Tuarascáil - A8-0340/2018Tuarascáil
A8-0340/2018

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

18.10.2018 - (COM(2017)0548 – C8‑0324/2017 – 2017/0237(COD)) - ***I

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Bogusław Liberadzki
(Athmhúnlú – Riail 104 de na Rialacha Nós Imeachta)


Nós Imeachta : 2017/0237(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0340/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0340/2018
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

(COM(2017)0548 – C8‑0324/2017 – 2017/0237(COD))

An gnáthnós imeachta reachtach - athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0548)

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra (C8‑0324/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Eanáir 2018[1],

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha[2],

–  ag féachaint don litir dar dáta an 24 Iúil 2017 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 104 agus Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0340/2018),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Táthar chun roinnt leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú.

(1)  Táthar chun roinnt leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24 chun cosaint fheabhsaithe a sholáthar do phaisinéirí agus chun breis taisteal d’iarnród a spreagadh, agus aird chuí á tabhairt ar Airteagail 11, 12 agus 14 go háirithe den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise na leasuithe sin agus ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán 1371/2007 a athmhúnlú.

_________________

_________________

24 Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12. 2007, lch. 14).

24 Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12. 2007, lch. 14).

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  D'ainneoin dul chun cinn nach beag maidir le tomhaltóirí a chosaint san Aontas, tá tuilleadh feabhsuithe fós le déanamh i dtaca le cearta paisinéirí iarnróid a chosaint.

(3)  D’ainneoin dul chun cinn nach beag maidir le tomhaltóirí a chosaint san Aontas, tá tuilleadh feabhsuithe fós le déanamh i dtaca le cearta paisinéirí iarnróid a chosaint agus i dtaca lena áirithiú go ndéanfar iad a chúiteamh as moilleanna, as cealuithe agus as aon damáiste do mhaoin.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Trí na cearta céanna a dheonú do phaisinéirí iarnróid atá ar thurais idirnáisiúnta agus ar thurais intíre, ba cheart cur leis an leibhéal cosanta don tomhaltóir san Aontas, cothrom iomaíochta a áirithiú do ghnóthais iarnróid agus cearta ar leibhéal comhionann a ráthú do phaisinéirí.

(5)  Trí na cearta céanna a dheonú do phaisinéirí iarnróid atá ar thurais idirnáisiúnta agus ar thurais intíre, ba cheart go méadófaí leibhéal na gceart do phaisinéirí san Aontas, go háirithe maidir leis an rochtain atá acu ar fhaisnéis agus ar chúiteamh i gcás moille nó cealú. Ba cheart go bhfaigheadh paisinéirí faisnéis chomh beacht agus is féidir maidir lena gcearta.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)  Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo dochar do chumas na mBallstát nó na n-údarás inniúil taraifí sóisialta a bhunú do sheirbhisí arna rialú faoi oibleagáid seirbhíse poiblí agus do sheirbhisí tráchtála.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ní hionann carachtar seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí agus carachtar seirbhísí fadachair. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí, nach seirbhísí trasteorann laistigh den Aontas iad, a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe maidir le cearta paisinéirí.

(6)  Ní hionann carachtar seirbhísí iarnróid uirbeacha agus fo-uirbeacha do phaisinéirí agus carachtar seirbhísí fadachair. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit seirbhísí iarnróid uirbeacha agus fo-uirbeacha a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe maidir le cearta paisinéirí.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  Níor cheart feidhm a bheith ag na díolúintí maidir leis na forálacha sin de chuid an Rialacháin seo lena n-éascaítear úsáid seirbhísí iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, áfach. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag díolúintí maidir leis na cearta atá ag daoine ar mian leo ticéid le haghaidh taistil d'iarnród a cheannach, é sin a dhéanamh gan aon deacracht mhíchuí, ná maidir leis na forálacha maidir le dliteanas gnóthas iarnróid i ndáil le paisinéirí agus a gcuid bagáiste, ná maidir leis an gceanglas árachas iomchuí a bheith ag gnóthais iarnróid, ná maidir leis an gceanglas go nglacfaidís bearta iomchuí chun sábháilteacht phearsanta na bpaisinéirí a áirithiú i stáisiúin traenach agus ar thraenacha agus chun riosca a bhainistiú.

scriosta

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Cuimsítear le cearta na n-úsáideoirí chun seirbhísí iarnróid faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís roimh an turas agus lena linn. Aon uair is féidir, ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do dhíoltóirí ticéad an fhaisnéis sin a chur ar fáil roimh ré agus a luaithe is féidir. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

(9)  Le cearta na n-úsáideoirí chun seirbhísí iarnróid, cuimsítear faisnéis a fháil maidir leis na seirbhísí sin agus ábhair ghaolmhara roimh an turas, lena linn agus ina dhiaidh. Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do dhíoltóirí ticéad an fhaisnéis sin a sholáthar, a luaithe is féidir, roimh ré, nó ag tús an turais ar a laghad. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus ba cheart go mbeadh sí ar fáil go poiblí. Ba cheart do ghnóthais iarnróid an fhaisnéis sin a sholáthar do dhíoltóirí ticéad agus do ghnóthais iarnróid eile atá ag díol a gcuid seirbhísí.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)  Mar gheall ar an rochtain ar gach sonra oibríochtúil fíor-ama agus gach taraif ar théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus inmharthana, tá an taisteal d’iarnród níos inrochtana ag custaiméirí nua agus tugtar réimse níos leithne féidearthachtaí turais agus taraifí dóibh as ar féidir leo rogha a dhéanamh. Ba cheart do ghnóthais iarnróid a sonraí oibríochtúla agus a sonraí maidir le taraifí a thabhairt do dhíoltóirí ticéad chun an taisteal d’iarnród a éascú. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun a cheadú do phaisinéirí tréthicéid agus turais aonair iarnróid optamacha a chur in áirithe.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9b)  Beidh dian-iompar ilmhódach paisinéirí ina chuidiú chun spriocanna aeráide a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid teaglaim le modhanna eile iompair a fhógairt freisin ionas go mbeidh úsáideoirí iarnróid ar an eolas fúthu sula ndéanfaidh siad a gcuid áirithintí taistil.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9c)  Beidh córais iompair ilmhódacha dhea-fhorbartha paisinéirí ina gcuidiú chun spriocanna aeráide a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid teaglaim le modhanna eile iompair a fhógairt freisin ionas go mbeidh úsáideoirí iarnróid ar an eolas fúthu sula ndéanfaidh siad a gcuid áirithintí taistil.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  I ndáil le díolachán ticéad le haghaidh iompar paisinéirí, ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun toirmeasc a chur ar idirdhealú ar bhonn náisiúntachta nó áit chónaithe, gan beann ar an bpaisinéir lena mbaineann a bheith i láthair, go buan nó ar bhonn sealadach, i mBallstát eile. Leis na bearta sin, ba cheart gach cineál idirdhealaithe cheilte a chumhdach a d'fhéadfadh an éifeacht chéanna a bheith aige, trí chritéir eile a chur i bhfeidhm, amhail áit chónaithe, suíomh fisiceach nó suíomh digiteach. I bhfianaise na forbartha ar ardáin ar líne a dhíolann ticéid iompair paisinéirí, ba cheart do na Ballstáit ard ar leith a thabhairt ar a áirithiú nach ndéantar aon idirdhealú le linn phróiseas na rochtana ar chomhéadain ar líne nó le linn ticéid a cheannach. Níor cheart bac a chur go huathoibríoch ar scéimeanna iompair a bhfuil taraifí sóisialta ina gcuid díobh, ar choinníoll go bhfuil siad comhréireach agus neamhspleách ar náisiúntacht na ndaoine lena mbaineann.

(12)  I gcomhthéacs díolachán ticéad le haghaidh iompar paisinéirí, ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun toirmeasc a chur ar idirdhealú ar bhonn náisiúntachta nó áit chónaithe, gan beann ar an bpaisinéir lena mbaineann a bheith i láthair, go buan nó ar bhonn sealadach, i mBallstát eile. Leis na bearta sin, ba cheart gach cineál idirdhealaithe cheilte a chumhdach a d’fhéadfadh an éifeacht chéanna a bheith aige, trí chritéir eile a chur i bhfeidhm, amhail áit chónaithe, suíomh fisiceach nó suíomh digiteach. I bhfianaise na forbartha ar ardáin ar líne a dhíolann ticéid iompair paisinéirí, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú nach ndéanfar aon idirdhealú le linn phróiseas na rochtana ar chomhéadain ar líne nó le linn ticéid a cheannach. Níor cheart, áfach, bac a chur ar scéimeanna iompair a bhfuil taraifí sóisialta ina gcuid díobh, ar choinníoll go bhfuil siad neamhspleách ar náisiúntacht na ndaoine lena mbaineann.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Tá impleachtaí ag an méadú ar an tóir ar an rothaíocht ar fud an Aontais don tsoghluaisteacht agus don turasóireacht ar an mórgóir. Le méadú ar an gcion módach atá ag úsáid an iarnróid agus na rothaíochta, laghdaítear tionchar an iompair ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid é a éascú a oiread agus is féidir turais rothaíochta agus turais traenach a dhéanamh le chéile, go háirithe trí iompar rothar ar bord traenacha a cheadú.

(13)  Tá impleachtaí ag an méadú ar an tóir ar an rothaíocht ar fud an Aontais don tsoghluaisteacht agus don turasóireacht ar an mórgóir. Le méadú ar an gcion módach atá ag úsáid an iarnróid agus na rothaíochta, laghdaítear tionchar an iompair ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid a éascú, a mhéid is féidir, turais rothaíochta agus turais traenach a dhéanamh le chéile; go háirithe, ba cheart dóibh líon leordhóthanach seastán rothar a sholáthar le haghaidh iompar rothar cóimeáilte i limistéir atá beartaithe chun na críche sin ar bord gach cineál traenach paisinéirí, lena n-áirítear seirbhísí ardluais, fadachair, trasteorann agus áitiúla. Ba cheart paisinéirí a chur ar an eolas maidir leis an spás atá ar fáil dá rothair. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin maidir le gach gnóthas iarnróid ó [dhá bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid aistriú paisinéirí iarnróid ó oibreoir go hoibreoir a éascú trí thréthicéid a chur ar fáil, aon uair is féidir.

(14)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid aistriú paisinéirí iarnróid ó oibreoir amháin go hoibreoir eile a éascú trí thréthicéid a sholáthar.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  I bhfianaise Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil de bhus agus de chóiste atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh le linn a dturais. Tá an ceart céanna chun saorghluaiseachta, chun saor-rogha agus chun neamh-idirdhealú ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, cibé acu míchumas, aois nó aon toisc eile is cúis leis, agus atá ag gach saoránach eile. Inter alia, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe maidir le hinrochtaineacht seirbhísí iarnróid, coinníollacha rochtana an rothstoic agus na háiseanna ar bord. Chun an fhaisnéis is fearr faoi mhoilleanna a sholáthar do phaisinéirí a bhfuil mallachar céadfa orthu, ba cheart córais amhairc agus inchloiste a úsáid, de réir mar is iomchuí. Ba cheart daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bheith in ann ticéid a cheannach ar an traein gan táillí breise. Ba cheart oiliúint iomchuí a bheith ar na baill foirne le freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go háirithe nuair atá cúnamh á thabhairt acu dóibh. Le coinníollacha comhionanna taistil a áirithiú, ba cheart cúnamh a thabhairt do na daoine sin ag stáisiúin agus ar bord traenach na huaireanta uile a oibrítear na traenacha agus ní ag uaireanta áirithe den lá amháin.

(15)  I bhfianaise Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil d’iarnród atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh le linn a dturais. Tá an ceart céanna chun saorghluaiseachta agus chun neamh-idirdhealú ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, cibé acu míchumas, aois nó aon toisc eile is cúis leis, agus atá ag gach saoránach eile. Inter alia, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis inrochtana a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe maidir le hinrochtaineacht seirbhísí iarnróid, coinníollacha rochtana an rothstoic agus na saoráidí ar bord. Chun an fhaisnéis is fearr faoi mhoilleanna a sholáthar do phaisinéirí a bhfuil míchumas céadfach orthu, ba cheart go n-úsáidfí córais amhairc agus inchloiste atá iomchuí agus intuigthe ag na paisinéirí sin. Ba cheart oiliúint iomchuí a bheith ar na baill foirne chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go háirithe nuair atá cúnamh á thabhairt acu dóibh. Chun coinníollacha comhionanna taistil a áirithiú, ba cheart cúnamh saor in aisce a thabhairt do na daoine sin chun dul ar bord agus chun tuirlingt.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a)  Mura bhfuil saoráidí inrochtana díolta ticéad ar fáil ag an stáisiún, ba cheart do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bheith in ann ticéid a cheannach ar bord na traenach.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin aird a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, tríd an STI do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, i gcomhréir le rialacha soláthair phoiblí an Aontais , go háirithe Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26, ba cheart gach foirgneamh agus rothstoc a dhéanamh inrochtana trí dheireadh a chur de réir a chéile le constaicí fisiceacha agus bacainní feidhmithe agus ábhar nua á fháil nó nuair a bheidh obair thógála nó mórobair athchóirithe ar siúl.

(16)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin riachtanais daoine faoi mhíchumas agus riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh, trí Rialachán Uimh. 1300/2014 (STI) ón gCoimisiún25a agus Treoir XXX a chomhlíonadh agus STI á chomhlánú acu. Chomh maith leis sin, i gcomhréir le rialacha soláthair phoiblí an Aontais, go háirithe Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26, ba cheart gach foirgneamh agus rothstoc a dhéanamh inrochtana trí dheireadh a chur de réir a chéile le constaicí fisiceacha agus bacainní feidhmithe agus ábhar nua á fháil nó nuair a bheidh obair thógála nó mórobair athchóirithe ar siúl.

__________________

__________________

 

25a Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, IO L 356, 12.12.2014, lch. 110

26 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

26 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)  Is inmhianaithe go gcruthódh an Rialachán seo córas cúitimh do phaisinéirí i gcás moille a mbeadh baint aici le dliteanas an ghnóthais iarnróid, ar an mbonn céanna leis an gcóras idirnáisiúnta dá bhforáiltear le COTIF agus go háirithe le rialacha comhionanna CIV a ghabhann leis maidir le cearta paisinéirí. I gcás moill ar sheirbhís paisinéirí, ba cheart do ghnóthais iarnróid cúiteamh a thabhairt do phaisinéirí bunaithe ar chéatadán de phraghas an ticéid.

(17)  Is inmhianaithe go gcruthófaí leis an Rialachán seo córas cúitimh do phaisinéirí i gcás moill a mbeadh baint aici le dliteanas an ghnóthais iarnróid, ar an mbonn céanna leis an gcóras idirnáisiúnta dá bhforáiltear le COTIF agus go háirithe le Rialacha Aonfhoirmeacha CIV a ghabhann leis maidir le cearta paisinéirí. Ba cheart ticéid cheannaithe a bheith inaisíoctha go hiomlán. I gcás moill ar sheirbhís paisinéirí, ba cheart do ghnóthais iarnróid cúiteamh a thabhairt do phaisinéirí bunaithe ar chéatadán suas le 100% de phraghas an ticéid.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Ba cheart gnóthais iarnróid a bheith faoi cheangal árachas a bheith acu, nó socruithe coibhéiseacha a dhéanamh, in aghaidh a ndliteanais i leith paisinéirí iarnróid i gcás tionóisce. I gcás ina socróidh na Ballstáit uasmhéid do dhamáistí cúiteacha as bás paisinéirí nó díobháil phearsanta do phaisinéirí, ba cheart an méid sin a bheith coibhéiseach, ar a laghad, leis an méid a leagtar amach i rialacha comhionanna CIV.

(18)  Ba cheart oibleagáid a bheith ar ghnóthais iarnróid árachas a bheith acu, nó socruithe coibhéiseacha a dhéanamh, in aghaidh a ndliteanais i leith paisinéirí iarnróid i gcás tionóisce. I gcás ina socróidh na Ballstáit uasmhéid do dhamáistí cúiteacha as bás paisinéirí nó díobháil phearsanta do phaisinéirí, ba cheart an méid sin a bheith coibhéiseach, ar a laghad, leis an méid a leagtar amach i Rialacha Aonfhoirmeacha CIV. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit méadú a dhéanamh ar an méid do dhamáistí cúiteacha as bás paisinéirí nó díobháil phearsanta do phaisinéirí tráth ar bith.

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)  I gcás moille, ba cheart roghanna iompair ar leanúint nó athródaithe ar choinníollacha iompair inchomparáide a chur ar fáil do na paisinéirí. Ba cheart riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh ina leithéid sin de chás.

(20)  I gcás moille, ba cheart roghanna iompair ar leanúint nó athródaithe ar choinníollacha iompair inchomparáide a chur ar fáil do na paisinéirí. Ba cheart na riachtanais maidir le faisnéis iomchuí do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh go háirithe ina leithéid sin de chás.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)  Níor cheart iallach a bheith ar ghnóthas iarnróid cúiteamh a íoc, áfach, más féidir leis a chruthú gur rí-dhrochaimsir nó mórthubaistí nádúrtha a chuirfeadh oibriú sábháilte na seirbhísí i mbaol ba chúis leis an moill. Ba cheart aon teagmhas den sórt sin a bheith ina mhatalang nádúrtha eisceachtúil, seachas gnáthaimsir an tséasúir a bheith ann, amhail stoirmeacha fómhair nó tuilte uirbeacha a tharlaíonn go tráthrialta de dheasca na dtaoidí nó leá sneachta. Ba cheart do ghnóthais iarnróid a chruthú nár fhéad siad an mhoill a thuar ná a chosc fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta.

scriosta

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)  I gcomhar le bainisteoirí bonneagair agus le gnóthais iarnróid, ba cheart do bhainisteoirí stáisiúin pleananna teagmhais a ullmhú chun an tionchar de dheasca mórbhriseadh ar sheirbhísí a íoslaghdú trí fhaisnéis iomchuí agus aire iomchuí a thabhairt do phaisinéirí atá sáinnithe.

(22)  I gcomhar le bainisteoirí bonneagair agus le gnóthais iarnróid, ba cheart do bhainisteoirí stáisiúin pleananna teagmhais a ullmhú agus a chur ar fáil go poiblí chun an tionchar de dheasca mórbhriseadh ar sheirbhísí a íoslaghdú trí fhaisnéis iomchuí agus aire iomchuí a thabhairt do phaisinéirí atá sáinnithe.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)  Níor cheart srian a chur leis an Rialachán seo ar chearta na ngnóthas iarnróid cúiteamh a lorg ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta infheidhme.

(23)  Níor cheart srian a chur leis an Rialachán seo ar chearta na ngnóthas iarnróid, na ndíoltóirí ticéad, na mbainisteoirí stáisiúin iarnróid nó na mbainisteoirí bonneagair cúiteamh a lorg, i gcás inarb infheidhme, ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, as a gcuid oibleagáidí i leith paisinéirí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)  Ba cheart paisinéirí iarnróid a bheith in ann gearán a dhéanamh le haon ghnóthas iarnróid lena mbaineann maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar leis an Rialachán seo agus a bheith i dteideal freagra a fháil laistigh de thréimhse réasúnta.

(27)  Ba cheart paisinéirí iarnróid a bheith in ann gearán a dhéanamh le haon ghnóthas iarnróid, díoltóir ticéad, bainisteoir stáisiúin traenach nó bainisteoir bonneagair lena mbaineann maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar leis an Rialachán seo, agus a bheith i dteideal freagra a fháil laistigh de thréimhse ama réasúnta.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin caighdeáin cháilíochta seirbhíse do sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí a shainiú, a chur ar fáil don phobal, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu.

(28)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin caighdeáin cháilíochta seirbhíse do sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí a shainiú, a chur ar fáil don phobal, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear na caighdeáin sin do dhaoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)  Chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a choinneáil san iompar d'iarnród, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe a ainmniú chun faireachán grinn a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus an Rialachán seo a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na comhlachtaí sin a bheith in ann bearta forfheidhmiúcháin éagsúla a dhéanamh. Ba cheart paisinéirí a bheith in ann gearán a dhéanamh leis na comhlachtaí sin faoi sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo. Chun a áirithiú go láimhseálfar go sásúil na gearáin sin, ba cheart do na comhlachtaí comhoibriú le chéile freisin.

(29)  Chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a choinneáil san iompar d’iarnród, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe a ainmniú chun faireachán grinn a dhéanamh ar an Rialachán seo agus é a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na comhlachtaí sin a bheith in ann bearta forfheidhmithe éagsúla a dhéanamh, agus an rogha a thabhairt do phaisinéirí réiteach malartach díospóidí ceangailteach a bheith ann, i gcomhréir le Treoir 2013/11/AE1a. Ba cheart do phaisinéirí a bheith in ann gearán a dhéanamh leis na comhlachtaí sin faoi sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán, agus leas a bhaint as réiteach díospóide ar líne arna bhunú faoi Rialachán Uimh 524/2013/AE1b , i gcás ina gcomhaontaítear sin. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfaidh eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí paisinéirí gearáin a dhéanamh. Chun a áirithiú go láimhseálfar go sásúil na gearáin sin, ba cheart do na comhlachtaí comhoibriú le chéile freisin agus ba cheart go leanfaí den Rialachán seo a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán 2017/2394/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1c. Gach bliain, ba cheart do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe tuarascálacha a fhoilsiú ina bhfuil staidreamh maidir lena suíomhanna gréasáin, ina sonraítear líon agus cineál na ngearán a fuair siad, agus toradh a ngníomhaíochtaí forfheidhmithe. Sa bhreis air sin, ba cheart na tuarascálacha sin a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

 

__________________

 

1a  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.06.2013, lch. 14).

 

1b  Rialachán Uimh. 534/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar líne do dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).

 

1c  Rialachán 2017/2394/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)  Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach agus d'fhéadfadh íocaíocht cúitimh leis an duine a bheadh i gceist a bheith san áireamh leo.

(31)  Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Na pionóis, a bhféadfaí íocaíocht cúitimh leis an duine lena mbaineann a áireamh leo, ba cheart go mbeidís éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus ba cheart go n-áireofaí orthu fíneáil íosta nó céatadán de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais nó na heagraíochta ábhartha, cibé acu is airde, ach níor cheart iad a bheith teoranta dó sin.

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33a)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun foirm ghearáin chaighdeánaithe de chuid an Aontais a ghlacadh, a fhéadfaidh paisinéirí a úsáid chun iarratas ar chúiteamh a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún1a.

 

_________________

 

1a  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ábhar

Ábhar agus cuspóirí

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha is infheidhme maidir leis an iompar d'iarnród i dtaca leis na nithe seo a leanas:

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha is infheidhme maidir leis an iompar d’iarnród chun foráil a dhéanamh do chosaint éifeachtach paisinéirí agus chun an taisteal d’iarnród a spreagadh, i dtaca leis na nithe seo a leanas:

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  neamh-idirdhealú idir paisinéirí i ndáil le coinníollacha iompair;

(a)  neamh-idirdhealú idir paisinéirí maidir le coinníollacha iompair agus ticéadaithe;

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  cearta na bpaisinéirí i gcás cealú nó moille;

(d)  cearta agus cúiteamh na bpaisinéirí i gcás briseadh, amhail cealú nó moill;

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  an méid is lú faisnéis a bheidh le cur ar fáil do phaisinéirí;

(e)  an fhaisnéis íosta, chruinn agus thráthúil a bheidh le soláthar do phaisinéirí i bhformáid inrochtana, lena n-áirítear conarthaí iompair a thabhairt i gcrích agus ticéid a eisiúint;

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)  neamh-idirdhealú agus cúnamh éigeantach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ;

(f)  neamh-idirdhealú in aghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus cúnamh éigeantach dóibh ó fhoireann oilte ;

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h)  gearáin a láimhseáil;

(h)  nósanna imeachta cuí chun gearáin a chomhdú agus a láimhseáil ;

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí dá dtagraítear i dTreoir 2012/34/AE, ach amháin seirbhísí trasteorann laistigh den Aontas;

(a)  seirbhísí iarnróid uirbeacha agus fo-uirbeacha do phaisinéirí dá dtagraítear i dTreoir 2012/34/AE, ach amháin seirbhísí trasteorann laistigh den Aontas;

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí a n-oibrítear cuid shuntasach díobh, lena n-áirítear aon stad stáisiúin sceidealta amháin ar a laghad, lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go n-áirithítear go hiomchuí cearta na bpaisinéirí faoin dlí náisiúnta ábhartha ar chríoch an Bhallstáit atá ag deonú na díolúine.

(b)  seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí a n-oibrítear cuid shuntasach díobh, lena n-áirítear stad stáisiúin sceidealta amháin ar a laghad, lasmuigh den Aontas;

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b a)  seirbhísí iarnróid intíre do phaisinéirí, i gcás inar thug na Ballstáit an díolúine sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 go ceann uastréimhse 12 mhí tar éis [cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhíolúintí arna ndeonú de bhun phointe (a) agus phointe (b) de mhír 2, agus faoi iomchuibheas a ndlí náisiúnta ar a gcríoch chun críocha phointe (b) de mhír 2.

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhíolúintí arna ndeonú de bhun phointí (a), (b) agus (ba) de mhír 2.

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Beidh feidhm ag Airteagail 5, 10, 11 agus 25 agus ag Caibidil V maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear seirbhísí arna ndíolmhú i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 2.

4.  Beidh feidhm ag Airteagail 5, 6, 11, 12, agus 17 agus ag Caibidil V maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear seirbhísí arna ndíolmhú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2.

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4 a.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí a oibrítear de bhíthin amháin iad a bheith ina ndíol spéise ó thaobh na staire de.

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1 a)  ciallaíonn ‘iompróir’ an gnóthas iarnróid conarthach a bhfuil an conradh iompair tugtha i gcrích ag an bpaisinéir leis nó sraith de ghnóthais iarnróid chomhleanúnacha atá faoi dhliteanas ar bhonn an chonartha sin;

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1 b)  ciallaíonn ‘iompróir ionadach’ gnóthas iarnróid nach bhfuil conradh iompair tugtha i gcrích aige leis an bpaisinéir, ach ar chuir gnóthas iarnróid is páirtí sa chonradh de chúram air, go hiomlán nó go páirteach, an t-iompar d’iarnród a fheidhmiú;

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  ciallaíonn "tionscnóir turas" eagraí nó miondíoltóir, seachas gnóthas iarnróid, de réir bhrí Airteagal 3 pointe (8) agus pointe (9) de Threoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30 ;

(4)  ciallaíonn ‘tionscnóir turas’ eagraí, seachas gnóthas iarnróid, de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30 ;

__________________

__________________

30 Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).

30 Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  ciallaíonn "díoltóir ticéad" aon mhiondíoltóir seirbhísí iompair d'iarnród, a thugann conarthaí iompair i gcrích agus a dhíolann ticéid thar ceann gnóthas iarnróid nó ar a chuntas féin;

(5)  ciallaíonn ‘díoltóir ticéad’ aon mhiondíoltóir seirbhísí iompair d’iarnród a thugann conarthaí iompair i gcrích agus a dhíolann ticéid, ticéid ar leith nó tréthicéid thar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó nó ar a chuntas féin;

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)  ciallaíonn ‘dáileoir’ miondíoltóir seirbhísí iompair d’iarnród a dhíolann ticéid thar ceann gnóthas iarnróid, agus nach bhfuil aon oibleagáid ina leith sa chonradh arna thabhairt i gcrích idir an paisinéir agus an gnóthas iarnróid.

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  ciallaíonn "conradh iompair" conradh iompair ar luaíocht nó saor in aisce idir gnóthas iarnróid nó díoltóir ticéad agus an paisinéir chun seirbhís iompair amháin nó níos mó ná seirbhís iompair amháin a sholáthar;

(6)  ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh iompair ar luaíocht nó saor in aisce idir gnóthas iarnróid agus an paisinéir chun seirbhís iompair amháin nó níos mó ná seirbhís iompair amháin a sholáthar;

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)  ciallaíonn ‘ticéad’ fianaise bhailí lena bhfuil an paisinéir i dteideal taisteal d’iarnród, gan beann ar a foirm (páipéar, ríomhthicéad, Cárta cliste, cárta taistil);

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b)  ciallaíonn ‘comhthuras’ ticéad nó ticéid a fhreagraíonn do níos mó ná conradh iompair amháin do sheirbhísí iarnróid comhleanúnacha arna n-oibriú ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó;

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  ciallaíonn "tréthicéad" ticéad nó ticéid a fhreagraíonn do chonradh iompair aonair do sheirbhísí iarnróid leanúnacha arna n-oibriú ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó;

(8)  ciallaíonn ‘tréthicéad’ ticéad nó ticéid ar leith a fhreagraíonn do chonradh iompair aonair, nó do roinnt díobh, do sheirbhísí iarnróid comhleanúnacha arna n-oibriú ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, arna cheannach ón díoltóir ticéad céanna, ón tionscnóir turas céanna nó ón ngnóthas iarnróid céanna i gcomhair turas ceann go ceann;

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  ciallaíonn "turas" iompar paisinéara idir stáisiún an imeachta agus stáisiún an teachta faoi chonradh iompair aonair;

(10)  ciallaíonn ‘turas’ iompar paisinéara idir stáisiún an imeachta agus stáisiún an teachta;

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13 a)  ciallaíonn ‘teacht’ an t-am, ar ardán an chinn scríbe, a osclaítear doirse na traenach agus a cheadaítear tuirlingt;

Leasú    52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  ciallaíonn "nasc a chailleadh" cás ina gcaillfidh an paisinéir seirbhís amháin nó níos mó le linn turais de thoradh moill ar sheirbhís amháin nó níos mó roimhe sin nó de thoradh cealú seirbhíse amháin nó níos mó roimhe sin;

(15)  ciallaíonn ‘nasc a chailleadh’ cás, faoi chonradh iompair aonair, ina gcaillfidh paisinéir seirbhís amháin nó níos mó le linn turais de thoradh moill ar sheirbhís amháin nó níos mó roimhe sin nó de thoradh cealú seirbhíse amháin nó níos mó roimhe sin;

Leasú    53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  ciallaíonn "duine faoi mhíchumas" agus "duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe" aon duine ar a bhfuil mallachar fisiceach, meabhrach, intleachta nó céadfach, buan nó sealadach, a d'fhéadfadh, ar idirghníomhú le bacainní éagsúla dó, bac a chur air úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as córacha iompair ar bhonn comhionann le paisinéirí eile nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe le linn córacha iompair a úsáid dó de thoradh a aoise;

(16)  ciallaíonn ‘duine faoi mhíchumas’ agus ‘duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe’ aon duine ar a bhfuil míchumas fisiceach, meabhrach, intleachta nó céadfach, buan nó sealadach, a d’fhéadfadh, ar idirghníomhú le bacainní éagsúla dó, bac a chur air úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as córacha iompair ar bhonn comhionann le paisinéirí eile nó a mbíonn a shoghluaisteacht laghdaithe le linn dó córacha iompair a úsáid;

Leasú    54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19a)  ciallaíonn ‘imthosca urghnácha’ imthosca nach bhfuil neart ag an ngnóthas iarnróid lena mbaineann orthu i ngnáthfheidhmiú a ghníomhaíochta agus lasmuigh de na hoibleagáidí a fhorchuirtear air leis na rialacha sábháilteachta agus slándála ábhartha atá le hurramú.

Leasú    55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gan dochar do tharaifí sóisialta, cuirfidh gnóthais iarnróid nó díoltóirí ticéad coinníollacha conartha agus taraifí ar fáil don phobal i gcoitinne gan idirdhealú, díreach ná indíreach, ar bhonn náisiúntacht nó áit chónaithe an chustaiméara deiridh, nó ar bhonn na háite ina bhfuil an gnóthas iarnróid nó an díoltóir ticéad bunaithe laistigh den Aontas.

Gan dochar do tharaifí sóisialta, déanfaidh gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas nó díoltóirí ticéad coinníollacha conartha iompair agus ticéadaithe agus taraifí a sholáthar don phobal, agus díolfaidh siad ticéid agus tréthicéid, agus glacfaidh siad le háirithintí ó phaisinéirí i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo, gan idirdhealú, díreach ná indíreach, ar bhonn náisiúntacht nó áit chónaithe an phaisinéara deiridh, nó ar bhonn na háite ina bhfuil an gnóthas iarnróid, na tionscnóirí turas nó an díoltóir ticéad bunaithe laistigh den Aontas, nó ar bhonn na modhanna trínar cheannaigh paisinéirí an ticéad.

Leasú    56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh paisinéirí i dteideal rothair a bhreith leo ar bhord na traenach, ar tháille réasúnta i gcás inarb iomchuí. Coinneoidh siad a rothair faoina gcúram le linn an turais agus áiritheoidh siad nach ndéanfar aon chiotaí ná damáiste do phaisinéirí eile, do threalamh soghluaisteachta, do bhagáiste ná d'oibríochtaí iarnróid. Féadfar diúltú rothair a iompar, nó srian a chur leis, ar chúiseanna sábháilteachta nó oibríochta, ar choinníoll go gcuirfidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, tionscnóirí turas agus, i gcás inarb iomchuí, bainisteoirí stáisiúin, paisinéirí ar an eolas faoi na coinníollacha le haghaidh diúltú nó srian den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 454/2011.

Beidh paisinéirí i dteideal rothair a bhreith leo ar bord na traenach, lena n-áirítear ar sheirbhísí ardluais, fadachair, trasteorann agus áitiúla. Tráth nach déanaí ná dhá bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh ar gach traein paisinéirí nua nó athchóirithe spás tiomnaithe dea-léirithe le haghaidh iompar rothar cóimeáilte a chur san áireamh, a mbeidh ocht spás ann ar a laghad. Déanfaidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, tionscnóirí turas agus, i gcás inarb iomchuí, bainisteoirí stáisiúin, paisinéirí a chur ar an eolas, agus an ticéad á cheannach acu ar a dhéanaí, faoi na coinníollacha maidir le hiompar rothar ar gach seirbhís i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 454/2011.

Leasú    57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Ní fhéadfar na hoibleagáidí i leith paisinéirí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó clásal sriantach sa chonradh iompair.

1.  Ní fhéadfar na hoibleagáidí i leith paisinéirí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó clásal sriantach sa chonradh iompair. Aon choinníollacha conarthacha a airbheartaíonn, go díreach nó go hindíreach, na cearta a eascraíonn ón Rialachán seo a tharscaoileadh, maolú uathu, nó srian a chur leo, ní bheidh siad ina gceangal ar an bpaisinéir.

Leasú    58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Féadfaidh gnóthais iarnróid coinníollacha conartha a thairiscint a bheidh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.  Féadfaidh gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas nó díoltóirí ticéad coinníollacha conartha a thairiscint a bheidh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Leasú    59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Poibleoidh na gnóthais iarnróid nó, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla atá freagrach as conradh seirbhísí poiblí iarnróid, ar na dóigheanna is iomchuí, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX31, cinntí maidir le scor seirbhísí iarnróid , bíodh sé buan nó sealadach, agus déanfar é sin roimh chur chun feidhme na gcinntí sin.

Poibleoidh gnóthais iarnróid nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla atá freagrach as conradh seirbhísí poiblí iarnróid, trí mhodhanna iomchuí, agus gan mhoill, lena n-áirítear i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX31 agus i Rialachán Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún, agus in am trátha sula gcuirfear chun feidhme iad, moltaí chun seirbhísí iarnróid a scor nó a laghdú go suntasach, bíodh sé go buan nó go sealadach, agus áiritheoidh siad go mbeidh na moltaí sin faoi réir comhairliúchán fóinteach agus cuí le geallsealbhóirí sula ndéanfar aon chur chun feidhme.

__________________

__________________

31  Treoir XXX maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (an Gníomh Eorpach Inrochtaineachta) (IO L X, X.X.XXXX, lch. X).

31  Treoir XXX maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (An Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht) (IO L X, X.X.XXXX, lch. X).

Leasú    60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair thar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, soláthróidh siad don phaisinéir, arna iarraidh sin dó , ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid I, maidir leis na turais a bhfuil an gnóthas iarnróid lena mbaineann ag tairiscint conradh iompair ina leith. Déanfaidh díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair ar a gcuntas féin, agus tionscnóirí turas, an fhaisnéis sin a sholáthar i gcás ina mbeidh fáil uirthi.

1.  Gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair thar a gceann féinthar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, soláthróidh siad don phaisinéir, arna iarraidh sin dó, ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid I, maidir leis na turais a ndéanann an gnóthas iarnróid lena mbaineann conarthaí iompair a thairiscint ina leith. Déanfaidh díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair ar a gcuntas féin, agus tionscnóirí turas, an fhaisnéis sin a sholáthar. Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh gnóthais iarnróid an fhaisnéis sin a sholáthar do dhíoltóirí ticéad agus do ghnóthais iarnróid eile atá ag díol a seirbhíse.

Leasú    61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   I rith an turais, ag stáisiúin naisc san áireamh, soláthróidh gnóthais iarnróid agus, i gcás inar féidir, díoltóirí ticéad don phaisinéir ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid II.

2.  Le linn an turais, lena n-áirítear ag stáisiúin naisc, déanfaidh gnóthais iarnróid, agus i gcás inarb infheidhme, díoltóirí ticéad, ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid II, a sholáthar don phaisinéir. Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh gnóthais iarnróid an fhaisnéis sin a sholáthar do dhíoltóirí ticéad agus do ghnóthais iarnróid eile atá ag díol a seirbhíse.

Leasú    62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 san fhormáid is mó is iomchuí lena n-áirítear teicneolaíochtaí cumarsáide atá suas chun dáta a úsáid. Tabharfar aird ar leith ar a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin inrochtana ag daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX agus i Rialachán 454/2011.

3.  Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, déanfaidh gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad í a sholáthar do phaisinéirí, ag úsáid teicneolaíochtaí cumarsáide suas chun dáta atá inrochtana go héasca, a úsáidtear go coitianta, agus, a mhéid a bhaineann le mír 2, i bhfíor-am, agus, i scríbhinn, i gcás inarb indéanta,chun go soláthrófaí do phaisinéirí an fhaisnéis uile a bhfuil gá léi faoi Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Tabharfar aird ar leith ar a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin inrochtana ag daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX, i Rialachán Uimh. 454/2011 agus i Rialachán Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún. Fógrófar go soiléir infhaighteacht formáidí atá inrochtana ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Leasú    63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Déanfaidh bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair sonraí fíor-ama maidir le traenacha, lena n-áirítear na traenacha a oibríonn gnóthais iarnróid eile, a chur ar fáil do ghnóthais iarnróid agus do dhíoltóirí ticéad, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

4.  Déanfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair sonraí fíor-ama maidir le traenacha, lena n-áirítear na traenacha a oibríonn gnóthais iarnróid eile, a chur ar fáil go poiblí i bhfíor-am ionas go gcuirfear deireadh le haon idirdhealú idir paisinéirí.

Leasú    64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.  I gcomhar le bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair, léireoidh gnóthais iarnróid in amchláir faisnéis maidir le naisc iarnróid agus stáisiúin inrochtana.

Leasú    65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tairgfidh gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad ticéid agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, tréthicéid agus áirithintí. Déanfaidh siad a ndícheall tréthicéid a chur ar fáil, lena n-áirítear tréthicéid le haghaidh turais trasna teorainneacha agus le níos mó ná gnóthas iarnróid amháin.

1.  Déanfaidh gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad ticéid, tréthicéid agus áirithintí a thairiscint, lena n-áirítear le haghaidh turais trasna teorainneacha nó turais lena bhfuil baint ag traenacha oíche agus turais le níos mó ná gnóthas iarnróid amháin.

Leasú    66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar ghnóthais iarnróid ticéid i gcomhair seirbhísí a sholáthraítear faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a chur ar fáil trí níos mó ná díolphointe amháin .

Maidir leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, féadfaidh siad ceangal a chur ar ghnóthais iarnróid ticéid i gcomhair seirbhísí a sholáthraítear faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a sholáthar trí níos mó ná díolphointe amháin.

Leasú    67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Tairgfidh gnóthais iarnróid an fhéidearthacht ticéid don tseirbhís lena mbaineann a fháil ar an traein, mura ndéantar an fhéidearthacht sin a theorannú nó a dhiúltú ar fhorais a bhaineann le beartas slándála nó frithchalaoise, toisc go bhfuil áirithint traenach éigeantach nó ar fhorais tráchtála réasúnta.

3.  Tairgfidh gnóthais iarnróid an fhéidearthacht ticéid don tseirbhís faoi seach a fháil ar an traein, mura ndéantar an fhéidearthacht sin a theorannú nó a dhiúltú ar fhorais a bhfuil údar maith leo a bhaineann le beartas slándála nó frithchalaoise nó toisc go bhfuil áirithint traenach éigeantach nó ar fhorais tráchtála réasúnta, lena n-áirítear teorainn le spás nó infhaighteacht suíochán.

Leasú    68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  I gcás nach mbeidh oifig ticéad ná meaisín ticéadaithe inrochtana sa stáisiún imeachta, ceadófar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ticéid a cheannach ar bhord na traenach gan costas breise.

5.  I gcás nach mbeidh oifig ticéad ná meaisín ticéadaithe inrochtana sa stáisiún imeachta, ná aon mhodhanna eile chun ticéid a cheannach roimh ré, ceadófar do phaisinéirí ticéid a cheannach ar bord na traenach gan costas breise.

Leasú    69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  I gcás ina bhfaighidh an paisinéir ticéid ar leith don aon turas amháin lena gcuimseofar seirbhísí iarnróid a oibreoidh gnóthas iarnróid amháin nó níos mó i ndiaidh a chéile, beidh cearta an phaisinéara ar fhaisnéis, ar chúnamh, ar chúram agus ar chúiteamh coibhéiseach leis na cearta a ghabhann le tréthicéad agus cumhdófar leo an turas ina iomláine ón imeacht go dtí an ceann scríbe críochnaitheach, ach amháin má chuirtear a mhalairt in iúl go sainráite i scríbhinn don phaisinéir. Go háirithe, cuirfear in iúl amhlaidh don phaisinéir nach mbeadh sé, dá gcaillfeadh sé nasc, i dteideal cúnaimh ná cúitimh bunaithe ar fhad iomlán an turais. Is ar an ngnóthas iarnróid, ar a ghníomhaire, ar a thionscnóir turais nó ar a dhíoltóir ticéad a bheidh an dualgas cruthúnais gur soláthraíodh an fhaisnéis sin.

6.  I gcás ina bhfaighidh an paisinéir, ó eintiteas aonair agus i ndáil le hidirbheart tráchtála aonair, ticéid ar leith do thuras amháin lena gcuimseofar seirbhísí iarnróid a oibreoidh gnóthas iarnróid amháin nó níos mó i ndiaidh a chéile, beidh cearta an phaisinéara ar fhaisnéis, ar chúnamh, ar chúram agus ar chúiteamh coibhéiseach leis na cearta a ghabhann le tréthicéad agus cumhdófar leo an turas ina iomláine ón imeacht go dtí an ceann scríbe deiridh.

Leasú    70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 10a

 

Faisnéis maidir le taisteal a sholáthar trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir

 

1.   Tabharfaidh gnóthais iarnróid rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis uile maidir le taisteal, lena n-áirítear faisnéis oibríochtúil fhíor-ama maidir le hamchláir agus sonraí maidir le taraifí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 9, trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir (APInna).

 

2.   Tabharfaidh gnóthais iarnróid do thionscnóirí turas, do dhíoltóirí ticéad agus do ghnóthais iarnróid eile, atá ag díol a seirbhíse, rochtain neamh-idirdhealaitheach ar chórais áirithinte trí APInna, ionas gur féidir leo conarthaí iompair a thabhairt i gcrích agus ticéid, tréthicéid agus áirithintí a eisiúint, sa chaoi is go soláthróidh siad an turas is fearr agus is cost-éifeachtaí, lena n-áirítear turais trasna teorainneacha.

 

3.   Áiritheoidh gnóthais iarnróid go mbeidh sonraíochtaí teicniúla APInna dea-dhoiciméadaithe agus inrochtana go hoscailte ar bhonn saor in aisce. Bainfidh APInna úsáid as caighdeáin oscailte, as prótacail a úsáidtear go coitianta agus as formáidí meaisín-inléite chun go mbeidh siad idir-inoibritheach.

 

4.   Áiritheoidh gnóthais iarnróid go ndéanfar, seachas i gcásanna éigeandála, aon athrú ar shonraíocht theicniúil a APInna a chur ar fáil do thionscnóirí turas agus do dhíoltóirí ticéad roimh ré a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná trí mhí sula ndéanfar athrú a chur chun feidhme. Déanfar cásanna éigeandála a dhoiciméadú agus déanfar an doiciméadacht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

 

5.   Áiritheoidh gnóthais iarnróid go dtabharfar rochtain ar APInna ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ar an leibhéal céanna infhaighteachta agus feidhmíochta, lena n-áirítear tacaíocht, rochtain ar na doiciméid, na caighdeáin, na prótacail agus na formáidí uile. Ní bheidh tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid leis na gnóthais iarnróid iad féin.

 

6.   Bunófar APInna i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017.

Leasú    71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás ina bhféadfar a bheith ag súil go réasúnach, tráth an imeachta nó i gcás nasc a chailleadh i rith turas le tréthicéad, go rachaidh an mhoill ar shroicheadh an chinn scríbe chríochnaithigh faoin gconradh iompair thar 60 nóiméad, beidh rogha ag an bpaisinéir láithreach idir ceann de na nithe seo a leanas:

1.  I gcás ina bhféadfar a bheith ag súil leis, tráth an imeachta nó i gcás nasc a chailleadh le linn turais, go mbeidh moill níos mó ná 60 nóiméad ann sula sroichfear an ceann scríbe deiridh de thuras ceann go ceann faoi na conarthaí iompair, nó go gcuirfear ar ceal é, beidh rogha ag an bpaisinéir láithreach idir ceann de na nithe seo a leanas:

Leasú    72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  leanúint nó athródú, ar choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe a luaithe is féidir;

(b)  leanúint nó athródú, faoi choinníollacha iompair inchomparáide agus gan aon chostais bhreise, chuig an gceann scríbe deiridh a luaithe is féidir, lena n-áirítear i gcás nasc a chailleadh mar gheall ar mhoill a bheith ar chéad chéim an phaisinéara le linn turais, nó mar gheall ar í a bheith curtha ar ceal. Sa chás sin, ceadófar don phaisinéir taisteal ar an gcéad seirbhís eile a bheidh ar fáil chuig an gceann scríbe deiridh fiú mura mbíonn aon áirithint shonrach ann nó más gnóthais iarnróid eile a oibríonn an chéad traein eile.

Leasú    73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  leanúint nó athródú, ar choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe ar dháta níos déanaí de réir mar is áisiúil don phaisinéir.

(c)  leanúint nó athródú, faoi choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe deiridh ar dháta is déanaí de réir mar is áisiúil don phaisinéir, ach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis athbhunú na seirbhíse.

Leasú    74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Chun críocha phointe (b) de mhír 1, féadfaidh aon ghnóthas iarnróid athródú inchomparáide a oibriú agus féadfar leas a bhaint as córacha iompair de ghrád níos airde agus as modhanna malartacha iompair nach bhfágfaidh costais bhreise ar an bpaisinéir. Déanfaidh gnóthais iarnróid iarracht réasúnta naisc bhreise a sheachaint. Beidh an t-am taistil iomlán ar mhodh malartach iompair don chuid sin den turas nár críochnaíodh mar a bhí beartaithe, beidh sé inchurtha le ham taistil sceidealta an turais bhunaidh. Ní dhéanfar paisinéirí a íosghrádú chuig saoráidí iompair de ghrád níos ísle ach amháin más saoráidí den sórt sin an t-aon mhodh amháin don athródú atá ar fáil.

2.  Chun críocha phointe (b) de mhír 1, féadfaidh aon ghnóthas iarnróid athródú inchomparáide a oibriú agus féadfar leas a bhaint as córacha iompair de ghrád níos airde agus as modhanna malartacha iompair de thalamh nach bhfágfaidh costais bhreise ar an bpaisinéir. Déanfaidh gnóthais iarnróid iarrachtaí réasúnta naisc bhreise a sheachaint. Maidir leis an am taistil iomlán ar mhodh malartach iompair don chuid sin den turas nár críochnaíodh mar a bhí beartaithe, beidh sé inchomparáide le ham taistil sceidealta an turais bhunaidh. Ní dhéanfar paisinéirí a íosghrádú chuig saoráidí iompair de ghrád níos ísle ach amháin más saoráidí den sórt sin an t-aon mhodh amháin don athródú atá ar fáil.

Leasú    75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Tabharfar soláthraithe seirbhísí athródaithe iompair aird ar leith ar leibhéal inchomparáide d'inrochtaineacht ar an tseirbhís mhalartach a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

3.  Agus seirbhís mhalartach á cur ar fáil acu, déanfaidh soláthraithe seirbhísí athródaithe iompair leibhéal inchomparáide cúnaimh agus inrochtaineachta a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Féadfaidh an tseirbhís mhalartach sin a bheith ar fáil do gach paisinéir nó féadfaidh sé a bheith, ar chinneadh ón iompróir, ina modh iompair aonair a chuirfear in oiriúint do riachtanais daoine áirithe atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Leasú    76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Gan an ceart chun iompair a chailleadh, féadfaidh paisinéir cúiteamh i leith moilleanna a iarraidh ar an ngnóthas iarnróid má bhíonn moill roimhe idir an áit imeachta agus an ceann scríbe a luaitear sa chonradh iompair agus nach ndearnadh an ticéad ina leith a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 16. Is iad seo a leanas íosmhéideanna an chúitimh i leith moilleanna:

1.  Agus an ceart chun iompair á choimeád, féadfaidh paisinéir cúiteamh i leith moilleanna a iarraidh ar an ngnóthas iarnróid má bhíonn moill roimhe nó roimpi idir an áit imeachta agus an ceann scríbe a luaitear ar an ticéad nó ar na ticéid a fhreagraíonn do chonradh iompair aonair, nó do roinnt díobh, agus nach ndearnadh an costas ina leith a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 16. Is iad seo a leanas íosmhéideanna an chúitimh i leith moilleanna:

(a) 25 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill idir 60 nóiméad agus 119 nóiméad,

(a) 50 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill idir 60 nóiméad agus 90 nóiméad,

(b) 50 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill 120 nóiméad nó níos mó.

(b) 75% de phraghas an ticéid le haghaidh moill idir 91 nóiméad agus 120 nóiméad;

 

(ba) 100% de phraghas an ticéid le haghaidh moill 121 nóiméad nó níos mó.

Leasú    77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Tá feidhm ag mír 1, freisin, maidir le paisinéirí a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir acu. Má chuirtear moill orthu nó má bhaineann cealú dóibh arís is arís eile le linn thréimhse bailíochta an phas taistil nó an ticéid séasúir, féadfaidh siad cúiteamh iomchuí a iarraidh i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid. Sonrófar sna socruithe sin na critéir lena gcinnfear moill agus lena ríomhfar an cúiteamh . I gcás ina mbeidh moill is lú ná 60 nóiméad ann arís is arís eile le linn thréimhse bailíochta an phas taistil nó an ticéid séasúir, áireofar go carnach na moilleanna agus cúiteofar leis na paisinéirí iad i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid.

2.  Tá feidhm ag mír 1 freisin maidir le paisinéirí a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir acu. Má chuirtear moill orthu nó má bhaineann cealú dóibh arís is arís eile le linn thréimhse bailíochta an phas taistil, an chárta laghdaithe nó an ticéid séasúir, féadfaidh siad cúiteamh iomchuí a iarraidh i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (ba) faoi mhír 1.

Leasú    78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Ríomhfar cúiteamh ar mhoill i gcoibhneas an phraghais iomláin a d’íoc an paisinéir go hiarbhír as an tseirbhís ar cuireadh moill uirthi . I gcás ina mbainfidh an conradh iompair le turas fillte, déanfar cúiteamh i leith moille don turas amach nó don turas ar ais a ríomh ar bhonn leath an phraghais a íocadh ar an ticéad. Ar an gcaoi chéanna, déanfar an cúiteamh i leith seirbhís ar cuireadh moill uirthi faoi chonradh iompair d'aon chineál eile faoinar féidir céimeanna éagsúla den turas a dhéanamh ina dhiaidh sin a ríomh i gcomhréir leis an bpraghas iomlán.

3.  Ríomhfar cúiteamh ar chealú nó ar mhoill i gcoibhneas an phraghais iomláin a d’íoc an paisinéir go hiarbhír as an tseirbhís a cuireadh ar ceal nó ar cuireadh moill uirthi. I gcás ina mbainfidh an conradh iompair le turas fillte, déanfar cúiteamh i leith cealú nó i leith moille don turas amach nó don turas ar ais a ríomh ar bhonn leath an phraghais a íocadh ar an ticéad. Ar an gcaoi chéanna, déanfar an cúiteamh i leith seirbhís a cuireadh ar ceal nó ar cuireadh moill uirthi faoi chonradh iompair d’aon chineál eile faoinar féidir céimeanna éagsúla den turas a dhéanamh ina dhiaidh sin a ríomh i gcomhréir leis an bpraghas iomlán.

Leasú    79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  Ní asbhainfear den chúiteamh i leith phraghas an ticéid costais idirbheart airgid amhail táillí, costais teileafóin ná stampaí. Féadfaidh gnóthais iarnróid íostairseach a chinneadh nach n-íocfar íocaíochtaí cúitimh faoina bhun. Ní rachaidh an tairseach sin thar EUR 4 in aghaidh an ticéid .

6.  Ní dhéanfar an cúiteamh i leith phraghas an ticéid a laghdú trí chostais idirbheart airgeadais amhail táillí, costais teileafóin ná stampaí. Féadfaidh gnóthais iarnróid íostairseach a thabhairt isteach nach n-íocfar íocaíochtaí cúitimh faoina bun. Ní rachaidh an tairseach sin thar EUR 5 in aghaidh an ticéid.

Leasú    80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.  Ní bheidh aon cheart chun cúitimh ag an bpaisinéir má thugtar fógra sula gceannóidh sé ticéad go mbeidh moill ann, ná más lú ná 60 nóiméad an mhoill a tháinig as leanúint ar aghaidh ar sheirbhís eile nó as athródú.

7.  Ní bheidh aon cheart chun cúitimh ag an bpaisinéir má thugtar fógra dóibh sula gceannóidh siad ticéad go mbeidh moill ann, ná más lú ná 60 nóiméad i gcónaí an mhoill a tháinig as leanúint ar aghaidh ar sheirbhís eile nó as athródú.

Leasú    81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.  Ní bheidh iallach ar ghnóthas iarnróid cúiteamh a íoc más féidir leis a chruthú gurb é ba chúis leis an moill rí-dhrochaimsir nó mórthubaistí nádúrtha a chuirfeadh oibriú sábháilte na seirbhísí i mbaol agus nach bhféadfaí a thuar ná a chosc fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta.

scriosta

Leasú    82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a.  I gcás nach dtabharfaidh an gnóthas iarnróid, i scríbhinn, aon chruthúnas gurb ann d’imthosca urghnácha, íocfaidh an gnóthas iarnróid an cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 17(1).

Leasú    83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás moill ar theacht nó ar imeacht, coinneoidh an gnóthas iarnróid, an díoltóir ticéad nó an bainisteoir stáisiúin na paisinéirí ar an eolas maidir leis an staid , maidir leis an am imeachta measta agus maidir leis an am teachta measta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

1.  I gcás moill ar theacht nó ar imeacht, déanfaidh an gnóthas iarnróid, na díoltóirí ticéad nó an bainisteoir stáisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 9, na paisinéirí a choinneáil ar an eolas maidir leis an staid, maidir leis an am imeachta measta agus maidir leis an am teachta measta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

Leasú    84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  óstán nó cóiríocht eile, agus iompar idir an stáisiún iarnróid agus áit na cóiríochta, i gcásanna inar gá fanacht oíche amháin nó níos mó nó fanacht breise , in áit ina bhfuil sin indéanta go fisiceach agus nuair atá sin indéanta go fisiceach ;

(b)  óstán nó cóiríocht eile, agus iompar idir an stáisiún iarnróid agus áit na cóiríochta, i gcásanna inar gá fanacht oíche amháin nó níos mó nó inar gá fanacht breise, i gcás inarb indéanta sin go fisiceach agus nuair atá sin indéanta go fisiceach, agus ceanglais rochtana daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus riachtanais ainmhithe seirbhíse deimhnithe á gcur san áireamh;

Leasú    85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Deimhneoidh gnóthais iarnróid ar an ticéad nó ar shlí eile, ar iarratas an phaisinéara, go raibh moill ar an tseirbhís iarnróid, gur chaill sí nasc nó gur cealaíodh í, de réir mar a bheidh.

4.  Maidir leis na paisinéirí a ndéanfar difear dóibh, tairgfidh gnóthais iarnróid a dheimhniú ar a dticéid nó trí aon mhodh eile, go raibh moill ar an tseirbhís iarnróid, gur cailleadh nasc dá deasca nó gur cealaíodh í, de réir mar a bheidh. Beidh feidhm ag an deimhniú sin i ndáil leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 17, faoi réir cruthúnas ón bpaisinéir ag a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir go raibh sé/sí ag taisteal ar an tseirbhís a ndearnadh difear di.

Leasú    86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  Agus míreanna 1, 2, 3 agus 4 á gcur i bhfeidhm aige, tabharfaidh an gnóthas iarnróid a oibríonn an tseirbhís aird ar leith ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus daoine a bheidh á dtionlacan.  

5.  Agus míreanna 1, 2, 3 agus 4 á gcur i bhfeidhm aige, tabharfaidh an gnóthas iarnróid a oibríonn an tseirbhís aird ar leith ar riachtanais daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, aon duine a bheidh á dtionlacan agus ainmhithe seirbhíse deimhnithe.  

Leasú    87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  I dteannta na n-oibleagáidí atá ar ghnóthais iarnróid de bhun Airteagal 13a(3) de Threoir 2012/34/AE, áiritheoidh an bainisteoir stáisiúin ar stáisiún iarnróid a láimhseálann ar a laghad 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana, áiritheoidh sé go mbeidh oibríochtaí an stáisiúin, na gnóthais iarnróid agus an bainisteoir bonneagair comhordaithe trí phlean teagmhais cuí chun ullmhú le haghaidh na féidearthachta go mbeadh mórbhriseadh seirbhíse agus moilleanna fada ann a d'fhágfadh go mbeadh líon mór paisinéirí sáinnithe sa stáisiún. Áiritheofar leis an bplean sin go dtabharfar cúnamh iomchuí agus faisnéis leordhóthanach do phaisinéirí atá sáinnithe, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX. Nuair a iarrfar é, cuirfidh an bainisteoir stáisiúin an plean, maille le haon leasuithe air, ar fáil don chomhlacht náisiúnta forfheidhmithe nó d'aon chomhlacht eile arna ainmniú ag an mBallstát. Déanfaidh bainisteoirí stáisiúin na stáisiún iarnróid a láimhseálann níos lú ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana, déanfaidh siad gach dícheall réasúnach lucht úsáide an stáisiúin a chomhordú agus cúnamh agus faisnéis a thabhairt do phaisinéirí atá sáinnithe i gcásanna den sórt sin.

6.  Sa bhreis ar na hoibleagáidí atá ar ghnóthais iarnróid de bhun Airteagal 13a(3) de Threoir 2012/34/AE, oibreoidh na Ballstáit, na gnóthais iarnróid, na bainisteoirí stáisiúin agus na bainisteoirí bonneagair i gcomhar le chéile chun a áirithiú go n-áireofar sna pleananna teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 13a(3) de Threoir 2012/34/AE ceanglais maidir le hinrochtaineacht córas rabhaidh agus faisnéise.

Leasú    88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina n-íocfaidh gnóthas iarnróid cúiteamh nó ina gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí eile atá air i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní fhéadfar aon fhoráil den Rialachán seo ná den dlí náisiúnta a fhorléiriú mar shrian ar cheart an ghnóthais sin cúiteamh a chostas a lorg ar aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Go háirithe ní chuirfidh an Rialachán seo srian ar aon bhealach ar cheart an ghnóthais iarnróid chun aisíocaíocht a lorg ar thríú páirtí a bhfuil conradh aige leis agus a chuir leis an eachtra ba chionsiocair le cúiteamh nó le hoibleagáidí eile. Ní fhéadfar aon fhoráil den Rialachán seo a fhorléiriú mar shrian ar cheart an tríú páirtí, seachas paisinéir, a bhfuil conradh ag gnóthas iarnróid leis, aisíocaíocht nó cúiteamh a lorg ar an ngnóthas iarnróid i gcomhréir leis na dlíthe ábhartha is infheidhme.

scriosta

Leasú    89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Bunóidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin, le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, rialacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana chun daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta, a iompar nó beidh rialacha den sórt sin i bhfeidhm acu. Ceadófar don phaisinéir sna rialacha sin madra cúnaimh a bheith ina chuideachta i gcomhréir le haon rialacha ábhartha náisiúnta.

1.  Déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin, le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, rialacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana a bhunú chun daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta, a iompar, nó beidh rialacha den sórt sin i bhfeidhm acu. Leis na rialacha, ceadófar don phaisinéir a bheith á thionlacan ag ainmhí seirbhíse deimhnithe nó ag duine tionlacain, saor in aisce, mura mbíonn soghluaisteacht neamhspleách indéanta, i gcomhréir le haon rialacha ábhartha náisiúnta, agus áiritheofar leo go mbeidh an t-iompar d’iarnród do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar fáil láithreach, i ngach cás inar féidir.

Leasú    90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 20a

 

Agus STI do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe á chomhlíonadh acu, áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go mbeidh an stáisiún, na hardáin, an rothstoc agus saoráidí eile inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Leasú    91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Nuair a iarrfar é , soláthróidh bainisteoir stáisiúin, gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas faisnéis do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe , lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 agus i dTreoir XXX, maidir le hinrochtaineacht an stáisiúin agus na saoráidí gaolmhara, seirbhísí iarnróid agus maidir le coinníollacha rochtana an rothstoic i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus cuirfidh sé daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar an eolas faoi na saoráidí a bheidh ar bord.

1.  Arna iarraidh sin, déanfaidh bainisteoir stáisiúin, gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas faisnéis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 agus i dTreoir XXX agus i Rialachán Uimh. 1300/2014 maidir le hinrochtaineacht an stáisiúin agus na saoráidí gaolmhara, seirbhísí iarnróid agus maidir le coinníollacha rochtana an rothstoic i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus déanfaidh sé daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur ar an eolas faoi na saoráidí a bheidh ar bord.

Leasú    92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I gcás ina bhfeidhmeoidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 20(2), nuair a iarrfar é, cuirfidh sé faisnéis i scríbhinn maidir leis na cúiseanna leis sin chuig an duine faoi mhíchumas nó chuig an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe laistigh de chúig lá oibre ón dáta a dhiúltaigh sé áirithint a dhéanamh nó ticéad a eisiúint nó a d'fhorchuir sé an coinníoll go ndéanfaí an duine a thionlacan. Déanfaidh an gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas iarracht réasúnta cóir iompair mhalartach a thairiscint don duine i gceist ag cur san áireamh a riachtanas inrochtaineachta.

2.  I gcás ina bhfeidhmeoidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 20(2), déanfaidh sé, arna iarraidh sin, faisnéis i scríbhinn maidir leis na cúiseanna leis sin a chur chuig an duine faoi mhíchumas nó chuig an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe laistigh de chúig lá oibre ón dáta a dhiúltaigh sé an áirithint a dhéanamh nó an ticéad a eisiúint nó a d’fhorchuir sé an coinníoll go ndéanfaí an duine a thionlacan. Déanfaidh an gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas cóir iompair mhalartach a mholadh don duine i gceist, ag cur san áireamh a riachtanas inrochtaineachta.

Leasú    93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tráth duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe imeacht as stáisiún a bhfuil foireann ag obair ann, idirthuras a dhéanamh tríd nó é a shroicheadh, tabharfaidh an bainisteoir stáisiúin nó an gnóthas iarnróid, nó an dá dhream, cúnamh dó saor in aisce chun gur féidir leis an duine sin dul ar bord na seirbhíse imeachta nó tuirlingt den tseirbhís teachta a bhfuil ticéad ceannaithe aige di, gan dochar do na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1).

1.  Tráth duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe imeacht as stáisiún a bhfuil foireann ag obair ann, idirthuras a dhéanamh tríd nó é a shroicheadh, tabharfaidh an bainisteoir stáisiúin nó an gnóthas iarnróid, nó an dá dhream, cúnamh dó saor in aisce chun gur féidir leis an duine sin dul ar bord na seirbhíse imeachta nó tuirlingt den tseirbhís teachta a bhfuil ticéad ceannaithe aige di, gan dochar do na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1). Déanfar cúnamh a chur in áirithe i gcónaí gan costas breise, gan beann ar an gcainéal cumarsáide atá á úsáid.

Leasú    94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Mura mbeidh foireann ag stáisiún, déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin gach dícheall réasúnach chun go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar thaisteal d'iarnród.

2.  Mura mbeidh foireann tionlacain ar bord na traenach nó mura mbeidh foireann ag an stáisiún, déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin gach dícheall réasúnach chun go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar thaisteal d’iarnród i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir XXX [An Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht] agus Rialachán (AE) Uimh. 454/2011.

Leasú    95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  I stáisiún nach mbeidh foireann ag obair iontu, áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go mbeidh faisnéis a mbeidh teacht uirthi go furasta , lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtana a leagtar síos i dTreoir XXX, ar taispeáint i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1) maidir leis an stáisiún iarnróid is congaraí a mbeidh foireann ag obair ann agus maidir le cúnamh a bheidh ar fáil go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

3.  I stáisiúin nach mbeidh foireann ag obair iontu, áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go mbeidh faisnéis a mbeidh teacht uirthi go furasta, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX, agus i Rialachán Uimh. 1300/2014 ar taispeáint i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1) maidir leis an stáisiún iarnróid is cóngaraí a mbeidh foireann ag obair ann agus maidir le cúnamh a bheidh ar fáil go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Leasú    96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Beidh cúnamh ar fáil i stáisiúin na huaireanta uile a oibrítear na seirbhísí iarnróid.

scriosta

Leasú    97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Mura mbeidh foireann tionlacain ar thraein, déanfaidh gnóthais iarnróid iarracht réasúnta chun go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar thaisteal d'iarnród.

(2)  Mura mbeidh foireann tionlacain ar thraein, déanfaidh gnóthais iarnróid, mar sin féin, rochtain a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar thaisteal d’iarnród.

Leasú    98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Chun críocha an Airteagail seo, is éard a bheidh i gcúnamh ar bord gach iarracht réasúnta chun cúnamh a thabhairt do dhuine faoi mhíchumas nó do dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe chun go mbeidh ag an duine sin rochtain ar na seirbhísí céanna ar an traein leis na paisinéirí eile, más rud é go bhfágann méid an mhíchumais atá ar an duine nó méid an laghdaithe ar a shoghluaisteacht nach bhfuil sé in ann rochtain a fháil go neamhspleách agus go sábháilte ar na seirbhísí sin .

(3)  Ní foláir cúnamh a thairiscint do dhuine faoi mhíchumas nó do dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe chun go mbeidh ag an duine sin rochtain ar na seirbhísí céanna ar an traein leis na paisinéirí eile, más rud é go bhfágann méid an mhíchumais atá ar an duine nó méid an laghdaithe ar a shoghluaisteacht nach bhfuil sé in ann rochtain a fháil go neamhspleách agus go sábháilte ar na seirbhísí sin.

Leasú    99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Beidh cúnamh ar fáil ar bord traenacha na huaireanta uile a oibrítear na seirbhísí iarnróid.

scriosta

Leasú    100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Comhoibreoidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas le chéile chun cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le hAirteagal 20 agus Airteagal 21 agus leis na pointí seo a leanas:

Comhoibreoidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas le chéile chun cúnamh a sholáthar saor in aisce do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le hAirteagal 20 agus Airteagal 21 agus leis na pointí seo a leanas:

Leasú    101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  soláthrófar cúnamh ar choinníoll go dtabharfar fógra don ghnóthas iarnróid, don bhainisteoir stáisiúin, don díoltóir ticéad nó don tionscnóir turas ónar ceannaíodh an ticéad go mbeidh cúnamh ag teastáil, ar a laghad 48 n-uair sula mbeidh an cúnamh ag teastáil. I gcás ina gceadaítear ilturais le ticéad nó le ticéad séasúir, is leor fógra amháin ar choinníoll go ndéanfar faisnéis iomchuí a sholáthar faoi am na dturas ina dhiaidh sin. Déanfar fógra den sórt sin a chur ar aghaidh chuig na gnóthais iarnróid uile eile agus chuig na bainisteoirí stáisiúin uile eile a bhfuil baint acu le turas an duine;

(a)  soláthrófar cúnamh i stáisiúin le linn na n-uaireanta a oibrítear na seirbhísí iarnróid, ar choinníoll go dtabharfar fógra don ghnóthas iarnróid, don bhainisteoir stáisiúin, don díoltóir ticéad nó don tionscnóir turas ónar ceannaíodh an ticéad go mbeidh cúnamh ag teastáil 12 uair an chloig ar a laghad sula mbeidh an cúnamh ag teastáil. I stáisiúin inar mó an trácht laethúil ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae, ní bheidh gá le réamhfhógra; mar sin féin, beidh an duine a bhfuil an cúnamh ag teastáil ina leith ag an stáisiún faoi seach 30 nóiméad ar a laghad roimh imeacht na traenach. I stáisiúin ina bhfuil trácht ann d’idir 2 000 agus 10 000 paisinéir laethúla in aghaidh an lae, laghdófar an fógra go dtí trí uair an chloig ar a mhéad. I gcás ina gceadaítear ilturais le ticéad nó le ticéad séasúir, is leor fógra amháin ar choinníoll go ndéanfar faisnéis iomchuí a sholáthar faoi am na dturas ina dhiaidh sin. Déanfar fógra den sórt sin a chur ar aghaidh chuig na gnóthais iarnróid uile eile agus chuig na bainisteoirí stáisiúin uile eile a bhfuil baint acu le turas an duine;

Leasú    102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  soláthrófar cúnamh ar choinníoll go mbeidh an duine faoi mhíchumas agus an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe i láthair ag an bpointe ainmnithe tráth arna shonrú ag an ngnóthas iarnróid nó ag an mbainisteoir stáisiúin a chuirfidh an cúnamh sin ar fáil. Mura sonrófar aon am a mbeidh ar an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a bheith i láthair, beidh an duine i láthair ag an bpointe ainmnithe ar a laghad 30 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe nó roimh an am a n-iarrfar ar na paisinéirí go léir clárú.

(e)  soláthrófar cúnamh ar choinníoll go mbeidh an duine faoi mhíchumas agus an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe i láthair ag an bpointe ainmnithe tráth arna shonrú ag an ngnóthas iarnróid nó ag an mbainisteoir stáisiúin a chuirfidh an cúnamh sin ar fáil. Ní bheidh aon am a shonrófar níos mó ná 60 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe nó roimh an am a n-iarrfar ar na paisinéirí go léir clárú.

Leasú    103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás inar cúis iad na gnóthais iarnróid nó na bainisteoirí stáisiúin le cailleadh cathaoireacha rothaí, trealaimh soghluaisteachta eile nó feistí cúnta agus madraí cúnaimh deimhnithe arna n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó le damáiste do na nithe sin, beidh siad faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste sin agus cúiteoidh siad iad.

1.  I gcás inar cúis iad na gnóthais iarnróid nó na bainisteoirí stáisiúin le cailleadh cathaoireacha rothaí, trealaimh soghluaisteachta eile nó feistí cúnta agus ainmhí seirbhíse deimhnithe arna n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó le damáiste do na nithe sin, beidh siad faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste sin agus cúiteoidh siad iad a luaithe agus is féidir.

Leasú    104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Beidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 comhionann leis an gcostas a ghabhann le hathsholáthar deisiú an trealaimh nó na bhfeistí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

2.  Maidir leis an gcúiteamh as caillteanas nó damáiste dá dtagraítear i mír 1, déanfar é a fhorghníomhú go tráthúil agus beidh sé comhionann leis an gcostas iomlán a ghabhann le hathsholáthar bunaithe ar an luach iarbhír,ar an gcostas iomlán ar dheisiú na cathaoireach rothaí, an trealaimh nó na bhfeistí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh, nó ar chaillteanas nó ar dhíobháil an ainmhí seirbhíse dheimhnithe. Áireofar leis an gcúiteamh freisin an costas ar athsholáthar sealadach i gcás deisiú, nuair a iompróidh an paisinéir na costais sin.

Leasú    105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  a áirithiú gurb eol do gach ball foirne, lena n-áirítear an fhoireann sin atá fostaithe ag aon pháirtí eile feidhmithe, a sholáthróidh cúnamh díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe conas freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear daoine a bhfuil mallachair meabhrach nó intleachta orthu;

(a)  a áirithiú go gcuirfear oiliúint maidir le míchumas ar gach ball foirne, lena n-áirítear na baill foirne sin atá fostaithe ag aon pháirtí eile feidhmithe, a sholáthróidh cúnamh díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, chun go mbeidh a fhios acu conas freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear daoine a bhfuil míchumas meabhrach nó intleachta orthu;

Leasú    106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  a áirithiú go bhfaighidh gach fostaí nua, tráth a n-earcófar é, oiliúint maidir le míchumas agus go bhfreastalóidh na baill foirne go tráthrialta ar chúrsaí oiliúna athnuachana.

(c)  a áirithiú go bhfaighidh gach ball foirne nua a bheidh ag plé go díreach leis an bpobal atá ag taisteal, tráth a n-earcófar é nó í, eolas tosaigh i dtaca le saincheisteanna maidir le míchumas ó thaobh paisinéirí agus an ghnóthais iarnróid de, agus go bhfaighidh fostaithe a sholáthraíonn cúnamh díreach do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe oiliúint maidir le míchumas agus go bhfreastalóidh siad go tráthrialta ar chúrsaí oiliúna athnuachana.

Leasú    107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  glacadh, ar iarratas, le rannpháirtíocht fostaithe faoi mhíchumas, paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus/nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, san oiliúint.

(d)  féadfaidh siad glacadh le rannpháirtíocht fostaithe faoi mhíchumas, agus breithniú a dhéanamh ar rannpháirtíocht paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus/nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, san oiliúint.

Leasú    108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Bunóidh gach gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad, bainisteoir stáisiúin agus bainisteoir bonneagair ar stáisiúin a láimhseálann níos mó ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana a shásra láimhseála féin le haghaidh gearáin maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear sa Rialachán seo. Cuirfidh siad a sonraí teagmhála agus a dteanga nó a dteangacha oibre i bhfios go forleathan do phaisinéirí.

1.  Bunóidh gach gnóthas iarnróid sásra láimhseála le haghaidh gearáin maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ina réimse freagrachta faoi seach. Cuirfidh siad a sonraí teagmhála agus a dteanga nó a dteangacha oibre i bhfios go forleathan do phaisinéirí. Ba cheart go mbeadh paisinéirí in ann gearáin a dhéanamh i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas iarnróid, an díoltóir ticéad agus an bainisteoir stáisiúin lena mbaineann bunaithe agus in aon chás i mBéarla.

Leasú    109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Féadfaidh paisinéirí gearán a chur faoi bhráid aon ghnóthais iarnróid, an díoltóra ticéad, an bhainisteora stáisiúin nó an bhainisteora bonneagair lena mbaineann. Cuirfear an gearán isteach laistigh de shé mhí den eachtra is ábhar don ghearán. Laistigh d’aon mhí amháin den ghearán a fháil , tabharfaidh an seolaí freagra réasúnaithe nó, i gcásanna inchosanta, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir faoin dáta, laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí ón dáta a fuarthas an gearán, a bhféadfar a bheith ag súil le freagra. Coinneoidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, bainisteoirí stáisiúin, agus bainisteoirí bonneagair na sonraí teagmhais is gá chun an gearán a mheas ar feadh dhá bhliain agus cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe arna iarraidh sin.

2.  Féadfaidh paisinéirí gearán a chur faoi bhráid aon ghnóthais iarnróid, an díoltóra ticéad, nó an bhainisteora stáisiúin lena mbaineann. Cuirfear an gearán isteach laistigh de shé mhí den teagmhas is ábhar don ghearán. Laistigh d’aon mhí amháin den ghearán a fháil, tabharfaidh an seolaí freagra réasúnaithe nó, i gcásanna inchosanta, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir go bhfaighidh an paisinéir freagra laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí ón dáta a fuarthas an gearán.

Leasú    110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Beidh fáil ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar mhionsonraí an phróisis láimhseála gearán.

3.  Beidh mionsonraí an nós imeachta maidir le láimhseáil gearán ar fáil go héasca do phaisinéirí agus beidh siad inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil arna iarraidh sin i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas iarnróid bunaithe.

Leasú    111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach foirm chaighdeánaithe ghearáin de chuid an Aontais a úsáidfidh paisinéirí chun iarratas a dhéanamh ar chúiteamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 37a(2).

Leasú    112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Oibríonn gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiún go gníomhach le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas chun feabhas a chur ar cháilíocht inrochtaineachta seirbhísí iompair.

Leasú    113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Agus ticéid le haghaidh turais d'iarnród á ndíol acu, cuirfidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin , díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas paisinéirí ar an eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo. Chun an ceanglas seo maidir le faisnéis a chomhlíonadh, is féidir leo úsáid a bhaint as achoimre d'fhorálacha an Rialacháin seo a ullmhóidh an Coimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus a chuirfear ar fáil dóibh. Ina theannta sin, soláthróidh siad fógra ar an ticéad, i bhformáid pháipéir nó i bhformáid leictreonach nó ar aon bhealach eile, lena n-áirítear fógra i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX. San fhógra sin, sonrófar cá bhfuil an fhaisnéis sin le fáil i gcás cealú, nasc a chailleadh nó moill fhada.

1.  Agus ticéid le haghaidh turais d’iarnród á ndíol acu, cuirfidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin , díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas paisinéirí ar an eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo. Chun an ceanglas sin maidir le faisnéis a chomhlíonadh, is féidir leo úsáid a bhaint as achoimre d’fhorálacha an Rialacháin seo a ullmhóidh an Coimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus a chuirfear ar fáil dóibh. Ina theannta sin, soláthróidh siad faisnéis, i bhformáid pháipéir nó i bhformáid leictreonach nó ar aon bhealach eile, lena n-áirítear fógra i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1300/2014, ina sonrófar an áit a bhfuil an fhaisnéis sin le fáil i gcás cealú, nasc a chailleadh nó moill fhada.

Leasú    114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Cuirfidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin paisinéirí ar an eolas ar mhodh iomchuí, lena n-áirítear formáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta i dTreoir XXX, ag an stáisiún agus ar an traein, maidir lena gcearta agus maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, agus maidir le sonraí teagmhála an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 31.

2.  Cuirfidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin paisinéirí ar an eolas ar mhodh iomchuí, lena n-áirítear formáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta i Rialachán Uimh. 1300/2014, ag an stáisiún, ar an traein agus ar a suíomh gréasáin, maidir lena gcearta agus maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, agus maidir le sonraí teagmhála an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 31.

Leasú    115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh na Ballstáit an comhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo chomh maith lena dhualgais nó lena ndualgais faoi seach in iúl don Choimisiún.

Cuirfidh na Ballstáit an comhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo, chomh maith lena dhualgais nó lena ndualgais faoi seach, in iúl don Choimisiún agus foilseoidh siad iad in áit oiriúnach ar a suíomh gréasáin.

Leasú    116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe faireachán grinn ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go n-urramófar cearta paisinéirí. Chuige sin, tabharfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair na doiciméid ábhartha agus an fhaisnéis ábhartha dóibh má iarrann siad iad. Ar dhéanamh a bhfeidhmeanna dóibh, cuirfidh na comhlachtaí san áireamh an fhaisnéis arna cur faoina mbráid ag an gcomhlacht arna ainmniú faoi Airteagal 33 chun gearáin a láimhseáil, más comhlacht eile é sin. Thairis sin, is féidir leo cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhartha forfheidhmiúcháin bunaithe ar ghearáin aonair arna gcur ar aghaidh ag an gcomhlacht sin.

1.  Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe faireachán grinn ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go n-urramófar cearta paisinéirí. Chuige sin, tabharfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair na doiciméid ábhartha agus an fhaisnéis ábhartha dóibh má iarrann siad iad gan mhoill agus in aon chás laistigh de mhí amháin. Ar dhéanamh a bhfeidhmeanna dóibh, cuirfidh na comhlachtaí san áireamh an fhaisnéis arna cur faoina mbráid ag an gcomhlacht arna ainmniú faoi Airteagal 33 chun gearáin a láimhseáil, más comhlacht eile é sin. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar leordhóthain cumhachtaí agus acmhainní do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe agus do chomhlachtaí láimhseála gearán chun go ndéanfar gearáin aonair ó phaisinéirí a fhorfheidhmiú go leormhaith agus go héifeachtach faoin Rialachán seo.

Leasú    117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Foilseoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe staidreamh maidir lena ngníomhaíocht, lena n-áirítear staidreamh maidir le smachtbhannaí arna gcur i bhfeidhm, gach bliain, ag deireadh mhí Aibreáin den chéad bhliain féilire eile ar a dhéanaí.

2.  Gach bliain, foilseoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe tuarascálacha le staidreamh maidir lena suíomhanna gréasáin ina sonrófar líon agus cineál na ngearán a fuair siad, toradh a ngníomhaíochtaí forfheidhmithe, lena n-áirítear na smachtbhannaí a chuir siad i bhfeidhm. Déanfar é seo gach bliain, tráth nach déanaí ná an chéad lá de mhí Aibreáin na bliana ina dhiaidh sin. Ina theannta sin beidh na tuarascálacha sin le fáil ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

Leasú    118

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.  Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe, i gcomhar le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, iniúchtaí rialta ar na seirbhísí cúnaimh arna soláthar agus foilseoidh siad na torthaí i bhformáidí atá inrochtana agus a úsáidtear go minic.

Leasú    119

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Gan dochar do chearta na gcustaiméirí sásamh a lorg ar bhealach eile de bhun Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32, tar éis don phaisinéir gearán a dhéanamh, gan sásamh a fháil, leis an ngnóthas iarnróid, leis an díoltóir ticéad, leis an mbainisteoir stáisiúin nó leis an mbainisteoir bonneagair de bhun Airteagal 28, féadfaidh an paisinéir gearán a dhéanamh le comhlacht forfheidhmithe. Cuirfidh na comhlachtaí forfheidhmithe na gearánaithe ar an eolas maidir lena gceart gearán a dhéanamh le comhlachtaí um réiteach malartach díospóide chun sásamh aonair a fháil.

1.  Gan dochar do chearta na gcustaiméirí sásamh malartach a lorg de bhun Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32, tar éis don phaisinéir gearán a dhéanamh, gan sásamh a fháil, leis an ngnóthas iarnróid, leis an mbainisteoir stáisiúin nó leis an mbainisteoir bonneagair de bhun Airteagal 28, féadfaidh an paisinéir gearán a dhéanamh le comhlacht forfheidhmithe. Cuirfidh na comhlachtaí forfheidhmithe na gearánaithe ar an eolas maidir lena gceart gearán a dhéanamh le comhlachtaí um réiteach malartach díospóide chun sásamh aonair a fháil. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar comhlachtaí forfheidhmithe nó comhlachtaí láimhseála gearán a aithint chun críocha scéimeanna sásaimh mhalartaigh de bhun Threoir 2013/11/AE, agus i gcás ina lorgaíonn paisinéirí sásamh malartach, ceanglaítear ar an ngnóthas iarnróid, ar an díoltóir ticéad, ar an mbainisteoir stáisiúin nó ar an mbainisteoir bonneagair lena mbaineann páirt a ghlacadh, agus beidh an toradh ina cheangal orthu, agus in-fhorfheidhmithe go hiarbhír ina gcoinne.

_________________

_________________

32 Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE IO L 165, 18.06.2013, lch. 14.

32 Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE IO L 165, 18.06.2013, lch. 14.

Leasú    120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Féadfaidh aon phaisinéir gearán a dhéanamh leis an gcomhlacht náisiúnta forfheidhmithe, nó le haon chomhlacht eile arna ainmniú ag Ballstát chun na críche sin, faoi shárú líomhnaithe ar an Rialachán seo.

2.  Féadfaidh aon phaisinéir gearán a dhéanamh leis an gcomhlacht náisiúnta forfheidhmithe, nó le haon chomhlacht eile arna ainmniú ag Ballstát chun na críche sin, faoi shárú líomhnaithe ar an Rialachán seo. Féadfaidh eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí paisinéirí gearáin a dhéanamh freisin.

Leasú    121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Admhóidh an comhlacht go bhfuarthas an gearán laistigh de dhá sheachtain den ghearán a bheith faighte aige. Mairfidh an nós imeachta lena láimhseálfar an gearán trí mhí ar a mhéad. I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht, faoina lánrogha féin, an tréimhse sin a shíneadh go sé mhí. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don phaisinéir na cúiseanna leis an síneadh agus an méid ama a mheastar a bheidh de dhíth chun an nós imeachta a chríochnú. Féadfaidh cásanna a mbaineann imeachtaí dlíthiúla leo, agus na cásanna sin amháin, maireachtáil níos faide ná sé mhí. I gcás inar comhlacht um réiteach malartach díospóide faoi bhrí Threoir 2013/11/AE an comhlacht, tabharfar tús áite do na teorainneacha ama a leagtar síos sa Treoir sin.

Admhóidh an comhlacht go bhfuarthas an gearán laistigh de dhá sheachtain den ghearán a bheith faighte aige. Mairfidh an nós imeachta lena láimhseálfar an gearán trí mhí ar a mhéad. I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht, faoina lánrogha féin, an tréimhse sin a shíneadh go sé mhí. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don phaisinéir nó don eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar phaisinéirí na cúiseanna leis an síneadh agus an méid ama a mheastar a bheidh de dhíth chun an nós imeachta a chríochnú. Féadfaidh cásanna a mbaineann imeachtaí dlíthiúla leo, agus na cásanna sin amháin, maireachtáil níos faide ná sé mhí. I gcás inar comhlacht um réiteach malartach díospóide de réir bhrí Threoir 2013/11/AE an comhlacht, tabharfar tús áite do na teorainneacha ama a leagtar síos sa Treoir sin agus féadfar úsáid réiteach díospóide ar líne i gcomhréir le Rialachán Uimh. 524/2013/EU1a a chur ar fáil le comhaontú na bpáirtithe uile lena mbaineann.

 

_________________

 

1a Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar líne do dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).

Leasú    122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 33 a

 

Comhlachtaí idir-réitigh neamhspleácha

 

Déanfaidh na Ballstáit comhlachtaí idir-réitigh dhea-fheistithe neamhspleácha a shuiteáil, ar comhlachtaí iad a bheidh inrochtana go héasca agus inacmhainne do phaisinéirí i gcás coinbhleachtaí le gnóthais iarnróid agus le díoltóirí ticéad maidir lena gcearta a fhorfheidhmiú.

Leasú    123

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfaidh difear do na rialacha nó do na bearta sin .

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus áireofar iontu fíneáil íosta nó céatadán de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais ábhartha nó na heagraíochta sin, cibé acu is airde ach ní bheidh siad teoranta dó sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfaidh difear do na rialacha nó do na bearta sin.

Leasú    124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 37 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 37a

 

Nós imeachta coiste

 

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

 

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Leasú    125

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

-  Amchláir agus coinníollacha do na táillí is ísle

-  Amchláir agus coinníollacha do na táillí uile ar fáil, lena n-áirítear na cinn is ísle.

Leasú    126

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

-  Coinníollacha rochtana do rothair

-  Socruithe rochtana do rothair

Leasú    127

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

-  Fáil ar shuíocháin i láthair chaite tobac agus láthair gan cead caite tobac, den chéad ghrád agus den dara grád, . leapacha suíocháin agus carráistí codlata

-  Fáil ar shuíocháin i dtaca leis na táillí uile is infheidhme i láthair gan cead caite tobac (agus i gcás inarb infheidhme, i láthair chaite tobac), i láthair den chéad ghrád agus den dara grád, i leapacha suíocháin agus i gcarráistí codlata

Leasú    128

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

-  Aon ghníomhaíochtaí ar dóigh dóibh seirbhísí a bhriseadh nó iad a mhoilliú

-  Briseadh agus moilleanna (beartaithe agus i bhfíor-am)

Leasú    129

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

-  Seirbhísí atá ar fáil ar bord

-  Seirbhísí atá ar fáil ar bord, lena n-áirítear Wi-Fi agus leithris

Leasú    130

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid II – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

-  Seirbhísí ar bord

-  Seirbhísí ar bord, lena n-áirítear Wi-Fi

Leasú    131

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid II – fleasc 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

-  Moilleanna

-  Briseadh agus moilleanna (beartaithe agus i bhfíor-am)

Leasú    132

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – cuid I – mír 2 – pointe 1 – pointe a – pointe iii – fleasc 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

-  an céatadán de mhoilleanna a bhí idir 60 agus 119 nóiméad;

-  an céatadán de mhoilleanna a bhí idir 91 agus 120 nóiméad;

Leasú    133

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – cuid I – mír 2 – pointe 2 – fleasc 1 – pointe vii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(vii)  soláthar faisnéise fónta i rith an turais;

(vii)  soláthar faisnéise fónta i rith an turais, lena n-áirítear maidir le Wi-Fi agus seirbhísí eile ar bord;

Leasú    134

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – cuid II – mír 1 – pointe 4 – fleasc 1 – pointe vii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(vii)  inrochtaineacht an stáisiúin agus shaoráidí an stáisiúin.

(vii)  inrochtaineacht an stáisiúin agus shaoráidí an stáisiúin, lena n-áirítear rochtain gan chéimeanna, staighrí beo, ardaitheoirí agus rampaí bagáiste

Leasú    135

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcásanna casta amhail cásanna lena mbaineann éilimh iomadúla nó roinnt oibreoirí éagsúla, taisteal trasteorann nó tionóiscí ar chríoch Ballstáit nach é an Ballstát a dheonaigh ceadúnas an ghnóthais é, go háirithe i gcás nach léir cén comhlacht náisiúnta forfheidhmithe atá inniúil, nó i gcás ina n-éascófaí nó ina luathófaí réiteach an ghearáin amhlaidh, comhoibreoidh comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe chun comhlacht 'ceannais' a shannadh, a bheidh ina phointe aonair teagmhála do na paisinéirí. Comhoibreoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe uile lena mbaineann chun réiteach an ghearáin a éascú (lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt, trí chúnamh le haistriú doiciméad a thabhairt agus trí fhaisnéis faoi imthosca na n-eachtraí a thabhairt). Cuirfear in iúl do na paisinéirí cén comhlacht atá ag feidhmiú mar chomhlacht 'ceannais'.

I gcásanna casta amhail cásanna lena mbaineann éilimh iomadúla nó roinnt oibreoirí éagsúla, taisteal trasteorann nó tionóiscí ar chríoch Ballstáit nach é an Ballstát a dheonaigh ceadúnas an ghnóthais é, go háirithe i gcás nach léir cén comhlacht náisiúnta forfheidhmithe atá inniúil, nó i gcás ina n-éascófaí nó ina gcuirfí dlús le réiteach an ghearáin amhlaidh, comhoibreoidh comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe chun comhlacht ‘ceannais’ a shannadh, a bheidh ina phointe aonair teagmhála do na paisinéirí. Comhoibreoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe uile lena mbaineann chun réiteach an ghearáin a éascú (lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt, trí chúnamh le haistriú doiciméad a thabhairt agus trí fhaisnéis faoi imthosca na dteagmhas a thabhairt). Cuirfear in iúl do na paisinéirí an comhlacht atá ag feidhmiú mar chomhlacht ‘ceannais’. Ina theannta sin, i ngach cás, áiritheoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe i gcás ar bith comhlíonadh Rialachán 2017/2394/AE1a ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

 

_________________

 

1a Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

  • [1]  IO C 197, 8.6.2018, lch. 66.
  • [2]  IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Réamhrá

Tá an earnáil iompair athraithe go mór ó 1991 nuair a foilsíodh an chéad togra reachtach ar leibhéal AE[1]. Ón am sin tá athstruchtúrú iomlán déanta ar na hoibreoirí seanbhunaithe, tá oibreoirí nua tagtha chun cinn agus tá fíorlimistéar Eorpach aonair iarnróid curtha chun feidhme go páirteach atá bunaithe ar chomhchaighdeáin theicniúla agus riaracháin. Tá go leor fós le cur i gcrích, áfach. Mar shampla aistriú go teicneolaíochtaí nua amhail an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS).

Is é ceann de na príomhbhearta atá curtha i gcrích san earnáil iarnróid ná gur bunaíodh creat dlíthiúil chun cearta paisinéirí a chosaint, mar chuid de bheartas níos leithne de chuid AE maidir le cearta tomhaltóirí. Ina thuarascáil ar chur chun feidhme[2], ghlac an Coimisiún leis go raibh Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid curtha i bhfeidhm mar is ceart ag an earnáil. Mar sin féin, tugann roinnt Ballstát, agus iad ag comhlíonadh an Rialacháin sin ina iomláine, díolúintí ó roinnt airteagal den Rialachán seo cheal acmhainn airgeadais chun feabhas a chur ar bhonneagar iarnróid atá ligthe i léig nó ar rothstoc atá as dáta. Ní cheadófar na díolúintí sin, áfach, ó mhí na Nollag 2024 amach. Dá bhrí sin, ní fada go gcinnteofar cearta paisinéirí iarnróid go cothrom sna Ballstáit ar fad.

In ainneoin roinnt feabhsuithe leanúnacha a mbíonn gá leo, ba cheart béim a leagan air go bhfuil córas iarnróid AE, i gcomparáid le cuid mhór tíortha eile ar domhan, ar cheann de na córais iarnróid is éifeachtúla, is nua-aimseartha agus is áisiúla don tomhaltóir dá bhfuil ann. Mar sin féin, measann an Rapóirtéir gur cheart go mbeadh feabhsú agus nuachóiriú na hearnála iarnróid ina spriocanna buana don earnáil i gcónaí, lena n-áirítear ó thaobh paisinéirí iarnróid a chosaint de.

Cuireann an tAthmhúnlú seo dlús leis na bearta maidir le córas iarnróid AE a fheabhsú tuilleadh agus leagann sé síos creat níos soiléire fós don chaidreamh idir na hiompróirí agus na custaiméirí.

Dá bhrí sin, cuireann an Rapóirtéir fáilte roimh an togra ón gCoimisiún, go háirithe maidir le cúnamh a sholáthar do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas agus maidir le cúiteamh i gcás briseadh seirbhíse.

Tá an Rapóirtéir den tuairim gur gá creat a chur ar fáil ina mbeidh cearta atá in-fhorfheidhmithe agus a spreagfaidh níos mó Ballstát, ar lámh amháin, an reachtaíocht de chuid AE atá ann cheana a chur chun feidhme agus, ar an lámh eile, a chosnóidh custaiméirí ar bhealach níos comhleanúnaí, fad a chuirtear san áireamh gur cheart taisteal d’iarnród fanacht ar phraghas réasúnta agus gur cheart é a bheith níos inrochtana ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Leagann an Rapóirtéir béim air go gcaithfear seirbhísí nua-aimseartha den scoth atá ar phraghas réasúnta a chur ar fáil do chustaiméirí san earnáil iarnróid chun go mbeidh an earnáil iomaíoch. Go deimhin, tá sé ríthábhachtach go meallfar paisinéirí nua chun iompar iarnróid a úsáid chun inbhuanaitheacht an chomhtháthaithe iompair agus shóisialta a chinntiú. Sa chomhthéacs sin, is gá go mbeadh na hiarnróid ag feidhmiú ar comhchéim le modhanna eile iompair. Iomaíocht chóir atá ag teastáil! Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an tosaíocht gan cheist a thugtar do chosaint shaoránaigh na hEorpa agus iad ag taisteal d’iarnród a bheith ar comhchéim leis an ngá atá leis an ualach riaracháin ar an earnáil iarnróid a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ar an ábhar sin, ba cheart bearta a sheachaint san Athmhúnlú seo a bheadh ag forluí ar a bhfuil sa reachtaíocht de chuid AE atá ann cheana.

Na príomhábhair imní

Raon feidhme

Go ginearálta, tacaíonn an Rapóirtéir le moladh an Choimisiúin Eorpaigh go laghdófaí líon na ndíolúintí a thugann na Ballstáit a oiread agus is féidir. Mar sin féin, ba cheart na seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí idir tíortha AE agus tíortha nach cuid de AE iad a choinneáil amach as raon feidhme an Athmhúnlaithe seo, mar níor cheart go mbeadh cuideachtaí iarnróid AE faoi dhliteanas má tá drochbhail ar an mbonneagar iarnróid i dtíortha nach cuid de AE iad ná faoi dhliteanas i leith fheidhmíocht na n-iompróirí nach as AE iad a soláthraíonn siad seirbhísí tarraingthe dóibh.

Maidir le seirbhísí intíre fadachair, níor cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit díolúine a thabhairt i leith na seirbhísí sin tar éis 2024, mar a fhoráiltear sa Rialachán atá ann cheana. Níor cheart deireadh níos luaithe a chur leis na díolúintí sin i bhfianaise mhaoiniú an chórais iarnróid i lár agus in oirthear na hEorpa. Is ansin atá na seirbhísí fadachair lonnaithe (lasmuigh den Ríocht Aontaithe) a bhfuil díolúine go pointe áirithe acu go fóill.

Sa bhreis air sin, ba mhaith leis an Rapóirtéir béim a leagan air gur cheart go ndíreofaí sa reachtaíocht maidir le cearta tomhaltóirí ar an gcaidreamh idir an custaiméir agus an soláthraí seirbhíse. I gcás an Athmhúnlaithe seo, is é an gnóthas iarnróid an t-iompróir. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na caidrimh idir gnólachtaí trí reachtaíocht eile, na Pacáistí Iarnróid mar shampla. Dá réir sin, scrios an Rapóirtéir na ceanglais maidir le comhroinnt sonraí (Airteagal 9 (4)), mar aon le “pleanáil theagmhasach” (Airteagal 18 (6)) agus “an ceart chun sásaimh” (Airteagal 19).

Inrochtaineacht

Tacaíonn an Rapóirtéir go láidir leis an ngá atá le rochtain ar iompar iarnróid a éascú do dhaoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Ba cheart go mbeadh traenacha inrochtana go héasca ag saoránaigh uile AE ar bhonn comhionann. I ndáil leis an méid sin, meabhraíonn an Rapóirtéir go bhfuil an creat dlíthiúil leagtha amach sa Cheathrú Pacáiste Iarnróid chun an bonneagar iarnróid a chur in oiriúint do riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ionas go mbeidh an deis acu bheith lán-neamhspleách. I bhfianaise an tsochaí a bheith ag dul in aois, ba cheart béim a leagan air gur ag méadú a bheidh dúshlán na hinrochtaineachta don earnáil iompair amach anseo.

Dá bhrí sin, tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart don earnáil iompair gach iarracht a dhéanamh stáisiúin traenach agus traenacha atá inrochtana a chur ar fáil. Ar an ábhar sin, molann an Rapóirtéir go gcinnteofaí go mbeadh rochtain ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar chóras iarnróid uile AE tar éis réamhfhógra chomh gearr agus is féidir agus nach faide ná 24 uair an chloig a thabhairt. Soláthrófar cúnamh, nuair is gá, le linn na n-uaireanta a bhíonn na seirbhísí iarnróid ag oibriú. Ba cheart go mbeadh an cúnamh saor in aisce. Déanfaidh comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe iniúchóireacht ar cháilíocht na hinrochtaineachta ar an gcóras iarnróid chun gur féidir feabhsuithe spriocdhírithe a dhéanamh air.

Glacann an Rapóirtéir leis go bhfuil trealamh soghluaisteachta ar nós cathaoireacha rothaí nó feistí cúnta riachtanach do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus, anuas air sin, go ndéantar go speisialta é don duine a úsáideann é agus go mbíonn sé daor lena cheannach go hiondúil. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go n-íocfaí cúiteamh as caillteanas nó damáiste in am trátha agus go mbeadh sé i gcomhréir leis an gcostas iomlán ar athsholáthar an trealaimh bunaithe ar a fhíorluach.

Creideann an Rapóirtéir go bhfuil sé ríthábhachtach oiliúint a chur ar dhaoine den fhoireann ionas go soláthrófar cúnamh leordhóthanach ar ardcháilíocht do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Molann an Rapóirtéir, dá bhrí sin, go mbeadh na hacmhainní le haghaidh oiliúint foirne dírithe ar fhostaithe a bhfuil teagmháil dhíreach acu le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó fostaithe a mbíonn orthu seirbhísí a chur ar fáil do na daoine sin. Ar an gcaoi sin beidh an oiliúint níos fearr agus níos spriocdhírithe.

Ticéid

Is é ceann de phríomhchuspóirí an Rapóirtéara ná an rochtain ar iompar iarnróid a dhéanamh chomh tarraingteach agus is féidir chun tacú leis an aistriú chuig iompar iarnróid, ábhar ar tarraingíodh aird air sa Pháipéar Bán maidir le hIompar[3]. Tá ardmheas ag paisinéirí iarnróid ar thréthicéid. Tá sé tábhachtach go mbeidís ar fáil chun go mbeidh an taisteal d’iarnród níos tarraingtí. Ní dóigh leis an Rapóirtéir, áfach, gur faoin reachtóir atá sé comhar idir gnólachtaí a fhorchur i réimse an ticéadaithe, faoi chuimsiú oscailt an mhargaidh. Ba cheart caitheamh leis an earnáil iarnróid ar an gcaoi chéanna a gcaitear le modhanna eile iompair. Mar atá in earnáil na n-aerlínte, earnáil nach bhfuil aon ‘chomhroinnt éigeantach’ inti, ba cheart go mbeadh cuideachtaí iarnróid in ann na gníomhaithe lena n-oibreoidh siad i gcomhar a roghnú, ar mhaithe le hiomaíocht idir modhanna iompair a neartú freisin, ceann de phríomhghnéithe bheartas AE le roinnt deichbhlianta anuas.

Sa chomhthéacs sin, tá na chéad torthaí follasacha le feiceáil ar thionscnamh tionscail atá curtha i bhfeidhm ag gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad, ar a dtugtar “an tsamhail lánseirbhíse” (FSM – “the full service model”). Mar shampla ar www.bahn.com is féidir réimse iomlán na dticéad ó Trenitalia agus ÖBB a chur in áirithe. Ar an gcaoi sin, is féidir le paisinéirí ticéad a chur in áirithe, íoc as agus é a eisiúint do thurais iliompróirí, mar shampla ó thuaisceart na Gearmáine tríd an Ostair go deisceart na hIodáile d’aon iarraidh.

Mar sin féin, tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart don reachtóir ról lárnach a imirt ó thaobh leibhéal dóthanach cosanta a áirithiú do chustaiméirí iarnróid, go háirithe trína áirithiú go dtabharfar gach eolas cuí do phaisinéirí iarnróid agus gach cineál ticéad á gceannach acu. Ar an mbealach sin is féidir leo leas a bhaint as an gcóras cúitimh agus cúnaimh a bhunaítear leis an Rialachán seo.

Tá an córas iarnróid fíorchasta, ní hamháin go teicniúil ach ó thaobh shlándáil agus shábháilteacht na bpaisinéirí de freisin. San am céanna, tá na cuideachtaí iarnróid i mbun nuálaíochta agus is ann don uathoibriú cheana féin. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta a éilíonn go ndíolfaí ticéid ó bhealaí sonracha a bheith solúbtha, e.g. glacadh leis nach féidir ticéid a cheannach ar bord traenach i gcónaí, mar atá luaite in Airteagal 9(4) den Rialachán atá ann cheana féin. Go comhthreomhar leis sin, tá sé fíorthábhachtach go leanfaidh na gnóthais iarnróid orthu de bheith ag cur leis na deiseanna maidir le ticéid a cheannach trí bhealaí inrochtana malartacha.

Ról na ndíoltóirí agus na miondíoltóirí ticéad

Tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go seachnófaí inniúlachtaí doiléire laistigh den Rialachán seo agus go n-áiritheofaí deimhneacht dhlíthiúil. Leasaíodh roinnt sainmhínithe in Airteagal 3 dá réir. Mar shampla leasaíodh an sainmhíniú ar “thionscnóir turas” chun é a ailíniú leis an sainmhíniú atá sa reachtaíocht atá ann cheana féin[4].

Is é príomhghnó na ndíoltóirí ticéad mar mhiondíoltóir seirbhísí iompair d’iarnród ná ticéid a dhíol thar ceann gnóthais iarnróid. Ar an ábhar sin, leasaigh an Rapóirtéir Airteagal 9(2) agus bhain sé an oibleagáid dhlíthiúil de dhíoltóirí ticéad go gcaithfidh siad faisnéis leanúnach taistil a chur ar fáil do phaisinéirí.

Force majeure

Ó 2013, de réir rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá oibleagáidí fós ar ghnóthais iarnróid cúiteamh a íoc i gcás moill ar thraenacha de dheasca imthosca eisceachtúla. Measann an Rapóirtéir gurb ann d’imthosca eisceachtúla i gcás gach modha iompair. Is tábhachtaí sin fós nuair a fhéachtar ar ilmhodhanna iompair, áit ar cheart feidhm a bheith ag bunsraith prionsabal i ngach modh, ar mhaithe le saobhadh iomaíochta idir modhanna iompair a sheachaint. Cuirtear an méid sin san áireamh san Athmhúnlú ón gCoimisiún. Mar sin féin, tá na himthosca eisceachtúla ann teoranta do fíor-dhrochaimsir agus do mhórthubaistí nádúrtha, fad a thugtar neamhaird ar imthosca nach mbaineann le hoibriú an iarnróid ach gur imthosca iad a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh d’fheidhmiú an chórais, mar shampla ionsaithe sceimhlitheoireachta. In Airteagal 17(8), molann an Rapóirtéir go dtabharfaí isteach an sainmhíniú ar force majeure a leagtar amach in Airteagal 32.2 d’Iarscríbhinn I (Rialacha Aonfhoirmeacha CIV) a chumhdaíonn na himthosca ar fad nach mbeifí ag súil leo agus nach mbeadh smacht ag na gnóthais iarnróid orthu.

  • [1]  Treoir 91/440 (CE)
  • [2]  Tuarascáil ar Chur i bhFeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le Cearta agus Oibleagáidí Paisinéirí Iarnróid, COM(2013)587 FINAL, 14 Lúnasa 2013
  • [3]  An Páipéar Bán maidir le hIompar, 2011
  • [4]  Treoir (AE) 2015/2302 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara

IARSCRÍBHINN: LITIR ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA

D(2018)14313

Karima Delli

An Cathaoirleach, An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht

ASP 04F155

An Bhruiséil

Ábhar:  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

COM(2017)0548 – C8‑0324/2017 – 2017/0237(COD))

A Chathaoirligh,

Tá scrúdú déanta ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an togra dá dtagraítear thuas, de bhun Riail 104 maidir le hAthmhúnlú, mar a tugadh isteach i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

Seo a leanas mír 3 den Riail sin:

“Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don choiste atá freagrach as ábhar an togra.

I gcás den sórt sin, de bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i Riail 169 agus i Riail 170, ní bheidh leasuithe inghlactha laistigh den choiste atá freagrach as an ábhar ach amháin má bhaineann siad leis na codanna sin den togra ina bhfuil athruithe.

Féadfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as an ábhar, áfach, mar eisceacht agus ar bhonn cás ar chás, glacadh le leasuithe ar chodanna den togra a fhanann gan athrú, má mheasann sé nó sí go bhfuil gá leis sin mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó mar go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile. Caithfear cúiseanna den sórt sin a shonrú i réasúnú i scríbhinn ar na leasuithe.”

Tar éis tuairim a fháil ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, a bhfuil scrúdú déanta aici ar an togra athmhúnlaithe, agus i gcomhréir leis na moltaí ón Rapóirtéir, measann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra atá i dtrácht seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha a bhí cheana ann in éineacht leis na hathruithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint.

Mar chríoch, ag an gcruinniú a bhí aige an 24 Márta 2018, mhol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, le 19 vóta i bhfabhar agus 2 staonadh[1], go bhféadfadh an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ina cháil mar an coiste atá freagrach, scrúdú a dhéanamh ar an togra thuasluaite i gcomhréir le Riail 104.

Le dea-mhéin,

Pavel Svoboda

Faoi iamh: An tuairim ón Mheitheal Chomhairleach.

Iarscríbhinn

 

 

 

 

GROUPE CONSULTATIF

DES SERVICES JURIDIQUES

 

  An Bhruiséil 19.02.2018

TUAIRIM

CHUIG  PARLAIMINT NA hEORPA

          AN CHOMHAIRLE

          AN COIMISIÚN

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

COM(2017) 548 final of 27.9.2017 - 2017/0237 (COD)

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha, agus go háirithe pointe 9 de, bhí cruinniú ag an Meitheal Chomhairleach, atá comhdhéanta de sheirbhísí dlíthiúla faoi seach Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, an 27 Deireadh Fómhair  agus an 14 Nollaig 2017 agus an 18 Eanáir 2018 chun scrúdú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar an togra thuasluaite arna thíolacadh ag an gCoimisiún.

Le linn na gcruinnithe sin[2], is é an toradh a bhí ar an scrúdú ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-athmhúnlaítear Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid, ná go ndearna an Mheitheal Chomhairleach, i gcomhthoil a chéile, an méid seo a leanas a shuí.

1. Ba cheart an méid seo a leanas a léiriú leis an dath liath a úsáidtear de ghnáth chun leasuithe substainteacha a shainaithint:

- in aithris 10, ionadú na tagartha atá ann faoi láthair do ‘Threoir 2001/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 maidir le hidir-inoibritheacht an ghnáthchórais iarnróid’ le tagairt do ‘Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún’;

- in aithris 14, scriosadh na bhfocal ‘comhoibriú chun’;

- in aithris 15, scriosadh na bhfocal ‘saor-rogha’;

- in aithris 16, ionadú na bhfocal ‘lena áirithiú go mbeidh’ leis na focail ‘Chomh maith leis sin’;

- i bpointe 17 d’Airteagal 3, ionadú an fhocail ‘iompróra’ leis na focail ‘ghnóthais iarnróid’;

- téacs iomlán Airteagal 6;

- in Airteagal 9(1), scriosadh na bhfocal tosaigh ‘Gan dochar d’Airteagal 10’;

- in Airteagal 9(3), scriosadh na bhfocal ‘riachtanais daoine a bhfuil míchumas cloisteála agus/nó amhairc ag gabháil dóibh’;

- in Airteagal 10(1), scriosadh na bhfocal ‘i gcás ina mbeidh siad ar fáil’ tar éis an fhocail ‘áirithintí’ agus cur isteach na bhfocal ‘agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil’ roimh an bhfocal ‘tréthicéid’;

- sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(2), cur isteach na bhfocal ‘ná do mhír 4’;

- téacs iomlán den dara fomhír d’Airteagal 10(2);

- in Airteagal 17(2), cur isteach na bhfocal tosaigh ‘Tá feidhm ag mír 1, freisin, maidir le’;

- in Airteagal 25(1), scriosadh na bhfocal ‘ní bheidh aon teorainn airgeadais infheidhme’;

- in Iarscríbhinn III, scriosadh an téacs a bhí ann cheana in Iarscríbhinn III de Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007.

2. In aithris 32, ba cheart na focail ‘ar an Aontas Eorpach’ a chur isteach tar éis an fhocail ‘Conradh’.

Dá thoradh sin, d’fhág scrúdú an togra go raibh sé ar chumas na Meithle Comhairlí a theacht ar an tátal, gan aon easaontú, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra seachas na leasuithe sin a shainaithnítear mar leasuithe den sórt sin. Tháinig an Mheitheal Chomhairleach ar an tátal freisin, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó ghníomhartha a bhí cheana ann in éineacht leis na leasuithe substainteacha sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint.

F. DREXLER            L. ROMERO REQUENA

Dlí-eolaí      Dlí-eolaí      Ardstiúrthóir

  • [1]  Bhí na Feisirí seo a leanas i láthair: Max Andersson, Joëlle Bergeron, Marie-Christine Boutonnet, Kostas Chrysogonos, Pascal Durand, Rosa Estaràs Ferragut, Enrico Gasbarra, Evelyne Gebhardt, Lidia Joanna Geringer de Oedenberg, Heidi Hautala, Sylvia-Yvonne Kaufmann, António Marinho e Pinto, Emil Radev, Julia Reda, Evelyn Regner, Virginie Rozière, Pavel Svoboda, Mylène Troszczynski, Axel Voss, Rainer Wieland, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka, Luis de Grandes Pascual.
  • [2]   Is bunaithe ar an leagan Béarla den togra a rinne an Mheitheal Chomhairleach a cuid oibre, arb é an leagan Béarla sin an mháistirchóip den téacs a bhí á phlé.

IARSCRÍBHINN: TUAIRIM Ó MHEITHEAL CHOMHAIRLEACH SHEIRBHÍSÍ DLÍTHIÚLA PHARLAIMINT NA hEORPA, NA COMHAIRLE AGUS AN CHOIMISIÚIN

 

 

 

 

GROUPE CONSULTATIF

DES SERVICES JURIDIQUES

 

  An Bhruiséil, an 19 Feabhra 2018

TUAIRIM

CHUIG  PARLAIMINT NA hEORPA

          AN CHOMHAIRLE

          AN COIMISIÚN

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

COM(2017) 548 final of 27.9.2017 - 2017/0237 (COD)

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha, agus go háirithe pointe 9 de, bhí cruinniú ag an Meitheal Chomhairleach, atá comhdhéanta de sheirbhísí dlíthiúla faoi seach Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, an 27 Deireadh Fómhair  agus an 14 Nollaig 2017 agus an 18 Eanáir 2018 chun scrúdú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar an togra thuasluaite arna thíolacadh ag an gCoimisiún.

Le linn na gcruinnithe sin[1], is é an toradh a bhí ar an scrúdú ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-athmhúnlaítear Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid, ná go ndearna an Mheitheal Chomhairleach, i gcomhthoil a chéile, an méid seo a leanas a shuí.

1. Ba cheart an méid seo a leanas a léiriú leis an dath liath a úsáidtear de ghnáth chun leasuithe substainteacha a shainaithint:

- in aithris 10, ionadú na tagartha atá ann faoi láthair do ‘Threoir 2001/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 maidir le hidir-inoibritheacht an ghnáthchórais iarnróid’ le tagairt do ‘Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún’;

- in aithris 14, scriosadh na bhfocal ‘comhoibriú chun’;

- in aithris 15, scriosadh na bhfocal ‘saor-rogha’;

- in aithris 16, ionadú na bhfocal ‘lena áirithiú go mbeidh’ leis na focail ‘Chomh maith leis sin’;

- i bpointe 17 d’Airteagal 3, ionadú an fhocail ‘iompróra’ leis na focail ‘ghnóthais iarnróid’;

- téacs iomlán Airteagal 6;

- in Airteagal 9(1), scriosadh na bhfocal tosaigh ‘Gan dochar d’Airteagal 10’;

- in Airteagal 9(3), scriosadh na bhfocal ‘riachtanais daoine a bhfuil lagú cloisteála agus/nó amhairc ag gabháil dóibh’;

- in Airteagal 10(1), scriosadh na bhfocal ‘i gcás ina mbeidh siad ar fáil’ tar éis an fhocail ‘áirithintí’ agus cur isteach na bhfocal ‘agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil’ roimh an bhfocal ‘tréthicéid’;

- sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(2), cur isteach na bhfocal ‘ná do mhír 4’;

- téacs iomlán den dara fomhír d’Airteagal 10(2);

- in Airteagal 17(2), cur isteach na bhfocal tosaigh ‘Tá feidhm ag mír 1, freisin, maidir le’;

- in Airteagal 25(1), scriosadh na bhfocal ‘ní bheidh aon teorainn airgeadais infheidhme’;

- in Iarscríbhinn III, scriosadh an téacs a bhí ann cheana in Iarscríbhinn III de Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007.

2. In aithris 32, ba cheart na focail ‘ar an Aontas Eorpach’ a chur isteach tar éis an fhocail ‘Conradh’.

Dá thoradh sin, d’fhág scrúdú an togra go raibh sé ar chumas na Meithle Comhairlí a theacht ar an tátal, gan aon easaontú, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra seachas na leasuithe sin a shainaithnítear mar leasuithe den sórt sin. Tháinig an Mheitheal Chomhairleach ar an tátal freisin, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó ghníomhartha a bhí cheana ann in éineacht leis na leasuithe substainteacha sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint.

      H. LEGAL      L. ROMERO REQUENA

Dlí-eolaí      Dlí-eolaí      Ardstiúrthóir

  • [1]   Is bunaithe ar an leagan Béarla den togra a rinne an Mheitheal Chomhairleach a cuid oibre, arb é an leagan Béarla sin an mháistirchóip den téacs a bhí á phlé.

IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA N-EINTITEAS NÓ NA NDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Déantar an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara. Tá ionchur faighte ag an rapóirtéir ó na heintitis nó na daoine seo a leanas agus an tuarascáil á hullmhú, go dtí gur glacadh í sa choiste:

Eintiteas agus/nó duine

Allianz Pro Schiene (ApS)

Allrail/Trainline

Community of European Railway (CER)

Blogger Mark SMITH (Seat61)

Deutsche Bahn (DB)

Deutscher Reiseverband

European Cyclists' Federation (ECF)

European Commission - DG MOVE

European Disability Forum (EDF)

European Passengers' Federation (EPF)

European Rail Infrastructure Managers (EIM)

Eurostar

Eurotunnel

Fahrgastverband Pro Bahn

Fédération nationale des associations d'usagers des transports (FNAUT)

International Association of Public Transport (UITP)

Société nationale des chemins de fer français (SNCF)

Polskie Koleje Państwowe SA (PKP)

The European Travel Agents’ and Tour Operators’ Associations (ECTAA)

Trenitalia

Verband Deutscher Verkehrsunternehmen (VDV)

Verbraucherzentrale Bundesverband

TUAIRIM ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (5.6.2018)

chuig an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

(COM(2017)0548 – C8‑0324/2017 – 2017/0237(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Dennis de Jong

RÉASÚNÚ GEARR

I Meán Fómhair 2017, thíolaic an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh athmhúnlú ar an Rialachán Eorpach maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (Rialachán (CE) 1371/2007). Tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart go ndéanfaí taisteal d’iarnród níos tarraingtí do thomhaltóirí trí na ceanglais faisnéise maidir le gnóthais iarnróid a neartú, trí dheimhneacht dhlíthiúil níos mó a bheith ann do phaisinéirí iarnróid agus trí thaisteal d’iarnród a dhéanamh níos inrochtana ag daoine faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Cé go bhfuil roinnt feabhsuithe tábhachtacha ar áireamh sa togra ón gCoimisiún, tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil gá le breis uaillmhéine i réimsí áirithe den athmhúnlú chun a chinntiú go dtabharfar cosaint níos fearr do phaisineirí iarnróid, agus gur fearr a chuirfear ar an eolas iad, roimh a dturas, lena linn agus ina dhiaidh.

Force majeure agus cúiteamh

Tar éis dó clásal ‘force majeure’ a thabhairt isteach sa Rialachán maidir le cearta aerphaisinéirí, molann an Coimisiún go gcuirfí clásal sonrach sa Rialachán maidir le cearta paisinéirí iarnróid. Luaitear sa chlásal sin nár cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar ghnóthais iarnróid cúiteamh a íoc i gcás fíor-dhrochaimsire nó mórthubaistí nádúrtha. Ní féidir taisteal d’aer agus taisteal d’iarnród a chur i gcomparáid le chéile, áfach. Ina theannta sin, níl dóthain sainiúlachta ag baint le clásal den chineál sin chun dlíthíochtaí a sheachaint amach anseo. Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir an clásal sin a scriosadh. Sa bhreis air sin, molann an Rapóirtéir na rialacha maidir le cúiteamh i leith phraghas an ticéid a leathnú trí scéim cúitimh maidir le traenacha ardluais a mholadh, trína dtabharfar an ceart do phaisinéirí cúiteamh a éileamh i gcás ina mbeidh 45 nóiméad nó níos mó de mhoill orthu.

Faisnéis, seirbhís agus cúnamh

Is rómhinic a bhíonn ar phaisinéirí dul i ngleic le coinníollacha doiléire agus ticéid iarnróid á gceannach acu. Go háirithe má úsáidtear oibreoirí éagsúla le linn turais, bíonn ar phaisinéirí dul i ngleic le héagsúlachtaí maidir le praghsáil ticéad, dearbhú nasc agus cúnamh. Dá bhrí sin, sa tuairim seo tá sainmhíniú níos soiléire ar thréthicéad chomh maith le togra maidir le comhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir ar líne (APInna) a bhunú trína soláthróidh gnóthais iarnróid rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis uile taistil, lena n-áirítear sonraí fíor-ama, oibriúcháin, amchláir agus taraifí. D’fhonn deis a thabhairt do phaisinéirí cinneadh eolasach a dhéanamh agus ticéid á gceannach acu, beidh sé de dhualgas ar dhíoltóirí ticéad agus ar ghnóthais iarnróid paisinéirí a chur ar an eolas i gcás ina mbíonn praghas an tréthicéid, mar a thugtar air, éagsúil leis na praghsanna carntha a íoctar agus ticéid á gceannach ar leithligh ó na hoibreoirí éagsúla.

Daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

Áirítear leis an togra ón gCoimisiún roinnt feabhsuithe a chuideoidh le baint amach na sprice i dtaca le taisteal d’iarnród san Eoraip a dhéanamh níos inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Níl réiteach sa togra, áfach, ar an bhfadhb is mó a mbíonn ar na daoine sin dul i ngleic léi, eadhon an nós imeachta maidir le réamhfhógra 48 n-uair an chloig a thabhairt roimh thaisteal chun an cúnamh atá ag teastáil a chur in áirithe. Laghdaítear go mór, dá thoradh seo, soghluaisteacht agus saoirse daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus níl sé sin i gcomhréir le hAirteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) ina luaitear gur cheart go mbainfí amach an deis taisteal go neamhspleách, go spontáineach agus gan chúnamh. I roinnt Ballstát, tá córas dea-fheidhmiúil i bhfeidhm ina bhfuil gá le fógra i bhfad níos giorra. Dá bhrí sin, tá an Rapóirtéir ag moladh go ndéanfaí a bhfuil sa togra ón gCoimisiún a athrú ó 48 n-uair an chloig go 24 uair an chloig ag stáisiúin bheaga agus córas ‘isteach leat agus ar aghaidh leat’ a bheith i bhfeidhm do stáisiúin níos mó. I measc na moltaí eile atá ann chun taisteal d’iarnród a dhéanamh níos inrochtana, tá an fhaisnéis a chur ar fáil ar bhealach níos éasca trí bhealaí dáileacháin idirlín nó bealaí dáileacháin foireann-oibrithe mar aon le dualgas a chur ar ghnóthais iarnróid faisnéis maidir le scor seirbhisí a chur ar fáil go díreach i bhformáidí inrochtana.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ar an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  D'ainneoin dul chun cinn nach beag maidir le tomhaltóirí a chosaint san Aontas, tá tuilleadh feabhsuithe fós le déanamh i dtaca le cearta paisinéirí iarnróid a chosaint.

(3)  D’ainneoin dul chun cinn nach beag maidir le tomhaltóirí a chosaint san Aontas, tá tuilleadh feabhsuithe fós le déanamh i dtaca le cearta paisinéirí iarnróid a chosaint agus chun a áirithiú go ndéanfar iad a chúiteamh as moilleanna, as cealuithe agus as aon damáiste do mhaoin.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Trí na cearta céanna a dheonú do phaisinéirí iarnróid atá ar thurais idirnáisiúnta agus ar thurais intíre, ba cheart cur leis an leibhéal cosanta don tomhaltóir san Aontas, cothrom iomaíochta a áirithiú do ghnóthais iarnróid agus cearta ar leibhéal comhionann a ráthú do phaisinéirí.

(5)  Trí na cearta céanna a dheonú do phaisinéirí iarnróid atá ar thurais idirnáisiúnta agus ar thurais intíre, ba cheart cur le leibhéal chearta na bpaisinéirí san Aontas, go háirithe maidir leis an rochtain atá acu ar fhaisnéis agus ar chúiteamh i gcás moille nó cealú. Ba cheart go bhfaigheadh paisinéirí faisnéis chomh beacht agus is féidir maidir lena gcearta.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Ní hionann carachtar seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí agus carachtar seirbhísí fadachair. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí, nach seirbhísí trasteorann laistigh den Aontas iad, a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe maidir le cearta paisinéirí.

(6)  Ní hionann carachtar traenacha meitreo, tramanna agus seirbhísí iarnróid éadroime do phaisinéirí agus carachtar seirbhísí fadachair. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit traenacha meitreo, tramanna agus seirbhísí iarnróid éadroime eile do phaisinéirí, nach seirbhísí trasteorann laistigh den Aontas iad, a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe maidir le cearta paisinéirí.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Cuimsítear le cearta na n-úsáideoirí chun seirbhísí iarnróid faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís roimh an turas agus lena linn. Aon uair is féidir, ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do dhíoltóirí ticéad an fhaisnéis sin a chur ar fáil roimh ré agus a luaithe is féidir. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

(9)  Le cearta na dtomhaltóirí chun seirbhísí iarnróid, cuimsítear faisnéis a fháil maidir leis na roghanna iarnróid uile atá ar fáil agus an tseirbhís roimh an turas, lena linn agus ina dhiaidh. Ba cheart do ghnóthais iarnróid, do dhíoltóirí ticéad agus do thionscnóirí turas an fhaisnéis sin a sholáthar roimh ré agus i bhfíor-am. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus ba cheart í a bheith ar fáil go poiblí.

Réasúnú

Tagraíonn an aithris seo d’Airteagal 9(2), ar cuid den athmhúnlú é.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)  Beidh córais iompair ilmhódacha dhea-fhorbartha paisinéirí ina gcuidiú chun spriocanna aeráide a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid teaglaim le modhanna eile iompair a fhógairt ionas go mbeidh úsáideoirí iarnróid ar an eolas fúthu sula ndéanfaidh siad a gcuid áirithintí taistil.

Réasúnú

Tagraíonn an aithris seo d’Airteagal 9(2), ar cuid den athmhúnlú é.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a)  San áireamh sa cheanglas maidir le rochtain a sholáthar ar shonraí faisnéise taistil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, tá faisnéis oibríochtúil i bhfíor-am maidir le sceidil nó le hamchláir, naisc idirmhódacha, suíocháin atá ar fáil, táillí agus taraifí is infheidhme, áirithintí éigeantacha agus aon choinníollacha speisialta is infheidhme. Ba cheart do ghnóthais iarnróid gach tionscnóir turas agus díoltóir ticéad a chumasú chun conarthaí iompair a thabhairt i gcrích go rathúil, arb é is toradh dóibh ticéid, tréthicéid, áirithintí agus tairiscintí tráchtála a bhaineann leo a eisiúint, mar shampla ticéid chun rothar nó bagáiste toirtiúil a iompar, nuair is gá sin. Mar thoradh air sin, is amhlaidh go mbeidh taisteal níos inrochtana do phaisinéirí agus go mbeidh raon níos leithne deiseanna agus taraifí taistil ar fáil do phaisinéirí.

Réasúnú

Baineann sé le hAithris 12, ar cuid den athmhúnlú í.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12b)  Agus rochtain ar chórais faisnéise nó áirithinte taistil á soláthar trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir (APInna), ba cheart do ghnóthais iarnróid a áirithiú go mbainfidh APInna úsáid as caighdeáin oscailte, prótacail a úsáidtear go coitianta, agus formáidí meaisín-inléite. Murab ann do na caighdeáin, na prótacail ná na formáidí sin, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as próisis oscailte le haghaidh doiciméadú, forbairt agus caighdeánú i dtaca le caighdeáin, prótacail nó formáidí a chruthú. Ba cheart do ghnóthais iarnróid iad a chur ar fáil saor in aisce.

Réasúnú

Baineann sé le hAithris 12, ar cuid den athmhúnlú í.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12c)  Má bhunaítear bearta teicniúla lena gcuirtear cosc ar na páirtithe nó lena gcuirtear iad faoi bhuntáiste ó thaobh faisnéis taistil a aisghabháil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí de, nach na comhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir iad, amhail a suíomhanna gréasáin, ba cheart a mheas go bhfuil an méid sin idirdhealaitheach.

Réasúnú

Baineann sé le hAithris 12, ar cuid den athmhúnlú í.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Tá impleachtaí ag an méadú ar an tóir ar an rothaíocht ar fud an Aontais don tsoghluaisteacht agus don turasóireacht ar an mórgóir. Le méadú ar an gcion módach atá ag úsáid an iarnróid agus na rothaíochta, laghdaítear tionchar an iompair ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid é a éascú a oiread agus is féidir turais rothaíochta agus turais traenach a dhéanamh le chéile, go háirithe trí iompar rothar ar bord traenacha a cheadú.

(13)  Tá impleachtaí ag an méadú ar an tóir ar an rothaíocht ar fud an Aontais don tsoghluaisteacht agus don turasóireacht ar an mórgóir. Le méadú ar an gcion módach atá ag úsáid an iarnróid agus na rothaíochta, laghdaítear tionchar an iompair ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid a éascú a mhéid is féidir, turais rothaíochta agus turais traenach a dhéanamh le chéile, go háirithe trí thoilleadh leormhaith le haghaidh iompar sábháilte rothar ar bord traenacha de gach cineál a sholáthar, lena n-áirítear ar thraenacha fadachair agus trasteorann.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a)  Níor cheart diúltú rothair a iompar ar bord na traenach, ná srian a chur leis, ach ar chúiseanna sábháilteachta a bhfuil údar cuí tugtha leo. Ba cheart baint a bheith ag cúiseanna den sórt sin le sábháilteacht paisinéirí, go háirithe, chun bealaí éalaithe éigeandála a choinneáil saor ó bhaic agus chun díobháil fhisiceach do phaisinéirí a sheachaint.

Réasúnú

Baineann sé le hAithris 13, ar cuid den athmhúnlú í.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid aistriú paisinéirí iarnróid ó oibreoir go hoibreoir a éascú trí thréthicéid a chur ar fáil, aon uair is féidir.

(14)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid, do dhíoltóirí ticéad agus do thionscnóirí turas aistriú paisinéirí iarnróid ó oibreoir go hoibreoir eile a éascú trí thréthicéid a sholáthar. I gcás ina bhfuil praghsanna tréthicéad éagsúil go suntasach ó phraghsanna ticéad a ceannaíodh ar leithligh, ba cheart dóibh é sin a léiriú go soiléir. Agus tréthicéid á n-eisiúint acu, ba cheart dóibh a chur san áireamh gur cheart am leordhóthanach a bheith ag an bpaisinéir aistriú ó sheirbhís amháin go seirbhís eile.

Réasúnú

Tá an leasú seo nasctha leis an leasú ar Airteagal 17(8), ar cuid den athmhúnlú é.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  I bhfianaise Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil de bhus agus de chóiste atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh le linn a dturais. Tá an ceart céanna chun saorghluaiseachta, chun saor-rogha agus chun neamh-idirdhealaithe ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, cibé acu míchumas, aois nó aon toisc eile is cúis leis,. agus atá ag gach saoránach eile. Inter alia, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe maidir le hinrochtaineacht seirbhísí iarnróid, le coinníollacha rochtana an rothstoic agus leis na háiseanna ar bord. Chun an fhaisnéis is fearr faoi mhoilleanna a sholáthar do phaisinéirí a bhfuil mallachar céadfa orthu, ba cheart córais amhairc agus inchloiste a úsáid, de réir mar is iomchuí. Ba cheart daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bheith in ann ticéid a cheannach ar an traein gan táillí breise. Ba cheart oiliúint iomchuí a bheith ar na baill foirne le freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go háirithe nuair atá cúnamh á thabhairt acu dóibh. Le coinníollacha comhionanna taistil a áirithiú, ba cheart cúnamh a thabhairt do na daoine sin ag stáisiúin agus ar bord traenach na huaireanta uile a oibrítear na traenacha agus ní ag uaireanta áirithe den lá amháin.

(15)  I bhfianaise Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil d’iarnród atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh roimh a dturas agus lena linn. Tá an ceart céanna chun saorghluaiseachta agus chun neamh-idirdhealú ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, cibé acu míchumas, aois nó aon toisc eile is cúis leis, agus atá ag gach saoránach eile. Inter alia, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe maidir le hinrochtaineacht seirbhísí iarnróid, coinníollacha rochtana an rothstoic agus na saoráidí ar bord. Chun an fhaisnéis is fearr faoi mhoilleanna a sholáthar do phaisinéirí a bhfuil míchumas céadfach orthu, ba cheart córais amhairc agus inchloiste a úsáid, de réir mar is iomchuí. Ba cheart do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bheith in ann ticéid a cheannach ar an traein gan táillí breise i gcás nach ann d’aon bhealach eile chun ticéid a cheannach roimh ré. Ba cheart oiliúint iomchuí a bheith ar na baill foirne chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go háirithe nuair atá cúnamh á thabhairt acu dóibh. Chun coinníollacha comhionanna taistil a áirithiú, ba cheart cúnamh saor in aisce a thabhairt do na daoine sin ag stáisiúin agus ar bord traenach na huaireanta uile a oibrítear na traenacha agus ní ag uaireanta áirithe den lá amháin.

Réasúnú

Ní féidir ticéad a cheannach ar an traein i gcónaí. Ní bhíonn baill foirne ar bord na dtraenacha go léir chun ticéid a dhíol. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha soiléire a leagan síos chun an cás seo a chumhdach. Tá an leasú seo nasctha le hAirteagal 10(5), ar cuid den athmhúnlú é.

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin aird a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, tríd an STI do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, i gcomhréir le rialacha soláthair phoiblí an Aontais , go háirithe Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26, ba cheart gach foirgneamh agus rothstoc a dhéanamh inrochtana trí dheireadh a chur de réir a chéile le constaicí fisiceacha agus bacainní feidhmithe agus ábhar nua á fháil nó nuair a bheidh obair thógála nó mórobair athchóirithe ar siúl.

(16)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin aird a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, trí STI do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chomhlíonadh, agus trí Threoir XXX a chomhlíonadh agus STI á chomhlánú. Chomh maith leis sin, i gcomhréir le rialacha soláthair phoiblí an Aontais, go háirithe Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26, ba cheart gach foirgneamh agus rothstoc a dhéanamh inrochtana trí dheireadh a chur de réir a chéile le constaicí fisiceacha agus bacainní feidhmithe agus ábhar nua á fháil nó nuair a bheidh obair thógála nó mórobair athchóirithe ar siúl.

__________________

__________________

26 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

26 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

Réasúnú

I gcás nach bhfuil na ceanglais inrochtaineachta cumhdaithe faoi ghníomhartha maidir le STInna, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht (Treoir XXX). Tá sé mar aidhm le Treoir XXX reachtaíocht earnálach an Aontais atá ann cheana a chomhlánú trí ghnéithe nach bhfuil cumhdaithe go fóill faoin reachtaíocht sin a chumhdach.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)  Is inmhianaithe go gcruthódh an Rialachán seo córas cúitimh do phaisinéirí i gcás moille a mbeadh baint aici le dliteanas an ghnóthais iarnróid, ar an mbonn céanna leis an gcóras idirnáisiúnta dá bhforáiltear le COTIF agus go háirithe le rialacha comhionanna CIV a ghabhann leis maidir le cearta paisinéirí. I gcás moill ar sheirbhís paisinéirí, ba cheart do ghnóthais iarnróid cúiteamh a thabhairt do phaisinéirí bunaithe ar chéatadán de phraghas an ticéid.

(17)  Is inmhianaithe go gcruthófaí leis an Rialachán seo córas cúitimh do phaisinéirí i gcás moill a mbeadh baint aici le dliteanas an ghnóthais iarnróid, ar an mbonn céanna leis an gcóras idirnáisiúnta dá bhforáiltear le COTIF agus go háirithe le Rialacha Aonfhoirmeacha CIV a ghabhann leis maidir le cearta paisinéirí. Ba cheart ticéid cheannaithe a bheith in-aisíoctha go hiomlán. I gcás moill ar sheirbhís paisinéirí, ba cheart do ghnóthais iarnróid cúiteamh a thabhairt do phaisinéirí bunaithe ar chéatadán suas le 100% de phraghas an ticéid.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Ba cheart gnóthais iarnróid a bheith faoi cheangal árachas a bheith acu, nó socruithe coibhéiseacha a dhéanamh, in aghaidh a ndliteanais i leith paisinéirí iarnróid i gcás tionóisce. I gcás ina socróidh na Ballstáit uasmhéid do dhamáistí cúiteacha as bás paisinéirí nó díobháil phearsanta do phaisinéirí, ba cheart an méid sin a bheith coibhéiseach, ar a laghad, leis an méid a leagtar amach i rialacha comhionanna CIV.

(18)  Ba cheart oibleagáid a bheith ar ghnóthais iarnróid árachas a bheith acu, nó socruithe coibhéiseacha a dhéanamh, in aghaidh a ndliteanais i leith paisinéirí iarnróid i gcás tionóisce. I gcás ina socróidh na Ballstáit uasmhéid do dhamáistí cúiteacha as bás paisinéirí nó díobháil phearsanta do phaisinéirí, ba cheart an méid sin a bheith coibhéiseach, ar a laghad, leis an méid a leagtar amach i Rialacha Aonfhoirmeacha CIV. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit méadú a dhéanamh ar an méid do dhamáistí cúiteacha i gcás bás paisinéirí nó díobháil phearsanta do phaisinéirí tráth ar bith.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a)  Maidir le tionóiscí de réir bhrí an Rialacháin seo, ba cheart go n-áireofaí orthu freisin éifeachtaí díobhálacha ar shláinte paisinéirí de bharr phlódú urranna na dtraenacha paisinéirí, seachas i gcás ina n-iompraítear paisinéirí i dtraenacha paisinéirí i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Rialachán seo. Thairis sin, maidir le tionóiscí de réir bhrí an Rialacháin seo, ba cheart go n-áireofaí orthu éifeachtaí díobhálacha ar shláinte paisinéirí de bharr nach ann do chórais aerchóirithe, nach mbaintear úsáid astu nó nach n-oibríonn siad, agus na dálaí teochta nó bogthaise aeir a bhaineann leis sin, ar dálaí iad atá dofhulaingthe do phaisinéirí.

Réasúnú

Chun bealaí éalaithe dlíthiúla atá chun dochair don phaisinéir a sheachaint agus go háirithe, ach ní go heisiach é, i gcomhréir le meon aithris 3 agus aithris 5 den Rialachán, ba cheart éifeachtaí díobhálacha eile ar shláinte paisinéirí a rialáil, i gcás ina dtagann siad chun cinn mar gheall ar locht nó ar fhaillí an iompróra agus gur féidir iad a ionannú le tionóisc ar bhealach níos leithne.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)  I gcás moille, ba cheart roghanna iompair ar leanúint nó athródaithe ar choinníollacha iompair inchomparáide a chur ar fáil do na paisinéirí. Ba cheart riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh ina leithéid sin de chás.

(20)  I gcás moille, ba cheart roghanna iompair ar leanúint nó athródaithe ar choinníollacha iompair inchomparáide a chur ar fáil do na paisinéirí. Ba cheart go háirithe riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh ina leithéid sin de chás.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)  Níor cheart iallach a bheith ar ghnóthas iarnróid cúiteamh a íoc, áfach, más féidir leis a chruthú gur rí-dhrochaimsir nó mórthubaistí nádúrtha a chuirfeadh oibriú sábháilte na seirbhísí i mbaol ba chúis leis an moill. Ba cheart aon teagmhas den sórt sin a bheith ina mhatalang nádúrtha eisceachtúil, seachas gnáthaimsir an tséasúir a bheith ann, amhail stoirmeacha fómhair nó tuilte uirbeacha a tharlaíonn go tráthrialta de dheasca na dtaoidí nó leá sneachta. Ba cheart do ghnóthais iarnróid a chruthú nár fhéad siad an mhoill a thuar ná a chosc fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta.

scriosta

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)  I gcomhar le bainisteoirí bonneagair agus le gnóthais iarnróid, ba cheart do bhainisteoirí stáisiúin pleananna teagmhais a ullmhú chun an tionchar de dheasca mórbhriseadh ar sheirbhísí a íoslaghdú trí fhaisnéis iomchuí agus aire iomchuí a thabhairt do phaisinéirí atá sáinnithe.

(22)  I gcomhar le bainisteoirí bonneagair agus le gnóthais iarnróid, ba cheart do bhainisteoirí stáisiúin pleananna teagmhais a ullmhú agus a chur ar fáil go poiblí chun an tionchar de dheasca mórbhriseadh ar sheirbhísí a íoslaghdú trí fhaisnéis iomchuí agus aire iomchuí a thabhairt do phaisinéirí atá sáinnithe.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)  Níor cheart srian a chur leis an Rialachán seo ar chearta na ngnóthas iarnróid cúiteamh a lorg ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta infheidhme.

(23)  Níor cheart srian a chur leis an Rialachán seo ar chearta na ngnóthas iarnróid, na ndíoltóirí ticéad, na mbainisteoirí stáisiúin, agus na mbainisteoirí bonneagair cúiteamh a lorg i gcás inarb infheidhme ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, as a gcuid oibleagáidí i leith paisinéirí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)  Ba cheart paisinéirí iarnróid a bheith in ann gearán a dhéanamh le haon ghnóthas iarnróid lena mbaineann maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar leis an Rialachán seo agus a bheith i dteideal freagra a fháil laistigh de thréimhse réasúnta.

(27)  Ba cheart paisinéirí iarnróid a bheith in ann gearán a dhéanamh le haon ghnóthas iarnróid, díoltóir ticéad, bainisteoir stáisiúin nó bainisteoir bonneagair lena mbaineann maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar leis an Rialachán seo agus a bheith i dteideal freagra a fháil laistigh de thréimhse réasúnta.

Réasúnú

Mar a leagtar síos in Airteagal 28(2), féadfaidh paisinéirí iarnróid gearán a chur faoi bhráid aon ghnóthais iarnróid, aon díoltóra ticéad, aon bhainisteora stáisiúin nó aon bhainisteora bonneagair lena mbaineann.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin caighdeáin cháilíochta seirbhíse do sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí a shainiú, a chur ar fáil don phobal, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu.

(28)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin caighdeáin cháilíochta seirbhíse do sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí a shainiú, a chur ar fáil don phobal, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear na caighdeáin sin do dhaoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Réasúnú

Tá baint ag an leasú seo le hAithris 15 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Ba cheart go n-áireofaí daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcaighdeáin cháilíochta seirbhíse freisin.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)  Chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a choinneáil san iompar d'iarnród, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe a ainmniú chun faireachán grinn a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus an Rialachán seo a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na comhlachtaí sin a bheith in ann bearta forfheidhmiúcháin éagsúla a dhéanamh. Ba cheart paisinéirí a bheith in ann gearán a dhéanamh leis na comhlachtaí sin faoi sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo. Chun a áirithiú go láimhseálfar go sásúil na gearáin sin, ba cheart do na comhlachtaí comhoibriú le chéile freisin.

(29)  Chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a choinneáil san iompar d’iarnród, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe a ainmniú chun faireachán grinn a dhéanamh ar an Rialachán seo agus é a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na comhlachtaí sin a bheith in ann bearta forfheidhmithe éagsúla a dhéanamh, agus an rogha a thabhairt do phaisinéirí maidir le réiteach malartach díospóidí ceangailteach, i gcomhréir le Treoir 2013/11/EU1a. Ba cheart do phaisinéirí a bheith in ann gearán a dhéanamh leis na comhlachtaí sin faoi sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo, agus leas a bhaint as réiteach díospóide ar líne arna bhunú faoi Rialachán Uimh. 524/2013/EU1b, i gcás ina gcomhaontaítear sin. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfaidh eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí paisinéirí gearáin a dhéanamh. Chun a áirithiú go láimhseálfar gearáin den sórt sin ar bhealach sásúil, ba cheart do na comhlachtaí comhoibriú le chéile freisin agus ba cheart go leanfaí den Rialachán seo a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1c. Gach bliain, déanfaidh comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe tuarascálacha a fhoilsiú ina bhfuil staidreamh maidir lena suíomhanna gréasáin, ina sonraítear líon agus cineál na ngearán a fuair siad, agus toradh a ngníomhaíochtaí forfheidhmithe. Ina theannta sin beidh na tuarascálacha sin le fáil ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

 

__________________

 

1a Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhatóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE IO L 165, 18.06.2013, lch. 14.

 

1b Rialachán (AE) Uimh. 534/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne do dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).

 

1c Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)  Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach agus d'fhéadfadh íocaíocht cúitimh leis an duine a bheadh i gceist a bheith san áireamh leo.

(31)  Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Na pionóis, a bhféadfaí íocaíocht cúitimh leis an duine lena mbaineann a áireamh leo, ba cheart go mbeidís éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus ba cheart go n-áireofaí orthu fíneáil íosta nó céatadán de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais ábhartha nó na heagraíochta sin, cibé acu is airde, ach níor cheart iad a bheith teoranta dó sin.

Réasúnú

Ní raibh foráil chuí maidir le forfheidhmiú ann agus bhí sé sin ar cheann de na príomhchúiseanna a bhí leis an Rialachán seo a athmhúnlú. Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach a áirithiú go bhfuil pionóis athchomhairleach d’fhonn gnóthais a dhíspreagadh ó ghníomhú lasmuigh d’fhorálacha an Rialacháin seo. Tá dlúthbhaint idir seo agus leasuithe eile maidir le forfheidhmiú i gCaibidil VII, lena n-áirítear na leasuithe sin maidir le feabhas a chur ar chumas agus ar éifeachtacht na gcomhlachtaí forfheidhmithe agus le cúnamh a thabhairt do phaisinéirí gearáin a dhéanamh.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ábhar

Ábhar agus cuspóirí

Réasúnú

Athmhúnlaíodh an Rialachán athmhúnlaithe chun cothromaíocht a aimsiú idir cearta paisinéirí iarnróid a neartú agus aird a thabhairt ar leas an phobail i gcoitinne maidir le tacaíocht a thabhairt d’iarnród mar mhodh iompair. Tá na cuspóirí leagtha amach san Airteagal seo agus dá bhrí sin ba cheart iad a aithint sa teideal, mar tá dlúthbhaint idir sin agus leasuithe eile sa téacs, agus tá dea-chleachtas ann freisin maidir le dréachtú dlíthiúil.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha is infheidhme maidir leis an iompar d'iarnród i dtaca leis na nithe seo a leanas:

Chun foráil a dhéanamh do chosaint éifeachtach paisinéirí agus chun taisteal d’iarnród a spreagadh, bunaítear leis an Rialachán seo rialacha is infheidhme maidir leis an iompar d’iarnród i dtaca leis na nithe seo a leanas:

Réasúnú

Féach an réasúnú sa leasú roimhe seo.

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  cearta na bpaisinéirí i gcás cealú nó moille;

(d)  cearta agus cúiteamh na bpaisinéirí i gcás briseadh, amhail cealú nó moill;

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  an méid is lú faisnéis a bheidh le cur ar fáil do phaisinéirí;

(e)  an méid is lú faisnéis a sholáthróidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas do phaisinéirí ar dhóigh atá cruinn agus tráthúil agus inrochtana go héasca;

Réasúnú

Tá dlúthbhaint idir an leasú seo agus Caibidil II go háirithe.

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h)  gearáin a láimhseáil;

(h)  nósanna imeachta cuí chun gearáin a láimhseáil;

Réasúnú

D’fhonn sprioc an fhorfheidhmithe feabhsaithe laistigh den Rialachán athmhúnlaithe a chomhlíonadh, tá sé tábhachtach go mbeidh tomhaltóirí agus comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe araon in ann brath ar nósanna imeachta láidre lena n-éascófar próiseáil gearán ar dhóigh atá níos éasca agus níos tráthúla. Tá dlúthbhaint idir seo agus na leasuithe i gCaibidil VII go háirithe.

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí dá dtagraítear i dTreoir 2012/34/AE, ach amháin seirbhísí trasteorann laistigh den Aontas;

(a)  traenacha meitreo, tramanna agus seirbhísí iarnróid éadroime eile do phaisinéirí dá dtagraítear i dTreoir 2012/34/AE agus a shainítear tuilleadh i dTreoir 2016/797/AE;

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí a n-oibrítear cuid shuntasach díobh, lena n-áirítear aon stad stáisiúin sceidealta amháin ar a laghad, lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go n-áirithítear go hiomchuí cearta na bpaisinéirí faoin dlí náisiúnta ábhartha ar chríoch an Bhallstáit atá ag deonú na díolúine.

(b)  seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí a n-oibrítear cuid shuntasach díobh, lena n-áirítear stad stáisiúin sceidealta amháin ar a laghad, lasmuigh den Aontas, ach amháin i gcás na coda de nach n-oibrítear i gcríoch an Bhallstáit atá ag deonú na díolúine;

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)  seirbhisí iarnróid do phaisinéirí a bhaineann úsáid as feithiclí a chuirtear i leataobh d’úsáid stairiúil nó d’úsáid ag turasóirí.

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhíolúintí arna ndeonú de bhun phointe (a) agus phointe (b) de mhír 2, agus faoi iomchuibheas a ndlí náisiúnta ar a gcríoch chun críocha phointe (b) de mhír 2.

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhíolúintí arna ndeonú de bhun phointí (a), (b) agus (ba) de mhír 2.

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Beidh feidhm ag Airteagail 5, 10, 11 agus 25 agus ag Caibidil V maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear seirbhísí arna ndíolmhú i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 2.

4.  Beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6, 7, 11 agus 12 agus ag Caibidil V maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear seirbhísí arna ndíolmhú i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo. Beidh feidhm ag Airteagal 10 agus Airteagal 17 maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear seirbhísí arna ndíolmhú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo.

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  ciallaíonn ‘díoltóir ticéad’ aon mhiondíoltóir seirbhísí iompair d'iarnród, a thugann conarthaí iompair i gcrích agus a dhíolann ticéid thar ceann gnóthas iarnróid nó ar a chuntas féin;

(5)  ciallaíonn ‘díoltóir ticéad’ aon mhiondíoltóir seirbhísí iompair d’iarnród, a thugann conarthaí iompair i gcrích agus a dhíolann ticéid agus tréthicéid thar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó nó ar a chuntas féin;

Réasúnú

Tá an leasú seo nasctha le hAirteagal 10(1) agus (6), ar cuid den athmhúnlú iad.

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)  ciallaíonn ‘ticéad’ fianaise bhailí lena bhfuil an paisinéir i dteideal taisteal d’iarnród, gan beann ar a foirm (páipéar, ríomhthicéad, Cárta cliste, cárta taistil);

Réasúnú

D’fhéadfadh ticéad a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, go háirithe i bhfianaise na forbartha ar ardáin ar líne. Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh sé soiléir gur fianaise bhailí atá i gceist, gan beann ar fhoirm na fianaise, lena mbeidh an paisinéir i dteideal taisteal ar sheirbhís iarnróid.

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  ciallaíonn ‘tréthicéad’ ticéad nó ticéid a fhreagraíonn do chonradh iompair aonair do sheirbhísí iarnróid leanúnacha arna n-oibriú ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó;

(8)  ciallaíonn ‘tréthicéad’ ticéad nó ticéid ar leith a fhreagraíonn do sheirbhísí iarnróid comhleanúnacha arna n-oibriú ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, arna cheannach ón díoltóir ticéad céanna, ón tionscnóir turas céanna nó ón ngnóthas iarnróid céanna i gcomhair turas ceann go ceann;

Réasúnú

Tá an leasú seo nasctha le hAirteagal 10(1) agus (6), ar cuid den athmhúnlú é.

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  ciallaíonn ‘turas’ iompar paisinéara idir stáisiún an imeachta agus stáisiún an teachta faoi chonradh iompair aonair;

(10)  ciallaíonn ‘turas’ iompar paisinéara idir stáisiún an imeachta agus stáisiún an teachta;

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a)  ciallaíonn ‘turas aonair iarnróid is fearr’ an turas aontreo iarnróid is fearr (mar shampla an ceann is saoire, is tapúla nó is áisiúla) idir dhá stáisiún iarnróid ar bith (an dá cheann taobh istigh de Bhallstát agus thar theorainneacha inmheánacha an Aontais), lena bhféadfaí ceann amháin, dhá cheann nó níos mó de sheirbhísí iarnróid comhleanúnacha a áireamh agus lena n-urramófaí íoschaighdeáin amanna naisc mar a sholáthraíonn pleanálaithe oifigiúla iarnróid, agus ina bhféadfaí níos mó ná ticéad amháin comhleanúnach nó conradh iompair a chuimsiú, ag brath ar cibé réiteach is fearr a fheileann don phaisinéir.

Réasúnú

Le teicneolaíocht reatha is féidir le paisinéirí turais iarnróid chomhleanúnacha a chur in áirithe agus an réiteach is fearr dá dturas (e.g. an ceann is saoire, is tapúla nó is áisiúla) a roghnú gan beann ar líon na dticéad (ticéad aonair nó ticéid chomhleanúnacha ar leith). Leis an sainmhíniú sin, tugtar soiléiriú d’Airteagal 3(8) agus tugann sé comhsheasmhacht don Rialachán. Leis an leasú seo déantar an Rialachán seo a ailíniú leis na rialacháin lena rialaítear cearta paisinéirí i modhanna eile iompair (e.g. aeriompar). Leis an téarma ‘turas aonair iarnróid is fearr’, ceadaítear do phaisinéirí an rogha iompair is feiliúnaí a roghnú agus tá údar cuí leis i dtaca le forbairt teicneolaíochtaí nua.

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  ciallaíonn ‘duine faoi mhíchumas’ agus ‘duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe’ aon duine ar a bhfuil mallachar fisiceach, meabhrach, intleachta nó céadfach, buan nó sealadach, a d'fhéadfadh, ar idirghníomhú le bacainní éagsúla dó, bac a chur air úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as córacha iompair ar bhonn comhionann le paisinéirí eile nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe le linn córacha iompair a úsáid dó de thoradh a aoise;

(16)  ciallaíonn ‘duine faoi mhíchumas’ agus ‘duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe’ aon duine ar a bhfuil míchumas fisiceach, meabhrach, intleachta nó céadfach, buan nó sealadach, a d’fhéadfadh, ar idirghníomhú le bacainní éagsúla dó, bac a chur air úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as córacha iompair ar bhonn comhionann le paisinéirí eile nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe le linn dó córacha iompair a úsáid;

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a)  ciallaíonn ‘seirbhís iarnróid éadroim do phaisinéirí’ seirbhís arna rith ag córas iompair iarnróid uirbeach agus/nó fo-uirbeach ag a bhfuil acmhainn cosanta i gcás tuairte C-III nó C-IV (i gcomhréir le EN 15227:2011) agus uasneart feithicle 800 kN (fórsa comhbhrúiteach fadchearchaill sa limistéar cúplála); féadfaidh córais iarnróid éadroim a gceart slí féin a bheith acu nó é a roinnt le trácht de bhóthar agus go hiondúil ní dhéantar malartú feithicle le paisinéirí fadachair nó le trácht lastais;

Réasúnú

Tá an leasú seo nasctha le hAirteagal 2(2), ar cuid den athmhúnlú é.

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19a)  ciallaíonn ‘comhéadan ríomhchláraithe feidhmchláir’ comhéadan leictreonach i gcomhair aisghabháil faisnéise maidir le sceidil agus amchláir, naisc idirmhódacha, lena n-áirítear faisnéis i bhfíor-am faoi mhoilleanna féideartha, suíocháin atá ar fáil, táillí is infheidhme, áirithintí éigeantacha agus coinníollacha speisialta, inrochtaineacht seirbhísí iompair, lena gceadaítear freisin ticéid, tréthicéid agus áirithintí a cheannach.

Réasúnú

Is gá an sainmhíniú nua seo le teacht isteach na bhforálacha nua in Airteagal 10(a) (nua).

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gan dochar do tharaifí sóisialta, cuirfidh gnóthais iarnróid díoltóirí ticéad coinníollacha conartha agus taraifí ar fáil don phobal i gcoitinne gan idirdhealú, díreach ná indíreach, ar bhonn náisiúntacht nó áit chónaithe an chustaiméara deiridh, ar bhonn na háite ina bhfuil an gnóthas iarnróid nó an díoltóir ticéad bunaithe laistigh den Aontas.

Gan dochar do tharaifí sóisialta, cuirfidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas coinníollacha conartha agus taraifí ar fáil agus díolfaidh siad ticéid agus tréthicéid don phobal i gcoitinne, agus glacfaidh siad le háirithintí ó phaisinéirí, gan idirdhealú, díreach ná indíreach, go háirithe ar bhonn náisiúntacht, thionscnamh nó áit chónaithe an phaisinéara deiridh, nó ar bhonn na háite ina bhfuil an gnóthas iarnróid nó an díoltóir ticéad bunaithe laistigh den Aontas. Thairis sin, laistigh de raon na modhanna íocaíochta a nglacann na gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas leo, ní dhéanfaidh siad, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht nó áit chónaithe paisinéara, suíomh an chuntais íocaíochta, áit bhunaithe an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta nó áit eisiúna na hionstraime íocaíochta laistigh den Aontas, coinníollacha éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh idirbheart íocaíochta, más rud é:

 

(a) go ndéantar an t-idirbheart íocaíochta trí bhíthin idirbheart leictreonach trí aistriú creidmheasa, trí dhochar díreach nó trí ionstraim íocaíochta cártabhunaithe laistigh den bhranda agus den chatagóir íocaíochta céanna;

 

(b) go gcomhlíontar riachtanais maidir le fíordheimhniúchán de bhun Threoir (AE) 2015/2366; agus

 

(c) go mbíonn na hidirbhearta íocaíochta in airgeadra lena nglacann an gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóirí turas.

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh paisinéirí i dteideal rothair a bhreith leo ar bhord na traenach, ar tháille réasúnta i gcás inarb iomchuí. Coinneoidh siad a rothair faoina gcúram le linn an turais agus áiritheoidh siad nach ndéanfar aon chiotaí ná damáiste do phaisinéirí eile, do threalamh soghluaisteachta, do bhagáiste ná d'oibríochtaí iarnróid. Féadfar diúltú rothair a iompar, nó srian a chur leis, ar chúiseanna sábháilteachta nó oibríochta, ar choinníoll go gcuirfidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, tionscnóirí turas agus, i gcás inarb iomchuí, bainisteoirí stáisiúin, paisinéirí ar an eolas faoi na coinníollacha le haghaidh diúltú nó srian den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 454/2011.

Beidh paisinéirí i dteideal rothair a bhreith leo ar bord na traenach, bídís cóimeáilte nó ná bídís, lena n-áirítear ar thraenacha ardluais, fadachair agus trasteorann. Cuirfear an tseirbhís sin ar fáil saor in aisce nó, i gcásanna eisceachtúla, ar tháille réasúnta. Beidh spásanna leordhóthanacha, dea-léirithe tiomnaithe san áireamh i ngach rothstoc nua nó athchóirithe le haghaidh iompar rothar cóimeáilte. Ní fhéadfar diúltú rothair a iompar, nó srian a chur leis, ach amháin ar chúiseanna sábháilteachta a bhfuil údar cuí leo, ar choinníoll go gcuirfidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, tionscnóirí turas agus, i gcás inarb iomchuí, bainisteoirí stáisiúin, paisinéirí ar an eolas, tráth a dhéantar an ticéad a cheannach ar a dhéanaí, faoi na coinníollacha maidir le iompar rothar ar gach seirbhís i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 454/2011.

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Féadfaidh gnóthais iarnróid coinníollacha conartha a thairiscint a bheidh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.  Féadfaidh gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas nó díoltóirí ticéad coinníollacha conartha a thairiscint a bheidh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Réasúnú

Aithnítear leis sin nach iad gnóthais iarnróid amháin a tháirgeann ticéid do phaisinéirí agus ní dhéanann sé sin difear don chaidreamh gnólacht le gnólacht/don tsaoirse conartha idir na gnóthais iarnróid agus tionscnóirí turas/díoltóirí ticéad agus tá sé i gcomhréir leis an téacs ón gCoimisiún i gCaibidil II.

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar maidir le scor seirbhísí iarnróid

Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar agus comhairliúchán a dhéanamh maidir le scor nó laghdú sunstasach seirbhísí iarnróid

Réasúnú

Agus aird á tabhairt ar a bhfuil beartaithe leis an Rialachán seo agus le leasuithe molta an Choimisiúin a ghabhann leis sin, chun cearta daoine faoi mhíchumas agus cearta daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a neartú, agus chomh maith leis sin cearta paisinéirí a fheabhsú go ginearálta, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcaithfidh gnóthais iarnróid go cothrom le paisinéirí. Dá bhrí sin, tá dlúthbhaint idir na leasuithe sin agus moltaí eile, lena n-áirítear moltaí maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag gnóthais agus maidir le neamh-idirdhealú i gcoinne paisinéirí in Airteagal 1 agus Caibidlí gaolmhara agus na forálacha inrochtaineachta uile i gCaibidil V agus in áiteanna eile.

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Poibleoidh na gnóthais iarnróid nó, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla atá freagrach as conradh seirbhísí poiblí iarnróid, ar na dóigheanna is iomchuí, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX31, cinntí maidir le scor seirbhísí iarnróid , bíodh sé buan nó sealadach, agus déanfar é sin roimh chur chun feidhme na gcinntí sin.

Poibleoidh gnóthais iarnróid nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla atá freagrach as conradh seirbhísí poiblí iarnróid, trí mhodhanna iomchuí, agus gan mhoill, lena n-áirítear i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX31, agus in am trátha sula gcuirfear chun feidhme iad, moltaí chun seirbhísí iarnróid a scor nó a laghdú go suntasach, bíodh sé go buan nó go sealadach, agus áiritheoidh siad go mbeidh na moltaí sin faoi réir comhairliúchán fóinteach agus cuí le geallsealbhóirí sula ndéanfar aon chur chun feidhme.

__________________

__________________

31 Treoir XXX maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (an Gníomh Eorpach Inrochtaineachta) (IO L X, X.X.XXXX, lch. X).

31 Treoir XXX maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (An Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht) (IO L X, X.X.XXXX, lch. X).

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair thar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, soláthróidh siad don phaisinéir, arna iarraidh sin dó , ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid I, maidir leis na turais a bhfuil an gnóthas iarnróid lena mbaineann ag tairiscint conradh iompair ina leith. Déanfaidh díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair ar a gcuntas féin, agus tionscnóirí turas, an fhaisnéis sin a sholáthar i gcás ina mbeidh fáil uirthi .

1.  Gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair thar a gceann féin nó thar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, soláthróidh siad don phaisinéir ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid I, maidir leis na turais a ndéanann an gnóthas iarnróid lena mbaineann conradh iompair a thairiscint ina leith.

Réasúnú

Chun cloí leis an loighic inmheánach agus le cuspóirí an Rialacháin, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfaighidh custaiméirí faisnéis chruinn agus thráthúil faoina dturas ó mhiondíoltóir ábhartha a dticéid. Tá dlúthbhaint aige sin leis na forálacha maidir le faisnéis lena n-áirítear Iarscríbhinn II ina hiomláine.

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I rith an turais , ag stáisiúin naisc san áireamh, soláthróidh gnóthais iarnróid agus, i gcás inar féidir, díoltóirí ticéad don phaisinéir ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid II.

2.  Le linn an turais, lena n-áirítear ag stáisiúin naisc, soláthróidh gnóthais iarnróid agus, i gcás inar féidir, tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad don phaisinéir ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid II.

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 san fhormáid is mó is iomchuí lena n-áirítear teicneolaíochtaí cumarsáide atá suas chun dáta a úsáid . Tabharfar aird ar leith ar a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin inrochtana ag daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX agus i Rialachán 454/2011.

3.  Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide atá inrochtana go héasca, in úsáid go coitianta agus suas chun dáta i bhfíor-am, agus i scríbhinn, j gcás inar féidir. Tabharfar aird ar leith ar a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin inrochtana ag daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX agus i Rialachán Uimh. 454/2011. Fógrófar go soiléir infhaighteacht formáidí inrochtana.

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Déanfaidh bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair sonraí fíor-ama maidir le traenacha, lena n-áirítear na traenacha a oibríonn gnóthais iarnróid eile, a chur ar fáil do ghnóthais iarnróid agus do dhíoltóirí ticéad, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

4.  Déanfaidh bainisteoirí stáisiúin, bainisteoirí bonneagair agus gnóthais iarnróid sonraí fíor-ama maidir le traenacha, lena n-áirítear na traenacha a oibríonn gnóthais iarnróid eile, a chur ar fáil do ghnóthais iarnróid agus do dhíoltóirí ticéad, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, san fhormáid is mó is iomchuí, i gcomhéadan teicniúil idir-inoibritheachta ina n-úsáidtear na teicneolaíochtaí cumarsáide is déanaí chun go soláthródh gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad do phaisinéirí an fhaisnéis uile a bhfuil gá léi faoin Rialachán seo.

Leasú    52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.  Maidir le gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair thar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, soláthróidh siad do phaisinéirí faisnéis maidir le haon nasc le modhanna iompair eile.

Réasúnú

Tá dlúthbhaint idir an leasú seo agus Airteagal 9 agus Airteagal 14.

Leasú    53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4b.  I gcomhar le bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair, léireoidh gnóthais iarnróid in amchláir faisnéis maidir le naisc inrochtana iarnróid agus stáisiúin.

Réasúnú

Baineann an leasú seo le hAirteagal 1. Ba cheart go n-éascódh an fhaisnéis sin taisteal traenach do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Leasú    54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tairgfidh gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad ticéid agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, tréthicéid agus áirithintí. Déanfaidh siad a ndícheall tréthicéid a chur ar fáil, lena n-áirítear tréthicéid le haghaidh turais trasna teorainneacha agus le níos mó ná gnóthas iarnróid amháin.

1.  Déanfaidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas ticéid, tréthicéid agus áirithintí a thairiscint, lena n-áirítear le haghaidh turais trasna teorainneacha turais lena bhfuil baint ag traenacha oíche agus turais le níos mó ná gnóthas iarnróid amháin. Beidh áirithint na dticéad sin inrochtana agus neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Forbróidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas comhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir agus formáidí sonraí oiriúnacha lena gceadófar malartú faisnéise thar theorainneacha líonraí, réigiúnacha agus náisiúnta agus lena gceadófar ticéid a chur in áirithe ar an Idirlíon.

Leasú    55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Gan dochar do mhír 3 ná do mhír 4, dáilfidh na gnóthais iarnróid agus na díoltóirí ticéad ticéid ar phaisinéirí trí cheann amháin ar a laghad de na díolphointí seo a leanas:

2.  Gan dochar do mhír 3 ná do mhír 4, dáilfidh na gnóthais iarnróid, na díoltóirí ticéad agus na tionscnóirí turas ticéid, tréthicéid agus áirithintí ar phaisinéirí ar an Idirlíon agus trí cheann amháin ar a laghad de na díolphointí seo a leanas:

(a)  oifigí ticéad nó meaisíní ticéadaithe ;

(a)  oifigí ticéad nó meaisíní ticéadaithe;

(b)  teileafón, an t-idirlíon nó aon teicneolaíocht faisnéise atá ar fáil go forleathan;

(b)  teileafón nó aon teicneolaíocht faisnéise eile atá ar fáil go forleathan;

(c)  ar thraenacha.

(c)  ar thraenacha.

Féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar ghnóthais iarnróid ticéid i gcomhair seirbhísí a sholáthraítear faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a chur ar fáil trí níos mó ná díolphointe amháin .

 

Leasú    56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Tairgfidh gnóthais iarnróid an fhéidearthacht ticéid don tseirbhís lena mbaineann a fháil ar an traein, mura ndéantar an fhéidearthacht sin a theorannú nó a dhiúltú ar fhorais a bhaineann le beartas slándála nó frithchalaoise, toisc go bhfuil áirithint traenach éigeantach nó ar fhorais tráchtála réasúnta.

3.  Tairgfidh gnóthais iarnróid an fhéidearthacht ticéid don tseirbhís faoi seach a fháil ar an traein, mura ndéantar an fhéidearthacht sin a theorannú nó a dhiúltú ar fhorais réasúnta agus a bhfuil údar maith leo a bhaineann le beartas slándála nó frithchalaoise nó le teorainn le spás nó infhaighteacht suíochán.

Réasúnú

Chun níos mó daoine a chur ag úsáid na seirbhísí iarnróid san Eoraip, is gá go mbeadh cearta paisinéirí atá soiléir agus neartaithe ann mar atá ina gcuspóirí ag an Rialachán seo. Ba cheart aon srian ar dheis an phaisinéara ticéid a cheannach ar bord traenach a bheith réasúnta agus údar maith leis. Is cúiseanna dlisteanacha iad beartas slándála/frithchalaoise agus infhaighteacht spáis araon don srianadh cé go bhfuil “forais tráchtála réasúnta” ródhoiléir. Tá an leasú seo riachtanach dá bhrí sin ar chúiseanna práinneacha na loighce inmheánaí agus chomh maith leis sin toisc go bhfuil dlúthbhaint idir é agus ábhar Airteagal 1 agus na cuspóirí foriomlána mar a léirítear i measúnuithe tionchair agus ráitis mhínithe.

Leasú    57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  I gcás nach mbeidh oifig ticéad nó meaisín ticéadaithe sa stáisiún imeachta, cuirfear in iúl do na paisinéirí ag an stáisiún:

4.  Athchlófar ticéid do phaisinéirí lá an taistil arna iarraidh sin dóibh, ag oifig ticéad nó meaisín ticéadaithe. I gcás nach mbeidh oifig ticéad nó meaisín ticéadaithe sa stáisiún imeachta, nó i gcás nach bhfuil rochtain iomlán ar oifig ticéad nó ar an meaisín ticéadaithe, cuirfear é sin in iúl do na paisinéirí ag an stáisiún:

Réasúnú

Is minic gá a bheith le ticéad clóite le haghaidh aisíocaíocht táillí taistil paisinéirí ó fhostóirí. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta do staisiún iad a chló, ansin ba cheart go mbeadh paisinéirí i dteideal a bheith curtha ar an eolas faoi sin ag an staisiún. Tá an leasú seo riachtanach toisc go bhfuil dlúthbhaint idir é agus forálacha inrochtaineachta agus athruithe eile ón gCoimisiún ar Airteagal 10.

Leasú    58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  I gcás nach mbeidh oifig ticéad ná meaisín ticéadaithe inrochtana sa stáisiún imeachta, ceadófar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ticéid a cheannach ar bhord na traenach gan costas breise.

5.  I gcás nach mbeidh oifig ticéad ar oscailt ná meaisín ticéadaithe atá ag feidhmiú i gceart sa stáisiún imeachta, ceadófar do phaisinéirí ticéid a cheannach ar bord na traenach. Ní bheidh ticéid a cheannófar ar bord na traenach níos costasaí ná an táille caighdeánach ábhartha le haon lascaine is infheidhme don turas lena mbaineann.

Leasú    59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  I gcás ina bhfaighidh an paisinéir ticéid ar leith don aon turas amháin lena gcuimseofar seirbhísí iarnróid a oibreoidh gnóthas iarnróid amháin nó níos mó i ndiaidh a chéile, beidh cearta an phaisinéara ar fhaisnéis, ar chúnamh, ar chúram agus ar chúiteamh coibhéiseach leis na cearta a ghabhann le tréthicéad agus cumhdófar leo an turas ina iomláine ón imeacht go dtí an ceann scríbe críochnaitheach, ach amháin má chuirtear a mhalairt in iúl go sainráite i scríbhinn don phaisinéir. Go háirithe, cuirfear in iúl amhlaidh don phaisinéir nach mbeadh sé, dá gcaillfeadh sé nasc, i dteideal cúnaimh ná cúitimh bunaithe ar fhad iomlán an turais. Is ar an ngnóthas iarnróid, ar a ghníomhaire, ar a thionscnóir turais nó ar a dhíoltóir ticéad a bheidh an dualgas cruthúnais gur soláthraíodh an fhaisnéis sin.

6.  I gcás ina bhfaighidh paisinéirí ticéid ar leith do thuras amháin lena gcuimseofar seirbhísí iarnróid a oibreoidh gnóthas iarnróid amháin nó níos mó i ndiaidh a chéile, beidh cearta na bpaisinéirí ar fhaisnéis, ar chúnamh, ar chúram agus ar chúiteamh coibhéiseach leis na cearta a ghabhann le tréthicéad agus cumhdófar leo an turas ina iomláine ón imeacht go dtí an ceann scríbe deiridh.

Leasú    60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 10a

 

Faisnéis maidir le taisteal a sholáthar trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir

 

1.   Tabharfaidh gnóthais iarnróid rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis uile maidir le taisteal, lena n-áirítear faisnéis oibríochtúil fhíor-ama maidir le hamchláir agus sonraí maidir le taraifí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 9, trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir (APInna).

 

2.   Tabharfaidh gnóthais iarnróid do thionscnóirí turas, do dhíoltóirí ticéad agus do ghnóthais iarnróid eile, atá ag díol a seirbhíse, rochtain neamh-idirdhealaitheach ar chórais áirithinte trí APInna, ionas gur féidir leo conarthaí iompair a thabhairt i gcrích agus ticéid, tréthicéid agus áirithintí a eisiúint, sa chaoi is go soláthróidh siad an turas is fearr agus is cost-éifeachtaí, lena n-áirítear turais trasna teorainneacha.

 

3.   Áiritheoidh gnóthais iarnróid go mbeidh sonraíochtaí teicniúla APInna dea-dhoiciméadaithe agus inrochtana go hoscailte ar bhonn saor in aisce. Bainfidh APInna úsáid as caighdeáin oscailte, as prótacail a úsáidtear go coitianta agus as formáidí meaisín-inléite chun go mbeidh siad idir-inoibritheach.

 

4.   Áiritheoidh gnóthais iarnróid go ndéanfar, seachas i gcásanna éigeandála, aon athrú ar shonraíocht theicniúil a gcuid APInna a chur ar fáil do thionscnóirí turas agus do dhíoltóirí ticéad roimh ré a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná trí mhí sula ndéanfar athrú a chur chun feidhme. Déanfar cásanna éigeandála a dhoiciméadú agus déanfar an doiciméadacht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

 

5.   Áiritheoidh gnóthais iarnróid go dtabharfar rochtain ar APInna ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ar an leibhéal céanna infhaighteachta agus feidhmíochta, lena n-áirítear tacaíocht, rochtain ar na doiciméid, na caighdeáin, na prótacail agus na formáidí uile. Ní bheidh tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid leis na gnóthais iarnróid iad féin.

 

6.   Bunófar APInna i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017.

Réasúnú

Tá an leasú seo nasctha le hAirteagal 10(1), ar cuid den athmhúnlú é.

Leasú    61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás ina bhféadfar a bheith ag súil go réasúnach , tráth an imeachta nó i gcás nasc a chailleadh i rith turas le tréthicéad, go rachaidh an mhoill ar shroicheadh an chinn scríbe chríochnaithigh faoin gconradh iompair thar 60 nóiméad, beidh rogha ag an bpaisinéir láithreach idir ceann de na nithe seo a leanas:

1.  I gcás ina bhféadfar a bheith ag súil go réasúnach, tráth an imeachta nó i gcás nasc a chailleadh i rith turais, go rachaidh an mhoill ar shroicheadh an chinn scríbe deiridh thar 45 nóiméad, beidh rogha ag an bpaisinéir láithreach idir ceann de na nithe seo a leanas:

Réasúnú

Ba cheart go mbeadh paisinéirí i dteideal an rogha a bheith acu gan beann ar thréthicéad, turas aontreo ar thicéad amháin, turas fillte nó comhthuras a bheith acu. Baineadh amach an fhoclaíocht “conradh iompair” ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil mar d’fheadfadh níos mó ná conradh amháin a bheith i gceist leis. Tá sé sin i gcomhréir le leasuithe eile taobh istigh de Chaibidil IV.

Leasú    62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Chun críocha phointe (b) de mhír 1, féadfaidh aon ghnóthas iarnróid athródú inchomparáide a oibriú agus féadfar leas a bhaint as córacha iompair de ghrád níos airde agus as modhanna malartacha iompair nach bhfágfaidh costais bhreise ar an bpaisinéir. Déanfaidh gnóthais iarnróid iarracht réasúnta naisc bhreise a sheachaint. Beidh an t-am taistil iomlán ar mhodh malartach iompair don chuid sin den turas nár críochnaíodh mar a bhí beartaithe, beidh sé inchurtha le ham taistil sceidealta an turais bhunaidh. Ní dhéanfar paisinéirí a íosghrádú chuig saoráidí iompair de ghrád níos ísle ach amháin más saoráidí den sórt sin an t-aon mhodh amháin don athródú atá ar fáil.

2.  Chun críocha phointe (b) de mhír 1, i gcás nasc a chailleadh mar thoradh ar mhoill nó céim níos luaithe de thuras an phaisinéara a bheith curtha ar ceal, beidh cead ag an bpaisinéir an chéad seirbhís eile atá ar fáil a thógáil chun a cheann scríbe deiridh pleanáilte a bhaint amach. Féadfaidh aon ghnóthas iarnróid athródú inchomparáide a oibriú agus féadfar leas a bhaint as córacha iompair de ghrád níos airde agus as modhanna malartacha iompair nach bhfágfaidh costais bhreise ar an bpaisinéir. Déanfaidh gnóthais iarnróid iarracht réasúnta naisc bhreise a sheachaint. Maidir leis an am taistil iomlán ar mhodh malartach iompair don chuid sin den turas nár críochnaíodh mar a bhí beartaithe, beidh sé inchomparáide le ham taistil sceidealta an turais bhunaidh. Ní dhéanfar paisinéirí a íosghrádú chuig saoráidí iompair de ghrád níos ísle ach amháin más saoráidí den sórt sin an t-aon mhodh amháin don athródú atá ar fáil.

Leasú    63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Tabharfar soláthraithe seirbhísí athródaithe iompair aird ar leith ar leibhéal inchomparáide d'inrochtaineacht ar an tseirbhís mhalartach a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

3.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí athródaithe iompair leibhéal inchomparáide cúnaimh agus inrochtaineachta ar an tseirbhís mhalartach a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Leasú    64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Gan an ceart chun iompair a chailleadh, féadfaidh paisinéir cúiteamh i leith moilleanna a iarraidh ar an ngnóthas iarnróid má bhíonn moill roimhe idir an áit imeachta agus an ceann scríbe a luaitear sa chonradh iompair agus nach ndearnadh an ticéad ina leith a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 16. Is iad seo a leanas íosmhéideanna an chúitimh i leith moilleanna:

1.  Gan an ceart chun iompair a chailleadh don turas, beidh paisinéir i dteideal cúiteamh i leith moilleanna a iarraidh ar an ngnóthas iarnróid má bhíonn moill roimhe nó roimpi idir an áit imeachta agus an ceann scríbe a luaitear ar an ticéad agus sa chonradh iompair agus nach ndearnadh costas an ticéid ina leith a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 16. Is iad seo a leanas íosmhéideanna an chúitimh i leith moilleanna:

Réasúnú

Tá an scéim cúitimh chruinn ina gné thábhachtach d’éifeachtacht fhoriomlán an Rialacháin agus dá bhrí sin tá dlúthbhaint idir a bunchuspóirí agus Caibidlí VI agus VII go háirithe.

Leasú    65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  25 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill idir 60 nóiméad agus 119 nóiméad,

(a)  50 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill idir 45 nóiméad agus 89 nóiméad,

Réasúnú

Tá an scéim cúitimh chruinn ina gné thábhachtach d’éifeachtacht fhoriomlán an Rialacháin agus dá bhrí sin tá dlúthbhaint idir a bunchuspóirí agus Caibidlí VI agus VII go háirithe.

Leasú    66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  50 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill 120 nóiméad nó níos mó.

(b)  75 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill idir 90 nóiméad agus 119 nóiméad nó níos mó,

Réasúnú

Tá an scéim cúitimh chruinn ina gné thábhachtach d’éifeachtacht fhoriomlán an Rialacháin agus dá bhrí sin tá dlúthbhaint idir a bunchuspóirí agus Caibidlí VI agus VII go háirithe.

Leasú    67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)  100 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill 120 nóiméad nó níos mó.

Réasúnú

Tá an scéim cúitimh chruinn ina gné thábhachtach d’éifeachtacht fhoriomlán an Rialacháin agus dá bhrí sin tá dlúthbhaint idir a bunchuspóirí agus Caibidlí VI agus VII go háirithe.

Leasú    68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Tá feidhm ag mír 1, freisin, maidir le paisinéirí a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir acu. Má chuirtear moill orthu nó má bhaineann cealú dóibh arís is arís eile le linn thréimhse bailíochta an phas taistil nó an ticéid séasúir, féadfaidh siad cúiteamh iomchuí a iarraidh i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid. Sonrófar sna socruithe sin na critéir lena gcinnfear moill agus lena ríomhfar an cúiteamh . I gcás ina mbeidh moill is lú ná 60 nóiméad ann arís is arís eile le linn thréimhse bailíochta an phas taistil nó an ticéid séasúir, áireofar go carnach na moilleanna agus cúiteofar leis na paisinéirí iad i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid.

2.  Tá feidhm ag mír 1, freisin, maidir le paisinéirí a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir acu. Má chuirtear moill orthu nó má bhaineann cealú dóibh arís is arís eile le linn thréimhse bailíochta an phas taistil nó an ticéid séasúir, beidh siad i dteideal cúiteamh iomchuí i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid. Sonrófar sna socruithe sin na critéir lena gcinnfear moill agus lena ríomhfar an cúiteamh pro rata i gcomhréir leis an mbunús measúnaithe dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina mbeidh moill is lú ná 45 nóiméad ann arís is arís eile le linn thréimhse bailíochta an phas taistil nó an ticéid séasúir, áireofar go carnach na moilleanna agus cúiteofar leis na paisinéirí iad i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid.

Leasú    69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  Íocfar an cúiteamh i leith phraghas an ticéid laistigh d’aon mhí amháin tar éis chur faoi bhráid na hiarrata ar chúiteamh. Féadfar an cúiteamh a íoc i bhfoirm dearbhán agus/nó seirbhísí eile má bhíonn na téarmaí solúbtha (go háirithe maidir leis an tréimhse bailíochta agus leis an gceann scríbe). Íocfar an cúiteamh in airgead arna iarraidh sin ag an bpaisinéir.

5.  Íocfar an cúiteamh i leith phraghas an ticéid laistigh d’aon mhí amháin tar éis an iarraidh ar chúiteamh a chur faoi bhráid an ghnóthais iarnróid, an tionscnóra turas nó an díoltóra ticéad. Féadfar an cúiteamh a íoc i bhfoirm dearbhán agus/nó seirbhísí eile, nó trí chóras uathoibríoch cúitimh i gcás ina bhfuil ceann i bhfeidhm, má bhíonn na téarmaí solúbtha (go háirithe maidir leis an tréimhse bailíochta agus leis an gceann scríbe). Íocfar an cúiteamh in airgead laistigh den chóras íocaíochta céanna inar ceannaíodh an ticéad arna iarraidh sin ag an bpaisinéir. Cuirfear an paisinéir ar an eolas ar bhealach cuimsitheach faoi na roghanna cúitimh uile, lena n-áirítear cúiteamh airgeadais, as arbh féidir dó nó di rogha a dhéanamh. Ní dhíspreagfar an paisinéir, trí mheán ar bith, cúiteamh a iarraidh.

Leasú    70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.  Ní bheidh aon cheart chun cúitimh ag an bpaisinéir má thugtar fógra sula gceannóidh sé ticéad go mbeidh moill ann, ná más lú ná 60 nóiméad an mhoill a tháinig as leanúint ar aghaidh ar sheirbhís eile nó as athródú.

7.  Ní bheidh aon cheart chun cúitimh ag paisinéirí má thugtar fógra dóibh sula gceannóidh siad ticéad go mbeidh moill ann – seachas i gcás ina mbeidh an mhoill iarbhír níos mó na 45 nóiméad níos faide ná an mhoill a fógraíodh, nó más lú ná 45 nóiméad i gcónaí an mhoill a tháinig as leanúint ar aghaidh ar sheirbhís eile nó as athródú.

Réasúnú

Tá an leasú seo nasctha leis an leasú ar Airteagal 17(2), ar cuid den athmhúnlú é.

Leasú    71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.  Ní bheidh iallach ar ghnóthas iarnróid cúiteamh a íoc más féidir leis a chruthú gurb é ba chúis leis an moill rí-dhrochaimsir nó mórthubaistí nádúrtha a chuirfeadh oibriú sábháilte na seirbhísí i mbaol agus nach bhféadfaí a thuar ná a chosc fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta.

scriosta

Leasú    72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás moill ar theacht nó ar imeacht, coinneoidh an gnóthas iarnróid, an díoltóir ticéad nó an bainisteoir stáisiúin na paisinéirí ar an eolas maidir leis an staid , maidir leis an am imeachta measta agus maidir leis an am teachta measta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

1.  I gcás moill ar theacht nó ar imeacht, coinneoidh an gnóthas iarnróid, an tionscnóir turas, an díoltóir ticéad nó an bainisteoir stáisiúin na paisinéirí ar an eolas maidir leis an staid, maidir leis an am imeachta measta agus maidir leis an am teachta measta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil. Soláthróidh bainisteoirí stáisiúin, bainisteoirí bonneagair agus gnóthais iarnróid do dhíoltóirí ticéad an fhaisnéis i bhfíor-am agus san fhormáid iomchuí.

Réasúnú

Tá comhroinnt sonraí cuí, idir-inoibritheachta agus i bhfíor-am idir díoltóirí ticéad agus gnóthais iarnróid bunriachtanach don tomhaltóir, má táthar ag iarraidh a áirithiú go dtugtar an fhaisnéis is fearr don tomhaltóir - lena n-áirítear roghanna ticéad agus roghanna praghsanna don turas arna iarraidh - i bhfíor-am mar aon leis an bhféidearthacht an cineál ticéid is fearr leis an tomhaltóir a cheannach ón díoltóir ticéad.

Leasú    73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I gcás moill dá dtagraítear i mír 1 is mó ná 60 nóiméad, déanfar na nithe seo a leanas a thairiscint saor in aisce do na paisinéirí freisin :

2.  I gcás moill ar bith dá dtagraítear i mír 1 is mó ná 45 nóiméad, déanfar na nithe seo a leanas a thairiscint saor in aisce do na paisinéirí freisin:

Réasúnú

Tá an leasú seo riachtanach toisc go bhfuil dlúthbhaint idir é agus leasuithe eile maidir le fad na moille in Airteagal 17.

Leasú    74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  béilí agus deochanna ar comhréir réasúnta leis an tréimhse fanachta, má bhíonn siad ar fáil ar an traein nó sa stáisiún, nó más féidir iad a sholáthar go réasúnta ag cur san áireamh critéir amhail an fad ón soláthróir, an t-am is gá don seachadadh agus an costas ;

(a)  béilí agus soláistí ar chomhréir réasúnach leis an tréimhse fanachta, má bhíonn siad ar fáil ar an traein nó sa stáisiún, nó más féidir iad a sholáthar go réasúnach;

Réasúnú

Maidir leis an liosta táscach critéar sa téacs dlíthiúil, go háirithe an costas, ní cabhair é chun a chinneadh an bhfuil sé réasúnta soláistí agus béilte a sheachadadh nó nach bhfuil sé.

Leasú    75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  i gcás ina mbeidh an traein blocáilte ar na ráillí , iompar ón traein go dtí an stáisiún iarnróid, go dtí pointe imeachta malartach nó go dtí ceann scríbe na seirbhíse, nuair atá sin indéanta go fisiceach .

(c)  i gcás ina mbeidh an traein blocáilte ar na ráillí, iompar inrochtana ón traein go dtí an stáisiún iarnróid, go dtí pointe imeachta malartach nó go dtí ceann scríbe deiridh na seirbhíse, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go fisiceach agus nuair atá sé sin indéanta go fisiceach.

Réasúnú

I gcomhréir lena bhfuil beartaithe leis an Rialachán seo, eadhon cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a neartú, agus i gcomhréir le forálacha Chaibidil V go háirithe, ní mór go mbeadh aon iompar malartach ón traein agus ar an turas chun cinn inrochtana do na paisinéirí uile. Is gá go mbeadh sé ina cheanglas soiléir go gcuirfí riachtanais na bpaisinéirí sin san áireamh toisc go bhféadfadh cúnamh breise a bheith de dhíth orthu, mar shampla i gcás aslonnaithe.

Leasú    76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Mura féidir leanúint leis an tseirbhís iarnróid a thuilleadh, eagróidh na gnóthais iarnróid seirbhísí iompair malartacha do na paisinéirí a luaithe is féidir.

3.  Mura féidir leanúint leis an tseirbhís iarnróid a thuilleadh, eagróidh na gnóthais iarnróid seirbhísí iompair malartacha inrochtana do na paisinéirí a luaithe is féidir.

Réasúnú

Tá an leasú seo nasctha leis na forálacha inrochtaineachta, ar cuid den athmhúnlú iad.

Leasú    77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Deimhneoidh gnóthais iarnróid ar an ticéad nó ar shlí eile , ar iarratas an phaisinéara go raibh moill ar an tseirbhís iarnróid, gur chaill sí nasc nó gur cealaíodh í, de réir mar a bheidh.

4.  Tairgfidh gnóthais iarnróid a dheimhniú i scríbhinn, ar a dticéad nó ar shlí eile, do phaisinéirí a ndearnadh difear dóibh, go raibh moill ar an tseirbhís iarnróid, gur cailleadh nasc nó gur cealaíodh í, de réir mar a bheidh.

Leasú    78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  I dteannta na n-oibleagáidí atá ar ghnóthais iarnróid de bhun Airteagal 13a(3) de Threoir 2012/34/AE, áiritheoidh an bainisteoir stáisiúin ar stáisiún iarnróid a láimhseálann ar a laghad 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana, áiritheoidh sé go mbeidh oibríochtaí an stáisiúin, na gnóthais iarnróid agus an bainisteoir bonneagair comhordaithe trí phlean teagmhais cuí chun ullmhú le haghaidh na féidearthachta go mbeadh mórbhriseadh seirbhíse agus moilleanna fada ann a d'fhágfadh go mbeadh líon mór paisinéirí sáinnithe sa stáisiún. Áiritheofar leis an bplean sin go dtabharfar cúnamh iomchuí agus faisnéis leordhóthanach do phaisinéirí atá sáinnithe, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX. Nuair a iarrfar é, cuirfidh an bainisteoir stáisiúin an plean, maille le haon leasuithe air, ar fáil don chomhlacht náisiúnta forfheidhmithe nó d'aon chomhlacht eile arna ainmniú ag an mBallstát. Déanfaidh bainisteoirí stáisiúin na stáisiún iarnróid a láimhseálann níos lú ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana, déanfaidh siad gach dícheall réasúnach lucht úsáide an stáisiúin a chomhordú agus cúnamh agus faisnéis a thabhairt do phaisinéirí atá sáinnithe i gcásanna den sórt sin.

6.  I dteannta na n-oibleagáidí atá ar ghnóthais iarnróid de bhun Airteagal 13a(3) de Threoir 2012/34/AE, áiritheoidh an bainisteoir stáisiúin ar stáisiún iarnróid a láimhseálann ar a laghad 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana, go mbeidh oibríochtaí an stáisiúin, na gnóthais iarnróid agus an bainisteoir bonneagair comhordaithe trí phlean teagmhais cuí chun ullmhú le haghaidh na féidearthachta go mbeadh mórbhriseadh seirbhíse agus moilleanna fada ann a d’fhágfadh go mbeadh líon mór paisinéirí sáinnithe sa stáisiún. Áiritheofar leis an bplean sin, agus aird ar leith á tabhairt do riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go dtabharfar cúnamh iomchuí agus faisnéis leordhóthanach do phaisinéirí atá sáinnithe, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX. Áireofar sa phlean freisin ceanglais maidir le hinrochtaineacht córas rabhaidh agus córas faisnéise. Cuirfidh an bainisteoir stáisiúin an plean, maille le haon leasuithe air, ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar leathanach gréasáin an stáisiúin. Bainisteoirí stáisiúin na stáisiún iarnróid a láimhseálann níos lú ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana, déanfaidh siad gach dícheall réasúnach lucht úsáide an stáisiúin a chomhordú agus cúnamh agus faisnéis a thabhairt do phaisinéirí atá sáinnithe i gcásanna den sórt sin.

Leasú    79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Bunóidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin, le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, rialacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana chun daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta, a iompar nó beidh rialacha den sórt sin i bhfeidhm acu. Ceadófar don phaisinéir sna rialacha sin madra cúnaimh a bheith ina chuideachta i gcomhréir le haon rialacha ábhartha náisiúnta.

1.  Bunóidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin, le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, rialacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le rochtain gan bhacainn agus neamhspleách chun daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta, a iompar nó beidh rialacha den sórt sin i bhfeidhm acu. Leis na rialacha, ceadófar don phaisinéir a bheith á thionlacan ag ainmhí seirbhíse deimhnithe nó ag duine tionlacain, saor in aisce, i gcomhréir le haon rialacha ábhartha náisiúnta, agus áiritheofar leo go mbeidh an t-iompar d’iarnród do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar fáil gan choinne, gan gá le pleanáil fhada.

Leasú    80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  nuair a iarrfar é , soláthróidh bainisteoir stáisiúin, gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas faisnéis do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe , lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 agus i dTreoir XXX, maidir le hinrochtaineacht an stáisiúin agus na saoráidí gaolmhara, seirbhísí iarnróid agus maidir le coinníollacha rochtana an rothstoic i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus cuirfidh sé daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar an eolas faoi na saoráidí a bheidh ar bord.

1.  Arna iarraidh sin, déanfaidh bainisteoir stáisiúin, gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas faisnéis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 agus i dTreoir XXX, maidir le hinrochtaineacht an stáisiúin agus na saoráidí gaolmhara, seirbhísí iarnróid agus maidir le coinníollacha rochtana an rothstoic i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus cuirfidh sé daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar an eolas faoi na saoráidí a bheidh ar bord. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin an bhainisteora stáisiúin nó an ghnóthais iarnróid ar bhealach inrochtana.

Leasú    81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I gcás ina bhfeidhmeoidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 20(2), nuair a iarrfar é, cuirfidh sé faisnéis i scríbhinn maidir leis na cúiseanna leis sin chuig an duine faoi mhíchumas nó chuig an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe laistigh de chúig lá oibre ón dáta a dhiúltaigh sé áirithint a dhéanamh nó ticéad a eisiúint nó a d'fhorchuir sé an coinníoll go ndéanfaí an duine a thionlacan. Déanfaidh an gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas iarracht réasúnta cóir iompair mhalartach a thairiscint don duine i gceist ag cur san áireamh a riachtanas inrochtaineachta.

2.  I gcás ina bhfeidhmeoidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 20(2), arna iarraidh sin, cuirfidh sé faisnéis i scríbhinn maidir leis na cúiseanna leis sin chuig an duine faoi mhíchumas nó chuig an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe laistigh de chúig lá oibre ón dáta a dhiúltaigh sé áirithint a dhéanamh nó ticéad a eisiúint nó a d’fhorchuir sé an coinníoll go ndéanfaí an duine a thionlacan. Déanfaidh an gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas iarracht réasúnta cóir iompair mhalartach a thairiscint don duine i gceist ag cur san áireamh a riachtanas inrochtaineachta.

Leasú    82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Tráth duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe imeacht as stáisiún a bhfuil foireann ag obair ann, idirthuras a dhéanamh tríd nó é a shroicheadh, tabharfaidh an bainisteoir stáisiúin nó an gnóthas iarnróid, nó an dá dhream, cúnamh dó saor in aisce chun gur féidir leis an duine sin dul ar bord na seirbhíse imeachta nó tuirlingt den tseirbhís teachta a bhfuil ticéad ceannaithe aige di, gan dochar do na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1).

1.  Tráth duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe imeacht as stáisiún a bhfuil foireann ag obair ann, idirthuras a dhéanamh tríd nó é a shroicheadh, tabharfaidh an bainisteoir stáisiúin nó an gnóthas iarnróid, nó an dá dhream, cúnamh dó saor in aisce chun gur féidir leis an duine sin dul ar bord na seirbhíse imeachta nó tuirlingt den tseirbhís teachta a bhfuil ticéad ceannaithe aige di, gan dochar do na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1). Beidh sé i gcónaí saor in aisce cúnamh a chur in áirithe, gan beann ar an gcainéal cumarsáide atá á úsáid.

Réasúnú

Cé go bhfuil sé soiléir go gcaithfidh an tseirbhís i dtaca le cúnamh a sholáthar a bheith saor in aisce don phaisinéir, níl sé sainráite sa Rialachán gur cheart go mbeadh cur in áirithe cúnaimh saor in aisce freisin agus i láthair na huaire gearrann gnóthais iarnróid áirithe táille ar phaisinéirí dó sin. Is é is aidhm don Rialachán athmhúnlaithe cearta paisinéirí a neartú, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas, agus leis an leasú seo, leantar loighic inmheánach Chaibidil V agus leasuithe eile na Parlaiminte maidir leis sin.

Leasú    83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfar maolú ar mhír 1 i gcás daoine a bheidh ag taisteal ar sheirbhísí atá faoi réir conradh seirbhíse poiblí arna dheonú i gcomhréir le dlí an Aontais, ar choinníoll go mbeidh saoráidí nó socruithe malartacha curtha ar fáil ag an údarás inniúil lena ráthaítear leibhéal coibhéiseach nó leibhéal níos airde inrochtaineachta ar sheirbhísí iompair.

Réasúnú

Tá dlúthbhaint idir an leasú seo agus mír 2 d’Airteagal 22. Níl aon chúiseanna ann nach gceadófaí socruithe malartacha lena ráthófaí leibhéal coibhéiseach nó leibhéal níos airde inrochtaineachta ar sheirbhísí iompair.

Leasú    84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  I stáisiún nach mbeidh foireann ag obair iontu, áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go mbeidh faisnéis a mbeidh teacht uirthi go furasta , lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtana a leagtar síos i dTreoir XXX, ar taispeáint i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1) maidir leis an stáisiún iarnróid is congaraí a mbeidh foireann ag obair ann agus maidir le cúnamh a bheidh ar fáil go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

3.  I stáisiúin nach mbeidh foireann ag obair iontu, áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go mbeidh faisnéis a mbeidh teacht uirthi go furasta, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1300/2014, ar taispeáint i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1) maidir leis an stáisiún iarnróid is cóngaraí a mbeidh foireann ag obair ann agus maidir le cúnamh a bheidh ar fáil go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Leasú    85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Beidh cúnamh ar fáil i stáisiúin na huaireanta uile a oibrítear na seirbhísí iarnróid.

4.  Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, beidh cúnamh ar fáil i stáisiúin na huaireanta uile a oibrítear na seirbhísí iarnróid.

Leasú    86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Comhoibreoidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas le chéile chun cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le hAirteagal 20 agus Airteagal 21 agus leis na pointí seo a leanas:

Comhoibreoidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas le chéile chun cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 20 agus Airteagal 21 agus leis na pointí seo a leanas:

Réasúnú

Tá dlúthbhaint idir an leasú seo agus pointe (a) d’Airteagal 1. Ós rud é go molann an Coimisiún neamh-idirdhealú idir paisinéirí i ndáil le coinníollacha taistil, áiritheofar leis an leasú seo gur gá go mbeadh an tseirbhís i dtaca le cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe saor in aisce don phaisinéir.

Leasú    87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  soláthrófar cúnamh ar choinníoll go dtabharfar fógra don ghnóthas iarnróid, don bhainisteoir stáisiúin, don díoltóir ticéad nó don tionscnóir turas ónar ceannaíodh an ticéad go mbeidh cúnamh ag teastáil, ar a laghad 48 n-uair sula mbeidh an cúnamh ag teastáil. I gcás ina gceadaítear ilturais le ticéad nó le ticéad séasúir, is leor fógra amháin ar choinníoll go ndéanfar faisnéis iomchuí a sholáthar faoi am na dturas ina dhiaidh sin. Déanfar fógra den sórt sin a chur ar aghaidh chuig na gnóthais iarnróid uile eile agus chuig na bainisteoirí stáisiúin uile eile a bhfuil baint acu le turas an duine;

(a)  soláthrófar cúnamh ar choinníoll go dtabharfar fógra don ghnóthas iarnróid, don bhainisteoir stáisiúin, don díoltóir ticéad nó don tionscnóir turas ónar ceannaíodh an ticéad go mbeidh cúnamh ag teastáil, tráth an ticéad a chur in áirithe nó ar theacht chuig an stáisiún a bhfuil foireann ann, nó i gcás stáisiúin nach bhfuil foireann iontu 3 uair an chloig ar a laghad sula mbeidh an cúnamh ag teastáil. Beidh díolúine i bhfeidhm do stáisiúin iarnróid a láimhseálann níos lú ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae, áiritheoidh siad cúnamh le réamhfhógra ar a laghad 24 uair an chloig. Beidh an paisinéir in ann cúnamh den sórt sin a chur in áirithe saor in aisce. I gcás ina gceadaítear ilturais le ticéad nó le ticéad séasúir, is leor fógra amháin ar choinníoll go ndéanfar faisnéis iomchuí a sholáthar faoi am na dturas ina dhiaidh sin. Déanfar fógra den sórt sin a chur ar aghaidh chuig na gnóthais iarnróid uile eile agus chuig na bainisteoirí stáisiúin uile eile a bhfuil baint acu le turas an duine;

Réasúnú

Tá dlúthbhaint idir an leasú seo agus pointe (a) d’Airteagal 1. Ós rud é go molann an Coimisiún neamh-idirdhealú idir paisinéirí i ndáil le coinníollacha taistil, áiritheofar leis an leasú seo gur gá go mbeadh an tseirbhís i dtaca le cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe saor in aisce don phaisinéir.

Trí cheanglas réamhfhógra 24 uair an chloig a bheith ann, cuirfear srian mór ar shoghluaisteacht daoine faoi mhíchumas, ag cur bacainn ar a gcumas comhtháthú maith a dhéanamh leis an tsochaí. Tá gá le díolúine do stáisiúin iarnróid áitiúla (a bhfuil níos lú ná 10 000 paisinéir acu in aghaidh an lae) chun an cháilíocht cheart cúnaimh a áirithiú agus chun a cheadú d’oibreoirí iarnróid a ndualgais i leith paisinéirí faoi mhíchumas a chomhlíonadh.

Leasú    88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)  soláthrófar cúnamh freisin i gcás ina gcuirfear foireann shainoilte an ghnóthais iarnróid nó an bainisteoir stáisiúin ar an eolas maidir leis an ngá le cúnamh agus i gcás inar féidir leo i ndáiríre an cúnamh sin a sholáthar.

Réasúnú

Chun an téacs a shoiléiriú, ar mhaithe le tairiscint atá dírithe ar sheirbhís, mar léiriú ar chomhthacaíocht sa tsochaí agus i bhfianaise mheon agus chríoch an Rialacháin, go háirithe Aithris 3 agus Aithris 5 den Rialachán, ba cheart i gcónaí go dtairgfí cúnamh i mbealach neamhmhaorlathach nuair is iomchuí agus is féidir.

Leasú    89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás inar cúis iad na gnóthais iarnróid nó na bainisteoirí stáisiúin le cailleadh cathaoireacha rothaí, trealaimh soghluaisteachta eile nó feistí cúnta agus madraí cúnaimh arna n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó le damáiste do na nithe sin, beidh siad faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste sin agus cúiteoidh siad iad .

1.  I gcás inar cúis iad na gnóthais iarnróid nó na bainisteoirí stáisiúin le cailleadh cathaoireacha rothaí, trealaimh soghluaisteachta eile nó feistí cúnta agus ainmhithe seirbhíse arna n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó le damáiste do na nithe sin, beidh siad faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste sin agus cúiteoidh siad iad.

Leasú    90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Beidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 comhionann leis an gcostas a ghabhann le hathsholáthar deisiú an trealaimh na bhfeistí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

2.  Maidir leis an gcúiteamh as caillteanas nó damáiste dá dtagraítear i mír 1, íocfar é taobh istigh de mhí amháin ó thíolacadh éilimh agus beidh sé comhionann leis an gcostas iomlán a ghabhann le hathsholáthar bunaithe ar an luach iarbhír, nó ar an gcostas iomlán ar dheisiú, na cathaoireach rothaí, trealaimh soghluaisteachta eile feistí cúnta a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh, nó ar chaillteanas an ainmhí seirbhíse nó díobháil dó. Áireofar leis an gcúiteamh freisin an costas ar athsholáthar sealadach i gcás deisiú, nuair a iompróidh an paisinéir na costais sin.

Réasúnú

Ba cheart cúiteamh as caillteanas nó damáiste do mhaoin i gcás daoine faoi mhíchumas a dhéanamh go gasta agus ba cheart déileáil leis gan moill bhreise. Dhéanfaí é seo chun go seachnófaí idirdhealú breise agus srianta soghluaisteachta a chruthófaí do phaisinéirí den sórt sin.

Leasú    91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  I gcás inar gá, déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go mear gach dícheall réasúnach chun earra ionaid a sholáthar le haghaidh trealamh sonrach agus feistí cúnta a mbeidh gnéithe teicniúla agus feidhmiúla acu atá coibhéiseach le gnéithe na n-earraí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh. Ceadófar don duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe an trealamh sealadach athsholáthair nó an fheiste shealadach athsholáthair a choinneáil go dtí go n-íocfar an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

3.  I gcás inar gá, déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin ar a gcostas féin agus gan mhoill earraí athsholáthair a chur ar fáil le haghaidh trealamh sonrach agus feistí cúnta a mbeidh, i gcás inar féidir, gnéithe teicniúla agus feidhmiúla acu atá coibhéiseach le gnéithe na n-earraí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh. I gcás inar féidir agus ina bhfuil sé sin uaidh, ceadófar don duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe an trealamh sealadach athsholáthair nó an fheiste shealadach athsholáthair a choinneáil go dtí go n-íocfar an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Leasú    92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  a áirithiú gurb eol do gach ball foirne, lena n-áirítear an fhoireann sin atá fostaithe ag aon pháirtí eile feidhmithe, a sholáthróidh cúnamh díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe conas freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear daoine a bhfuil mallachair meabhrach nó intleachta orthu;

(a)  a áirithiú gurb eol don fhoireann uile, lena n-áirítear an fhoireann sin atá fostaithe ag aon pháirtí eile feidhmithe, oiliúint a fháil a bhaineann le míchumas chun fios a bheith acu conas freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear daoine a bhfuil míchumas meabhrach nó intleachta orthu;

Leasú    93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  Oiliúint a sholáthar chun feasacht faoi riachtanais daoine faoi mhíchumas a mhéadú i measc na mball foirne uile a oibríonn ag an stáisiún agus a dhéileálann go díreach leis na daoine a bhíonn ag taisteal;

(b)  oiliúint a ráthú chun feasacht faoi riachtanais daoine faoi mhíchumas a mhéadú i measc na mball foirne uile a oibríonn ag an stáisiún agus a dhéileálann go díreach leis na daoine a bhíonn ag taisteal;

Leasú    94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  a áirithiú go bhfaighidh gach fostaí nua, tráth a n-earcófar é, oiliúint maidir le míchumas agus go bhfreastalóidh na baill foirne go tráthrialta ar chúrsaí oiliúna athnuachana.

(c)  a áirithiú go gcuirfear oiliúint maidir le míchumas ar gach fostaí nua tráth a earcófar iad, agus orthu siúd, mar thoradh ar nádúr a ngníomhaíochta, a d’fhéadfadh cúnamh díreach a sholáthar do phaisinéirí faoi mhíchumas agus do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus go bhfreastalóidh na baill foirne go tráthrialta ar chúrsaí oiliúna athnuachana.

Réasúnú

Ba cheart na baill foirne atá i dteagmháil go díreach le paisinéirí a bheith in ann cabhair leordhóthanach agus cúnamh riachtanach a thabhairt i gcónaí do na paisinéirí a bhfuil sé de dhíth orthu.

Leasú    95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  glacadh, ar iarratas, le rannpháirtíocht fostaithe faoi mhíchumas, paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus/nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, san oiliúint.

(d)  spreagadh a thabhairt go gníomhach do rannpháirtíocht na foirne atá faoi mhíchumas, mar aon le paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, san oiliúint;

Leasú    96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)  eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a dhéanamh rannpháirteach i ndearadh agus i dtabhairt na hoiliúna maidir le míchumas.

Leasú    97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Bunóidh gach gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad, bainisteoir stáisiúin agus bainisteoir bonneagair ar stáisiúin a láimhseálann níos mó ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana a shásra láimhseála féin le haghaidh gearáin maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear sa Rialachán seo. Cuirfidh siad a sonraí teagmhála agus a dteanga nó a dteangacha oibre i bhfios go forleathan do phaisinéirí.

1.  Bunóidh gach gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad, tionscnóir turas, bainisteoir stáisiúin agus bainisteoir bonneagair ar stáisiúin sásra láimhseála gearán maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear sa Rialachán seo ina réimse freagrachta faoi seach. Cuirfidh siad na sonraí maidir leis an nós imeachta láimhseála gearán, a sonraí teagmhála agus a dteanga nó a dteangacha oibre i bhfios go forleathan do phaisinéirí. Tairgfear an fhoirm ghearáin do phaisinéirí agus beidh sí ar fáil i dteanga amháin nó níos mó a thuigfidh formhór na bpaisinéirí.

Leasú    98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Féadfaidh paisinéirí gearán a chur faoi bhráid aon ghnóthais iarnróid, an díoltóra ticéad, an bhainisteora stáisiúin iarnróid nó an bhainisteora bonneagair lena mbaineann. Cuirfear an gearán isteach laistigh de shé mhí den eachtra is ábhar don ghearán. Laistigh d’aon mhí amháin den ghearán a fháil , tabharfaidh an seolaí freagra réasúnaithe nó, i gcásanna inchosanta, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir faoin dáta, laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí ón dáta a fuarthas an gearán, a bhféadfar a bheith ag súil le freagra. Coinneoidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, bainisteoirí stáisiúin, agus bainisteoirí bonneagair na sonraí teagmhais is gá chun an gearán a mheas ar feadh dhá bhliain agus cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe arna iarraidh sin.

2.  Féadfaidh paisinéirí gearán a chur faoi bhráid aon ghnóthais iarnróid, an díoltóra ticéad, an bhainisteora stáisiúin nó an bhainisteora bonneagair lena mbaineann. Beidh sé de cheart ag paisinéirí gearáin a thíolacadh ar an mbealach céanna a fuair siad a dticéad. Cuirfear an gearán isteach laistigh de shé mhí den eachtra is ábhar don ghearán. Laistigh d’aon mhí amháin den ghearán a thíolacadh, tabharfaidh an seolaí freagra réasúnaithe nó, i gcásanna inchosanta, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir faoin dáta, laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí ón dáta a fuarthas an gearán, a bhféadfar a bheith ag súil le freagra. Coinneoidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, bainisteoirí stáisiúin, agus bainisteoirí bonneagair na sonraí teagmhais is gá chun an gearán a mheas ar feadh dhá bhliain agus cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe arna iarraidh sin.

Leasú    99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Beidh fáil ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar mhionsonraí an phróisis láimhseála gearán.

3.  Beidh mionsonraí an nós imeachta maidir le láimhseáil gearán ar fáil go héasca do phaisinéirí agus beidh siad inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil gan bhac i scríbhinn arna iarraidh sin i dteanga baile an ghnóthais iarnróid.

Leasú    100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.  Glacfaidh an Coimisiún foirm chaighdeánaithe ghearáin de chuid an Aontais a úsáidfidh paisinéirí chun iarratas a dhéanamh ar chúiteamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Réasúnú

De mheon an neamh-idirdhealaithe a leagtar amach in Airteagal 5 agus i bhfianaise Aithris 12, ba cheart go mbeadh paisinéirí in ann gearán a chomhdú gan beann ar an teanga. Féadfaidh an paisinéir a chinneadh foirm chaighdeánaithe ghearáin an Aontais a úsáid in ionad na foirme a sholáthróidh an gnóthais iarnróid, an díoltóir ticéad, an bainisteoir stáisiúin nó an bainisteoir bonneagair lena mbaineann, má theastaíonn uaidh, agus ba cheart go mbeadh sí chomh bailí céanna. Go háirithe do phaisinéirí atá ag taisteal lasmuigh dá mBallstáit féin, d’fhéadfadh sé a bheith níos fusa gearán a thíolacadh trí fhoirm ghearáin AE a úsáid.

Leasú    101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Oibreoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiún go gníomhach le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas chun feabhas a chur ar cháilíocht inrochtaineacht seirbhísí iompair.

Réasúnú

Tá loighic inmheánach idir Airteagal 26 agus Airteagal 29 toisc go molann an Coimisiún oiliúint foirne agus éilíonn sé caighdeáin cáilíochta seirbhíse. D’fhéadfadh an leasú seo úsáid seirbhísí iarnróid a éascú do dhaoine faoi mhíchumas agus cáilíocht na seirbhísí a thairgtear dóibh a fheabhsú.

Leasú    102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Cuirfidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin paisinéirí ar an eolas ar mhodh iomchuí, lena n-áirítear formáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta i dTreoir XXX, ag an stáisiún agus ar an traein, maidir lena gcearta agus maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, agus maidir le sonraí teagmhála an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 31.

2.  Cuirfidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin paisinéirí ar an eolas ar mhodh iomchuí, lena n-áirítear formáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta i dTreoir XXX, ag an stáisiún, ar an traein agus ar a suíomh gréasáin, maidir lena gcearta agus maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, agus maidir le sonraí teagmhála an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 31.

Leasú    103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh na Ballstáit an comhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo chomh maith lena dhualgais nó lena ndualgais faoi seach in iúl don Choimisiún.

Cuirfidh na Ballstáit an comhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo, chomh maith lena dhualgais nó lena ndualgais faoi seach, in iúl don Choimisiún agus foilseoidh siad iad in áit oiriúnach ar a suíomh gréasáin.

Réasúnú

Cuireann foilsiú ar an Idirlíon níos mó trédhearcachta ar fáil do phaisinéirí agus rannchuidíonn sé freisin le cuspóir an Aontais Eorpaigh i dtaca le margadh digiteach aonair a chruthú. Nuair a foilsíodh an Rialachán bunaidh, ní raibh an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach tagtha i bhfeidhm go fóill.

Leasú    104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe faireachán grinn ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go n-urramófar cearta paisinéirí. Chuige sin, tabharfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair na doiciméid ábhartha agus an fhaisnéis ábhartha dóibh má iarrann siad iad. Ar dhéanamh a bhfeidhmeanna dóibh, cuirfidh na comhlachtaí san áireamh an fhaisnéis arna cur faoina mbráid ag an gcomhlacht arna ainmniú faoi Airteagal 33 chun gearáin a láimhseáil, más comhlacht eile é sin. Thairis sin, is féidir leo cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhartha forfheidhmiúcháin bunaithe ar ghearáin aonair arna gcur ar aghaidh ag an gcomhlacht sin.

1.  Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe faireachán grinn ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go n-urramófar cearta paisinéirí. Chuige sin, tabharfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair na doiciméid ábhartha agus an fhaisnéis ábhartha dóibh má iarrann siad iad gan mhoill agus in aon chás laistigh de mhí amháin. Ar dhéanamh a bhfeidhmeanna dóibh, cuirfidh na comhlachtaí san áireamh an fhaisnéis arna cur faoina mbráid ag an gcomhlacht arna ainmniú faoi Airteagal 33 chun gearáin a láimhseáil, más comhlacht eile é sin. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar leordhóthain cumhachtaí agus acmhainní do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe agus do chomhlachtaí láimhseála gearán chun go ndéanfar gearáin aonair ó phaisinéirí a fhorfheidhmiú go leormhaith agus go héifeachtach faoin Rialachán seo.

Leasú    105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Foilseoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe staidreamh maidir lena ngníomhaíocht, lena n-áirítear staidreamh maidir le smachtbhannaí arna gcur i bhfeidhm, gach bliain, ag deireadh mhí Aibreáin den chéad bhliain féilire eile ar a dhéanaí.

2.  Gach bliain, foilseoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe tuarascálacha le staidreamh maidir lena suíomhanna gréasáin ina sonrófar líon agus cineál na ngearán a fuair siad, agus toradh a ngníomhaíochtaí forfheidhmithe, lena n-áirítear na smachtbhannaí a chuir siad i bhfeidhm. Déanfar é seo gach bliain, tráth nach déanaí ná an chéad lá de mhí Aibreáin na bliana ina dhiaidh sin. Ina theannta sin beidh na tuarascálacha sin le fáil ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

Leasú    106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.  Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe, i gcomhar le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, iniúchtaí rialta ar na seirbhísí cúnaimh arna soláthar agus foilseoidh siad na torthaí i bhformáidí atá inrochtana agus a úsáidtear go minic.

Leasú    107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Admhóidh an comhlacht go bhfuarthas an gearán laistigh de dhá sheachtain den ghearán a bheith faighte aige. Mairfidh an nós imeachta lena láimhseálfar an gearán trí mhí ar a mhéad. I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht, faoina lánrogha féin, an tréimhse sin a shíneadh go sé mhí. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don phaisinéir na cúiseanna leis an síneadh agus an méid ama a mheastar a bheidh de dhíth chun an nós imeachta a chríochnú. Féadfaidh cásanna a mbaineann imeachtaí dlíthiúla leo, agus na cásanna sin amháin, maireachtáil níos faide ná sé mhí. I gcás inar comhlacht um réiteach malartach díospóide faoi bhrí Threoir 2013/11/AE an comhlacht, tabharfar tús áite do na teorainneacha ama a leagtar síos sa Treoir sin.

Admhóidh an comhlacht go bhfuarthas an gearán laistigh de dhá sheachtain den ghearán a bheith faighte aige. Mairfidh an nós imeachta lena láimhseálfar an gearán trí mhí ar a mhéad. I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht, faoina lánrogha féin, an tréimhse sin a shíneadh go sé mhí. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don phaisinéir nó don eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar phaisinéirí na cúiseanna leis an síneadh agus an méid ama a mheastar a bheidh de dhíth chun an nós imeachta a chríochnú. Féadfaidh cásanna a mbaineann imeachtaí dlíthiúla leo, agus na cásanna sin amháin, maireachtáil níos faide ná sé mhí. I gcás inar comhlacht um réiteach malartach díospóide de réir bhrí Threoir 2013/11/AE an comhlacht, tabharfar tús áite do na teorainneacha ama a leagtar síos sa Treoir sin agus féadfar úsáid réiteach díospóide ar líne i gcomhréir le Rialachán Uimh. 524/2013/EU a chur ar fáil le comhaontú na bpáirtithe uile lena mbaineann.

Leasú    108

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

ÍOSMHÉID FAISNÉISE LE CUR AR FÁIL AG GNÓTHAIS IARNRÓID AGUS DÍOLTÓIRÍ TICÉAD

ÍOSMHÉID FAISNÉISE LE CUR AR FÁIL AG GNÓTHAIS IARNRÓID, TIONSCNÓIRÍ TURAS AGUS DÍOLTÓIRÍ TICÉAD

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar tá dlúthbhaint aige leis na leasuithe eile maidir le soláthar faisnéise ag miondíoltóirí éagsúla na dturas iarnróid lena mbaineann, go háirithe “tionscnóirí turas” in Airteagail 5, 7, 9 agus 10.

Leasú    109

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  Coinníollacha ginearálta is infheidhme ar an gconradh

–  Coinníollacha ginearálta is infheidhme ar an gconradh nó ar na conarthaí ar cuid iad den turas nó de chomhthuras

Réasúnú

Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil laistigh den Rialachán ina iomláine, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go mbeidh gá le níos mó ná conradh amháin do chomhthurais. Tá sé seo nasctha leis na leasuithe i gCaibidil II.

Leasú    110

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  Amchláir agus coinníollacha don turas is tapúla

–  Amchláir agus coinníollacha don turas is tapúla agus na naisc is fearr

Réasúnú

Is ionann comhthurais agus sraith i bhfad níos leithne de roghanna iarnróid ná an réimse teoranta a bhaineann le tréthicéid, agus, go teicniúil, is féidir comhthurais a dhéanamh ar thicéid éagsúla cheana. Dá bhrí sin, bheadh ciall leis dá soláthródh gnóthais an fhaisnéis do phaisinéirí maidir leis an gcaoi is fearr le turas a thabhairt i gcrích. Tá dlúthbhaint aige seo leis na leasuithe a bhaineann leis an ábhar i gCaibidil II.

Leasú    111

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  Amchláir agus coinníollacha do na táillí is ísle

–  Amchláir agus coinníollacha do na táillí is ísle agus do na táillí uile atá ar fáil

Réasúnú

Is ionann comhthurais agus sraith i bhfad níos leithne de roghanna iarnróid ná an réimse teoranta a bhaineann le tréthicéid, agus, go teicniúil, is féidir comhthurais a dhéanamh ar thicéid éagsúla cheana. Dá bhrí sin, bheadh ciall leis dá soláthródh gnóthais an fhaisnéis do phaisinéirí maidir leis an gcaoi is fearr le turas a thabhairt i gcrích. Tá dlúthbhaint aige seo leis na leasuithe a bhaineann leis an ábhar i gCaibidil II.

Leasú    112

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  Coinníollacha rochtana do rothair

–  Socruithe rochtana do rothair

Réasúnú

Tá dlúthbhaint aige seo leis na leasuithe eile ar an ábhar ar Airteagal 6.

Leasú    113

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  Fáil ar shuíocháin i láthair chaite tobac agus láthair gan cead caite tobac, den chéad ghrád agus den dara grád, . leapacha suíocháin agus carráistí codlata

–  Fáil ar shuíocháin i dtaca leis na táillí uile is infheidhme i láthair gan cead caite tobac, agus, i gcás inarb infheidhme, i láthair chaite tobac, i láthair den chéad ghrád agus den dara grád, i leapacha suíocháin agus i gcarráistí codlata

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo ar chúiseanna práinneacha na loighce agus na béime sa téacs. I bhformhór na mBallstát, tá cosc ar chaitheamh tobac ar thraenacha go ginearálta anois. Dá bhrí sin, níor cheart an téacs a dhréachtú ar bhealach míthreorach agus leanann sé loighic inmheánach Chaibidil II.

Leasú    114

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid I – fleasc 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  Seirbhísí atá ar fáil ar bord

–  Seirbhísí atá ar fáil ar bord, lena n-áirítear Wi-Fi agus leithris

Réasúnú

I bhfianaise an Rialacháin i gcoitinne agus i bhfianaise na béime a leagan sé ar fheabhas a chur ar chearta paisinéirí, tá sé tábhachtach go n-aithneofaí gnéithe bunúsacha áirithe de dhínit an duine agus go gcuirfí leithris ar fáil ar thraenacha. Tá sé seo go háirithe tábhachtach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Tá tábhacht ag baint le gné Wi-Fi chomh maith mar tá sé ag teacht leis an ngluaiseacht i dtreo digitiú méadaithe agus cuideoidh sé le paisinéirí chun turas chun cinn a chur in áirithe ar gearrfhógra i gcás nach mbeadh oifig áirithinte nó meaisín ticéad ag feidhmiú. Tá dlúthbhaint aige seo le cuspóirí an Rialacháin agus le forálacha maidir le soláthar faisnéise, go háirithe i gCaibidil II agus na forálacha inrochtaineachta i gCaibidil V.

Leasú    115

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid II – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  Seirbhísí ar bord

–  Seirbhísí ar bord, lena n-áirítear Wi-Fi

Réasúnú

Ag teacht leis an Rialachán i gcoitinne, tá tábhacht ag baint le gné Wi-Fi mar tá sé ag teacht leis an ngluaiseacht i dtreo digitiú méadaithe agus cuideoidh sé le paisinéirí chun turas chun cinn a chur in áirithe ar gearrfhógra i gcás nach mbeadh oifig áirithinte nó meaisín ticéad ag feidhmiú. Tá dlúthbhaint aige seo le cuspóirí an Rialacháin agus le forálacha maidir le soláthar faisnéise, go háirithe i gCaibidil II agus na forálacha inrochtaineachta i gCaibidil V.

Leasú    116

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – cuid I – mír 2 – pointe 1 – pointe a – pointe iii – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  an céatadán de mhoilleanna a bhí ní ba lú ná 60 nóiméad;

–  an céatadán de mhoilleanna a bhí ní ba lú ná 45 nóiméad;

Leasú    117

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – cuid II – mír 1– pointe 4 – pointe 1 – pointe vii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(vii)  inrochtaineacht an stáisiúin agus shaoráidí an stáisiúin.

(vii)  inrochtaineacht an stáisiúin agus shaoráidí an stáisiúin, lena n-áirítear rochtain gan chéimeanna, staighrí beo, ardaitheoirí agus rampaí bagáiste;

Leasú    118

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcásanna casta amhail cásanna lena mbaineann éilimh iomadúla nó roinnt oibreoirí éagsúla, taisteal trasteorann nó tionóiscí ar chríoch Ballstáit nach é an Ballstát a dheonaigh ceadúnas an ghnóthais é, go háirithe i gcás nach léir cén comhlacht náisiúnta forfheidhmithe atá inniúil, nó i gcás ina n-éascófaí nó ina luathófaí réiteach an ghearáin amhlaidh, comhoibreoidh comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe chun comhlacht 'ceannais' a shannadh, a bheidh ina phointe aonair teagmhála do na paisinéirí. Comhoibreoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe uile lena mbaineann chun réiteach an ghearáin a éascú (lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt, trí chúnamh le haistriú doiciméad a thabhairt agus trí fhaisnéis faoi imthosca na n-eachtraí a thabhairt). Cuirfear in iúl do na paisinéirí cén comhlacht atá ag feidhmiú mar chomhlacht 'ceannais'.

I gcásanna casta amhail cásanna lena mbaineann éilimh iomadúla nó roinnt oibreoirí éagsúla, taisteal trasteorann nó tionóiscí ar chríoch Ballstáit nach é an Ballstát a dheonaigh ceadúnas an ghnóthais é, go háirithe i gcás nach léir cén comhlacht náisiúnta forfheidhmithe atá inniúil, nó i gcás ina n-éascófaí nó ina gcuirfí dlús le réiteach an ghearáin amhlaidh, comhoibreoidh comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe chun comhlacht ‘ceannais’ a shannadh, a bheidh ina phointe aonair teagmhála do na paisinéirí. Comhoibreoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe uile lena mbaineann chun réiteach an ghearáin a éascú (lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt, trí chúnamh le haistriú doiciméad a thabhairt agus trí fhaisnéis faoi imthosca na dteagmhas a thabhairt). Cuirfear in iúl do na paisinéirí an comhlacht atá ag feidhmiú mar chomhlacht ‘ceannais’. Ina theannta sin, i ngach cás, áiritheoidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta i gcás ar bith comhlíonadh Rialachán 2017/2394/EU.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Cearta agus oibleagáidí na bpaisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

Tagairtí

COM(2017)0548 – C8-0324/2017 – 2017/0237(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

5.10.2017

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

26.10.2017

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Dennis de Jong

4.12.2017

Pléite sa choiste

21.2.2018

21.3.2018

16.5.2018

 

Dáta an ghlactha

4.6.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

29

1

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

John Stuart Agnew, Pascal Arimont, Carlos Coelho, Sergio Gaetano Cofferati, Daniel Dalton, Nicola Danti, Dennis de Jong, Pascal Durand, Liisa Jaakonsaari, Philippe Juvin, Nosheena Mobarik, Jiří Pospíšil, Virginie Rozière, Christel Schaldemose, Olga Sehnalová, Jasenko Selimovic, Mylène Troszczynski, Anneleen Van Bossuyt, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Cristian-Silviu Buşoi, Birgit Collin-Langen, Roberta Metsola, Marc Tarabella, Sabine Verheyen

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Clara Eugenia Aguilera García, Klaus Buchner, Peter Liese, Emilian Pavel, Annie Schreijer-Pierik, Tomáš Zdechovský

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

29

+

ALDE

Jasenko Selimovic

ECR

Daniel Dalton, Nosheena Mobarik, Anneleen Van Bossuyt

ENF

Mylène Troszczynski

GUE/NGL

Dennis de Jong

PPE

Asim Ademov, Pascal Arimont, Cristian-Silviu Buşoi, Carlos Coelho, Birgit Collin-Langen, Philippe Juvin, Peter Liese, Roberta Metsola, Jiří Pospíšil, Annie Schreijer-Pierik, Sabine Verheyen, Tomáš Zdechovský

S&D

Clara Eugenia Aguilera García, Sergio Gaetano Cofferati, Nicola Danti, Liisa Jaakonsaari, Emilian Pavel, Virginie Rozière, Christel Schaldemose, Olga Sehnalová, Marc Tarabella

VERTS/ALE

Klaus Buchner, Pascal Durand

1

-

EFDD

John Stuart Agnew

1

0

EFDD

Marco Zullo

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Cearta agus oibleagáidí na bpaisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

Tagairtí

COM(2017)0548 – C8-0324/2017 – 2017/0237(COD)

Dáta tíolactha chun PE

27.9.2017

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

5.10.2017

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

26.10.2017

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Bogusław Liberadzki

25.10.2017

 

 

 

Pléite sa choiste

19.3.2018

25.4.2018

 

 

Dáta an ghlactha

9.10.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

39

2

6

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Daniela Aiuto, Marie-Christine Arnautu, Inés Ayala Sender, Georges Bach, Izaskun Bilbao Barandica, Deirdre Clune, Michael Cramer, Luis de Grandes Pascual, Andor Deli, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Jacqueline Foster, Tania González Peñas, Dieter-Lebrecht Koch, Merja Kyllönen, Innocenzo Leontini, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Georg Mayer, Gesine Meissner, Renaud Muselier, Markus Pieper, Gabriele Preuß, Christine Revault d’Allonnes Bonnefoy, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Claudia Schmidt, Jill Seymour, Claudia Țapardel, Keith Taylor, Pavel Telička, Peter van Dalen, Wim van de Camp, Marie-Pierre Vieu, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Janusz Zemke, Kosma Złotowski

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Michael Detjen, Jill Evans, Maria Grapini, Ryszard Antoni Legutko, Marek Plura

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Angel Dzhambazki, John Howarth, Clare Moody

Dáta don chur síos

18.10.2018

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

39

+

ALDE

Izaskun Bilbao Barandica, Gesine Meissner, Dominique Riquet, Pavel Telička

ECR

Angel Dzhambazki, Ryszard Antoni Legutko, Peter Lundgren, Kosma Złotowski, Peter van Dalen

EFDD

Daniela Aiuto

GUE/NGL

Tania González Peñas, Merja Kyllönen, Marie-Pierre Vieu

PPE

Georges Bach, Deirdre Clune, Andor Deli, Dieter-Lebrecht Koch, Innocenzo Leontini, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Renaud Muselier, Marek Plura, Massimiliano Salini, Claudia Schmidt, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Luis de Grandes Pascual, Wim van de Camp

S&D

Inés Ayala Sender, Isabella De Monte, Michael Detjen, Maria Grapini, Bogusław Liberadzki, Gabriele Preuß, Christine Revault d'Allonnes Bonnefoy, Claudia Țapardel, Janusz Zemke

VERTS/ALE

Michael Cramer, Jill Evans, Keith Taylor

2

-

ECR

Jacqueline Foster

EFDD

John Stuart Agnew

6

0

ENF

Marie-Christine Arnautu, Georg Mayer

EPP

Markus Pieper

S&D

Ismail Ertug, John Howarth, Clare Moody

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 6 Samhain 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais