– ag féachaint don dréacht ón gComhairle (11284/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 39(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar a leasaítear le Conradh Amstardam, agus d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0390/2018),
– ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac(1), agus go háirithe Airteagal 33 de,
– ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0345/2018),
1. ag formheas an dréacht ón gComhairle;
2. Á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;
3. Á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;
4. Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.