Tuarascáil - A8-0330/2018Tuarascáil
A8-0330/2018

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce agus sásraí eile lena leomhtar aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife i gcomhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe

16.10.2018 - (COM(2018)0206 – C8‑0158/2018 – 2018/0101(COD)) - ***I

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Christofer Fjellner


Nós Imeachta : 2018/0101(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0330/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0330/2018
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce agus sásraí eile lena leomhtar aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife i gcomhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe

(COM(2018)0206 – C8‑0158/2018 – 2018/0101(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0206),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0158/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0330/2018),

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Is minic a thugann an tAontas Eorpach comhaontuithe trádála (‘comhaontuithe’) i gcrích le tríú tíortha ar féidir clásail choimirice dhéthaobhacha a bheith iontu. Is gá na nósanna imeachta a leagan síos le go ráthófar cur i bhfeidhm éifeachtach na gclásal coimirce a bheidh comhaontaithe leis na tíortha lena mbaineann.

(1)  Is minic a thugann an tAontas Eorpach comhaontuithe trádála (‘comhaontuithe’) i gcrích le tríú tíortha faoina dtugann sé cóir fhabhrach, agus d’fhéadfadh clásail choimirice dhéthaobhacha a bheith iontu. Is gá na nósanna imeachta a leagan síos chun go ráthófaí cur i bhfeidhm éifeachtach na gclásal coimirce a bheidh comhaontaithe leis na tíortha lena mbaineann.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Féadfaidh sásraí eile a bheith sna comhaontuithe freisin le haghaidh fabhair tharaife nó cóireáil fhabhrach eile a aistarraingt go sealadach. Is gá freisin na nósanna imeachta a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm sásraí den sórt sin, i gcás ina bhfuil siad ar áireamh sna comhaontuithe.

(2)  D’fhéadfadh sásraí eile a bheith sna comhaontuithe freisin, lena n-áirítear sásraí cobhsaíochta i gcomhair táirgí íogaire áirithe,d’aistarraingt shealadach taraifí nó cóireála fabhraí eile. Is gá freisin na nósanna imeachta a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm na sásraí sin, i gcás ina bhfuil siad ar áireamh sna Comhaontuithe..

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  An obair iardain agus an t-athbhreithniú ar na comhaontuithe, seoladh na n-imscrúduithe agus, más iomchuí, forchur na mbeart coimirce, rudaí iad sin ba cheart a dhéanamh go trédhearcach.

(4)  An obair iardain i ndáil leis na Comhaontuithe, an t-athbhreithniú orthu, seoladh na n-imscrúduithe agus, i gcás inarb iomchuí, forchur na mbeart coimirce, ba cheart iad a dhéanamh sa dóigh is trédhearcaí is féidir. Ba cheart Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas agus a bheith rannpháirteach ag gach céim den nós imeachta agus, go háirithe, sula nglacfar aon cheann de na bearta coimirce.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Le faireachán géar ar tháirgí íogaire, más ann dóibh, ba cheart cinneadh prapúil a éascú maidir leis an bhféidearthacht imscrúdú a thionscnamh agus maidir le bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar allmhairí táirgí íogaire, más ann dóibh, ón dáta a gcuirtear na comhaontuithe i bhfeidhm go sealadach nó ón dáta a dtagann siad i bhfeidhm go sealadach, murab ann d’aon chur i bhfeidhm sealadach. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó lucht an tionscail ábhartha, ba cheart an faireachán a leathnú go dtí earnálacha eile.

(7)  Le faireachán géar ar tháirgí íogaire, lena n-áirítear táirgí a tháirgtear i gcainníochtaí suntasacha i gceann amháin de na réigiúin is forimeallaí, nó i roinnt díobh, más ann dóibh, ba cheart cinneadh tráthúil a éascú maidir leis an bhféidearthacht imscrúdú a thionscnamh agus maidir le bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar allmhairí táirgí íogaire, más ann dóibh, ón dáta a gcuirtear na comhaontuithe i bhfeidhm go sealadach nó ón dáta a dtagann siad i bhfeidhm go sealadach, murab ann d’aon chur i bhfeidhm sealadach. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó lucht an tionscail ábhartha, nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón lucht tionscail agus ó cheardchumann i gcomhar le chéile, ba cheart an faireachán a leathnú go dtí earnálacha eile.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a)  I gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais, arae tá earnálacha áirithe de chuid na réigiún sin mós leochaileach. Dá thoradh sin, sna comhaontuithe saorthrádála roimhe seo idir an tAontas agus tríú tíortha nó réigiúin, tá sásraí speisialta cheana i gcomhair na réigiún sin. Leis na sásraí sin, is féidir, i gcásanna áirithe, fabhair a bhaint má allmhairítear táirge i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin agus i gcúinsí de shórt a fhágann, go bhfuil siad ina gcúis le meath tromchúiseach, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le meath tromchúiseach ar an staid eacnamaíoch in aon cheann de na réigiúin sin. I gcás ina dtiocfaidh méadú ar allmharaithe a d’fhéadfadh, i bhfad na haimsire, a bheith ina chúis, nó a d’fhéadfadh bagairt a bheith ina chúis, le meath tromchúiseach ar an staid in aon cheann de na réigiúin sin, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún bearta réamhfhaireachais a thabhairt isteach. Nuair a dhéantar foráil i gcomhaontú saorthrádála idir an tAontas agus tríú tír nó réigiún maidir le cóireáil speisialta i gcomhair na réigiún sin, ba cheart go mbeidh feidhm ag na bearta sonracha sin i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a)  Táirgí áirithe, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta, a tháirgtear i gcainníochtaí suntasacha in aon cheann de na réigiúin is forimeallaí, nó i roinnt díobh, d’fhéadfaidís a bheith ina dtáirgí íogaire agus ba cheart aird ar leith a thabhairt orthu agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha iomchuí i gcás ina n-allmhairítear táirge i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin, nó i gcúinsí de shórt a fhágann, go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go bhféadfadh siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do cheann ar bith de na réigiúin is forimeallaí, nó do roinnt díobh.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  Le haghaidh chur i bhfeidhm na gclásal coimirce nó sásraí agus critéir eile chun na fabhair tharaife nó na fabhair eile dá bhforáiltear sna comhaontuithe a chur ar fionraí go sealadach, is gá coinníollacha comhionanna chun bearta coimirce sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, chun bearta faireachais roimh ré a fhorchur, chun deireadh a chur le himscrúdú gan bhearta agus chun na taraifí fabhracha nó an chóireáil fhabhrach eile a chur ar fionraí go sealadach.

(14)  Maidir le cur i bhfeidhm na gclásal coimirce nó sásraí agus critéir thrédhearcacha eile chun na fabhair tharaife nó na fabhair eile dá bhforáiltear sna Comhaontuithe a chur ar fionraí go sealadach, is gá coinníollacha comhionanna ina n-aghaidh chun bearta coimirce sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, chun bearta faireachais roimh ré a fhorchur, chun deireadh a chur le himscrúdú gan bhearta agus chun na taraifí fabhracha nó an chóireáil fhabhrach eile a chur ar fionraí go sealadach. Ba cheart na critéir maidir le fionraí sealadach taraifí fabhracha nó fabhar eile a bheith faoi réir athbhreithnithe, i gcás inarb iomchuí.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a)  Tá an sásra cobhsaíochta le haghaidh bananaí ar cheann de na sásraí le haghaidh aistarraingt shealadach fabhar taraife i gcomhaontuithe áirithe idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Chun críocha an Rialacháin seo:

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas, gan dochar d’aon sainmhíniú dá bhforáiltear sa Chomhaontú :

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  ciallaíonn ‘bagairt mórdhíobhála’ do sheasamh thionscal an Aontais mórdhíobháil is soiléir go bhfuil sé ar tí tarlú;

(e)  ciallaíonn ‘bagairt mórdhíobhála’ do sheasamh thionscal an Aontais mórdhíobháil is soiléir go bhfuil sé ar tí tarlú; is bunaithe ar fhaisnéis infhíoraithe a bheidh cinneadh i dtaobh bagairt mórdhíobhála a bheith ann;

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)  ciallaíonn ‘táirge íogair’ táirge a n-aithnítear i gcomhaontú sonrach gur mó an baol dó, i gcomparáid le táirgí eile, borradh allmhairí;

(f)  ciallaíonn ‘táirge íogair’ táirge a n-aithnítear i gcomhaontú sonrach gur mó an baol dó, i gcomparáid le táirgí eile, borradh allmhairí; agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh na leochaileachta sin, tabharfar aird speisialta ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an táirge a tháirgeadh i gcainníochtaí suntasacha in aon cheann de réigiúin is forimeallaí san Aontas, amhail dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorás an staidrimh allmhairiúcháin maidir le táirgí íogaire, más ann dóibh, a luaitear san Iarscríbhinn i ndáil le gach comhaontú. Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún ar bhonn rialta leis na Ballstáit agus le tionscal an Aontais, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán seachtainiúil ar fhorás an staidrimh allmhairiúcháin maidir le táirgí íogaire, más ann dóibh, a luaitear san Iarscríbhinn i ndáil le gach Comhaontú. Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún ar bhonn rialta leis na Ballstáit agus le tionscal an Aontais, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  I gcás ina bhfuil caibidlí maidir le trádáil agus le forbairt inbhuanaithe i gComhaontú, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhall na gcaighdeáin sóisialta agus comhshaoil a leagtar síos ann ag tríú tíortha. Arna iarraidh sin do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún aon ábhair shonracha imní a thuairisciú dó maidir le cur chun feidhme a ngealltanas i dtaca le trádáil agus forbairt inbhuanaithe ag na tríú tíortha lena mbaineann.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún raon feidhme an fhaireacháin a shíneadh chuig earnálacha eile, más iomchuí, seachas iad siúd a luaitear san Iarscríbhinn.

2.  Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún raon feidhme an fhaireacháin a shíneadh chuig táirgí nó earnálacha eile, más iomchuí, seachas iad siúd a luaitear san Iarscríbhinn.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Arna iarraidh sin do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún aon ábhair shonracha imní a thuairisciú dó maidir le cur chun feidhme a ngealltanas i dtaca le trádáil agus forbairt inbhuanaithe ag na tríú tíortha lena mbaineann. Ina theannta sin, féadfaidh tionscal an Aontais, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige atá ag gníomhú thar a cheann, agus ceardchumainn, gearáin a thíolacadh go comhpháirteach, nó féadfaidh ceardchumainn tacú leo.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an staidreamh i dtaobh allmhairí táirgí íogaire agus na n-earnálacha sin, más iomchuí, ar síneadh an faireachán chucu.

3.  Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an staidreamh i dtaobh allmhairí táirgí íogaire, agus i dtaobh na dtáirgí nó na n-earnálacha sin, más ann dóibh, ar síneadh an faireachán chucu, agus i dtaobh oibleagáidí a bheith á gcomhlíonadh ag na tíortha lena mbaineann faoin gcaibidil maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe, más ann don chaibidil sin sa Chomhaontú.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Ina theannta sin, féadfaidh tionscal an Aontais, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige atá ag gníomhú thar a cheann, agus ceardchumainn, gearáin a thíolacadh go comhpháirteach, nó féadfaidh ceardchumainn tacú leo.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin i gcás ina dtiocfaidh borradh faoi allmhairí atá comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, ar choinníoll go bhfuil leordhóthain fianaise prima facie ann, arna chinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6(5).

4.  Féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin i gcás ina dtiocfaidh borradh faoi allmhairí atá comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, nó i gceann amháin nó i roinnt de na réigiúin is forimeallaí, ar choinníoll go bhfuil leordhóthain fianaise prima facie ann, arna chinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6(5).

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit uile ar an eolas nuair a gheobhaidh sé iarraidh imscrúdú a thionscnamh nó nuair a mheasfaidh sé gur iomchuí imscrúdú a thionscnamh ar a thionscnamh féin de bhun mhír 1.

5.  Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit uile ar an eolas nuair a gheobhaidh sé iarraidh imscrúdú a thionscnamh nó nuair a mheasfaidh sé gurb iomchuí imscrúdú a thionscnamh ar a thionscnamh féin de bhun mhír 1.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a.  I gcás ina nglacfaidh Parlaimint na hEorpa moladh chun imscrúdú coimirce a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú cúramach i dtaobh an bhfuil na coinníollacha chun imscrúdú a thionscnamh á gcomhlíonadh, agus má tá, leanfaidh sé ar aghaidh mar a leagtar síos sa Rialachán seo. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa ina mbeidh míniú ar na tosca go léir atá ábhartha maidir leis an imscrúdú sin a dhiúltú.

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Más féidir, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de shé mhí tar éis é a thionscnamh. Féadfar trí mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile i dtaobh aon sínte den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis.

3.  Más féidir, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de chúig mhí tar éis é a thionscnamh. Féadfar tréimhse bhreise trí mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile i dtaobh aon sínte den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a.  Déanfaidh an Coimisiún rochtain ar an imscrúdú a éascú d’earnálacha tionscail éagsúla agus ilroinnte, ar earnálacha iad atá comhdhéanta den chuid is mó d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus déanfaidh sé amhlaidh trí Dheasc Chabhrach tiomanta do FBManna, mar shampla trí fheasacht a mhúscailt, trí fhaisnéis agus mínithe ginearálta a thabhairt maidir le nósanna imeachta a sholáthar agus maidir le conas gearán a thíolacadh, trí cheistneoirí caighdeánacha a chur amach i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus trí fhreagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ghinearálta nach mbaineann le cás sonrach. Déanfaidh an Deasc Chabhrach do FBManna foirmeacha caighdeánacha le haghaidh staitisticí a chur ar fáil, ar foirmeacha iad a bheidh le tíolacadh chun críocha seasamh gnó agus ceistiúchán.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10.  I gcás nach soláthrófar faisnéis laistigh de na teorainneacha ama a shocróidh an Coimisiún, nó i gcás ina gcuirfear bac mór ar an imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach go ndearna aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

10.  I gcás nach soláthrófar faisnéis laistigh de na teorainneacha ama a shocróidh an Coimisiún, nó i gcás ina gcuirfear bac mór ar an imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún go ndearna aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin, féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil agus measúnú a dhéanamh ar na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcoinne an pháirtí sin.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

10a.  Ainmneoidh an Coimisiún Oifigeach Éisteachta, a leagfar a chumhachtaí agus a fhreagrachtaí amach i sainordú arna ghlacadh ag an gCoimisiún, agus déanfaidh an t-oifigeach feidhmiú éifeachtach chearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara a choimirciú.

Réasúnú

Na forálacha don Oifigeach Éisteachta atá i Rialachán 2018/825, beidh feidhm acu maidir leis na bearta seo freisin.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.  Tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don tír lena mbaineann maidir le himscrúdú a thionscnamh.

11.  Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Chomhaontú, fógra i scríbhinn a thabhairt don tír nó do na tíortha lena mbaineann maidir le himscrúdú a thionscnamh.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

In imthosca géibheannacha ina bhféadfadh moill a bheith ina cúis le damáiste ba dheacair a leigheas, glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha, de bhun réamhchinnidh an Choimisiúin ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6(5) go bhfuil leordhóthain fianaise prima facie ann go bhfuil táirge de thionscnamh na tíre lena mbaineann á allmhairiú:

In imthosca géibheannacha inar dócha moill a bheith ina cúis le damáiste ba dheacair a leigheas, agus ar gá gníomhú láithreach dá thoradh, glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha, de bhun réamhchinneadh ón gCoimisiún ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6(5) go bhfuil leordhóthain fianaise prima facie ann go bhfuil táirge de thionscnamh na tíre lena mbaineann á allmhairiú:

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le cinneadh ar bith bearta coimirce sealadacha a fhorchur.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Ní bheidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha ar feadh tréimhse níos faide ná 200 lá féilire.

3.  Ní bheidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha ar feadh tréimhse is faide ná 200 lá féilire, gan dochar d’aon tréimhse ama eile arna comhaontú sa Chomhaontú lena mbaineann.

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Ní leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm ach go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá léi chun an mhórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas, agus chun oiriúnú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain, ach amháin má chuirtear síneadh léi de réir mhír 3 den Airteagal seo.

1.  Ní leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm ach go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá léi chun an mhórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas, agus chun oiriúnú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain, ach amháin má chuirtear síneadh léi de réir mhír 3, gan dochar d’aon tréimhse ama eile arna comhaontú sa Chomhaontú.

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Féadfar síneadh suas le dhá bhliain a chur le tréimhse thosaigh birt coimirce dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go leanfaidh an beart coimirce de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil oiriúnú á dhéanamh i dtionscal an Aontais.

3.  Gan dochar d’aon tréimhse eile arna comhaontú sa Chomhaontú lena mbaineann, féadfar síneadh suas le dhá bhliain a chur le tréimhse thosaigh birt coimirce dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go leanfaidh an beart coimirce de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil oiriúnú á dhéanamh i dtionscal an Aontais.

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.  Ní mhairfidh fad iomlán birt coimirce níos mó ná ceithre bliana, lena n-áirítear tréimhse chur i bhfeidhm aon bhirt shealadaigh, an tréimhse tosaigh cur i bhfeidhm agus síneadh na tréimhse sin.

7.  Gan dochar d’aon tréimhse eile arna comhaontú sa Chomhaontú lena mbaineann, ní mhairfidh fad iomlán birt coimirce níos mó ná ceithre bliana, lena n-áirítear tréimhse chur i bhfeidhm aon bhirt shealadaigh, tréimhse feidhme tosaigh agus síneadh na tréimhse sin.

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11a

 

Réigiúin fhorimeallacha an Aontais

 

I gcás ina bhfuil táirge ar bith á allmhairiú i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin agus i gcúinsí de shórt a fhágann go bhfuil siad ina gcúis, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis, le meath tromchúiseach ar an staid eacnamaíoch i gceann ar bith de na réigiúin is forimeallaí san Aontas, nó i roinnt díobh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, féadfar beart coimirce a fhorchur, i gcomhréir leis an nós imeacht a leagtar síos sa Rialachán seo, má tá foráil maidir leis an bhforáil sin sa Chomhaontú lena mbaineann.

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Áireofar sa tuarascáil, inter alia, faisnéis maidir le cur i bhfeidhm beart sealadach agus cinntitheach, maidir le bearta réamhfhaireachais, maidir le bearta faireachais réigiúnacha agus bearta coimirce réigiúnacha agus maidir le himscrúduithe agus imeachtaí a fhoirceannadh gan bhearta.

2.  Áireofar sa tuarascáil, inter alia, faisnéis maidir le cur i bhfeidhm beart sealadach agus cinntitheach, maidir le bearta réamhfhaireachais, maidir le bearta faireachais réigiúnacha agus bearta coimirce réigiúnacha agus maidir le himscrúduithe agus imeachtaí gan bhearta a fhoirceannadh, agus tabharfar bonn cirt le hábharthacht na faisnéise ar thángthas ar chonclúidí ina leith.

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.  Áireofar sa tuarascáil faisnéis maidir le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, mar aon le faisnéis i dtaca le comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin gcaibidil maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe, más ann don chaibidil sin sa Chomhaontú, agus maidir leis na gníomhaíochtaí le grúpaí comhairleacha de chuid na sochaí sibhialta.

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de mhí amháin ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc dá coiste freagrach chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.

4.  Tar éis thíolacadh thuarascáil an Choimisiúin, agus arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú do chruinniú ad hoc dá choiste freagrach.

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina bhforálfar i gcomhaontú maidir le sásraí agus critéir eile a cheadódh fabhair tharaife a aistarraingt go sealadach i ndáil le táirgí áirithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás ina bhfuil na téarmaí a leagtar síos sa chomhaontú ábhartha comhlíonta, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar:

I gcás ina bhforálfar i gcomhaontú maidir le sásraí agus critéir eile lena gceadaítear fabhair tharaife a aistarraingt go sealadach i ndáil le táirgí áirithe, amhail an sásra cobhsaíochta, déanfaidh an Coimisiún, i gcás ina gcomhlíontar na téarmaí a leagtar síos sa chomhaontú ábhartha, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar:

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  na fabhair don táirge lena mbaineann a chur ar fionraí;

(a)  na fabhair don táirge lena mbaineann a chur ar fionraí nó a dheimhniú nach bhfuil siad á gcur ar fionraí;

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, i gcás ina ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas de thoradh moill ar fhorchur beart coimirce sealadach, nó chun iarmhairt dhiúltach ar mhargadh an Aontais, go háirithe de thoradh méadú ar allmhairí, a chosc, nó de réir foráil eile sa chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17(4).

2.  Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, i gcás ina ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas de thoradh moill ar an ngníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, nó chun iarmhairt dhiúltach ar mhargadh an Aontais, go háirithe de thoradh méadú ar allmhairí, a chosc, nó de réir foráil eile sa chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17(4).

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír -1 (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

-1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 ina leagtar síos forálacha i dtaca le faireachán, le spriocdhátaí le haghaidh imscrúduithe, le tuairisciú agus le critéir maidir le nósanna imeachta le haghaidh imscrúduithe faoi Airteagal 14 a scrúdú. Na forálacha eile den Rialachán seo, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le cur chun feidhme na sásraí sin.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

An 18 Aibreán 2018, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce agus sásraí eile lena leomhtar aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife i gcomhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe.

I bhformhór chomhaontuithe trádála AE, tá sásraí coimirce déthaobhacha lena leomhtar do na páirtithe freagairt do mhéaduithe suntasacha in allmhairí mar thoradh ar léirscaoileadh na dtaraifí faoi na Comhaontuithe Saorthrádála (CSTanna), as a n-eascraíonn mórdhíobháil do thionscal baile. Sa bhreis air sin, féadfaidh sásraí speisialta a bheith ar áireamh i roinnt comhaontuithe trádála de chuid an Aontais, lena dtugtar an deis freisin, faoi chúinsí sonracha, ráta custaim an náisiúin barrfhabhair (NBF) a thabhairt isteach athuair. Tá gá le cur chun feidhme ar leibhéal AE chun na sásraí coimirce agus sonracha sin a chur i bhfeidhm. Seachas rialachán sonrach FTA a mholadh, ar rialachán é a ghlactar tríd an ngnáthnós imeachta amhail mar a rinneadh i gcás comhaontuithe a tugadh i gcrích roimhe seo (e.g. an Chóiré Theas, an Cholóim, Peiriú, Eacuadór), molann an Coimisiún rialachán cothrománach a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh roinnt comhaontuithe saorthrádála. Is iad na chéad chomhaontuithe saorthrádála de chuid an Aontais a chumhdófar faoin rialachán cothrománach sin ná na cinn leis an tSeapáin, le Singeapór agus le Vítneam. Mar thoradh ar an Iarscríbhinn a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, áfach, ní hé amháin go mbeadh feidhm ag an Rialachán maidir leis na comhaontuithe saorthrádála atá le tabhairt i gcrích go gairid, ach bheadh feidhm aige freisin maidir le comhaontuithe saorthrádála a thabharfar i gcrích amach anseo.

Is é is aidhm le hionstraim choimirce ná cosaint a thabhairt trí léirscaoileadh breise na dtaraifí a chur ar fionraí nó tríd an ráta dleachta custaim a mhéadú go ráta an náisiúin barrfhabhair i gcás ina dtiocfaidh, mar thoradh ar ghealltanais i gcomhaontú saorthrádála agus ar fhorbairtí gan choinne, an oiread sin méadaithe ar allmhairí, agus ina dtarlóidh sé sin faoi chúinsí de shórt go ndéanfar mórdhíobháil do na táirgeoirí intíre a tháirgeann táirge comhchosúil nó díriomaíoch (nó go mbeidh bagairt mórdhíobhála ann dóibh).

Tá na forálacha a mhol an Coimisiún don chlásal coimirce cothrománach an-chosúil le pátrún na Rialachán lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce dhéthaobhacha sna comhaontuithe leis an gColóim, le Peiriú, le hEacuadór, le tíortha i Meiriceá Lár, le Poblacht na Moldóive agus leis an tSeoirsia.

Tá roinnt éagsúlachtaí, áfach, a d’fhéadfadh a bheith tábhachtach i bhfianaise na gcaibidlíochtaí trádála reatha agus na gcomhaontuithe atá beartaithe le MERCOSUR, e.g. ní mór a thabhairt ar aird go bhfuil an togra ar díth forálacha mionsonraithe maidir le sásra speisialta féideartha le haghaidh táirgí íogaire amhail bananaí (an sásra cobhsaíochta do bhananaí). An sásra cobhsaíochta do bhananaí, ar cuid den rialachán coimirce leis an gColóim, le Peiriú agus le hEacuadór é, córas atá ann trínar féidir (go dtí 2019) fabhair a chur ar fionraí i gcás ina sroichtear, le linn bliain féilire ar leith, leibhéal sonrach allmhairiúcháin, eadhon an trucairmhéid.

Breithnithe an rapóirtéara

Cur i bhfeidhm cothrománach

Tacaíonn an Raipóirtéir le cur chuige an Choimisiúin i dtaca le rialachán cothrománach a mbeadh feidhm aige maidir le comhaontuithe saorthrádála atá ar na bacáin, chun soiléireacht dhlíthiúil agus cur i bhfeidhm comhtháite nósanna imeachta a áirithiú do na páirtithe leasmhara uile. Aontaíonn an Raipóirtéir leis an gCoimisiún freisin sa mhéid is nár cheart go dtiocfadh an rialachán in ionad aon rialacháin choimirce dhéthaobhacha reatha atá i bhfeidhm cheana sa chaoi is nach mbeadh aon éiginnteacht ann i leith imscrúduithe ná i leith faireacháin maidir leis na comhaontuithe sin. Ba mhaith leis an Raipóirtéir a chur i bhfios go láidir gur uirlis é sásra coimirce chun an trádáil a léirscaoileadh agus chun tuilleadh gealltanas a thabhairt sa chaibidlíocht maidir le comhaontuithe saorthrádála agus chun na páirtithe leasmhara éagsúla a spreagadh chun tacú leis na gealltanais sin, agus chun glacadh leo. Is gá nach mbainfí mí-úsáid as bearta coimirce chun críocha caomhnaitheachta. Dá bhrí sin, is gá forálacha riachtanacha a ionchorprú chun a ráthú nach ndéanfar bearta a thabhairt isteach ach amháin sna cúinsí cearta de réir an chás-dlí maidir le cosaint.

Trédhearcacht agus intuarthacht

Amhail i gcás ionstraimí cosanta trádála eile, tá an Raipóirtéir den tuairim nach mór imscrúduithe a dhéanamh ar bhealach atá chomh trédhearcach agus chomh hintuartha agus is féidir. Tá sé tábhachtach freisin rochtain mhaith ar na hionstraimí a bheith ag fiontair bheaga agus mheánmhéide mar pháirtithe leasmhara agus go ndéanfaí a gcearta nós imeachta a choimirciú. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha maidir leis an Deasc Chabhrach do FBManna agus leis an Oifigeach Éisteachta atá sna rialacháin bhunúsacha frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a ionchorprú sa Rialachán seo. Ba cheart freisin go gcuirfí Parlaimint na hEorpa ar an eolas go cuí maidir le cur chun feidhme an rialacháin.

Rialachán atá solúbtha agus slán i bhfad na haimsire

Cé gur minic sásraí coimirce i gcomhaontuithe saorthrádála comhchosúil le chéile ó thaobh foirme de, níor cheart go mbeadh aon fhoráil sa rialachán seo ina teorainn a priori maidir lena mbeidh an Coimisiún in ann a chaibidliú i gcomhaontuithe saorthrádála a thabharfar i gcrích amach anseo. Dá bhrí sin, is gá go mbeadh solúbthacht ag baint le forálacha áirithe i gcás ina ndéanfaí rud éigin eile a chomhaontú sna comhaontuithe a thabharfar i gcrích amach anseo. Tá sé riachtanach freisin a fhorordú go ndéanfaí forálacha mionsonraithe maidir le sásraí speisialta féideartha a leagan síos sa ghníomh tarmligthe ábhartha don chomhaontú sin.

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe

Tagairtí

COM(2018)0206 – C8-0158/2018 – 2018/0101(COD)

Dáta tíolactha chun PE

17.4.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

INTA

19.4.2018

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Christofer Fjellner

23.4.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

10.7.2018

29.8.2018

 

 

Dáta an ghlactha

11.10.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

27

1

9

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Laima Liucija Andrikienė, Maria Arena, Tiziana Beghin, Daniel Caspary, Salvatore Cicu, Christofer Fjellner, Eleonora Forenza, Karoline Graswander-Hainz, Christophe Hansen, Yannick Jadot, France Jamet, Elsi Katainen, Jude Kirton-Darling, Danilo Oscar Lancini, Bernd Lange, David Martin, Anne-Marie Mineur, Franck Proust, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Inmaculada Rodríguez-Piñero Fernández, Tokia Saïfi, Helmut Scholz, Joachim Schuster, Adam Szejnfeld, William (Iarla) Dartmouth, Jan Zahradil

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Goffredo Maria Bettini, Klaus Buchner, Sander Loones, Fernando Ruas, Paul Rübig, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Beatriz Becerra Basterrechea, Czesław Hoc, Stanisław Ożóg, Jozo Radoš, Anders Sellström

Dáta don chur síos

16.10.2018

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

27

+

ALDE

Beatriz Becerra Basterrechea, Elsi Katainen, Jozo Radoš

ECR

Czesław Hoc, Sander Loones, Stanisław Ożóg, Jan Zahradil

EFDD

Tiziana Beghin

ENF

France Jamet, Danilo Oscar Lancini

PPE

Laima Liucija Andrikienė, Daniel Caspary, Salvatore Cicu, Christofer Fjellner, Christophe Hansen, Franck Proust, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Fernando Ruas, Paul Rübig, Tokia Saïfi, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Anders Sellström, Adam Szejnfeld

S&D

Bernd Lange, David Martin, Inmaculada Rodríguez-Piñero Fernández, Joachim Schuster

1

-

EFDD

William (Iarla) Dartmouth,

9

0

GUE/NGL

Eleonora Forenza, Anne-Marie Mineur, Helmut Scholz

S&D

Maria Arena, Goffredo Maria Bettini, Karoline Graswander-Hainz, Jude Kirton-Darling

VERTS/ALE

Klaus Buchner, Yannick Jadot

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 29 Deireadh Fómhair 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais