Nós Imeachta : 2017/2270(INL)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0328/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0328/2018

Díospóireachtaí :

PV 13/11/2018 - 16
CRE 13/11/2018 - 16

Vótaí :

PV 14/11/2018 - 14.11
CRE 14/11/2018 - 14.11
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :


TUARASCÁIL     
PDF 379kWORD 80k
16.10.2018
PE 623.853v02-00 A8-0328/2018

le moltaí don Choimisiún maidir le Víosaí Daonnúla

(2017/2270(INL))

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

Rapóirtéir: Juan Fernando López Aguilar

(Tionscnamh – Riail 46 de na Rialacha Nós Imeachta)

LEASUITHE
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINMOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA A IARRTAR
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

le moltaí don Choimisiún maidir le Víosaí Daonnúla

(2017/2270(INL))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 4, 18 19 di,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe, a síníodh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 agus Prótacal 1967 a ghabhann leis sin,

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)(1),

–  ag féachaint do Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta agus do Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir le Dídeanaithe a lean Dearbhú Nua-Eabhrac maidir le Dídeanaithe agus Imircigh, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 19 Meán Fómhair 2016,

–  ag féachaint don Mheasúnú Breisluacha Eorpaigh ar Víosaí Daonnúla a d’ullmhaigh Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Rialacha 46 agus 52 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0328/2018),

A.  de bhrí, in ainneoin fógraí agus iarrataí go leor go mbeadh slíbhealaí dleathacha sábháilte ann a thairgeann rochtain ar chríoch na hEorpa do dhaoine atá ag lorg cosanta idirnáisiúnta, nach bhfuil aon chomhchuibhiú ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais maidir le nósanna imeachta um iontráil faoi chosaint ná aon chreat dlíthiúil ann ar leibhéal an Aontais le haghaidh víosaí daonnúla, i.e. víosaí a eisítear chun go bhféadfadh daoine críoch de chuid na mBallstát a bhaint amach ar mhaithe le cosaint idirnáisiúnta a lorg;

B.  de bhrí, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Márta 2017 i gCás C-638/16(2), ní cheanglaítear ar na Ballstáit, faoi dhlí an Aontais, víosa dhaonnúil a dheonú do dhaoine ar mhaith leo dul isteach ar a gcríoch d’fhonn iarratas ar thearmann a dhéanamh, ach tá sé de shaoirse acu é sin a dhéanamh ar bhonn a ndlí náisiúnta. de bhrí gur léirmhíniú atá sa rialú sin ar dhlí an Aontais atá ann cheana a d’fhéadfaí a mhodhnú;

C.  de bhrí go bhfuil scéimeanna náisiúnta ag roinnt Ballstát faoi láthair nó go raibh siad acu roimhe seo chun víosaí daonnúla nó ceadanna cónaithe a eisiúint chun iontráil náisiúnta faoi chosaint daoine atá i ngátar a ráthú;

D.  de bhrí go bhfuil an líon daoine a ligtear isteach ar bhonn na nósanna imeachta náisiúnta um iontráil le haghaidh cosaint dhaonnúil nó trí athlonnú fós íseal i gcomparáid leis na riachtanais dhomhanda, le héagothromaíochtaí suntasacha ann idir na Ballstáit; de bhrí go bhfuil sainmhíniú cúng ar raon feidhme na nósanna imeachta náisiúnta um iontráil le haghaidh cosaint dhaonnúil agus athlonnaithe agus, i gcás athlonnaithe, go bhfuil sé nasctha go dlúth le critéir na leochaileachta agus le clárú mar dhídeanaí le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe;

E.   de bhrí, mar thoradh air sin, gur ar bhealaí neamhrialta a tháinig 90%, a mheastar, de na daoine a fuair cosaint idirnáisiúnta go dtí an tAontas, rud a fhágann go mbaineann stiogma leo fiú sula mbaineann siad amach teorainneacha seachtracha na mBallstát;

F.   de bhrí go bhfuil mná singile a bhíonn ag taisteal ina n-aonar nó le leanaí, mná ar ceann teaghlaigh iad, mná atá ag iompar clainne agus atá ag lachtadh, daoine faoi mhíchumas, cailíní sna déaga agus mná scothaosta i measc na ndaoine a mbaineann leochaileacht ar leith leo feadh na mbealaí imirce chun na hEorpa agus go bhfuil baol i bhfad níos mó ann go bhfulaingeoidh siad foréigean ar bhonn inscne amhail éigniú, foréigean agus ar a bheith dírithe ag smuigléirí agus gáinneálaithe ar dhaoine le haghaidh dúshaothrú gnéasach agus eacnamaíoch; de bhrí, thairis sin, go mbíonn mná agus cailíní níos leochailí de ghnáth maidir le gach cineál dúshaothraithe, lena n-áirítear dúshaothrú saothair agus gnéasach feadh na mbealaí imirce chun an Aontais agus go minic go gcuirtear iallach orthu páirt a ghlacadh i ngnéas mar chúiteamh ar leanúint dá dturas;

G.   de bhrí go meastar gurb é 30 000 bás ar a laghad costas daonna na mbeartas sin ag teorainneacha an Aontais ó 2000; de bhrí go bhfuil gá práinneach le creat dlíthiúil de chuid an Aontais mar bhealach amháin chun aghaidh a thabhairt ar an líon mór básanna sa Mheánmhuir nach féidir glacadh leis agus ar na bealaí imirce chuig an Aontas, chun go bhféadfar go fírinneach dul i ngleic le smuigleáil daoine, teagmháil le gáinneáil ar dhaoine, dúshaothrú oibre agus foréigin, ionas go bhféadfar bainistiú a dhéanamh, ar bhealach rianúil, ar dhaoine a thagann isteach, ar dhaoine a ghlactar isteach go díniteach agus ar phróiseáil chóir éilimh ar thearmann agus chun optamú a dhéanamh ar bhuiséad na mBallstát agus an Aontais a ghabhann le tearmann, nósanna imeachta, rialú teorann agus gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, chomh maith le cleachtais shomhleanúnacha a bhaint amach in acquis tearmainn an Aontais;

H.   de bhrí go ndearna an Pharlaimint iarracht forálacha den sórt sin a áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

I.   de bhrí gur dhiúltaigh an Chomhairle agus an Coimisiún araon do na leasuithe sin, ar an bhforas, i measc forais eile, nár cheart forálacha den sórt sin a áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ós rud é gur víosaí gearrfhanachta amháin a chuimsítear i raon feidhme an Rialacháin sin;

J.  de bhrí go ndearna an Pharlaimint dá bhrí sin, i bhfianaise neamhghníomhaíocht an Choimisiúin, a chinneadh go leanfadh sí ar aghaidh leis an tuarascáil reachtach féintionscnaimh seo maidir le víosaí daonnúla a tharraingt suas;

K.   de bhrí go ndearnadh dianobair, lena n-áirítear cúnamh a fháil ó shaineolaithe, chun na moltaí atá i gceangal leis an rún seo a tharraingt suas;

1.  Á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Márta 2019, ar bhonn Airteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), togra le haghaidh Rialachán maidir le Víosa Dhaonnúil Eorpach a bhunú a tharraingt suas ag leanúint dó na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;

2.  Ag meas gur cheart go mbeadh na Ballstáit in ann víosa dhaonnúil Eorpach a eisiúint do dhaoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta, chun cead a thabhairt do na daoine sin dul isteach i gcríoch an Bhallstáit a eisíonn an víosa chun na críche amháin go ndéanfaidís iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin;

3.  Ag meas gur cheart go mbeadh víosaí daonnúla Eorpacha comhlántach agus ní ionadaíoch ar na nósanna imeachta náisiúnta um iontráil le haghaidh cosaint dhaonnúil, nósanna imeachta athlonnaithe agus iarratais gan choinne faoin dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe;

4.  Ag meas gur cheart go mbeadh aon tionscnamh ar víosaí daonnúla Eorpacha gan dochar do thionscnaimh beartais imirce eile lena n-áirítear tionscnaimh lena ndírítear ar dhul i ngleic le bunchúiseanna na himirce;

5.  Ag dearbhú an géarghá atá le bealaí sábháilte agus dlíthiúla chun teacht ar an Aontas, ar cheart víosaí daonnúla a bheith ina measc; ach chomh maith leis sin a bhfuil tábhacht leis ó ghné na hinscne de ós rud é go mbaineann leochaileacht ar leith le mná agus dá bharr sin go nochtar ar níos mó foréigean gnéasach agus ar bhonn inscne iad feadh na mbealaí agus i lárionaid chéadghlactha; ag cur i dtreis gur minic a chuireann spleáchais leochaileacha eacnamaíocha agus cineálacha eile spleáchais ban agus cailíní i dtríú tíortha i suíomh ina bhfuil sé níos deacra acusan ná ag fir tearmann a lorg go sábháilte;

6.  Ag meas gur cheart cuid d’impleachtaí airgeadais an togra seo atá iarrtha a chlúdach ó bhuiséad ginearálta an Aontais mar léiriú praiticiúil de phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus de chomhroinnt chothrom na freagrachta, lena n-áirítear na himpleachtaí airgeadais a ghabhann leis sin, idir na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 80 CFAE;

7.  Á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, agus chuig na parlaimintí náisiúnta, chuig an gCúirt Bhreithiúnais, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar agus Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí agus chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

(1)

  IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

(2)

  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Márta 2018, X agus Y v Stáit na Beilge, C-638/16, ECLI:EU:C2017:173).


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINMOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA A IARRTAR

Measann Parlaimint na hEorpa gur cheart go mbeadh na nithe seo a leanas i gceist leis an ngníomh reachtach atá le glacadh:

1.  FOIRM AGUS TEIDEAL NA hIONSTRAIME ATÁ LE GLACADH

–   gníomh reachtach ar leithligh a bheith ann atá le glacadh i bhfoirm rialacháin dar teideal “Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Víosa Dhaonnúil Eorpach”,

2.  BUNÚS DLÍ

–   Airteagail 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bheith mar bhunús dlí dó,

3.  RÉASÚNÚ

–   an réasúnú seo a bheith ag gabháil leis:

–   an bhearna dhlíthiúil atá i ndlí an Aontais faoi láthair, sa bhreis ar na nósanna imeachta athlonnaithe is infheidhme maidir le dídeanaithe leochaileacha, nach bhforálann do nósanna imeachta bíodh siad i gcúrsaí víosaí, i gcúrsaí teorann nó san acquis tearmainn, chun daoine atá ag lorg cosanta a ligean isteach i gcríoch na mBallstát agus go meastar go bhfuil 90 % de na daoine a fhaigheann aitheantas ina dhiaidh sin mar dhídeanaithe agus mar thairbhithe de chosaint choimhdeach tar éis críoch na mBallstát a bhaint amach ar bhealach mírialta,(1) go minic ar bhealaí is baol báis dóibh,

–   an baol atá ann go dtarlódh ilroinnt de réir mar atá Ballstáit ag socrú suas a gcuid clár féin le haghaidh glacadh isteach daonnúil agus nósanna imeachta daonnúla, rud a théann i gcoinne na haidhme ginearálta faoi Airteagal 78(1) de CFAE go mbunófaí comhbheartas maidir le tearmann agus le cosaint choimhdeach agus shealadach, agus as a leanann freisin an baol go ndéanfadh na scéimeanna éagsúla sin an bonn a bhaint de chur i bhfeidhm aonfhoirmeach na bhforálacha comhchoiteanna maidir le náisiúnaigh tríú tír a theacht isteach sna Ballstáit mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009(2) agus i Rialachán (AE) 2016/399(3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

–   na costais arda, i dtéarmaí daonna ach freisin i dtéarmaí sóisialta, eacnamaíocha agus buiséadacha, a ghabhann leis an status quo do na náisiúnaigh tríú tír atá i gceist (táillí smuigléirí, baol na gáinneála agus an dúshaothraithe, baol na géarleanúna, baol báis agus drochíde, etc.) agus do na Ballstáit agus don Aontas (buiséad méadaithe do chuardach agus tarrtháil, lena n-áirítear don loingseoireacht phríobháideach, cosaint teorann, comhar le tríú tíortha, nósanna imeachta tearmainn agus b’fhéidir filleadh i gcás iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dhiúltaítear chomh maith leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe, na gáinneála agus na smuigléireachta etc.),

–   breisluach na gníomhaíochta Aontais, ó thaobh a áirithiú go gcomhlíontar luachanna an Aontais, lena n-áirítear cearta bunúsacha, iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus muinín sa chóras ag lucht iarrtha tearmainn, deimhneacht dhlíthiúil, intuarthacht, agus cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na rialacha ar bhealach aonfhoirmeach, barainneachtaí scála a ghnóthú, agus laghdú ar na costais thuasluaite a ghabhann leis an status quo,

–   ag meabhrú nach bhfuil feidhm ag Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) agus ag Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) ach amháin ar chríoch na mBallstáit, agus, i láthair na huaire, go bhfuil bealaí dlíthiúla neamhleora ann ag iarratasóirí tearmainn chun an chríoch sin a bhaint amach,

–  ag meabhrú, tar éis iarratas ar thearmann a thíolacadh i mBallstát, go mbíonn feidhm ag forálacha Chomhchóras Eorpach Tearmainn de chuid an Aontais,

–  ag cur i dtreis nach ndéanann diúltú ar iarratas ar víosa dhaonnúil Eorpach difear ar aon slí ar an gceart iarratas a dhéanamh ar thearmann laistigh den Aontas ná ní chuireann sé cosc ar an iarratasóir dul isteach i scéimeanna eile cosanta atá ar fáil,

4.  FORÁLACHA GINEARÁLTA

–   a bheith mar chuspóir go leagfar síos forálacha maidir le nósanna imeachta faoina bhféadfadh Ballstát víosa dhaonnúil Eorpach a eisiúint do dhaoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta, chun cead a thabhairt do na daoine sin dul isteach i gcríoch an Bhallstáit a eisíonn an víosa chun na críche amháin go ndéanfaidís iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin,

–   a chumhdach ina raon feidhme, náisiúnaigh tríú tír a gcaithfidh víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle(6), agus go bhfuil bunús maith soiléir le héilimh de nochtadh nó de bhaol géarleanúna mar a shainmhínítear i dTreoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), ach nach bhfuil cheana féin sa phróiseas athlonnaithe mar a shainmhínítear i scéimeanna náisiúnta athlonnaithe nó sa [Rialachán nua lena mbunaítear Creat Athlonnaithe Aontais nó] i dTreoir 2001/55/CE(8),

–   a eisiamh óna raon feidhme, ball teaghlaigh a mbeadh ceart acu murach sin teacht anall i ndiaidh a dteaghlaigh i mBallstát, go tráthúil i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais nó den dlí náisiúnta,

5.  NÓSANNA IMEACHTA CHUN VÍOSAÍ DAONNÚLA A EISIÚINT

–   a fhoráil go bhfuil na hiarratais ar víosa den sórt sin le taisceadh go díreach, trí mheán leictreonach nó i scríbhinn, ag aon chonsalacht nó ambasáid de chuid na mBallstát,

–   a fhoráil do mhódúlachtaí praiticiúla le haghaidh iarratas ar víosa den sórt sin, lena n-áirítear an fhoirm iarratais a chomhlánú, soláthar faisnéise maidir le céannacht an iarratasóra, lena n-áirítear sainaitheantóirí bithmhéadracha, agus cúiseanna a thabhairt, agus iad sin doiciméadaithe más féidir, i dtaobh na heagla roimh ghéarleanúint nó díobháil thromchúiseach,

–   a fhoráil go dtabharfar cuireadh chun agallaimh (le cúnamh ateangaire más gá sin) don iarratasóir ar víosa den sórt sin, a fhéadfar a sheoladh trí mheán cianda closchumarsáide nó físchumarsáide, a áirithíonnn leibhéal iomchuí sábháilteachta, slándála agus rúndachta,

–   a fhoráil go ndéanann údarás inniúil, neamhspleách agus neamhchlaon na doiciméid a chuirtear isteach a mheasúnú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena mbarántúlacht, agus go mbeidh eolas agus saineolas leormhaith ag an údarás sin i nithe a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta,

–   a fhoráil go ndéantar iarratais ar víosa den sórt sin a mheasúnú ar bhonn dhearbhú agus agallamh an iarratasóra agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ar bhonn doiciméid tacaíochta, gan próiseas iomlán le haghaidh cinneadh stádais a sheoladh,

–   a fhoráil, sula ndéantar víosa den sórt sin a eisiúint, go mbeidh gach iarratasóir faoi réir scagthástáil slándála, sna bunachair sonraí náisiúnta ábhartha agus i mbunachar sonraí ábhartha an Aontais agus lánurraim á tabhairt do na forálacha cosanta sonraí is infheidhme, chun a áirithiú nach gcruthaíonn an duine sin riosca slándála,

–   a fhoráil go ndéanfar cinneadh i dtaobh iarratas ar víosa den sórt sin laistigh de 15 lá féilire ón dáta a thaisctear an t-iarratas,

–   a fhoráil go ndéanfar an cinneadh ar an iarratas a chur in iúl don iarratasóir agus go mbeidh an cinneadh sin pearsantaithe agus i scríbhinn, agus go mbeidh na cúiseanna leis an gcinneadh ag gabháil leis,

–   a fhoráil go mbeidh an deis ag náisiúnach tríú tír ar diúltaíodh víosa den sórt sin dó nó di achomharc a dhéanamh faoi mar a fhoráiltear faoi láthair i gcás diúltú do víosa ghearrfhanachta nó diúltú ar ligean isteach ag an teorainn,

6.  VÍOSA DHAONNÚIL A EISIÚINT

–   a fhoráil go bhfuil víosaí den sórt sin le heisiúint trí bhíthin greamán comhchoiteann agus go bhfuil siad le hiontráil sa Chóras Faisnéise Víosaí,

–   a fhoráil, a thúisce a bheidh víosa dhaonnúil eisithe, go gceadaíonn sí don sealbhóir dul isteach i gcríoch an Bhallstáit a eisíonn an víosa chun na críche amháin go ndéanfaidís iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin,

7.  BAINISTIÚ AGUS EAGAR RIARACHÁIN

–   a fhoráil go mbeidh iarratais ar víosa den sórt sin á measúnú ag foireann chuí-oilte,

–   a fhoráil go bhféadfar an fhoireann sin a phostú in ambasáidí nó i gconsalachtaí nó i mBallstáit, i gcás ina ndéantar iarratais a tharchur go leictreonach agus agallaimh a sheoladh go cianda,

–   a fhoráil go bhféadfaidh soláthraithe seirbhíse seachtracha bainistiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den phróiseas, nach ngabhann réamhroghnú cásanna, measúnú nó cinnteoireacht d’aon chineál leo, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar, coinní le haghaidh agallaimh a bhainistiú agus sainaitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú,

–   a fhoráil go ndéanfar bearta iomchuí a chur ar bun chun cosaint sonraí, slándáil sonraí agus rúndacht na cumarsáide a áirithiú,

–   a fhoráil go gcomhoibreoidh na Ballstáit le chéile, ar mhaithe le cur i bhfeidhm comhchuibhithe a áirithiú, le gníomhaireachtaí an Aontais, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le heagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha agus le geallsealbhóirí ábhartha eile,

–   a fhoráil go ndéanfar faisnéis maidir le nósanna imeachta agus coinníollacha do víosa den sórt sin, chomh maith leis na coinníollacha agus nósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a fháil i gcríoch na mBallstáit, a chur ar fáil go forleathan, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin ambasáidí agus chonsalachtaí na mBallstát agus tríd an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí,

8.  FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

–  a fhoráil go mbeidh tacaíocht shuntasach airgeadais ann ón gCiste ar Bhainistíocht Chomhtháite Teorainneacha a bheidh le cur ar fáil do na Ballstáit le haghaidh an chur chun feidhme,

–   a fhoráil go mbeidh rochtain ag Ballstát a eisíonn víosa dhaonnúil den sórt sin ar an gcúiteamh céanna ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht is a bhíonn nuair a fhaigheann Ballstát dídeanaí tríd an gCreat Eorpach Athlonnaithe,

9.  LEASÚ AR GHNÍOMHARTHA DLÍTHIÚLA EILE

–   foráil do leasuithe orthu seo a leanas:

–  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 chun a shoiléiriú, maidir leis na daoine a bhíonn ag lorg cosaint idirnáisiúnta, go mbeidh feidhm ag forálacha an Rialacháin lena mbunaítear Víosa Dhaonnúil Eorpach,

–  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) chun foráil d’iarratais ar víosa dhaonnúil a chur isteach ar an gcóras sin,

–  Rialachán (AE) 2016/399 chun coinníollacha iontrála a choigeartú do dhaoine a fuair Víosa Dhaonnúil Eorpach,

–  an Ciste ar Bhainistíocht Chomhtháite Teorainneacha chun maoiniú a sholáthar do Bhallstáit ar mhaithe leis an Rialachán lena mbunaítear Víosa Dhaonnúil Eorpach a chur chun feidhme,

–  Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme(10) agus Treoir 2001/51/CE ón gComhairle(11) chun iompróirí a iompraíonn náisiúnaigh tríú tír a dhíolmhú ó dhliteanais, oibleagáidí agus pionóis i gcás ina ndearbhaíonn na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a rún iarratas a chur isteach ar chosaint idirnáisiúnta nó ar chosaint dhaonnúil i gcríoch na mBallstát.

(1)

HEIN / DONATO (CIR) 2012: “exploring avenues for protected entry in Europe”, lch. 17

(2)

Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(3)

  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(4)

  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le gnáthnósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

(5)

  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

(6)

  Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).

(7)

  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).

(8)

  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(9)

  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(10)

  IO L 239, 22.9.2000, Lch. 19.

(11)

  Treoir 2001/51/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001, lena bhforlíontar forálacha Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 (IO L 187, 10.7.2001, lch. 45).


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Cúlra(1)

Thosaigh an Pharlaimint ag éileamh go mbeadh víosaí daonnúla ann mar gheall ar an ngéarchéim imirce agus an líon mór básanna, nach bhféadfaí glacadh leis, a bhí ag tarlú sa Mheánmhuir. Léirigh sí a tuairim ina leith seo ina rún an 12.4.2016 maidir leis an staid sa Mheánmhuir agus an gá atá le cur chuige iomlánaíoch AE i leith na himirce, agus freisin ag ócáidí eile.

Rinneadh víosaí daonnúla a phlé cheana i gcomhthéacs AE, ach níor tháinig aon toradh nithiúil as. I láthair na huaire, tá líon áirithe clár náisiúnta spriocdhírithe ann, ach níl aon chreat dlíthiúil ina leith seo i ndlí an Aontais.

D’fhéach Coiste LIBE le haghaidh a thabhairt ar an mbearna dhlíthiúil sin mar chuid dá athbhreithniú ar an gCód Víosaí (2014/0094(COD)), ach chuir an Chomhairle agus an Coimisiún araon in aghaidh na leasuithe ina leith sin a áireamh sna caibidlíochtaí tríthaobhacha a thosaigh i mBealtaine 2016. I Meán Fómhair 2017, tar éis sáinn a mhair míonna agus an Chomhairle ag diúltú leanúint leis na caibidlíochtaí mura ndéanfaí na leasuithe sin a tharraingt siar, tharraing foireann chaibidlíochta na Parlaiminte siar na leasuithe. Ina ionad sin, shocraigh Coiste LIBE go dtarraingeoidís suas an tuarascáil reachtach féintionscnaimh seo.

In ainneoin an bhirt sin, stad an Chomhairle agus an Coimisiún den chaibidlíocht.

An 6.12.207, údaraíodh do Choiste LIBE an tuarascáil reachtach féintionscnaimh seo a tharraingt suas bunaithe ar Airteagal 225 CFAE agus ar Riail 46.

In ullmhú na tuarascála seo, lorg an rapóirtéir ionchur ó na scáthrapóirtéirí agus freisin ón tsochaí shibhialta agus ó lucht acadúil. Thairis sin, bhí Measúnú Breisluacha Eorpaigh arna ullmhú ag Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa mar thaca le hullmhú na tuarascála. Is mian leis an Rapóirtéir buíochas as an gcomhar agus as an tacaíocht a tugadh a chur in iúl.

Iarrataí na Parlaiminte ar an gCoimisiún

Ba cheart iarraidh shoiléir ar thogra reachtach lena mbunaítear Víosa Dhaonnúil Eorpach a chur chuig an gCoimisiún agus ba cheart don Choimisiún an togra sin a thíolacadh faoi dheireadh Mhárta 2019. B’fhéidir go bhfuil an chosúlacht air gur tréimhse ghearr í sin. Tá lánbhonn cirt leis, áfach, i bhfianaise a phráinní atá an cás, na díospóireachtaí fada a bhí ann, na staidéir atá déanta agus na moltaí mionsonraithe atá sa tuarascáil seo.

Míniú mionsonraithe ar na moltaí

Tá ord na moltaí, atá i gceangal mar iarscríbhinn leis seo ach fós gur cuid den tairiscint i gcomhair rúin iad, bunaithe ar an struchtúr a bhíonn ar ionstraim reachtach. Cumhdaíonn na moltaí na croí-eilimintí ba cheart a bheith in ionstraim reachtach den sórt sin.

Ba cheart gur gníomh nua, ar leithligh a bheadh san ionstraim reachtach. Tá léirithe ag na pléití a rinneadh ar an gCód Víosaí go bhfuil gá le gníomh ar leithligh den sórt sin. Measann an Rapóirtéir gur Rialachán a bheadh mar rogha iomchuí ionstraime, faoi mar atá in ionstraimí eile an acquis víosaí.

Bunús dlí

Measann an Rapóirtéir gur bunús dlí iomchuí a bheadh i dteaglaim d’Airteagail 77(2)(b) agus 78(2)(b) CFAE, nuair a chuirtear san áireamh seiceálacha ag an teorainn agus bainistiú ar insreabhadh daoine a dhéanann iarratas ar thearmann.

Réasúnú don togra

Sna haithrisí don ionstraim reachtach nua, ba cheart tosú le míniú a thabhairt ar an bpríomhréasúnú atá ann don ionstraim. 

Ba cheart gurb é a bheadh anseo, ar an gcéad dul síos, ná an staid pharadacsach reatha nach bhfuil aon fhoráil i ndlí an Aontais i dtaca leis an gcaoi ar cheart do dhídeanaí teacht go hiarbhír agus gurb é a leanann as sin an staid gur go neamhrialta a thagann beagnach gach dídeanaí chuig an Aontas. Tá iarmhairtí tromchúiseacha aige sin don duine aonair, ach freisin do na Ballstáit. Bíonn ar na daoine a bhíonn ar a dteitheadh aistir is baol báis dóibh a dhéanamh le cúnamh ó smuigléirí a gcaitheann siad táillí ollmhóra a íoc leo agus a fhágann go mbíonn siad faoi lé an dúshaothraithe, na drochíde agus na droch-úsáide. Ar an taobh diúltach do na Ballstáit tá na héifeachtaí atá ag teacht neamhrialaithe dídeanaithe (gan fios faoina líon agus gan faisnéis i dtaobh cé atá ag teacht) agus an dícheall méadaithe is gá a dhéanamh chun an teacht sin a bhainistiú ó thaobh rialú agus faireachas teorann feabhsaithe, gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, comhar le tríú tíortha etc. Ag an am céanna, caithfidh na Ballstáit dul i ngleic le coireacht eagraithe atá ag fáil níos láidre agus a thairbhíonn den bhrabús airgeadais a dhéantar le smuigleáil daoine. 

Áitiú eile i bhfabhar ionstraim nua reachtach is ea baol na hilroinnte. Tá sé le feiceáil go bhfuil scéimeanna náisiúnta á gcur ar bun ag Ballstáit ach go bhfuil siad go léir éagsúil óna chéile. Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh na tionscnaimh sin uile a fhorálann do phasáiste sábháilte. Ag an am céanna, ós rud é gur limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan aon teorainneacha inmheánacha (Airteagal 3(2) CAE) atá in AE, ba cheart béim níos mó a chur ar chomhbheartais. 

Ós rud é go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine agus an mheasa ar chearta an duine (Airteagal 2 CAE), tá gá le hionstraim den sórt sin, ar deireadh, chun go mbeadh AE i gcomhréir lena cheanglais conarthacha féin.

Forálacha ginearálta

Ba cheart cuspóir na hionstraime nua a theorannú d'fhorálacha ar na nósanna imeachta agus na coinníollacha a ghabhann le víosa dhaonnúil a eisiúint. Ba cheart gur víosa le bailíocht chríochach theoranta a bheadh ann a cheadódh dá sealbhóir an chríoch seo a bhaint amach ar mhaithe le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh ann. Is é an Ballstát a d’eiseodh an víosa, dá bhrí sin, a bheadh freagrach as na nósanna imeachta tearmainn.

Bhí pléití ann i dtaobh ar cheart go mbeadh sásra athlonnaithe de chineál éigin ann. Tar éis an cheist seo a mheá go cúramach, ní mholann an Rapóirtéir sásra den sórt sin a thabhairt isteach mar go ndéanfadh sé sin an córas róchasta. 

Ba cheart go gcumhdódh an ionstraim nua náisiúnaigh ó thríú tíortha atá faoi réir ceanglais víosa agus gur riachtanach dóibh cosaint a fháil in aghaidh riosca iarbhír go mbeidís faoi lé géarleanúna nó díobháil thromchúiseach agus nach bhfuil a gcás clúdaithe le haon ionstraim eile, amhail athlonnú. Tacaíonn an Rapóirtéir go mór le hathlonnú, ach ní fhéadfaidh sé gurb é sin an t-aon bhealach dlíthiúil agus sábháilte a bheadh ann mar nach dtugann an t-athlonnú aghaidh ach ar ghrúpa teoranta daoine atá aitheanta mar dhídeanaithe cheana féin.

Nósanna imeachta agus coinníollacha chun víosaí daonnúla a eisiúint 

Ba cheart go mbeadh na nósanna imeachta le haghaidh víosaí den sórt sin comhchosúil leo sin do víosaí gearrfhanachta aon uair is féidir le céim den phróiseas a bheith amhlaidh. Bhainfeadh sé sin, mar shampla, leis na céimeanna nós imeachta, na sprioc-amanna don phróiseáil, an gá atá le foirm iarratais agus sonraí bithmhéadracha, rannpháirtíocht soláthraithe seirbhíse seachtraí, seiceálacha slándála agus an ceart chun achomhairc. Ba cheart go mbeadh na nósanna imeachta difriúil, áfach, nuair a éilíonn cás sonrach an duine amhlaidh. Ba cheart, mar shampla, go mbeadh agallamh ann i gcónaí (freisin chun aghaidh a thabhairt ar bhaol na gáinneála) agus ba cheart go mbeadh sé indéanta an t-agallamh a sheoladh trí mheáin leictreonacha. Sa bhreis air sin, chun costais a spáráil agus chun staid an duine féin a chur san áireamh, ba cheart úsáid níos mó a bhaint as uirlisí cumarsáide nua-aimseartha ná mar atá á dhéanamh faoi láthair le haghaidh iarratais ar víosa. Ba cheart, mar shampla, go mbeadh sé indéanta agallaimh a sheoladh go cianda, rud a thabharfadh an deis do Bhallstáit oibriú le saineolaithe tearmainn nach gá go mbeidís bunaithe sna tríú tíortha.

Ba cheart an t-iarratas ar víosa a mheasúnú ar bhonn prima facie chun a bhreithniú cibé a bhfuil éileamh ináitithe de bhaol iarbhír géarleanúna nó díobhála tromchúisí ag na hiarratasóirí. Measann an Rapóirtéir go bhfuil measúnú den sórt sin riachtanach chun go mbeadh an nós imeachta inchreidte. Cuireann sé béim ar an bhfíoras gur measúnú ar iarratas ar víosa atá sa mheasúnú agus nach próiseáil sheachtrach ar iarratas ar thearmann atá ann. Bheadh an iomarca ceisteanna dlí agus praiticiúla i gceist le próiseáil sheachtrach ar iarratas ar thearmann. 

Bainistiú agus eagar riaracháin 

Beidh dícheall riaracháin ag teastáil don ionstraim agus ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann tacaíocht a fháil chuige sin, agus tacaíocht airgeadais freisin. Chuige sin, d’fhéadfaí leasuithe a dhéanamh ar na cláir airgeadais atá sa CAI nua, agus go háirithe ar an gCiste ar Bhainistíocht Chomhtháite Teorainneacha. Sa bhreis air sin, meastar gur féidir coigiltis a dhéanamh i réimsí eile mar go mbeidh dídeanaithe ag teacht isteach ar mhodh níos rianúla agus gur lú daoine a bheidh ann ar léir nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Ba cheart go dtiocfadh coigilteas breise as teicneolaíocht chumarsáide nua-aimseartha a úsáid.

Forálacha críochnaitheacha

Admhaíonn an Rapóirtéir go hiomlán go bhfuil líon mór ullmhúcháin phraiticiúla le déanamh sula bhféadfar an ionstraim nua, mar a leagtar amach anseo, a chur chun feidhme. Caithfear smaoineamh as an nua ar idirnascadh idir nósanna imeachta víosa agus nósanna imeachta tearmainn agus an tsreabh oibre riaracháin a eagrú dá réir. Ar an gcúis sin, tá idirthréimhse de dhá bhliain á moladh ag an Rapóirtéir sula mbeadh na rialacha nua infheidhme. Ina dhiaidh sin, ba cheart na rialacha a thástáil i dtimpeallacht rialaithe de roinnt tríú tíortha roghnaithe mar threoir-réigiúin. Thabharfadh sé sin an deis tuiscintí a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an córas agus anailís a dhéanamh ar na tuiscintí sin sula ndéanfaí an córas a leathnú amach tuilleadh.

Ba cheart struchtúir thacaíochta shonracha do Bhallstáit a sholáthar sna treoir-réigiúin. Ba cheart go mbeidís in ann cistiú suntasach AE a fháil (mar shampla ón gCiste ar Bhainistíocht Chomhtháite Teorainneacha) chun a n-áitreabh a choigeartú tuilleadh, chun oiliúint a chur ar fhoireann agus chun sreabha oibre agus bonneagar TF a atheagrú. Ba cheart do ghníomhaireachtaí, lena n-áirítear EASO, Frontex, Europol agus FRA, comhairle shaineolach a thabhairt. Ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sna treoir-réigiúin ionas go bhféadfar teacht ar chonclúidí dá bharr. Ba cheart go ndéanfaí torthaí an fhaireacháin a fhothú isteach sa mheastóireacht tar éis dhá bhliain. Ba cheart na torthaí sin a mheasúnú go cúramach agus, i gcás inar gá sin, d’fhéadfaí an ionstraim nua a leasú. Tar éis na coigeartuithe is gá a bheith déanta, ba cheart an ionstraim a leathadh amach tuilleadh.

Leasú ar ghníomhartha dlíthiúla eile

Chaithfí sraith de ghníomhartha as an acquis víosaí a leasú, go háirithe an Cód Víosaí agus VIS, chun iad a oiriúnú don ionstraim úrnua seo a bheadh ann. Tá an rud céanna le déanamh leis na hionstraimí reachtúla a mbeadh sealbhóir víosa den sórt sin faoina réir agus iad ag taisteal go dtí an tAontas. Mar shampla, i gcás ina mbeidh duine le víosa den sórt sin ag teacht go dtí an teorainn sheachtrach caithfear Cód Teorainneacha Schengen a leasú chun aithint a thabhairt don víosa sin. Ar deireadh, tá gá le roinnt coigeartuithe a dhéanamh ar an acquis tearmainn. Ar ndóigh, cé gur i gcríoch AE go hiomlán a tharlódh an nós imeachta tearmainn, ba cheart an fíoras gur sealbhóir víosa daonnúla a bhí san iarratasóir a chomhtháthú isteach sa chóras. Mar shampla, aon mheasúnú a bheidh déanta cheana mar chuid den iarratas ar víosa ba cheart go gcuirfí é sin san áireamh sa nós imeachta tearmainn ionas go seachnófaí aon dúbailt ar iarrachtaí.

Conclúid

Measann an Rapóirtéir go bhfuil sé thar am réitigh nuálacha a aimsiú a thabharfaidh aghaidh ar na riachtanais atá ag daoine a bhíonn ag lorg cosanta agus ar riachtanais na mBallstát. Is cur chuige saorga an smaointeoireacht tearc-chumarsáide atá faoi láthair ann ó thaobh a bheith ag breathnú ar an acquis víosaí ar thaobh amháin agus ar an acquis tearmainn ar an taobh eile agus níl an cur chuige sin oiriúnach do réaltachtaí an lae inniu. Caithfidh an tAontas céim mhisniúil a thógáil chun go ndéanfaidh sé de réir a chuid luachanna féin.

(1)

Le haghaidh tuilleadh mionsonraí, féach an doiciméad maidir le víosaí daonnúla ón rapóirtéir an 5.4.2018.


TUAIRIM ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (10.9.2018)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

le moltaí don Choimisiún maidir le Víosaí Daonnúla

(2017/2270(INL))

Rapporteur for opinion: Malin Björk

(Tionscnamh – Riail 46 de na Rialacha Nós Imeachta)

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A.  de bhrí go nglactar go forleathan leis gurb ionann inscne agus ballraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith ar ceann de na forais é don chosaint faoi Choinbhinsiún 1951 na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Dídeanaithe agus de Phrótacal 1967 (an Coinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe) dá chuid agus de bhrí gurb ionann géarleanúint ar bhonn inscne agus foras chun cosaint a lorg agus a fháil faoi chreata dlí idirnáisiúnta agus AE, lena n-áirítear Coinbhinsiún Iostanbúl, agus de bhrí go bhfuil tionchar díréireach agus ar bhealaí sonracha ag foréigean gnéasach agus cineálacha eile foréigin ar bhonn inscne ar mhná ar fud an domhain in aimsir coinbhleachta armtha agus cogaidh;

B.  de bhrí, i ngéarchéim reatha na ndídeanaithe, go bhfuil mná singile a bhíonn ag taisteal ina n-aonar nó le leanaí, mná ar ceann teaghlaigh iad, mná atá ag iompar clainne agus atá ag lachtadh, daoine faoi mhíchumas, cailíní sna déaga agus mná scothaosta i measc na ndaoine a mbaineann leochaileacht ar leith leo feadh na mbealaí imirce chun na hEorpa agus go bhfuil baol i bhfad níos mó ann go bhfulaingeoidh siad foréigean ar bhonn inscne;

C.  de bhrí go meastar i dTreoirlínte UNHCR maidir le Géarleanúint Inscne (2002) gur cheart go gcumhdófaí éilimh bunaithe ar inscne sa sainmhíniú ar dhídeanaí agus go n-impítear ar dheontóirí tearmainn ‘léirmhíniú atá íogair ó thaobh inscne de’ ar na forais do chosaint a ghlacadh agus próiseas neamh-idirdhealaitheach a áirithiú;

D.  de bhrí, de réir staidrimh ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM), go bhfuil os cionn 15 mhíle imirceach a fuair bás nó a chuaigh ar iarraidh sa Mheánmhuir ar an mbealach chun na hEorpa ó 2014; agus de bhrí go raibh Bealach na Meánmhara Láir ar an mbealach is marfaí le beagnach dhá bhás in aghaidh gach 100 taistealaí in 2015, atá do-ghlactha;

E.  de bhrí go gceanglaítear, le Coinbhinsiún Iostanbúl, go háirithe le hAirteagal 60 de, ar pháirtithe na bearta reachtacha nó eile is gá a ghlacadh lena áirithiú gur féidir foréigean ar bhonn inscne in aghaidh ban a aithint mar chineál géarleanúna agus lena áirithiú go ndéantar léirmhíniú ar bhealach íogair ó thaobh inscne de ar na forais tearmainn atá liostaithe sa Choinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe ó 1951;

F.  de bhrí go bhfuil gá go práinneach le bealaí sábháilte agus dlíthiúla chun teacht ar an Aontas, agus gné na hinscne san áireamh freisin, agus de bhrí gur féidir le víosaí daonnúla a bheith comhlántach do bhealaí sábháilte eile amhail athlonnú agus ligean isteach ar bhonn daonnúil, gan teacht ina n-ionad; 

G.  de bhrí go bhfuil easpa féidearthachtaí ann cosaint a lorg ar fhorais dhaonnúla lasmuigh den Aontas agus go gciallaíonn sé sin go gcuirtear iallach ar dhaoine atá ag lorg tearmainn teacht isteach san Eoraip ar bhealaí neamhchoitianta agus ar an gcaoi sin a mbeatha agus a sláinte a chur i mbaol, agus iarmhairtí ag eascairt uaidh sin go háirithe do mhná, do chailíní agus do dhaoine LGBTI, amhail éigniú, foréigean agus smuigléirí agus gáinneálaithe a bheith ag díriú orthu chun teacht i dtír gnéasach nó eacnamaíoch a dhéanamh orthu;

H.  de bhrí, le cruthú víosaí daonnúla, go ndeonófaí rochtain do dhaoine leochaileacha agus do na daoine sin a bhfuil dúshláin ar leith os a gcomhair amhail daoine tinne, daoine faoi mhíchumas, teaghlaigh, mná, mná atá ag iompar clainne, leanaí, daoine scothaosta agus daoine LGBTI ar nósanna imeachta tearmainn agus ar chosaint dhaonnúil, ag taisteal ar bhealach slán chun na hEorpa áit a ndéanfaí a n-iarratas ar thearmann nó a n-iarratas daonnúil a phróiseáil;

I.  de bhrí gur féidir le mná agus cailíní a bheith faoi réir cineálacha ar leith géarleanúna agus idirdhealaithe a bhaineann le hinscne sna tíortha tionscaimh, lena n-áirítear ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantach, foréigean teaghlaigh, éigniú, foréigean gnéasach, agus ‘coir onóra’, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;

J.  de bhrí, de réir UNHCR in 2017, go ndearna mná suas idir 9 - 22 % de na daoine a tháinig ar muir chuig an Iodáil, chuig an nGréig agus chuig an Spáinn (1), agus baint ag an neamhréireacht mhór inscne le leochaileacht ar leith na mban lena n-áirítear spleáchais gheilleagracha agus eile;

K.   de bhrí go mbíonn mná agus cailíní i mbaol go mór ó mhí-úsáid ghnéasach agus fhisiciúil agus ó fhoréigean gnéasach agus fisiciúil, lena n-áirítear éigniú agus gur gnách leo a bheith níos leochailí maidir le gach cineál teacht i dtír, lena n-áirítear dúshaothrú saothair agus gnéasach feadh na mbealaí imirce chun an Aontais; agus go minic go gcuirtear iallach orthu páirt a ghlacadh i ngnéas mar chúiteamh ar leanúint dá dturas; de bhrí go ndéanann grúpaí coiriúla, roinnt smuigléirí agus gáinneálaithe teacht i dtír ar an easpa pasáiste sábháilte isteach san Aontas Eorpach;

L.  de bhrí, ós rud é go bhféadfadh sé maidir le cailíní nó mná, ar íospartaigh den fhoréigean inscne iad agus a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, go mbeadh drogall orthu fíor-fhairsinge na géarleanúna a d’fhulaing siad nó a d’fhéadfadh siad a fhulaingt a nochtadh, go dteastaíonn timpeallacht thacúil uatha áit a n-áiritheofar rúndacht dóibh;

1.  Ag dearbhú an géarghá atá le bealaí sábháilte agus dlíthiúla chun teacht ar an Aontas, ar cheart víosaí daonnúla a bheith ina measc; tá sé sin tábhachtach ó thaobh inscne ós rud é go mbaineann leochaileacht ar leith le mná agus daoine LGBTI agus dá bhrí sin go nochtar ar níos mó foréigean gnéasach agus ar bhonn inscne iad feadh na mbealaí agus i lárionaid chéadghlactha.

2.  Ag cur in iúl gurb oth leis go bhfuil éagothroime shuntasach idir fir agus mná a chaitheann a dtír thionscaimh a fhágáil ag lorg cosaint idirnáisiúnta; cuireann sé i dtreis gur minic a chuireann spleáchais leochaileacha eacnamaíocha agus cineálacha eile spleáchais mná agus cailíní i dtríú tíortha i suíomh ina bhfuil sé níos deacra acusan ná ag fir tearmann a lorg go sábháilte;

3.  Ag cáineadh na staide leanúnaí mar a mbíonn ar mhná agus ar chailíní, chomh maith le daoine LGBTI, má tá tearmann á lorg acu, iad féin a chur i mbaol tromchúiseach go dtarlódh foréigean gnéasach agus foréigean ar bhonn inscne dóibh feadh na mbealaí isteach agus sna lárionaid chéadghlactha;

4.  Ag cur i dtreis go mbíonn iarmhairtí tromchúiseacha ag foréigean ar bhonn inscne, lena n-áirítear foréigean gnéasach ar shaol agus ar shláinte ban agus cailíní, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar mheabhairshláinte na mban agus neamhord struis iarthrámaigh, imní agus dúlagar mar thoradh air;

5.  Ag treisiú nach mór do mhná, do chailíní agus do dhaoine LGBTI, a mhaíonn faitíos roimh ghéarleanúint ar bhonn inscne a bhfuil bunús maith leis, a bheith in ann iarraidh a dhéanamh go sábháilte ar víosaí ar fhorais dhaonnúla;

6.  Á iarraidh go mbunófaí ionstraim ar leith ar leibhéal an Aontais maidir le víosaí daonnúla, anuas ar chlár an Aontais maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil, chun rochtain shábháilte agus dhlíthiúil chuig críoch AE a sholáthar do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus ag áirithiú ag an am céanna a chur chuige íogair ó thaobh inscne de agus cosaint éifeachtach do dhaoine a bhfuil géarleanúint ar bhonn inscne ar siúl orthu ina bhfuil sé ríthábhachtach go láimhseofaí an próiseas ar bhealach íogair measúil, le tuiscint iomlán maidir le castacht agus leochaileachtaí na n-iarratasóirí uile, go háirithe mná, leanaí agus daoine LGBTI;

7.  Ag thabhairt le fios gur cheart go n-áireofaí éilimh maidir le cosaint dhaonnúil bunaithe ar chúinsí sláinte, ar chúiseanna teaghlaigh doshéanta, nuair nach ionainn iad agus forais d’athaontú teaghlaigh, ar chúiseanna easáitithe comhshaoil agus cásanna doshéanta eile ina bhfuil gá le cosaint dhaonnúil, in ionstraim na víosa daonnúla;

8.  Ag cur i dtreis gurb ionann cineálacha foréigin agus idirdhealaithe ar bhonn inscne, lena n-áirítear éigniú agus foréigean gnéasach, ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantach, foréigean teaghlaigh, coir onóra mar a thugtar orthu agus idirdhealú ar bhonn inscne, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin, a nglacann an Stát leo, agus géarleanúint agus gur cheart gur cúiseanna bailí iad chun tearmann nó cosaint dhaonnúil a lorg agus mar sin gur cheart iad a léiriú san ionstraim nua; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, géarleanúint ar bhonn inscne a aithint mar fhoras bailí chun cosaint idirnáisiúnta a lorg chomh maith le cur san áireamh gné na hinscne i ngach céim den nós imeachta maidir le tearmann a áirithiú trí Threoirlínte UNHCR 2002 maidir le cosaint idirnáisiúnta a chomhlíonadh: géarleanúint a bhaineann le hinscne;

9.  Ag tabhairt chun suntais nach féidir leis an ionstraim nua víosa dhaonnúil a bheith ina bhealach chun an fhreagracht maidir le measúnú ar iarratais na ndídeanaithe a bhogadh chuig tíortha lasmuigh den Eoraip ach mar bhealach lena áirithiú gur féidir le hiarrthóirí tearmainn agus daoine a bhfuil cosaint dhaonnúil de dhíth orthu taisteal ar bhealach slán chun na hEorpa áit a ndéanfar a n-iarratas a phróiseáil ansin; de bhrí go ndéanann moltaí amhail ardáin díbhordála an bonn a bhaint go hiomlán de chroíphrionsabail na cosanta Eorpaí agus idirnáisiúnta do dhídeanaithe;

10.  Á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar bhailiú sonraí imdhealaithe de réir inscne i ngéarchéim reatha na ndídeanaithe agus a áirithiú go ndéanfar gné an chomhionannais inscne a ionchorprú i mbeartais ábhartha maidir le tearmann;

11.  Ag meabhrú nár cheart do reachtaíocht agus do bheartais chun dul i ngleic le smuigleáil daoine rochtain ar nósanna imeachta tearmainn AE a chosc riamh agus gur cheart go ndéanfaí iarracht leo cuidiú le himircigh agus dídeanaithe cora dúshaothraithe dochracha a sheachaint;

12.  Ag cáineadh ainmniú tríú tíortha mar thíortha tionscnaimh sábháilte, mar thríú tíortha sábháilte agus mar chéadtíortha tearmainn agus ag treisiú go bhféadfadh mná géarleanúint ar bhonn inscne a fhulaingt fiú i dtíortha a mheastar a bheith sábháilte, agus ag an am céanna go bhféadfadh daoine LGBTI mí-úsáid a fhulaingt freisin, agus iarraidh dhlisteanach ar chosaint acu dá bhrí sin;

13.  Á iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach le coinneáil leanaí, mná atá ag iompar clainne agus mná atá ag beathú ar an gcíoch agus íospartaigh a d’fhulaing éigniú, foréigean gnéasach agus gáinneáil agus go gcuirfí tacaíocht shíceolaíoch chuí ar fáil;

14.  Ag cur i bhfios an gá atá le maoiniú chun tacú, go sonrach, leis na mná agus cailíní níos leochailí inár sochaí, go háirithe mná faoi mhíchumas, dídeanaithe ban agus iad siúd ar íospartaigh a d’fhulaing gáinneáil agus mí-úsáid iad;

15.  Á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint riachtanach agus leordhóthanach a sholáthar d’fhoirne agus gairmithe sláinte a bhíonn ag plé le leanaí, cailíní agus mná ar íospartaigh a d’fhulaing foréigean ar bhonn inscne iad nuair a thagann siad chun an Aontais, chun cúnamh agus seirbhísí cúraim speisialaithe a chur ar fáil, lena n-áirítear cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe agus tacaíocht shíceolaíoch;

16.  Ag cur in iúl gur oth leis nach bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl daingnithe ag roinnt Ballstát agus ag athdhearbhú a iarraidh ar gach Ballstát Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú agus a chur chun feidhme go hiomlán gan mhoill;

17.  Á iarraidh go mbeadh freagracht chomhroinnte agus dlúthchomhar idir na tíortha Eorpacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, na geallsealbhóirí agus earnálacha ábhartha ar leibhéil éagsúla; ag meabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit gur saincheist í cosaint daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a bhaineann le gach duine agus go ndéanfar freagairt choiteann bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta a thabhairt;

FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN nGLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

3.9.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

15

8

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Maria Arena, Beatriz Becerra Basterrechea, Malin Björk, Vilija Blinkevičiūtė, Anna Hedh, Mary Honeyball, Agnieszka Kozłowska-Rajewicz, Florent Marcellesi, Krisztina Morvai, Maria Noichl, João Pimenta Lopes, Michaela Šojdrová, Anna Záborská, Maria Gabriela Zoană

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

José Inácio Faria, Eleonora Forenza, Jérôme Lavrilleux, Mylène Troszczynski, Monika Vana, Julie Ward

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Cécile Kashetu Kyenge, Patrick O’Flynn, Patrizia Toia

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

15

+

ALDE

Beatriz Becerra Basterrechea

GUE/NGL

Malin Björk, Eleonora Forenza, João Pimenta Lopes

S&D

Maria Arena, Vilija Blinkevičiūtė, Anna Hedh, Mary Honeyball, Cécile Kashetu Kyenge, Maria Noichl, Patrizia Toia, Julie Ward, Maria Gabriela Zoană

VERTS/ALE

Florent Marcellesi, Monika Vana

8

-

EFDD

Patrick O'Flynn

ENF

Mylène Troszczynski

NI

Krisztina Morvai

PPE

José Inácio Faria, Agnieszka Kozłowska-Rajewicz, Jérôme Lavrilleux, Michaela Šojdrová, Anna Záborská

0

0

 

 

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

(1)

https://data2.unhcr.org/en/documents/download/63039


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

10.10.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

39

10

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Martina Anderson, Heinz K. Becker, Monika Beňová, Malin Björk, Michał Boni, Caterina Chinnici, Frank Engel, Laura Ferrara, Romeo Franz, Kinga Gál, Nathalie Griesbeck, Sylvie Guillaume, Brice Hortefeux, Filiz Hyusmenova, Sophia in ‘t Veld, Eva Joly, Marek Jurek, Dietmar Köster, Barbara Kudrycka, Cécile Kashetu Kyenge, Juan Fernando López Aguilar, Monica Macovei, Claude Moraes, József Nagy, Péter Niedermüller, Ivari Padar, Birgit Sippel, Branislav Škripek, Csaba Sógor, Sergei Stanishev, Traian Ungureanu, Bodil Valero, Josef Weidenholzer, Kristina Winberg, Tomáš Zdechovský, Auke Zijlstra

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Kostas Chrysogonos, Carlos Coelho, Gérard Deprez, Teresa Jiménez-Becerril Barrio, Jean Lambert, Jeroen Lenaers, Innocenzo Leontini, Angelika Mlinar, Barbara Spinelli, Daniele Viotti

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

John Stuart Agnew, Jude Kirton-Darling


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

39

+

ALDE

Gérard Deprez, Nathalie Griesbeck, Filiz Hyusmenova, Sophia in 't Veld, Angelika Mlinar

EFDD

Laura Ferrara

GUE/NGL

Martina Anderson, Malin Björk, Kostas Chrysogonos, Barbara Spinelli

PPE

Asim Ademov, Heinz K. Becker, Michał Boni, Carlos Coelho, Frank Engel, Teresa Jiménez-Becerril Barrio, Barbara Kudrycka, Jeroen Lenaers, Innocenzo Leontini, József Nagy, Csaba Sógor

S&D

Monika Beňová, Caterina Chinnici, Sylvie Guillaume, Jude Kirton-Darling, Dietmar Köster, Cécile Kashetu Kyenge, Juan Fernando López Aguilar, Claude Moraes, Péter Niedermüller, Ivari Padar, Birgit Sippel, Sergei Stanishev, Daniele Viotti, Josef Weidenholzer

VERTS/ALE

Romeo Franz, Eva Joly, Jean Lambert, Bodil Valero

10

-

ECR

Marek Jurek, Monica Macovei, Branislav Škripek, Kristina Winberg

EFDD

John Stuart Agnew

ENF

Auke Zijlstra

PPE

Kinga Gál, Brice Hortefeux, Traian Ungureanu, Tomáš Zdechovský

0

0

 

 

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 30 Deireadh Fómhair 2018Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais