TUARASCÁIL ar an iarraidh ar dhíolúine Manolis Kefalogiannis a tharscaoileadh
16.10.2018 - (2017/2133(IMM))
An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Jean-Marie Cavada
TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an iarraidh ar dhíolúine Manolis Kefalogiannis a tharscaoileadh
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don iarraidh maidir le díolúine Manolis Kefalogiannis a tharscaoileadh, arna tarchur an 31 Bealtaine 2017 ag Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí Chúirt Uachtarach na Poblachta Heilléanaí i gcomhar le nós imeachta Uimh. ABM:EOE 20/2017, agus arna fógairt sa Pharlaimint an 3 Iúil 2017,
– tar éis éisteacht a thabhairt do Manolis Kefalogiannis i gcomhréir le hAirteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
– tar éis éisteacht a thabhairt freisin do Kristian Knudsen, Ard-Stiúrthóir gníomhach Ard-Stiúrthóireacht Phearsanra Pharlaimint na hEorpa,
– tar éis malartú tuairimí a bheith ann le Leas-Ionchúisitheoir Poiblí na Poblachta Heilléanaí,
– ag féachaint d’Airteagal 8 agus d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, chomh maith le hAirteagal 6(2) den Ghníomh maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, an 20 Meán Fómhair 1976,
– ag féachaint do na breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 12 Bealtaine 1964, an 10 Iúil 1986, an 15 agus an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011 agus an 17 Eanáir 2013[1],
– ag féachaint d’Airteagal 62 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí,
– ag féachaint d’Airteagal 5(2), d’Airteagal 6(1) agus d’Airteagal 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0333/2018),
A. de bhrí gur iarr ionadaí Ionchúisitheoir Poiblí Chúirt Uachtarach na Gréige díolúine pharlaiminteach Feisire de Pharlaimint na hEorpa, Manolis Kefalogiannis, a tharscaoileadh chun imeachtaí coiriúla a thabhairt ina choinne mar gheall ar dhá chion líomhnaithe;
B. de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh nach mbeidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh;
C. de bhrí, de bhun Airteagal 9 de Phrótacal 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dtairbhíonn na Feisirí ar a gcríoch náisiúnta de dhíolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;
D. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí nach bhféadfar aon Fheisire, le linn a théarma oifige, a ionchúiseamh, a ghabháil, a chur i bpríosún ná a chur faoi réir beart coinneála eile gan údarú Theach na dTeachtaí;
E. de bhrí go mbaineann an iarraidh ó ionadaí Ionchúisitheoir Poiblí Chúirt Uachtarach na Poblachta Heilléanaí le nósanna imeachta maidir le sáruithe líomhnaithe de bhun Airteagal 385 (1) (b), de Chód Pionóis na Gréige agus d’Airteagal 4 de dhlí Uimh. 2803/2000, a dhéileálann faoi seach le sracaireacht, lena ngabhann bagairt, agus calaois;
F. de bhrí go bhfuil sé curtha i leith Manolis Kefalogiannis gur fhéach sé le calaois a dhéanamh lena ndéanfaí difear do leasanna airgeadais an Aontais lenar ghabh damáiste de breis is EUR 73 000 trí iarracht a dhéanamh cuid de thuarastal a chúntóra, arbh ionann agus EUR 4 240 in aghaidh na míosa é, a shraonadh go neamhdhleathach idir Iúil 2014 agus deireadh 2016;
G. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 9(8) de na Rialacha Nós Imeachta, nach ndéanfaidh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt i dtaobh chiontacht nó éigiontacht an Fheisire, ná nach ndéanfaidh sé tuairim a thabhairt i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear i leith an Fheisire, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis;
H. de bhrí freisin nach bhfuil sé faoi Pharlaimint na hEorpa seasamh a ghlacadh faoi chiontacht nó éigiontacht an Fheisire chun a fháil amach an éilíonn na gníomhartha atá curtha ina leith go n-osclófaí imeachtaí coiriúla, ná tuairim a thabhairt maidir le fiúntas coibhneasta na gcóras dlí agus breithiúnach náisiúnta;
I. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa nach pribhléid phearsanta d’Fheisire díolúine pharlaiminteach, ach is ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
J. de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine pharlaiminteach an Pharlaimint agus a cuid Feisirí a chosaint ó imeachtaí breithiúnacha i ndáil le gníomhaíochtaí arna gcur i bhfeidhm le linn dóibh a gcuid dualgas parlaiminteach a fheidhmiú, ar gníomhaíochtaí iad nach féidir iad a scaradh ó na dualgais sin;
K. i gcás nach mbaineann an nós imeachta atá i gceist leis na tuairimí arna gcur in iúl ná leis na vótaí arna gcaitheamh ag an bhFeisire de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, ba cheart an díolúine a tharscaoileadh ach amháin má dhealraíonn sé go bhféadfadh sé gurbh é an intinn a bhí laistiar de na himeachtaí dlíthiúla damáiste a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Feisire nó dá cháil agus, dá réir sin, do neamhspleáchas na Parlaiminte (fumus persecutionis);
L. más rud é, áfach, ar bhonn na faisnéise agus na mínithe a chuirtear ar fáil sa chás seo, lena n-áirítear na freagraí a thug Leas-Ionchúisitheoir Poiblí na Poblachta Heilléanaí le linn malartú tuairimí a reáchtáladh leis, agus i bhfianaise na n-imthosca a dhéileáil na húdaráis a bhí i gceist leis an gcás in aghaidh Manolis Kefalogiannis, na héiginnteachtaí maidir leis na gnéithe ar ina leith atá an iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh bunaithe, agus an t-amhras tromchúiseach faoin nós imeachta, lena n-áirítear an spreagadh atá taobh thiar den iarraidh an díolúine a tharscaoileadh;
M. de bhrí go bhfuil sé soiléir gur cás atá ann gur féidir a thoimhdiú go bhfuil fumus persecutionis i gceist leis;
N. de bhrí nár cheart, dá réir sin, díolúine Manolis Kefalogianni a tharscaoileadh;
1. á chinneadh gan díolúine Manolis Kefalogiannis a tharscaoileadh;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig Ionchúisitheoir Poiblí Chúirt Uachtarach na Poblachta Heilléanaí agus Manolis Kefalogiannis.
- [1] Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Bealtaine 1964, Wagner/Fohrmann agus Krier, 101/63, ECLI:EU:C:1964:28; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Iúil 1986, Wybot/Faure agus eile, 149/85, ECLI:EU:C:1986:310; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Deireadh Fómhair 2008, Mote/an Pharlaimint, T-345/05, ECLI:EU:T:2008:440; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra/De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010 Gollnisch/an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch/an Pharlaimint, T346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
10.10.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
14 0 1 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Joëlle Bergeron, Jean-Marie Cavada, Kostas Chrysogonos, Laura Ferrara, Heidi Hautala, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Gilles Lebreton, António Marinho e Pinto, Evelyn Regner, Pavel Svoboda, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Geoffroy Didier, Angelika Niebler |
||||