Tuarascáil - A8-0355/2018Tuarascáil
A8-0355/2018

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

26.10.2018 - (COM(2017)0797 – C8-0006/2018 – 2017/0355(COD)) - ***I

An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
Rapóirtéir: Enrique Calvet Chambon


Nós Imeachta : 2017/0355(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0355/2018

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

(COM(2017)0797 – C8-0006/2018 – 2017/0355(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle COM(2017) 0797 final

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 153(1)(b) agus (2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0006/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Bealtaine 2018[1],

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Iúil 2018[2],

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus freisin do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ó Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0355/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Foráiltear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh in Airteagal 31 de go bhfuil ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit, agus chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta uaireanta oibre, le tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus le tréimhse shaoire le pá in aghaidh na bliana.

(1)  Foráiltear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh in Airteagal 31 de go bhfuil ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit, agus chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta uaireanta oibre, le tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus le tréimhse shaoire íoctha in aghaidh na bliana. Ba cheart cuspóirí na Treorach seo a bheith go hiomlán i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;

Leasú    2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)  Foráiltear le Prionsabal 5 de Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, gan beann ar an ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá ag oibrithe agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, go bhfuil an ceart acu cóir chothrom agus chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, le rochtain ar chosaint shóisialta agus le hoiliúint, go bhfuil cosc le cur ar aon chaidreamh fostaíochta a mbeidh dálaí oibre forbhásacha mar thoradh leis, lena n-áirítear thoirmeasc a chur ar mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla, gur cheart gur tréimhse réasúnach a bheadh sa tréimhse phromhaidh agus go mbeidh athrú de réir a chéile le cothú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo. Forálann sé thairis sin go bhfuil an tsolúbthacht is gá d’fhostaithe chun oiriúnú go mear d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch le háirithiú, i gcomhréir leis an reachtaíocht agus le comhaontuithe cómhargála.

Réasúnú

An tagairt do Phrionsabal 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur i gcrích

Leasú    3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Foráiltear i bPrionsabal 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna fhógairt in Göteborg an 17 Samhain 2017 go bhfuil ag oibrithe an ceart chun faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta sin, agus iad ar thréimhse phromhaidh san áireamh, agus go bhfuil an ceart acu chun rochtain a fháil ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, go bhfuil an ceart acu chun sásaimh, lena náirítear cúiteamh leordhóthanach. Foráiltear le Prionsabal 5 go bhfuil an ceart ag oibrithe, beag beann ar an ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, go bhfuil an ceart ag oibrithe cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint, go mbeidh cosc le cur ar aon chaidreamh fostaíochta a mbeidh dálaí oibre forbhásacha mar thoradh leis, lena náirítear trí chosc a chur le míúsáid conarthaí neamhthipiciúla, gur cheart gur tréimhse réasúnach a bheidh sa tréimhse phromhaidh, agus go mbeidh athrú de réir a chéile le cothú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo.

(2)  Foráiltear i bPrionsabal 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna fhógairt in Göteborg an 17 Samhain 2017, go bhfuil ag oibrithe an ceart chun faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta sin, agus iad ar thréimhse phromhaidh san áireamh, agus go bhfuil sé de cheart acu go gcuirfí na cúiseanna atá lena ndífhostú in iúl dóibh agus go dtabharfaí tréimhse fógra réasúnta dóibh agus go bhfuil an ceart acu chun rochtain a fháil ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, go bhfuil an ceart acu chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh leormhaith. Foráiltear le Prionsabal 5 go bhfuil an ceart ag oibrithe, gan beann ar an ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, go bhfuil an ceart ag oibrithe cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint, go mbeidh cosc le cur ar aon chaidreamh fostaíochta a mbeidh dálaí oibre forbhásacha mar thoradh leis, lena n-áirítear trí thoirmeasc a chur ar mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla, gur cheart gur tréimhse réasúnach a bheidh sa tréimhse phromhaidh, agus go mbeidh athrú de réir a chéile le cothú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo, agus an tsolúbthacht is gá á tabhairt d’fhostóirí ag an am céanna chun oiriúnú go tapa d’aon athruithe eacnamaíocha.

Leasú    4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)  Foráiltear le Prionsabal 7 go bhfuil ag oibrithe an ceart chun faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta sin, agus iad ar thréimhse phromhaidh san áireamh, agus go bhfuil an ceart acu chun rochtain a fháil ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, go bhfuil an ceart acu chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh leormhaith.

Leasú    5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2b)  Ní dhéanann bunú Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta aon difear don cheart atá ag na Ballstáit chun bunphrionsabail a gcóras slándála sóisialta a shainiú agus a n-airgeadas poiblí a bhainistiú, agus ní chaithfear go ndéanfadh sé difear suntasach do chothromaíocht na gcóras slándála sóisialta ná na n-airgeadas poiblí sin.

Leasú    6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Ón tráth a glacadh Treoir 91/533/CEE33,, tháinig athruithe forleathana ar na margaí saothair mar gheall ar fhorbairtí déimeagrafacha agus an digitiú, as ar tháinig cineálacha fostaíochta nua, lenar tacaíodh le cruthú post agus le fás sa mhargadh saothair. Is minic cineálacha nua fostaíochta gan a bheith chomh rialta cobhsaí agus a bhí cineálacha caidrimh fostaíochta traidisiúnta agus gur lú an intuarthacht do na hoibrithe lena mbaineann, rud a fhágann nach mbíonn aon chinnteacht maidir le cearta agus le cosaint shóisialta is infheidhme. De bhrí go bhfuil an saol oibre seo síorathraitheach, tá gá níos mó le faisnéis iomlán a thabhairt d'oibrithe maidir lena ndálaí bunúsacha oibre agus ba cheart sin a dhéanamh go tráthúil i scríbhinn. D'fhonn forbairt na gcineálacha fostaíochta nua a dhíriú go leordhóthanach, ba cheart roinnt ceart íosta nua a thabhairt d'oibrithe san Aontas arb é is aidhm do na cearta sin seasmhacht agus intuarthacht i gcineálacha caidrimh fostaíochta a chur chun cinn agus agus, ag an am céanna, cóineasú aníos a bhaint amach ar fud na mBallstát agus an inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a chaomhnú.

(3)  Ón tráth a glacadh Treoir 91/533/CEE ón gComhairle, tá athruithe forleathana tagtha ar na margaí saothair mar gheall ar fhorbairtí déimeagrafacha agus ar an digitiú, as ar tháinig cineálacha fostaíochta nua, lenar tacaíodh le nuálaíocht, cruthú post agus fás sa mhargadh saothair. Is minic a bhíonn cineálacha nua fostaíochta an-éagsúil ó thaobh a intuartha a bhíonn siad ó chaidrimh fostaíochta traidisiúnta, rud a fhágann uaireanta gur lú an intuarthacht atá ann do na hoibrithe lena mbaineann, agus is cúis le héiginnteacht maidir leis na cearta is infheidhme agus cosaint shóisialta agus a spreagann cleachtais dhoiléire nó éagóracha agus, sa chaoi sin, déantaran margadh saothair a éagobhsú. De bhrí go bhfuil an saol oibre ag síorathrú, tá gá níos mó le hoibrithe, gan beann ar an réimse áirithe ina bhfuil siad ag obair, a chur go hiomlán ar an eolas maidir lena ndálaí bunúsacha oibre, agus ba cheart é sin a dhéanamh go tráthúil agus i scríbhinn agus i bhfoirm is féidir le hoibrithe a rochtain go héasca. D’fhonn forbairt na gcineálacha fostaíochta nua a dhíriú go leormhaith, ba cheart roinnt ceart íosta nua a thabhairt d’oibrithe san Aontas arb é is aidhm do na cearta sin seasmhacht agus intuarthacht i gcineálacha caidrimh fostaíochta a chur chun cinn agus, ag an am céanna, cóineasú aníos a bhaint amach ar fud na mBallstát agus an inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a chaomhnú.

__________________

__________________

33 Treoir 91/533/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid ar fhostóir a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (IO L 288, 18.10.1991, lch 32).

33 Treoir 91/533/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid ar fhostóir a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (IO L 288, 18.10.1991, lch 32).

Leasú    7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Ba cheart ceanglais íosta i ndáil le faisnéis maidir le gnéithe bunúsacha an chaidrimh fostaíochta agus a bhaineann le dálaí oibre is infheidhme maidir le gach oibrí a bhunú ar leibhéal an Aontais chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus intuarthachta i dtaca lena ndálaí oibre a ráthú do na hoibrithe go léir san Aontas.

(5)  Ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais íosta i ndáil le faisnéis maidir le gnéithe bunúsacha an chaidrimh fostaíochta agus a bhaineann le dálaí oibre is infheidhme maidir le gach oibrí a neartú agus a bhunú ar leibhéal an Aontais chun an leibhéal trédhearcachta agus intuarthachta is airde is féidir a ráthú do na hoibrithe go léir san Aontas, gan beann ar a stádas foirmiúil, i dtaca lena ndálaí oibre, agus solúbthacht réasúnta á coinneáil ag an am céanna maidir le fostaíocht neamhchaighdeánach, agus, dá bhrí sin, na tairbhí d’oibrithe agus d'fhostóirí a ghabhann léi a chaomhnú.

Leasú    8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)  Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann, ar fhorais oibiachtúla, foráil a dhéanamh maidir le forálacha áirithe a leagtar síos i gCaibidil III a oiriúnú do na fórsaí armtha, do na húdaráis phóilíneachta agus do sheirbhísí éigeandála eile.

Leasú    9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b)  Is féidir cuspóir na Treorach seo – soláthar saothair atá níos sábháilte agus níos intuartha a chur chun cinn, agus inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair á háirithiú ag an am céanna, rochtain ar nuálaíocht agus dálaí maireachtála agus oibre níos fearr – a bhaint amach trí rochtain níos éifeachtúla a thabhairt do gach oibrí ar fhaisnéis maidir lena gcuid dálaí oibre, trí dhálaí oibre a fheabhsú, go háirithe d’oibrithe atá i mbun cineálacha nua agus neamhthipiciúla oibre, tríd an reachtaíocht a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí agus tríd an trédhearcacht sa mhargadh saothair a mhéadú, gan ualaí iomarcacha a chur ar ghnólachtaí d’aon mhéid.

Leasú    10

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le raon feidhme agus éifeachtacht Threoir 91/533/CEE a fheabhsú agus maidir lena cuspóirí a leathnú chun cearta nua d’oibrithe a chur isteach, i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh. Níor tháinig as seo aon chomhaontú go rachadh na comhpháirtithe sóisialta i mbun caibidlíochta i dtaca leis na hábhair sin. Mar sin féin, i bhfianaise na dtorthaí a bhí ar na comhairliúcháin phoiblí oscailte a rinneadh chun tuairimí na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara éagsúla a fháil, tá sé tábhachtach beart a dhéanamh sa réimse seo ar leibhéal an Aontais tríd an gcreat dlíthiúil atá ann cheana a nuachóiriú agus a oiriúnú.

(6)  Tá comhairliúchán dhá chéim déanta ag an gCoimisiún leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le raon feidhme agus éifeachtacht Threoir 91/533/CEE a fheabhsú agus maidir lena cuspóirí a leathnú chun cearta nua d’oibrithe a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Níor tháinig as seo aon chomhaontú go rachadh na comhpháirtithe sóisialta i mbun caibidlíochta i dtaca leis na hábhair sin. Bunaithe ar na torthaí a bhí ar na comhairliúcháin phoiblí oscailte a rinneadh chun tuairimí na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara éagsúla a fháil, áfach, tá sé bunriachtanach gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais sa réimse seo tríd an gcreat dlíthiúil atá ann cheana a nuachóiriú agus a oiriúnú d’fhorbairtí nua.

Réasúnú

Tá an coincheap ‘a bhunú’ níos cruinne ná ‘a chur isteach’ de réir bhunús dlí an togra

Leasú    11

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Chun éifeachtacht na gceart dá bhforáiltear i ndlí an Aontais a áirithiú, ba cheart raon feidhme pearsanta Threoir 91/533/CEE a thabhairt cothrom le dáta. Tá critéir bunaithe ina cásdlí ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun stádas oibrí a chinneadh34 atá iomchuí chun raon feidhme pearsanta chur i bhfeidhm na Treorach a chinneadh. Tá an sainmhíniú ar oibrí in Airteagal 2(1) bunaithe ar na critéir seo. Áirithítear leo go gcuirtear raon feidhme pearsanta na Treorach chun feidhme go haonfhoirmeach agus, ag an am céanna, go bhfágtar faoi na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta é a chur i bhfeidhm maidir le cásanna áirithe. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir sin, d'fhéadfadh oibrithe tí, oibrithe ar éileamh oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oiliúnaithe agus printísigh teacht faoi raon feidhme na Treorach seo.

(7)  Chun éifeachtacht na gceart dá bhforáiltear i ndlí an Aontais a áirithiú, ba cheart raon feidhme pearsanta Threoir 91/533/CEE a thabhairt cothrom le dáta. Ina cásdlí, tá critéir bunaithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) chun stádas oibrí a chinneadh.34 critéir is iomchuí chun raon feidhme pearsanta chur i bhfeidhm na Treorach a chinneadh.

_________________________________

_________________________________

34 Breithiúnais an 3 Iúil 1986, Deborah Lawrie-Blum, Cás 66/85; an 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère, Cás C-428/09; an 9 Iúil 2015, Balkaya, Cás C-229/14; an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten, Cás C-413/13; agus an 17 Samhain 2016, Ruhrlandklinik, Cás C-216/15.

34 Breithiúnais an 3 Iúil 1986, Deborah Lawrie-Blum, Cás 66/85; an 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère, Cás C-428/09; an 9 Iúil 2015, Balkaya, Cás C-229/14; an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten, Cás C-413/13; agus an 17 Samhain 2016, Ruhrlandklinik, Cás C-216/15.

Leasú    12

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)  Beidh sé de cheart i gcónaí ag na Ballstáit a shainiú cén duine arb oibrí é chun críche dlí agus cleachtais náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a thabhairt do na daoine nádúrtha uile a chuirfidh seirbhísí ar fáil i gcomaoin luach saothair ar feadh tréimhse áirithe ama agus faoi stiúir duine eile, ar choinníoll go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach a ndéanfar raon feidhme pearsanta na Treorach seo a thrasuí.

Leasú  13

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7b)  Níl daoine féinfhostaithe nach bhfuil na critéir arna mbunú sa Treoir seo á gcomhlíonadh acu laistigh de raon feidhme na Treorach seo.

Leasú    14

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7c)  Le critéir na Cúirte Breithiúnais chun stádas oibrí a chinneadh, áirithítear cur chun feidhme aonfhoirmeach ar raon feidhme pearsanta na Treorach seo agus, ag an am céanna, déantar é a fhágáil faoi na húdaráis náisiúnta agus faoi na cúirteanna náisiúnta é a chur i bhfeidhm maidir le cásanna sonracha. Tá na critéir sin á gcomhlíonadh ag oibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhán-bhunaithe, oibrithe ardáin, saoroibrithe, oiliúnaithe agus printísigh ar choinníoll go bhfuil siad faoi raon feidhme na Treorach seo.

Leasú    15

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  I bhfianaise líon méadaitheach na n-oibrithe a eisiatar ó raon feidhme Threoir 91/533/CEE ar bhonn maoluithe a rinne na Ballstáit faoi Airteagal 1 den Treoir sin, is gá deis a thabhairt do na Ballstáit, in ionad na maoluithe sin, gan forálacha na Treorach a chur i bhfeidhm maidir le caidreamh oibre atá san iomlán cothrom le hocht nuaire an chloig nó níos lú le linn tréimhse tagartha d’aon mhí amháin. Níl aon éifeacht ag an maolú sin ar an sainmhíniú a thugtar ar oibrí dá bhforáiltear in Airteagal 2(1).

(8)  I bhfianaise líon méadaitheach na n-oibrithe a eisiatar ó raon feidhme Threoir 91/533/CEE ar bhonn maoluithe a rinne na Ballstáit faoi Airteagal 1 den Treoir sin, is gá deis a thabhairt do na Ballstáit, in ionad na maoluithe sin, gan forálacha na Treorach a chur i bhfeidhm maidir le caidreamh oibre atá san iomlán cothrom le hocht n-uaire an chloig nó níos lú le linn tréimhse thagartha d’aon mhí amháin.

Leasú    16

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Mar thoradh ar neamh-intuarthacht na hoibre ar éileamh lena náirítear conarthaí uaireanta nialasacha, níor cheart an maolú i ndáil le hocht nuaire an chloig in aghaidh na míosa a úsáid maidir le cineálacha caidrimh fostaíochta nach gcinntear aon mhéid oibre le pá ina leith roimh thús na fostaíochta.

scriosta

Leasú    17

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  Féadfaidh roinnt daoine nádúrtha nó dlítheanacha éagsúla feidhmeanna agus freagrachtaí an fhostóra a ghlacadh chucu féin i gcleachtas. Ba cheart go leanfadh na Ballstáit de bheith saor chun cinneadh níos beaichte a dhéanamh maidir leis an duine nó na daoine a meastar go bhfuil siad freagrach go hiomlán nó i bpáirt as feidhmiú na noibleagáidí a leagtar síos leis an Treoir seo maidir le fostóirí, fad a chomhlíontar na hoibleagáidí sin go léir. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a chinneadh freisin go bhfuil na hoibleagáidí sin go léir nó cuid díobh le sannadh do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí é sa chaidreamh fostaíochta. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit rialacha sonracha a bhunú chun daoine aonair ag gníomhú dóibh mar fhostóirí d’oibrithe tí sa teaghlach a eisiamh ó na hoibleagáidí chun iarraidh ar chineál fostaíochta eile a mheas agus freagra a thabhairt ar an iarraidh sin, agus chun oiliúint éigeantach saor ó chostas a chur ar fáil, agus ó chumhdach an tsásra sásaimh atá bunaithe ar thoimhdí fabhracha i gcás ina bhfuil faisnéis ar iarraidh sa dearbhú i scríbhinn.

(10)  Féadfaidh roinnt daoine nádúrtha nó dlítheanacha éagsúla nó eintitis eile feidhmeanna agus freagrachtaí an fhostóra a ghlacadh chucu féin i gcleachtas. Ba cheart go leanfadh na Ballstáit de bheith saor chun cinneadh níos beaichte a dhéanamh maidir leis an duine nó na daoine a meastar go bhfuil siad freagrach go hiomlán nó i bpáirt as feidhmiú na n-oibleagáidí a leagtar síos leis an Treoir seo maidir le fostóirí, fad a chomhlíontar na hoibleagáidí sin go léir. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a chinneadh freisin go bhfuil na hoibleagáidí sin go léir nó cuid díobh le sannadh do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí é sa chaidreamh fostaíochta. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, in ann oiriúnú a dhéanamh ar na rialacha sonracha i dtaca le hoibleagáidí maidir le hiarraidh ar chineál fostaíochta eile agus na hiarrataí sin ar oiliúint éigeantach saor ó chostas, do dhaoine aonair atá ag gníomhú mar fhostóirí d’oibrithe ti ina dteaghlach, a mheas agus freagairt a thabhairt orthu.

Leasú    18

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a)  Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann rialacha sonracha a bhunú chun daoine aonair ag gníomhú dóibh mar fhostóirí d'oibrithe tí sa teaghlach a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo, a mheas agus freagra a thabhairt ar iarrataí ar chineálacha éagsúla fostaíochta, oiliúint éigeantach saor ó chostas a chur ar fáil, agus sásraí sásaimh a sholáthar atá bunaithe ar thoimhdí fabhracha i gcás ina bhfuil faisnéis ar iarraidh sa doiciméadacht atá le soláthar ag an oibrí faoin Treoir seo.

Réasúnú

Tá bonn cirt le heisiamh a thabhairt isteach do chás ar leith daoine aonair a bhíonn ag gníomhú mar fhostóir d’oibrithe tí

Leasú    19

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  Tugadh isteach le Treoir 91/533/CEE liosta íosta de ghnéithe bunúsacha nach mór oibrithe a chur ar an eolas i scríbhinn ina leith. Is gá an liosta sin a oiriúnú chun forbairtí sa mhargadh saothair a chur san áireamh, an borradh atá ag teacht faoi chineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta go háirithe.

(11)  Tugadh isteach le Treoir 91/533/CEE liosta íosta de ghnéithe bunúsacha nach mór oibrithe a chur ar an eolas i scríbhinn ina leith. Is gá oiriúnú a dhéanamh ar an liosta íosta sin de ghnéithe bunúsacha, ar liosta é a fhéadfaidh na Ballstáit a mhéadú, chun forbairtí sa mhargadh saothair a chur san áireamh, go háirithe an borradh atá ag teacht faoi chineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta.

Leasú    20

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Ba cheart faisnéis maidir le ham oibre a bheith comhsheasmhach le forálacha Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35, agus ba cheart faisnéis maidir le sosanna, tréimhsí scíthe laethúla, thréimhsí scíthe seachtainiúla agus an méid saoire le pá a bheith ann.

(12)  Ba cheart faisnéis maidir le ham oibre a bheith comhsheasmhach le forálacha Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35, agus ba cheart faisnéis maidir le sosanna, tréimhsí scíthe laethúla, tréimhsí scíthe seachtainiúla agus an méid saoire íoctha a bheith ann agus a áirithiú, dá bhrí sin, go gcosnófaí sábháilteacht agus sláinte oibrithe.

__________________

__________________

35 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre, (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

35 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre, (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

Leasú    21

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Maidir le luach saothair, ba cheart go mbeadh san fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil gach gné den luach saothair sin lena náirítear ranníocaíochtaí in airgead tirim nó mar íocaíocht chomhchineáil, a fhaigheann an toibrí go díreach nó go neamhdhíreach i dtaca lena chuid oibre. Ba cheart go mbeadh soláthar faisnéise den chineál sin gan dochar don tsaoirse atá ag fostóirí chun gnéithe luacha saothair breise amhail íocaíochtaí aon uaire a chur ar fáil. Fiú mura gcuirtear na gnéithe den luach saothair atá dlite de réir an dlí nó comhaontú coiteann san fhaisnéis, ní ceart gur cúis é sin gan iad a chur ar fáil don oibrí.

(13)  Maidir leis an bhfaisnéis i dtaobh luach saothair atá le soláthar, ba cheart go n-áiritheodh sé sin gach gné den luach saothair sin lena n-áirítear ranníocaíochtaí in airgead tirim nó mar íocaíocht chomhchineáil, íocaíochtaí ragoibre, bónais agus teidlíochtaí eile, a fhaigheann an t-oibrí go díreach nó go hindíreach i dtaca lena chuid nó lena cuid oibre. Ba cheart go mbeadh soláthar faisnéise den chineál sin gan dochar don tsaoirse atá ag fostóirí chun gnéithe luacha saothair breise amhail íocaíochtaí aon uaire a chur ar fáil. Fiú mura gcuirtear na gnéithe den luach saothair atá dlite de réir an dlí nó comhaontú coiteann san fhaisnéis, níor cheart gur cúis é sin gan iad a chur ar fáil don oibrí.

Leasú    22

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  Mura féidir sceideal oibre seasta a chur in iúl mar gheall ar chineál na fostaíochta, ba cheart go gcuirfí in iúl d’oibrithe an chaoi a mbunófar a sceideal oibre, lena náireofar na sliotáin ama a d’fhéadfaidís glao chun oibre a fháil agus an réamhfhógra íosta ba cheart dóibh a fháil.

(14)  Mura féidir lá nó seachtain oibre caighdeánach a chur in iúl mar gheall ar chineál na fostaíochta amhail faoi chonradh ar éileamh nó caidreamh fostaíochta comhchosúil, ba cheart do na fostóirí a chur in iúl do na hoibrithe an chaoi a mbunófar a sannacháin oibre, lena n-áirítear na sliotáin ama ar lena linn a d'fhéadfaidís glao chun oibre a fháil agus an tréimhse íosta de réamhfhógra atá le fáil acu.

Leasú    23

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Ba cheart a bheith san fhaisnéis faoi chórais slándála sóisialta, i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi shochar breoiteachta, máithreachais agus a gcoibhéis, sochar do thuismitheoirí, sochar atharthachta, seanaoise, easláine, marthanóra, dífhostaíochta, luathscoir nó linbh. Ba cheart a bheith san fhaisnéis faoi chosaint slándála sóisialta a chuirfidh an fostóir ar fáil, i gcás inarb ábhartha, cumhdach trí bhíthin scéimeanna pinsin fhorlíontaigh de réir bhrí Threoir 98/49/CE36 ón gComhairle agus Threoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.37

(15)  Maidir leis na bhfaisnéis faoi chórais slándála sóisialta atá le soláthar, ba cheart go n-áireofaí inti faisnéis faoi na hinstitiúidí fála slándála sóisialta agus cruthúnas clárúcháin leis na húdaráis slándála sóisialta, i gcás gurb é an fostóir atá freagrach as an gclárúchán sin. I gcás inarb ábhartha, ba cheart go n-áireofaí inti faisnéis faoi shochar breoiteachta, sochar máithreachais agus a choibhéis, sochar do thuismitheoirí, sochar atharthachta, sochar seanaoise, sochar easláine, sochar marthanóra, dochar dífhostaíochta, sochar luathscoir, shochar teaghlaigh, nó sochair i ndáil le tionóiscí ag an obair agus le galair cheirde. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis faoi chosaint slándála sóisialta a chuirfidh an fostóir ar fáil, i gcás inarb ábhartha, cumhdach trí bhíthin scéimeanna pinsin fhorlíontaigh de réir bhrí Threoir 98/49/CE36 ón gComhairle agus Threoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.37

__________________

__________________

36 Treoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 209, 25.7.1998, lch. 46).

36 Treoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 209, 25.7.1998, lch. 46).

37 Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais íosta i leith soghluaisteacht oibrithe idir Ballstáit a fheabhsú trí fháil agus coimeád ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú, (IO L 128, 30.4.2014, lch. 1).

37 Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais íosta i leith soghluaisteacht oibrithe idir Ballstáit a fheabhsú trí fháil agus coimeád ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú, (IO L 128, 30.4.2014, lch. 1).

Leasú    24

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta sin. Ba cheart go bhfaighidís an fhaisnéis ábhartha faoin gcéad lá den fhostaíocht ar a dhéanaí.

(16)  Ba cheart go mbeadh ag oibrithe an ceart faisnéis a fháil i scríbhinn, ar pháipéar nó go leictreonach, ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart go bhfaighidís an fhaisnéis bhunúsach i scríbhinn faoin gcéad lá ag tús an chaidrimh fostaíochta ar a dhéanaí. Ba cheart go bhféadfaí an spriocdháta le haghaidh an fhaisnéis bhunúsach a chur ar fáil a shíneadh go seacht lá ar a mhéad i gcás micrifhiontar. Ba cheart an fhaisnéis chéanna a thabhairt ó bhéal ar an gcéad lá den chaidreamh fostaíochta. Níor cheart go rachadh na spriocdhátaí sin thar théarma an chonartha.

Leasú    25

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)  Chun cuidiú le fostóirí faisnéis thráthúil a chur ar fáil, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeadh teimpléid ar fáil ar an leibhéal náisiúnta lena n-airítear faisnéis atá ábhartha agus cuimsitheach go leor maidir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta agus na comhpháirtithe sóisialta na teimpléid sin a fhorbairt ar an leibhéal earnálach nó ar an leibhéal áitiúil.

(17)  Chun cuidiú le fostóirí faisnéis thráthúil a chur ar fáil, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeadh teimpléid ar fáil ar an leibhéal náisiúnta lena n-airítear faisnéis atá ábhartha agus cuimsitheach go leor maidir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Ba cheart na teimpléid sin a fhorbairt tuilleadh tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

Leasú    26

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Ba cheart d'oibrithe a phostaítear nó a chuirtear ar an gcoigríoch faisnéis bhreise a fháil a bhaineann go sonrach lena gcás. I gcás sannachán oibre arna sannadh i ndiaidh a chéile i roinnt Ballstát nó tríú tíortha, amhail in earnáil an iompair idirnáisiúnta de bhóthar, d’fhéadfaí an fhaisnéis sin a ghrúpáil do roinnt sannachán roimh an gcéad imeacht agus í a leasú ina dhiaidh sin dá dtiocfadh athrú uirthi. I gcás ina gcáileoidh siad mar oibrithe postaithe faoi Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,38 ba cheart fógra a thabhairt dóibh freisin maidir leis an suíomh gréasáin náisiúnta aonair arna fhorbairt ag an mBallstát óstach áit a bhfaighidh siad an fhaisnéis ábhartha maidir leis na dálaí oibre a bhaineann lena gcás. Mura bhforálann na Ballstáit dá mhalairt, beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin má bhíonn fad na tréimhse oibre ar an gcoigríoch níos faide ná ceithre seachtaine as a chéile.

(18)  Ba cheart d’oibrithe a phostaítear nó a chuirtear ar an gcoigríoch faisnéis bhreise a fháil a bhaineann go sonrach lena gcás. I gcás sannachán oibre arna sannadh i ndiaidh a chéile i roinnt Ballstát nó tríú tíortha, d’fhéadfaí an fhaisnéis sin a ghrúpáil do roinnt sannachán roimh an gcéad imeacht agus í a leasú ina dhiaidh sin dá dtiocfadh athrú uirthi. I gcás ina gcáileoidh siad mar oibrithe postaithe faoi Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38 nó faoi rialacháin earnáilsonracha eile, ba cheart fógra a thabhairt dóibh freisin maidir leis an suíomh gréasáin náisiúnta aonair arna fhorbairt ag an mBallstát óstach áit a bhfaighidh siad an fhaisnéis ábhartha maidir leis na dálaí oibre a bhaineann lena gcás. Mura bhforáiltear dá mhalairt le dlí an Bhallstáit a rialaíonn an caidreamh fostaíochta, beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin má bhíonn fad na tréimhse oibre ar an gcoigríoch níos faide ná ceithre seachtaine as a chéile.

__________________

__________________

38 Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú soláthar seirbhísí (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

38 Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú soláthar seirbhísí (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

Leasú    27

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)  Leis na tréimhsí promhaidh, féadann fostóirí a chinneadh an bhfuil oibrithe oiriúnach don phost dár ceapadh iad agus, ag an am céanna, tacaíocht agus oiliúint bhainteach a chur ar fáil dóibh. D’fhéadfadh cosaint laghdaithe ar dhífhostú a bheith ag baint leis na tréimhsí sin. Níor cheart tréimhse fhada neamhdheimhneachta a bheith ag gabháil le hiontráil ar an margadh saothair nó le haistriú go post nua. Ba cheart, mar a bhunaítear i gcolún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur tréimhse réasúnach a bheadh sna tréimhsí promhaidh. Tá uasfhad tréimhse promhaidh ginearálta idir trí mhí agus sé mhí bunaithe ag líon mór Ballstát, ar cheart a mheas go bhfuil sé sin réasúnach. Féadann tréimhsí promhaidh a bheith níos faide ná sé mhí i gcás ina bhfuil bonn cuí leis an méid sin de bharr chineál na fostaíochta amhail i gcás poist bhainistíochta mar shampla, agus i gcás ina dtéann an méid sin chun leas an oibrí amhail i gcás breoiteacht fhadtéarmach nó i gcomhthéacs bearta sonracha chun fostaíocht bhuan a chur chun cinn go háirithe i measc oibrithe óga.

(19)  Leis na tréimhsí promhaidh, is féidir le fostóirí a chinneadh an bhfuil oibrithe oiriúnach don phost dár ceapadh iad agus, ag an am céanna, tacaíocht agus oiliúint bhainteach a chur ar fáil dóibh. Leis na tréimhsí promhaidh, is féidir le fostaithe a chinneadh an bhfuil an obair i gcomhréir lena n-ionchais, lena scileanna agus lena gcumais. D’fhéadfadh cosaint laghdaithe ar dhífhostú a bheith ag gabháil leis na tréimhsí sin. Níor cheart tréimhse fhada neamhdheimhneachta a bheith ag gabháil le hiontráil ar an margadh saothair ná le haistriú go post nua. Ba cheart, mar a bhunaítear i gcolún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur tréimhse réasúnach a bheadh sna tréimhsí promhaidh. Tá uasfhad tréimhse promhaidh ginearálta idir trí mhí agus sé mhí bunaithe ag líon mór Ballstát, ar cheart a mheas go bhfuil sé sin réasúnach. Is féidir, go heisceachtúil, tréimhsí promhaidh a bheith níos faide ná sé mhí, i gcás ina mbeidh bonn cuí leis sin de bharr chineál na fostaíochta amhail i gcás poist bhainistíochta, i gcás nach ndéanfaidh na Ballstáit cosaint fostaíochta, lena n-áirítear cosaint ar dhífhostú agus cosaint ar iomarcaíocht, a nascadh le tréimhsí promhaidh, nó i gcomhthéacs bearta sonracha chun fostaíocht bhuan a chur chun cinn, ach níor cheart, i gcás ar bith, go mbeidís níos faide ná naoi mí. Ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann foráil a dhéanamh do shíneadh ar thréimhsí promhaidh, faoi réir an méid sin a bheith comhaontaithe ag an oibrí agus ag an bhfostóir ar an gcéad dul síos, sa chás go mbíonn an t-oibrí as láthair go leanúnach mar gheall ar bhreoiteacht nó saoire fhada, ionas go mbeidh ar chumas an oibrí a chruthú go bhfuil a chuid nó a cuid scileanna ag teacht leis na tascanna a chaithfidh sé nó sí a dhéanamh agus ionas go mbeidh ar chumas an fhostóra a fhíorú go bhfuil an t-oibrí oiriúnach do na tascanna sin. Níor cheart, in imthosca ar bith, gurbh fhéidir tréimhse phromhaidh a shíneadh go haontaobhach.

Leasú    28

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)  Níor cheart go gcuirfeadh fostóirí toirmeasc ar oibrithe glacadh le post le fostóirí eile, lasmuigh den tréimhse ama a bhíonn siad ag obair dóibh, faoi réir na dteorainneacha maidir le ham oibre a leagtar amach i dTreoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.39 D’fhéadfadh clásail neamh-chomhoiriúnachta, a thuigtear mar shrian ar obair a dhéanamh do chatagóirí fostóra sonracha, a bheith riachtanach ar chúiseanna oibiachtúla, amhail rúin ghnó a chosaint nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

(20)  Níor cheart go gcuirfeadh fostóirí toirmeasc ná bac ar oibrithe glacadh le post le fostóirí eile, ná go ngearrfaidís pionóis orthu as déanamh amhlaidh, lasmuigh den tréimhse ama a bhíonn siad ag obair dóibh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhostaíocht eile sin laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i dTreoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, coinníollacha a leagan síos maidir le húsáid srianta neamh-chomhoiriúnachta, a thuigtear mar shrianta ar obair a dhéanamh do chatagóirí fostóra sonracha ar chúiseanna oibiachtúla, amhail sláinte agus sábháilteacht an oibrí, rúndacht ghnó a chosaint, sláine na seirbhíse poiblí nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

__________________

__________________

39 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre, (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

39 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre, (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

Leasú    29

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)  Ba cheart go mbainfeadh oibrithe a bhfuil a sceideal oibre athraitheach den chuid is mó tairbhe as intuarthacht íosta oibre i gcás inarb é an fostóir is mó a chinneann an sceideal oibre, bíodh sin go díreach, trí shannacháin oibre a leithdháileadh mar shampla, nó go neamhdhíreach, trí cheangal a chur ar an oibrí iarrataí ó chliant a fhreagairt mar shampla.

(21)  Maidir le hoibrithe ar chonarthaí ar éileamh nó i gcineálacha comhchosúla caidrimh fostaíochta, faoina bhfuil sceideal oibre an oibrí athraitheach go hiomlán nó den chuid is de, ba cheart dóibh leas a bhaint as leibhéal íosta cobhsaíochta agus intuarthachta ina gcuid oibre.

Leasú    30

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)  Tá réamhfhógra íosta réasúnach, a thuigtear mar an tréimhse ama idir an tráth a chuirtear oibrí ar an eolas faoi shannachán nua oibre agus an tráth a thosaíonn an sannachán, ina ghné riachtanach eile d’intuarthacht oibre maidir le cineálacha caidrimh fostaíochta lena mbaineann sceideal oibre atá athraitheach nó arna chinneadh ag an bhfostóir den chuid is mó de. Féadfaidh fad na tréimhse réamhfhógra athrú i gcomhréir le riachtanais na n-earnálacha, agus cosaint leordhóthanach d’oibrithe a áirithiú ag an am céanna. Beidh feidhm ag réamhfhógra gan dochar do Threoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.40

(23)  Tá réamhfhógra íosta réasúnach, a thuigtear mar an tréimhse ama idir an tráth a chuirtear oibrí ar an eolas faoi shannachán nua oibre agus an tráth a thosaíonn an sannachán, ina ghné riachtanach eile d'intuarthacht oibre i gcás caidrimh fostaíochta a bhfuil sceideal oibre dothuartha ag baint leo. Féadfaidh fad an réamhfhógra athrú i gcomhréir le riachtanais agus úsáidí na n-earnálacha, agus fós cosaint leormhaith á áirithiú d'oibrithe. Beidh feidhm ag réamhfhógra gan dochar do Threoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.40

__________________

__________________

40 Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

40 Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

Leasú    31

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)  Ba cheart go bhféadfadh oibrithe sannachán oibre a dhiúltú mura bhfuil sé faoi réir na n-uaireanta agus na laethanta tagartha nó murar tugadh fógra dó de réir an réamhfhógra íosta gan iarmhairtí díobhálacha a fhulaingt mar gheall ar an diúltú sin. Ba cheart an deis a bheith ag oibrithe glacadh leis an obair a shanntar más mian leo amhlaidh.

(24)  Ba cheart go bhféadfadh oibrithe sannachán oibre a dhiúltú mura bhfuil sé faoi réir na n-uaireanta agus na laethanta tagartha nó murar tugadh fógra dó de réir na tréimhse réamhfhógra íosta gan iarmhairtí díobhálacha a fhulaingt mar gheall ar an diúltú sin. Ba cheart an deis a bheith ag oibrithe glacadh leis an obair a shanntar más mian leo déanamh amhlaidh. Más rud é, ar an sannachán oibre a bheith glactha aige nó aici, nach mbeidh an fostóir in ann an obair a chríochnú mar gheall ag an bhfostóir í a chur ar ceal, agus nach é nó í an t-oibrí atá freagrach as an gcur ar ceal sin, ba cheart go gcoinneodh an t-oibrí a cheart nó a ceart chun luacha saothair as an sannachán oibre.

Leasú    32

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 24 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(24a)  I gcás nach mbeidh aon bhearta dlíthiúla i bhfeidhm chun cosc a chur le mí-úsáid a thagann as úsáid a bhaint as conarthaí ar éileamh agus as cineálacha comhchosúla caidrimh fostaíochta, tar éis do na Ballstáit dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar bhealach lena ndéanfar riachtanais earnálacha sonracha agus/nó catagóirí sonracha oibrithe a chur san áireamh, ba cheart dóibh bearta a thabhairt isteach chun níos mó intuarthachta a áirithiú maidir le conarthaí ar éileamh nó cineálacha comhchosúla caidrimh fostaíochta.

Leasú    33

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 24 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(24b)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le fostóirí a bhaineann úsáid go rialta as sceidil oibre inathraitheacha agus as uaireanta/laethanta tagartha inathraitheacha, go gcuirfidh siad faisnéis ábhartha ar fáil d’udaráis inniúla má iarrann siad amhlaidh. Ba cheart dóibh freisin, tar éis tréimhse áirithe caidrimh fostaíochta, ar féidir meánlíon uaireanta a mheas ina leith mar ghnáthmhéid uaireanta, a áirithiú gurbh ionann an líon uaireanta sin agus líon íosta uaireanta le pá.

Leasú    34

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)  I gcás ina bhfuil deis ag fostóirí conarthaí lánaimseartha nó conarthaí nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a thairiscint d'oibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, ba cheart aistriú chuig cineálacha fostaíochta atá níos seasmhaí a chur chun cinn. Ba cheart oibrithe a bheith in ann cineál fostaíochta níos intuartha agus níos buaine a iarraidh, i gcás ina bhfuil fáil air sin, agus freagra a fháil i scríbhinn ón bhfostóir a chuireann idir riachtanais an fhostóra agus riachtanais an oibrí san áireamh.

(25)  I gcás ina mbeidh deis ag fostóirí conarthaí lánaimseartha nó conarthaí nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a thairiscint d’oibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, ba cheart aistriú chuig cineálacha fostaíochta atá níos seasmhaí a chur chun cinn i gcomhréir leis na prionsabail a fhorógraítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart d'oibrithe a bheith in ann cineál fostaíochta níos intuartha agus níos buaine a iarraidh, i gcás ina mbeidh fáil air sin, agus freagairt chuí-réasúnaithe a fháil i scríbhinn ón bhfostóir, ar freagairt í ina ndéanfaí idir riachtanais agus féidearthachtaí an fhostóra agus riachtanais an oibrí a chur san áireamh.

Leasú    35

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 25 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(25a)  Ba cheart go ndéanfaí oibrithe, lena n-áirítear iad sin atá ar saoire fhada, a chur ar an eolas maidir le haon ardú céime inmheánach agus/nó aon fholúntas a bheidh ar fáil sa ghnóthas nó bunaíocht chun dul chun cinn ina slí bheatha ghairmiúil a spreagadh.

Leasú    36

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 25 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(25b)  Leis an Treoir seo, comhlánaítear Treoracha 97/81/CE, 1999/70/CE agus 2008/104/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an aistriú ó chineál amháin fostaíochta go dtí cineál eile.

Leasú    37

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)  I gcás ina gceanglaítear ar fhostóirí sa reachtaíocht nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe chun an obair dá bhfuil siad fostaithe a dhéanamh, tá sé tábhachtach an oiliúint a chur ar fáil ar bhonn cothrom, do na hoibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha san áireamh. Níor cheart costais ar oiliúint den chineál sin a ghearradh ar an oibrí, nó níor cheart na costais a choinneáil siar ó luach saothair an oibrí nó a bhaint de.

(26)  I gcás ina gceanglóidh a bhfostóirí ar oibrithe, nó ina gceanglófar orthu le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna nó le rialacha inmheánacha, tabhairt faoi oiliúint chun an obair dá bhfuil siad fostaithe a dhéanamh, beidh sé tábhachtach an oiliúint a chur ar fáil ar bhonn cothrom, lena n-áirítear do na hoibrithe atá i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha. Níor cheart costais ar oiliúint den chineál sin a ghearradh ar an oibrí, ná níor cheart na costais a choinneáil siar ó luach saothair an oibrí nó a bhaint de. Seachas i gcásanna a bhfuil bonn leo agus ina dtugtar cúiseanna, ba cheart an oiliúint a bheith ar siúl le linn uaireanta oibre. Ba cheart go leanfadh an t-oibrí de bheith i dteideal luach saothair a fháil le linn a oiliúna nó a hoiliúna. Ní chumhdaítear leis an oibleagáid sin gairmoiliúint ná oiliúint atá riachtanach d’oibrithe chun cáilíocht ghairmiúil a fháil, a choinneáil nó a athnuachan, ar choinníoll nach gceanglaítear ar an bhfostóir leis an dlí, le comhaontú coiteann ná le rialacha inmheánacha oiliúint den sórt sin a sholáthar.

Leasú    38

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 26 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a)  Is iad na comhpháirtithe sóisialta is fearr is féidir réitigh a aimsiú a chomhfhreagraíonn do riachtanais na bhfostóirí agus na n-oibrithe araon, agus ba cheart, dá bhrí sin, ról tábhachtach a thabhairt dóibh i gcur chun feidhme na Treorach seo.

Leasú    39

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)  Féadann comhpháirtithe sóisialta a mheas go mbeidh forálacha atá difriúil ó na caighdeáin íosta a shocraítear i gCaibidil a Trí den Treoir seo níos iomchuí in earnálacha nó i gcásanna sonracha, chun cuspóir na Treorach seo a shaothrú. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a cheadú do chomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích lena leasaítear na forálacha atá sa chaibidil sin, fad is nach ndéantar leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe a ísliú.

(27)  Féadfaidh comhpháirtithe sóisialta a mheas, in earnálacha nó i gcásanna sonracha, gur féidir forálacha difriúla a oiriúnú, a chur i gcrích nó a fheabhsú más rud é go bhfuil siad níos oiriúnaí chun cuspóir na Treorach seo a shaothrú, i gcomhréir le Caibidil Trí den Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích, ar comhaontuithe iad lena ndéanfaí forálacha na Caibidle sin a chur i bhfeidhm, nó chun tacú le comhaontuithe atá ann cheana, ar choinníoll go leanfar de leibhéal foriomlán cosanta na n-oibrithe a urramú agus go ndéanfar na ceanglais íosta a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh.

Leasú    40

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 27 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27a)  I mBallstáit ina bhfuil ardleibhéal eagrúcháin, i measc fostaithe agus fostóirí araon, agus i gcás inarb ar na comhpháirtithe sóisialta, ina gcáil mar ionadaithe ar oibrithe agus ar fhostóirí, atá an phríomhfhreagracht rialáil a dhéanamh ar dhálaí oibre ar mhargadh an tsaothair, ba cheart go mbeadh údarás iomlán ag na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an bhféidearthacht comhaontuithe cómhargála a thabhairt i gcrích.

Leasú    41

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)  Léiríodh leis an gcomhairliúchán ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta gur gá forfheidhmiú an dlí saothair san Aontas a neartú chun a éifeachtacht a áirithiú. I dtaca le Treoir 91/533/CEE, deimhníodh sa mheastóireacht REFIT41 go bhféadfaí a héifeachtacht a fheabhsú le sásraí forfheidhmiúcháin neartaithe. Léiríodh inti nach bhfuil córais sásaimh atá bunaithe ar éilimh ar dhamáiste amháin chomh héifeachtach leis na córais lena bhforáiltear maidir le smachtbhannaí chomh maith (amhail cnapshuimeanna nó cailleadh ceadanna) d'fhostóirí nach neisíonn dearbhuithe i scríbhinn. Léiríodh inti freisin gurb annamh a dhéanann oibrithe iarracht sásamh a lorg le linn an chaidrimh fostaíochta, rud a chuireann i mbaol an cuspóir maidir le dearbhú i scríbhinn a sholáthar lena áirithiú go gcuirtear oibrithe ar an eolas maidir le gnéithe bunúsacha a gcaidrimh fostaíochta. Tá sé riachtanach, dá bharr sin, forálacha maidir le forfheidhmiú a thabhairt isteach lena n-áirithítear go mbainfear úsáid as toimhdí fabhracha i gcás nach gcuirfear faisnéis ar fáil faoin gcaidreamh fostaíochta, go mbainfear úsáid as nós imeachta riaracháin faoina bhféadtar ceangal a chur ar an bhfostóir an fhaisnéis atá ar iarraidh a chur ar fáil agus é a bheith faoi réir smachtbhanna mura ndéana sé amhlaidh. Ba cheart an sásamh sin a bheith faoi réir nós imeachta lena gcuirtear in iúl don fhostóir go bhfuil faisnéis ar iarraidh agus faoina bhfuil cúig lá déag aige chun faisnéis iomlán cheart a chur ar fáil.

(28)  Léiríodh leis an gcomhairliúchán ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta gur gá forfheidhmiú an dlí saothair san Aontas a neartú chun a éifeachtacht a áirithiú. Leis an meastóireacht a rinneadh ar Threoir 91/533/CEE, arna déanamh faoi Chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin, REFIT41, deimhníodh go bhféadfaí éifeachtacht dhlí saothair an Aontais a fheabhsú le sásraí forfheidhmiúcháin neartaithe. Léiríodh inti nach bhfuil córais sásaimh atá bunaithe ar éilimh ar dhamáiste amháin chomh héifeachtach leis na córais lena bhforáiltear maidir le smachtbhannaí chomh maith (amhail cnapshuimeanna nó cailleadh ceadanna) d’fhostóirí nach n-eisíonn dearbhuithe i scríbhinn. Léiríodh inti freisin gurb annamh a dhéanann oibrithe iarracht sásamh a lorg le linn an chaidrimh fostaíochta, rud a chuireann i mbaol an cuspóir maidir le ráiteas i scríbhinn a sholáthar, eadhon a áirithiú go gcuirtear oibrithe ar an eolas maidir le gnéithe bunúsacha a gcaidrimh fostaíochta. Tá sé riachtanach, dá bharr sin, forálacha maidir le forfheidhmiú a thabhairt isteach lena n-áiritheofar go mbainfear úsáid as toimhdí fabhracha i gcás nach gcuirfear faisnéis ar fáil faoin gcaidreamh fostaíochta, agus go mbainfear úsáid as nós imeachta faoina bhfuil ceangal ar an bhfostóir an fhaisnéis atá ar iarraidh a chur ar fáil agus féadfar é a bheith faoi réir smachtbhanna mura ndéanfaidh an fostóir amhlaidh. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar an toimhdí fabhracha sin an toimhde go bhfuil caidreamh fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leis ag an oibrí, nach bhfuil aon tréimhse phromhaidh ann nó go bhfuil post lánaimseartha ag an oibrí agus go bhfuil an fhaisnéis ar iarraidh maidir leis na gcásanna ar leith sin. Ba cheart an sásamh sin a bheith faoi réir nós imeachta lena gcuireann an t-oibrí nó tríú páirtí, amhail ionadaithe na n-oibrithe nó eintiteas nó údarás inniúil eile, in iúl don fhostóir go bhfuil faisnéis ar iarraidh agus go bhfuil cúig lá dhéag aige chun faisnéis iomlán cheart a chur ar fáil.

__________________

__________________

41 SWD(2017)205 final, lch 26.

41 SWD(2017)205 final, lch 26.

Leasú    42

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 33 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33a)  Ós rud é go bhfuil tábhacht ag roinnt le forfheidhmiú éifeachtach rialacha an Aontais do mhuintir na hEorpa, tá gá le córas atá stóinsithe, éifeachtúil agus éifeachtach chun a áirithiú go ndéanann na Ballstáit dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ina iomláine agus go dtugann siad sásamh leormhaith. Go háirithe i gcás iomarcaíochtaí comhchoiteanna, ba cheart go rachadh córas den sórt sin chun sochair d’oibrithe. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, a cheadú do na ceardchumainn caingne ionadaíocha a lorg, arb é is aidhm leo comhleasanna na n-oibrithe a chosaint.

Leasú    43

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 34

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34)  Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha maidir le sáruithe na noibleagáidí faoin Treoir seo.

(34)  Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha maidir le sáruithe na n-oibleagáidí faoin Treoir seo, lena n-áirítear fíneálacha. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh comhréireach agus iomchuí. Ba cheart pionóis airgeadais a mhéadú i gcomhréir le líon na sáruithe ag an bhfostóir nó méid na moille ag an bhfostóir maidir le doiciméid a sholáthar don oibrí.

Leasú    44

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 34 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34a)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ar chosaint shóisialta gan beann ar chineál a gcaidrimh fostaíochta.

Leasú    45

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 34 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34b)  Ba cheart do na Ballstát a áirithiú go mbeidh rochtain ar chosaint sábháilteachta agus sláinte ag oibrithe a bhfuil a sceideal oibre athraitheach, ina iomláine nó sa chuid is mó de, nó a bhfuil uaireanta/laethanta tagartha athraitheach acu.

Leasú    46

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36)  Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais íosta, sa chaoi nach ndéantar aon athrú ar shaincheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana, mura dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun maolú ar na cearta atá ann cheana féin atá leagtha amach sa reachtaíocht náisiúnta nó i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana sa réimse seo, ná ní fhéadfaidh sé a bheith mar fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe sa réimse dá gcumhdaítear sa Treoir seo a laghdú.

(36)  Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais íosta, sa chaoi nach ndéantar aon athrú ar shaincheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana, mura dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun maolú ar na cearta atá ann cheana féin a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta nó i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana sa réimse seo, ná ní fhéadfaidh sé a bheith mar fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe sa réimse dá gcumhdaítear sa Treoir seo a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar bearta chun cosc a chur ar thabhairt isteach conarthaí uaireanta nialasacha nó cineálacha comhchosúla conartha fostaíochta.

Leasú    47

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37)  Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide. Dá bhrí sin, tugtar cuireadh do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a ngníomh trasuite ar FBManna d’fhonn a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhíréireach aige ar FBManna, le haird faoi leith ar mhicrifhiontair agus ar ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú.

(37)  Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta neamhréasúnaithe riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt micreaghnóthas agus gnóthas beag agus meánmhéide a bhfuil a dtábhacht le tomhas bunaithe ar Mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 20031a nó ar aon ghníomh ina dhiaidh sin a tháinig in ionad an Mholta sin. Dá bhrí sin, tugtar cuireadh do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a ngníomh trasuite ar FBManna d’fhonn a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhíréireach aige ar FBManna, le haird faoi leith ar mhicrifhiontair agus ar ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú.

 

__________________

 

1a IO L 124, 20.05.2003, lch. 36.

Leasú    48

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)  Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach, i gcásanna ina n-iarrann na comhpháirtithe sóisialta é sin a dhéanamh agus fad is go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

(38)  Ba cheart do na Ballstáit na comhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú i gcur chun feidhme na Treorach seo agus ba cheart dóibh na meáin uile is gá a sholáthar dóibh chun go mbeadh éifeacht lena rannpháirtíocht sin.

Leasú    49

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 38 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(38a)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh comhlachtaí cigireachta saothair náisiúnta an Treoir seo a fhorfheidhmiú. Ba cheart comhordú ar leibhéal an Aontais agus oiliúint shonrach a sholáthar do na comhlachtaí náisiúnta sin chun an forfheidhmiú sin a éascú.

Leasú    50

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Is é is cuspóir don Treoir seo dálaí oibre a fheabhsú trí fhostaíocht níos seasmhaí agus níos intuartha a chur chun cinn agus, ag an am céanna, inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a áirithiú.

1.  Is é is cuspóir don Treoir seo dálaí oibre a fheabhsú trí fhostaíocht níos trédhearcaí agus níos intuartha a chur chun cinn agus, ag an am céanna, inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a áirithiú.

Leasú    51

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Leis an Treoir seo, leagtar síos na cearta íosta a bhaineann le gach oibrí san Aontas.

2.  Leis an Treoir seo, leagtar síos na cearta íosta a bhaineann le gach oibrí san Aontas. Tá feidhm ag an cearta sin maidir le duine nádúrtha a dhéanfaidh, ar feadh tréimhse áirithe, seirbhísí a chur i gcrích do dhuine eile agus faoi stiúir an duine sin, i gcomaoin luach saothair i gcás spleáchais nó fo-ordú idir an duine nádúrtha agus an duine eile. Maidir le daoine nach bhfuil na critéir sin á gcomhlíonadh ach, níl siad laistigh de raon feidhme na Treorach seo. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na daoine uile a bhfuil feidhm ag na Treoir seo ina leith úsáid éifeachtach a bhaint as na cearta íosta sin laistigh de chreat an dlí náisiúnta nó an chleachtais náisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe cómhargála.

Leasú    52

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Níl daoine féinfhostaithe nach bhfuil na critéir arna mbunú sa Treoir seo á gcomhlíonadh acu laistigh de raon feidhme na Treorach seo.

Leasú    53

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí sa Treoir seo maidir le hoibrithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu atá cothrom le, nó níos lú ná, ocht n-uaire an chloig ar an iomlán le linn tréimhse thagartha de mhí amháin. Agus an tréimhse ocht n-uaire an chloig sin á ríomh, cuirfear san áireamh an tam a chaitear ag obair le gach fostóir ar cuid den fhiontar, den ghrúpa nó den eintiteas céanna é nó a bhaineann leis an bhfiontar, leis an ngrúpa nó leis an eintiteas céanna.

scriosta

Réasúnú

Ba cheart na cearta céanna a bheith ag gach oibrí.

Leasú    54

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cé hiad na daoine atá freagrach as na hoibleagáidí a leagtar, leis an Treoir seo, ar fhostóirí a fheidhmiú ar choinníoll go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin ar fad. Féadfaidh siad a chinneadh freisin go sannfar na hoibleagáidí sin go léir, nó cuid díobh, do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí sa chaidreamh fostaíochta é. Tá an mhír seo gan dochar do Threoir 2008/104/CE.

5.  Féadfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, a chinneadh cé hiad na daoine atá freagrach as na hoibleagáidí le haghaidh fostóirí, a leagtar síos leis an Treoir seo, a fheidhmiú ar choinníoll go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin ar fad. Féadfaidh siad a chinneadh freisin go sannfar na hoibleagáidí sin go léir, nó cuid díobh, do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí sa chaidreamh fostaíochta é. Tá an mhír seo gan dochar do Threoir 2008/104/CE.

Leasú    55

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.  Féadfaidh na Ballstáit, ar fhorais oibiachtúla agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcás inarb iomchuí, foráil a dhéanamh maidir le forálacha áirithe a leagtar síos i gCaibidil III a chur i bhfeidhm maidir leis na fórsaí armtha, na húdaráis phóilíneachta agus seirbhísí éigeandála eile.

Leasú    56

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 14(a) a chur i bhfeidhm maidir le daoine nádúrtha ar de theaghlach iad i gcás inar obair don teaghlach sin a dhéanfar.

6.  Féadfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagai 10 agus in Airteagal 11 agus in Airteagal 14(a) maidir le daoine i dteaghlach atá ag gníomhú mar fhostóirí i gcás inarb obair don teaghlach sin a dhéantar.

Leasú    57

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 2

Airteagal 2

Sainmhínithe

Sainmhínithe

1.  Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.  Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn “oibrí” duine nádúrtha a dhéanann seirbhísí a fheidhmiú ar feadh tréimhse áirithe ama le haghaidh, agus faoi stiúir, duine eile i gcomaoin luach saothair;

 

(b)  ciallaíonn “fostóir” duine nádúrtha nó dlítheanach, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ar páirtí díreach nó neamhdhíreach, nó páirtithe díreacha nó neamhdhíreacha, é nó iad i gcaidreamh fostaíochta le hoibrí;

 

(c)  ciallaíonn “caidreamh fostaíochta” an caidreamh oibre idir oibrithe agus fostóirí mar a shainmhínítear thuas;

(a)  ciallaíonn ‘caidreamh fostaíochta’ an caidreamh oibre idir oibrithe agus fostóirí;

(d)  ciallaíonn “sceideal oibre” an sceideal lena socraítear na huaireanta agus na laethanta ar a gcuirfear tús agus deireadh le feidhmiú na hoibre;

(b)  ciallaíonn ‘sceideal oibre’ an sceideal lena socraítear na huaireanta agus na laethanta ar a gcuirfear tús agus deireadh le feidhmiú na hoibre;

(e)  ciallaíonn “uaireanta agus laethanta tagartha” na sliotáin ama ar laethanta sonraithe ar féidir obair a dhéanamh lena linn arna iarraidh sin ag an bhfostóir.

(c)  ciallaíonn ‘uaireanta agus laethanta tagartha’ sliotáin ama i laethanta sonraithe ar féidir obair a dhéanamh lena linn.

2.  Chun críche na Treorach seo, tá le “micrifhiontar”, “fiontar beag” agus “fiontar meánmhéide” an bhrí a shanntar dóibh sa Mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide43 nó in aon ghníomh eile a thiocfaidh in áit an Mholta sin.

2.  Chun críche na Treorach seo, tá le ‘micrifhiontar’, ‘fiontar beag’ agus ‘fiontar meánmhéide’ an bhrí a shanntar dóibh i Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide43 nó in aon ghníomh eile a thiocfaidh in áit an Mholta sin.

________________________________

__________________________________

43 IO C 124, 20.5.2003, lch. 36.

43 IO C 124, 20.5.2003, lch. 36.

Leasú    58

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 2a

 

Faisnéis a sholáthar

 

Déanfaidh an fostóir faisnéis de bhun na Treorach seo a sholáthar do gach oibrí i scríbhinn, ar pháipéar nó, ar choinníoll go mbeadh an oibrí in ann í a rochtain, go n-admhódh go bhfuil sí faighte aige nó aici agus go bhféadfaí í a stóráil nó a phriontáil, i bhfoirm leictreonach.

Leasú    59

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de dhualgas ar fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoi na gnéithe bunúsacha den chaidreamh fostaíochta.

1.  Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé de dhualgas ar fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas, gan beann ar chineáil an chonartha fostaíochta, faoi na gnéithe bunúsacha den chaidreamh fostaíochta.

Leasú    60

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áireofar na nithe seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

2. Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:

Leasú    61

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  céannachtaí na bpáirtithe sa chaidreamh fostaíochta;

(a)  céannachtaí na bpáirtithe sa chaidreamh fostaíochta, lena n-áirítear ar a laghad ainmneacha iomlána, seoltaí agus, más infheidhme, ionadaithe dlíthiúla;

Leasú    62

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  an t-ionad oibre; i gcás nach bhfuil aon ionad seasta oibre nó príomhionad oibre ann, an prionsabal go bhfuil an t-oibrí fostaithe in ionaid éagsúla nó go bhfuil an tsaoirse ag an oibrí a ionad oibre féin, agus an oifig chláraithe nó, i gcás inarb iomchuí, áit chónaithe an fhostóra, a chinneadh;

(b)  an t-ionad oibre; i gcás nach bhfuil aon ionad seasta oibre nó príomhionad oibre ann, an prionsabal go bhfuil an t-oibrí fostaithe in ionaid éagsúla nó go bhfuil an tsaoirse ag an oibrí a ionad oibre féin, agus an oifig chláraithe nó, i gcás inarb iomchuí, áit chónaithe an fhostóra, a chinneadh; i gcás ina n-oibreoidh an fostaí in ionaid éagsúla, na bearta agus socruithe atá i bhfeidhm chun go mbeidh an t-oibrí in ann na hionaid oibre éagsúla a bhaint amach, an nós imeachta, fógra;

Leasú    63

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  i gcás caidreamh fostaíochta sealadaí, dáta deiridh an chaidrimh fostaíochta sin nó an fad a mheastar a mhairfidh sé;

(e)  i gcás caidreamh fostaíochta sealadaí, dáta deiridh an chaidrimh fostaíochta sin nó an fad a mheastar a mhairfidh sé agus, i gcás oibrithe sealadacha gníomhaireachta, ainm na ngnóthas úsáideora;

Leasú    64

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g)  aon teidlíocht oiliúna a sholáthróidh an fostóir;

(g)  aon teidlíocht oiliúna a bhfuil sé de cheangal ar an bhfostóir a sholáthar de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agus de bhun comhaontuithe cómhargála ábhartha, nó i gcomhréir le beartas oiliúna ginearálta an fhostóra;

Leasú    65

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h)  an méid saoire íoctha a mbeidh an t-oibrí ina teideal nó, i gcás nach féidir sin a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, na nósanna imeachta lena leithdháilfear agus lena gcinnfear an tsaoire sin;

(h)  an méid saoire íoctha a mbeidh an t-oibrí ina teideal nó, i gcás nach féidir sin a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, na nósanna imeachta lena leithdháilfear agus lena gcinnfear an teidlíocht saoire sin;

Leasú    66

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)  an nós imeachta, lena náirítear fad na tréimhse fógra, atá le comhlíonadh ag an bhfostóir agus ag an oibrí má thagann deireadh lena gcaidreamh fostaíochta nó, i gcás nach féidir fad na tréimhse fógra a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, an modh lena gcinnfear an tréimhse fógra sin;

(i)  an nós imeachta, lena n-áirítear fad na dtréimhsí fógra, atá le comhlíonadh ag an bhfostóir agus ag an oibrí má fhoirceanntar a gcaidreamh fostaíochta nó, i gcás nach féidir fad na dtréimhsí fógra a léiriú tráth a thugtar an fhaisnéis, an modh lena gcinnfear na tréimhsí fógra sin chomh maith leis na ceanglais fhoirmiúla le haghaidh fógra foirceannta agus an sprioc-am chun caingean a thionscnamh chun cur in aghaidh dífhostú;

Leasú    67

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe j

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j)  an bunphá tosaigh, aon chomh-eilimintí eile, minicíocht agus modh íocaíochta an luacha saothair a mbeidh an t-oibrí ina theideal;

(j)  an bunphá tosaigh, aon chomh-eilimintí eile a dhéanfar a léiriú ar leithligh amhail bónais, íocaíochtaí ragoibre, íocaíochtaí comhchineáil agus teidlíochtaí eile, minicíocht agus modh íocaíochta an luacha saothair a mbeidh an t-oibrí ina theideal;

Leasú    68

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe k

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(k)  i gcás nach sceideal oibre athraitheach é, ina iomláine nó den chuid is mó, fad ghnáthlá oibre nó ghnáthsheachtain oibre an oibrí agus aon socruithe maidir le ragobair agus an luach saothair i leith na ragoibre sin;

(k)  fad ghnáthlá nó ghnáthsheachtain oibre an oibrí, agus, i gcás inarb infheidhme, na socruithe le haghaidh oibriú lasmuigh den ghnáthlá nó gnáthsheachtain oibre, lena n-áirítear athruithe ar shealanna oibre agus ragobair, agus réamhfhógra réasúnta don obair sin chomh maith leis an luach saothair don obair sin;

Leasú    69

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe l – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(l)  i gcás inar sceideal oibre athraitheach é, ina iomláine nó den chuid is mó, an prionsabal gur sceideal oibre athraitheach é, líon na n-uaireanta íoctha a chinnteofar, an luach saothair i leith na hoibre a dhéanfar anuas ar na huaireanta cinnte, agus i gcás inarb é an fostóir a chinnfidh an sceideal oibre ina iomláine nó den chuid is mó:

(l)  i gcás inar sceideal oibre athraitheach é, ina iomláine nó sa chuid is mó de, déanfaidh an fostóir an t-oibrí a chur ar an eolas maidir leis na nithe seo a leanas:

Leasú    70

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe 1 – pointe – i a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ia)  an prionsabal gur sceideal oibre athraitheach é, líon na n-uaireanta íoctha ráthaithe agus an luach saothair don obair a dhéantar sa bhreis ar na huaireanta ráthaithe;

Leasú    71

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe l – pointe ii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)  an réamhfhógra íosta a thabharfar don oibrí roimh thús sannacháin oibre;

(ii)  an tréimhse íosta don réamhfhógra a thabharfar don oibrí roimh thús sannacháin oibre agus an spriocdháta don fhostóir maidir leis an sannachán oibre sin a chur ar ceal tar éis don oibrí glacadh leis;

Leasú    72

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe m

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(m)  aon chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialófar dálaí oibre an oibrí; i gcás comhaontuithe comhchoiteanna a thabharfaidh comhlachtaí nó institiúidí comhpháirteacha speisialta lasmuigh den ghnólacht i gcrích, ainm an chomhlachta inniúil nó ainm na hinstitiúide comhpháirtí ar laistigh díobh a rinneadh na comhaontuithe;

(m)  aon chomhaontuithe cómhargála lena rialófar dálaí oibre an oibrí; i gcás comhaontuithe cómhargála a thabharfaidh comhlachtaí nó institiúidí comhpháirteacha speisialta i gcrích lasmuigh den ghnólacht, ainm an chomhlachta inniúil nó ainm na hinstitiúide comhpháirtí ar laistigh de nó di a tugadh na comhaontuithe i gcrích, agus na scoith-thréimhsí, más ann dóibh;

Leasú    73

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe m a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ma)  sonraí teagmhála na n-oibrithe agus/nó ionadaithe ó na ceardchumainn;

Leasú    74

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe n a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(na)  i gcás inarb é an fostóir atá freagrach as, cruthúnas go bhfuil sé cláraithe leis an institiúid nó na hinstitiúidí slándála sóisialta dá dtagraítear i bpointe (n).

Leasú    75

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Féadfar, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2(f) go (k) agus (n) a thabhairt mar thagairt d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla nó do chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear na pointí áirithe sin.

3.  Féadfar a bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2(f) go (k) agus (n), i gcás inarb iomchuí,tagairt do na dlíthe, do rialacháin agus d’fhorálacha rialúcháin nó reachtúla nó do chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear na pointí áirithe sin.

Leasú    76

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.  Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis uile atá de dhíth orthu maidir lena n-oiliúint agus a bplean oibre a thabhairt d’oiliúnaithe, go sonrach, faisnéis maidir lena n-uaireanta oibre agus fad a dtréimhse oiliúna, an luach saothair uile agus na sochair tuarastail (i gcás inarb infheidhme), a gcearta agus a ndualgais oibre, sonraí agus dualgais a maoirseora oiliúna agus na modhanna measúnaithe agus dul chun cinn is infheidhme ina leith.

Leasú    77

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b.  Déanfaidh na Ballstáit na réamhfhógra íosta is réasúnta a thabhairt don oibrí roimh thús sannacháin oibre mar a leagtar amach i mír 2 (l) a shainiú, i gcás inarb iomchuí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

Leasú    78

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a sholáthar i bhfoirm doiciméid don oibrí féin ar an gcéad lá den chaidreamh fostaíochta ar a dhéanaí. Féadfar an doiciméad sin a sholáthar agus a chur ar aghaidh go leictreonach fad agus is féidir leis an oibrí teacht air go héasca agus fad agus is féidir an doiciméad a stóráil agus a phriontáil.

1.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus (i go l) agus (na) d’Airteagal 3(2) a sholáthar i scríbhinn don oibrí laistigh de 15 lá oibre ó thús an chaidrimh fostaíochta.

Leasú    79

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a sholáthar i scríbhinn don oibrí laistigh de sheacht lá oibre ó thús an chaidrimh fostaíochta.

Leasú    80

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b.  Ní rachadh an spriocdháta a bhunaítear i mír 1a thar théarma an chonartha.

Leasú    81

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Forbróidh na Ballstáit teimpléid agus samhlacha maidir leis an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh siad ar fáil iad d’oibrithe agus d’fhostóirí, lena náirítear trína gcur ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil náisiúnta amháin agus ar mhodhanna oiriúnacha eile.

2.  Déanfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, teimpléid agus samhlacha a fhorbairt, maidir leis an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh siad ar fáil iad d’oibrithe agus d’fhostóirí, lena n-áirítear trína gcur ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil náisiúnta amháin agus ar mhodhanna oiriúnacha eile.

Leasú    82

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla, nó leis na comhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear an creat dlíthiúil is infheidhme atá le cur in iúl ag fostóirí, a chur ar fáil saor in aisce don phobal i gcoitinne ar mhodh atá soiléir, trédhearcach agus cuimsitheach agus atá inrochtana go cianda agus go leictreonach, lena náirítear trí thairseacha ar líne atá ann cheana do shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin nó reachtúla, nó na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch lena rialaítear an creat dlíthiúil is infheidhme atá le cur in iúl ag fostóirí, a chur ar fáil saor in aisce don phobal i gcoitinne ar mhodh atá soiléir, trédhearcach agus cuimsitheach agus go bhfuil rochtain éasca air, go cianda agus go leictreonach, lena n-áirítear trí thairseacha ar líne atá ann cheana do shaoránaigh, ceardchumainn agus gnólachtaí an Aontais.

Leasú    83

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Maidir le hathruithe nach bhfuil iontu ach léiriú ar athrú ar na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin nó reachtúla nó comhaontuithe comhchoiteanna nó comhairle oibreacha, féadfar fógra a tabhairt ina leith trí thagairt dá stádas nuashonraithe.

Leasú    84

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faisnéis bhreise d’oibrithe a phostaítear nó a chuirtear chuig an gcoigríoch

Faisnéis bhreise d’oibrithe a chuirtear chuig an gcoigríoch

Leasú    85

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás ina gceanglófar ar oibrí obair a dhéanamh i mBallstát nó i dtríú tír nach é an Ballstát é ina mbíonn sé ag obair de ghnáth, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fáil roimh a dháta imeachta nó roimh a dáta imeachta agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:

1.  I gcás ina gceanglófar ar oibrí obair a dhéanamh i mBallstát nó i dtríú tír nach é an Ballstát é ina mbíonn sé ag obair de ghnáth, déanfaidh an fostóir an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fáil roimh imeacht an oibrí agus áireofar sa doiciméad, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:

Leasú    86

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  an tír nó na tíortha ina ndéanfar an obair ar an gcoigríoch agus an fad a mhairfidh an obair sin;

(a)  an tír nó na tíortha mar aon leis an ionad nó na hionaid ina ndéanfar an obair ar an gcoigríoch agus an fad a mheasfar a mhairfidh an obair sin;

Leasú    87

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  i gcás inarb infheidhme, na sochair in airgead agus na sochair chomhchineáil a ghabhann leis an sannachán oibre nó na sannacháin oibre, lena náirítear i gcás oibrithe ar postú atá cumhdaithe le Treoir 96/71/CE aon liúntais a bhaineann go sonrach le postú agus aon socruithe chun caiteachas ar thaisteal, cothú agus lóistín a chúiteamh;

(c)  i gcás inarb infheidhme, na sochair in airgead tirim agus na sochair chomhchineáil a ghabhann leis an sannachán oibre nó na sannacháin oibre, lena n-áirítear i gcás oibrithe ar postú atá cumhdaithe le Treoir 96/71/CE aon liúntais a bhaineann go sonrach le postú agus aon socruithe chun caiteachas ar thaisteal, cothú agus lóistín a chúiteamh;

Leasú    88

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha lena rialaítear aisdúichiú an oibrí.

(d)  na coinníollacha lena rialaítear aisdúichiú an oibrí.

Leasú    89

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Féadfar, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(b) agus mír 2(a) a thabhairt mar thagairt do na dlíthe, do na rialacháin, do na forálacha riaracháin nó reachtúla nó do na comhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear na pointí áirithe sin.

3.  Féadfar, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(b) agus mír 2(a) a thabhairt mar thagairt d’fhorálacha sonracha maidir le dlíthe, rialacháin, agus gníomhartha riaracháin nó reachtúla nó do chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear na pointí áirithe sin, ar choinníoll gurbh fhéidir leis an oibrí na comhaontuithe comhchoiteanna sin a rochtain go héasca.

Leasú    90

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Mura ndéanann na Ballstáit a mhalairt a fhoráil, ní bheidh feidhm ag mír 1 ná mír 2 i gcás inar ceithre seachtaine as a chéile, nó níos lú ná sin, fad gach tréimhse oibre lasmuigh den Bhallstát ar lena linn a oibríonn an toibrí de ghnáth.

4.  Mura ndéantar a mhalairt a fhoráil le dlí an Bhallstáit a rialaíonn an conradh fostaíochta, ní bheidh feidhm ag mír 1 ná mír 2 i gcás inar ceithre seachtaine as a chéile, nó níos lú ná sin, fad gach tréimhse oibre lasmuigh den Bhallstát ar lena linn a oibríonn an t-oibrí de ghnáth.

Leasú    91

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás ina mbeidh caidreamh fostaíochta faoi réir tréimhse phromhaidh, áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an tréimhse sin thar shé mhí, lena n-áirítear aon síneadh ama.

1.  I gcás ina mbeidh caidreamh fostaíochta faoi réir tréimhse phromhaidh, áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an tréimhse sin thar shé mhí. I gcás conarthaí téarma shocraithe a mhairfidh níos lú ná 12 mhí, ní bheidh an tréimhse phromhaidh níos faide na 25% den tréimhse a mheastar a mhairfidh siad. I gcás ina ndéanfar conradh a athnuachan, ní bheidh an caidreamh fostaíochta faoi réir tréimhse phromhaidh nua. An t-am atá caite ag obair leis an bhfiontar, grúpa nó eintiteas céanna, cuirfear san áireamh é i leith na tréimhse promhaidh.

Leasú    92

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí promhaidh níos faide i gcás ina mbeidh údar leis sin i ngeall ar an gcineál fostaíochta atá ann nó i gcás ina rachaidh sé chun sochair an oibrí.

2.  Féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí promhaidh nach faide ná naoi mí i gcás ina mbeidh údar maith leis i ngeall ar an gcineál fostaíochta, amhail le haghaidh poist bhainistíochta, nó i gcás nach mbeidh an tréimhse phromhaidh nasctha le cosaint fostaíochta.

 

Ní chuirfidh aon tréimhse phromhaidh isteach ar fhabhrú cearta daoine i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

 

Le linn tréimhse phromhaidh, bainfidh oibrithe leas as na cearta a bhunaítear leis an Treoir seo.

Leasú    93

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le síneadh a chur le tréimhsí, faoi réir an bhun-chomhaontaithe idir an t-oibrí agus an fostóir, i gcás ina raibh an t-oibrí as láthair go leanúnach mar gheall ar bhreoiteacht nó saoire fhada, chun go ndéanfaidhan fostóir agus an t-oibrí araon a fhíorú an dtagannan obair lena gcuid ionchas agus ceanglas faoi seach. Ní ceart, in imthosca ar bith, gurbh fhéidir tréimhse promhaidh a shíneadh go haontaobhach.

Leasú    94

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh fostóir cosc ar oibrithe fostaíocht a ghlacadh le fostóirí eile, lasmuigh den sceideal oibre atá curtha ar bun ag an bhfostóir sin.

1.  Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh fostóir toirmeasc, smachtbhanna ná cosc a chur ar oibrithe maidir le fostaíocht a ghlacadh le fostóirí eile, ná pionóis a ghearradh orthu as déanamh amhlaidh.

Leasú    95

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oibrithe a bhfuil níos mó ná caidreamh fostaíochta amháin acu faoi réir na gceanglas íosta sláinte agus sábháilteachta ar an iomlán ó thaobh eagrú ama oibre de amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.

 

________________________________

 

1a Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre, (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

Leasú    96

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Mar sin féin, féadfaidh fostóirí coinníollacha neamh-chomhoiriúnachta a leagan síos i gcás ina mbeidh údar leis na srianta sin ar chúiseanna dlisteanacha, amhail rúin ghnó a chosaint nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

2.  Féadfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, coinníollacha a leagan síos i dtaobh úsáid srianta neamh-chomhoiriúnachta ag fostóirí, eadhon srianta maidir le hoibriú do chatagóirí sonracha fostóirí ar bhonn cúiseanna a bhfuil údar maith leo agus atá oibiachtúil, amhail sláinte agus sábháilteacht, rúndacht ghnó a chosaint, sláine na seirbhíse poiblí nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

Leasú    97

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcás inar sceideal oibre athraitheach, ina iomláine nó den chuid is mó, atá ag an oibrí agus gurb é an fostóir a chinnfidh an sceideal oibre sin ina iomláine nó den chuid is mó, gurb é an fostóir amháin a fhéadfaidh a cheangal ar an oibrí obair a dhéanamh ach sna cásanna seo a leanas:

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcás inar sceideal oibre athraitheach, ina iomláine nó sa chuid is mó de, nach gcuirfidh an fostóir ceangal ar an oibrí obair a dhéanamh mura gcomhlíonfar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

Leasú    98

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  i gcás ina dtarlóidh an obair laistigh d’uaireanta tagartha agus laethanta tagartha réamhshocraithe, arna leagan síos i scríbhinn ag tús an chaidrimh fostaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(l)(i), agus

(a)  i gcás ina dtarlóidh an obair laistigh d’uaireanta tagartha agus laethanta tagartha réamhshocraithe, arna leagan síos i scríbhinn ag tús an chaidrimh fostaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(l)(i), agus

Leasú    99

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  i gcás ina gcuirfidh an fostóir an t-oibrí ar an eolas faoin sannachán oibre laistigh de thréimhse réasúnach roimh ré, i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(l)(ii).

(b)  má chuireann an fostóir an t-oibrí ar an eolas faoin sannachán oibre laistigh de thréimhse réasúnach roimh ré, i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(l)(ii). Déanfaidh na Ballstáit an tréimse sin a shainiú tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

Leasú    100

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. I gcás nach ndéanfar ceann amháin nó an dá cheann de na ceanglais atá leagtha síos i mír 1 a chomhlíonadh, beidh an ceart ag oibrí sannachán oibre a dhiúltú gan iarmhairtí díobhálacha a bheith ann.

Leasú    101

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b. Má dhéanann fostóir sannachán oibre a chur ar ceal tar éis spriocdháta dá bhforáiltear in Airteagal 3(2)(l)(ii), beidh an t-oibrí i dteideal luach saothair i dtaca leis na huaireanta oibre ar tugadh an fógra ina leith.

Féadfaidh na Ballstáit an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ní dhéanfar an luach saothair dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur de choinníoll ar shannachán oibre níos faide anonn.

Leasú    102

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 9a

 

Bearta comhlántacha chun tuilleadh intuarthachta a áirithiú do chonarthaí ar éileamh.

 

1.  Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar aon chaidreamh fostaíochta nach ndéanfar foráil leis maidir le híosmhéid ráthaithe uaireanta íoctha a dhéanfar a chinneadh roimh thús an chaidrimh fostaíochta.

 

2.  I gcás nach mbeidh aon bhearta dlíthiúla i bhfeidhm chun mí-úsáid a eascraíonn as úsáid conarthaí ar éileamh a chosc, go háirithe i gcás nach ndéanfar foráil le caidreamh fostaíochta d’íosmhéid ráthaithe uaireanta íoctha, déanfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar shlí a thugann aird ar riachtanais na n-earnálacha agus/nó na gcatagóirí sonracha oibrithe, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a thabhairt isteach:

 

(i)  ceanglas go dtabharfaidh fostóirí cúiseanna oibiachtúla d’úsáid na gconarthaí sin, lena ngabhfaidh teorainn ama fhoriomlán éifeachtach ar feadh níos lú ná sé mhí maidir le húsáid chonartha den sórt sin i ndáil leis na hoibrithe lena mbaineann;

 

(ii)  ó shé mhí i ndiaidh thús an chaidrimh fostaíochta, toimhde infhrisnéise gur ann do chonradh fostaíochta a fhorálann, ar feadh na sé mhí ina dhiaidh sin, do líon uaireanta is ionann le 75 % ar a laghad de na huaireanta a oibríodh sna sé mhí roimhe sin, gan beann ar an dáileadh in aghaidh na míosa;

Leasú    103

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh oibrithe a bhfuil ar a laghad sé mhí sinsearachta acu leis an bhfostóir céanna cineál fostaíochta a iarraidh a bhfuil dálaí oibre níos seasmhaí agus níos intuartha ag dul leis, más ann don fhostaíocht sin.

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh oibrithe a bhfuil ar a laghad sé mhí seirbhíse leanúnaí acu leis an bhfostóir céanna nó tar éis dóibh aon oiliúint agus tréimhse phromhaidh éigeantach a chur i gcrích, freagra réasúnaithe i scríbhinn a fháil má dhéanann siad iarraidh ar aistriú go dtí cineál fostaíochta atá níos intuartha, más ann don chineál fostaíochta sin. An t-am a chaitear ag obair le gach fostóir ar cuid den fhiontar, den ghrúpa nó den eintiteas céanna é nó a bhaineann leis an bhfiontar, leis an ngrúpa nó leis an eintiteas céanna, déanfar é a chur san áireamh agus an tseirbhís leanúnach sé mhí á ríomh. Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le minicíocht freagraí den sórt sin.

Leasú    104

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Cuirfidh an fostóir freagra i scríbhinn ar fáil laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Maidir le daoine nádúrtha atá ag feidhmiú mar fhostóirí, agus micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh nach mó ná trí mhí leis an spriocdháta sin agus go bhféadfar freagra ó bhéal a thabhairt ar iarraidh chosúil a fuarthas ón oibrí céanna ina dhiaidh sin i gcás nach bhfuil aon athrú ann ar an údar leis an bhfreagra sin maidir le cás an oibrí.

2.  Déanfaidh an fostóir breithniú cuí ar an iarraidh agus tabharfaidh sé freagra chuí-réasúnaithe i scríbhinn air laistigh de mhí amháin tar éis dó an iarraidh a fháil. Maidir le daoine nádúrtha atá ag gníomhú mar fhostóirí, agus micrifhiontair, féadfaidh na Ballstáit foráil maidir le freagra ó bhéal a thabhairt ar iarraidh chomhchosúil a chuirfidh an t-oibrí céanna isteach ina dhiaidh sin i gcás nach bhfuil aon athrú ann ar an údar leis an bhfreagra sin maidir le staid an oibrí.

Leasú    105

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Tá an tAirteagal seo gan dochar do Threoir 97/81/CEE, do Threoir 99/70/CE agus do Threoir 2008/104/CE.

Leasú    106

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 10a

 

Faisnéis maidir le folúntais inmheánacha

 

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar oibrithe, lena n-áirítear iad sin atá ar saoire fhada, a chur ar an eolas maidir le haon phróiseas ardaithe céime inmheánach agus/nó aon fholúntas a bheidh ar fáil sa ghnóthas nó sa bhunaíocht chun dul chun cinn ina slí bheatha ghairmiúil a spreagadh. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí fhógra ginearálta a dhéanfar le ríomhphost, ar líne nó in ionad oiriúnach in áitreabh an ghnóthais nó an fhostóra.

Leasú    107

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Oiliúint

Oiliúint éigeantach

Leasú    108

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina gceanglófar ar fhostóirí le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta le comhaontuithe comhchoiteanna ábhartha oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe le go bhféadfaidh siad an obair dár fostaíodh iad a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an oiliúint sin ar fáil don oibrí saor in aisce.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcás, le linn an chaidrimh fostaíochta, lena n-áirítear roimh thús na hoibre éifeachtaí, ina gcuirfidh a bhfostóirí ceangal ar oibrithe nó ina gcuirfear ceangal orthu le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, nó le comhaontuithe comhchoiteanna ábhartha nó le rialacha inmheánacha, tabhairt faoi oiliúint éigeantach chun an obair a bhfuil siad fostaithe ina leith a chur i gcrích nó atá ag teastáil ón bhfostóir le haghaidh an phoist i dtrácht, go ndéanfar an oiliúint sin a chur ar fáil saor in aisce don oibrí.

Leasú    109

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus ina ndéanfar cúiseanna a sholáthar, déanfar a oiliúint laistigh d’uaireanta oibre. Déanfar na huaireanta oiliúna a ríomh mar uaireanta oibre. Beidh an t-oibrí fós i dteideal a luacha saothair, amhail is dá mbeadh sé nó sí ag obair.

Leasú    110

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcomhréir leis an dlí nó leis an gcleachtas náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích, lena ndéanfar, chomh maith le hurraim á tabhairt do chosaint fhoriomlán oibrithe, socruithe a bhunú maidir le dálaí oibre oibrithe nuair nach ionann iad agus na dálaí sin dá dtagraítear in Airteagal 7 go hAirteagal 11.

Déanfaidh na Ballstáit na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun ardleibhéal feidhmíochta an idirphlé shóisialta a mhéadú nó a choinneáil ar siúl chun a ról a threisiú agus chun caibidlíocht a dhéanamh maidir le comhaontuithe cómhargála agus chun iad a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú ar an leibhéal iomchuí, nó a choinneáil ar siúl, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus an cleachtas náisiúnta.

Leasú    111

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Féadfaidh na Ballstáit lamháil do na comhpháirtithe sóisialta is ionadaíche ar na leibhéal náisiúnta nó earnálach, comhaontuithe cómhargala a shocrú trí idirbheartaíocht, a thabhairt i gcrích nó a fhorfheidhmiú ar an leibhéal iomchuí, socruithe a bhunú maidir le coinníollacha oibre oibrithe, ar socruithe iad lena ndéanfaí na forálacha a leagtar síos i gCaibidil III a oirniú, a chomhlánú nó a fheabhsú, ar choinníoll go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais íosta a leagtar síos sa Treoir seo nó comhaontuithe comhchoiteanna atá ann cheana a chaomhnú más rud é go ndéantar cosaint fhoriomlán oibrithe a urramú leo.

Leasú    112

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 12a

 

íocaíocht chomhionann

 

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh feidhm ag prionsabail an phá chomhionainn agus téarmaí agus coinníollacha comhionanna maidir le gach oibrí gan beann ar an stádas fostaíochta. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar idirdhealú a dhíothú maidir leis na gnéithe agus na coinníollacha uile i dtaca le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta; níl ábharthacht ag an stádas fostaíochta.

Leasú    113

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás nach bhfuair oibrí gach doicméad, nó ceann de na doiciméid, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 6, in am trátha agus nár éirigh leis an bhfostóir an fhaillí sin a leigheas laistigh de 15 lá tar éis fógra a fháil ina leith, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag ceann amháin de na córais seo a leanas:

I gcás nach bhfuair oibrí na doiciméid uile nó cuid de na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 6, in am trátha agus nár éirigh leis an bhfostóir an fhaillí sin a leigheas laistigh de 15 lá tar éis fógra a fháil ina leith, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an dá cheann de na córais seo a leanas:

Leasú    114

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  rachaidh toimhdí fabhracha, arna sainiú ag an mBallstát, chun sochair don oibrí. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e), (f), (k) nó (l) d’Airteagal 3(2) san fhaisnéis a cuireadh ar fáil, áireofar sna toimhdí fabhracha toimhde go bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oibrí nach bhfuil dáta deiridh luaite leis, toimhde nach bhfuil aon tréimhse phromhaidh ann nó toimhde go bhfuil post lánaimseartha ag an oibrí. Beidh an deis ag fostóirí na toimhdí a bhréagnú;

(a)  rachaidh toimhdí fabhracha, arna sainiú ag an mBallstát, chun sochair don oibrí. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e), (f), (k) nó (l) d’Airteagal 3(2) san fhaisnéis a cuireadh ar fáil, beidh feidhm ag na toimhdí fabhracha a thuairiscigh an t-oibrí mar a comhaontaíodh iad agus áireofar iontu toimhde go bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oibrí nach bhfuil dáta deiridh luaite leis, toimhde nach bhfuil aon tréimhse phromhaidh ann agus toimhde go bhfuil post lánaimseartha ag an oibrí, faoi seach. Beidh an deis ag na fostóirí na toimhdí a bhréagnú; agus

Leasú    115

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  beidh an deis ag an oibrí gearán a chur faoi bhráid údarás inniúil in am trátha. I gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil go bhfuil údar leis an ngearán, ordóidh sé don fhostóir nó do na fostóirí an fhaisnéis atá in easnamh a chur ar fáil. I gcás nach gcuirfidh an fostóir an fhaisnéis atá in easnamh ar fáil laistigh de 15 lá tar éis dó an t-ordú a fháil, beidh an t-údarás in ann pionós riaracháin iomchuí a fhorchur, fiú má tá deireadh tagtha leis an gcaidreamh fostaíochta. Ina theannta sin, beidh an deis ag fostóirí achomharc riaracháin a thaisceadh i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós. Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú mar údaráis inniúla.

(b)  beidh an deis ag an oibrí gearán a chur faoi bhráid údarás inniúil in am trátha agus freagra leormhaith a fháil laistigh de thréimhse ama réasúnta. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil go bhfuil údar leis an ngearán, ordóidh sé don fhostóir nó do na fostóirí an fhaisnéis atá in easnamh a chur ar fáil. I gcás nach gcuirfidh an fostóir an fhaisnéis atá in easnamh ar fáil laistigh den téarma arna fhordheimhniú ag an údarás inniúil tar éis dó an t-ordú a fháil, beidh an t-údarás in ann pionós riaracháin iomchuí a fhorchur, fiú má tá deireadh tagtha leis an gcaidreamh fostaíochta. Ina theannta sin, beidh an deis ag fostóirí achomharc riaracháin a thaisceadh i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós. Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú mar údaráis inniúla.

Leasú    116

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 14a

 

Príomhacht na bhfíoras

 

Is leis na fíorais a bhaineann le feidhmíocht iarbhír oibre a threorófar an cinneadh maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ann agus ní ar an mbonn ina dtugann na páirtithe cur síos ar an gcaidreamh.

Leasú    117

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun oibrithe, lena náirítear oibrithe ar ionadaithe iad ar son na bhfostaithe, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann fostóir nó ar iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an fhostóra nó aon imeachtaí dlíthiúla ar cuireadh tús leo chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun na hoibrithe uile, gan beann ar chineáil agus fad an chaidrimh fostaíochta, lena n-áirítear oibrithe ar ionadaithe iad ar son fostaithe agus ceardchumann, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach ag an bhfostóir nó ar iarmhairtí díobhálacha a bheidh ann mar thoradh ar cheart a fheidhmiú, ar ceart é dá bhforáiltear sa Treoir seo.

Leasú    118

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosc a chur ar dhífhostú oibrithe, nó a chomhionann, agus gach ullmhúchán chun oibrithe a dhífhostú, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú.

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar dhífhostú oibrithe nó ar a choibhéis ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú. Beidh ceart chun athcheaptha san áireamh sna bearta sin.

Leasú    119

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Oibrithe a mheasann gur dífhostaíodh iad, nó go raibh siad faoi réir bearta a raibh an éifeacht chéanna leo, féadfaidh siad, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú, iarraidh ar an bhfostóir foras cuíréasúnaithe leis an dífhostú, nó a chomhionann, a sholáthar. Déanfaidh an fostóir an foras sin a sholáthar i scríbhinn.

2.  Oibrithe a mheasann, i gcás inarb infheidhme, tar éis dóibh aon tréimhse phromhaidh a chur i gcrích, gur dífhostaíodh iad, nó go raibh siad faoi réir bearta a raibh an éifeacht chéanna leo, féadfaidh siad, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú, iarraidh ar an bhfostóir foras cuí-réasúnaithe leis an dífhostú, nó a chomhionann, a sholáthar. Déanfaidh an fostóir an foras sin a sholáthar i scríbhinn. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an teorainn ama maidir le caingean a thionscnamh chun cur i gcoinne an dífhostaithe a chur ar fionraí fad agus nach mbeidh údar cuí i scríbhinn faighte ón bhfostóir ag an oibrí.

Leasú    120

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a.  Lamhálfaidh na Ballstáit do cheardchumainn caingne ionadaíocha a iarraidh a bhfuil mar sé mar aidhm leo comhleasanna na n-oibrithe a chosaint i ndáil leis an Treoir seo, lena gcomhfhreagraítear do rialacha Threoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.1a

 

__________________

 

1a Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (Leagan códaithe) (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30).

Leasú    121

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6b.  Má mhainníonn an fostóir forais chuí-réasúnaithe don dífhostú nó a choibhéis a sholáthar i gcomhréir le mír 2, toimhdeofar gur briseadh an t-oibrí as a phost ar fhorais cearta na Treorach seo a fheidhmiú. Beidh iarmhairtí dlíthiúla aon ullmhúchán maidir le dífhostú mar gheall ar fheidhmiú na gceart dá dtagraítear sa Treoir seo neamhbhailí.

Leasú    122

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 17a

 

Dualgas cruthúnais maidir le caidreamh fostaíochta a fheidhmiú

 

Beidh an dualgas cruthúnais nach ann do chaidreamh fostaíochta ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá inaitheanta mar fhostóir.

Leasú    123

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta atá faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfaidh fíneáil a bheith i gceist. Féadfaidh freisin go mbeidh íocaíocht cúitimh ann.

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta atá faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfaidh fíneáil a bheith i gceist. Féadfar freisin go mbeidh íocaíocht chomhréireach agus athchomhairleachcúitimh ann.

Leasú    124

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 18a

 

Cóir chomhionann

 

Déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a áirithiú:

 

(a)  go mbeidh feidhm ag prionsabal an phá chomhionainn agus téarmaí agus coinníollacha comhionanna maidir le gach oibrí, gan beann ar a stádas fostaíochta, i dtaca le hoibrithe buana inchomparáide;

 

(b)  i gás nach mbeidh aon oibrí buan ann sa bhunaíocht chéanna, go ndéanfar an chomparáid trí thagairt don chomhaontú cómhargála is infheidhme, nó, i gcas nach ann d’aon chomhaontú cómhargála is infheidhme, go ndéanfar an chomparáid i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, comhaontuithe cómhargála náisiúnta nó cleachtas náisiúnta;

 

(c)  go ndéanfar idirdhealú a dhíothú maidir le gach gné agus coinníoll den luach saothair agus de na téarmaí agus de na coinníollacha fostaíochta, gan beann ar an stádas fostaíochta.

Leasú    125

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 18b

 

Rochtain ar chosaint shóisialta

 

Trí chumhdach foirmiúil a shíneadh do gach oibrí, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ar chosaint shóisialta gan beann ar chineál a gcaidrimh fostaíochta.

Leasú    126

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 18c

 

Sláinte agus sábháilteacht ag an obair

 

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe a bhfuil sceidil oibre inathraitheacha acu agus ag oibrithe a bhfuil uaireanta/laethanta tagartha inathraitheacha acu ar chosaint sábháilteachta agus sláinte, seirbhísí coisc agus aiseanna maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, arb iomchuí iad ó thaobh chineál a gcuid oibre.

Leasú    127

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Forálacha níos fabhraí

Forálacha neamh-chúlchéimnithe agus forálacha níos fabhraí.

Leasú    128

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Ní bheidh foras bailí sa Treoir seo chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú.

1.  Ní hionann an Treoir seo agus na bearta arna nglacadh chun í a chur chun feidhme agus foras bailí, ná ní bhainfear úsáid astu, ná ní luafar iad ar bhealach ar bith i mBallstát ar bith chun na cearta agus an leibhéal cosanta a thugtar cheana d’oibrithe laistigh den Bhallstát sin leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe cómhargála nó le cleachtas náisiúnta a laghdú, ná chun an bonn a bhaint ó na cearta sin nó dochar a dhéanamh dóibh.

Leasú    129

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Déanfaidh na Ballstáit na comhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú i gcur chun feidhme na Treorach seo, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, agus áiritheoidh siad go mbeidh na meáin uile is gá acu chun go mbeadh éifeacht lena rannpháirtíocht.

Leasú    130

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 20 a

 

Cigireachtaí agus faireachán

 

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cigireachtaí éifeachtacha agus leormhaithe chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo ag comhlachtaí náisiúnta nó ag comhpháirtithe sóisialta. Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go mbeidh na hacmhainní agus an oiliúint leordmhaith agus shonrach ag na comhlachtaí agus ag na comhpháirtithe sóisialta sin is gá chun cigireachtaí den sórt sin a chur i gcrích.

 

Déanfaidh an Coimisiún malartú oifigeach ábhartha agus oiliúna ábhartha a chur chun cinn, agus déanfaidh sé tionscnaimh dhea-chleachtais a éascú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear iad sin de chuid comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais.

Leasú    131

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 20b

 

Gearáin a éascú

 

Déanfaidh na Ballstáit foráil do shásraí éifeachtacha trínar féidir le hoibrithe gearáin a thaisceadh i gcás ina ndéanfar sárú ar a gcearta a eascraíonn as an Treoir seo, ar gearáin iad a dhéanfar a thaisceadh go díreach leis an bhfostóir nó trí thríú páirtithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit, amhail ceardchumainn nó comhlachais eile nó údarás inniúil de chuid an Bhallstáit nuair a fhoráiltear dó sin leis an dlí náisiúnta.

Leasú    132

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo maidir le haon chaidreamh fostaíochta a bhí ann cheana ar an [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 2 bhliain]. Mar sin féin, soláthróidh nó comhlánóidh fostóirí na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 6 ar iarraidh a fháil ó oibrí. I gcás nach ndéanfar iarraidh den sórt sin, ní fhágfaidh sin go ndéanfar oibrithe a eisiamh ó na cearta íosta a bhunaítear faoin Treoir seo.

Beidh feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo maidir le haon chaidreamh fostaíochta a bhí ann cheana ar an [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 2 bhliain]. Mar sin féin, soláthróidh nó comhlánóidh fostóirí na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 6 ar iarraidh a fháil ó oibrí nó ó ionadaí thar ceann an oibrí. I gcás nach ndéanfar iarraidh den sórt sin, ní fhágfaidh sin go ndéanfar oibrithe a eisiamh ó na cearta íosta a bhunaítear faoin Treoir seo.

Leasú    133

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 22 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Agus an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 8 mbliana], i gcomhairle leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, cur i bhfeidhm na Treorach seo a athbhreithniú d’fhonn na leasuithe is gá, i gcás inarb iomchuí, a mholadh.

Agus an tionchar ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 5 mbliana], i gcomhairle leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, cur i bhfeidhm na Treorach seo a athbhreithniú d’fhonn na leasuithe agus na feabhsúcháin is gá, i gcás inarb iomchuí, a mholadh.

  • [1]  IO C ... / Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
  • [2] 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá an togra ón gCoimisiún ceaptha ionstraim nua a chur in ionad Threoir um Ráiteas i Scríbhinn 1991 (91/553/EEC) chun trédhearcacht a thabhairt maidir le dálaí oibre le haghaidh gach oibrí agus sraith shonrach de chearta a leagan síos ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar intuarthacht agus slándáil dálaí oibre, go háirithe le haghaidh daoine a bhfuil poist neamh-thraidisiúnta acu. Is forbairt é an togra seo ar na cinntí ó mheastóireacht REFIT[1] maidir leis an Treoir um Ráiteas i Scríbhinn, a tharraing aird ar easnaimh i raon feidhme agus éifeachtúlacht na treorach.

I gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Feidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), sheol an Coimisiún in Aibreán agus Meán Fómhair 2017 dhá bhabhta comhairliúcháin leis na comhpháirtithe sóisialta san Eoraip. Níor éirigh leis na comhráite idir na comhpháirtithe sóisialta tús a chur le próiseas idirphlé a mbeadh sé mar aidhm leis caidrimh chonarthacha a bhunú – lena n-áirítear comhaontuithe – ar an ábhar, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 155 CFAE.

I bhfianaise a thábhachtaí don Aontas atá sé a ghealltanais maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre do shaoránaigh AE a thabhairt i gcrích, ghlac an Coimisiún an togra seo an 21 Nollaig 2017[2]. Tá sé ríthábhachtach don Pharlaimint agus don Chomhairle, mar chomhreachtóirí, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán agus iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú ar na príomh-shaincheisteanna roimh dheireadh an téarma pharlaimintigh in 2019. Is gá an méid sin a dhéanamh chun go mbeidh muid in ann ionchais ár saoránach a chomhlíonadh agus borradh a chur faoin a rathúnas.

Feictear dúinne go bhfuil trí chuspóir sa Treoir seo. Ar an gcéad dul síos, féachann sé le foirm níos praiticiúla a thabhairt do na cearta a leagtar amach san Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a eisíodh in Göteborg an 17 Samhain 2017[3]. Go háirithe, tá sé mar aidhm ag an Treoir cuidiú le líon áirithe de na prionsabail a leagtar síos sa Cholún a chur chun feidhme, go háirithe prionsabail 5 (fostaíocht shlán agus inoiriúnaithe) agus 7 (faisnéis faoi dhálaí oibre agus cosaint i gcás dífhostuithe).

Bunaíonn an treoir líon áirithe de chearta íosta uilíocha do shaoránaigh agus d’oibrithe AE mar fhreagairt ar an mór-éileamh poiblí agus an mian atá ann na saoránaigh a thabhairt níos gaire do AE trína chur ina luí orthu go bhfuil tábhacht mór leis an Eoraip i.e. go bhfuil tábhacht leis an Eoraip dóibhsean agus go bhfuil tábhacht leosan don Eoraip. Go sonrach, ní leagann an treoir síos teorainn sé mhí ar thréimhsí promhaidh, ach amháin i gcás ina mbíonn bonn cirt le tréimhse níos faide. Bunaíonn sé freisin an ceart oibriú d’fhostóirí eile trí thoirmeasc a chur ar chlásail ‘eisiachta’ agus ‘comhréireachta’, agus an ceart go mbeadh na huaireanta oibre níos intuartha ag daoine a bhfuil sceidil oibre inathraitheacha acu.

Caithfear, ar ndóigh, srianta a chur leis na cearta íosta uilíocha sin, trína fhágáil ag na Ballstáit iad a fheabhsú más mian leo agus caithfear a bheith soiléir faoi gur ar leibhéal an Bhallstáit aonair atá cur chun feidhme praiticiúil na gceart sin le déanamh.

Ní hé amháin atá i gceist leis seo go bhfuil prionsabal na coimhdeachta le cur i bhfeidhm, áfach; baineann sé freisin le cur chuige praiticiúil a ghlacadh atá bunaithe ar dhílárnú, mar gur ann do gach margadh saothair san Eoraip mar thoradh ar na céadta bliain d’fhorbairt chultúrtha, modhanna éagsúla déantúsaíochta, imthosca airgeadais athraitheacha agus fiú amháin an cineál aeráide atá i réim.

Bheadh sé míréasúnta a cheapadh go bhfeilfeadh ‘córas amháin do chách’ sa chás seo. Déanfar an Treoir a chur i bhfeidhm trí bhíthin reachtaíocht thrasuite a ghlacadh i ngach Ballstát.

Is fiú a lua freisin gur cuid de dhlúth agus inneach na hEorpa sóisialaí atá sa ról atá ag an idirphlé sóisialta agus ag comhaontuithe cómhargála, agus go gcaithfear ról níos mó a thabhairt don idirphlé sóisialta, i ngach cló di, chun na cearta íosta sin a fhorbairt, a fhorlíonadh, a fheabhsú, a chur chun feidhme agus a shaibhriú ar an leibhéal náisiúnta.

An dara rud, beidh ról mór ag an Treoir le creat sóisialta reachtaíochta a bhunú agus a fhéadfar a úsáid chun forbairt a dhéanamh ar phrionsabail an tsaormhargaidh agus ar lán-soghluaisteacht do shaoránaigh – ar a dtugtar go minic ‘cothrom iomaíochta’ nó ‘machaire chomhréidh’. Is ceart fíorbhunúsach d’Eorpaigh atá i saorghluaiseacht oibrithe agus saoránaigh agus is uirlis éigeantach é nuair a thagann sé chomh fada le dífhostaíocht a laghdú agus cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach.

Ach is mór i gceist ag an Eoraip, bíodh sí ina hEoraip shóisialta nó nach bíodh, go mbeadh an tsoghluaisteacht agus an saormhargadh sin ann agus fós urraim á léiriú do chearta bunúsacha na n-oibrithe agus go mbeadh na caighdeáin íosta chéanna ann do chách. Ní féidir linn caighdeáin a ardú ar fud na bhfuad trí shoghluaisteacht agus iomaíochas a chosc le costais, ach ag an am céanna ní fhéadfaimid deis a thabhairt don iomaíochas an bonn a bhaint de chearta sóisialta agus saothair atá chomh tábhachtach sin do na hoibrithe. Tugadh isteach na rialacha, atá sách mionsonraithe amanna, san Eoraip chun go mbeadh an margadh aonair ag feidhmiú go cuí agus chun tógáil ar na ceithre shaoirse bunúsacha gluaiseachta.

Anois atá againn forbairt a dhéanamh ar na rialacha íosta i dtaca le caidreamh fostaíochta agus le cearta na n-oibrithe.Go deimhin, déanann an Treoir seo nuashonrú agus soiléiriú ar na rialacha sin 27 mbliana i ndiaidh Threoir 1991 um Ráiteas i Scríbhinn. Ní dhéanfar an margadh aonair a iomlánú, ná a lánpháirtiú go hiomlán, gan saorghluaiseacht oibrithe a bhunú agus a chur chun feidhme go hiomlán, nó gan rialacha íosta comhchoiteanna ar dhálaí oibre.

Ar deireadh, is léir gur tíolacadh an togra seo chun cineálacha nua fostaíochta a chuimsiú, idir na cineálacha sin a bhfuil cur amach againn cheana orthu agus cinn nua a thiocfaidh chun cinn de réir mar atá na nuatheicneolaíochtaí ag forbairt ar luas lasrach. I dtaca leis seo, freagraíonn an togra do rúin a ritheadh le déanaí inar iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir chun cineálacha nua fostaíochta a chur san áireamh agus a áirithiú go dteachtaíonn na hoibrithe uile tacar lárnach comhchoiteann de chearta, gan beann ar an gcineál conartha nó ar an gcaidreamh fostaíochta atá i gceist[4].

Is léir gur mór is mian leis an Eoraip a áirithiú nach mbeidh aon chineál dúshaothraithe ann d’fhostóirí, agus nach mbeidh aon easpa cosanta ann dóibh, i gcineálacha nua fostaíochta atá níos solúbtha, níos samhlaíche nó níos inoiriúnaithe, mar nach mbeadh an dúshaothrú nó an easpa cosanta sin ag teacht le samhail shóisialta na hEorpa. Gan a solúbthacht (ar minic é mar bhuntáiste ag oibrithe) ná a n-inoiriúnacht a chailleadh, ní fhéadfaidh na cineálacha nua fostaíochta seo sárú a dhéanamh ar na cearta atá ag lucht lorgtha fostaíochta a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis íosta agus le trédhearcacht. Moltar sa togra go ndéanfaí faisnéis atá cothrom le dáta agus mionsonraí i dtaobh a gcaidreamh fostaíochta a thabhairt do na hoibrithe uile san Aontas.

Thairis sin, tá sé tábhachtach an Coimisiún a mholadh as a bhfuil déanta aige chun raon feidhme pearsanta na Treorach a shoiléirú trí shainmhíniú ar an téarma ‘oibrí’ a chur ann ina ndéanfar catagóirí a leagan síos don chineál oibre bunaithe ar an gcásdlí socraithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE. Rinneadh an raon feidhme a leathnú freisin chun srian a chur le haon deis a bheadh ag Ballstáit oibrithe atá i bhfostaíocht ócáideach nó ghearthéarmach a eisiamh.

  • [1] 1 “Meastóireacht REFIT ar 'An Treoir um Ráiteas i Scríbhinn' (Treoir 91/533/EEC)”, SWD(2017) 205
  • [2] 2 ‘Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach’, COM(2017)797 - 2017/0355 (COD)
  • [3]  Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).
  • [4]  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2017 maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Iúil 2017 maidir le dálaí oibre agus fostaíocht fhorbhásach.

TUAIRIM ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (27.9.2018)

chuig an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta

ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

(COM(2017)0797 – C8-0006/2018 – 2017/0355(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Kostas Chrysogonos

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Foráiltear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh in Airteagal 31 de go bhfuil ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit, agus chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta uaireanta oibre, le tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus le tréimhse shaoire le pá in aghaidh na bliana.

(1)  Foráiltear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh in Airteagal 31 de go bhfuil ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit, agus chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta uaireanta oibre, le tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus le tréimhse shaoire le pá in aghaidh na bliana. Ba cheart cuspóirí na Treorach seo a bheith go hiomlán i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;

Leasú    2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Foráiltear i bPrionsabal 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna fhógairt in Göteborg an 17 Samhain 2017 go bhfuil ag oibrithe an ceart chun faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta sin, agus iad ar thréimhse phromhaidh san áireamh, agus go bhfuil an ceart acu chun rochtain a fháil ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, go bhfuil an ceart acu chun sásaimh, lena náirítear cúiteamh leordhóthanach. Foráiltear le Prionsabal 5 go bhfuil an ceart ag oibrithe, beag beann ar an ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, go bhfuil an ceart ag oibrithe cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint, go mbeidh cosc le cur ar aon chaidreamh fostaíochta a mbeidh dálaí oibre forbhásacha mar thoradh leis, lena náirítear trí chosc a chur le míúsáid conarthaí neamhthipiciúla, gur cheart gur tréimhse réasúnach a bheidh sa tréimhse phromhaidh, agus go mbeidh athrú de réir a chéile le cothú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo.

(2)  Foráiltear i bPrionsabal 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna fhógairt in Göteborg an 17 Samhain 2017 go bhfuil ag oibrithe an ceart chun faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta sin, agus iad ar thréimhse phromhaidh san áireamh, agus go bhfuil siad i dteideal go gcuirfí na cúiseanna atá lena ndífhostú in iúl dóibh agus go dtabharfaí tréimhse fógra réasúnta dóibh agus go bhfuil an ceart acu chun rochtain a fháil ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, go bhfuil an ceart acu chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh leormhaith. Foráiltear le Prionsabal 5 go bhfuil an ceart ag oibrithe, gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint, go mbeidh cosc le cur ar aon chaidreamh fostaíochta a mbeidh dálaí oibre forbhásacha mar thoradh leis, lena n-áirítear trí chosc a chur le mí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla, gur cheart gur tréimhse réasúnach a bheidh sa tréimhse phromhaidh, agus go mbeidh athrú de réir a chéile le cothú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo, fad a thabharfar an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun oiriúnú go tapa d’aon athruithe eacnamaíocha.

Leasú    3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Ón tráth a glacadh Treoir 91/533/CEE33, tháinig athruithe forleathana ar na margaí saothair mar gheall ar fhorbairtí déimeagrafacha agus an digitiú, as ar tháinig cineálacha fostaíochta nua, lenar tacaíodh le cruthú post agus le fás sa mhargadh saothair. Is minic cineálacha nua fostaíochta gan a bheith chomh rialta cobhsaí agus a bhí cineálacha caidrimh fostaíochta traidisiúnta agus gur lú an intuarthacht do na hoibrithe lena mbaineann, rud a fhágann nach mbíonn aon chinnteacht maidir le cearta agus le cosaint shóisialta is infheidhme. De bhrí go bhfuil an saol oibre seo síorathraitheach, tá gá níos mó le faisnéis iomlán a thabhairt d'oibrithe maidir lena ndálaí bunúsacha oibre agus ba cheart sin a dhéanamh go tráthúil i scríbhinn. D’fhonn forbairt na gcineálacha fostaíochta nua a dhíriú go leordhóthanach, ba cheart roinnt ceart íosta nua a thabhairt d'oibrithe san Aontas arb é is aidhm do na cearta sin seasmhacht agus intuarthacht i gcineálacha caidrimh fostaíochta a chur chun cinn agus agus, ag an am céanna, cóineasú aníos a bhaint amach ar fud na mBallstát agus an inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a chaomhnú.

(3)  Ón tráth a glacadh Treoir 91/533/CEE,33 tháinig athruithe forleathana ar na margaí saothair mar gheall ar fhorbairtí déimeagrafacha agus an digitiú, as ar tháinig cineálacha fostaíochta nua, ach chomh maith leis sin mar gheall ar bhearta a ghlacann cur chuige maidir leis an margadh saothair atá dírithe go haontaobhach ar an soláthar arb é is aidhm dó margaí saothair a léirscaoileadh agus a dhírialáil, lenar tacaíodh le teacht chun cinn samhlacha nua gnó. Is minic nach mbíonn cineálacha nua fostaíochta chomh rialta ná chomh cobhsaí is a bhíonn cineálacha caidrimh fostaíochta traidisiúnta agus gur lú an intuarthacht do na hoibrithe lena mbaineann, rud a fhágann nach mbíonn aon chinnteacht ann maidir leis na cearta agus an chosaint shóisialta is infheidhme agus go spreagtar cleachtais dhoiléire nó éagóracha, lena ndíchobhsaítear an margadh saothair dá ndeasca sin. De bhrí go bhfuil an saol oibre ag síorathrú, tá gá níos mó le faisnéis iomlán a thabhairt d’oibrithe, gan beann ar an réimse ina bhfuil siad ag obair, maidir lena ndálaí bunúsacha oibre agus ba cheart é sin a dhéanamh i scríbhinn agus chomh tapa agus is féidir. D’fhonn forbairt na gcineálacha fostaíochta nua a dhíriú go leordhóthanach, ba cheart roinnt ceart íosta nua a thabhairt d'oibrithe san Aontas arb é is aidhm do na cearta sin seasmhacht agus intuarthacht i gcineálacha caidrimh fostaíochta a chur chun cinn agus, ag an am céanna, cóineasú aníos a bhaint amach ar fud na mBallstát agus an inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a chaomhnú.

__________________

__________________

33 Treoir 91/533/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid ar fhostóir a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (IO L 288, 18.10.1991, lch 32).

33 Treoir 91/533/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid ar fhostóir a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (IO L 288, 18.10.1991, lch 32).

Leasú    4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  De bhun Threoir 91/533/CEE, tá an ceart ag formhór na n-oibrithe san Aontas faisnéis a fháil i scríbhinn maidir lena ndálaí oibre. Ní chumhdaítear na hoibrithe go léir san Aontas le Treoir 91/533/CEE, áfach. Anuas air sin, tá bearnaí sa chosaint i ndáil le cineálacha fostaíochta nua a tháinig as forbairtí sa mhargadh saothair ó bhí 1991 ann.

(4)  De bhun Threoir 91/533/CEE, tá an ceart ag formhór na n-oibrithe san Aontas faisnéis a fháil i scríbhinn maidir lena ndálaí oibre. Ní chumhdaítear na hoibrithe go léir san Aontas le Treoir 91/533/CEE, áfach. Ina theannta sin, tá bearnaí sa chosaint i ndáil le cineálacha fostaíochta nua a tháinig as forbairtí eacnamaíocha, forbairtí sóisialta agus forbairtí sa mhargadh saothair ó bhí 1991 ann.

Leasú    5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Ba cheart ceanglais íosta i ndáil le faisnéis maidir le gnéithe bunúsacha an chaidrimh fostaíochta agus a bhaineann le dálaí oibre is infheidhme maidir le gach oibrí a bhunú ar leibhéal an Aontais chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus intuarthachta i dtaca lena ndálaí oibre a ráthú do na hoibrithe go léir san Aontas.

(5)  Ba cheart caighdeáin íosta i ndáil le faisnéis maidir le gnéithe bunúsacha an chaidrimh fostaíochta agus a bhaineann le dálaí oibre a bhfuil feidhm acu maidir le gach oibrí, gan beann ar a gconradh fostaíochta nó a gcaidreamh fostaíochta, a bhunú dá bhrí sin ar leibhéal an Aontais chun an leibhéal céanna trédhearcachta, slándála agus intuarthachta i dtaca lena ndálaí oibre a ráthú do na hoibrithe go léir san Aontas.

Leasú    6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)  Is féidir cuspóir na Treorach seo – soláthar saothair atá níos sábháilte agus níos intuartha a chur chun cinn, fad a áirithítear inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair, rochtain ar nuálaíocht agus dálaí maireachtála agus oibre níos fearr – a bhaint amach trí rochtain níos éifeachtúla a thabhairt do gach oibrí ar fhaisnéis maidir lena gcuid dálaí oibre, trí dhálaí oibre a fheabhsú, go háirithe d’oibrithe atá i mbun cineálacha nua agus neamhthipiciúla oibre, tríd an reachtaíocht a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí agus tríd an trédhearcacht sa mhargadh saothair a mhéadú, gan ualaí iomarcacha a chur ar ghnólachtaí d’aon mhéid.

Leasú    7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)  Chun éifeachtacht na gceart dá bhforáiltear i ndlí an Aontais a áirithiú, ba cheart raon feidhme pearsanta Threoir 91/533/CEE a thabhairt cothrom le dáta. Tá critéir bunaithe ina cásdlí ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun stádas oibrí a chinneadh34 atá iomchuí chun raon feidhme pearsanta chur i bhfeidhm na Treorach a chinneadh. an sainmhíniú ar oibrí in Airteagal 2(1) bunaithe ar na critéir seo. Áirithítear leo go gcuirtear raon feidhme pearsanta na Treorach chun feidhme go haonfhoirmeach agus, ag an am céanna, go bhfágtar faoi na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta é a chur i bhfeidhm maidir le cásanna áirithe. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir sin, d'fhéadfadh oibrithe tí, oibrithe ar éileamh oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oiliúnaithe agus printísigh teacht faoi raon feidhme na Treorach seo.

(7)  Chun éifeachtacht na gceart dá bhforáiltear i ndlí an Aontais agus a gcur chun feidhme neamh-idirdhealaitheach a áirithiú, ba cheart raon feidhme pearsanta Threoir 91/533/CEE a thabhairt cothrom le dáta. Tá critéir bunaithe ina cásdlí ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun stádas oibrí a chinneadh34 atá iomchuí chun raon feidhme pearsanta chur i bhfeidhm na Treorach seo a chinneadh. Is gá an sainmhíniú ar oibrí in Airteagal 2(1) a bheith bunaithe ar na critéir arna bhforbairt ag an gCúirt Bhreithiúnais agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) araon. Áirithítear leo go gcuirtear raon feidhme pearsanta na Treorach chun feidhme go haonfhoirmeach agus, ag an am céanna, go bhfágtar faoi na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta é a chur i bhfeidhm maidir le cásanna áirithe. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir sin, ní mór go dtiocfadh oibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oiliúnaithe agus printísigh agus taighdeoirí faoi raon feidhme na Treorach seo.

__________________

__________________

34 Breithiúnais an 3 Iúil 1986, Deborah Lawrie-Blum, Cás 66/85; an 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère, Cás C-428/09; an 9 Iúil 2015, Balkaya, Cás C-229/14; an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten, Cás C-413/13; agus an 17 Samhain 2016, Ruhrlandklinik, Cás C-216/15.

34 Breithiúnais an 3 Iúil 1986, Deborah Lawrie-Blum, Cás 66/85; an 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère, Cás C-428/09; an 9 Iúil 2015, Balkaya, Cás C-229/14; an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten, Cás C-413/13; agus an 17 Samhain 2016, Ruhrlandklinik, Cás C-216/15.

Leasú    8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)  I gcomhréir le moladh 198 ó EIS, i gcás nach féidir a shuí láithreach an ndéantar an obair faoi stiúir duine eile, ba cheart a mheas gurb é spleáchas eacnamaíoch an príomhchritéar breise nuair atáthar ag measúnú an oibrí é an duine.

Leasú    9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7b)  I gcomhréir le moladh 198 ó EIS, ba cheart an cinneadh maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ann a bhunú ar na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar agus ní ar an tuairisc a thugann na páirtithe ar an gcaidreamh.

Leasú    10

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7c)  I gcomhréir le moladh 198 ó EIS, ba cheart foráil a dhéanamh go huathoibríoch maidir le toimhde dhlíthiúil gur ann do chaidreamh fostaíochta i gcás ina bhfuil táscaire ábhartha amháin nó níos mó ann.

Leasú    11

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  I bhfianaise líon méadaitheach na n-oibrithe a eisiatar ó raon feidhme Threoir 91/533/CEE ar bhonn maoluithe a rinne na Ballstáit faoi Airteagal 1 den Treoir sin, is gá deis a thabhairt do na Ballstáit, in ionad na maoluithe sin, gan forálacha na Treorach a chur i bhfeidhm maidir le caidreamh oibre atá san iomlán cothrom le hocht n-uaire an chloig nó níos lú le linn tréimhse tagartha d'aon mhí amháin. Níl aon éifeacht ag an maolú sin ar an sainmhíniú a thugtar ar oibrí dá bhforáiltear in Airteagal 2(1).

scriosta

Leasú    12

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Mar thoradh ar neamh-intuarthacht na hoibre ar éileamh lena náirítear conarthaí uaireanta nialasacha, níor cheart an maolú i ndáil le hocht nuaire an chloig in aghaidh na míosa a úsáid maidir le cineálacha caidrimh fostaíochta nach gcinntear aon mhéid oibre le pá ina leith roimh thús na fostaíochta.

scriosta

Leasú    13

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  Féadfaidh roinnt daoine nádúrtha nó dlítheanacha éagsúla feidhmeanna agus freagrachtaí an fhostóra a ghlacadh chucu féin i gcleachtas. Ba cheart go leanfadh na Ballstáit de bheith saor chun cinneadh níos beaichte a dhéanamh maidir leis an duine nó na daoine a meastar go bhfuil siad freagrach go hiomlán nó i bpáirt as feidhmiú na n-oibleagáidí a leagtar síos leis an Treoir seo maidir le fostóirí, fad a chomhlíontar na hoibleagáidí sin go léir. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a chinneadh freisin go bhfuil na hoibleagáidí sin go léir nó cuid díobh le sannadh do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí é sa chaidreamh fostaíochta. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit rialacha sonracha a bhunú chun daoine aonair ag gníomhú dóibh mar fhostóirí d'oibrithe tí sa teaghlach a eisiamh ó na hoibleagáidí chun iarraidh ar chineál fostaíochta eile a mheas agus freagra a thabhairt ar an iarraidh sin, agus chun oiliúint éigeantach saor ó chostas a chur ar fáil, agus ó chumhdach an tsásra sásaimh atá bunaithe ar thoimhdí fabhracha i gcás ina bhfuil faisnéis ar iarraidh sa dearbhú i scríbhinn.

(10)  Féadfaidh roinnt daoine nádúrtha nó dlítheanacha éagsúla feidhmeanna agus freagrachtaí an fhostóra a ghlacadh chucu féin i gcleachtas. Ba cheart go leanfadh na Ballstáit de bheith saor cinneadh níos beaichte a dhéanamh maidir leis an duine nó na daoine a mheastar go bhfuil siad freagrach go hiomlán nó i bpáirt nó i gcomhpháirt as feidhmiú na n-oibleagáidí a leagtar síos leis an Treoir seo maidir le fostóirí, fad a chomhlíontar na hoibleagáidí sin go léir. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a chinneadh freisin go bhfuil na hoibleagáidí sin go léir nó cuid díobh le sannadh do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí é sa chaidreamh fostaíochta. Má tá roinnt daoine nádúrtha agus/nó daoine dlítheanacha freagrach mar fhostóir, tá siad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach.

Leasú    14

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  Tugadh isteach le Treoir 91/533/CEE liosta íosta de ghnéithe bunúsacha nach mór oibrithe a chur ar an eolas i scríbhinn ina leith. Is gá an liosta sin a oiriúnú chun forbairtí sa mhargadh saothair a chur san áireamh, an borradh atá ag teacht faoi chineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta go háirithe.

(11)  Tugadh isteach le Treoir 91/533/CEE liosta íosta de ghnéithe bunúsacha nach mór oibrithe a chur ar an eolas i scríbhinn ina leith. Is gá an liosta íosta sin a oiriúnú chun forbairtí sa mhargadh saothair a chur san áireamh, go háirithe an borradh atá ag teacht faoi chineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta. Beidh sé de cheart ag na Ballstáit cur leis an liosta íosta sin i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta.

Leasú    15

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Ba cheart faisnéis maidir le ham oibre a bheith comhsheasmhach le forálacha Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35, agus ba cheart faisnéis maidir le sosanna, tréimhsí scíthe laethúla, thréimhsí scíthe seachtainiúla agus an méid saoire le pá a bheith ann.

(12)  Ba cheart faisnéis maidir le ham oibre a bheith comhsheasmhach le forálacha Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35, agus ba cheart faisnéis maidir le sosanna, tréimhsí scíthe laethúla, tréimhsí scíthe seachtainiúla agus an méid saoire le pá a bheith inti lena n-áirithítear, dá bhrí sin, go gcosnaítear sábháilteacht agus sláinte oibrithe.

__________________

__________________

35 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

35 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

Leasú    16

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Maidir le luach saothair, ba cheart go mbeadh san fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil gach gné den luach saothair sin lena n-áirítear ranníocaíochtaí in airgead tirim nó mar íocaíocht chomhchineáil, a fhaigheann an t-oibrí go díreach nó go neamhdhíreach i dtaca lena chuid oibre. Ba cheart go mbeadh soláthar faisnéise den chineál sin gan dochar don tsaoirse atá ag fostóirí gnéithe luacha saothair breise amhail íocaíochtaí aon uaire a chur ar fáil. Fiú mura gcuirtear na gnéithe den luach saothair atá dlite de réir an dlí nó comhaontú coiteann san fhaisnéis, ní ceart gur cúis é sin le gan iad a chur ar fáil don oibrí.

(13)  Maidir le luach saothair, ba cheart go mbeadh san fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil gach gné den luach saothair sin, mar aon leis an modh ríofa, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin, lena n-áirítear ranníocaíochtaí in airgead tirim nó mar íocaíocht chomhchineáil, a fhaigheann an t-oibrí go díreach nó go hindíreach i dtaca lena chuid oibre, íocaíochtaí ragoibre, bónais agus teidlíochtaí eile, amhail pá breoiteachta. Ba cheart go mbeadh soláthar faisnéise den chineál sin gan dochar don tsaoirse atá ag fostóirí gnéithe luacha saothair breise amhail íocaíochtaí aon uaire a chur ar fáil. Fiú mura gcuirtear na gnéithe den luach saothair atá dlite de réir an dlí nó comhaontú coiteann san fhaisnéis, ní ceart gur cúis é sin nach gcuirfí ar fáil don oibrí iad.

Leasú    17

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  Mura féidir sceideal oibre seasta a chur in iúl mar gheall ar chineál na fostaíochta, ba cheart go gcuirfí in iúl d'oibrithe an chaoi a mbunófar a sceideal oibre, lena n-áireofar na sliotáin ama a d'fhéadfaidís glao chun oibre a fháil agus an réamhfhógra íosta is ceart dóibh a fháil.

(14)  Mura féidir sceideal oibre seasta a chur in iúl mar gheall ar chineál na fostaíochta, ba cheart go gcuirfí oibrithe ar an eolas faoin gcaoi a mbunófar a sceideal oibre, lena n-áireofar na sliotáin ama ina bhféadfaidís glao chun oibre a fháil agus an réamhfhógra íosta ba cheart dóibh a fháil.

Leasú    18

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)  Ba cheart na huaireanta oibre a eagrú i gcomhréir le prionsabail eacnamaíocha agus ó thaobh na feidhmiúlachta de, ach go díreach ó thaobh an duine de freisin sa chaoi gur cheart laghdú leanúnach a dhéanamh ar na huaireanta oibre chun níos mó am saor a chur ar fáil d’oibrithe.

Leasú    19

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Ba cheart a bheith san fhaisnéis faoi chórais slándála sóisialta, i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi shochar breoiteachta, máithreachais agus a gcoibhéis, sochar do thuismitheoirí, sochar atharthachta, seanaoise, easláine, marthanóra, dífhostaíochta, luathscoir nó linbh. Ba cheart a bheith san fhaisnéis faoi chosaint slándála sóisialta a chuirfidh an fostóir ar fáil, i gcás inarb ábhartha, cumhdach trí bhíthin scéimeanna pinsin fhorlíontaigh de réir bhrí Threoir 98/49/CE36 ón gComhairle agus Threoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.37

(15)  Ba cheart a bheith san fhaisnéis faoi chórais slándála sóisialta, i gcás inarb ábhartha, ar a laghad faisnéis faoi shochar breoiteachta, máithreachais agus a gcoibhéis, sochar do thuismitheoirí, sochar atharthachta, seanaoise, easláine, marthanóra, dífhostaíochta, luathscoir nó teaghlaigh agus gach riosca eile a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh 883/2004. Ba cheart a bheith san fhaisnéis faoi chosaint slándála sóisialta a chuirfidh an fostóir ar fáil cumhdach trí bhíthin scéimeanna pinsin fhorlíontaigh de réir bhrí Threoir 98/49/CE36 ón gComhairle agus Threoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.37

__________________

__________________

36 Treoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 209, 25.7.1998, lch. 46).

36 Treoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 209, 25.7.1998, lch. 46).

37 Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais íosta i leith soghluaisteacht oibrithe idir Ballstáit a fheabhsú trí fháil agus coimeád ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú (IO L 128, 30.4.2014, lch. 1).

37 Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais íosta i leith soghluaisteacht oibrithe idir Ballstáit a fheabhsú trí fháil agus coimeád ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú (IO L 128, 30.4.2014, lch. 1).

Leasú    20

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta sin. Ba cheart go bhfaighidís an fhaisnéis ábhartha faoin gcéad lá den fhostaíocht ar a dhéanaí.

(16)  Ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe faisnéis a fháil i scríbhinn ó thús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta sin. Ba cheart go bhfaighidís an fhaisnéis ábhartha, i gcás inarb infheidhme, nuair a shíneofar an conradh fostaíochta agus roimh an gcéad lá den fhostaíocht ar a dhéanaí.

Leasú    21

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)  Chun cuidiú le fostóirí faisnéis thráthúil a chur ar fáil, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeadh teimpléid ar fáil ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear faisnéis atá ábhartha agus cuimsitheach go leordhóthanach maidir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Féadann na húdaráis náisiúnta agus na comhpháirtithe sóisialta na teimpléid sin a fhorbairt tuilleadh ar an leibhéal earnálach nó ar an leibhéal áitiúil.

(17)  Chun cuidiú le fostóirí faisnéis thráthúil a chur ar fáil, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeadh teimpléid ar fáil ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear faisnéis atá ábhartha agus cuimsitheach go leordhóthanach maidir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Ba cheart don Choimisiún Eorpach cúnamh a thabhairt do na Ballstáit na teimpléid nó na samhlacha sin a tháirgeadh chun aon neamhréireachtaí san ábhar idir na Ballstáit a sheachaint. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta agus na comhpháirtithe sóisialta inneachar na dteimpléad sin a chinneadh ar an leibhéal earnálach nó ar an leibhéal áitiúil, ar choinníoll nach gcruthófar aon ualaí breise díréireacha nó iomarcacha riaracháin.

Leasú    22

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Ba cheart d’oibrithe a phostaítear nó a chuirtear ar an gcoigríoch faisnéis bhreise a fháil a bhaineann go sonrach lena gcás. I gcás sannachán oibre arna sannadh i ndiaidh a chéile i roinnt Ballstát nó tríú tíortha, amhail in earnáil an iompair idirnáisiúnta de bhóthar, d’fhéadfaí an fhaisnéis sin a ghrúpáil do roinnt sannachán roimh an gcéad imeacht agus í a leasú ina dhiaidh sin dá dtiocfadh athrú uirthi. I gcás ina gcáileoidh siad mar oibrithe postaithe faoi Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,38 ba cheart fógra a thabhairt dóibh freisin maidir leis an suíomh gréasáin náisiúnta aonair arna fhorbairt ag an mBallstát óstach áit a bhfaighidh siad an fhaisnéis ábhartha maidir leis na dálaí oibre a bhaineann lena gcás. Mura bhforálann na Ballstáit dá mhalairt, beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin má bhíonn fad na tréimhse oibre ar an gcoigríoch níos faide ná ceithre seachtaine as a chéile.

(18)  Ba cheart d’oibrithe a phostaítear nó a chuirtear ar an gcoigríoch faisnéis bhreise a fháil a bhaineann go sonrach lena gcás. I gcás sannacháin oibre arna sannadh i ndiaidh a chéile i roinnt Ballstát nó tríú tíortha, amhail in earnáil an iompair idirnáisiúnta de bhóthar, féadfar an fhaisnéis sin a ghrúpáil do roinnt sannachán roimh an gcéad imeacht agus í a leasú ina dhiaidh sin roimh thús an tsannacháin ábhartha nó dá dtiocfadh athrú uirthi. I gcás ina gcáileoidh siad mar oibrithe postaithe faoi Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart fógra a thabhairt dóibh freisin maidir leis an suíomh gréasáin náisiúnta aonair arna fhorbairt ag an mBallstát óstach áit a bhfaighidh siad an fhaisnéis ábhartha maidir leis na dálaí oibre a bhaineann lena gcás. Ní mór fógra a thabhairt d’oibrithe a phostaítear ar an gcoigríoch i dteanga oifigiúil na tíre ina sínítear an conradh fostaíochta tosaigh.

__________________

__________________

38 Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú soláthar seirbhísí (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

38 Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú soláthar seirbhísí (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

Leasú    23

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)  Leis na tréimhsí promhaidh, féadann fostóirí a chinneadh an bhfuil oibrithe oiriúnach don phost dár ceapadh iad agus, ag an am céanna, tacaíocht agus oiliúint bhainteach a chur ar fáil dóibh. D’fhéadfadh cosaint laghdaithe ar dhífhostú a bheith ag baint leis na tréimhsí sin. Níor cheart tréimhse fhada neamhdheimhneachta a bheith ag gabháil le hiontráil ar an margadh saothair nó le haistriú go post nua. Ba cheart, mar a bhunaítear i gcolún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur tréimhse réasúnach a bheadh sna tréimhsí promhaidh. Tá uasfhad tréimhse promhaidh ginearálta idir trí mhí agus sé mhí bunaithe ag líon mór Ballstát, ar cheart a mheas go bhfuil sé sin réasúnach. Féadann tréimhsí promhaidh a bheith níos faide ná mhí i gcás ina bhfuil bonn cuí leis an méid sin de bharr chineál na fostaíochta (i gcás poist bhainistíochta mar shampla), agus i gcás ina dtéann an méid sin chun leas an oibrí (i gcás breoiteacht fhadtéarmach mar shampla nó i gcomhthéacs bearta sonracha chun fostaíocht bhuan a chur chun cinn go háirithe i measc oibrithe óga).

(19)  Leis na tréimhsí promhaidh, féadann fostóirí a chinneadh an bhfuil oibrithe oiriúnach don phost dár ceapadh iad agus, ag an am céanna, tacaíocht agus oiliúint bhainteach a chur ar fáil dóibh. Níor cheart tréimhse fhada neamhdheimhneachta a bheith ag gabháil le hiontráil ar an margadh saothair nó le haistriú go post nua. Ba cheart, mar a bhunaítear i gcolún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur tréimhse réasúnach a bheadh sna tréimhsí promhaidh. Tá uasfhad tréimhse promhaidh ginearálta idir trí mhí agus sé mhí bunaithe ag líon mór Ballstát, ar cheart a mheas go bhfuil sé sin réasúnach agus nár cheart síneadh a chur leis in aon imthosca. Ní fhéadfaidh tréimhsí promhaidh a bheith níos faide ná trí mhí ach amháin i gcás ina dtéann an méid sin chun leasa an oibrí (i gcás breoiteacht fhadtéarmach, mar shampla, nó i gcomhthéacs bearta sonracha chun fostaíocht bhuan a chur chun cinn, go háirithe i measc oibrithe óga).

Leasú    24

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)  Níor cheart go gcuirfeadh fostóirí toirmeasc ar oibrithe glacadh le post le fostóirí eile, lasmuigh den tréimhse ama a bhíonn siad ag obair dóibh, faoi réir na dteorainneacha maidir le ham oibre a leagtar amach i dTreoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.39 D’fhéadfadh clásail neamh-chomhoiriúnachta, a thuigtear mar shrian ar obair a dhéanamh do chatagóirí fostóra sonracha, a bheith riachtanach ar chúiseanna oibiachtúla, amhail rúin ghnó a chosaint nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

(20)  Níor cheart go gcuirfeadh fostóirí toirmeasc ar oibrithe glacadh le post le fostóirí eile, lasmuigh den tréimhse ama a bhíonn siad ag obair dóibh, faoi réir na dteorainneacha maidir le ham oibre a leagtar amach i dTreoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39.

__________________

__________________

39 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

39 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

Leasú    25

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)  Ba cheart uaireanta agus laethanta tagartha, a thuigfear mar shliotáin ama inar féidir obair a dhéanamh arna iarraidh sin don fhostóir, a bhunú i scríbhinn ag tús an chaidrimh fostaíochta.

(22)  Ba cheart uaireanta agus laethanta tagartha, a thuigfear mar shliotáin ama inar féidir obair a dhéanamh arna iarraidh sin don fhostóir, a bhunú i scríbhinn roimh thús an chaidrimh fostaíochta.

Leasú    26

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)  Tá réamhfhógra íosta réasúnach, a thuigtear mar an tréimhse ama idir an tráth a chuirtear oibrí ar an eolas faoi shannachán nua oibre agus an tráth a thosaíonn an sannachán, ina ghné riachtanach eile d'intuarthacht oibre maidir le cineálacha caidrimh fostaíochta a bhfuil sceideal oibre athraitheach nó sceideal oibre arna chinneadh ag an bhfostóir ag baint leo. Féadfaidh fad na tréimhse réamhfhógra athrú i gcomhréir le riachtanais na nearnálacha, agus cosaint leordhóthanach d'oibrithe a áirithiú ag an am céanna. Beidh feidhm ag réamhfhógra gan dochar do Threoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.40

(23)  Tá réamhfhógra íosta réasúnach de 15 lá, a thuigtear mar an tréimhse ama idir an tráth a chuirtear oibrí ar an eolas faoi shannachán nua oibre agus an tráth a thosaíonn an sannachán, ina ghné riachtanach eile d'intuarthacht oibre maidir le cineálacha caidrimh fostaíochta a bhfuil sceideal oibre athraitheach nó sceideal oibre arna chinneadh ag an bhfostóir ag baint leo. Féadfaidh fad na tréimhse réamhfhógra a bheith níos faide, i gcomhréir le riachtanais na n-earnálacha, agus cosaint leordhóthanach d’oibrithe á háirithiú ag an am céanna. Beidh feidhm ag réamhfhógra gan dochar do Threoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.40

__________________

__________________

40 Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

40 Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

Leasú    27

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)  I gcás ina bhfuil deis ag fostóirí conarthaí lánaimseartha nó conarthaí nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a thairiscint d’oibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, ba cheart aistriú chuig cineálacha fostaíochta atá níos seasmhaí a chur chun cinn. Ba cheart oibrithe a bheith in ann cineál fostaíochta níos intuartha agus níos buaine a iarraidh, i gcás ina bhfuil fáil air sin, agus freagra a fháil i scríbhinn ón bhfostóir a chuireann idir riachtanais an fhostóra agus riachtanais an oibrí san áireamh.

(25)  I gcás ina bhfuil deis ag fostóirí conarthaí lánaimseartha nó conarthaí nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a thairiscint d’oibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, ba cheart aistriú chuig cineálacha fostaíochta atá níos seasmhaí a chur chun cinn, i gcomhréir le Prionsabal 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna fhógairt in Göteborg an 17 Samhain 2017, agus féachaint le haistriú i dtreo fostaíocht a mhaireann go ceann tréimhse éiginnte a spreagadh. Ba cheart d'oibrithe a bheith in ann cineál fostaíochta níos intuartha agus níos buaine a iarraidh, i gcás ina bhfuil fáil air sin, agus freagra atá réasúnaithe go hiomchuí a fháil i scríbhinn ón bhfostóir a chuireann idir riachtanais an fhostóra agus riachtanais an oibrí san áireamh.

Leasú    28

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)  I gcás ina gceanglaítear ar fhostóirí sa reachtaíocht nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna oiliúint a chur ar fáil dá noibrithe chun an obair dá bhfuil siad fostaithe a dhéanamh, tá sé tábhachtach an oiliúint a chur ar fáil ar bhonn cothrom, do na hoibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha san áireamh. Níor cheart costais ar oiliúint den chineál sin a ghearradh ar an oibrí, ná níor cheart na costais a choinneáil siar ó luach saothair an oibrí ná iad a bhaint de.

(26)  I gcás ina gceanglaítear ar fhostóirí sa reachtaíocht nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó i rialacha inmheánacha oiliúint a chur ar fáil dá n-oibrithe chun an obair dá bhfuil siad fostaithe a dhéanamh, tá sé tábhachtach an oiliúint a chur ar fáil ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú, lena n-áirítear do na hoibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha. Níor cheart costais ar oiliúint den chineál sin a ghearradh ar an oibrí, ná níor cheart na costais a choinneáil siar ó luach saothair an oibrí ná iad a bhaint de. Ba cheart an oiliúint a chur ar siúl le linn uaireanta oibre.

Leasú    29

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)  Féadann comhpháirtithe sóisialta a mheas go mbeidh forálacha atá difriúil ó na caighdeáin íosta a shocraítear i gCaibidil a Trí den Treoir seo níos iomchuí in earnálacha nó i gcásanna sonracha, chun cuspóir na Treorach seo a shaothrú. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit ceadú do chomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích lena leasaítear na forálacha atá sa chaibidil sin, fad is nach ndéantar leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe a ísliú.

(27)  Féadfaidh comhpháirtithe sóisialta a mheas go mbeidh forálacha éagsúla níos iomchuí in earnálacha nó i gcásanna sonracha, chun cuspóir na Treorach seo a shaothrú, fad a chomhlíonann siad an Treoir seo ina hiomláine agus go dtugtar cosaint níos mó leo. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit ceadú do chomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna lena leasaítear na forálacha atá sa chaibidil sin a thabhairt i gcrích, fad a fheabhsaítear leibhéal foriomlán cosanta neamh-idirdhealaitheach na n-oibrithe agus nach ndéantar í a ísliú in imthosca ar bith.

Leasú    30

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 27 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27a)   I mBallstáit ina bhfuil ardleibhéal eagrúcháin, i measc fostaithe agus fostóirí araon, agus i gcás inarb ar na comhpháirtithe sóisialta, ina gcáil mar ionadaithe ar oibrithe agus ar fhostóirí, atá an phríomhfhreagracht rialáil a dhéanamh ar dhálaí oibre ar mhargadh an tsaothair, ba cheart go mbeadh údarás iomlán ag na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an bhféidearthacht comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích. Comhaontuithe comhchoiteanna den sórt sin a thugtar i gcrích, lena ndéantar rialáil ar dhálaí oibre agus lena dtugtar cosaint fhoriomlán d’oibrithe, is féidir leo imeacht ó na cearta íosta dá bhforáiltear leis an Treoir seo, fad a urramaítear cuspóir na Treorach leo.

Leasú    31

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 27 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27b)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar gach cineál idirdhealaithe a dhíothú fad a bhaineann le gach gné den luach saothair agus le téarmaí agus coinníollacha oibre, agus gan beann ar chineál conartha an oibrí.

Leasú    32

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)  Léiríodh leis an gcomhairliúchán ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta gur gá forfheidhmiú an dlí saothair san Aontas a neartú chun a éifeachtacht a áirithiú. I dtaca le Treoir 91/533/CEE, deimhníodh sa mheastóireacht REFIT41 go bhféadfaí a héifeachtacht a fheabhsú le sásraí forfheidhmiúcháin neartaithe. Léiríodh inti nach bhfuil córais sásaimh atá bunaithe ar éilimh ar dhamáiste amháin chomh héifeachtach leis na córais lena bhforáiltear maidir le smachtbhannaí chomh maith (amhail cnapshuimeanna nó cailleadh ceadanna) d’fhostóirí nach n-eisíonn dearbhuithe i scríbhinn. Léiríodh inti freisin gurb annamh a dhéanann oibrithe iarracht sásamh a lorg le linn an chaidrimh fostaíochta, rud a chuireann i mbaol an cuspóir maidir le dearbhú i scríbhinn a sholáthar lena áirithiú go gcuirtear oibrithe ar an eolas maidir le gnéithe bunúsacha a gcaidrimh fostaíochta. Tá sé riachtanach, dá bharr sin, forálacha maidir le forfheidhmiú a thabhairt isteach lena náirithítear go mbainfear úsáid as toimhdí fabhracha i gcás nach gcuirfear faisnéis ar fáil faoin gcaidreamh fostaíochta, go mbainfear úsáid as nós imeachta riaracháin faoina bhféadtar ceangal a chur ar an bhfostóir an fhaisnéis atá ar iarraidh a chur ar fáil agus é a bheith faoi réir smachtbhanna mura ndéana sé amhlaidh. Ba cheart an sásamh sin a bheith faoi réir nós imeachta lena gcuirtear in iúl don fhostóir go bhfuil faisnéis ar iarraidh agus faoina bhfuil 15 lá aige chun faisnéis iomlán cheart a chur ar fáil.

(28)  Léiríodh leis an gcomhairliúchán ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta gur gá forfheidhmiú an dlí saothair san Aontas a neartú chun a éifeachtacht a áirithiú. I dtaca le Treoir 91/533/CEE, deimhníodh i meastóireacht REFIT41 go bhféadfaí a héifeachtacht a fheabhsú le sásraí forfheidhmiúcháin neartaithe. Léiríodh inti nach bhfuil córais sásaimh atá bunaithe ar éilimh ar dhamáiste amháin chomh héifeachtach leis na córais lena bhforáiltear maidir le smachtbhannaí chomh maith (amhail cnapshuimeanna nó cailleadh ceadanna) d’fhostóirí a mhainníonn dearbhuithe i scríbhinn a eisiúint. Léiríodh inti freisin gurb annamh a dhéanann oibrithe iarracht sásamh a lorg le linn an chaidrimh fostaíochta, rud a chuireann i mbaol an cuspóir maidir le dearbhú i scríbhinn a sholáthar lena áirithiú go gcuirtear oibrithe ar an eolas maidir le gnéithe bunúsacha a gcaidrimh fostaíochta. Tá sé riachtanach, dá bharr sin, forálacha maidir le forfheidhmiú a thabhairt isteach lena n-áirithítear go mbainfear úsáid as toimhdí fabhracha i gcás nach gcuirfear faisnéis ar fáil faoin gcaidreamh fostaíochta, agus go mbainfear úsáid as nós imeachta riaracháin faoina bhféadtar ceangal a chur ar an bhfostóir an fhaisnéis atá ar iarraidh a chur ar fáil agus é a bheith faoi réir smachtbhanna mura ndéana sé amhlaidh. Ba cheart an sásamh sin a bheith faoi réir nós imeachta lena gcuirtear in iúl don fhostóir go bhfuil faisnéis ar iarraidh agus faoina bhfuil 15 lá aige chun faisnéis iomlán cheart a chur ar fáil.

__________________

__________________

41 SWD(2017)205 final, lch 26.

41 SWD(2017)205 final, lch 26.

Leasú    33

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)  Tá lear mór forálacha forfheidhmiúcháin glactha don acquis sóisialta san Aontas ón uair a glacadh Treoir 91/533/CEE, go háirithe i réimsí an fhrith-idirdhealaithe agus an chomhionannais deiseanna, ar cheart gnéithe de a chur i bhfeidhm maidir leis an Treoir seo lena áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta, agus, i gcás dífhostú gan údar maith, go mbeidh an ceart acu chun sásaimh, lena náirítear cúiteamh leordhóthanach, de réir Phrionsabal 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

(29)  Tá córas cuimsitheach forálacha forfheidhmiúcháin glactha don acquis sóisialta san Aontas ón uair a glacadh Treoir 91/533/CEE, go háirithe i réimsí an fhrith-idirdhealaithe agus an chomhionannais deiseanna; ba cheart an córas sin a chur i bhfeidhm ina iomláine maidir leis an Treoir seo chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo iad, ar réiteach díospóide atá éifeachtach agus neamhchlaonta agus freisin ar cheart chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh leordhóthanach, de réir Phrionsabal 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart machnamh a dhéanamh freisin, mar ábhar práinne, ar na forálacha forfheidhmiúcháin sin a leathnú chun na hábhair uile a bhaineann le dálaí oibre a chuimsiú.

Leasú    34

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 33 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33a)  Ós rud é go bhfuil tábhacht ag roinnt le forfheidhmiú éifeachtach rialacha an Aontais Eorpaigh do mhuintir na hEorpa, tá gá le córas atá stóinsithe, éifeachtúil agus éifeachtach chun a áirithiú go ndéanann na Ballstáit dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ina iomláine agus go dtugann siad sásamh leormhaith. Go háirithe i gcás iomarcaíochtaí comhchoiteanna, ba cheart go rachadh córas den sórt sin chun sochair d’oibrithe. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, a cheadú do na ceardchumainn caingne ionadaíocha a lorg, arb é is aidhm leo comhleasanna na n-oibrithe a chosaint.

Leasú    35

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 33 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33b)  Maidir leis an dualgas a chruthú nárbh ann do chaidreamh fostaíochta, ba cheart é a chur ar an duine nádúrtha nó dlítheanach is inaitheanta mar fhostóir bunaithe ar phríomhacht na bhfíoras.

Leasú    36

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 33 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33c)  Daoine a thuairiscíonn cásanna ina ndéantar sárú ar na cearta dá bhforáiltear faoin Treoir seo, ba cheart lánchosaint a thabhairt dóibh le rialacha Eorpacha reatha agus le rialacha Eorpacha a bheidh ann amach anseo maidir le sceithirí a chosaint.

Leasú    37

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 36 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(36a)  Caithfear obair a struchtúrú de réir na spriocanna aonair agus comhchoiteanna a ghabhann léi, ach freisin mar uirlis chun sásamh a fháil mar dhuine daonna.

Leasú    38

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 36 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(36b)  Sa mhéid sin, tá gné phearsanta agus aonair ag gabháil leis an obair, mar aon le gné chomhchoiteann agus shóisialta.

Leasú    39

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37)  Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide. Dá bhrí sin, tugtar cuireadh do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a ngníomh trasuite ar FBManna d’fhonn a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhíréireach aige ar FBManna, le haird faoi leith ar mhicrifhiontair agus ar ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú.

scriosta

Leasú    40

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)  Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach, i gcásanna ina niarrann na comhpháirtithe sóisialta é sin a dhéanamh agus fad is go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

(38)  Ba cheart do na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach, i gcás ina n-iarrann na comhpháirtithe sóisialta é sin a dhéanamh agus fad a dhéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Leasú    41

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Is é is cuspóir don Treoir seo dálaí oibre a fheabhsú trí fhostaíocht níos seasmhaí agus níos intuartha a chur chun cinn agus, ag an am céanna, inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a áirithiú.

1.  Is é is cuspóir don Treoir seo dálaí oibre a fheabhsú trí fhostaíocht níos seasmhaí, níos trédhearcaí, níos soiléire, níos eolaí agus níos intuartha a chur chun cinn agus, ag an am céanna, inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair agus cur i bhfeidhm éifeachtúil agus neamh-idirdhealaitheach an dlí a áirithiú.

Leasú    42

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Leis an Treoir seo, leagtar síos na cearta íosta a bhaineann le gach oibrí san Aontas.

2.  Leis an Treoir seo, leagtar síos na cearta íosta a bhaineann le gach oibrí san Aontas. Tá feidhm ag na cearta íosta sin maidir le gach duine arb oibrí é de facto, gan beann ar a stádas foirmiúil ná ar chonradh fostaíochta i scríbhinn a bheith ann nó gan a bheith, san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach san Aontas Eorpach.

Leasú    43

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí sa Treoir seo maidir le hoibrithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu atá cothrom le, nó níos lú ná, ocht n-uaire an chloig ar an iomlán le linn tréimhse thagartha de mhí amháin. Agus an tréimhse ocht n-uaire an chloig sin á ríomh, cuirfear san áireamh an tam a chaitear ag obair le gach fostóir ar cuid den fhiontar, den ghrúpa nó den eintiteas céanna é nó a bhaineann leis an bhfiontar, leis an ngrúpa nó leis an eintiteas céanna.

scriosta

Leasú    44

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Ní bheidh mír 3 infheidhme maidir le caidreamh fostaíochta más rud é nach socraítear méid cinnte d’obair ar íocaíocht roimh ré sula gcuirfear tús leis an bhfostaíocht.

scriosta

Leasú    45

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cé hiad na daoine atá freagrach as na hoibleagáidí a leagtar, leis an Treoir seo, ar fhostóirí a fheidhmiú ar choinníoll go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin ar fad. Féadfaidh siad a chinneadh freisin go sannfar na hoibleagáidí sin go léir, nó cuid díobh, do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí sa chaidreamh fostaíochta é. Tá an mhír seo gan dochar do Threoir 2008/104/CE.

5.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cé hiad na daoine atá freagrach as na hoibleagáidí, a leagtar síos leis an Treoir seo, ar fhostóirí a fheidhmiú ar choinníoll go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin ar fad. Féadfaidh siad a chinneadh freisin go sannfar na hoibleagáidí sin go léir, nó cuid díobh, do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí sa chaidreamh fostaíochta é. Tá an mhír seo gan dochar do Threoir 2008/104/CE. I gcás ina bhfuil duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó ina pháirtí/ina bpáirtí go díreach nó go hindíreach i gcaidreamh fostaíochta le hoibrí, beidh siad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos go hiomchuí agus go hiomlán faoin Treoir seo.

Leasú    46

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 14(a) maidir le daoine nádúrtha ar de theaghlach iad i gcás inar obair don teaghlach sin a dhéanfar.

scriosta

Leasú    47

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.  Beidh Caibidil II den Treoir seo infheidhme maidir le maraithe agus iascairí, gan dochar do Threoir 2009/13/CE ón gComhairle agus Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle faoi seach.

7.  Beidh an Treoir seo infheidhme maidir le maraithe agus iascairí mara, agus coinníollacha sonracha na hearnála á gcur san áireamh, gan dochar do Threoir 2009/13/CE ón gComhairle agus Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle ná d’aon fhorálacha ábhartha de chuid an Aontais faoina dtugtar leibhéal níos airde consanta do mharaithe agus iascairí.

Leasú    48

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  ciallaíonn “oibrí” duine nádúrtha a dhéanann seirbhísí a fheidhmiú ar feadh tréimhse áirithe ama le haghaidh, agus faoi stiúir, duine eile i gcomaoin luach saothair;

(a)  ciallaíonn ‘oibrí’ duine nádúrtha a dhéanann seirbhísí a fheidhmiú le haghaidh fostóra agus faoina stiúir i gcomaoin luach saothair;

Leasú    49

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  ciallaíonn ‘fostóir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ar páirtí díreach nó neamhdhíreach, nó páirtithe díreacha nó neamhdhíreacha, é nó iad i gcaidreamh fostaíochta le hoibrí;

(b)  ciallaíonn ‘fostóir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha (ardán fíorúil nó eile), a bhaineann leas as seirbhísí oibrí amháin nó níos mó agus ar páirtí díreach nó indíreach, nó páirtithe díreacha nó indíreacha, é nó iad i gcaidreamh fostaíochta le hoibrí amháin ar a laghad;

Leasú    50

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  ciallaíonn ‘uaireanta agus laethanta tagartha’ na sliotáin ama ar laethanta sonraithe ar féidir obair a dhéanamh lena linn má iarrann an fostóir amhlaidh.

(e)  ciallaíonn ‘uaireanta agus laethanta tagartha’ sceidil, sealanna agus aon sliotáin ama i laethanta sonraithe ar féidir obair a dhéanamh lena linn;

Leasú    51

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(e a)  ciallaíonn ‘tréimhse phromhaidh’ tréimhse réamhaontaithe theoranta ama i dtús an chaidrimh fostaíochta, ina gcuirtear cóitseáil ar oibrí agus ina ndéantar dlúthfhaireachán ar a fheidhmíocht/ar a feidhmíocht chun measúnú a dhéanamh ar a chumais/ar a cumais, agus a mbíonn spriocanna feidhmíochta réamhshainithe ina leith, ar tréimhse í ar féidir an caidreamh fostaíochta a fhoirceannadh aon tráth lena linn.

Leasú    52

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de dhualgas ar fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoi na gnéithe bunúsacha den chaidreamh fostaíochta.

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de dhualgas ar fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoi na gnéithe bunúsacha den chaidreamh fostaíochta agus go mbeidh sé de cheart ag oibrithe an fhaisnéis sin a éileamh.

Leasú    53

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Áireofar na nithe seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

2.  Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

Leasú    54

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  céannachtaí na bpáirtithe sa chaidreamh fostaíochta;

(a)  céannachtaí na bpáirtithe sa chaidreamh fostaíochta, lena n-áirítear ar a laghad ainmneacha iomlána, seoltaí agus, más infheidhme, ionadaithe dlíthiúla;

Leasú    55

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  i gcás caidreamh fostaíochta sealadaí, dáta deiridh an chaidrimh fostaíochta sin nó an fad a mheastar a mhairfidh sé;

(e)  i gcás caidreamh fostaíochta sealadaí, dáta deiridh an chaidrimh fostaíochta sin nó an fad a mheastar a mhairfidh sé, ainm an ghnóthais úsáideora i gcás oibrithe sealadacha gníomhaireachta agus scálaí pá an ghnóthais úsáideora chun foráil a dhéanamh do phá comhionann;

Leasú    56

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g)  aon teidlíocht oiliúna a sholáthróidh an fostóir;

(g)  aon teidlíocht oiliúna a sholáthróidh an fostóir, má tá sé d’oibleagáid air déanamh amhlaidh de réir dlí, faoi na téarmaí a ghabhann le comhaontuithe comhchoiteanna nó i gcomhréir le beartas oiliúna ginearálta an fhostóra;

Leasú    57

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)  an nós imeachta, lena n-áirítear fad na tréimhse fógra, atá le comhlíonadh ag an bhfostóir agus ag an oibrí má thagann deireadh lena gcaidreamh fostaíochta nó, i gcás nach féidir fad na tréimhse fógra a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, an modh lena gcinnfear an tréimhse fógra sin;

(i)  an nós imeachta, lena n-áirítear fad na tréimhse fógra, atá le comhlíonadh ag an bhfostóir agus ag an oibrí má dhéantar a gcaidreamh fostaíochta a fhoirceannadh nó, i gcás nach féidir fad na tréimhse fógra a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, an modh lena gcinnfear an tréimhse fógra sin, agus na ceanglais don fhógra faoi fhoirceannadh, teorainneacha ama chun éilimh a fhorfheidhmiú, ar a n-áireofar spriocdhátaí chun caingean a lorg le cur in aghaidh dífhostú nó chun cúiteamh a lorg as tionóiscí nó gortuithe ag an obair agus as aon sárú ar chearta saothair;

Leasú    58

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe j

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j)  an bunphá tosaigh, aon chomh-eilimintí eile, minicíocht agus modh íocaíochta an luacha saothair a mbeidh an toibrí ina theideal;

(j)  an bunphá tosaigh, aon chomh-eilimintí eile a chuirtear in iúl, go leithleach, amhail íocaíochtaí ragoibre, bónais agus teidlíochtaí eile, amhail pá breoiteachta, méid na ranníocaíochtaí slándála sóisialta arna íoc ag an bhfostóir, agus minicíocht agus modh íocaíochta an luacha saothair a mbeidh an t-oibrí ina theideal;

Leasú    59

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe l – pointe – ii a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iia)  coinníollacha agus leibhéal an chúitimh airgeadais i gcás ina gcuireann an fostóir an obair ar ceal.

Leasú    60

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe m

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(m)  aon chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialófar dálaí oibre an oibrí; i gcás comhaontuithe comhchoiteanna a thabharfaidh comhlachtaí nó institiúidí comhpháirteacha speisialta lasmuigh den ghnólacht i gcrích, ainm an chomhlachta inniúil nó ainm na hinstitiúide comhpháirtí ar laistigh díobh a rinneadh na comhaontuithe;

(m)  aon chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialófar dálaí oibre an oibrí, mar aon le teorainneacha ama a leagtar síos sna comhaontuithe comhchoiteanna d’éilimh a eascraíonn as na comhaontuithe sin; i gcás comhaontuithe comhchoiteanna a thabharfaidh comhlachtaí nó institiúidí comhpháirteacha speisialta i gcrích lasmuigh den ghnólacht, ainm an chomhlachta inniúil nó ainm na hinstitiúide comhpháirtí ar laistigh de nó di a tugadh na comhaontuithe i gcrích, agus na scoith-thréimhsí, más ann dóibh;

Leasú    61

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe n a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(na)  aon teorainneacha ama chun éilimh i gcoinne an fhostóra a fhorfheidhmiú;

Leasú    62

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe n b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(nb)  aon sochair chomhchineáil a sholáthróidh an fostóir don oibrí;

Leasú    63

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe n c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(nc)  aon chatagóiriú i scéim ghinearálta pá;

Leasú    64

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Féadfar, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2(f) go (k) agus (n) a thabhairt mar thagairt d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla nó do chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear na pointí áirithe sin.

3.  Beidh ag gabháil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2(f) go (k) agus (n) tagairt d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla nó do chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear na pointí áirithe sin.

Leasú    65

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.  Ní dhéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a fhorléiriú mar dhearbhú glactha ag an oibrí.

Leasú    66

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a sholáthar i bhfoirm doiciméid don oibrí féin ar an gcéad lá den chaidreamh fostaíochta ar a dhéanaí. Féadfar an doiciméad sin a sholáthar agus a chur ar aghaidh go leictreonach fad agus is féidir leis an oibrí teacht air go héasca agus fad agus is féidir an doiciméad a stóráil agus a phriontáil.

1.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a sholáthar i bhfoirm doiciméad páipéir don oibrí aonair, a luaithe is féidir agus, i gcás inarb infheidhme, tráth a shíneofar an conradh fostaíochta agus roimh an gcéad lá den chaidreamh fostaíochta ar a dhéanaí. Arna iarraidh sin don oibrí, déanfar an doiciméad sin a sholáthar agus a tharchur go leictreonach i bhformáid is féidir a stóráil agus a phriontáil, mar aon le hadmháil go bhfuarthas é. Is ionann an fhaisnéis sin agus fógra ón bhfostóir faoi na dálaí fostaíochta comhaontaithe. Seachtain amháin, ar a laghad, roimh thús na fostaíochta a bheidh mar spriocdháta chun dearbhú i scríbhinn a thíolacadh go nglacfaí leis na dálaí oibre comhaontaithe.

Leasú    67

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Déanfar an doiciméad a sholáthar, an tráth céanna, d’ionadaí an oibrí agus do na húdaráis fhreagracha cosanta sóisialta.

Leasú    68

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Forbróidh na Ballstáit teimpléid agus samhlacha maidir leis an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh siad ar fáil iad d’oibrithe agus d’fhostóirí, lena náirítear trína gcur ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil náisiúnta amháin agus ar mhodhanna oiriúnacha eile.

2.  Déanfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus leis an comhpháirtithe sóisialta, teimpléid agus samhlacha a fhorbairt maidir leis an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh siad ar fáil iad d’oibrithe agus d’fhostóirí, lena n-áirítear trína gcur ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil náisiúnta amháin agus ar mhodhanna oiriúnacha eile. Tabharfaidh an Coimisiún Eorpach cúnamh do na Ballstáit na teimpléid nó na samhlacha sin a tháirgeadh chun aon neamhréireachtaí ábhair idir na Ballstáit a sheachaint.

Leasú    69

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla, nó leis na comhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear an creat dlíthiúil is infheidhme atá le cur in iúl ag fostóirí, a chur ar fáil saor in aisce don phobal i gcoitinne ar mhodh atá soiléir, trédhearcach agus cuimsitheach agus atá inrochtana go cianda agus go leictreonach, lena náirítear trí thairseacha ar líne atá ann cheana do shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla, nó leis na comhaontuithe comhchoiteanna atá ceangailteach go ginearálta, ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch agus lena rialaítear an creat dlíthiúil is infheidhme atá le cur in iúl ag fostóirí, a chur ar fáil saor in aisce don phobal i gcoitinne ar mhodh atá inrochtana go cianda agus go leictreonach, lena n-áirítear trí thairseacha ar líne atá ann cheana do shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais.

Leasú    70

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás aon athrú ar na gnéithe den chaidreamh fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus ar an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 6 d’oibrithe a phostófar nó a chuirfear chuig an gcoigríoch, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, a luaithe is féidir agus an lá a bheidh éifeacht aige ar a dhéanaí, an fhaisnéis sin a chur ar fáil i bhfoirm doiciméid ón bhfostóir chuig an oibrí.

I gcás aon athrú ar na gnéithe den chaidreamh fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus ar an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 6 d’oibrithe a phostófar nó a chuirfear chuig an gcoigríoch, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, a luaithe is féidir agus an lá a mbeidh éifeacht aige ar a dhéanaí, an fhaisnéis sin a thabhairt i bhfoirm doiciméad páipéir ón bhfostóir chuig an oibrí. Ar iarraidh ón oibrí, ní mór an doiciméad a chur ar fáil agus a tharchur go leictreonach maille le hadmháil go bhfuarthas é, mar a luaitear in Airteagal 4(1).

Leasú    71

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás ina gceanglófar ar oibrí obair a dhéanamh i mBallstát nó i dtríú tír nach é an Ballstát é ina mbíonn sé ag obair de ghnáth, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fáil roimh a dháta imeachta nó roimh a dáta imeachta agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:

1.  I gcás ina gceanglófar ar oibrí obair a dhéanamh i mBallstát nó i dtríú tír nach é an Ballstát é ina mbíonn sé ag obair de ghnáth, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnach roimh an dáta imeachta agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:

Leasú    72

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  an tír nó na tíortha ina ndéanfar an obair ar an gcoigríoch agus an fad a mhairfidh an obair sin;

(a)  an áit bheacht oibre nó áiteanna beachta oibre sa tír nó sna tíortha ina ndéanfar an obair ar an gcoigríoch agus an fad a mhairfidh an obair sin, chomh maith le socruithe i gcomhair fadú nó giorrú féideartha ar thréimhse na hoibre;

Leasú    73

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b a)  na huaireanta oibre, na rialacha maidir le laethanta saoire poiblí agus socruithe cánach agus slándála sa tír ina ndéanfar an obair;

Leasú    74

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – pointe b b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b b)  ainm an bhainisteora líne san áit oibre nó sna háiteanna oibre ina ndéanfar an obair ar an gcoigríoch agus a ndéanfaidh an t-oibrí ar postú tuairisciú chuige;

Leasú    75

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)  aon athruithe ar shocruithe cánach agus slándála sóisialta don tréimhse ina ndéanfar an obair ar an gcoigríoch;

Leasú    76

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – pointe d b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db)  aon socruithe i gcomhair fadú nó giorrú féideartha ar thréimhse na hoibre;

Leasú    77

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Lena chois sin, i gcás inar oibrí ar postú atá cumhdaithe le Treoir 96/71/CE an toibrí a chuirfear chuig an gcoigríoch, cuirfear ar an eolas é i leith na nithe seo a leanas:

2.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb oibrí ar postú atá cumhdaithe le Treoir 96/71/CE an t-oibrí a chuirfear chuig an gcoigríoch, go gcuirfear ar an eolas é freisin i leith na nithe seo a leanas mar a luaitear in Airteagal 4(1):

Leasú    78

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  an luach saothair a mbeidh an toibrí ina theideal i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Bhallstáit óstaigh;

(a)  na dálaí fostaíochta faoi Airteagal 3.1 de Threoir 96/71/CE, lena n-áirítear an luach saothair a mbeidh an t-oibrí ina theideal i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Bhallstáit óstaigh;

Leasú    79

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Féadfar, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(b) agus mír 2(a) a thabhairt mar thagairt do na dlíthe, do na rialacháin, do na forálacha riaracháin nó reachtúla nó do na comhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear na pointí áirithe sin.

3.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(b) agus mír 2(a) a thabhairt i scríbhinn ina léireofar go soiléir an tagairt d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla nó do chomhaontuithe cómhargála lena rialaítear na pointí áirithe sin agus cuirfear an fhaisnéis nó leagan aistrithe di ar fáil i dteanga ar féidir leis na hoibrithe ar postú a thuiscint.

Leasú    80

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  Mura ndéanann na Ballstáit a mhalairt a fhoráil, ní bheidh feidhm ag mír 1 ná mír 2 i gcás inar ceithre seachtaine as a chéile, nó níos lú ná sin, fad gach tréimhse oibre lasmuigh den Bhallstát ar lena linn a oibríonn an toibrí de ghnáth.

scriosta

Leasú    81

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás ina mbeidh caidreamh fostaíochta faoi réir tréimhse phromhaidh, áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an tréimhse sin thar shé mhí, lena n-áirítear aon síneadh ama.

1.  I gcás ina mbeidh caidreamh fostaíochta faoi réir tréimhse phromhaidh, áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an tréimhse sin thar thrí mhí.

Leasú    82

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí promhaidh níos faide i gcás ina mbeidh údar leis sin i ngeall ar an gcineál fostaíochta atá ann nó i gcás ina rachaidh sé chun sochair an oibrí.

2.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí promhaidh níos faide, suas le sé mhí, i gcás ina mbeidh údar iomchuí leis i ngeall ar an gcineál fostaíochta, scileanna agus dálaí oibre atá ann nó i gcás ina rachaidh sé chun sochair an oibrí.

Leasú    83

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Ní chuirfidh tréimhse phromhaidh bac ar bith ar fhabhrú cearta.

Leasú    84

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Fostaíocht chomhuaineach

Fostaíocht le fostóirí eile

Leasú    85

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Mar sin féin, féadfaidh fostóirí coinníollacha neamh-chomhoiriúnachta a leagan síos i gcás ina mbeidh údar leis na srianta sin ar chúiseanna dlisteanacha, amhail rúin ghnó a chosaint nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

2.  Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit coinníollacha neamh-chomhoiriúnachta a leagan síos i gcás ina mbeidh údar leis na srianta sin ar chúiseanna dlisteanacha, amhail rúin ghnó a chosaint nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Ní cheadaítear d’fhostóirí coinníollacha neamh-chomhoiriúnachta a leagan síos go haontaobhach.

Leasú    86

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás inar sceideal oibre athraitheach, ina iomláine nó den chuid is mó, atá ag an oibrí nó gurb é an fostóir a chinnfidh an sceideal oibre sin ina iomláine nó den chuid is mó, áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh an fostóir a cheangal ar an oibrí obair a dhéanamh ach sna cásanna seo a leanas:

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh fostóir patrún na ngnáthuaireanta oibre a mhodhnú ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

Leasú    87

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  i gcás ina dtarlóidh an obair laistigh d’uaireanta tagartha agus laethanta tagartha réamhshocraithe, arna leagan síos i scríbhinn ag tús an chaidrimh fostaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(l)(i), agus

(a)  i gcás ina bhfuil údar leis an modhnú ar chúiseanna oibiachtúla a bhaineann leis an gcineál oibre;

Leasú    88

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  i gcás ina gcuirfidh an fostóir an toibrí ar an eolas faoin sannachán oibre laistigh de thréimhse réasúnach roimh ré, i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(l)(ii).

(b)  i gcás ina gcuirfear an t-oibrí ar an eolas faoi phatrún na ngnáthuaireanta oibre don tseachtain lena mbaineann ar a laghad dhá sheachtain roimh ré, ach amháin i gcásanna éigeandála;

Leasú    89

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)  i gcás nach bhfuil an modhnú ar neamhréir le leas dlisteanach ar bith de chuid an oibrí;

Leasú    90

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – pointe b b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb)  i gcás nach bhfuil an modhnú ar neamhréir le comhaontuithe ar bith eile;

Leasú    91

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfear go soiléir, le haghaidh gach caidrimh fostaíochta, fad agus patrún an ghnáthama oibre. Íocfaidh fostóirí préimh i gcomhair ragoibre.

Leasú    92

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh oibrithe a bhfuil ar a laghad sé mhí sinsearachta acu leis an bhfostóir céanna cineál fostaíochta a iarraidh a bhfuil dálaí oibre níos seasmhaí agus níos intuartha ag dul leis, más ann don fhostaíocht sin.

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh oibrithe a bhfuil ar a laghad sé mhí sinsearachta acu leis an bhfostóir céanna iompú go dtí cineál fostaíochta a bhfuil dálaí oibre níos seasmhaí agus níos intuartha ag dul leis, más ann don fhostaíocht sin. Am a chaitear ag obair leis an bhfiontar, grúpa nó eintiteas céanna nó le duine nádúrtha nó dlítheanach, ríomhfar é mar chuid den tréimhse sé mhí.

Leasú    93

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Cuirfidh an fostóir freagra i scríbhinn ar fáil laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Maidir le daoine nádúrtha atá ag feidhmiú mar fhostóirí, agus micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh nach mó ná trí mhí leis an spriocdháta sin agus go bhféadfar freagra ó bhéal a thabhairt ar iarraidh chosúil a fuarthas ón oibrí céanna ina dhiaidh sin i gcás nach bhfuil aon athrú ann ar an údar leis an bhfreagra sin maidir le cás an oibrí.

2.  Déanfaidh an fostóir an t-iompú a mheas go fírinneach agus cuirfidh sé freagra ar fáil, a bheidh réasúnaithe go hiomchuí i scríbhinn, laistigh de mhí amháin ón iarratas. Maidir le daoine nádúrtha atá ag gníomhú mar fhostóirí, agus micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh nach mó ná mí eile leis an spriocdháta sin. In éagmais freagra ar an éileamh ar iompú taobh istigh de mhí amháin, toimhdeofar gur ghabh éifeacht leis an iompú ón gcéad lá tar éis na tréimhse sin. I gcás ina ndiúltaítear don iarratas, ní mór do chruinneas an fhorais géilleadh d’athbhreithniú

Leasú    94

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.  Áiritheoidh na Ballstáit gur gá oibrithe le conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta le gníomhaireacht oibre sealadaí atá sannta don ghnóthas úsáideora céanna chun obair go sealadach faoina mhaoirseacht agus a stiúir ar feadh sé mhí ar a laghad a fhostú mar chuid de bhuanfhórsa saothair an ghnóthais úsáideora.

Leasú    95

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina gceanglófar ar fhostóirí le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta nó le comhaontuithe comhchoiteanna oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe le go bhféadfaidh siad an obair dár fostaíodh iad a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an oiliúint sin ar fáil don oibrí saor in aisce.

I gcás ina gceanglófar ar fhostóirí le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta nó le comhaontuithe comhchoiteanna ábhartha aon oiliúint nó oideachas a chur ar fáil d’oibrithe chun go bhféadfaidh siad an obair dár fostaíodh iad a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an oiliúint nó oideachas sin ar fáil don oibrí saor in aisce.

Leasú    96

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil oibrithe i dteideal méid íosta oiliúna a fháil laistigh de na huaireanta oibre atá comhionann le gnáthsheachtain oibre ar a laghad in aghaidh na bliana.

Leasú    97

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh íocaíocht fós á fáil ag an oibrí, amhail is dá mba rud é go raibh sé nó sí ag obair.

Leasú    98

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Ba cheart an oiliúint a chur ar siúl, i gcás inar féidir, le linn gnáthuaireanta oibre. I ngach cás, measfar gur am oibre é an t-am a chaitear faoi oiliúint.

Leasú    99

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oibrithe i dteideal saoire oideachais íoctha.

Leasú    100

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11 a

 

Cóir chomhionann

 

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag prionsabail an phá chomhionainn agus téarmaí agus coinníollacha comhionanna maidir le gach oibrí agus áiritheoidh siad i ndáil leis sin díothú gach idirdhealaithe, gan beann ar an stádas fostaíochta.

Leasú    101

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcomhréir leis an dlí nó leis an gcleachtas náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích, lena ndéanfar, chomh maith le hurraim á tabhairt do chosaint fhoriomlán oibrithe, socruithe a bhunú maidir le dálaí oibre oibrithe nuair nach ionann iad agus na dálaí sin dá dtagraítear in Airteagal 7 go hAirteagal 11.

I gcomhréir leis an dlí nó leis an gcleachtas náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích, lena ndéanfar, agus lánurraim á tabhairt do chosaint fhoriomlán oibrithe agus á áirithiú nach mbainfear an bonn de na caighdeáin íosta a leagtar amach sa Treoir seo, socruithe a bhunú maidir le dálaí oibre oibrithe nach ionann iad agus na dálaí sin dá dtagraítear in Airteagal 7 go hAirteagal 11, ach nach dtitfidh faoi na dálaí sin.

Leasú    102

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Más rud é go bhfuil forálacha a sháraíonn an Treoir seo i gcomhaontuithe aonair nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna, i rialacha inmheánacha gnóthas, nó in aon socruithe eile, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndearbhófar go bhfuil siad ar neamhní nó go leasófar iad chun go mbeidh siad ag teacht le forálacha na Treorach seo.

Forálacha a sháraíonn an Treoir seo agus ar lú a sochar don oibrí i gcomhaontuithe aonair nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna, i rialacha inmheánacha gnóthas, nó in aon socruithe eile, siad ar neamhní go hiomlán agus déanfar iad a leasú chun go mbeidh siad i gcomhréir le forálacha na Treorach seo ar a laghad.

Leasú    103

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás nach bhfuair oibrí gach doicméad, nó ceann de na doiciméid, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 6, in am trátha agus nár éirigh leis an bhfostóir an fhaillí sin a leigheas laistigh de 15 lá tar éis fógra a fháil ina leith, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag ceann de na córais seo a leanas:

I gcás nach bhfuair oibrí gach doiciméad, nó roinnt de na doiciméid, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 6, in am trátha, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag ceann de na córais seo a leanas:

Leasú    104

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  rachaidh toimhdí fabhracha, arna sainiú ag an mBallstát, chun sochair don oibrí. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e), (f), (k) nó (l) d’Airteagal 3(2) san fhaisnéis a cuireadh ar fáil, áireofar sna toimhdí fabhracha toimhde go bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oibrí nach bhfuil dáta deiridh luaite leis, toimhde nach bhfuil aon tréimhse phromhaidh ann toimhde go bhfuil post lánaimseartha ag an oibrí. Beidh an deis ag fostóirí na toimhdí a bhréagnú;

(a)  rachaidh toimhdí fabhracha, a bhfuil sé d’oibleagáid ar an mBallstát iad a shainiú, chun sochair don oibrí. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e), (f), (k) nó (l) d’Airteagal 3(2) san fhaisnéis a cuireadh ar fáil, beidh feidhm ag na toimhdí fabhracha a thuairiscigh an t-oibrí de réir mar a bhí comhaontaithe agus áireofar iontu toimhde go bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oibrí nach bhfuil dáta deiridh luaite leis, toimhde nach bhfuil aon tréimhse phromhaidh ann agus toimhde go bhfuil post lánaimseartha ag an oibrí, faoi seach. Beidh an deis ag na fostóirí na toimhdí a bhréagnú; agus

Leasú    105

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  beidh an deis ag an oibrí gearán a chur faoi bhráid údarás inniúil in am trátha. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil go bhfuil údar leis an ngearán, ordóidh sé don fhostóir nó do na fostóirí an fhaisnéis atá in easnamh a chur ar fáil. I gcás nach gcuirfidh an fostóir an fhaisnéis atá in easnamh ar fáil laistigh de 15 lá tar éis dó an tordú a fháil, beidh an túdarás in ann pionós riaracháin iomchuí a fhorchur, fiú má tá deireadh tagtha leis an gcaidreamh fostaíochta. Ina theannta sin, beidh an deis ag fostóirí achomharc riaracháin a thaisceadh i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós. Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú mar údaráis inniúla.

(b)  beidh an deis ag an oibrí gearán a chur faoi bhráid údarás inniúil in am trátha. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil go bhfuil údar leis an ngearán, ordóidh sé don fhostóir nó do na fostóirí an fhaisnéis atá in easnamh a chur ar fáil. I gcás nach gcuirfidh an fostóir an fhaisnéis atá in easnamh ar fáil laistigh de 15 lá tar éis dó an t-ordú a fháil, beidh an t-údarás in ann pionós réamhbhunaithe éigeantach agus athchomhairleach iomchuí a fhorchur, fiú má tá deireadh tagtha leis an gcaidreamh fostaíochta. Beidh an deis ag fostóirí achomharc a thaisceadh i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós. Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú mar údaráis inniúla.

Leasú    106

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 14 a

 

Príomhacht na bhfíoras

 

Is leis na fíorais a bhaineann le feidhmíocht iarbhír oibre a threorófar an cinneadh maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ann agus ní bunaithe ar an gcaoi a dtugann na páirtithe cur síos ar an gcaidreamh.

Leasú    107

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun oibrithe, lena náirítear oibrithe ar ionadaithe iad ar son na bhfostaithe, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann fostóir nó ar iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an fhostóra nó aon imeachtaí dlíthiúla ar cuireadh tús leo chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá isteach, inter alia pionóis réamhbhunaithe éigeantacha agus athchomhairleacha, chun gach oibrí a chosaint, gan beann ar a stádas dlíthiúil nó foirmiúil, lena n-áirítear oibrithe arb ionadaithe iad ar son na bhfostaithe nó na gceardchumann, ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann fostóir nó ar iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an fhostóra nó aon imeachtaí dlíthiúla ar cuireadh tús leo chun comhlíonadh na gceart sin a fhorfheidhmiú.

Leasú    108

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Daoine a thuairiscíonn cásanna ina ndéantar sárú ar na cearta dá bhforáiltear faoin Treoir seo, ba cheart lánchosaint a thabhairt dóibh le reachtaíocht Eorpach maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais.

Leasú    109

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosc a chur ar dhífhostú oibrithe, nó a chomhionann, agus gach ullmhúchán chun oibrithe a dhífhostú, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú.

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosc a chur ar dhífhostú oibrithe, nó a choibhéis, agus gach ullmhúchán chun oibrithe a dhífhostú nó dochair eile nó córacha is lú fabhar d’oibrithe, agus chun a dhearbhú go bhfuil na nithe sin gan éifeacht dlí, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú. Cuirfidh an fostóir faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le foras an dífhostaithe. Murach sin measfar go bhfuil an dífhostú gan éifeacht dlí. Áireofar freisin ar na bearta riachtanacha an ceart chun athcheaptha agus cúitimh.

Leasú    110

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Oibrithe a mheasann gur dífhostaíodh iad, nó go raibh siad faoi réir bearta a raibh an éifeacht chéanna leo, féadfaidh siad, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú, iarraidh ar an bhfostóir forais chuí-réasúnaithe leis an dífhostú, nó a chomhionann, a sholáthar. Déanfaidh an fostóir an foras sin a sholáthar i scríbhinn.

2.  Oibrithe a mheasann gur dífhostaíodh iad, nó go raibh siad faoi réir bearta a raibh an éifeacht chéanna leo, féadfaidh siad, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú, iarraidh ar an bhfostóir forais chuí-réasúnaithe leis an dífhostú, nó a choibhéis, a sholáthar. Déanfaidh an fostóir an foras sin a sholáthar i scríbhinn. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fionraí an spriocdháta chun caingean a thionscnamh ina gcuirfear i gcoinne an dífhostaithe fad is nach bhfuil údar i scríbhinn faighte ón bhfostóir ag an oibrí.

Leasú    111

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Má dhéanann na hoibrithe dá dtagraítear i mír 2 fíricí as ar féidir a thoimhdiú go raibh dífhostú den chineál sin, nó a chomhionann, ann, a shuí os comhair cúirte nó údarás inniúil eile, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé faoin bhfreagróir a chruthú go raibh foras leis an dífhostú nárbh aon fhoras díobh sin dá dtagraítear i mír 1 é.

3.  Má dhéanann na hoibrithe dá dtagraítear i mír 2 fíricí as ar féidir a thoimhdiú go raibh dífhostú den chineál sin, nó a choibhéis, ann, a shuí os comhair cúirte nó údarás inniúil eile, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé faoin bhfreagróir a chruthú go raibh foras leis an dífhostú nárbh aon fhoras díobh sin dá dtagraítear i mír 1 é. Ní bheidh éifeacht ag an dífhostú go dtí go mbeidh an t-ábhar réitithe.

Leasú    112

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a.  Lamhálfaidh na Ballstáit do cheardchumainn caingne ionadaíocha a iarraidh a bhfuil sé mar aidhm leo comhleasanna na n-oibrithe a chosaint i ndáil leis an Treoir seo, lena gcomhfhreagraítear do rialacha Threoir 2009/22/CE.1a

 

__________________

 

1a atá le haisghairm le 2018/0089(COD); Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint.

Leasú    113

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6b.  Má mhainníonn an fostóir forais chuí-réasúnaithe a sholáthar don dífhostú nó a choibhéis i gcomhréir le hAirteagal 17(2), toimhdeofar gur briseadh an t-oibrí as a phost ar fhorais cearta na Treorach seo a fheidhmiú.

Leasú    114

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 17a

 

Dualgas cruthúnais gur ann do chaidreamh fostaíochta

 

Beidh an dualgas cruthúnais nach ann do chaidreamh fostaíochta ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá inaitheanta mar fhostóir.

Leasú    115

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta atá faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfaidh fíneáil a bheith i gceist. Féadfaidh freisin go mbeidh íocaíocht cúitimh ann.

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta atá faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh fíneáil i gceist leo freisin agus beidh íocaíocht cúitimh atá iomchuí agus a bheidh comhréireach ar a laghad iontu.

Leasú    116

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Ní bheidh foras bailí sa Treoir seo chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú.

1.  Ní bheidh foras bailí sa Treoir seo chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú. Ní mór nach mbeadh cur chun feidhme na Treorach seo ina fhoras chun cúlú chuig an staid atá ann cheana i ngach Ballstát maidir leis an leibhéal ginearálta cosanta ag oibrithe agus maidir leis na réimsí ina bhfuil feidhm aige.

Leasú    117

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2 a.  Ceanglaítear ar na Ballstáit feabhas a chur de réir a chéile ar leibhéal cosanta na n-oibrithe sna réimsí rialála a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Cairt Shóisialta na hEorpa á lánchomhlíonadh acu.

Leasú    118

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 20 a

 

Gearáin a éascú

 

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sásraí éifeachtacha ann trínar féidir le hoibrithe gearáin i gcoinne a bhfostóirí a thaisceadh, go díreach nó trí thríú páirtithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit amhail ceardchumainn nó comhlachais eile nó údarás inniúil an Bhallstáit nuair a fhoráiltear dó sin leis an reachtaíocht náisiúnta.

Leasú    119

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo maidir le haon chaidreamh fostaíochta a bhí ann cheana ar an [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 2 bhliain]. Mar sin féin, soláthróidh nó comhlánóidh fostóirí na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 6 ar iarraidh a fháil ó oibrí. I gcás nach ndéanfar iarraidh den sórt sin, ní fhágfaidh sin go ndéanfar oibrithe a eisiamh ó na cearta íosta a bhunaítear faoin Treoir seo.

Beidh feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo maidir le haon chaidreamh fostaíochta a bhí ann cheana amhail ón [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 2 bhliain].

Leasú    120

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 22 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Agus an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 8 mbliana], i gcomhairle leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, cur i bhfeidhm na Treorach seo a athbhreithniú d’fhonn na leasuithe is gá, i gcás inarb iomchuí, a mholadh.

Agus an tionchar ar mhicrifhiontair, fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 5 bliana], i gcomhairle leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, cur i bhfeidhm na Treorach seo a athbhreithniú d’fhonn na leasuithe is gá, i gcás inarb iomchuí, a mholadh.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

Tagairtí

COM(2017)0797 – C8-0006/2018 – 2017/0355(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

EMPL

18.1.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

JURI

18.1.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Kostas Chrysogonos

24.1.2018

Pléite sa choiste

15.5.2018

20.6.2018

3.9.2018

 

Dáta an ghlactha

24.9.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

20

0

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Max Andersson, Joëlle Bergeron, Marie-Christine Boutonnet, Jean-Marie Cavada, Rosa Estaràs Ferragut, Heidi Hautala, Sylvia-Yvonne Kaufmann, António Marinho e Pinto, Emil Radev, Evelyn Regner, Pavel Svoboda, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Sergio Gaetano Cofferati, Geoffroy Didier, Pascal Durand, Jytte Guteland, Jiří Maštálka

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Guillaume Balas, John Howarth, Christelle Lechevalier

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

20

+

ALDE

António Marinho e Pinto

EFDD

Joëlle Bergeron

ENF

Marie-Christine Boutonnet, Christelle Lechevalier

GUE/NGL

Jiří Maštálka

PPE

Geoffroy Didier, Rosa Estaràs Ferragut, Emil Radev, Pavel Svoboda, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka

S&D

Guillaume Balas, Sergio Gaetano Cofferati, Jytte Guteland, John Howarth, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Evelyn Regner

VERTS/ALE

Max Andersson, Pascal Durand

0

-

 

 

1

0

ALDE

Jean-Marie Cavada

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

TUAIRIM ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (3.10.2018)

chuig an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta

ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

(COM(2017)0797 – C8-0006/2018 – 2017/0355(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Maria Arena

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh Treorach

Lua 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153 (1)(b) agus 153(2)(b)] de,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(1)(b) agus (2)(b) agus Airteagal 157 de,

Leasú    2

Togra le haghaidh Treorach

Lua 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153 (1)(b) agus 153(2)(b)] de,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(1)(b) agus (2)(b) agus Airteagal 157(1-3) de,

Leasú    3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)  Le Prionsabal 2 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, athdhearbhaítear nach mór cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna idir mná agus fir a áirithiú agus a chothú i ngach réimse, lena n-áirítear rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn sa ghairmréim, agus tá an ceart acu ar phá comhionann a fháil as obair ar luach comhionann, de bhun Airteagal 157(1-3) CFAE.

Leasú    4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)  Tá na hionstraimí cómhargála arna gcaibidliú idir comhlachais fostóirí agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe bunriachtanach chun cur in aghaidh suaití sa mhargadh saothair agus chun iad a shárú, ar suaití iad arna gcruthú le teacht chun cinn cineálacha nua caidrimh saothair a bhfuil claonadh iontu i dtreo neamhshláine agus dálaí éiginnte saothair, a dhéanann difear go háirithe do mhná; is ionstraim thábhachtach í cómhargáil dá bhrí sin chun éagothromaíochtaí idir fir agus mná ag an obair a shárú.

Leasú    5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b)  Ina theachtaireacht an 8 Márta 2016 maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (COM(2016)0127, Iarscríbhinn I) d’aithin an Coimisiún go bhfuil margaí saothair na hEorpa fós ag déanamh idirdhealú i gcoinne na mban; go bhfuil mná fós tearc-ionadaithe san fhostaíocht, ró-ionadaithe san obair pháirtaimseartha agus in earnálacha ísealioncaim, agus go bhfaigheann siad pá níos ísle in aghaidh na huaire, fiú agus obair á déanamh acu atá coibhéiseach le hobair a dhéanann fir agus fiú nuair atá leibhéal oideachais coibhéiseach nó níos airde acu.

Leasú    6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3c)  Ní mór do na Ballstáit creat dlíthiúil a bhunú, lena mbeifear in ann na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar pá comhionann as obair chomhionann in aon chaidreamh fostaíochta, gan beann ar chineál agus ar fhad an chaidrimh sin, mar bhealach chun pá comhionann d’fhir agus mná a ráthú, a chabhraíonn le laghdú a dhéanamh ar na na héagothromaíochtaí leanúnacha a chiallaíonn, sa bhreis ar phá a fháil atá i bhfad níos lú ná pá na bhfear, go mbíonn na mná an-leochaileach ó thaobh na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta de.

Leasú    7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Maidir le luach saothair, ba cheart go mbeadh san fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil gach gné den luach saothair sin lena n-áirítear ranníocaíochtaí in airgead tirim nó mar íocaíocht chomhchineáil, a fhaigheann an t-oibrí go díreach nó go neamhdhíreach i dtaca lena chuid oibre. Ba cheart go mbeadh soláthar faisnéise den chineál sin gan dochar don tsaoirse atá ag fostóirí gnéithe luacha saothair breise amhail íocaíochtaí aon uaire a chur ar fáil. Fiú mura gcuirtear na gnéithe den luach saothair atá dlite de réir an dlí nó comhaontú coiteann san fhaisnéis, ní ceart gur cúis é sin nach gcuirfí ar fáil don oibrí iad.

(13)  Maidir le luach saothair, ba cheart go mbeadh san fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil gach gné den luach saothair sin, mar aon leis an modh ríofa agus faisnéis maidir le leibhéil phá, le miondealú de réir inscne, do chatagóirí oibrithe atá i mbun an chineáil chéanna oibre nó obair ar luach comhionann, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin, lena n-áirítear ranníocaíochtaí in airgead tirim nó mar íocaíocht chomhchineáil, a fhaigheann an t-oibrí go díreach nó go hindíreach i dtaca lena chuid oibre, íocaíochtaí ragoibre, bónais agus teidlíochtaí eile, amhail pá breoiteachta nó saoirí. Ba cheart go mbeadh soláthar faisnéise den chineál sin gan dochar don tsaoirse atá ag fostóirí gnéithe luacha saothair breise amhail íocaíochtaí aon uaire a chur ar fáil. Fiú mura gcuirtear na gnéithe den luach saothair atá dlite de réir an dlí nó comhaontú coiteann san fhaisnéis, níor cheart gur cúis é sin nach gcuirfí ar fáil don oibrí iad.

Leasú    8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)  Leis na tréimhsí promhaidh, féadann fostóirí a chinneadh an bhfuil oibrithe oiriúnach don phost dár ceapadh iad agus, ag an am céanna, tacaíocht agus oiliúint bhainteach a chur ar fáil dóibh. D’fhéadfadh cosaint laghdaithe ar dhífhostú a bheith ag baint leis na tréimhsí sin. Níor cheart tréimhse fhada neamhdheimhneachta a bheith ag gabháil le hiontráil ar an margadh saothair nó le haistriú go post nua. Ba cheart, mar a bhunaítear i gcolún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur tréimhse réasúnach a bheadh sna tréimhsí promhaidh. Tá uasfhad tréimhse promhaidh ginearálta idir trí mhí agus sé mhí bunaithe ag líon mór Ballstát, ar cheart a mheas go bhfuil sé sin réasúnach. Féadann tréimhsí promhaidh a bheith níos faide ná sé mhí i gcás ina bhfuil bonn cuí leis an méid sin de bharr chineál na fostaíochta amhail i gcás poist bhainistíochta mar shampla, agus i gcás ina dtéann an méid sin chun leas an oibrí amhail i gcás breoiteacht fhadtéarmach nó i gcomhthéacs bearta sonracha chun fostaíocht bhuan a chur chun cinn go háirithe i measc oibrithe óga.

(19)  Leis na tréimhsí promhaidh, féadann fostóirí a chinneadh an bhfuil oibrithe oiriúnach don phost dár ceapadh iad agus, ag an am céanna, tacaíocht agus oiliúint bhainteach a chur ar fáil dóibh. D’fhéadfadh cosaint laghdaithe ar dhífhostú a bheith ag baint leis na tréimhsí sin. Níor cheart tréimhse fhada neamhdheimhneachta a bheith ag gabháil le hiontráil ar an margadh saothair nó le haistriú go post nua. Ní cheadaítear sásraí a dhéanamh as tréimhsí promhaidh, lena ndéanfaí dúshaothrú ar oibrithe sa chaoi is go ráthófaí fostaíocht dóibh do thréimhsí fada ar phá íseal agus go ndífhostófaí iad ag deireadh na tréimhse promhaidh. Is bealach a bheadh ansin chun conarthaí níos forbhásaí a chur in ionad conarthaí téarma shocraithe, agus arís, is mná is mó a bheadh thíos leis sin. Níor cheart go mbeadh tréimhsí promhaidh níos faide ná trí mhí agus, go hidéalach, ba cheart go mbeidís níos giorra. Féadfaidh tréimhsí promhaidh a bheith níos faide ná trí mhí i gcásanna cuí-réasúnaithe, amhail nuair a bheadh údar maith leis sin de bharr chastacht theicniúil na hoibre nó ardleibhéal freagrachta i bpost an oibrí nó i gcás ina gceapfaí an t-oibrí i bpost bainistíochta. Ba cheart do na Ballstáit reachtaíocht a rith lena saineofaí na cásanna ina bhféadfadh eisceachtaí a bheith níos faide ná an tréimhse phromhaidh trí mhí agus na tréimhsí comhfhreagracha iomchuí.

Leasú    9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)  I gcás ina gceanglaítear ar fhostóirí sa reachtaíocht nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna oiliúint a chur ar fáil dá noibrithe chun an obair dá bhfuil siad fostaithe a dhéanamh, tá sé tábhachtach an oiliúint a chur ar fáil ar bhonn cothrom, do na hoibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha san áireamh. Níor cheart costais ar oiliúint den chineál sin a ghearradh ar an oibrí, ná níor cheart na costais a choinneáil siar ó luach saothair an oibrí ná iad a bhaint de.

(26)  I gcás ina gceanglaítear ar fhostóirí sa reachtaíocht nó i gcomhaontuithe cómhargála oiliúint a chur ar fáil dá n-oibrithe chun an obair dá bhfuil siad fostaithe a dhéanamh, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear an oiliúint sin ar fáil ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú bunaithe ar aon fhoras amhail inscne, lena n-áirítear do na hoibrithe sin atá i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha. Níor cheart costais ar oiliúint den chineál sin a ghearradh ar an oibrí, ná níor cheart na costais a choinneáil siar ó luach saothair an oibrí ná iad a bhaint de. Ba cheart an oiliúint a chur ar siúl le linn uaireanta oibre.

Leasú    10

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 27 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27 a)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar gach cineál idirdhealaithe a dhíothú a mhéid a bhaineann le gach gné den luach saothair, agus prionsabal an phá chomhionainn agus obair ar phá comhionann á n-urramú, agus i dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta, gan beann ar chineál conartha an oibrí mar a shainmhínítear leis an Treoir seo.

Leasú    11

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32)  Ba cheart cosaint a bheith ag oibrithe a fheidhmíonn a gcearta dá bhforáiltear sa Treoir seo ar dhífhostú nó aimhleas coibhéiseach (amhail oibrí ar éileamh nach sanntar obair dó a thuilleadh) nó ar aon ullmhú maidir le dífhostú a d'fhéadfadh a bheith ann ar an bhforas go ndearna siad iarracht na cearta sin a fheidhmiú. Nuair a mheasann oibrithe gur dífhostaíodh iad nó gur fhulaing siad aimhleas coibhéiseach ar an bhforas sin, ba cheart oibrithe agus údaráis inniúla a bheith in ann ceangal a chur ar an bhfostóir foras cuíréasúnaithe don dhífhostú nó don bheart coibhéiseach a sholáthar.

(32)  Ba cheart cosaint a bheith ag oibrithe a fheidhmíonn a gcearta dá bhforáiltear sa Treoir seo ar dhífhostú nó aimhleas coibhéiseach (amhail oibrí ar éileamh nach sanntar obair dó a thuilleadh) nó ar aon ullmhú maidir le dífhostú a d’fhéadfadh a bheith ann ar an bhforas go ndearna siad iarracht na cearta sin a fheidhmiú. I gcás ina measann oibrithe gur dífhostaíodh iad nó gur fhulaing siad aimhleas coibhéiseach ar an bhforas sin, ba cheart d’oibrithe agus údaráis inniúla a chur de cheangal ar an bhfostóir foras cuí-réasúnaithe don dhífhostú nó don bheart coibhéiseach a sholáthar agus an t-oibrí a athcheapadh i gcás nach bhfuil bunús leis an bhforas líomhnaithe. Áiritheoidh na húdaráis ábhartha go gcúiteofar an t-oibrí as an díobháil arna déanamh agus tabharfar de chumhacht dóibh pionóis a fhorchur ar chuideachtaí atá ciontach as na cleachtais sin a dhéanamh. Tabharfar aird ar leith ar chásanna a dhéanann difear go sonrach do mhná agus cásanna a eascraíonn as idirdhealú ar fhoras máithreachais; measfar imthosca géaraitheacha a bheith i gceist leis sin.

Leasú    12

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 14(a) maidir le daoine nádúrtha ar de theaghlach iad i gcás inar obair don teaghlach sin a dhéanfar.

scriosta

Leasú    13

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  i gcás caidreamh fostaíochta sealadaí, dáta deiridh an chaidrimh fostaíochta sin nó an fad a mheastar a mhairfidh sé;

(e)  i gcás caidreamh fostaíochta sealadaí, dáta deiridh an chaidrimh fostaíochta sin nó an fad a mheastar a mhairfidh sé; ainm an ghnóthais úsáideora i gcás oibrithe sealadacha agus rátaí luacha saothair an ghnóthais úsáideora chun pá comhionann a áirithiú;

Leasú    14

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(e a)  modh ríofa an luacha saothair agus faisnéis maidir le leibhéil phá, le miondealú de réir inscne, do chatagóirí oibrithe atá i mbun an chineáil chéanna oibre nó obair ar luach comhionann;

Leasú    15

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h)  an méid saoire íoctha a mbeidh an t-oibrí ina teideal nó, i gcás nach féidir sin a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, na nósanna imeachta lena leithdháilfear agus lena gcinnfear an tsaoire sin;

(h)  an méid saoire íoctha agus na bealaí éagsúla chun an tsaoire a ghlacadh a mbeidh an t-oibrí ina teideal nó, i gcás nach féidir sin a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, na nósanna imeachta lena leithdháilfear agus lena gcinnfear an tsaoire sin;

Leasú    16

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe i a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(i a)  gach sainphribhléid agus ceart a bhfuil oibrithe ina dteideal, amhail sochair bhreoiteachta, mháithreachais agus a gcoibhéis, sochair do thuismitheoirí, sochair atharthachta, chúraim, seanaoise, easláine, mharthanóra, dhífhostaíochta, luathscoir, phinsin nó theaghlaigh;

Leasú    17

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe j

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j)  an bunphá tosaigh, aon chomh-eilimintí eile, minicíocht agus modh íocaíochta an luacha saothair a mbeidh an toibrí ina theideal;

(j)  an bunphá tosaigh, aon chomh-eilimintí eile, minicíocht agus modh íocaíochta an luacha saothair a mbeidh an t-oibrí ina theideal, chomh maith le sochair eile rialta agus thréimhsiúla, ar luach comhionann nó as obair chomhionann a dhéanamh, a bhfuil oibrithe ina dteideal;

Leasú    18

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe m a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ma)  ar mhaithe le trédhearcacht agus chun comhrac i gcoinne idirdhealú pá a dhéantar ar mhná ar an margadh saothair, an scála tuarastail is infheidhme maidir le hoibrithe i gcomhréir leis an gcúram a shanntar dóibh sa ghnóthas de thairbhe an chaidrimh fostaíochta atá acu leis an bhfostóir;

Leasú    19

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe m b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(mb)  gach sainphribhléid a bhfuil oibrithe ina teideal de thairbhe a gcaidrimh fostaíochta lena bhfostóir ach, chomh maith leis sin, gach ceart sóisialta arna fháil de thairbhe a stádais mar oibrithe dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) den Treoir seo, amhail cearta chun saoire máithreachais, atharthachta agus saoire do thuismitheoirí agus rochtain ar oiliúint a bhfuil siad ina teideal agus na socruithe praiticiúla dóibh sin;

Leasú    20

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 2 – pointe n a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(n a)  na sásraí trínar féidir le hoibrithe gearáin a thaisceadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le sásraí sonracha do ghearáin maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéaschiapadh.

Leasú    21

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 11 a

 

Cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú

 

Áiritheoidh na Ballstáit prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann agus obair ar luach comhionann agus cuirfidh siad bearta i bhfeidhm lena n-áiritheofar go gcuirfidh fostóirí i ngnóthais agus in eagraíochtaí in iúl go tráthrialta an meánluach saothair de réir chatagóir an oibrí nó an phoist, arna mhiondealú de réir inscne.

 

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach cineál idirdhealaithe a dhíothú maidir le gach gné agus gach coinníoll den luach saothair, den chóir chomhionann agus de na deiseanna comhionanna ó thaobh rochtain ar fhostaíocht de, agus sna téarmaí agus sna coinníollacha fostaíochta go léir, gan beann ar a stádas fostaíochta.

Leasú    22

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Ba cheart comhaontuithe cómhargála, inter alia, rannchuidiú le prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann a áirithiú, caidrimh fostaíochta fhorbhásacha a dhíothú agus cearta máithreachais a chosaint, agus fónamh mar ionstraimí chun éagothromaíochtaí idir fir agus mná i gcaidrimh thráchtála a laghdú.

Leasú    23

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 12 a

 

Cóir chomhionann

 

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag prionsabail an phá chomhionainn agus téarmaí agus coinníollacha comhionanna maidir le gach oibrí, gan beann ar a stádas fostaíochta. Áiritheoidh na Ballstáit díothú gach idirdhealaithe i ndáil le gach gné agus gach coinníoll a bhaineann le luach saothair agus téarmaí agus coinníollacha fostaíochta; ní bheidh ábharthacht ag an stádas fostaíochta. 

Leasú    24

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tabharfaidh na Ballstáit bearta isteach chun cosc a chur ar chiapadh síceolaíoch agus ar ghnéaschiapadh san ionad oibre trí bheartais lena leagfar amach bearta coisctheacha, nósanna imeachta éifeachtacha, trédhearcacha agus rúnda chun gearáin a láimhseáil, smachtbhannaí do lucht déanta an chiaptha, faisnéis agus oiliúint d’oibrithe agus fostóirí agus tacaíocht do chuideachtaí chun pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas chun na bearta sin go léir a chur chun feidhme.

Leasú    25

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 20 a

 

Gearáin a Éascú

 

 

 

Áiritheoidh na Ballstáit nósanna imeachta sonracha agus rúnda chun gearáin maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéaschiapadh a láimhseáil.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

Tagairtí

COM(2017)0797 – C8-0006/2018 – 2017/0355(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

EMPL

18.1.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

FEMM

18.1.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Maria Arena

15.3.2018

Pléite sa choiste

10.7.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

27.9.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

17

2

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Daniela Aiuto, Beatriz Becerra Basterrechea, Malin Björk, Vilija Blinkevičiūtė, Anna Maria Corazza Bildt, André Elissen, Iratxe García Pérez, Mary Honeyball, Angelika Mlinar, Maria Noichl, Marijana Petir, Pina Picierno, Ernest Urtasun, Jadwiga Wiśniewska, Michaela Šojdrová

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Stefan Eck, José Inácio Faria, Kostadinka Kuneva, Jérôme Lavrilleux, Jordi Solé

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Marek Plura, Damiano Zoffoli

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

17

+

ALDE

Beatriz Becerra Basterrechea, Angelika Mlinar

EFDD

Daniela Aiuto

GUE/NGL

Malin Björk, Stefan Eck, Kostadinka Kuneva

PPE

José Inácio Faria, Jérôme Lavrilleux, Marek Plura

S&D

Vilija Blinkevičiūtė, Iratxe García Pérez, Mary Honeyball, Maria Noichl, Pina Picierno, Damiano Zoffoli

VERTS/ALE

Jordi Solé, Ernest Urtasun

2

-

ENF

André Elissen

PPE

Anna Maria Corazza Bildt

3

0

ECR

Jadwiga Wiśniewska

PPE

Marijana Petir, Michaela Šojdrová

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

Tagairtí

COM(2017)0797 – C8-0006/2018 – 2017/0355(COD)

Dáta tíolactha chun PE

20.12.2017

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

EMPL

18.1.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

18.1.2018

JURI

18.1.2018

FEMM

18.1.2018

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

TRAN

22.1.2018

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Enrique Calvet Chambon

21.2.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

15.5.2018

19.6.2018

29.8.2018

 

Dáta an ghlactha

18.10.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

30

7

11

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Guillaume Balas, Brando Benifei, Vilija Blinkevičiūtė, Enrique Calvet Chambon, David Casa, Martina Dlabajová, Elena Gentile, Marian Harkin, Czesław Hoc, Agnes Jongerius, Rina Ronja Kari, Agnieszka Kozłowska-Rajewicz, Jean Lambert, Jérôme Lavrilleux, Jeroen Lenaers, Verónica Lope Fontagné, Javi López, Thomas Mann, Anthea McIntyre, Joëlle Mélin, Emilian Pavel, Georgi Pirinski, Marek Plura, Dennis Radtke, Terry Reintke, Robert Rochefort, Maria João Rodrigues, Siôn Simon, Yana Toom, Marita Ulvskog

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Maria Arena, Georges Bach, Amjad Bashir, Heinz K. Becker, Dieter-Lebrecht Koch, Eduard Kukan, Paloma López Bermejo, António Marinho e Pinto, Edouard Martin, Tamás Meszerics, Anne Sander, Helga Stevens, Gabriele Zimmer

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Ignazio Corrao, Michael Detjen, John Flack, Dario Tamburrano, Ángela Vallina

Dáta don chur síos

26.10.2018

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

30

+

ALDE

Enrique Calvet Chambon, Marian Harkin, António Marinho e Pinto, Robert Rochefort, Yana Toom

EFDD

Ignazio Corrao, Dario Tamburrano

ENF

Joëlle Mélin

GUE/NGL

Paloma López Bermejo, Ángela Vallina, Gabriele Zimmer

PPE

Georges Bach, Jérôme Lavrilleux, Anne Sander

S&D

Maria Arena, Guillaume Balas, Brando Benifei, Vilija Blinkevičiūtė, Michael Detjen, Elena Gentile, Agnes Jongerius, Javi López, Edouard Martin, Emilian Pavel, Georgi Pirinski, Maria João Rodrigues, Siôn Simon

VERTS/ALE

Jean Lambert, Tamás Meszerics, Terry Reintke

7

-

ALDE

Martina Dlabajová

ECR

Amjad Bashir, John Flack, Czesław Hoc, Anthea McIntyre, Helga Stevens

GUE/NGL

Rina Ronja Kari

11

0

PPE

Heinz K. Becker, David Casa, Dieter-Lebrecht Koch, Agnieszka Kozłowska-Rajewicz, Eduard Kukan, Jeroen Lenaers, Verónica Lope Fontagné, Thomas Mann, Marek Plura, Dennis Radtke

S&D

Marita Ulvskog

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 9 Samhain 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais