław Piotrowski, Laurenţiu Rebega

EFDD

Paul Nuttall

GUE/NGL

Martina Michels, Younous Omarjee

PPE

Pascal Arimont, Franc Bogovič, Daniel Buda, Tamás Deutsch, Krzysztof Hetman, Marc Joulaud, Ivana Maletić, Lambert van Nistelrooij, Andrey Novakov, Ramón Luis Valcárcel Siso

S&D

Iratxe García Pérez, John Howarth, Constanze Krehl, Monika Smolková, Derek Vaughan, Julie Ward, Kerstin Westphal, Maria Gabriela Zoană, Damiano Zoffoli

VERTS/ALE

Bronis Ropė

2

-

ALDE

Elsi Katainen, Iskra Mihaylova

2

0

ALDE

Ivan Jakovčić

ECR

John Flack

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 19 Deireadh Fómhair 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais