Tuarascáil - A8-0367/2018Tuarascáil
A8-0367/2018

TUARASCÁIL ina bhfuil tairiscint i gcomhair rún neamhreachtach maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle ar Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a thabhairt i gcrích

9.11.2018 - (07964/2018 – C8‑0382/2018 – 2018/0091M(NLE))

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Pedro Silva Pereira

Nós Imeachta : 2018/0091M(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0367/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0367/2018
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN NEAMHREACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a thabhairt i gcrích

(07964/2018 – C8‑0382/2018 – 2018/0091M(NLE))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07964/2018),

–  ag féachaint don Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (07965/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 91, le hAirteagal 100(2), leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 207(4), le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus le hAirteagal 218(7), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C8‑0382/2018),

–  ag féachaint do ráiteas comhpháirteach an 25ú cruinniú mullaigh idir AE agus an tSeapáin an 17 Iúil 2018,

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir AE agus an tSeapáin a síníodh an 17 Iúil 2018,

–  ag féachaint do na treoracha caibidlíochta maidir le Comhaontú Saorthrádála leis an tSeapáin an 29 Samhain 2012 a d’eisigh an Chomhairle agus a d’fhoilsigh an Coimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2017,

–  ag féachaint dá rún an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caibidlíochtaí trádála an Aontais leis an tSeapáin[1],

–  ag féachaint dá rúin an 3 Feabhra 2016 ina bhfuil moltaí Pharlaimint na hEorpa chuig an gCoimisiún maidir le caibidlíochtaí don Chomhaontú maidir le Trádáil Seirbhísí (TiSA)[2], agus an 12 Nollaig 2017 dar teideal ‘I dtreo straitéis trádála dhigiteach’[3],

–  ag féachaint do Thuarascáil Deiridh an Mheasúnaithe Tionchair maidir le hInbhuanaitheacht Trádála an Chomhaontaithe Saorthrádála idir AE agus an tSeapáin de Mhí Aibreáin 2016, agus don anailís maidir le tionchar eacnamaíoch Chomhaontú Comhpháirtíochta eacnamaíche AE-na Seapáine arna fhoilsiú ag Ard-Stiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin i mí an Mheithimh 2018,

–  ag féachaint do ráiteas comhpháirteach an 38ú cruinniú idirpharlaiminteach idir AE agus an tSeapáin an 10 Bealtaine 2018,

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a glacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac i Mí Dheireadh Fómhair 2015,

–  ag féachaint do theachtaireacht an Choimisiúin dar teideal ‘Trádáil do Chách – i dtreo trádáil agus beartas infheistíochta níos freagraí’ Mhí Dheireadh Fómhair 2015,

–  ag féachaint do pháipéar leathoifigiúil sheirbhísí an Choimisúin an 26 Feabhra 2018 dar teideal ‘Aiseolas agus an bealach chun cinn maidir le feabhas ar a chur ar chur chun feidhme agus ar fhorghníomhú na gcaibidlí maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe i gComhaontuithe Saorthrádála AE’,

–  ag féachaint do thuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Deireadh Fómhair 2014 maidir le ról na sochaí sibhialta i gComhaontú Saorthrádála AE-na Seapáine agus an 14 Feabhra 2018 maidir leis na caibidlí i leith trádála agus forbairt inbhuanaithe i gComhaontuithe Saorthrádála AE.

–  ag féachaint do phlean 15 phointe an Choimisiúin an 26 Feabhra 2018 chun trádáil AE agus na caibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe a dhéanamh níos éifeachtaí.

–  ag féachaint do Thuairim 2/15 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Bealtaine 2017, de bhun Airteagal 218(11) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar a d’iarr an Coimisiún Eorpach an 10 Iúil 2015,

–  ag féachaint do Phrótacal 26 a ghabhann le CFAE maidir le seirbhisí leasa choitinn,

–  ag féachaint d’Airteagal 2, agus d’Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 168 go hAirteagal 191 de CFAE agus, go háirithe, d’Airteagal 191(2) de CFAE,

–  Ag féachaint d’Airteagal 91, d’Airteagal 100(2), agus d’Airteagal 207 CFAE agus d’Airteagal 218 CFAE, go háirithe mír 10 de,

–  ag féachaint dá rún reachtach an ...[4] ar an dréachtchinneadh ón gComhairle,

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0367/2018),

A.  de bhrí go bhfuil luachanna bunúsacha i gcoiteann ag an Aontas agus an tSeapáin amhail urraim do chearta an duine, don daonlathas, agus don smacht reatha, agus tiomantas láidir d’fhorbairt inbhuanaithe agus córas na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) bunaithe ar rialacha;

B.  de bhrí go bhfuil gné straitéiseach ag an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (EPA) idir AE agus an tSeapáin agus gurb é an comhaontú trádála déthaobhach is tábhachtaí riamh arna thabhairt i gcrích ag an Aontas mar go gclúdaíonn sé beagnach an tríú cuid de OTI an domhain, beagnach 40% den trádáil dhomhanda agus níos mó ná 600 milliún duine;

C.  de bhrí gurb í an tSeapáin an tríú margadh tomhaltóirí is mó ar domhan ach nach í ach an séú margadh onnmhairithe is mó don Aontas, rud a thaispeánann acmhainneacht neamhshaothraithe na trádála déthaobhaí;

D.  de bhrí go léirítear i roinnt staidéar anailísí ex ante maidir le tionchar EPA AE-na Seapáine go bhfuil an acmhainneacht ag an socrú tionchair dhearfacha a bheith aige don Aontas agus don tSeapáin araon ó thaobh OTI, an ioncaim, na trádála, na táirgiúlachta agus na fostaíochta, fad a chloítear leis an gcuspóir de ‘fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach’; de bhrí go bhfuil an acmhainneacht ag an gcomhaontú sochair a thabhairt do thomhaltóirí trí phraghsanna a ísliú agus rogha tomhaltóirí a mhéadú maidir le hearraí agus seirbhísí; cé gur cheart do AE agus do na Ballstáit na huirlisí atá ann cheana a fheabhsú chun cabhrú le hoibrithe agus le cuideachtaí a oiriúnú do dheiseanna nua agus do na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an domhandú agus ag comhaontuithe trádála; de bhrí gur cheart rath an chomhaontaithe a mheas freisin ar bhonn a rannchuidithe i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2030;

E.  de bhrí go bhfuil faireacháin déanta ag an bParlaimint ar na caibidlíochtaí sin ón tús agus go bhfuil iarrtha aige, inter alia, ar idirbheartaithe leasanna na saoránach, na sochaí sibhialta agus na ngnólachtaí a chomhlíonadh agus le haghaidh trédhearcachta, ar rud é as ar lean rochtain níos fearr ar dhoiciméid, tuairisciú tráthrialta ar chaibidlíochtaí agus cumarsáid níos fearr; de bhrí go bhféadfai feabhsuithe breise a dhénamh ar nós imeachta na gcomhaontuithe trádála sa todhchaí, go háirithe trí thograí AE a roinnt a áirithiú go bhfoilseoidh an Chomhairle na treoracha caibidlíochta roimh na caibidlíochtaí;

F.  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, le haghaidh na roghanna trádála agus na ndeiseanna a chuirtear ar fáil trí na comhaontuithe, a bheith inrochtana agus go mbainfear lánúsáid astu;

1.  Ag meas go bhfuil an-tábhacht straitéiseach ar bhonn déthaobhach agus domhanda leis an gcomhaontú agus gur comhartha tráthúil é a thacaíonn le trádáil oscailte, cothrom agus riailbhunaithe, agus a chuireann chun cinn ag an am céanna ardchaighdeáin, eadhon i réimse an chomhshaoil, na sábháilteachta bia, na cosanta tomhaltóirí agus na gceart saothair, i dtráthanna dúshlán tromchúiseach caomhnaitheachta don ord idirnáisiúnta; ag tabhairt rabhadh nach rogha í an chaomhnaitheacht sin agus nach bhfuil an status quo sa bheartas trádála inchosanta a thuilleadh;

2.  Ag fáiltiú roimh chineál uaillmhianach agus cuimsitheach an EPA, lena gcuirtear chun feidhme na tosaíochtaí a leagtar amach i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caibidlíochtaí trádála AE leis an tSeapáin;

3.  Ag tabhairt dá haire go háirithe ardleibhéal léirscaoileadh na dtaraifí arna aontú sa EPA, a fhágfaidh go mbeidh 99 % de línte taraife AE agus 97 % de línte taraife na Seapáine léirscaoilte, lena n-áirítear le haghaidh táirgí tionsclaíocha in earnálacha ina bhfuil AE an-iomaíoch, mar aon le beart chun na táirgi is íogaire a choimirciú trí chuótaí saor ó dhleacht, trí dhleachtanna laghdaithe nó trí thréimhsí céimnithe; ag cur i bhfios go láidir go n-áirítear clásal frithchalaoise in EPA a fhágann gur féidir do AE roghanna trádála a tharraingt siar i gcásanna calaoise agus ina ndiúltaítear comhoibriú maidir le gnóthaí custaim, agus á áirithiú nach ndéantar dochar do thrádálaithe dlisteanacha;

4.  Ag cur in iúl go gcuirfear deireadh le taraif AE ar ghluaisteáin thar thréimhse seacht mbliana; Ag iarraidh ar gCoimisiún súil a choinneáil ar threochtaí i sreafaí trádála gluaisteán thar an tréimhse sin chun aon díchobhsú ar mhargadh na hEorpa a thuar agus aghaidh a thabhairt ar an staid sna cásanna sin; ag cur i bhfáth, áfach, go ndéantar líon suntasach de bhrandaí feithiclí na Seapáine a dhíoltar in AE a mhonarú in AE;

5.  Ag tabhairt dá haire go ndeachaigh an tSeapáin i ngleic le bearta neamhtharaife (NTManna) neamhriachtanacha i roinnt earnálacha amhail feithiclí, breiseáin bia, rialacháin sláintíochta agus fíteashláintíochta, lipéadú bia agus cosmaidí, agus ar an gcaoi sin costais chomhlíonta á laghdú agus creat rialála níos intuartha á chruthú; ag meabhrú ceart na tíre caighdeáin náisiúnta a shocrú ag leibhéal atá níos airde ná na leibhéil idirnáisiúnta nuair a bhíonn údar maith leis sin ar mhaithe le cosaint leormhaith sláinte, sábháilteachta nó tomhaltóirí; ag tabhairt dá haire, sa bhreis air sin, tiomantas na Seapáine a caighdeáin ghluaisteán a ailíniú níos mó le caighdeáin idirnáisiúnta Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE, caighdeáin a úsáideann monaróirí gluaisteán AE freisin);

6.  Ag cur in iúl gur díol sásaimh di go dtabharfaidh an tSeapáin, go sonrach, rochtain neamh-idirdhealaitheach do sholáthraithe AE ar mhargaí soláthair 54 chroíchathair, go bhfeadfaidh sí líon na gcathracha a chumhdaítear a ardú níos mó fiú, deireadh a chur leis an ‘gclásal sábháilteachta oibríochtúla’, a chuir cosc sa chleachtas ar sholáthraithe iarnród AE rochtain a fháil ar mhargadh na Seapáine, agus méadú ar thrédhearcacht i dtairiscintí a chur isteach ar chonarthaí poiblí; ag iarraidh ar an gCoimisiún faireachán dlúth a dhéanamh ar an bpointe sin chun a áirithiú go gcomhlíontar na tiomantais a dhéantar i réimse na hoscailteachta agus na rochtana comhionainne ar an soláthar poiblí. ag cur i bhfáth gur cheart critéir shóisialta agus chomhshaoil a chur san áireamh freisin agus conarthaí soláthair phoiblí á ndámhachtain; ag cur i bhfos nach mór in AE agus sa tSeapáin araon go leanfaidh an soláthar poiblí fónamh do leasanna na saoránach.

7.  ag meas gur margadh onnmhairithe an-luachmhar í an tSeapáin d'fheirmeoirí agus do tháirgeoirí bia AE, agus tugann sí dá haire, go lamhálfar do thart ar 85% de na táirgí agraibhia dul isteach sa tSeapáin saor ó dhleacht; ag meabhrú go dteachtóidh táirgí talmhaíochta próiseáilte freisin iontráil saor ó dhleacht ar mhargadh na Seapáine tar éis idirthréimhse; ag cur fáilte roimh dheiseanna suntasacha onnmhairithe a bheith á gcur ar fáil ag an gcomhaontú do tháirgí agraibhia AE, amhail fíon, mairteoil, feoil muc agus cáis, agus go gcosnaíonn sé 205 thásc geografach Eorpacha (GInna) leis an bhféidearthacht GInna breise a chur leis, arb é atá ann feabhsú breise i gcomparáid le comhaontuithe trádála roimhe seo agus tá sé thar a bheith tábhachtach d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) san earnáil bhia; ag iarraidh go leanfar ar aghaidh leis na cainteanna tar éis trí trí bliana chun meastóireacht a dhéanamh ar na roghanna maidir leis an liosta GInna, agus tá sí ag súil go dtabharfaidh an dá chomhpháirtí lánaird ar thalmhaíocht inbhuanaithe, lena n-áirítear táirgeadh bia ar scála beag agus forbairt tuaithe;

8.  Ag cur i bhfios go gcuireann an comhaontú dea-chleachtais chun cinn maidir le bia agus táirgí sábháilte ar ardcháilíocht a chur ar fáil do thomhaltóirí; ag cur i bhfáth nach gcuireann aon ní sa chomhaontú cosc ar chur i bhfeidhm phrionsabal an reamhchúraim in AE mar a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; Ag fáiltiú roimh thagairt shoiléir don chur chuige réamhchúraim a chur san áireamh sa chomhaontú; ag cur i bhfáth nach ceadmhach leis an gcomhaontú seo, in imthosca ar bith, lipéadú bia beacht, intuigthe agus comhlíontach ó thaobh AE de a chur i mbaol; ag iarraidh ar an dá chomhpháirtí cosaint tomhaltóirí, leas tomhaltóirí agus sábháilteacht bia a fheabhsú i gcur chun feidhme an chomhaontaithe agus ar an gCoimisiún forálacha sonracha agus láidre maidir le cosaint tomhatóirí sna comhaontuithe trádála AE go léir a bheidh ann amach anseo.

9.  ag cur i bhfáth go bhfuil an dá chomhpháirtí tiomanta d’ardleibhéil chosanta ó thaobh an chomhshaoil agus an lucht saothair de agus nár cheart go mbreathnófaí ar na hardleibhéil sin mar bhacainní trádála, agus aird á tabhairt ag an am céanna go soiléirítear sa chomhaontú nach féidir caighdeáin an lucht saothair ná an chomhshaoil a mhaolú ná a ísliú chun trádáil agus infheistíocht a mhealladh; ag meabhrú Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 Chlár Oibre 30 na Náisiún Aontaithe le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe; ag cur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an tSeapáin agus AE araon ag cloí le Dearbhú Buenos Aires maidir le Mná agus Trádáil agus ag iarraidh ar an dá chomhpháirtí treisiú go láidir leis na gealltanais maidir le hinscne agus trádáil i gcomhthéacs an chomhaontaithe seo, lena n-áirítear an ceart chun pá chomhionainn. ag súil go ndéanfaidh AE agus an tSeapáin na céimeanna go léir is gá chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme ina ngníomhaíochtaí ar fad, lena n-áirítear tríd an gcomhaontú seo; ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair inbhuanaitheachta ex-post a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe;

10.  Ag cur in iúl gur díol sásaimh di an tiomantas i leith chur chun feidhme éifeachtach Chomhaontú Pháras agus comhaontuithe iltaobhacha eile comhshaoil chun an t-athrú aeráide a chomhrac, chomh maith leis an tiomantas do bhainistiú inbhuanaithe na bhforaoisí (lena n-airítear táirgí adhmaid a chomhrac) agus na n-iascach (iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe á gcomhrac); ag cur i bhfios go láidir go leanann reachtaíocht agus caighdeáin AE de bheith infheidhme maidir le táirgí a allmhairítear isteach i margadh AE agus go ndéantar go háirithe le Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le hAllmhairí Adhmaid (Rialachán (AE) Uimh. 995/2010) toirmeasc a chur ar adhmad neamhdhleathach a chur ar mhargadh AE agus go mbunaítear córas an díchill chuí; ag iarraidh ar an dá chomhpháirtí oibriú i ndlúthchomhar le chéile faoin gcaibidil forbartha inbhuanaithe chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun forfheidhmiú na reachtaíochta sin a neartú maidir leis na hábhair sin lena n-áirítear maidir leis na bearta is éifeachtaí chun lománaíocht neamhdhleathach a chomhrac agus maidir le hair ar leith a thabhairt cosc a chur ar onnmhairithe adhmaid arna lománú go neamhdhleathach ó AE chun na Seapáine.

11.  Ag cur i bhfáth go gcuireann an comhaontú tiomantas soiléir coinbhinsiún bhunúsacha EIS a dhaingniú san áireamh; ag cur i bhfios go láidir nár dhaingnigh an tSeapáin dhá chroíchoinbhinsiúin de chuid EIS (maidir le hidirdhealú agus le díothú saothair éigeantaigh) agus go bhfuil sí ag súil le dul chun cinn nithiúil ón tSeapáin, laistigh de thréimhse ama réasúnach, i dtreo dhaingniú agus chur chun feidhme éifeachtach na gcoinbhinsiún sin, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in EPA;

12.  Is díol sásaimh di gur bhunaigh an tSeapáin coiste idir-aireachta chun déileáil le cur chun feidhme na ngealltanas maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear daingniú chroíchoinbhinsiúin EIS, agus go bhfuil sé de chúram ar an gcoiste trádála agus forbartha inbhuanaithe dá bhforáiltear sa chomhaontú idirghníomhú leis an tsochaí shibhialta maidir le cur i bhfeidhm na caibidle maidir le forbairt inbhuanaithe.

13.  Ag meabhrú di gur luaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i mír 161 de Thuairim 2/15 maidir le Comhaontú Saorthrádála AE-Shingeapór go bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach ag caibidlí trádála agus forbartha inbhuanaithe ar thrádáil agus go n-údaraítear le sárú forálacha forbartha inbhuanaithe don chomhpháirtí eile an léirscaoileadh dá bhforáiltear i bhforálacha eile an Chomhaontaithe Saorthrádála a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí; ag cur in iúl gur díol sásaimh di clásal athbhreithnithe a chur san áireamh sa chaibidil maidir le forbairt inbhuanaithe agus á iarraidh ar an dá chomhpháirtí úsáid mhaith agus thráthúil a bhaint as an gclásal chun seasamh leis na gealltanais a rinneadh agus chun feabhas a chur ar in-fhorfheidhmitheacht agus éifeachtacht na bhforálacha an lucht saothair agus an chomhshaoil, lena n-áirítear, i measc modhanna forfheidhmithe éagsúla, sásra bunaithe ar smachtbhannaí mar rogha dheiridh; ag iarraidh ar an dá chomhpháirtí gan fanacht go dtí gcuirfear an clásal athbhreithnithe i ngníomh agus bearta a dhéanamh i dtreo cur chun feidhme éifeachtach, chun a áirithiú gur comhaontú ceannródaíoch é sin a sholáthraíonn an leibhéal cosanta is airde is féidir. ag iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na gealltanais a gabhadh de láimh sa chaibidil trádála agus forbartha inbhuanaithe agus comhoibriú leis an tSeapáin maidir lena gcur chun feidhme, ag tógáil ar dhoiciméad 15 phointe leathoifigiúil an Choimisiúin maidir le trádáil agus cur chun feidhme maidir le forbairt inbhuanaithe;

14.  Ag cur i bhfios go láidir go n-athdhearbhaíonn EPA ceart údaráis na mBallstát chun seirbhísí poiblí a lánsainiú, a sholáthar agus a rialáil ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, mar a fhoráiltear sa chomhaontú seo, nach gcuireann sé cosc ar rialtais aon seirbhísí príobháidithe a thabhairt ar ais go dtí an earnáil phoiblí nó ó fhóntais phoiblí nua a fhorbairt go saor; ag creidiúint, mar phrionsabal, gur fearr cur chuige liosta dhearfaigh a úsáid mar atá i gComhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS) na hEagraíochta Domhanda Trádála; an gealltanas á thabhairt dá haire aici a rinne an dá chomhpháirtí in EPA chun bainistiú uisce poiblí a chosaint mar chuid de dhíolúine ginearálta na seirbhísí poiblí;

15.  Ag creidiúint go bhfuil d’acmhainneacht ag gealltanais maidir le rochtain ar an margadh i seirbhísí trasteorann, lena n-áirítear ríomhthráchtáil, muiriompar, seirbhísí poist, fuinneamh agus teileachumarsáid, borradh suntasach a chur faoi thrádáil i seirbhísí; ag meas go ndéanfaidh an comhaontú níos éasca do ghnólachtaí AE seirbhísí a sholáthar ar mhargadh na Seapáine trí chóireáil níos cothroime a áirithiú; ag meabhrú go gcaithfear cuspóirí beartais phoiblí a choimirciú, lena n-áirítear i réimse na cibearshlándála, agus nach mór an spás beartais a chaomhnú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin bhreise rialála amach anseo;

16.  Ag cur in iúl go ndéanann EPA foráil maidir le gluaiseacht shealadach gairmithe thar teorainneacha (modh 4), ag geallúint don dá thaobh aistrithe ionchorparáideacha a thabhairt dóibh in thart ar 40 earnáil agus le haghaidh gairmithe neamhspleácha in thart ar 20 earnáil, agus ar an gcaoi sin ceangail dhíreacha infheistíocht AE-na Seapáine a éascú;

17.  Ag cur i bhfios go láidir go gcaomhnóidh an comhaontú an ceart ceannasach chun na hearnálacha airgeadais agus baincéireachta a rialú ar chúiseanna stuamachta agus maoirseachta; á iarraidh ar an dá chomhpháirtí an fóram rialála airgeadais a úsáid chun feabhas a chur ar an gcóras airgeadais dhomhanda;

18.  Ag cur in iúl gur díol sásaimh di príomhghnéithe nuálaíochta amhail caibidlí nó forálacha tiomanta maidir le Comhaontú Pháras, le FBManna agus le rialachas corparáideach a bhfuil mar aidhm acu freagracht shóisialta chorparáideach a chur chun cinn bunaithe ar phrionsabail G20 agus na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE; ag tathant ar an dá chomhpháirtí oibriú go gníomhach i dtreo freagracht shóisialta chorparáideach agus i dtreo Conradh Ceangailteach na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine a thabhairt chun críche.

19.  Ag cur i bhfios go láidir gur rud deonach é comhar rialála agus nach gcuireann sé teorainn leis an gceart chun rialaithe ar aon bhealach; ag meabhrú nach mór forálacha comhfhreagracha a chur i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt do shainchumais na gcomhreachtóirí; ag cur in iúl gur díol sásaimh di go léiríonn an chaibidil faoin gcomhar rialála nach mór na prionsabail arna mbunú i CFAE, amhail prionsabal an réamhchúraim, a urramú go hiomlán;

20.  Á iarraidh trédhearcach a bheith ann maidir le feidhmiú an choiste um chomhar rialála agus maidir le rannpháirtíocht leormhaith na ngeallsealbhóirí go léir, go háirithe na ceardchumainn agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar cheart breathnú orthu mar réamhriachtanas chun leanúint le muinín an phobail a chothú sa chomhaontú agus sna himpleachtaí a ghabhann leis; ag cur i bhfios go láidir gur cheart an Pharlaimint a chur ar an eolas go tráthrialta faoi na príomhchinntí arna nglacadh sa choiste um chomhar rialála;

21.  Ag tabhairt dá haire go leanann caibidlíochtaí ar aghaidh i gcomhaontú infheistíochta ar leithligh, comhaontú a ndéanfaidh an Pharlaimint dlúthfhaireachán air. ag tabhairt dá haire gur thug an Coimisiún córas cúirte infheistíochta isteach i gcomhaontuithe le comhpháirtithe eile, go dtí go mbunófar cúirt infheistíochta iltaobhach; ag athdhearbhú go bhfuil an sean-sásra príobháideach le haghaidh réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát doghlactha agus nach bhfuil aon sainordú ann filleadh air.

22.  Is díol sásaimh di gur thug AE agus an tSeapáin a gcuid cainteanna chun críche go rathúil maidir le cinneadh leormhaitheasa frithpháirtí an 17 Iúil 2018 agus gur chomhaontaigh siad córais cosanta sonraí a chéile a aithint a bheith ‘coibhéiseach’, rud a chumasóidh sonraí a sreabhadh níos sábháilte idir AE agus an tSeapáin; ag cur béim ar ról tábhachtach na n-údarás cosanta sonraí faoi seach chun leibhéal leormhaith cosanta sonraí a choimirciú; ag tabhairt dá haire go n-áirítear sa chomhaontú clásal coinne chun measúnú a dhéanamh ar fhadhb na bhforálacha maidir le haistriú trasteorann a dhéanamh ar shonraí laistigh de thrí bliana agus ag aithint tábhacht mhéadaitheach an gheilleagair dhigitigh le haghaidh fáis agus post; ag meabhrú gcaithfidh gach comhaontú trádála lánurraim a thabhairt do acquis AE maidir le cosaint sonraí agus le cosaint príobháideachta, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679), agus ag cur i bhfios go láidir go gcaithfidh aon toradh amach anseo a bheith faoi réir thoiliú na Parlaiminte agus cearta bunúsacha shaoránaigh AE a choimirciú;

23.  ag iarraidh ar an gCoimisiún comhar agus comhordú leis an tSeapáin a fheabhsú maidir le saincheisteanna iltaobhacha, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe straitéiseacha eile, chun go gcosnófaí agus go bhforbrófaí tuilleadh caighdeáin idirnáisiúnta agus córas trádála iltaobhach oscailte, cothrom agus láidir, atá bunaithe ar urraim do rialacha EDT agus do noirm idirnáisiúnta eile;

24.  ag cur i bhfáth gur cuideachtaí beaga iad 78% de na cuideachtaí atá ag onnmhairiú go dtí an tSeapáin agus is díol sásaimh di go bhfuil caibidil bhreise in EPA maidir le FBManna chun a chur ar a gcumas lántairbhe a bhaint as an gcomhaontú, eadhon trí chlásail lena ngeallann an dá chomhpháirtí a bheith trédhearcach maidir le rochtain ar an margadh agus le faisnéis ábhartha a roinnt; á iarraidh go ndéanfaí pointí teagmhála FBManna agus an suíomh gréasáin a bhunú go tapa chun a chinntiú go mbeadh faisnéis ábhartha maidir le rochtain mhargaidh ar fáil do FBManna;

25.  Á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an bhaint comhaontuithe de NTManna, chomh maith le bainistiú tharaif-chuótaí do tháirgí talmhaíochta, agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint;

26.  Ag áitiú ar an dá chomhpháirtí rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta a áirithiú, go háirithe tríd an idirphlé comhpháirteach leis an tsochaí shibhialta agus an grúpa comhairleach baile; ag iarraidh ar an gCoimisiún na dea-chleachtais a bhunú agus a roinnt go gníomhach leis an tSeapáin maidir le feidhmiú grúpaí comhairleacha baile agus an idirphlé baile; ag iarraidh ar an dá chomhpháirtí go mbunófaí go tapa grúpaí comhairleacha baile atá ag feidhmiú go maith, go héifeachtach agus cothrom agus ag a bhfuil cód cuí iompair agus a áirithiú go gcuirtear a ndearcthaí san áireamh ar bhealach trédhearcach sna comhairliúcháin rialtas go rialtas dá bhforáiltear sa chomhaontú;

27.  Ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil Toscaireacht AE chun na Seapáine rannpháirteach i bpróiseas chur chun feidhme an chomhaontaithe ó thús go deireadh. ag cur i bhfios gur féidir mar gheall ar thoscaireachtaí AE gníomhaíocht thapa agus dhíreach a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirtear na forálacha trádála i bhfeidhm go tapa agus go ndéantar saincheisteanna agus bacainní a bhrath go tapa agus go ndéileáiltear leo go héifeachtach;

28.  Tá sí ag súil le lántrédhearcacht vis-à-vis feidhmiú na gcoistí earnála atá le bunú faoin gcomhaontú, maidir leis an bParlaimint agus leis an bpobal i gcoitinne;

29.  Ag gealladh go ndéanfaidh sí féin dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme an chomhaontaithe i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leis na geallsealbhóirí agus le comhpháirtithe na Seapáine;

30.  Á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig rialtas agus parlaimint na Seapáine.

  • [1]  IO C 72 E, 11.3.2014, lch. 16.
  • [2]  IO C 35, 31.1.2018, lch. 21.
  • [3]  IO C 369, 11.10.2018, lch. 22.
  • [4]  Téacsanna a glacadh, P8_TA(0000)0000.

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Cinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a thabhairt i gcrích;

Tagairtí

2018/0091M(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

6.6.2018

 

 

 

An coiste freagrach

       Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

INTA

13.9.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

ENVI

13.9.2018

TRAN

13.9.2018

 

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

TRAN

14.5.2018

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Pedro Silva Pereira

16.5.2018

 

 

 

Arna phlé i gcoiste

29.8.2018

27.9.2018

 

 

Dáta a ghlactha

5.11.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

26

9

2

Comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Maria Arena, Tiziana Beghin, David Borrelli, Salvatore Cicu, Christofer Fjellner, Eleonora Forenza, Karoline Graswander-Hainz, Christophe Hansen, Heidi Hautala, Nadja Hirsch, Yannick Jadot, France Jamet, Jude Kirton-Darling, Patricia Lalonde, Bernd Lange, David Martin, Emmanuel Maurel, Anne-Marie Mineur, Sorin Moisă, Alessia Maria Mosca, Franck Proust, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Inmaculada Rodríguez-Piñero Fernández, Tokia Saïfi, Helmut Scholz, Joachim Schuster, Adam Szejnfeld, William (The Earl of) Dartmouth, Iuliu Winkler

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Syed Kamall, Sajjad Karim, Sander Loones, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Ramon Tremosa i Balcells, Jarosław Wałęsa

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Georges Bach, John Flack, Norbert Lins

Dáta don chur síos

9.11.2018

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

26

+

ALDE

Nadja Hirsch, Patricia Lalonde, Ramon Tremosa i Balcells

ECR

John Flack, Syed Kamall, Sajjad Karim, Sander Loones

EFDD

Tiziana Beghin

NI

David Borrelli

PPE

Georges Bach, Salvatore Cicu, Christofer Fjellner, Christophe Hansen, Norbert Lins, Sorin Moisă, Franck Proust, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Tokia Saïfi, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Adam Szejnfeld, Jarosław Wałęsa, Iuliu Winkler

S&D

Bernd Lange, David Martin, Alessia Maria Mosca, Inmaculada Rodríguez-Piñero Fernández

9

-

ENF

France Jamet

GUE/NGL

Eleonora Forenza, Anne-Marie Mineur, Helmut Scholz

NI

Emmanuel Maurel

S&D

Maria Arena, Karoline Graswander-Hainz

VERTS/ALE

Heidi Hautala, Yannick Jadot

2

0

S&D

Jude Kirton-Darling, Joachim Schuster

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 29 Samhain 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais