Tuarascáil - A8-0318/2018Tuarascáil
A8-0318/2018

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta

12.10.2018 - (COM(2018)0289 – C8‑0183/2018 – 2018/0142(COD)) - ***I

An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
Rapóirtéir: Nicola Danti
(Nós imeachta simplithe – Riail 50(2) de na Rialacha Nós Imeachta)


Nós Imeachta : 2018/0142(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0318/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0318/2018
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta

(COM(2018)0289 – C8‑0183/2018 – 2018/0142(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0289),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0183/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018[1],

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0318/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an Pharlaimint arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1 a)  Tá sainmhíniú cruinn ar na gnéithe éagsúla de tharracóirí talamhaíochta bunaithe ar an anailís ar a gcuid tréithe teicniúla ríthábhachtach chun an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme a chur chun feidhme go ceart agus go hiomlán. Nuair a chuirtear san áireamh go dtarlaíonn an plé ar na catagóirí sin sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha a bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí díobh, ba cheart don Choimisiún na céimeanna is gá a ghlacadh chun measúnú agus modhnú a dhéanamh ar na catagóirí dá réir sin, i leith tarracóirí speisialaithe chun aon éifeachtaí díréireacha agus diúltacha ar shaothrú talamhaíochta faoi leith a chosc;

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

Rialachán (AE) Uimh. 167/2013

Airteagal 2 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  in Airteagal 2(2), cuirtear an focal ‘innealra’ in ionad na focail ‘trealamh ar tarraingt’;

(2)  in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

 

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hinnealra idirmhalartaithe a ardaítear go hiomlán ón talamh nó nach féidir altú timpeall ar ais ingearach nuair a bhíonn an fheithicil lena bhfuil sé ceangailte in úsáid ar bhóthar.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 167/2013

Airteagal 39 – mír 1 – fomhír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(4 a)  in Airteagal 39, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara fomhír:

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le feithiclí laistigh de chríoch an Aontais a bhí cumhdaithe ag cineálcheadú AE bailí tráth a dtáirgthe, ach nár cuireadh ar fáil ar an margadh, nár cláraíodh nó nár cuireadh i seirbhís sular scoir an cineálcheadú AE sin de bheith bailí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le feithiclí laistigh de chríoch an Aontais a bhí cumhdaithe ag deimhniú bailí ar chineálcheadú AE tráth a dtáirgthe, ach nár cláraíodh nó nár cuireadh i seirbhís sular chaill an deimhniú sin ar chineál-cheadú AE a bhailíocht.

  • [1]  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta

Tagairtí

COM(2018)0289 – C8-0183/2018 – 2018/0142(COD)

Dáta tíolactha chun PE

16.5.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

28.5.2018

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Nicola Danti

19.6.2018

 

 

 

Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh

19.6.2018

Pléite sa choiste

3.9.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

24.9.2018

 

 

 

Dáta don chur síos

12.10.2018

An nuashonrú is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais